|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/85 |
RÚN (AE) 2022/1700 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0066/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár shainaithin an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) aon laigí suntasacha i dtaca le hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“CBAE”); |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a hoibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin CBAE, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheisteanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
4. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise, agus go léiríonn an Chúirt go bhfuil riosca íseal ag baint le caiteachas den sórt sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur buiséad riaracháin é buiséad CBAE den chuid is mó, agus go n-úsáidtear cuid mhór de sin le haghaidh caiteachas a bhaineann le hacmhainní daonna, foirgnimh agus troscán, trealamh agus costais reatha ilghnéitheacha; ag tabhairt dá haire gurbh ionann é agus EUR 436,6 milliún in 2020 (i gcomparáid le EUR 429,5 milliún in 2019 agus EUR 410 milliún in 2018); |
|
6. |
ag tabhairt dá haire le teann sásaimh an ráta ard cur chun feidhme bhuiséadaigh (99 %) don bhliain airgeadais 2020 (atá beagán níos airde ná an ráta 98,7 % a baineadh amach in 2019); |
|
7. |
ag tabhairt faoi deara gur tiomnaíodh beagnach 75 % de na leithreasuithe a d’úsáid CBAE in 2020 do chaiteachas na gcomhaltaí agus na mball foirne (caiteachas faoi Theideal 1), agus gur bhain an t-iarmhéid ar fad nach mór le caiteachas ar bhonneagar (Teideal 2), go háirithe i réimse na bhfoirgneamh agus i réimse na teicneolaíochta faisnéise (breis agus 25 %); |
|
8. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an cur chuige an-réamhghníomhach atá ann maidir leis na leithreasuithe atá ar fáil a bhainistiú agus maidir leis an bhfaireachán leanúnach chun riachtanais bhreise agus coigiltis bhreise a shainaithint, a raibh aistrithe tráthúla mar thoradh air sin chun déileáil le caiteachas breise a d’eascair as paindéim COVID-19, agus mar chuid d’aistriú fuílleach ag deireadh na bliana, réamhíocaíocht faoi chonradh “ceannach ar léas” a bhain le foirgnimh a mhaoiniú; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an meán-am íocaíochta in 2020 i gcomparáid le 2019 (25,53 lá i gcomparáid le 32,45 lá) agus méadú suntasach ar chéatadán na sonrasc a fuarthas go leictreonach in 2020 (74 % i gcomparáid le 60 % in 2019); |
|
10. |
ag aithint go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar bhuiséad CBAE in 2020; ag tabhairt faoi deara gur tabhaíodh costais bhreise chun trealamh TF a cheannach, i ngeall ar theilea-obair ghinearálaithe na foirne, chomh maith le trealamh cosanta pearsanta (TCP) agus díghalrán; ag tabhairt faoi deara go raibh coigiltis ann dá bharr sin ar roinnt línte buiséid, go háirithe na línte buiséid a bhain le haistriúchán, saorateangaireacht, oiliúint ghairmiúil, misin, foirgnimh (glanadh, slándáil agus faireachas), troscán, gníomhaíochtaí a bhain le prótacal, cruinnithe agus comhdhálacha; ag tabhairt dá haire, go háirithe, nárbh fhéidir líon suntasach gníomhaíochtaí oiliúna, ar buiséadaíodh EUR 170 000 ina leith, a reáchtáil; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE 14 aistriú buiséid de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arbh ionann iad agus EUR 20,4 milliún san iomlán, nó 4,7 % de na leithreasuithe deiridh; ag tabhairt faoi deara gur cumhdaíodh leis an aistriú ba mhó réamhíocaíocht faoi chonradh “ceannach ar léas” a bhain le foirgnimh, agus é mar aidhm leis an t-ualach airgeadais maidir le muirir a bheidh ann amach anseo agus a bhaineann leis an 5ú síneadh le foirgnimh CBAE a laghdú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh aistrithe eile chun TCP a cheannach do chomhaltaí agus d’fhoireann CBAE, d’ionadaithe páirtithe agus do chuairteoirí; |
|
12. |
á chur in iúl gurb eol di gur úsáideadh cuid mhór de na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2019 go 2020 (84,78 % nó EUR 20 816 958,83, i gcomparáid le 87,21 % in 2019); |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go raibh an cóimheas inscne foriomlán, arbh ionann mná agus 61 % agus arbh ionann fir agus 39 %, gan athrú i gcomparáid le 2019; ag tabhairt faoi deara go bhfuil líon na mban atá fostaithe níos airde ná líon na bhfear atá fostaithe i mbeagnach gach catagóir foirne (oifigigh, gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb ionann cóimheas inscne na mball foirne AD agus 54 % mná agus 46 % fir, agus gur mná atá in 40 % de poist ardbhainistíochta agus gur fir atá in 60 % de na poist sin; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar chéatadán na mban sa mheánbhainistíocht ó 39 % in 2019 go 41 % in 2020; ag tréaslú le CBAE as na gníomhaíochtaí a rinne sé agus é mar aidhm aige comhionannas inscne a bhaint amach, amhail meantóireacht agus bainistiú tallainne, chun mná a spreagadh chun cur isteach ar phoist ardbhainistíochta agus mheánbhainistíochta; |
|
14. |
ag aithint gurbh ionann an caiteachas breise a bhain le paindéim COVID-19 don bhliain airgeadais 2020 agus EUR 3 mhilliún agus gurbh ionann coigilteas agus EUR 8,5 milliún, rud a chiallaíonn gur féidir glanmhéid an choigiltis a mheas ag EUR 5,5 milliún; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire nár bhain CBAE úsáid as an nós imeachta idirbheartaithe gan fógra a fhoilsiú roimh ré ach in aon chás amháin, chun seirbhísí ailtireachta a fháil do thionscadal tógála CJ10bis (arb ionann an conradh agus EUR 231 500); ag tabhairt dá haire gur fhíoraigh an Chúirt, gan trácht a dhéanamh, na nósanna imeachta um sholáthar poiblí arna n-eagrú ag CBAE chun TCP a fháil agus nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhain le CBAE maidir le rialtacht na n-idirbheart is bun leo; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta a cheanglaítear le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); ag aithint gur ghá an tuarascáil a dhréachtú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, rud a chuir bac ar chomhairliúchán agus ar chomhordú le líon mór rannpháirtithe; á chur i bhfáth, de réir na tuarascála sin, go raibh gá le hathchóiriú a dhéanamh ar ollstruchtúr breithiúnach an Aontais chun líon na gcásanna atá ar feitheamh agus fad iomarcach na n-imeachtaí araon a laghdú; ag tabhairt dá haire, agus breithiúna nua agus a mbaill foirne á n-ionchorprú, gur ghá roinnt athruithe struchtúracha, eagraíochtúla agus nós imeachta a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur cuireadh chun suntais san anailís atá sa tuarascáil treochtaí dearfacha áirithe, amhail (i) laghdú suntasach ar fhad na n-imeachtaí, (ii) imscrúdú níos déine ar chásanna agus (iii) cásanna a tharchur níos minice chuig foirmíochtaí seomraí leathnaithe; á chur in iúl gurb eol di nach bhféadfar teacht ar chonclúidí cinntitheacha go fóill maidir leis an athchóiriú ar an gCúirt Ghinearálta ós rud é gur beag am atá caite ón gcéim dheireanach agus nach féidir 2020 a mheas mar bhliain ionadaíoch; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire le teann sásaimh gur éirigh le CBAE leibhéal ard táirgiúlachta a choinneáil in ainneoin phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú beag ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair CBAE (1 045 chás an 31 Nollaig 2020 i gcomparáid le 1 102 chás an 31 Nollaig 2019, arb ionann sin agus laghdú 57 gcás); ag aithint gur eascair an laghdú sin as an moilliú ar ghníomhaíocht na gcúirteanna agus na mbinsí náisiúnta ag tús phaindéim COVID-19 agus, rud a d’imir tionchar, ar ndóigh, ar líon na dtarchur nua chun réamhrialaithe (556 in 2020 i gcomparáid le 641 in 2019), in éineacht leis an laghdú ar líon na n-achomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta (131 achomharc in 2020 i gcomparáid le 266 achomharc in 2019); |
|
18. |
ag tabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta (1 497 gcás a bhí ar feitheamh an 31 Nollaig 2020 i gcomparáid le 1 398 gcás an 31 Nollaig 2019); á chur in iúl go dtuigeann sí gur féidir an méadú sin a mhíniú toisc go bhfuil sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta aon iarraidh réasúnaithe ar éisteacht a dheonú maille leis an riaráiste cásanna mar thoradh ar an tréimhse ama inar dhodhéanta éisteachtaí a reáchtáil; á chur in iúl gur geal léi gur bhain an Chúirt Ghinearálta úsáid as an laghdú 14,4 % ar líon na gcásanna a cuireadh i gcrích in 2020 (748 gcás i gcomparáid le 874 chás in 2019) chun breith suas le héisteachtaí a cuireadh siar, a bhuíochas don chóras éisteachta cianda nua a chuir CBAE ar bun; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 15,4 mí meánfhad na n-imeachtaí, sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta araon, in 2020; ag tabhairt dá haire go raibh meánfhad na n-imeachtaí sa Chúirt Bhreithiúnais beagán níos faide in 2020 ná mar a bhí in 2019 (14,4 mí a bhí ann), ach sa Chúirt Ghinearálta laghdaíodh fad na n-imeachtaí (15,4 mí in 2020 i gcomparáid le 16,9 mí in 2019 agus 20 mí in 2018), a bhuí leis an athchóiriú dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 agus na bearta tionlacain, agus in ainneoin chomhthéacs dúshlánach phaindéim COVID-19; |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
20. |
ag tabhairt dá haire an ráta an-ard fostaíochta a bhain leis na poist sa phlean bunaíochta, tuairim agus 97 % a bhí ann in 2020; á chur in iúl go dtuigeann sí gur cuireadh beartas gníomhach earcaíochta chun feidhme trí oirchill agus tuar folúntas agus trí liostaí seachtracha agus inmheánacha iarrthóirí atá ar fáil a úsáid agus, in 2020, mar fhreagairt ar na dúshláin a d’eascair as paindéim COVID-19, trí nósanna imeachta fíorúla roghnúcháin agus trí shreabhadh oibre digiteach feabhsaithe maidir le tograí earcaíochta a fhormheas agus maidir le síneadh a chur le conarthaí ball den fhoireann shealadach agus chonarthach; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go raibh 2 239 mball foirne ann ag deireadh 2020 (60 % ina n-oifigigh, 32 % ina ngníomhairí sealadacha agus 8 % ina ngníomhairí ar conradh), i gcomparáid le 2 256 bhall foirne ag deireadh 2019 (62 % ina n-oifigigh, 30 % ina ngníomhairí sealadacha agus 8 % ina ngníomhairí ar conradh); |
|
22. |
ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an easpa cothromaíocht inscne i gcoláiste na mbreithiúna agus thiomantas Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach; á chur in iúl gurb eol di gurb iad rialtais na mBallstát a cheapann comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta de thoil a chéile agus nach bhfuil aon cheart ag CBAE a bheith rannpháirteach maidir le breithiúna nó abhcóidí ginearálta a roghnú, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil aon ról ag an gComhairle ná ag an bParlaimint ina leith sin; á chur in iúl gur cúis díomá di, áfach, gur beag an tionchar a bhí ag an athchóiriú struchtúrach a tugadh chun críche in 2019 ar an tsaincheist sin; á iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Ginearálta aird rialtais na mBallstát a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú sna ceapacháin nuair a dhéanfar an Chúirt Ghinearálta a athnuachan go páirteach; |
|
23. |
ag leagan béim ar na deacrachtaí atá ag institiúidí an Aontais i Lucsamburg an fhoireann is gá a earcú; á chur i bhfios go bhfuil innéacsú na dtuarastal i Lucsamburg ar cheann de na príomhthosca; á mholadh do na hinstitiúidí lena mbaineann cur chuige comhordaithe agus aonair a bheith acu i leith an Choimisiúin i dtaca leis an tsaincheist sin; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna socruithe solúbtha oibre atá ar fáil ag CBAE obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, fleisc-am agus teilea-obair; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagothroime fós ann ó úsáideoirí na socruithe oibre sin go chéile i bhfabhar baill foirne ar mná iad; á mholadh go rachadh CBAE i mbun cumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin, agus céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirtear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe lena mbaineann mar gheall ar úsáid a bheith á baint acu as na socruithe solúbtha oibre atá ar fáil; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta breise a glacadh in 2020 chun feabhas a chur ar dhea-bhail na foirne le linn phaindéim COVID-19, lena n-áirítear líon na n-uaireanta is incheadaithe chun dul i gcomhairle le síceolaithe a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bainisteoirí a threorú agus go mbeidís rannpháirteach i ndea-bhail na mball foirne a chosaint mar aon lena gceart chun dícheangail a chosaint chun cothromaíocht oibre is saoil a chaomhnú tráth a bhfuil socruithe maidir le cianobair á gcomhtháthú i gcultúr CBAE; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire go raibh 27 gcás fhéideartha tnáite ann in 2020, a bhféadfadh sé go bhfuil ar áireamh orthu cásanna nach raibh nasc díreach nó indíreach acu leis an ualach oibre ná le dálaí oibre; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht arna tairiscint ag seirbhís leighis CBAE do na baill foirne lena mbaineann, agus gur fostaíodh siceolaí in 2019 chun cabhrú go gníomhach le baill foirne a bhfuil deacrachtaí acu; á chur in iúl gur mór aici go raibh sraith cúrsaí oiliúna do na bainisteoirí go léir bunaithe ar choincheap bainistíochta daoine, lena n-áirítear modúil a bhí dírithe ar fhéineolas agus ar bhainistíocht mothúcháin arna gceapadh chun an mheabhairshláinte san ionad oibre a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi na cúrsaí oiliúna a soláthraíodh i réimsí na bainistíochta coinbhleachta agus chosc an tnáite, a tairgeadh l i bhformáid fhíorúil don fhoireann ar fad; á chur in iúl, mar sin féin, is ábhar imní i gcónaí di líon ard na gcásanna tnáite in CBAE le blianta beaga anuas; á iarraidh ar CBAE leanúint d’fhaireachán cúramach a dhéanamh ar thionchar an ualaigh shíormhéadaithigh oibre ar dhea-bhail na foirne, lena n-áirítear úsáid a bhaint as suirbhéanna ar shástacht na foirne, chun a thuiscint cad as a bhféadfadh na fadhbanna teacht agus chun féachaint ar réitigh fhéideartha; |
|
27. |
ag moladh CBAE as an aird a tugadh ar na baill sin den fhoireann a bhíonn ag teilea-obair, lena n-áirítear, i dteannta sholáthar uirlisí TF, soláthar cathaoireacha oifige eirgeanamaíocha, agus é ar intinn aige trealamh breise a sholáthar le linn 2021; ag tabhairt faoi deara go bhfuil an rún sin mar chuid de na bearta arb é is aidhm dóibh comhtháthú fadtéarmach na teilea-oibre i socruithe oibre CBAE a neartú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an trealamh ar fad a chuirtear ar fáil do bhaill foirne le haghaidh teilea-oibre fós faoi úinéireacht CBAE agus go dtabharfar ar ais é arna iarraidh sin don riarachán nó, in aon chás, ar fhoirceannadh seirbhíse; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil foireann ó na Ballstáit uile fostaithe ag CBAE, agus nach bhfuil ach dhá náisiúntacht ar iarraidh sa mheánbhainistíocht agus sa bhainistíocht shinsearach; á iarraidh ar CBAE faisnéis ábhartha a fháil ó mhalartuithe idirinstitiúideacha agus gach modh atá ar fáil a úsáid agus aon bhacainní a bhaint chun iarratais ó iarrthóirí a bhfuil a náisiúntacht tearcionadaithe a spreagadh ionas gur féidir dáileadh geografach inghlactha a bhaint amach; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh fiosrúchán riaracháin mar fhreagairt ar ghearán amháin a taisceadh in 2020 inar líomhnaíodh ciapadh morálta agus gnéasach; á chur in iúl gurb eol di gur chinn an t-údarás ceapacháin ag deireadh an fhiosrúcháin riaracháin agus ar bhonn a chonclúidí nach ndearnadh aon chiapadh morálta ná gnéasach; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi go n-eagraítear gníomhaíochtaí múscailte feasachta foirne, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus cainteanna ag am lóin, maidir le gnéithe a bhaineann le comhionannas deiseanna, le héagsúlacht agus le cuimsiú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go bhfuil na hionadaithe comhionannais deiseanna agus éagsúlachta atá ag CBAE rannpháirteach i ngrúpaí idirinstitiúideacha agus i meitheal EPSO maidir leis an éagsúlacht i nósanna imeachta earcaíochta, d’fhonn dea-chleachtais a chomhroinnt agus cur chuige comhchoiteann comhchuibhithe a chur chun feidhme arb é is aidhm dó cuimsiú laistigh d’institiúidí an Aontais a neartú; ag tabhairt dá haire gur ghlac aonad oiliúna agus forbartha CBAE an fhreagracht chuige féin as obair chill an chomhionannais deiseanna agus na héagsúlachta a stiúradh ó mhí na Bealtaine 2021; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di gurb amhlaidh, as measc an 223 oiliúnaí a bhí rannpháirteach in 2020, a tháinig méadú go 72 % ar chéatadán na n-oiliúnaithe a fuair íocaíocht, i gcomparáid le 48,5 % in 2019; á chur in iúl gurb eol di gurb é 2020 an dara bliain de chur chun feidhme na scéime oiliúna íoctha in oifigí príobháideacha na gcomhaltaí; á aithint go ndearnadh dul chun cinn agus á iarraidh ar CBAE a áirithiú go bhfaigheann a chuid oiliúnaithe go léir luach saothair fónta ar aon dul le luach saothair institiúidí eile an Aontais, cé is moite d’oiliúnaithe a fhaigheann íocaíochtaí ó fhoinsí eile; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, tar éis tuarascála in 2019, gur ordaíodh fiosrúchán inmheánach faoi scáth rialacha inmheánacha CBAE maidir le sceithireacht lenar cinneadh nárbh fhéidir, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil, a mheas go raibh bunús leis na cúisimh; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil imeachtaí náisiúnta ar siúl i ndáil leis na fíorais a líomhnaítear; á iarraidh ar CBAE faireachán a dhéanamh ar chinneadh críochnaitheach na n-imeachtaí náisiúnta i gcás inar gá an fiosrúchán inmheánach a athoscailt agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar aon eolas faoi staid an fhiosrúcháin; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
33. |
á chur i bhfios, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagail 253, 254 agus 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb é an neamhspleáchas an príomhchoinníoll chun dualgais breithimh nó abhcóide ghinearálta a chomhlíonadh; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil chuig Coiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach maidir le coinbhleachtaí leasa chomhaltaí CBAE a chosc; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcomhcheanglaítear leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair sásraí coisctheacha is infheidhme ar bhonn ginearálta agus ar shannadh cásanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról suntasach ag dearbhú leasa na gcomhaltaí sa chóras coiscthe agus gur díol sásaimh di an cód iompair a glacadh in 2021 lena méadaítear ábhar an dearbhaithe leasa; á thabhairt chun suntais go bhfuil feidhm ag an gcóras coiscthe maidir le fad iomlán an téarma oifige agus maidir leis an tréimhse i ndiaidh an téarma oifige, agus go n-áirítear leis tréimhse mharana 3 bliana agus roinnt neamh-chomhoiriúnachtaí absalóideacha gan aon teorainn ama; |
|
35. |
ag aithint fhreagairt CBAE ar iarraidh na Parlaiminte go ndéanfadh tríú páirtí neamhspleách athbhreithniú ar dhearbhuithe leasanna airgeadais a chomhaltaí agus go ndéanfaí a mheas an ann do choinbhleachtaí leasa; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndéanfadh tríú páirtí athbhreithniú ar na dearbhuithe nuair a dhéanfar iad a chur i gcomhad, cé nach dtiocfaidh coinbhleacht leasa chun cinn go dtí go sannfar cás iarbhír don chomhalta; á chur in iúl go dtuigeann sí, ar an dóigh chéanna, go ndéanann an tUachtarán anailís níos leithne cás ar chás sula sanntar cásanna, ní hamháin chun cáilíocht agus neamhchlaontacht an cheartais a áirithiú ach freisin chun an t-ualach oibre a dháileadh ar na comhaltaí ar bhealach optamach; á chreidiúint, agus an méid thuas á chur san áireamh, go mbainfeadh CBAE tairbhe as tríú páirtí neamhspleách a chuirfeadh rialuithe ex post ar na cinntí sin chun feidhme; |
|
36. |
á chur in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé cód iompair ginearálta athbhreithnithe a ghlacadh do bhaill foirne, ina gcomhtháthaítear forálacha maidir le “doirse imrothlacha” maidir le baill foirne shinsearacha, coinbhleachtaí leasa, gníomhaíochtaí seachtracha, gníomhaíochtaí gairme tar éis an tseirbhís a fhágáil, fostaíocht shochrach céilí agus foilseacháin; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir CBAE, a bheadh athbhreithniú ginearálta tugtha críche faoi dheireadh 2021, agus á iarraidh go gcuirfear ar an eolas go cuí é maidir lena thabhairt chun críche; |
|
37. |
á iarraidh ar CBAE suirbhéanna a sheoladh maidir le feasacht foirne ar an gcreat eiticiúil agus nósanna imeachta do sceithirí chun na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta a shainaithint; ag tabhairt faoi deara nach raibh ach líon beag, 70 ball foirne, rannpháirteach i sé chúrsa oiliúna dar teideal “Rialacha dea-iompair” agus, dá bhrí sin, á mholadh do CBAE bealaí a aimsiú chun rannpháirtíocht na foirne i gcúrsaí oiliúna a bhaineann le creat eiticiúil CBAE a mhéadú; |
|
38. |
ag aithint na hiarrachtaí atá déanta ag CBAE trédhearcacht agus inrochtaineacht faisnéise i dtaca le faisnéis faoi ghníomhaíochtaí seachtracha a chomhaltaí a mhéadú; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil uirlis á forbairt ag CBAE lena bhféadfaí, gan ualach a chur ar acmhainní na seirbhísí, foilsiú ilteangach faisnéise faoi na gníomhaíochtaí sin a chothabháil agus faisnéis bhreise arna hiarraidh ag an bParlaimint á comhtháthú; ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh an uirlis sin oibríochtúil ag tús 2022 agus á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
39. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag CBAE feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear na comhaltaí i láthair ar a shuíomh gréasáin trí ghnéithe breise a áireamh, amhail poist oinigh nó teidil arna mbronnadh, agus comhaltais i bhfondúireachtaí agus i gcomhlachtaí comhchosúla i réimsí éagsúla; ag tabhairt dá haire gur eisigh CBAE ráiteas go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin faoi dheireadh 2021; á mholadh do CBAE leas a bhaint as an athbhreithniú sin ar a shuíomh gréasáin chun é a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir; |
|
40. |
ag spreagadh CBAE leanúint de réitigh nuálacha a shaothrú mar iarracht a bheith níos trédhearcaí i leith an phobail, trína chuid éisteachtaí poiblí a chraoladh agus trí thaifeadtaí díobh a chur ar fáil ar líne; á chreidiúint go mbeadh an feabhsú sin ar thrédhearcacht i gcomhréir le hAirteagal 15 CFAE agus go rachadh sé chun tairbhe do gach duine a oibríonn i réimse an dlí san Aontas nó a bhíonn ag déanamh staidéir air; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
41. |
á chur in iúl gurb oth léi go raibh iallach ar an gCúirt Bhreithiúnais agus ar an gCúirt Ghinearálta na héisteachtaí go léir a bhí sceidealaithe lena reáchtáil idir lár mhí an Mhárta agus tús mhí an Mheithimh 2020 a chur ar ceal nó a chur siar mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus an easpa bonneagair TF agus toisc nach raibh na coinníollacha riachtanacha ann leis na héisteachtaí sin a reáchtáil; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais ceisteanna lena n-éilítear freagra i scríbhinn a chur in ionad roinnt éisteachtaí; ag tabhairt faoi deara nach bhféadfaí réiteach comhchosúil a chur chun feidhme sa Chúirt Ghinearálta mar go bhforáiltear leis na rialacha nós imeachta gur gá éisteacht a thionól nuair a thíolacann príomhpháirtí iarraidh réasúnaithe chuige sin; ag moladh úsáid acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais chun córas aonair, slán físchomhdhála a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar córas é lena bhféadfaí ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh do na 24 theanga oifigiúla chun leas ionadaithe na bpáirtithe nach raibh in ann taisteal go Lucsamburg i ngeall ar shrianta taistil a forchuireadh sna Ballstáit; ag tréaslú le CBAE as gradam an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán a bhuachan sa chatagóir barr feabhais sa nuálaíocht/claochlú as ucht a chórais le haghaidh éisteachtaí cianda; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar spéise di, go raibh ráta úsáide e-Curia ard in 2020, ar ráta é a mhéadaigh le linn phaindéim COVID-19 agus arbh ionann é, go nithiúil, agus méadú 12 % ar líon na gcuntas (7 378 gcuntas faoi dheireadh 2020 i gcomparáid le 6 588 gcuntas faoi dheireadh 2019) agus céatadáin arda doiciméad nós imeachta a taisceadh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta (79 % agus 95 % faoi seach); á chur i bhfios go láidir gur tháinig méadú suntasach ar líon na gcuntas a d’oscail cúirteanna agus binsí náisiúnta (ó 45 chuntas ag deireadh 2019 go 121 chuntas ag deireadh 2020) i ngeall ar an muinín a bhí ag úsáideoirí as an gcóras sin agus an méadú a tháinig ar an spéis a chuir na páirtithe uile lena mbaineann in úsáid uirlisí digiteacha; ag spreagadh CBAE e-Curia a fhorbairt tuilleadh; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, leis an teilea-obair a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur díol sásaimh do na baill foirne é go bhfuil dlús as cuimse curtha leis an digitiú agus le simpliú sreafaí oibre agus próiseas cinnteoireachta i ngníomhaíochtaí riaracháin agus breithiúnacha araon; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar dhigitiú luathaithe an phoist i ngeall ar an bpaindéim, go raibh coigilteas ann i dtaobh muirir phoist a bhí mar chuid den bharrachas buiséid a aistríodh chuig úsáid eile; |
|
44. |
ag tabhairt faoi deara go ndearnadh infheistíocht mhéadaithe i dtionscadail agus trealamh TF (EUR 13,5 milliún in 2020 i gcomparáid le EUR 9 milliún in 2019); á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme SIGA (córas comhtháite bainistithe cásanna) agus HAN (córas bainistithe doiciméad riaracháin) in ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an bpaindéim; ag tabhairt dá haire gur síníodh an conradh do thionscadal SIGA in 2020; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a baineadh as ionstraimí eile amhail ríomhshínithe (EU SIGN, arna soláthar ag an gCoimisiún) do dhoiciméid riaracháin agus bhreithiúnacha araon; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go bhfuil uirlis faireacháin ar na meáin á cur chun feidhme laistigh de stiúrthóireacht na cumarsáide, bunaithe ar dhlúthchomhar le lárionad comhpháirteach taighde an Choimisiúin; |
|
46. |
á mheabhrú gur ábhar imní di na himpleachtaí do chearta an duine a bhaineann le hintleacht shaorga (IS) a úsáid i gcórais bhreithiúnacha; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún Eorpach le haghaidh Éifeachtúlacht an Cheartais tagairt don Chairt Eorpach Eitice maidir le hÚsáid na hIntleachta Saorga i gCórais Bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht agus don fhíoras gur cheart gur oibreoir daonna i gcónaí a dhéanfadh faireachán agus a d’aimseodh réiteach ar na tascanna a dhéantar agus leas á bhaint as IS; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh an méadú ar líon na gcásanna a bheith ina bhac ar cháilíocht anailís dhlíthiúil CBAE; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi oibreoirí na n-uirlisí IS a úsáidtear; ag tabhairt rabhadh do CBAE maidir leis na rioscaí don phríobháideacht agus don tslándáil agus seirbhísí seachtracha néalríomhaireachta á n-úsáid acu; |
|
47. |
ag tabhairt dá haire gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2020 a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil in institiúidí an Aontais ach gur éirigh le CBAE aon teagmhas mór a chosc ós rud é gur cuireadh bac go huathoibríoch ar fhormhór mór na n-ionsaithe ar leibhéil éagsúla a bhuí leis na córais chosanta atá i bhfeidhm; |
|
48. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá ról CBAE mar chuid de bhord stiúrtha na Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus mar chomhalta den Choiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach (ICDT), a bhfuil baint acu le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme; |
|
49. |
á chur in iúl gur geal léi gur seoladh cúrsaí múscailte feasachta maidir le cosaint sonraí, atá leabaithe sa chlár ionduchtúcháin do dhaoine nua agus a chuirtear ar fáil do cheannairí ranna agus comhaltaí, maidir le dea-chleachtais agus sonraí pearsanta á láimhseáil, chomh maith le bróisiúir agus cur i láthair maidir le dea-chleachtais agus cearta na ndaoine lena mbaineann a scaipeadh laistigh de CBAE; |
|
50. |
ag tabhairt faoi deara go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) dhá imscrúdú a oscailt in 2020, ceann amháin maidir le húsáid fianán ar shuíomh gréasáin CBAE (arna chur i gcrích ag MECS ar bhonn leordhóthanacht na mbeart a ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh idir an dá linn) agus ceann eile (atá fós ar feitheamh) maidir le seirbhísí gréasáin tríú páirtí a bheith á n-úsáid ag CBAE (amhail YouTube, Twitter, LinkedIn, Google Play agus Apple) agus an oibleagáid bunbhrí i gcomhaontú rialaitheora chomhpháirtigh a chur ar fáil; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí leantacha a rinneadh chun CBAE a ailíniú le moltaí MECS; |
|
51. |
á chur in iúl gur geal léi tionscnamh CBAE méadú a dhéanamh ar a inrochtana atá sé ag an bpobal trí chlár cianchuairteanna ar CBAE a thairiscint, lena n-áirítear turas treoraithe trína áitribh agus cruinniú le duine de na breithiúna nó na habhcóidí ginearálta; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi chostas an tionscnaimh sin, faoi raon beartaithe na rannpháirtithe, faoi na forálacha arna gcur i bhfeidhm chun sonraí pearsanta na rannpháirtithe a chosaint agus faoi shonraí an chur chun feidhme; |
Foirgnimh agus slándáil
|
52. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh 100 % den chaiteachas faoin ítim bhuiséadach “ceannach ar léas” (EUR 54 781 083) a chur chun feidhme, ar méid é sin a chomhfhreagraíonn do na muirir is iníoctha faoi na conarthaí a tugadh i gcrích le húdaráis Lucsamburg chun foirgnimh éagsúla CBAE a cheannach, a athchóiriú agus a thógáil, don réamhíocaíocht faoin gconradh “ceannach ar léas” i leith an tionscadail don chúigiú síneadh le foirgnimh CBAE, agus do réamhíocaíocht pháirteach maidir le ceann de na hiasachtaí a comhaontaíodh chun an tionscadal sin a mhaoiniú; |
|
53. |
ag tabhairt dá haire gur bunaíodh barrachas buiséid (EUR 190 000) d’ítim 2022 “Glanadh agus cothabháil”, go háirithe mar gheall ar theilea-obair ghinearálaithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud a d’fhág go rabhthas in ann cuid den aistriú fuílleach deireadh bliana a mhaoiniú; |
|
54. |
á chur in iúl gur geal léi an breithniú arna dhéanamh ar na moltaí a d’eisigh na Comhchoistí um Chomhionannas Deiseanna de chuid institiúidí an Aontais maidir le feabhsuithe do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile, i measc nithe eile, chun pointí teagmhála a chruthú in ollscoileanna chun mic léinn faoi mhíchumas a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais, maidir le hailíniú chur chuige institiúidí an Aontais ó thaobh cúram agus cumhdach leighis de, agus maidir le tacaíocht níos córasaí i dtéarmaí lóistíochta; |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
55. |
á chur in iúl gur geal léi an iliomad gníomhaíochtaí a glacadh chun cláir faoi scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) a chur chun feidhme agus chun an straitéis a shainiú chun lorg carbóin CBAE a laghdú agus foinsí glana fuinnimh á bhforbairt, mar shampla trí ghrianphainéil a shuiteáil ar fhoirgnimh uile CBAE; ag spreagadh CBAE leanúint de bhearta a dhéanamh chun a lorg comhshaoil a laghdú; |
|
56. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE tiomanta d’úsáid réasúnach agus fhreagrach páipéir a chothú agus dá thomhaltas a laghdú, agus go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar thomhaltas páipéir (laghdú 63,7 % i gcomparáid le 2015 agus laghdú 56 % i gcomparáid le 2019); ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh buiséad dar luach EUR 640 000 ag dul do pháipéar bán i gcónaí in 2020; á chur in iúl gur geal léi cleachtas CBAE ó 2020 i leith gan ach páipéar de thionscnamh foraoisí atá á mbainistiú go hinbhuanaithe a úsáid, rud atá ina chritéar barr feabhais i mbainistiú páipéir de réir an Doiciméid Tagartha Earnála arna fhoilsiú ag an gCoimisiún; á iarraidh ar CBAE leanúint dá hiarrachtaí a bheith ina institiúid saor ó pháipéar; |
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE i scéim fritháirimh astaíochtaí gás ceaptha teasa na Parlaiminte, arb é is aidhm di astaíochtaí carbóin ríofa na n-institiúidí rannpháirteacha a fhritháireamh trí chreidmheasanna carbóin a cheannach ar an margadh deonach chun tionscadail sheachtracha chomhshaoil a mhaoiniú i réigiúin na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin; ag tabhairt dá haire gur chumasaigh an scéim in 2020 cistiú sorn atá breoslaithe le hadhmad lena ngabhann an deimhniú “caighdeán óir” agus tionscadail aisghabhála gáis láithreáin líonta, chun 23 000 tonna de choibhéis CO2 a fhritháireamh; |
|
58. |
á chur in iúl gur geal léi go gcuimsítear sa straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe a bhunaigh CBAE ní hamháin gníomhaíochtaí feasachta ach freisin gníomhaíochtaí nithiúla amhail rannpháirtíocht sa tSeachtain Eorpach Soghluaisteachta agus san áis féinfhreastail rothar vel’OH!, fóirdheontas a thabhairt don iompar poiblí bliantúil trasteorann, stáisiúin luchtaithe a shuiteáil i gcarrchlóis CBAE, cúinsí ábhartha a chur san áireamh maidir le flít gluaisteán an chomhalta a bhainistiú agus líon áirithe racaí rothar atá dáilte go maith a chur ar fáil in éineacht le cithfholcadáin agus taisceadáin; |
|
59. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé critéir chomhshaoil a chomhtháthú i ngach céim den phróiseas soláthair; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE sa deasc chabhrach idirinstitiúideach um Sholáthar Poiblí Glas chun cabhrú leis na baill foirne atá freagrach as earraí, seirbhísí agus oibreacha a roghnú agus a cheannach a bhfuil an tionchar is ísle acu ar an gcomhshaol le linn a saolré, lena n-áirítear go minic clásail maidir le comhionannas deiseanna a chur chun cinn; |
|
60. |
ag tabhairt faoi deara go n-áirítear i ndearbhú bliantúil CBAE táscaire maidir le soláthar poiblí glas chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a ionchorpraítear clásail maidir le cosaint an chomhshaoil i ndoiciméid soláthair; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
61. |
á chur in iúl gur geal léi spéis CBAE sna meáin shóisialta agus in ardáin eile chun scaipeadh faisnéise níos fearr a áirithiú; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-amharc (méadú 42 % i gcomparáid le 2019) ar chainéal YouTube CBAE agus go bhfuil ag éirí go maith le húsáid LinkedIn (tháinig méadú faoi thrí ar leantóirí ó 30 000 in 2019 go dtí níos mó ná 90 000 in 2020); |
|
62. |
á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a chlár gníomhaíochtaí próiseála a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Curia, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2021; |
|
63. |
á iarraidh ar CBAE tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar úsáid aistriúcháin néaraigh trí innill shonracha, chomh maith le roghanna eile, i gcomhar leis an gCoimisiún, le hIonad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, lena n-áirítear an fhéidearthacht freastalaithe a shuiteáil ar áitribh CBAE ar a bhféadfadh uirlisí aistriúcháin a rith lena sárófaí roinnt de na srianta ar na doiciméid is rúnda; |
|
64. |
ag tabhairt dá haire gur éirigh le CBAE a nósanna imeachta maidir le cumarsáid inmheánach a oiriúnú ó mhí na Bealtaine 2020; á chur i bhfios go ndearnadh an meán seachtainiúil ab ionann agus níos mó ná 150 físchomhdháil inmheánach nó idirinstitiúideach nó closchomhdháil a eagrú mar thoradh air sin; |
Comhar idirinstitiúideach
|
65. |
á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht lóistíochta a chuirtear ar fáil d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a bhfuil a hoifigí suite os comhair oifigí CBAE, chun a suiteáil i Lucsamburg a éascú; |
|
66. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar idir GIS (an Grúpa Slándála Idirinstitiúideach) agus seirbhísí dlí institiúidí an Aontais atá suite i Lucsamburg, ar thaobh amháin, agus údaráis Lucsamburg agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, ar an taobh eile, maidir le seiceálacha slándála ar bhaill foirne conraitheoirí; |
|
67. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh comhaontuithe bliantúla maoiniúcháin a thabhairt i gcrích leis na seirbhísí aistriúcháin in institiúidí agus ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais lena ndéantar foráil maidir le maoiniú uirlisí TF (eTranslation, Euramis, DocFinder, IATE agus Quest 2); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh roinnt comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích nó a athnuachan (HAN, DIGITEC, córas faireacháin ar na meáin, agus le hOifig an Phámháistir sa Choimisiún); |
Paindéim Covid-19
|
68. |
á chur i bhfáth go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht uile CBAE, idir ghníomhaíochtaí dlí agus ghníomhaíochtaí riaracháin, agus go raibh dúshlán roimh CBAE i ngeall ar a riachtanaí atá sé cosaint daoine aonair a áirithiú agus leanúnachas sheirbhís phoiblí cheartas an Aontais a ráthú ag an am céanna; ag leagan béim ar an gcur chuige a bhí ag CBAE chun sláinte na gcomhaltaí, na foirne agus na gcuairteoirí a chosaint chun leanúnachas na gníomhaíochta breithiúnaí a áirithiú; |
|
69. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gurb iad tabhairt isteach na teilea-oibre ginearálaithe agus cur ar fionraí an chórais solúbtha oibre bunaithe ar an am a caitheadh i bhfoirgnimh CBAE a taifeadadh an dá mhórathrú a tugadh isteach maidir leis na socruithe solúbtha oibre atá ann cheana; |
|
70. |
á chur in iúl gur geal léi struchtúr agus nósanna imeachta CBAE a bunaíodh le haghaidh géarchéimeanna, bunaithe ar an aonad géarchéime, mar eintiteas cinnteoireachta, agus ar an ionad bainistithe géarchéime, mar chomhlacht cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur cuireadh dhá thascfhórsa bhreise ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm chun cosaint a áirithiú do bhaill foirne nach bhféadfadh a gcúraimí a dhéanamh go cianda agus córas aonair slán físchomhdhála a dhearadh; |
|
71. |
á chur in iúl gur geal léi tuarascáil mhí na Nollag 2020 ó iniúchóir inmheánach CBAE chuig coiste riaracháin CBAE, ina gcuirtear i láthair torthaí an athbhreithnithe ar bhainistiú na géarchéime a d’eascair as paindéim COVID-19, a rinneadh a chomhtháthú i ndearadh plean nua éigeandála agus leanúnachais gnó, inar baineadh leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim; |
|
72. |
á chreidiúint gur ghlac CBAE na bearta ábhartha uile agus gur thacaigh sé leo chun (i) a fhoireann a chosaint le linn phaindéim COVID-19, (ii) an baol a bhaineann le spíonadh a laghdú (go sonrach seisiúin ghréasáin ar ábhair a bhain le bainistiú na hoibre agus an tsaoil phríobháidigh, cumarsáid aimsir géarchéime, bainistíocht agus néareolaíocht, agus bainistiú struis), (iii) feasacht a mhúscailt faoin gceart chun dícheangail agus an baol a bhaineann leis an rófheidhmíocht, agus (iv) faireachán a dhéanamh ar an gcás (trí shuirbhéanna maidir le dea-bhail ag an obair, an dearcadh atá ag an bhfoireann ar an staid agus an leibhéal sástachta); |
|
73. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar nach beag ag ráig na paindéime ar an gcomhar le giúistísí náisiúnta trí sheimineáir, trí chuairteanna agus trí imeachtaí oifigiúla eile, rud ba chúis le suaitheadh agus lena gcur ar ceal de bharr srianta sláintíochta; ag spreagadh CBAE leanúint d’fhéachaint ar réitigh theicniúla chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú sin freisin thar chomhthéacs na paindéime; |
|
74. |
ag spreagadh CBAE na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú go hiomlán ina straitéis inmheánach maidir le leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith a foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus solúbthacht próiseas oibre; |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).