5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/425


RÚN (AE) 2022/1812 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinntí uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí ó na ngníomhaireachtaí (1),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (2), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,

ag féachaint d’Airteagail 32 agus 47 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairimí an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2022),

A.

de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin, do gach comhlacht de réir bhrí Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

B.

de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin freisin, le haghaidh Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

C.

de bhrí gur cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais díriú ar mhisin a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas agus gur cheart eagrú na misean sin a bharrfheabhsú chun forluí a sheachaint ar mhaithe le leas cháiníocóir an Aontais;

1.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na ngníomhaireachtaí a gcaighdeáin arda oibre agus a n-aschur ardcháilíochta a choinneáil, d’ainneoin na srianta a cuireadh i bhfeidhm le paindéim COVID-19;

2.

ag cur béim ar an bhfíoras gur léirigh an phaindéim arís eile go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí i mbeartas an Aontais, ó fhaireachán a dhéanamh ar ionfhabhtuithe ar fud na mBallstát, vacsaíní agus cóireálacha a údarú, treoir a eisiúint maidir le hionaid oibre a oiriúnú agus oibrithe a chosaint, moltaí a eisiúint maidir le siopadóireacht ar líne agus ríomhshláinte, aghaidh a thabhairt ar luaineacht sna margaí a eascraíonn as an bpaindéim, atá faoina maoirseacht, rud a léiríonn an-athléimneacht, solúbthacht agus inoiriúnaitheacht;

3.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na 32 ghníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais, gurbh ionann an t-iomlán carnach do bhuiséid 2020 agus thart ar EUR 3 040 milliún i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, arb ionann é agus méadú thart ar 6,55 % i gcomparáid le 2019, agus EUR 2 888 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méadú 19,59 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire thairis sin gur maoiníodh EUR 2 253 mhilliún as an EUR 2 888 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais, arb ionann é agus 74,1 % de mhaoiniú iomlán na ngníomhaireachtaí in 2020 (i gcomparáid le 74,8 % in 2019); ag aithint thairis sin gur maoiníodh EUR 786 mhilliún le táillí agus muirir agus le ranníocaíochtaí díreacha ó thíortha rannpháirteacha (laghdú 21,0 % i gcomparáid le 2019);

4.

á chur in iúl gur geal léi conclúid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (an “Chúirt”) ina tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) gur dheimhnigh iniúchadh na Cúirte ar chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2020 agus ar an ioncam is bonn leo na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe i réimse na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais, de réir na Cúirte;

Príomhrioscaí arna sainaithint ag an gCúirt

5.

ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán d’iontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí, arna mbunú trí na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta, go bhfuil an riosca íseal tríd is tríd, mar a tharla in 2019;

6.

ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán do dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn le cuntais na ngníomhaireachtaí íseal i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí, agus ar mheánriosca do na gníomhaireachtaí atá féin-mhaoinithe i bpáirt i gcás ina bhfuil rialacháin shonracha infheidhme maidir le táillí agus ranníocaíochtaí ioncaim eile a bhailiú, mar a tharla in 2019;

7.

ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí atá mar bhunús le cuntais na ngníomhaireachtaí ar mheánriosca ar an iomlán, ag athrú ó íseal go hard i gcás teideal sonrach buiséid; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do Theideal I (Caiteachas Foirne) íseal go ginearálta, do Theideal II (Caiteachas Riaracháin) a bheith ar mheánriosca, agus do Theideal III (Caiteachas Oibríochtúil) a bheith idir íseal agus ard, ag brath ar an ngníomhaireacht atá i gceist agus ar chineál a caiteachais oibriúcháin; á chur i bhfios go measann an Chúirt go bhfuil an riosca maidir le Teideal III cosúil leis an riosca do Theideal II, ach ós rud é go bhfuil méideanna i bhfad níos airde i gceist faoi Theideal III, meastar go bhfuil an tionchar níos airde;

8.

ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistíocht fhónta airgeadais ar mheánriosca, go mbaineann riosca go príomha le nósanna imeachta soláthair phoiblí nár cinntíodh gur baineadh amach an luach ar airgead is fearr ab fhéidir;

9.

ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistiú buiséid íseal, agus go dtaispeánann iniúchadh na Cúirte gur tugadh anonn líon ard leithreasuithe a gealladh, ach go raibh údar maith leo de réir na Cúirte mar gheall ar nádúr ilbhliantúil na n-oibríochtaí nó ar chúiseanna nach raibh neart ag na gníomhaireachtaí orthu;

10.

ag tabhairt dá haire gur luaigh an Chúirt “riosca eile” a bhaineann le paindéim COVID-19 a chuir isteach ar obair na Cúirte toisc gur chuir srianta taistil cosc uirthi seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, doiciméid bhunaidh a fháil agus foireann na n-iniúchaithe a chur faoi agallamh aghaidh ar aghaidh; ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Chúirt a cuid oibre mar sin féin trí athbhreithnithe doiciméad agus trí chianagallaimh a dhéanamh ar na n-iniúchaithe; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt, d’ainneoin riosca braite méadaithe mar gheall nach raibh aon seiceálacha ar an láthair, gur chuir an fhianaise a fuair sí óna hiniúchaithe ar chumas na Cúirte fós a cuid oibre a chríochnú agus í a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte go raibh ar eagrú na hoibre sna gníomhaireachtaí roinnt dúshlán a bhaineann le COVID-19 a shárú freisin, dúshláin a raibh impleachtaí acu ar nósanna imeachta soláthair na nGníomhaireachtaí, ar bhainistiú agus ar chomhlíonadh na gconarthaí, na nósanna imeachta earcaíochta, ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar rialuithe inmheánacha; á chur in iúl gur geal léi barúlacha sonracha na Cúirte ina leith sin;

11.

á chur in iúl gur geal léi gur dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil bearta ceartaitheacha glactha ag na gníomhaireachtaí i bhformhór na gcásanna chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha iniúchóireachta na mblianta roimhe sin agus á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB leanúint dá n-iarrachtaí obair leantach a dhéanamh ar bharúlacha na Cúirte, go háirithe i réimsí an rialaithe inmheánaigh, na nósanna imeachta soláthair phoiblí agus an bhainistithe bhuiséadaigh;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

12.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di gur eisíodh, de réir thuarascáil bhliantúil na Cúirte, tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le hiontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí go léir; ag tabhairt dá haire freisin gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir; ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir, seachas Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA);

13.

ag tabhairt dá haire, maidir le hiontaofacht na gcuntas, gur eisigh an Chúirt mír “béim ar ábhar” don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir leis an gcomhaontú léasa dá háitreabh roimhe sin i Londain a mhaireann go dtí 2039 gan aon fhoráil maidir le foirceannadh luath; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis a háitreabh roimhe seo a fholigean ar cíos faoi choinníollacha atá i gcomhréir le téarmaí an phríomhléasa le cíos gan íoc, na táillí seirbhíse gaolmhara agus an t-árachas tiarna talún a bheidh le híoc ag an nGníomhaireacht suas go deireadh an léasa a mheastar a bheith cothrom le EUR 377 milliún; ag tabhairt dá haire gur méid suntasach é sin a d’fhéadfadh leanúnachas airgeadais na Gníomhaireachta a chur i mbaol;

14.

ag tabhairt dá haire, maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht ioncaim is bunús le cuntais na ngníomhaireachtaí, gur eisigh an Chúirt dhá mhír “ábhar eile” don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), mír a bhaineann leis na táillí a ghearrtar ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus ceann a bhaineann leis na táillí do Stórtha Trádála; ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt faoi deara, maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, go bhfuil na táillí a ghearrtar bunaithe ar a n-ioncam mar eintiteas dlíthiúil, ach ní mar ghrúpa eintiteas gaolmhar, rud a chruthaíonn deis gar-dhlisteanach táillí a sheachaint trí ioncam ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi dhlínse an Aontais a aistriú chuig a n-eintitis ghaolmhara lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuil ESMA ag dul i ngleic leis an riosca sin, trí pháipéar comhairliúcháin a fhoilsiú, as ar tugadh comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán bunaidh ESMA chun an riosca sainaitheanta a mhaolú; ag tabhairt dá haire maidir leis na táillí ar stórtha trádála go ndéanann ESMA iad sin a ríomh ar bhonn láimhdeachas infheidhme gach stór trádála aonair, mar a chuirtear i láthair iad ina ráitis airgeadais a dtugann iniúchóirí neamhspleácha tuairim ina leith cibé an dtugann nó nach dtugann siad léargas fíor agus cothrom; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt nach raibh líon na dtrádálacha a tuairiscíodh do na Stórtha Trádála agus líon na dtrádálacha gan íoc a taifeadadh an 31 Nollaig 2019, a úsáideadh mar bhonn chun an láimhdeachas táillí a ríomh, ach faoi réir athbhreithniú teoranta ag iniúchóirí neamhspleácha agus gur fhoilsigh ESMA páipéar comhairliúcháin i mí an Mhárta 2021 a mhol an modh a úsáidtear chun láimhdeachas a chinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist shainaitheanta a shimpliú;

15.

ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt tuairim lena bhfíoraítear dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn le cuntais na nGníomaireachtaí do na gníomhaireachtaí go léir, seachas an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); ag tabhairt dá haire go raibh baint ag tuairim cháilithe ACER le roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí TF agus gurbh ionann na híocaíochtaí gaolmhara sa bhliain airgeadais 2020 agus EUR 752 654 (3,7 % de na híocaíochtaí iomlána a bhí ar fáil in 2020) agus go bhfuil bearta déanta ag ACER chun cosc a chur ar úsáid mhícheart an chreatchonartha; ag tabhairt dá haire gur tháinig an tuairim cháilithe le haghaidh eu-LISA go príomha as conradh le haghaidh bogearraí, difriúil ó na bogearraí a thairgtear faoin gcreatchonradh gaolmhar a raibh diall ón gcreatchonradh mar thoradh air, agus é á chur in iúl ag eu-LISA go ndearnadh an earráid sin a leigheas; ag tabhairt dá haire gur tharla an tuairim cháilithe maidir le ENISA de bharr easpa tarmligean foirmiúil do bhall foirne lena gceadaítear íocaíochtaí a údarú agus go bhfuil bearta glactha ag ENISA chun a chinntiú nach ndéanfar íocaíochtaí ach amháin nuair a bhíonn na tarmligin riachtanacha i bhfeidhm;

16.

ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte maidir le ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta sin chun feidhme go hearráideach le modhanna éagsúla sna comhaontuithe chun ranníocaíochtaí a ríomh; ag tabhairt dá haire gur iarr an Chúirt ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCoimisiún chun a mheas an gá dóibh ailíniú le comhaontuithe ranníocaíochta an Choimisiúin agus le modhanna ríofa ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le treoir chothrománach ón gCoimisiún chuig comhlachtaí an Aontais maidir leis an mbealach chun ranníocaíochtaí ó thríú tíortha a ríomh;

17.

ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte maidir le leibhéil iomarcacha tabhairt anonn, go háirithe i gcás ACER, eu-LISA, Gníomhaireacht Soláthair Euratom (ESA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus moladh na Cúirte gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a dtimthriallta pleanála buiséid agus cur chun feidhme buiséid;

18.

á chur in iúl gur oth léi gur thug an Chúirt tuilleadh laigí faoi deara i gcás roinnt gníomhaireachtaí i ndáil le raon gnéithe, ó bhainistiú na dtáillí go dtí íocaíochtaí déanacha, nochtadh na ranníocaíochtaí a fuarthas, agus ríomh na ranníocaíochta a rinne tríú tíortha le buiséad na ngníomhaireachtaí;

19.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar luaineacht na dtáillí a sonrascadh agus a bailíodh le haghaidh roinnt gníomhaireachtaí glactha táillí de bharr phaindéim COVID-19, rud a rinne difear don phleanáil bhuiséadach agus don chobhsaíocht airgeadais de bharr laghduithe suntasacha ar ioncam ó tháillí in 2020; ag tabhairt dá haire go ndearna sé sin difear go háirithe d’ioncam na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) (ioncam ó tháillí EUR 7 milliún níos lú ná mar a buiséadaíodh) agus d’ioncam Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (EASA) (ioncam ó tháillí EUR 3,2 milliún níos lú i gcomparáid le 2019);

20.

ag tabhairt dá haire nach ndearna an Chúirt iniúchadh ar chuntais 2020 Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), ós rud é nár sheol OIPE a cuid oibríochtaí go dtí an 1 Meitheamh 2021;

21.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirphlé gníomhach a bhunú agus a chothabháil idir an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí maidir le leithdháileadh na n-acmhainní iomchuí agus maidir le ceapadh na bpleananna bunaíochta faoi seach, go háirithe maidir leis an ngrád ag a leithdháiltear poist;

Feidhmíocht

22.

á chur i bhfáth an ról luachmhar atá ag gníomhaireachtaí an Aontais i gcabhrú le hinstitiúidí an Aontais beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir le cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha, oibríochtúla nó rialála; á chur in iúl gur mór aici an obair ar ardchaighdeán a dhéanann Cedefop, Eurofound, EU-OSHA, ETF agus an tÚdarás Eorpach Saothair, na gníomhaireachtaí atá ag obair i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe agus a thábhachtaí atá an obair sin; ag athdhearbhú, ina leith sin, an ghá atá le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a áirithiú lena lamhálfar dóibh leanúint dá gcláir oibre a chur chun feidhme le ráta críochnaithe gníomhaíochta thar a bheith ard; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gach gníomhaireacht agus an breisluach a bhaineann leo ina réimse saineolais mar aon lena neamhspleáchas;

23.

á mheabhrú go ndearnadh an tÚdarás Eorpach Saothair a chur ar bun i mí an Mhárta 2018 agus gur cuireadh tús lena fheidhmiú i mí Dheireadh Fómhair 2019; á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh áitribh an Údaráis Eorpaigh Saothair go hoifigiúil an 9 Samhain 2021;

24.

á chur i bhfios go gcabhróidh an tÚdarás Eorpach Saothair lena áirithiú go ndéanfar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go cothrom, go gcabhróidh sé leis na húdaráis náisiúnta dul i mbun comhair chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus go mbeidh sé níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí leas a bhaint as an margadh inmheánach;

25.

á mheabhrú nach ndearnadh iniúchadh ar an Údarás Eorpach Saothair in 2020 toisc, de réir ECA, nach ndearna sé a neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach;

26.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an tÚdarás Eorpach Saothair a dhéanamh lánoibríochtúil gan moill mhíchuí agus á chur i bhfáth go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann ina leith sin;

27.

ag tabhairt dá haire, d’ainneoin chonclúid na Cúirte gur dheimhnigh a torthaí iniúchóireachta le haghaidh 2020 na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin, nach raibh 2020 mar a bheadh aon bhliain eile de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chinn an Chúirt freisin, maidir le cláir oibre agus gníomhaíochtaí, gur spreag paindéim COVID-19 athbheartú tosaíochta suntasacha acmhainní agus gníomhaíochtaí pleanáilte, agus go bhfuil na samplaí is suntasaí le fáil i réimse beartais na Sláinte (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)); ag tabhairt dá haire go ndearnadh difear do réimsí eile freisin, mar shampla, ní raibh Frontex in ann gníomhaíochtaí a bhí beartaithe a chur chun feidhme mar gheall ar shrianta taistil ar fud an domhain agus tháinig athruithe suntasacha ar an obair allamuigh a bhí beartaithe ag an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) dá 7ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip, lena n-áirítear gur cuireadh isteach ar anailís treochtaí ar dhálaí oibre a bhaineann le tréimhse níos mó ná 20 bliain; ag tabhairt dá haire gur fhreagair na gníomhaireachtaí do na dúshláin sin trí ghníomhaíochtaí ábhartha agus trí obair a oiriúnú trí bhíthin dlús a chur le bearta digitithe, le comhoibriú níos fearr agus le malartú feabhsaithe faisnéise;

28.

ag tabhairt dá haire freagra Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN) ar bharúil urscaoilte 2019 maidir le muinín a chothú i measc saoránaigh aonair; ag tabhairt dá haire, d’ainneoin ilchineálacht lucht éisteachta sprice na nGníomhaireachtaí, go ndearnadh iarrachtaí chun idirghníomhaíochtaí le saoránaigh a mhéadú trí na bealaí for-rochtana atá ar fáil, amhail na meáin shóisialta agus an preas; ag tabhairt dá haire, gur cruthaíodh meitheal ad hoc, arna éascú ag EUAN, chun príomhghnéithe creata cumarsáide a phlé agus chun piléir straitéiseacha a shainiú; ag aithint go bhfuil teorainn leis na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil chun é sin a dhéanamh agus molann sí na gníomhaireachtaí as dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin mar sin féin;

29.

ag tabhairt dá haire ón staidéar Cost of Non-EU Agencies Focusing on the Health and Safety Cluster of the EU Decentralised Agencies [Costas Gníomhaireachtaí Neamh-AE a Dhíríonn ar Chnuasach Sláinte agus Sábháilteachta Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE] (5) gur léirigh seacht ngníomhaireacht an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta breisluach láidir Eorpach agus go bhfuil sé sin aitheanta go forleathan ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí eile lena n-áirítear geallsealbhóirí gnó; ag tabhairt dá haire go háirithe go raibh ról tábhachtach ag na gníomhaireachtaí sa bhraisle sláinte agus sábháilteachta i bhfreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh baint dhíreach ag ECDC agus EMA le dul i ngleic leis na dúshláin a d’eascair as an ngéarchéim, trí fhaireachán a dhéanamh ar shonraí eipidéimeolaíocha agus trí vacsaíní a fhormheas, agus gur chuir gníomhaireachtaí eile treoir ar fáil maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an víreas a tholg in earnálacha áirithe a laghdú, amhail an Prótacal Sábháilteachta Sláinte Eitlíochta COVID-19 ó EASA, ráitis an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir leis an mbaol go bhféadfaí víreas COVID-19 a tholg trí bhia, agus tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar loingseoireacht; ag tabhairt dá haire gur leag paindéim COVID-19 béim ar mhéid an chomhoibrithe idir na Gníomhaireachtaí;

30.

á mheas gur cheart go dtabharfaí níos mó airde d’ábharthacht agus do comhleanúnachas, go háirithe i gcomhthéacs réimsí inniúlachta forluiteacha, tráth a bhunaítear gníomhaireachtaí amach anseo; á chreidiúint gur cheart rialacha soiléire a chur i bhfeidhm i ndáil le forbairt agus foirceannadh mhisin na ngníomhaireachtaí;

31.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di an dea-chomhar leanúnach idir na gníomhaireachtaí laistigh de shainchúram Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin, lena n-áirítear malartuithe faisnéise frithpháirteacha rialta i gcéim phleanála a gclár oibre agus a chéile a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí agus torthaí;

32.

á chreidiúint gur gá ról na ngníomhaireachtaí mar lárionaid saineolais a neartú chomh maith le digitiú na ngníomhaireachtaí sin agus a n-idir-inoibritheacht a neartú freisin chun ardleibhéal trédhearcachta a bhaint amach;

33.

á athdhearbhú an ról tábhachtach atá ag gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (CGB) an Aontais agus ag an Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), agus an tacaíocht thábhachtach a chuireann siad ar fáil d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus do na Ballstáit i réimsí na gceart bunúsach, na slándála agus an cheartais trí chúraimí oibríochtúla, anailíse, bainistíochta agus faireacháin a dhéanamh; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil gá acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a áirithiú do na gníomhaireachtaí CGB agus do MECS chun a chur ar a gcumas a sainorduithe a chomhlíonadh ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach agus i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha;

34.

á mheabhrú go bhfuil na malartuithe tuairimí bliantúla i gcoistí EMPL maidir le cláir oibre bhliantúla agus straitéisí ilbhliantúla na ngníomhaireachtaí ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh na cláir agus na straitéisí i gcomhréir leis na tosaíochtaí polaitiúla iarbhír, go háirithe i gcomhthéacs chur chun feidhme na bprionsabal a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus go rannchuidítear leo le rath an Phlean Gníomhaíochta maidir le Cur Chun Feidhme EPSR;

35.

á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an comhar níos dlúithe atá idir na gníomhaireachtaí faoi chuimsiú Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (EUAN), ar ardán tábhachtach comhair idirghníomhaireachta é chun feabhas a chur ar infheictheacht na ngníomhaireachtaí, chun na gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chur chun cinn, chun breisluach a chur leis agus chun cumarsáid éifeachtúil a áirithiú idir na gníomhaireachtaí agus na geallsealbhóirí ábhartha agus é dírithe ar sheirbhísí, eolas agus saineolas a chomhroinnt, agus á iarraidh go mbeidh comhairliúcháin rialta ann idir na gníomhaireachtaí uile atá á gcomhordú ag EUAN;

36.

á chur in iúl gur mór aici agus ag moladh go háirithe an dlúthchomhair atá idir na gníomhaireachtaí atá faoi shainchúram an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta ar mhaithe le sineirgí, comhlántacht agus comhroinnt acmhainní a áirithiú;

Beartas foirne

37.

ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh go raibh 9 001 bhall foirne san iomlán fostaithe ag na 32 ghníomhaireacht dhíláraithe, lena n-áirítear oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, in 2020 (i gcomparáid le 7 880 in 2019), arb ionann é sin agus méadú suntasach 14,23 % i gcomparáid le 2019;

38.

ag tabhairt dá haire breithiúnas an 11 Samhain 2021 ón gCúirt (6) maidir le oibrithe eatramhacha a úsáid, ina dtugtar aghaidh ar roinnt ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha i ngníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí sin dlús a chur lena n-iarrachtaí chun líon na n-oibrithe sealadacha a thagann in ionad baill foirne, a laghdú;

39.

ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt go bhfuil méadú tagtha ar laigí maidir le bainistiú acmhainní daonna, go háirithe maidir le nósanna imeachta earcaíochta inar shainaithin an Chúirt cineálacha éagsúla easnamh i sé cinn de na 22 ghníomhaireacht a ndearnadh iniúchadh orthu, amhail céimeanna neamhleora chun teidlíochtaí ar liúntais a fhíorú do bhaill foirne atá i mbun dualgas mar ghníomhairí sealadacha (EMSA), folúntais bhainistíochta ar feadh tréimhse iomarcaí (EASO, EFSA), mainneachtain rialuithe inmheánacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm le linn na nósanna imeachta earcaíochta (ACER), laigí i gceapadh painéal roghnúcháin le haghaidh nósanna imeachta earcaíochta (EMA), agus laigí i mbainistiú grád ball foirne nua (Frontex);

40.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur cuireadh isteach ar nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin na ngníomhaireachtaí mar gheall ar bhearta dianghlasála agus srianta taistil arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo; ag tabhairt dá haire, áfach, gur léirigh na gníomhaireachtaí athléimneacht ina leith sin ó bhí an chuid is mó de na gníomhaireachtaí in ann, ó lár mhí Aibreáin 2020, atosú agus leanúint le hearcaíocht trí nósanna imeachta ar líne le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin agus ionduchtú ó chian; ag tabhairt dá haire na deacrachtaí a thuairiscigh gníomhaireachtaí, amhail saincheisteanna maidir le nascacht le linn cianagallaimh, nó ganntanas tobann iarrthóirí, agus an deacracht a bhí ag iarrthóirí inniúlachtaí áirithe a léiriú ar líne; ag tabhairt dá haire freisin gur chruthaigh an mhoilliú earcaíochta an baol go mbeidh bacanna ar acmhainní daonna sa todhchaí toisc go mbeidh nósanna imeachta ionduchtaithe leordhóthanacha, cruthú comhaid phearsanta, cúrsaí oiliúna agus breithmheasanna ag teastáil ó líon méadaitheach ball foirne amach anseo; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin méadú atá tagtha ar na rioscaí sin agus faoi na bearta maolaitheacha a rinneadh; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí a dtaithí a roinnt le gníomhaireachtaí eile agus iad ag déileáil leis na rioscaí seo;

41.

á chur i bhfios go láidir gur gá ró-ualach digiteach a sheachaint agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart don fhoireann a bheith ag obair ach laistigh d’uaireanta oibre; á chur in iúl gur geal léi uirlisí nua na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) a uaslódáladh le déanaí chun teachtaireachtaí a sheachadadh laistigh d’uaireanta oibre; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí eile an méid atá déanta ag ETF a leanúint mar dhea-chleachtas;

42.

ag tabhairt dá haire agus is ábhar imní di nach raibh ann do chothromaíocht inscne i measc na foirne in 2020, agus go raibh dáileadh neamhchothrom inscne ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí le 74,6 % fir agus 25,4 % mná, go raibh dáileadh inscne 52,7 % fir agus 47,3 % mná ann i measc na foirne ina hiomláine, agus dáileadh inscne 63,4 % fir agus 36,6 % mná ann ar bhoird bhainistíochta na ngníomhaireachtaí; ag athdhearbhú uaillmhian na ngníomhaireachtaí ailíniú leis an gCoimisiún chun cothromaíocht inscne 50 % a bhaint amach ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi dheireadh na bliana 2024;

43.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na tuairimí leantacha ar chothromaíocht inscne, nach bhfuil aon tionchar ag na gníomhaireachtaí ar ainmniú chomhaltaí an bhoird bainistíochta nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus dá bhrí sin, ar an gcothromaíocht inscne a eascraíonn as sin; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh roinnt gníomhaireachtaí go ndéanfaidís bearta chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach sa bhainistíocht shinsearach nuair a bhíonn poist folamh; á chur in iúl gur ábhar imní di go raibh easpa cothromaíocht inscne ann i ndáil leis an mbainistíocht shinsearach in 2020, agus gur chosúil, dá bhrí sin, nach raibh tionchar dearfach ag na bearta sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar na gníomhaireachtaí obair a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne sa bhainistíocht shinsearach;

44.

ag tabhairt dá haire go leanann cothromaíocht gheografach na foirne i ngníomhaireachtaí an Aontais daonra na mBallstát mar chéatadán de AE-27 beagán níos dlúithe ná cothromaíocht gheografach na foirne sa Choimisiún; ag tabhairt dá haire go bhfuil gannionadaíocht ó thaobh ocht mBallstát, ró-ionadaíocht do 17 mBallstát agus garchothromaíocht do dhá Bhallstát; á chur in iúl gur oth léi an easpa beartas ar fud na ngníomhaireachtaí chun éagsúlacht a fheabhsú i measc a bhfoirne; á iarraidh ar ghníomhaireachtaí, chomh maith leis an Líonra, pleananna a chur chun cinn chun an sprioc sin a bhaint amach;

45.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí an Aontais maidir le hidirphlé sóisialta a áirithiú laistigh dá n-eagraíochtaí féin agus á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a áirithiú chun tacú le gníomhaireachtaí an Aontais idirphlé sóisialta a bhaint amach;

46.

á iarraidh go bhforbrófar beartas ginearálta lena gcuirfear cosc ar chomhairleoirí seachtracha atá níos costasaí a chur in ionad baill foirne bhuana i nGníomhaireachtaí, ar mhaithe le dálaí oibre ar ardchaighdeán a ráthú, agus chun nach gcaillfear eolas agus taithí;

47.

á iarraidh go mbeidh níos mó tacaíochta ann do bhaill foirne a bhogann go dtí an tír ina bhfuil an ghníomhaireacht lonnaithe; á mholadh, sa chomhthéacs sin, go mbeidh duine idirchaidrimh ann a áiritheoidh, i measc nithe eile, an nasc idir an fhoireann agus na húdaráis áitiúla;

48.

á iarraidh ar EUAN rialacha soiléire a leagan síos maidir le cleamhnacht na mball foirne leis an gcóras náisiúnta cúraim sláinte; á mholadh go luafar go sainráite sna rialacha sin méid agus fad chumhdach an árachais sláinte;

49.

ag tabhairt dá haire ón staidéar The Management Board of the Decentralised Agencies [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] (8) go bhfuil príomhról ag boird bhainistíochta na ngníomhaireachtaí maidir le dea-rialachas agus feidhmíocht a bhaint amach, agus go bhfuil freagracht ríthábhachtach orthu ó thaobh stiúrthóirí feidhmiúcháin na ngníomhaireachtaí a cheapadh; ag tabhairt dá haire toradh an staidéir gur léiriú é an éagsúlacht i socruithe rialachais na ngníomhaireachtaí ar a sainorduithe éagsúla; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa staidéar go bhfuil na boird bhainistíochta éifeachtach agus éifeachtúil ar an iomlán i bhfeidhmiú a róil agus nach bhfuil gá le hathruithe bunúsacha; ag tabhairt dá haire go léirítear sa staidéar gur féidir roinnt feabhsuithe a dhéanamh, amhail líon na gcruinnithe a mhéadú, fócas a aistriú ó chúrsaí riaracháin go saincheisteanna de chineál níos straitéisí, ionadaíocht na ngeallsealbhóirí agus nósanna imeachta oibre na gníomhaireachta a threisiú;

50.

ag spreagadh na ngníomhaireachtaí dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach um acmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éifeacht thábhachtach ag láimhdeachas laistigh d’fhoirne ghníomhaireachtaí an Aontais agus á iarraidh go ndéanfar beartais acmhainní daonna agus shóisialta a chur chun feidhme chun í a leigheas;

51.

á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór na mbord bainistíochta i ngníomhaireachta áirithe, a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin;

52.

á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB go léir éagsúlacht a chur chun cinn agus a áirithiú ina mbeartas earcaíochta; ag tathant ar ghníomhaireachtaí CGB go léir beartais agus cleachtais inmheánacha a fhorbairt chun cuimsitheacht agus éagsúlacht a chinntiú, agus chun aon chineál idirdhealaithe a chosc; á iarraidh ar an gCúirt tuairisc chórasach a thabhairt ar na saincheisteanna sin ina tuarascálacha amach anseo; ag tathant ar ghníomhaireachtaí CGB go léir beartas soiléir frithchiaptha a chur chun feidhme chun ciapadh a chosc agus a cháineadh go láidir laistigh dá n-eagraíochtaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éifeacht dhíobhálach ag láimhdeachas ard foirne laistigh de roinnt oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus á iarraidh go ndéanfar acmhainní daonna agus beartais shóisialta a chur chun feidhme chun é a leigheas; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar an spleáchas ar earcaíocht sheachtrach; ag tabhairt dá haire toradh Chás C-948/19 (9) os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

Soláthar

53.

ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt gur cheart go mbeadh cur chun feidhme an bhuiséid ag na gníomhaireachtaí faoi réir rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla agus gur cheart go n-áireofaí leo sin rialuithe láidre ex-ante atá dírithe ar earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula n-údaraítear oibríochtaí; ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt thairis sin, chun an luach ar airgead is fearr is féidir a bhaint amach faoi chreatchonarthaí an Choimisiúin gan phraghasliosta chun ceadúnais bogearraí agus seirbhísí TF a fháil, gur cheart do na gníomhaireachtaí taighde margaidh a dhéanamh go córasach sula sínítear aon fhoirmeacha ordaithe le measúnú mionsonraithe ar an na táirgí agus na seirbhísí is gá, le hanailís ar na réitigh atá ar fáil ar an margadh, agus le meastachán ar phraghasanna na n-ítimí atá i gceist;

54.

ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte gur bhain beagnach gach ceann de na barúlacha ar nósanna imeachta soláthair le híocaíochtaí neamhrialta; ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair poiblí, chun a chinntiú go gcomhlíonfar na rialacha is infheidhme go hiomlán;

55.

á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte gur éirigh leis na gníomhaireachtaí a bhfeidhm soláthair phoiblí a choinneáil ag feidhmiú le linn na paindéime gan an iomarca úsáid a bhaint as dámhachtainí díreacha gan iomaíocht;

56.

á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a bhaineann gníomhaireachtaí an Aontais as uirlisí ríomhsholáthair agus an ról tábhachtach a bhí acu chun leanúnachas gnó a áirithiú don soláthar faoi choinníollacha teilea-oibre; ag tabhairt dá haire gurb iad na modúil r-PRIOR is coitianta a úsáideann gníomhaireachtaí ná ríomhthairiscint, ríomhaighneacht agus ríomhshonrascadh agus gur chuir roinnt gníomhaireachtaí iad sin chun feidhme le linn 2020;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

57.

ag tabhairt dá haire go n-iarrann formhór na ngníomhaireachtaí dearbhuithe leasa ar a gcomhaltaí boird bainistíochta agus ar an mbainistíocht shinsearach agus go bhfoilsíonn siad iad ar a suíomh gréasáin; ag tabhairt dá haire go dtuairiscítear go bhfuil dhá Ghníomhaireacht, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), fós i mbun an dearbhú a iarraidh agus a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus go bhfuil tromlach na ndearbhuithe ar fáil cheana féin ar líne;

58.

ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn formhór na nGníomhaireachtaí curriculum vitae (CV) a gcomhaltaí boird bainistíochta, a bhfoirne bainistíochta, a saineolaithe seachtracha agus a saineolaithe inmheánacha ar a suíomhanna gréasáin; ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna na saineolaithe inmheánacha in easnamh i gcás ECDC, ECHA agus na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA); ag tabhairt dá haire go bhfuil na saineolaithe seachtracha in easnamh i gcás na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA); ag tabhairt dá haire i gcás Frontex, Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), agus an Údarás Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), go bhfuil CVanna a gcuid saineolaithe inmheánacha agus seachtracha araon in easnamh; ag meabhrú do na gníomhaireachtaí go bhfuil sé tábhachtach an trédhearcacht a mhéadú i dtaca le cúlra na gcomhaltaí ar a mbord bainistíochta, a bhfoirne bainistíochta agus a saineolaithe seachtracha agus a saineolaithe inmheánacha;

59.

á iarraidh ar na gníomhaireachtaí go léir rannpháirt a ghlacadh sa chomhaontú idirinstitiúideach a bunaíodh le déanaí maidir le clár trédhearcachta éigeantach le haghaidh ionadaithe sainleasa, atá sínithe ag an gCoimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint;

60.

ag tabhairt dá haire go dtugann an staidéar The Management Board of the Decentralised Agencies [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] chun suntais a thábhachtaí atá sé coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha a bhainistiú agus a ábharthacht do chuntasacht, trédhearcacht agus dea-rialachas na ngníomhaireachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartais níos sofaisticiúla ag roinnt gníomhaireachtaí maidir le coinbhleachtaí leasa lena ndéantar idirdhealú idir cineálacha éagsúla leasa, lena sainaithnítear freagrachtaí maidir le dearbhhuithe leasanna a scagadh agus lena dtugtar treoir maidir le conas obair leantach a dhéanamh nuair a thagann coinbhleacht chun cinn; ag tabhairt dá haire go moltar sa staidéar cód iompair a fhorbairt do bhoird bhainistíochta, ina leagtar amach prionsabail, nósanna imeachta agus sásraí sonracha chun déileáil le coinbhleachtaí leasa na gcomhaltaí; ag tabhairt dá haire freisin gur moladh cód dea-rialachais a fhorbairt mar chreat uileghabhálach do ghníomhaíochtaí na mbord bainistíochta;

61.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh formhór na ngníomhaireachtaí nach ndearna siad cásanna coinbhleachta leasa a imscrúdú agus/nó a thabhairt i gcrích in 2020; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás amháin i gcás Frontex inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon choinbhleacht leasa ann; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an cás sin fós á fhiosrú ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF); ag tabhairt dá haire freisin, i gcás EMA, gur chuir seisear saineolaí in iúl don Ghníomhaireacht go raibh sé beartaithe acu a bheith fostaithe i gcuideachta chógaisíochta; ag tabhairt dá haire, tar éis a mbeartais maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, gur chuir EMA na bearta riachtanacha i bhfeidhm chun an baol a bhaineann le haon chásanna ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn a mhaolú;

62.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh 13 ghníomhaireacht go raibh cásanna leanúnacha OLAF acu; ag tabhairt dá haire freisin gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí go raibh 34 chás ciaptha a bhí fós ar siúl nó dúnta acu in 2020;

63.

á iarraidh ar ghníomhaireachtaí uile CGB bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha agus caighdeáin cosanta sonraí; á iarraidh orthu rialacháin airgeadais agus caighdeáin arda bainistíochta a chomhlíonadh; á mheas go n-áiritheofaí le nochtadh cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí idir gníomhaireachtaí CGB agus tríú páirtithe trédhearcacht fheabhsaithe ag gníomhaireachtaí CGB, ar choinníoll go ndéanfaí é sin ar bhealach nach gcuirfeadh oibríochtaí i mbaol; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí CGB a gcuid iarrachtaí chuige sin a mhéadú;

Rialú inmheánach

64.

ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt míreanna “ábhar eile” do ACER agus ENISA agus aird á tarraingt aici ar an bhfíoras nár ghlac siad rialacha inmheánacha chun aghaidh a thabhairt ar leanúnachas na dtoscaireachtaí i gcásanna ina bhfágann oifigigh údarúcháin tharmligthe nó arna dtarmligean, a bpost; ag iarraidh ar gach gníomhaireacht aird a thabhairt ar an tsaincheist áirithe seo i gcoitinne, agus ar bhonn níos sonraí nuair a bheidh stiúrthóir (feidhmiúcháin) nua i gceannas ar an ngníomhaireacht; á athdhearbhú gur mhol an Chúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí rialacha inmheánacha a ghlacadh a chuideoidh go fónta leis na córais rialaithe bainistíochta, le trédhearcacht agus le cuntasacht; á chur i bhfios sampla EMA arna sholáthar ag an gCúirt mar thagairt do na rialacha inmheánacha sin;

65.

ag tabhairt dá haire an moladh ón gCúirt gur cheart go mbeadh cur chun feidhme an bhuiséid ag na gníomhaireachtaí faoi réir rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla lena n-áirítear rialuithe ex-ante atá dírithe ar earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula n-údaraítear oibríochtaí;

66.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí go léir ag deireadh 2020 go raibh an creat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe, bunaithe ar COSO, curtha i bhfeidhm acu agus go raibh measúnú bliantúil déanta acu, agus gur thuairiscigh roinnt de na gníomhaireachtaí go ndearnadh an measúnú ar ICF faoi chuimsiú an chleachtaidh bhliantúil bainistithe riosca; ag aithint go bhfuil cosúlachtaí idir an measúnú riosca bliantúil agus an measúnú ar ICF; á iarraidh, áfach, ar na gníomhaireachtaí measúnú ar leith a dhéanamh go bliantúil ar ICF, measúnú a dhéanamh ar chomhtháthú an bhainistithe riosca sna próisis rialaithe inmheánaigh mar chuid de sin, agus tuairisc a thabhairt ar na torthaí sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí go léir torthaí an mheasúnaithe ar leibhéal na gcomhpháirteanna a sholáthar ar a laghad, ag spreagadh na gníomhaireachtaí, áfach, chun tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal níos mionsonraithe amhail de réir phrionsabal an rialaithe inmheánaigh;

67.

ag thabhairt dá haire, in 2020, de réir thuarascáil na Cúirte maidir le bearta leantacha ar bharúlacha na bliana roimhe sin, gur dúnadh 71 bharúil, go raibh 86 bharúil fós á gcur i bhfeidhm nó gan réiteach, agus gur measadh nach raibh ceithre bharúil atá fós gan réiteach faoi rialú (amháin) na ngníomhaireachtaí, rud a chiallaíonn gur gá do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, don Choimisiún nó do na Ballstáit cinntí móra a bhaineann leis na ceithre bharúil sin a ghlacadh; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí na barúlacha a chur chun feidhme go dícheallach agus a gcreataí rialaithe inmheánacha a fheabhsú tuilleadh;

Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó

68.

á chur in iúl gur geal léi agus ag tabhairt chun cuimhne tuairim na Cúirte go ndeachaigh na gníomhaireachtaí in oiriúint go maith don staid sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, a tharla de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt é sin ar bhonn athbhreithniú comhlántach sonrach ar an gcaoi a ndearna gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfreagairt ar ghéarchéim COVID-19 a bhainistiú agus a eagrú; á chur in iúl gur geal léi an anailís chomhlántach sin a rinne an Chúirt agus ag iarraidh ar an gCúirt leanúint den chleachtas sin aon uair a bhíonn imeachtaí ann a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar obair ghníomhaireachtaí an Aontais;

69.

ag tabhairt dá haire gur dhírigh athbhreithniú na Cúirte ar thrí phríomhréimse, eadhon cur chun feidhme bearta leanúnachais gnó, cumas cinnteoireachta, oibríochtaí laethúla agus nósanna imeachta earcaíochta, agus bearta arna nglacadh ag na gníomhaireachtaí chun tacú le folláine agus athléimneacht na foirne;

70.

á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte gur chuir na gníomhaireachtaí pleananna leanúnachais gnó i ngníomh in am trátha chun a chinntiú go leanfar de phríomhphróisis rialachais agus folláine na foirne; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach raibh plean formheasta leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste i bhfeidhm ag ceithre ghníomhaireacht ag tús na paindéime, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis anois), agus nár chuir trí ghníomhaireacht, EFCA, an Ghníomhaireacht um thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) agus an tIonad Aistriúcháin, a gcuid pleananna i ngníomh toisc nár ghá é a dhéanamh dá mbearta freagartha tosaigh; ag tabhairt dá haire go ndearna na gníomhaireachtaí gníomhaíochtaí freagartha a fheidhmiú amhail ainmniú foirne sonracha a raibh sé de chúram orthu a bheith i gceannas ar eagrú agus bainistiú fhreagairt COVID-19 trí chruinnithe a reáchtáladh go laethúil ar dtús, agus níos déanaí dhá nó trí huaire sa tseachtain nó de réir mar ba ghá;

71.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuil gníomhaireachtaí áirithe, amhail Cedefop, mar chuid den fhoireann bainistithe géarchéime; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na foirne i mbainistiú géarchéime; á mholadh, dá bhrí sin, tús a chur le sampla an ETF mar dhea-chleachtas agus lena dtugtar an deis d’fhostaithe saincheisteanna a tharraingt anuas agus a bheith i dteagmháil leis an mbainistíocht, go háirithe le linn tréimhsí teilea-oibre a bhaineann le COVID-19;

72.

ag tabhairt dá haire gur aistrigh na gníomhaireachtaí go léir chuig socruithe breise teilea-oibre, agus gur tugadh treoir do gach ball foirne, nach raibh a láithreacht san oifig fíor-riachtanach, oibriú ón mbaile faoin 16 Márta 2020; ag tabhairt dá haire go raibh ar fhormhór na ngníomhaireachtaí, cé go raibh roinnt deiseanna cianoibre i bhfeidhm acu cheana féin, córais TFC a bhí ann cheana a mhéadú níos mó, agus léirigh anailís na Cúirte nár thuairiscigh aon cheann de na gníomhaireachtaí fadhbanna tromchúiseacha maidir le hacmhainneacht (bandaleithead), nascacht ná slándáil sonraí; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna sé ghníomhaireacht (ACER, BEREC, ECDC, ECHA, EFSA, agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)) tástálacha struis ar a gcórais TFC sular seoladh iad, rud a thug dearbhú breise maidir le feidhmiú na gcóras TFC sular aistríodh chuig teilea-oibriú chuimsitheach;

73.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gurbh é an príomhchuspóir a bhí ag na gníomhaireachtaí leis an gcinneadh aistriú chuig teilea-oibriú cuimsitheach ná an fhoireann a chosaint; á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte go raibh an tosaíocht a tugadh d’fholláine na foirne le feiceáil in go leor doiciméad inmheánach a ndeachthas i gcomhairle leo, a deimhníodh sna hagallaimh le bainistíocht na ngníomhaireachtaí, agus i ról tábhachtach grúpa comhairleach Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais maidir le bealaí nua oibre; ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte gur dhéileáil formhór na mball foirne gníomhaireachta go maith go ginearálta leis an staid dheacair a d’eascair as an bpaindéim; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léirigh staitisticí bainistíochta ama a chuir na gníomhaireachtaí ar fáil gur oibrigh an fhoireann níos mó uaireanta ná mar a d’oibrigh siad roimhe seo chun dul i ngleic leis na cúraimí nua a rabhthas ag súil leo uathu; agus á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac na gníomhaireachtaí chun tacú leis an bhfoireann le linn na tréimhse sin;

74.

ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte gur lean príomhfheidhmeanna corparáideacha de bheith ag feidhmiú le linn na paindéime le cruinnithe boird bainistíochta na ngníomhaireachtaí uile, tar éis cruinnithe boird fisiciúla a chur ar ceal, ar cuireadh nósanna imeachta i scríbhinn ina n-ionad nó gur aistríodh iad go formáid fhíorúil; ag tabhairt dá haire gur leanadh le próisis cinnteoireachta, amhail pléití agus vótaí, ag cinntiú, i measc rudaí eile, go raibh buiséid, leasuithe, agus fiú ceapacháin fós á nglacadh agus á gcur i gcrích;

75.

ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte, cé go bhfuil sé deacair éifeacht na paindéime a leithlisiú go hiomlán, go bhfuil tionchar éagsúil ag an bpaindéim ar phríomhréimsí gnó na ngníomhaireachtaí ar fad; ag tabhairt dá haire ráiteas ginearálta na Cúirte go bhfuil dlús curtha ag an bpaindéim leis an aistriú go dtí modhanna oibre as a n-eascraíonn coigilteas buiséid i roinnt réimsí, ós rud é nár baineadh úsáid iomlán as buiséid na ngníomhaireachtaí uile do mhisin agus costais a bhaineann le taisteal, agus go bhfuil laghdú gar do 90 % ag roinnt gníomhaireachtaí dá bharr, coigilteas ó mhoilleanna nó cealuithe maidir le nósanna imeachta earcaíochta, scrúduithe leighis réamhearcaithe, cruinnithe ar an láthair, agus cúrsaí oiliúna á reáchtáil ar líne, agus riachtanas laghdaithe do cheaintín, glanadh, fóntais ar an láthair amhail uisce agus leictreachas, agus seirbhísí slándála;

76.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá prótacail sláinte do na gníomhaireachtaí uile, lena n-áirítear coistí inmheánacha sláinte agus sábháilteachta, prótacail chuí aerála agus slándála paindéime, a bheidh le plé agus le cur chun feidhme i dteannta a chéile leis an bhfoireann.

Tuairimí eile

77.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá déanta ag na gníomhaireachtaí chun torthaí a gcuid oibre a nochtadh agus a fhoilsiú trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear a suíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí leanúint den chleachtas sin agus leanúint de bheith i dteagmháil leis an bpobal chun torthaí a gcuid oibre a scaipeadh;

78.

á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí measúnú tionchair le haghaidh gach gníomhaireacht agus gur cheart clásal athbhreithniúcháin maidir le leas na gníomhaireachta a chur go córasach leis; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint de tháscairí a fhorbairt agus a athbhreithniú chun a bhfeidhmíocht a thomhas ar bhonn bliantúil chomh maith leis an tionchar atá acu ar chur chun feidhme bheartais an Aontais; á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí acmhainní airgeadais a leithdháileadh ar bhonn níos solúbtha bunaithe ar ghá nó ar phráinn;

79.

á chur in iúl gur geal léi formhuiniú EUAN i dtaca lena dara straitéis ilbhliantúil (2021-2027) in 2020;

80.

á mheabhrú go ndearnadh an t-iniúchadh a rinne an Chúirt ar chuntais ghníomhaireachtaí an Aontais a sheachtrú, ón mbliain airgeadais 2014 ar aghaidh, chuig gnólachtaí iniúchóireachta san earnáil phríobháideach, agus na costais ghaolmhara á nglacadh ag na gníomhaireachtaí, cé go raibh gach gné de na hiniúchtaí seachtracha seachfhoinsithe fós faoi fhreagracht iomlán na Cúirte; á athdhearbhú gur tháinig méadú suntasach ar ualach riaracháin na ngníomhaireachtaí mar thoradh ar iniúchóirí ón earnáil phríobháideach a bheith páirteach ann, ó thaobh an am a caitheadh ar iniúchóireacht agus soláthar agus riaradh conarthaí iniúchóireachta araon, chomh maith le caiteachas breise;

81.

á mheabhrú gur measadh gurbh ionann na costais ghaolmhara agus EUR 447 000 in 2014, agus EUR 424 000 in 2015 agus gur measadh gurbh é 1,5 FTE an t-ualach riaracháin gaolmhar le haghaidh na gníomhaireachtaí go léir le chéile; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí do 2020 gur chaith siad thart ar EUR 566 000 ar chostais ghaolmhara chun cuntais a iniúchadh (méadú 33,4 % i gcomparáid le 2015) agus gur thuairiscigh siad líon inchomparáide uaireanta a caitheadh chun déileáil leis an ualach breise riaracháin;

82.

ag tabhairt dá haire gur reáchtáil an Chúirt nósanna imeachta uathoibrithe ar bhonn píolótach i réimse an iniúchta ar íocaíochtaí, tuarastail, soláthair, buiséad, earcaíocht agus cuntais bhliantúla na sé ghníomhaireacht feidhmiúcháin de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire gur chuir an Chúirt cúig nós imeachta uathoibrithe nua chun feidhme i réimse an iniúchta ar na cuntais, go háirithe seiceálacha uathoibrithe agus réiteach na faisnéise sna ráitis airgeadais a glacadh a bhfuil na bunsonraí sa mhórleabhar ginearálta agus sa chomhordú trialach; ag tabhairt dá haire ráiteas na Cúirte gur cúram iniúchóireachta ísealriosca é sin de ghnáth nach mór a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na tástálacha ina dhiaidh sin trí úsáid a bhaint as an daonra ceart iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire go mbeidh deiseanna suntasacha ann chun am a shábháil nuair a dhéanfar níos mó nósanna imeachta a uathoibriú agus a úsáid le haghaidh tuilleadh cúraimí iniúchóireachta; á iarraidh ar an gCúirt na cleachtais sin a leathnú chuig na gníomhaireachtaí go léir, ós rud é go ndéantar iniúchadh ar chuntais na ngníomhaireachtaí díláraithe a sheachtrú go gnólachtaí iniúchóireachta san earnáil phríobháideach agus, dá bhrí sin, go mbeidh coigiltí suntasacha costais ann mar thoradh ar an am a shábhálfar;

83.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh 30 gníomhaireacht go raibh siad rannpháirteach i dTionscnamh Glasaithe EUAN atá dírithe ar lorg oibríochtaí na ngníomhaireachtaí ar an gcomhshaol a laghdú; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh gníomhaireachtaí go raibh conarthaí idirbheartaithe acu den chuid is mó le soláthróirí fuinnimh chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a sholáthar, sreafaí oibre airgeadais gan pháipéar a thabhairt isteach, úsáid iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn i measc foirne, ríomhthairiscint, ríomhaighneacht, ríomhshonrascadh a chur chun feidhme, bainistiú dramhaíola agus nuachóiriú an trealaimh TF a fheabhsú go leanúnach; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí leanúint dá n-iarrachtaí agus úsáid ghníomhach a bhaint as Líonra Ghníomhaireachtaí an Aontais chun taithí a roinnt agus dul i gcomhar le chéile chun na torthaí a mhéadú;

84.

á iarraidh ar ghníomhaireachtaí uile CGB an inbhuanaitheacht a chur san áireamh ina bpróisis ghnó fhoriomlána chun feidhmíocht chomhshaoil na ngníomhaireachtaí a fheabhsú agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le bearta atá curtha chun feidhme agus dul chun cinn;

85.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh gach gníomhaireacht seachas gníomhaireacht amháin in 2020, maidir le hinbhuanaitheacht, go n-oibreodh siad ar inbhuanaitheacht na heagraíochta a mhéadú agus go ndéanfaidís tuairisciú ar na torthaí; ag tabhairt dá haire gur minic a dhéantar tuairisciú ar inbhuanaitheacht, nuair a dhéanann na gníomhaireachtaí é, faoi chuimsiú na Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí agus go léiríonn sé ghníomhaireacht go bhfuil tuarascáil ar leith acu maidir leis an ábhar sin, faoina Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh ceithre ghníomhaireacht go bhfuil Soláthar Poiblí Glas glactha agus curtha i bhfeidhm acu a sholáthraíonn critéir dóibh lena n-éascaítear critéir ghlasa a chur san áireamh i ndoiciméid tairisceana poiblí;

86.

ag tabhairt dá haire ón staidéar maidir le “Suímh Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE” (10) go bhfuil an rogha suímh atá ann faoi láthair do Ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais bunaithe go príomha ar riachtanais pholaitiúla agus ar chritéir réamhshainithe; ag tabhairt dá haire an bharúil ón tuarascáil gur cheart go mbeadh an cinneadh maidir le suíomh gníomhaireachta a roghnú mar chuid den ghnáthnós imeachta reachtach agus go n-áireofaí ann an tionchar airgeadais a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais faoi dheireadh; ag tabhairt dá haire freisin go léirítear sna torthaí ar an tuarascáil sin go bhfuil ceann de na hiarmhairtí is láidre ag an suíomh ar fhoireann speisialaithe a earcú; ag tabhairt dá haire go moltar sa staidéar modh a áireamh sa togra le haghaidh rialáil bhunaidh gníomhaireachta chun comhéifeacht cheartúcháin a mheas atá níos gaire don fhíorchostas maireachtála i suíomh na gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil go bhféadfadh comhar níos fearr i measc gníomhaireachtaí tionchair dhiúltacha an díláraithe a laghdú agus go moltar gur cheart ról Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais a chur ar bhonn foirmiúil agus a leathnú tuilleadh chun ionadaíocht níos fearr a chur ar fáil sa Bhruiséil agus chun seirbhísí cothrománacha a chur ar fáil amhail cruinnithe, oiliúint nó soláthar comhleasa a eagrú; á chur in iúl gur geal léi gur chinntigh na gníomhaireachtaí uile a leanúnachas gnó mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí aistriú chuig timpeallacht hibrideach; ag tabhairt dá haire go dtugtar le fios sa staidéar gur cheart do bhuiséid na ngníomhaireachtaí do na blianta atá le teacht leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na cumarsáide TF chun cruinnithe ar líne agus teilea-obair a éascú;

87.

á iarraidh ar na gníomhaíochtaí leanúint dá sineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil);

88.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na ngníomhaireachtaí a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá do na gníomhaireachtaí leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

89.

á chur in iúl gur geal léi an comhar laistigh de Líonra Gníomhaireachtaí CGB; á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB leanúint de shineirgí a fhorbairt, comhar a mhéadú agus dea-chleachtais a mhalartú eatarthu d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

90.

ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig na gníomhaireachtaí atá faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh seo, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh chun é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 


(1)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020.

(2)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(3)   IO L 328, 7.12.2013, lch. 42.

(4)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.

(5)  Staidéar ar Cost of Non-EU Agencies Focusing on the Health and Safety Cluster of the EU Decentralised Agencies [Costas Gníomhaireachtaí Neamh-AE a Dhíríonn ar Chnuasach Sláinte agus Sábháilteachta Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE], PE 699.399, Deireadh Fómhair 2021.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt an 11 Samhain 2021, UAB „Manpower Lit“ v E.S. agus Eile, C-948/19, ECLI:EU:C:2021:906.

(7)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

(8)  Staidéar ar The Management Boards of the Decentralised Agencies, [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] PE 699.400, Deireadh Fómhair 2021.

(9)  Breithiúnas ón gCúirt (Dara Dlísheomra) an 11 Samhain 2021 i gCás C-948/19, UAB „Manpower Lit“ v E.S. agus Eile, ECLI:EU:C:2021:906.

(10)  Staidéar ar Locations of the EU Decentralised Agencies [Suíomhanna Ghníomhaireachtaí Díláraithe an AE], PE 700.320, Samhain 2021.