An Bhruiséil,26.1.2022

COM(2022) 28 final

An Dearbhú Eorpach

maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití


An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Dearbhú comhpháirteach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití seo a leanas a fhógairt go sollúnta

Brollach

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Déanann an claochlú digiteach difear do gach gné de shaol na ndaoine. Leis an gclaochlú digiteach cuirtear deiseanna suntasacha ar fáil maidir le cáilíocht saoil níos fearr, nuálaíocht, fás agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, ach cuirtear dúshláin nua roimh chreatlach, shlándáil agus chobhsaíocht ár sochaithe agus ár ngeilleagar chomh maith. Agus dlús á chur leis an gclaochlú digiteach, tá sé in am don Aontas Eorpach (EU) míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi ar chóir dá luachanna agus dá gcearta bunúsacha a chur i bhfeidhm sa saol ar líne.

(2)Tá roinnt iarrataí déanta ag an bParlaimint go náiritheofaí comhlíontacht iomlán le cur chuige an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach lena náirítear cearta bunúsacha amhail cosaint sonraí nó neamhidirdhealú, agus lena náirítear prionsabail amhail neodracht teicneolaíochta agus idirlín, agus cuimsitheacht 1 . D’iarr sí freisin ar chosaint neartaithe do chearta úsáideoirí sa timpeallacht dhigiteach 2 . 

(3)Chuir an Comhairle le tionscnaimh a tháinig roimhe amhail ‘Dearbhú Thaillinn maidir le R-sheirbhísí Rialtais’ agus ‘Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe’, nuair a d’iarr sí, trí ‘Dhearbhú Liospóin – Daonlathas Digiteach lena mbaineann Cuspóir’ samhail den chlaochlú digiteach lena neartófaí an ghné dhaonna den éiceachóras digiteach a mbeadh an Margadh Aonair Digiteach lárnach ann. D’iarr an Chomhairle freisin samhail claochlaithe dhigitigh lena náiritheofar go gcabhróidh teicneolaíocht leis an ngá chun gníomhaíocht ar son na haeráide a dhéanamh agus chun an comhshaol a chosaint.

(4)Le fís an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach, cuirtear an pobal i gcroílár an chlaochlaithe, cumasaítear daoine aonair agus cothaítear gnólachtaí nuálacha. Chuir an Coimisiún Togra le haghaidh Cinneadh maidir le ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ i láthair le déanaí, togra lena leagtar amach na spriocanna nithiúla digiteacha atá bunaithe ar cheithre shainphointe (scileanna digiteacha, bonneagair dhigiteacha, digitiú gnólachtaí agus digitiú seirbhísí poiblí) lena a gcuideofar linn chun an fhís sin a bhaint amach. Le modh an Aontais le haghaidh chlaochlú digiteach ár sochaithe agus ár ngeilleagair, ba cheart ceannasacht dhigiteach, cuimsiú, comhionannas, inbhuanaitheacht, athléimneacht, slándáil, muinín, feabhsú na cáilíochta saoil agus urraim do chearta agus d'uaillmhianta na ndaoine a chuimsiú, agus ba cheart cur le geilleagar agus sochaí atá dinimiciúil, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus cothrom san Aontas.

(5)Is é is aidhm don Dearbhú rúin pholaitiúla chomhroinnte a mhíniú. Ní hamháin go meabhraítear leis an Dearbhú na cearta is ábhartha i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh, ba cheart dó feidhmiú freisin mar phointe tagartha le haghaidh gnólachtaí agus gníomhaithe ábhartha eile agus teicneolaíochtaí nua á bhforbairt agus á gcur in úsáid. Chomh maith leis sin, ba cheart don Dearbhú lucht ceaptha beartas a stiúradh agus machnamh á dhéanamh acu ar a gcuid físe ar an gclaochlú digiteach: an pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh; dlúthpháirtíocht fholuiteach agus cuimsiú foluiteach; an tábhacht atá leis an tsaoirse rogha a athlua; rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach; sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú; agus inbhuanaitheacht.

(6)Ba cheart maoirseacht dhaonlathach na sochaí digití agus an gheilleagair dhigitigh a neartú tuilleadh, i gcomhréir iomlán le prionsabail an smachta reachta, le ceartas éifeachtach agus le forfheidhmiú an dlí. Leis an Dearbhú seo, ní dhéantar difear do theorainneacha dleathacha le feidhmiú na gceart dlíthiúil, d’fhonn iad a réiteach le feidhmiú ceart eile, nó le srianta riachtanacha comhréireacha ar mhaithe le leas an phobail. Ba chóir don Aontas an Dearbhú a chur chun cinn ina gcaidrimh le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tríú tíortha, agus é mar uaillmhian aige go mbeidh na prionsabail ina spreagadh do chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun claochlú digiteach a stiúradh, claochlú trína chuirtear an pobal agus a gcearta daonna i gcroílár ar fud an domhain.

(7)Go sonrach, cuireann an Dearbhú seo le dlí príomha AE, go háirithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus i ndlí tánaisteach freisin. Cuireann sé freisin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus comhlánaíonn sé an céanna. Tá sé de chineál dearbhaithe agus níl tionchar aige, ann féin, ar ábhar rialacha dlíthiúla nó ar chur i bhfeidhm na rialacha sin.

(8)Is tiomantas agus freagracht pholaitiúil chomhroinnte de chuid an Aontais agus na mBallstát na prionsabail dhigiteacha a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm, laistigh dá ninniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Mhol an Coimisiún Eorpach go gcumhdófar leis an tuarascáil bhliantúil ar ‘Staid na Deacáide Digití’, atá le cur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle, faireachán ar na prionsabail dhigiteacha.

An Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití

Tá sé mar aidhm againn modh Eorpach le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh a chur chun cinn, modh lena gcuirtear an pobal i gcroílár an chlaochlaithe. Bunófar é ar luachanna Eorpacha agus bainfidh gach duine aonair agus gach gnólacht tairbhe as.

Dá bhrí sin, dearbhaímid:

Caibidil I: An pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh

Is é an pobal atá i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas Eorpach. Ba cheart don teicneolaíocht freastal ar gach duine san Eoraip agus tairbhe a dhéanamh dóibh, agus ba cheart iad a chumhachtú a n‑uaillmhianta a bhaint amach, go slán sábháilte agus urraim iomlán á tabhairt dá gcearta bunúsacha.

Geallaimid:    

go neartóimid an creat daonlathach le haghaidh claochlú digiteach a dhéanann tairbhe do chách agus a chuireann feabhas ar shaol gach Eorpach;

go ndéanfaimid na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar urraim do luachanna an Aontais agus do chearta daoine aonair i gcomhréir le dlí an Aontais ar líne agus as líne freisin;

go gcothóimid gníomhaíocht fhreagrach agus dhícheallach ó gach gníomhaí digiteach, poiblí agus príobháideach, le haghaidh timpeallacht dhigiteach atá slán sábháilte;

go gcuirfimid an fhís sin ar an gclaochlú digiteach chun cinn go gníomhach, inár gcaidrimh idirnáisiúnta freisin.

Caibidil II: Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú

Ba cheart go mbeadh rochtain ag cách ar theicneolaíocht a bhfuil sé d’aidhm aici daoine a thabhairt le chéile, in ionad iad a dheighilt óna chéile. Ba cheart don chlaochlú digiteach cur le sochaí chothrom agus geilleagar cothrom san Aontas.

Geallaimid:

go náiritheoimid maidir le réitigh teicneolaíochta go dtabharfar urraim do chearta daoine, go gcumasófar feidhmiú na gceart sin leo agus go gcuirfear cuimsiú chun cinn leo.

claochlú digiteach nach bhfágfaidh aon duine ar lár. Go sonrach, ba cheart dó a áireamh daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas, nó daoine atá imeallaithe, leochaileacha nó faoi mhíbhuntáiste, chomh maith leis na daoine a ghníomhaíonn thar a gceann.

go bhforbróimid creataí leordhóthanacha ionas go nglacfaidh gach gníomhaí margaidh a bhainfidh tairbhe as an gclaochlú digiteach a gcuid freagrachtaí sóisialta agus ionas go ndéanfaidh siad ranníocaíocht chothrom agus chomhréireach le costais na nearraí poiblí, na seirbhísí poiblí agus na mbonneagar poiblí, ar mhaithe le gach duine san Eoraip.

An nascacht

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine, i ngach cuid den Aontas, ar nascacht dhigiteach inacmhainne ardluais.

Geallaimid:

go náiritheoimid rochtain ar nascacht iontach do gach duine, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu agus cén tioncam atá acu

go gcosnóimid Idirlíon atá neodrach agus oscailte nach mblocáiltear nó nach ndíghrádaítear ábhar, seirbhísí agus feidhmchláir air gan chúis mhaith.

Oideachas digiteach agus scileanna digiteacha

Tá ag gach duine an ceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil agus ba cheart go bhféadfaidís na bunscileanna digiteacha agus na hardscileanna digiteacha uile a fháil.

Geallaimid:

go ndéanfaimid iarrachtaí chun nascacht dhigiteach, bonneagar digiteach agus uirlisí digiteacha a thabhairt do gach institiúid oideachais agus oiliúna a chur chun cinn, agus go dtacóimid leis na hiarrachtaí sin,

go dtacóimid le hiarrachtaí lena gceadaítear d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí na scileanna agus na hinniúlachtaí digiteacha uile is gá a fháil chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa gheilleagar, sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha.

go dtabharfaimid an fhéidearthacht do gach duine teacht isteach ar athruithe a bhaineann le digitiú na hoibre trí uassciliú agus athsciliú.

Dálaí oibre 

Tá ag gach duine an ceart chun dálaí oibre cothroma, córa, sláintiúla agus sábháilte, agus chun cosaint iomchuí sa timpeallacht dhigiteach mar atá ann sa láthair oibre fhisiciúil, gan beann ar a stádas fostaíochta, a módúlacht nó fad an tréimhse atá caite acu sa láthair oibre.

Geallaimid:

go náiritheoimid go bhféadfaidh gach duine dícheangal agus tairbhe a bhaint as coimircí maidir le cothromaíocht oibre is saoil i dtimpeallacht dhigiteach.

Seirbhísí poiblí digiteacha ar líne

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar na príomhsheirbhísí poiblí uile ar líne ar fud an Aontais. Ní iarrfar ar aon duine sonraí a sholáthar níos minice ná is gá agus rochtain á fáil acu ar phríomhsheirbhísí poiblí, nó nuair atá an céanna á úsáid acu.

Geallaimid:

go náiritheoimid go dtairgfear do gach duine san Eoraip céannacht dhigiteach atá inrochtana, slán agus iontaofa agus lena dtabharfar rochtain ar raon leathan seirbhísí ar líne,

go náiritheoimid rochtain fhorleathan ar fhaisnéis rialtais, agus athúsáid an chéanna.

go néascóimid agus go dtacóimid le rochtain atá saoráideach, slán agus idir-inoibritheach ar fud an Aontais ar sheirbhísí sláinte agus cúraim digiteacha, lena náirítear taifid sláinte, ar seirbhísí iad atá beartaithe chun freastal ar riachtanais na ndaoine.

Caibidil III: Saoirse rogha

Idirghníomhaíochtaí le halgartaim agus córais intleachta saorga

Ba cheart go gcumhachtófaí gach duine chun tairbhe a bhaint as buntáistí na hintleachta saorga trína roghanna eolasacha féin a dhéanamh sa timpeallacht dhigiteach, agus iad á gcosaint ó rioscaí agus ó dhíobháil dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá gcearta bunúsacha.

Geallaimid:

go náiritheoimid trédhearcacht maidir le húsáid algartam agus na hintleachta saorga, agus go gcumhachtófaí daoine agus go gcuirfear ar an eolas iad nuair atá siad ag idirghníomhú le halgartaim nó leis an intleacht shaorga.

go náiritheoimid go mbeidh córais algartamacha bunaithe ar thacair oiriúnacha sonraí chun idirdhealú neamhdhleathach a sheachaint agus gur córais iad lena bhféadfar formhaoirseacht dhaonna a dhéanamh ar thorthaí a dhéanann difear do dhaoine.

go náiritheoimid nach núsáidfear teicneolaíochtaí, amhail algartaim agus an intleacht shaorga, chun roghanna na ndaoine a réamhchinneadh, mar shampla maidir leis an tsláinte, le hoideachas, leis an bhfostaíocht agus lena saol príobháideach.

go ndéanfaimid foráil maidir le coimircí chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga agus córais dhigiteacha sábháilte agus go núsáidfear iad i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha na ndaoine.

Timpeallacht chothrom ar líne

Ba cheart go bhféadfadh gach duine roghnú go héifeachtach cén seirbhísí ar líne lena n‑úsáid, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, thrédhearcach agus iontaofa.

Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag gach duine dul in iomaíocht go cothrom agus dul i mbun nuálaíochta sa timpeallacht dhigiteach.

Geallaimid:

go náiritheoimid timpeallacht ar líne atá sábháilte, slán agus cothrom ina nurramófar cearta bunúsacha, agus inar dea-shainithe iad freagrachtaí na nardán, freagrachtaí na ngníomhaithe móra agus na ngeatóirí go háirithe.

Caibidil IV: Rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar thimpeallacht iontaofa, éagsúil agus ilteangach ar líne. Le rochtain ar ábhar éagsúil, cuirtear le díospóireacht phoiblí iolraíoch agus ba cheart a cheadú do gach duine bheith rannpháirteach sa daonlathas.

Tá sé de cheart ag gach duine tuairimí a nochtadh sa timpeallacht ar líne, gan aon eagla go ndéanfar cinsireacht orthu nó go gcuirfear imeagla orthu.

Ba cheart go mbeadh an bealach ag cách lena fháil amach cé leis na seirbhísí meán atá á n‑úsáid acu, nó cé a dhéanann rialú ar an gcéanna.

Ba cheart d’ardáin an‑mhór ar líne tacú le díospóireacht shaor dhaonlathach ar líne, i bhfianaise ról a seirbhísí i múnlú thuairimí an phobail agus an dioscúrsa phoiblí. Ba cheart dóibh rioscaí a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid a seirbhísí a mhaolú, lena n‑áirítear le haghaidh feachtais bhréagaisnéise, agus ba cheart dóibh an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint.

Geallaimid:

go dtacóimid le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus leis an leas is fearr is féidir a bhaint astu chun rannpháirtíocht na saoránach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a spreagadh.

go leanfaimid de chearta bunúsacha ar líne a choimirciú, go sonrach an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh.

go ndéanfaimid bearta chun dul i ngleic le gach cineál ábhair neamhdhleathaigh i gcomhréir leis an díobháil is féidir leo a dhéanamh, agus lánurraim á tabhairt don cheart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus gan aon oibleagáid ginearálta faireacháin a bhunú.

go gcruthóimid timpeallacht ar líne ina gcosnófar daoine ó bhréagaisnéis agus ó chineálacha eile ábhair dhíobhálaigh.

Caibidil V: Sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú

Timpeallacht chosanta, shábháilte agus shlán ar líne

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar theicneolaíochtaí, ar tháirgí agus ar sheirbhísí digiteacha atá sábháilte, slán agus a chosnaíonn an príobháideachas de réir dearaidh.

Geallaimid:

go gcosnóimid leasanna na ndaoine, na ngnólachtaí agus na ninstitiúidí poiblí in aghaidh cibearchoireachta, lena náirítear sáruithe ar shonraí agus cibearionsaithe. Áirítear leis sin céannacht dhigiteach a chosaint ó ghoid chéannachta nó ionramháil.

go gcuirfimid ina gcoinne siúd a fhéachann leis an mbonn a bhaint den tslándáil ar líne agus de shláine thimpeallacht ar líne na nEorpach, nó a chuireann foréigean agus fuath chun cinn trí mheáin dhigiteacha.

Príobháideachas agus rialú aonair ar shonraí

Tá an ceart ag gach duine um chosaint a sonraí pearsanta ar líne. Áirítear leis an gceart sin an rialú ar an gcaoi a n‑úsáidfear na sonraí agus cé leis a bhféadfar iad a roinnt.

Tá an ceart ag gach duine um rúndacht a gcumarsáidí agus rúndacht na faisnéise ar a ngléasanna leictreonacha, agus ní chuirfear aon duine faoi réir faireachas neamhdhleathach ar líne nó bearta idircheaptha neamhdhleathacha.

Ba cheart go bhféadfadh gach duine a leagáid dhigiteach a shocrú, agus ba cheart go bhféadfaidís cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid a tharlóidh leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí a bhaineann leo, i ndiaidh dóibh bás a fháil.

Geallaimid:

go náiritheoimid an fhéidearthacht sonraí pearsanta a bhogadh go héasca idir seirbhísí digiteacha éagsúla. 

Ba cheart leanaí agus daoine óga a chosaint agus a chumhachtú ar líne

Ba cheart leanaí agus daoine óga a chumhachtú chun roghanna sábháilte agus eolacha a dhéanamh agus chun a gcruthaitheacht a chur in iúl sa timpeallacht ar líne.

Ba cheart feabhas a chur ar eispéiris, dea-bhail agus rannpháirtíocht leanaí sa timpeallacht dhigiteach le hábhair atá oiriúnach dá n‑aois.

Tá an ceart ag leanaí go gcosnófar iad ó gach coir a dhéantar trí theicneolaíochtaí digiteacha nó a éascaítear leo.

Geallaimid:

go gcuirfimid chun cinn timpeallacht dhigiteach le haghaidh leanaí agus daoine óga atá dearfach, oiriúnach dá naois agus sábháilte.

go gcuirfimid deiseanna ar fáil do gach leanbh na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a fháil lena mbealach a dhéanamh tríd an timpeallacht ar líne go gníomhach agus go sábháilte agus chun roghanna eolacha a dhéanamh agus iad ar líne.

go gcosnóimid gach leanbh ó ábhar díobhálach agus neamhdhleathach, dúshaothrú, ionramháil agus drochúsáid ar líne, agus go gcoiscfimid úsáid an spáis dhigitigh chun coireanna a dhéanamh nó a éascú.

Caibidil VI: Inbhuanaitheacht

D’fhonn díobháil shuntasach don chomhshaol a sheachaint, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart táirgí agus seirbhísí digiteacha a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dhiúscairt agus a athchúrsáil ar bhealach lena n‑íoslaghdaítear a dtionchar diúltach comhshaoil agus sóisialta.

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar fhaisnéis atá cruinn, sothuigthe faoi thionchar comhshaoil agus ídiú fuinnimh táirgí agus seirbhísí digiteacha, faisnéis lena gceadófar dóibh roghanna freagracha a dhéanamh.

Geallaimid:

go dtacóimid le forbairt agus le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha inbhuanaithe nach mbeidh mórán de thionchar comhshaoil ná tionchar sóisialta acu.

go bhforbróimid agus go gcuirfimid in úsáid réitigh dhigiteacha a mbíonn tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid.

(1)

   2020/2216(INI)

(2)

   2020/2018(INL); 2020/2019(INL); 2020/2022(INI); 2020/2012(INL); 2020/2014(INL); 2020/2015(INI); 2020/2017(INI)