AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.1.2022
COM(2022) 27 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Dearbhú Eorpach maidir le Cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha a bhunú le haghaidh na Deacáide Digití
{SWD(2022) 14 final}
“Creidimid in aistriú digiteach atá dírithe ar an duine. Baineann sé seo leis an gcineál sochaí atá uainn, mar Eorpaigh. Chun é sin a chuimsiú ar bhealach níos fearr, ceapfaimid sraith prionsabal digiteach. Amhail rochtain do chách ar an Idirlíon; spás slán ar líne; an ceart chun scileanna digiteacha a fhoghlaim; algartaim a thugann urraim do dhaoine; cosaint leanaí ar líne. Cuirfidh na prionsabail thábhachtacha seo leis na cearta dlíthiúla lena dtugtar cosaint d'Eorpaigh ar líne cheana amhail cosaint na sonraí pearsanta nó an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.”
An tUachtarán Ursula von der Leyen, An Deacáid Dhigiteach a Threorú,
Sines, an 1 Meitheamh 2021
1.Réamhrá
Is príomhthosaíocht é don Choimisiún Eorpach an pobal a chur i gcroílár an aistrithe dhigitigh. Ba cheart an claochlú digiteach a mhúnlú de réir ár luachanna Eorpacha agus ár ndlíthe Eorpacha.
Inniu, tá an Coimisiún ag moladh sraith prionsabal a shainmhíniú le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh sin atá dírithe ar an duine. Leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha (dá ngairtear an ‘Dearbhú’ anseo feasta) leagfaí amach rúin pholaitiúla chomhroinnte do shaoránaigh, gnólachtaí, riaracháin phoiblí agus lucht ceaptha beartas. Beartaítear na prionsabail dhigiteacha a áirítear sa Dearbhú mar choincheapa bunriachtanacha, bunaithe ar chomhluachanna Eorpacha, iad le feidhmiú mar threoir le haghaidh timpeallacht dhigiteach atá dírithe ar an duine, slán, cuimsitheach agus oscailte, agus nach bhfágfar aon duine ar lár léi. Is é is aidhm dó a áirithiú go n-urramófar agus go dtreiseofar luachanna an Aontais agus cearta agus saoirsí daoine aonair, mar a ráthaítear le dlí an Aontais iad, as líne agus ar líne araon.
Beidhan Dearbhú i bhfoirm dearbhaithe shollúnta chomhpháirtigh a shíneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún. Gabhann an Teachtaireacht seo leis an dréacht atá beartaithe le haghaidh an Dearbhaithe Chomhpháirtigh sin.
Leis an Dearbhú seo tugtar freagra ar na hiarrataí ó Pharlaimint na hEorpa chun comhlíontacht iomlán chur chuige an Aontais i leith claochlú digiteach le cearta bunúsacha a áirithiú, lena n-áirítear rialacha cosanta sonraí agus cóir chomhionann, prionsabail amhail an neodracht teicneolaíochta agus neodracht an idirlín, cuimsitheacht,
agus chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú agus éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a chothú
. Leis an Dearbhú cuirtear san áireamh freisin an t‑iarratas ón bParlaimint ar chearta úsáideoirí a chosaint sa timpeallacht dhigiteach,
saoirse na meán a áirithiú agus bréagaisnéis a chomhrac
.
I nDearbhú Bheirlín 2020 maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe, dúirt an Chomhairle gur cheart go mbeadh gach duine in ann na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gclaochlú digiteach a thapú. Trí Dhearbhú Liospóin (Dearbhú Liospóin – Daonlathas Digiteach lena mbaineann Cuspóir) a cuireadh i láthair ag an Tionóil Dhigiteach, Meitheamh 2021, d’iarr sí freisin samhail claochlaithe dhigitigh lena neartófar an ghné dhaonna den éiceachóras digiteach, a mbeidh an Margadh Aonair Digiteach lárnach ann. D’iarr an Chomhairle freisin aistriú digiteach lena gcruthaítear naisc leis an aistriú glas i dtreo todhchaí aeráidneodrach agus inbhuanaithe.
Ó na chéad fhógraí den tionscnamh seo ina Theachtaireacht maidir le Compás Digiteach i mí an Mhárta anuraidh
, tá an Coimisiún ag plé go gníomhach le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a fháil. Chabhraigh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin leis an Dearbhú beartaithe a mhúnlú.
Leagtar amach freisin sa Teachtaireacht an bealach chun cinn maidir le faireachán a dhéanamh ar na bearta arna ndéanamh agus ar an ngníomhaíocht arna déanamh chun an Dearbhú a chur i ngníomh. Tá an Dearbhú nasctha go dlúth leis an togra le haghaidh na ‘Conaire i dtreo na Deacáide Digití’, agus leis an Dearbhú déantar an céanna a chomhlánú, togra a glacadh i mí Mheán Fómhair 2021 agus lena leagtar amach na spriocanna digiteacha níos leithne agus an bealach chun iad a bhaint amach. Mar a leagtar amach sa togra le haghaidh na Conaire i dtreo na Deacáide Digití, déanfar faireachán éifeachtach ar na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú a chur i láthair go bliantúil, mar aon le hEorabharaiméadar bliantúil ar dhearcadh na saoránach Eorpach ar na gníomhaíochtaí agus na bearta arna ndéanamh. Leis sin, áiritheofar trédhearcacht, déanfar faireachán ar threochtaí agus ar fheidhmíocht ar fud na mBallstát agus cuirfear bonn eolais faoi threoir bheartais in aon reachtaíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo sna réimsí a chumhdaítear ag na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú.
2.An réasúnaíocht atá taobh thiar den Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha
Agus teicneolaíochtaí digiteacha ag claochlú gach gné dár saol, cruthaítear deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Is minice go mór anois is trí mheáin dhigiteacha a dhéantar obair, foghlaim, sóisialú, caitheamh aimsire, siopadóireacht, nó a fhaightear rochtain ar riarachán poiblí, cúram sláinte nó cultúr. D’athraigh paindéim COVID‑19 ról na digiteála, agus an dearcadh atá ag daoine uirthi, inár sochaithe agus inár ngeilleagair, agus tá dlús curtha léi.
Le teicneolaíochtaí ceannródaíocha atá ag teacht chun cinn i réimsí amhail an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí, róbataic, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus lena gcomhtháthú i samhlacha gnó agus i seirbhísí agus táirgí laethúla, cuireadh leis an gclaochlú ar an gcaoi a n‑eagraítear an geilleagar agus an tsochaí. Le luas méadaithe an chlaochlaithe dhigitigh, rinneadh nuálaíochtaí móra lena gcuirtear uirlisí nua ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta dhomhanda agus chun éifeachtúlacht seirbhísí príobháideacha agus poiblí a fheabhsú. An tráth céanna, éascaíodh rochtain ar oideachas agus oiliúint agus ar acmhainní faisnéise agus osclaíodh spásanna nua dioscúrsa phoiblí. Le glacadh forleathan teicneolaíochtaí digiteacha, cuireadh feabhas ar ár saoirse, na háiteanna is iargúlta á nascadh, agus deiseanna nua le haghaidh saoránach, oibrithe agus tomhaltóirí á gcruthú; le go gcruthófar gnólachtaí agus le go mbeidh siad rathúil; le go mbeidh rath ar phobail; chun grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú; agus le go gcuirfear ár sochaí i gcoitinne chun cinn.
Cé gur cuireadh luas faoin gclaochlú seo le paindéim COVID‑19, cuireadh leis an mbearna dhigiteach ar fud an Aontais Eorpaigh freisin, ní hamháin idir limistéir uirbeacha dhea-nasctha agus críocha tuaithe agus iargúlta, ach idir iad siúd is féidir tairbhe iomlán a bhaint as timpeallacht dhigiteach atá saibhrithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus slán, agus iad siúd nach féidir freisin. Níos mó na riamh, is rioscaí móra do chomhtháthú shochaí an lae inniu iad drochrochtain ar nascacht agus seirbhísí Idirlín, agus deiseanna teoranta chun scileanna digiteacha agus tuiscint ar theicneolaíochtaí digiteacha a fháil. Léirigh paindéim COVID‑19 a riachtanaí atá sé go mbeidh gach gníomhaí lena n‑áirítear institiúidí amhail riaracháin, taighde, oideachas agus institiúidí oiliúna agus saoráidí cúraim sláinte réidh le haghaidh na sochaí digití, go háirithe chun cuimsitheacht agus tacaíocht le haghaidh daoine leochaileacha, daoine scothaosta, leanaí agus daoine atá faoi mhíchumas a áirithiú, ionas go bhféadfaidís tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach.
Thairis sin, maidir le hinfhaighteacht teicneolaíochtaí digiteacha nua agus sonraí, ar infhaighteacht í atá ag méadú, baineann rioscaí neamh‑inmhianaithe léi ar féidir leo tionchair fhorleathana a imirt ar shaoránaigh, ar ár luachanna daonlathacha, ar ár slándáil nó ar bhunphrionsabail ár sochaithe. Tháinig fás suntasach ar na rioscaí sin, lena n‑áirítear maidir le príobháideachas agus sáruithe ar shonraí pearsanta, scaipeadh ábhar neamhdhleathach agus díobhálach agus táirgí neamhshábháilte chomh maith le bréagaisnéis, cibearchoireacht agus cibearionsaithe, dúshaothrú agus mí‑úsáid daoine lena n-áirítear leanaí, ollfhaireachas, claontachtaí algartamacha lena gcuirtear bac ar rochtain chothrom agus neamh‑idirdhealaitheach ar fhaisnéis agus ar dhíospóireacht dhaonlathach agus fiú cinsireacht glan amach. Baineann na fadhbanna seo le croílár na gceart bunriachtanach agus, leis na fadhbanna sin, baintear an bonn den dul chun cinn a rinneadh sa réimse seo san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta araon, dul chun cinn ar go crua a saothraíodh é.
Ní lú na cearta atá ag daoine agus gnólachtaí, ná ní lú a gcosaint, agus iad ag idirghníomhú leis an timpeallacht dhigiteach i gcomparáid leis an domhan as líne. Ní thugann an claochlú digiteach údar maith le heisceachtaí ar na cearta agus na saoirsí atá ag saoránaigh an Aontais faoi dhlí an Aontais. Ina ionad sin, ba cheart é a bheith dírithe ar threisiú na gceart agus na saoirsí sin. Tá an tAontas tiomanta do gach Eorpach a chumhachtú chun tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil ag an gclaochlú digiteach, gan beann ar a n‑aois, a n‑inscne, a gcumas, a staid, nó a suíomh geografach agus rinne an tAontas gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus coisctheacha araon trí na rialacháin agus na bearta beartais is gá a ghlacadh sna réimsí seo uile le blianta beaga anuas. Mar sin féin, dá mhéad mar a éiríonn réitigh teicneolaíochta a dhéanann difear dár saol níos ceangailte le chéile, níos forleithne agus níos casta, is mó an phráinn a bhaineann le dlús a chur le hiarrachtaí chun rochtain oscailte, chothrom agus chomhionann ar uirlisí, seirbhísí, bonneagair agus scileanna digiteacha a bhaint amach, rudaí lena bhféadfar ár ndaonlathais a neartú sa deireadh.
Mar a mhínítear i gCompás Digiteach 2030, tá fís ag an Aontas maidir le hEoraip 2030 atá claochlaithe go digiteach i gcomhréir le luachanna Eorpacha. Leis an gCompás Digiteach, glactar le saoránaigh chumhachtaithe agus gnólachtaí nuálacha i sochaí dhigiteach atá dírithe ar an duine, cuimsitheach, rathúil agus inbhuanaithe. Is le déanaí a glacadh ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ agus is é is aidhm dó ár gceannaireacht dhigiteach a threisiú tuilleadh agus saoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú tuilleadh, inneall an fháis eacnamaíoch inbhuanaithe agus na dea-bhaile sóisialta san Eoraip á dhéanamh den chlaochlú digiteach ar an tslí sin. Bainfear é seo amach go háirithe trí rochtain ar leathanbhanda ardfeidhmíochta a leathnú chuig gach saoránach lena n‑áirítear saoránaigh i limistéir thuaithe agus uirbeacha, trí chur le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha le haghaidh an luchta saothair chun a chumasú dóibh bheith rannpháirteach go hiomlán sa gheilleagar digiteach, trí ghnólachtaí agus seirbhísí poiblí a dhigiteáil, agus trí ghnólachtaí agus seirbhísí poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éasca a úsáid chun tairbhe gach duine inár sochaí. Le cibearspás slán, cothaítear freisin iontaoibh níos mó i measc daoine in uirlisí agus seirbhísí digiteacha. Ceadaítear leis caomhnú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n‑áirítear saoirse na meán agus iolrachas. Ar deireadh, i gcomhréir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, beidh sé d’aidhm ag an gclaochlú digiteach freisin leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus chun an nádúr a athbhunú, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Comhaontú Pháras.
Is sa chomhthéacs sin, agus an Coimisiún Eorpach ag freagairt d'éilimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go molann sé sraith prionsabal a shainmhíniú a fheidhmeoidh mar threoir le haghaidh claochlú digiteach atá inbhuanaithe, dírithe ar an duine agus bunaithe ar luachanna.
Sa chomhthéacs sin, leis an Dearbhú cuirtear prionsabail dhigiteacha chun cinn, chun freastal ar gach Eorpach, mar seo a leanas: an pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh; dlúthpháirtíocht agus cuimsitheacht; saoirse rogha; rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach; sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú; agus inbhuanaitheacht.
Dá réir sin, ba cheart don Dearbhú feidhmiú freisin mar thagairt do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha nuair atá teicneolaíocht nua á forbairt agus á cur in úsáid acu. Ba cheart dó freisin lucht ceaptha beartas a stiúradh in iarracht chomhpháirteach chun sainmhíniú a dhéanamh ar an mbealach Eorpach i dtreo domhan digiteach atá inbhuanaithe, dírithe ar an duine agus cuimsitheach, agus chun idirghabhálacha beartais an Aontais a dhaingniú go láidir chuige sin. D‘fhéadfadh an Dearbhú a bheith ina thagarmharc domhanda le haghaidh a lán ceisteanna sochaíocha agus eiticiúla a ardaítear leis an gclaochlú digiteach. Beidh na prionsabail chéanna i gcroílár ghníomhaíochtaí an Aontais lena chomhpháirtithe agus i gcreat na n‑-eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Cuireann an Dearbhú beartaithe le tionscnaimh a tháinig roimhe ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa, agus tairbhíonn sé de roinnt mhaith tuairimí a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Tar éis an chomhairliúcháin, beachtaíodh líon áirithe prionsabal i gcomparáid leis an réamhshraith prionsabal a cuireadh i láthair sa chomhairliúchán poiblí.
|
Comhairliúchán poiblí maidir le sraith prionsabal digiteach Eorpach
Idir an 12 Bealtaine agus an 6 Meán Fómhair 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun tuairimí a bhailiú maidir le ceapadh prionsabal digiteach Eorpach chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chaomhnú sa spás digiteach.
Cuireadh an comhairliúchán poiblí chun cinn le linn na hócáide 'An Deacáid Dhigiteach a Threorú' an 1-2 Meitheamh, ar ardán digiteach na Comhdhála ar thodhchaí na hEorpa agus ar chuntais meán sóisialta freisin. Ba é príomhchuspóir an chomhairliúcháin tuairimí na ngeallsealbhóirí leasmhara uile a bhailiú lena n‑áirítear na Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachais ghnó agus cuideachtaí, páirtithe leasmhara eile agus, dar ndóigh, saoránaigh.
Leis seo osclaíodh cleachtadh comhairliúcháin leathan lena n‑áiríodh ceardlanna rannpháirtíochta agus agallaimh dhírithe, suirbhé Eorabharaiméadair chun tuairimí a bhailiú ar fud na mBallstát, agus ar fud grúpaí aoise éagsúla, agus béim ar leith aige ar leanaí agus ar dhaoine óga agus ar chúlraí sóisialta éagsúla.
Ar an mórgóir, léiríodh tacaíocht leathan le haghaidh Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha sna comhairliúcháin chomh maith leis an gcéad shraith prionsabal a leagadh amach sa chomhairliúchán poiblí oscailte, rud lena leagtar béim ar a thábhachtaí atá roinnt prionsabal thar na prionsabail eile agus inar chuir roinnt freagróirí béim ar an ngá atá le prionsabail bhreise. Bhí na freagraí ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla ina dtreoir agus an Dearbhú a chuirtear i láthair inniu á dhearadh.
Cuirtear achoimre níos mionsonraithe ar an gcomhairliúchán i láthair sa Doiciméad Inmheánach Oibre a fhoilsítear in éineacht leis an Teachtaireacht seo.
|
3.Cineál polaitiúil an Dearbhaithe maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha
An tsraith prionsabal digiteach lenar cheart sochaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, beartaítear í i bhfoirm dearbhú sollúnta comhpháirteach de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Beartaítear an Dréachtdearbhú, mar a chuirtear ar fáil san Iarscríbhinn, mar thogra a bheidh le plé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, d’fhonn é a shíniú ag na trí institiúid.
Go sonrach, leis an Dearbhú cuirtear le dlí príomha an Aontais, an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE), an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go háirithe, chomh maith le dlí tánaisteach an Aontais.
Ní dhéanann na prionsabail sin difear do na cearta dlíthiúla lena gcosnaítear daoine ar líne san Aontas Eorpach cheana, agus nach mór leigheasanna éifeachtacha ina leith ar fud an Aontais. Ní dhéanann siad difear do theorainneacha dleathacha le feidhmiú na gceart dlíthiúil sin ach an oiread, d’fhonn iad a réiteach le feidhmiú ceart eile, nó le srianta riachtanacha comhréireacha ar mhaithe le leas an phobail. Nuair a chuirfear chun feidhme trí thionscnaimh bheartais iad, cuirfear na prionsabail sin i bhfeidhm mar aon le cearta agus prionsabail atá ann cheana agus ar mhaithe le leas foriomlán an phobail.
4.Measúnú leantach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal domhanda
An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha a fhormhuiniú
Molann an Coimisiún go síneoidh na trí institiúid Eorpach lena mbaineann an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha go sollúnta is go comhpháirteach. In éineacht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, éascóidh an Coimisiún an plé ar bhonn an Dréachtdearbhaithe a chuirtear i láthair inniu.
Reachtaíocht agus gníomhaíochtaí reatha an Aontais agus reachtaíocht agus gníomhaíochtaí an Aontais amach anseo
I bhfianaise chineál polaitiúil an Dearbhaithe, ní chomhfhreagraíonn na prionsabal uile do chearta atá infhorfheidhmithe go díreach: tá roinnt acu leagtha síos cheana sa reachtaíocht, agus roinnt eile d'fhéadfadh sé go dteastódh tuilleadh gníomhaíochta ina leith, ar an leibhéal iomchuí. Ní mór an Dearbhú a léamh i gcomhar le gníomhartha dlí agus ionstraimí dlí de chuid an Aontais, agus tá sé gan dochar dóibh.
Déanta na fírinne, tá líon áirithe tograí rialála déanta cheana ag an gCoimisiún agus tá tionscnaimh bheartais curtha chun cinn aige sna réimsí arna gcumhdach ag na prionsabail dhigiteacha mar a leagtar amach sa Dréachtdearbhú. In éineacht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go leanfaidh sé, nuair is gá, de ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh, lena gcuirtear i ngníomh na prionsabail dhigiteacha lena múnlaítear an claochlú digiteach, a shaothrú.
Faireachán agus athbhreithniú
Tá na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú ina ndíol suime do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí, do chomhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta ar gach leibhéal. Tá siad ábhartha freisin do ghnólachtaí, sa ról mar úsáideoirí seirbhísí digiteacha agus mar ghníomhairí gníomhacha atá freagrach as an spás digiteach araon.
Cothóidh an Coimisiún gníomhaíochtaí cumarsáide agus rannpháirtíochta leis na Ballstáit agus leis na gníomhairí ábhartha uile chun feasacht faoi na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú agus tiomantas comhroinnte dóibh a áirithiú.
Ionas go mbeidh rath ar an tionscnamh seo, tá sé tábhachtach go ndéanfar faireachán éifeachtach ar an gcaoi a gcuirfear na prionsabail dhigiteacha i ngníomh. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh maidir leis an gConair i dtreo na Deacáide Digití, foráiltear go roinnfidh na Ballstáit go tráthúil leis an gCoimisiún an fhaisnéis is gá chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn sa mheasúnú leantach maidir leis na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú. Thairis sin, leagtar amach sa togra ón gCoimisiún go ndéanfaí measúnú i dtuarascáil bhliantúil i ndáil le 'Staid na Deacáide Digití' ar staid na mbeart lena ndéantar measúnú leantach ar na prionsabail a chumhdaítear sa Dearbhú. Ansin roinnfidh an Coimisiún a mheasúnú straitéiseach ar chlaochlú digiteach an Aontais leis an gComhairle agus leis an bParlaimint, agus chuirfeadh sé gníomhaíochtaí agus bearta molta ar fáil do na Ballstáit agus / nó phléifeadh sé gealltanais chomhpháirteacha arna nglacadh idir an Coimisiún agus na Ballstáit.
Cuirfidh an Coimisiún freisin leis an gcomhar leis na Ballstáit agus le gach gníomhaí ábhartha maidir le gach riail ábhartha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha sin a leagadh síos sa reachtaíocht a luaitear thuas, lena ndírítear ar a n‑iompar (de réir mar a bheidh) agus ar a gcur chun feidhme, agus lena roinntear dea‑chleachtais. Le hidirphlé rialta agus níos dlúithe leis na Ballstáit, féadfar glacadh tráthúil agus (de réir mar a bheidh) trasuí tráthúil ionstraimí dlí an Aontais a éascú chomh maith le cáilíocht a gcur chun feidhme a fheabhsú, agus dá bharr sin seachnófar an gá le dul i muinín imeachtaí um shárú níos déanaí.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún suirbhé Eorabharaiméadair chun faireachán a dhéanamh ar na bearta leantacha sna Ballstáit ar bhonn bliantúil. Leis an Eorabharaiméadar baileofar sonraí cáilíochtúla, iad bunaithe ar an dearcadh atá ag saoránaigh i dtaobh na caoi a gcuirtear na prionsabail dhigiteacha i ngníomh sna Ballstáit éagsúla.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh le himeacht ama ar aon cheann de na prionsabail i bhfianaise na héabhlóide teicneolaíche agus más gá cuirfidh sé togra chun cinn do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chuige sin.
An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha a chur chun cinn ar fud an domhain
Bhí an tAontas Eorpach i gcónaí ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn na gceart bunriachtanach ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear ag na Náisiúin Aontaithe. Tá an tAontas ina cheannaire freagrach domhanda ar chur chuige eiseamláireach atá dírithe ar an duine agus bunaithe ar luachanna a choinneáil sa ré dhigiteach, ról atá sé in ann a choinneáil. Beidh an Dearbhú ina uirlis threorach freisin le haghaidh ghníomhaíocht taidhleoireachta an Aontais agus leis an Dearbhú múnlófar ár gcomhpháirtíochtaí agus ár bpléití lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
5.Conclúid agus an bealach chun cinn
Leis an Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha seo, cuireann an Coimisiún chun cinn creat tagartha le haghaidh daoine chomh maith le treoir le haghaidh gnólachtaí agus lucht ceaptha beartas, arb é is aidhm dóibh an pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh.
Tá freagracht chomhroinnte ar na Ballstáit, lena n-áirítear a n-údaráis phoiblí, gach páirtí leasmhar, an tsochaí shibhialta ar gach leibhéal agus institiúidí an Aontais oibriú le haghaidh claochlú digiteach atá dírithe ar an duine.
Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun síniú an Dearbhaithe seo a luaithe is féidir in 2022 a éascú.