11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 167/87


P9_TA(2022)0403

Nós imeachta buiséadach 2023: téacs comhpháirteach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir leis an téacs comhpháirteach ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh faoin nós imeachta buiséadach (14783/2022 – C9-0389/2022 – 2022/0212(BUD))

(2023/C 167/30)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don téacs comhpháirteach a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh agus na ráitis ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (14783/2022 – C9-0389/2022),

ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2022 (COM(2022)0400),

ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 6 Meán Fómhair 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2022 (12108/2022 – C9-0306/2022),

ag féachaint do Litir leasaitheach Uimh. 1/2023 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a thíolaic an Coimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 (COM(2022)0670),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (1) agus do na leasuithe buiséid atá ann,

ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (2),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (4),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5),

ag féachaint do Rialacha 95 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil óna toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh (A9-0278/2022),

1.

ag formheas an téacs chomhpháirtigh;

2.

ag formheas na ráiteas comhpháirteach atá i gceangal leis an rún seo;

3.

ag tabhairt an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún sin dá haire;

4.

á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 glactha go críochnaitheach agus socrú a dhéanamh le haghaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.

á threorú dá hUachtarán an rún reachtach sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0366.

(2)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(5)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


IARSCRÍBHINN

CRÍOCH

Buiséad 2023 – Gnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha

Cumhdaíonn na conclúidí comhpháirteacha sin na ranna seo a leanas:

1.

Buiséad 2023

2.

Buiséad 2022 – Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022

3.

Ráitis

—   Achoimre ar an staid mar atá

A.   Buiséad 2023

De réir na ngnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha:

Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad 2023 socraithe ag EUR 186 616,7 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 421,2 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, méid atá faoi bhun uasteorainneacha CAI don bhliain 2023.

Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2023 socraithe ag EUR 168 648,7 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 3 554,2 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méid atá faoi bhun uasteorainn CAI don bhliain 2023.

Déantar an Ionstraim Sholúbthachta don bhliain 2023 a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 1 235,7 milliún, as a n-áirítear EUR 182,2 milliún le haghaidh fho-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna, EUR 170,6 milliún le haghaidh cheannteideal 5 Slándáil agus Cosaint agus EUR 882,9 milliún le haghaidh cheannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan.

Tá sé measta ag an gCoimisiún gurb ionann agus EUR 948,1 milliún na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2023 a bhaineann le slógadh na Ionstraime Solúbthachta sna blianta 2019 go 2023. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:

An Ionstraim Sholúbthachta – próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)

Bliain slógtha

2023

2024

2025

2026

Iomlán

2019

82,2

0,0

0,0

0,0

223,2

2020

39,9

0,0

0,0

0,0

106,1

2021

10,3

7,6

0,0

0,0

58,9

2022

62,7

49,8

36,7

0,0

368,4

2023

752,9

279,0

120,6

83,2

1 235,7

Iomlán

948,1

336,4

157,4

83,2

1 992,3

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) a de Rialachán CAI, déantar an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 280 milliún i bhfo-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna.

B.   Buiséad 2022

Tá Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 5/2022 formheasta, agus tá leasú amháin ann i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún: de bharr ghlacadh déanach an bhunúis dlí le haghaidh an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), ní ghlactar leis an tsuim EUR 82 972 301 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chuirtear sa chúlchiste chun na críche sin, agus ní chruthaítear an líne buiséid chomhfhreagrach 13 06 01 don bhliain airgeadais 2022.

1.   Buiséad 2023

1.1.   Línte “iata”

Mura luaitear a mhalairt sna conclúidí seo, deimhnítear na línte buiséid go léir mar a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2023 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.

I gcás na línte buiséid eile, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis na conclúidí a áirítear i roinn 1.2 go roinn 1.7 thíos.

1.2.   Saincheisteanna cothrománacha

Gníomhaireachtaí díláraithe

Déantar ranníocaíocht an Aontais (i bhfoirm leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na gníomhaireachtaí díláraithe uile, a shocrú ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2023 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 cé is moite de:

Faoi fho-cheannteideal 2b:

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE, airteagal buiséid 07 10 08), a n-áirítear ina leith méadú EUR 2,5 milliún i mbuiséad 2023 agus fiche post mar ghníomhaire ar conradh a aistriú ina bpoist do ghníomhairí sealadacha sa phlean bunaíochta, ag glacadh leis go n-earcófar iad ar an meán i lár na bliana.

Faoi cheannteideal 4

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA, airteagal buiséid 11 10 02), a gcuirtear sé phost leis an bplean bunaíochta agus a ndéantar méadú EUR 0,5 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, ag glacadh leis go n-earcófar iad ar an meán i lár na bliana.

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA, airteagal buiséid 10 10 01) a ndéantar méadú EUR 3 mhilliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith.

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex, airteagal buiséid 11 10 01), a ndéantar laghdú EUR 50 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, mar a mhol an Chomhairle agus mar a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa ina gcuid léamha.

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Déantar ranníocaíocht AE (i bhfoirm leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus leithreasuithe i gcomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.

Treoirthionscadail/Réamhbhearta

Comhaontaítear pacáiste cuimsitheach de 39 dtreoirthionscadal/réamhbhearta (PP/PA), a bhfuil 29 díobh nua, do mhéid iomlán arb ionann é agus EUR 80,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar atá molta ag an Parlaimint na hEorpa.

Déantar leibhéal na leithreasuithe chun leanúint leis an treoirthionscadal arna chur chun feidhme ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (Tionscadal Píolótach – I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú, mír bhuiséid 2 2 5 0) a shocrú ar an leibhéal a d’iarr SEGS agus a mhol an Coimisiún i nDréachtbhuiséad 2023.

Urramaítear leis an bpacáiste sin na huasteorainneacha do threoirthionscadail agus do réamhbhearta a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.

1.3.   Ceannteidil chaiteachais an chreata airgeadais – leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Tar éis dó na conclúidí thuas maidir le gníomhaireachtaí agus treoirthionscadail agus réamhbhearta a chur i gcuntas, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:

Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1.0.11

Fís Eorpach

12 342 890 425

12 352 890 425

10 000 000

01 02 01 02

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

864 130 546

874 130 546

10 000 000

1.0.13

Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER)

1 019 848 352

839 848 352

- 180 000 000

01 04 01

Saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt

1 012 128 572

832 128 572

- 180 000 000

1.0.221

SCE Iompair

1 792 540 197

1 852 540 197

60 000 000

02 03 01

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar

1 782 813 707

1 842 813 707

60 000 000

1.0.222

SCE Fuinnimh

815 673 939

859 173 939

43 500 000

02 03 02

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Fuinneamh

810 644 269

854 144 269

43 500 000

1.0.31

Clár an Mhargaidh Aonair (lena n-áirítear FBManna)

592 820 090

602 820 090

10 000 000

03 02 02

Iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí

126 384 000

136 384 000

10 000 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

37 325 000

 

Iomlán

 

 

-19 175 000

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 21 548,4 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 178,6 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 1.

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais (1), comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis na línte buiséid taighde le haghaidh méid iomlán arb ionann é agus EUR 148,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Is cuid iad na leithreasaí sin den mhéid foriomlán suas le EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) don tréimhse 2021-2027 mar a comhaontaíodh faoi chuimsiú chomhaontú CAI. Fágann sé sin suas le EUR 238,0 milliún i bpraghsanna 2018 atá ar fáil don tréimhse 2024-2027. Pléifear an fhéidearthacht go ndéanfaí Airteagal 15.3 a ghníomhachtú tuilleadh faoi chuimsiú an nós imeachta reachtaigh maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna agus faoina mhaoiniú.

Treisítear an líne bhuiséid seo a leanas agus déantar a barúlacha buiséid a athbhreithniú dá réir sin:

(In EUR)

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

01 02 02 20

An bhraisle “an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”

29 762 369

01 02 02 40

An bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”

89 287 105

01 02 02 50

An bhraisle “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”

29 762 369

Iomlán

 

148 811 843

Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

3 500 000

 

Iomlán

 

 

3 500 000

Dá bharr sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 62 926,5 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 12,5 milliún faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2a.

Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

2.2.23

Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)

1 485 775 000

1 315 775 000

- 170 000 000

06 04 01

Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta

1 479 775 000

1 309 775 000

- 170 000 000

2.2.25

EU4Health

731 750 309

739 250 309

7 500 000

06 06 01

Clár EU4Health

707 621 072

715 121 072

7 500 000

2.2.32

Erasmus+

3 648 525 437

3 668 525 437

20 000 000

07 03 01 01

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach

2 382 120 171

2 400 120 171

18 000 000

07 03 03

Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt.

67 664 711

69 664 711

2 000 000

2.2.33

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE)

141 196 320

144 196 320

3 000 000

07 04 01

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

134 298 196

137 298 196

3 000 000

2.2.34

Eoraip na Cruthaitheachta

325 290 321

332 790 321

7 500 000

07 05 01

Cultúr

100 040 879

102 540 879

2 500 000

07 05 02

Na meáin

175 661 827

180 661 827

5 000 000

2.2.352

Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna

212 282 092

215 282 092

3 000 000

07 06 02

Rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn

32 154 085

33 154 085

1 000 000

07 06 03

Daphne

25 257 735

26 757 735

1 500 000

07 06 04

Luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn

108 683 873

109 183 873

500 000

2.2.3DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

268 478 848

270 978 848

2 500 000

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

62 101 095

64 601 095

2 500 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

31 590 500

 

Iomlán

 

 

-94 909 500

I bhfianaise na rátaí úis agus méid oibríochtaí maoiniúcháin NGEU go dtí deireadh na bliana 2022, is féidir laghdú EUR 170,0 milliún a dhéanamh ar na leithreasuithe do líne bhuiséid 06 04 01, agus caomhnú á dhéanamh ar an acmhainneacht chun an ghné neamh-inaisíoctha de NGEU in 2023 a mhaoiniú ina hiomláine.

I gcás Erasmus+, leis an atreisiú ar Airteagal buiséid 07 03 03 Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt, d’fhéadfaí rannchuidiú le maoiniú gníomhaíochtaí a bhaineann leis na chéad Cluichí Oilimpeacha speisialta eile.

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 7 660,2 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2b agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 182,2 milliún á chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán CAI mar aon le slógadh na hIonstraime Corrlaigh Aonair le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 280,0 milliún i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) de Rialachán CAI.

Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

3.2.21

An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

725 521 280

755 521 280

30 000 000

09 02 01

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

272 761 676

279 011 676

6 250 000

09 02 02

Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

173 862 556

179 112 556

5 250 000

09 02 03

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

122 358 139

128 608 139

6 250 000

09 02 04

An t-aistriú chuig fuinneamh glan

130 752 568

143 002 568

12 250 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

6 700 000

 

Iomlán

 

 

36 700 000

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 57 259,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 35,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 3.

Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

4.0.11

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 418 121 253

1 454 621 253

36 500 000

10 02 01

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 414 824 860

1 451 324 860

36 500 000

4.0.1DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

169 169 287

172 169 287

3 000 000

10 10 01

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

169 169 287

172 169 287

3 000 000

4.0.211

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) – An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)

946 798 303

956 798 303

10 000 000

11 02 01

Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do bhainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí

944 798 303

954 798 303

10 000 000

4.0.2DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

1 052 269 675

1 002 769 675

-49 500 000

11 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

793 614 137

743 614 137

-50 000 000

11 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”)

258 655 538

259 155 538

500 000

 

Iomlán

 

 

0

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 3 727,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 86,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 4.

Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

5.0.22

Soghluaisteacht Mhíleata

236 685 681

295 185 681

58 500 000

13 04 01

Soghluaisteacht mhíleata

234 970 661

293 470 661

58 500 000

 

Iomlán

 

 

58 500 000

Ina theannta sin, ar feitheamh an chomhaontaithe maidir leis an gclár nascachta slán Spáis, cuirfear na méideanna a mholtar sa Dréachtbhuiséad chun na críche sin i gcúlchiste, a bheidh le scaoileadh nó le leasú i gcomhréir leis an réiteach maoiniúcháin a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar deireadh. Leagtar amach na sonraí i roinn 1.5 thíos.

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 2 116,6 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5, agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta do mhéid arb ionann é agus EUR 170,6 mhilliún á chur i gcuntas.

Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

6.0.111

An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI – An Eoraip Dhomhanda)

11 970 770 313

12 250 770 313

280 000 000

14 02 01 10

Comharsanacht an Deiscirt

1 657 209 546

1 727 209 546

70 000 000

14 02 01 11

Comharsanacht an Oirthir

618 890 238

828 890 238

210 000 000

 

Iomlán

 

 

280 000 000

Maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, déanfar an méadú EUR 210 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chomharsanacht an Oirthir (mír bhuiséid 14 02 01 11) a thiomnú do bhearta san Úcráin agus sa Mholdóiv mar fhreagairt ar fhogha na Rúise. Tá an méadú EUR 70 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chomharsanacht an Deiscirt (mír bhuiséid 14 02 01 10) ceaptha chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce, go háirithe gníomhaíochtaí a thacaíonn le bainistiú agus rialachas na himirce agus an easáitithe éigeantaigh agus UNRWA.

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuihe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 17 211,9 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 6, agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta do mhéid arb ionann é agus EUR 882,9 mhilliún á chur i gcuntas.

Ceannteideal 7 – Riarachán Poiblí Eorpach

Tá líon na bpost i bpleananna bunaíochta na n-institiúidí agus na leithreasuithe a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023, comhaontaithe ag an gCoiste Idir-réitigh leis na heisceachtaí seo a leanas:

An roinn de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceithre phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 634 903 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;

An roinn de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a bhfuil naoi bpost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 1 005 422 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana. Ceadaítear na poist chomhfhreagracha go sealadach, go dtí 2027;

An roinn de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a bhfuil dhá phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 115 497 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;

An roinn den Ombudsman Eorpach a bhfuil dhá phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 101 388 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;

An roinn den Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bhfuil cúig phost curtha leis agus a bhfuil trí phost curtha le plean bunaíochta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus dhá phost curtha le plean bunaíochta an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Tá méadú EUR 388 202 déanta, dá bhri sin, ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;

An roinn den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil méadú 11 Ghníomhaire ar Chonradh déanta ar a hacmhainní foirne agus méadú EUR 420 239 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;

Déantar na coigeartuithe, a mbíonn méadú EUR 2,7 milliún ar cheannteideal 7 mar thoradh orthu, a mhionsonrú sna táblaí seo a leanas:

Roinn V – An Chúirt Bhreithiúnais

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

304 868 000

305 502 903

634 903

 

Iomlán

 

 

634 903


Cuid 5 – Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

129 600 000

130 605 422

1 005 422

 

Iomlán

 

 

1 005 422


Roinn 6 – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

82 849 505

82 965 001

115 496

 

Iomlán

 

 

115 496


Roinn 8 – An tOmbudsman Eorpach

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

9 002 978

9 104 366

101 388

 

Iomlán

 

 

101 388


Roinn 9 – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 1 0 0

Luach saothair agus liúntais

7 491 500

7 724 420

232 920

3 0 1 0

Luach saothair agus liúntais

2 123 500

2 278 782

155 282

 

Iomlán

 

 

388 202


Cuid 10 – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

1 2 0 0

Baill foirne ar conradh

20 967 900

21 388 139

420 239

 

Iomlán

 

 

420 239

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 11 311,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 107,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 7, a bhfuil EUR 28,2 milliún á chur san áireamh faoin bhfo-chorrlach le haghaidh “Caiteachas riaracháin sna hinstitiúidí”.

Ionstraimí speisialta téamacha: CED, SEAR agus BAR

Déantar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) agus do Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.

1.4.   Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mBuiséad 2023 socraithe ar leibhéal an Dréachtbhuiséid, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 leis na coigeartuithe seo a leanas arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh:

1.

Déantar leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh caiteachas neamhdhifreáilte (ceannteidil 1 go 6), a bhfuil leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí cothrom le leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ina leith, a chur i gcuntas. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an laghdú EUR 170,0 milliún ar chostas maoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI). Agus an choigeartú ar ranníocaíocht an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe a chur i gcuntas freisin, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus laghdú EUR 214,0 milliún;

2.

An coigeartú faoi cheannteideal 7 a bhfuil méadú EUR 2,7 milliún mar thoradh air;

3.

Déantar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na treoirthionscadail nua uile agus do na réamhbhearta uile a mholann Parlaimint na hEorpa a shocrú ag 25 % de leibhéal na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle iad. I gcás ina ndéantar síneadh a chur leis na treoirthionscadail agus na réamhbhearta atá cheana ann, is é leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí an leibhéal a shainmhínítear sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 móide 25 % de leibhéal na leithreasuithe nua comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle sin. Is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 19,8 milliún;

4.

Maidir leis na coigeartuithe ar línte buiséid i gcomhair caiteachas difreáilte, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 177,0 milliún.

Déantar na coigeartuithe, a mbíonn laghdú EUR 14,5 milliún mar thoradh orthu, a leagan amach sna táblaí seo a leanas:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2023 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2023

Difríocht

Ceannteideal 1

1.0.11

Fís Eorpach

11 903 569 694

11 908 569 694

5 000 000

01 02 01 02

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

602 437 939

607 437 939

5 000 000

1.0.13

Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER)

721 228 782

671 228 782

-50 000 000

01 04 01

Na saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt

563 509 002

513 509 002

-50 000 000

1.0.221

SCE Iompair

1 922 486 490

1 943 486 490

21 000 000

02 03 01

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar

973 760 000

994 760 000

21 000 000

1.0.222

SCE Fuinnimh

713 629 670

723 629 670

10 000 000

02 03 02

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Fuinneamh

246 000 000

256 000 000

10 000 000

1.0.31

Clár an Mhargaidh Aonair (lena n-áirítear FBManna)

610 260 036

615 260 036

5 000 000

03 02 02

Iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí

132 069 500

137 069 500

5 000 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

9 331 250

 

Iomlán Cheannteideal 1

 

 

331 250

Fo-cheannteideal 2a

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

875 000

 

Iomlán Fo-cheannteideal 2a

 

 

875 000

Fo-cheannteideal 2b

2.2.23

Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)

1 485 775 000

1 315 775 000

- 170 000 000

06 04 01

Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta

1 479 775 000

1 309 775 000

- 170 000 000

2.2.25

EU4Health

619 341 615

626 841 615

7 500 000

06 06 01

Clár EU4Health

570 712 378

578 212 378

7 500 000

2.2.32

Erasmus+

3 274 197 196

3 291 597 196

17 400 000

07 03 01 01

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach

2 280 250 000

2 296 250 000

16 000 000

07 03 03

Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt.

55 000 000

56 400 000

1 400 000

2.2.33

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE)

122 118 124

124 118 124

2 000 000

07 04 01

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

104 000 000

106 000 000

2 000 000

2.2.34

Eoraip na Cruthaitheachta

306 962 192

312 462 192

5 500 000

07 05 01

Cultúr

89 452 597

91 452 597

2 000 000

07 05 02

Na meáin

137 922 353

141 422 353

3 500 000

2.2.352

Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna

155 069 755

156 569 755

1 500 000

07 06 02

Rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn

18 510 511

19 010 511

500 000

07 06 03

Daphne

26 078 886

26 828 886

750 000

07 06 04

Luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn

54 381 753

54 631 753

250 000

2.2.3DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

263 290 848

265 790 848

2 500 000

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

62 101 095

64 601 095

2 500 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

7 897 625

 

Iomlán fho-cheannteideal 2b

 

 

- 125 702 375

Ceannteideal 3

3.2.21

An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

513 989 167

522 689 167

8 700 000

09 02 01

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

97 698 396

99 323 396

1 625 000

09 02 02

Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

69 504 430

71 129 430

1 625 000

09 02 03

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

47 000 000

48 625 000

1 625 000

09 02 04

An t-aistriú chuig fuinneamh glan

53 000 000

56 825 000

3 825 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

1 675 000

 

Iomlán Cheannteideal 3

 

 

10 375 000

Ceannteideal 4

4.0.11

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 314 919 500

1 329 919 500

15 000 000

10 02 01

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

710 919 500

725 919 500

15 000 000

4.0.1DAG

Gníomhaireachtaí Díláraithe

169 169 287

172 169 287

3 000 000

10 10 01

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

169 169 287

172 169 287

3 000 000

4.0.211

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) – An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)

394 492 752

396 992 752

2 500 000

11 02 01

Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí

276 492 752

278 992 752

2 500 000

4.0.2DAG

Gníomhaireachtaí Díláraithe

1 117 019 143

1 067 519 143

-49 500 000

11 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

793 614 137

743 614 137

-50 000 000

11 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”)

323 405 006

323 905 006

500 000

TTR

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

0

 

Iomlán Cheannteideal 4

 

 

-29 000 000

Ceannteideal 5

5.0.22

Soghluaisteacht Mhíleata

106 715 020

131 715 020

25 000 000

13 04 01

Soghluaisteacht mhíleata

105 000 000

130 000 000

25 000 000

 

Iomlán Cheannteideal 5

 

 

25 000 000

Ceannteideal 6

6.0.111

An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI – An Eoraip Dhomhanda)

8 842 716 018

8 943 716 018

101 000 000

14 02 01 10

Comharsanacht an Deiscirt

423 893 255

444 893 255

21 000 000

14 02 01 11

Comharsanacht an Oirthir

185 608 958

265 608 958

80 000 000

 

Iomlán Cheannteideal 6

 

 

101 000 000

Ceannteideal 7

7.1.24

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

485 342 893

485 977 796

634 903

7.1.25

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

174 054 500

175 059 922

1 005 422

7.1.26

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

158 652 474

158 767 970

115 496

7.1.28

An tOmbudsman Eorpach

12 943 383

13 044 771

101 388

7.1.29

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

21 941 500

22 329 702

388 202

7.1.2X

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

819 647 241

820 067 480

420 239

 

Iomlán Cheannteideal 7

2 665 650

IOMLÁN

-14 455 475

Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn air sin ná leibhéal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arb ionann é agus EUR 168 648,7 milliún, ar laghdú EUR 14,5 milliún é i gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.

1.5.   Cúlchistí

Níl aon chúlchistí sa bhreis ar na cúlchistí atá sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.

1.6.   Barúlacha maidir leis an mBuiséad

Freagraíonn téacs na mbarúlacha buiséid don Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 leis na coigeartuithe seo a leanas atá molta sa litir infhorghníomhaitheachta agus a chomhaontaigh an Coiste Idir-réitigh:

Formheastar na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith ar a cuid féin gan aon mhodhnú. Áirítear an leasú seo a leanas leis sin:

Mír 1 2 0 0 — Luach saothair agus liúntais

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

98 bpost breise sa phlean bunaíochta don bhliain 2023. Tá na poist sin beartaithe d’aon bhliain bhuiséid amháin agus bainfear as an bplean bunaíochta iad i ndréachtbhuiséad 2024. Is ar mhaithe le leanúint le fostú na foirne sealadaí atá na poist sin i bhfianaise chur i bhfeidhm Airteagal 29(4) de na Rialacháin Foirne. Níl gá le haon leithreasuithe breise.

Aontaíonn an Coiste Idir-réitigh freisin gur cheart líon na bpost sa phlean bunaíochta don “Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhonúireachtaí Polaitiúla Eorpacha agus an Choiste Daoine Neamhspleácha Oirirce” a mharcáil go soiléir laistigh de phlean bunaíochta Pharlaimint na hEorpa trí líne nua a thabhairt isteach atá faoi bhun mhóriomlán Pharlaimint na hEorpa, lena léirítear “cé acu díobh atá ann don Údarás”.

Na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith gan aon mhodhnú:

Airteagal 14 04 02 — An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound)

Déantar an téacs a leasú mar a leanas:

Cumhdaítear leis an leithreasú seo caiteachas ar thuarastail EUSRanna agus caiteachas ar a gcuid foirne agus/nó struchtúr tacaíochta a chur ar bun, lena n-áirítear costais taistil agus costais foirne seachas na costais sin a bhaineann le foireann atá tugtha ar iasacht ag na Ballstáit nó ag institiúidí an Aontais. Cumhdaítear leis freisin aon chostas d’aon tionscadail a chuirtear chun feidhme faoi fhreagracht dhíreach EUSR.

Línte buiséid a bhformheastar an ráiteas buiséid faoi seach mar a mholtar sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach ina leith, leis na modhnuithe seo a leanas:

Mír 3 13 03 01 — Taighde cosanta

Déantar an mhír seo a leasú mar a leanas:

staidéir, amhail staidéir féidearthachta chun iniúchadh a dhéanamh ar indéantacht teicneolaíochtaí, táirgí, próiseas, seirbhísí agus réiteach, idir chinn nua agus chinn fheabhsaithe, lena n-áirítear i réimse na cibearchosanta agus na cibearshlándála,

Línte buiséid nua tar éis ghlacadh thogra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) an 9 Samhain 2022 agus ar formheasadh an ráiteas buiséid faoi seach ina leith leis an téacs mar a leanas:

Airteagal 14 01 06 — Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chúnaimh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

Seachas an caiteachas ar a dtugtar tuairisc sa chaibidil seo, tá sé beartaithe leis an leithreasú seo freisin go sonrach go gcumhdófar caiteachas tacaíochta chun an Ionstraim a chur chun feidhme agus chun a cuid cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin atá bainteach le baint amach a cuid cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin atá bainteach leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, leantacha, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag ceanncheathrú lárnach agus toscaireachtaí an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá i gcomhair na hIonstraime, agus chun oibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim a bhainistiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Caibidil 14 07 — Cúnamh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

Tá sé beartaithe leis na leithreasuithe faoin gcaibidil seo go gcumhdófar an caiteachas oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +). Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime ná faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a chur ar fáil ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil agus maoiniú a dhéanamh ar an athshlánú agus ar an tacaíocht tosaigh don atógáil i ndiaidh an chogaidh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin ar mhaithe lena lánpháirtiú san Eoraip.

Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, is iad seo a leanas na príomhchuspóirí sonracha go háirithe:

tacú leis an gcobhsaíocht mhacrairgeadais agus srianta seachtracha agus inmheánacha airgeadais na tíre a mhaolú;

clár oibre athchóirithe a bheidh dírithe ar luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;

athshlánú na bhfeidhmeanna agus an bhonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar.

I gcomhréir le hAirteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 24 den Rialachán Airgeadais, maidir le ranníocaíochtaí a fhaightear ó thríú tíortha (Stáit CSTE de bhun an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha is iarrthóirí agus, más infheidhme, iarrthóirí ionchasacha na mBalcán Thiar, nó tríú tíortha eile) chun páirt a ghlacadh i gcláir de chuid an Aontais, agus aon ioncam sannta eile arna iontráil sa ráiteas ioncaim, eascraíonn soláthar leithreasuithe comhfhreagracha astu mar aon lena gcur cur chun feidhme faoin gcaibidil seo.

Sonraítear na méideanna measta gaolmhara mar aon leis an airteagal nó an mhír chomhfhreagrach den ráiteas ioncaim, i gcás inar féidir, sna línte buiséid ábhartha.

Airteagal 14 07 01 — Fóirdheontas úis faoi MFA+ don Úcráin

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo fóirdheontas úis a dheonú a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt, cé is moite de chostais a bhaineann leis an iasacht a aisíoc go luath, i ndáil leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo.

Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le pointí (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Airteagal 14 07 02 — Tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi MFA+ don Úcráin

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar méideanna breise arna gcur ar fáil ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha agus páirtithe leasmhara, a chuirtear chun feidhme mar thacaíocht neamh-inaisíoctha i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Mheabhrán Tuisceana atá le tabhairt i gcrích faoi Airteagal 7 den Rialachán atá beartaithe, nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) go (c) den Rialachán atá beartaithe.

Bainfidh an leithreasú seo leis an méid seo a leanas go háirithe:

clár oibre athchóirithe a bheidh dírithe ar luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;

athshlánú na bhfeidhmeanna agus an bhonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar.

Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le pointí (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh an fonóta seo a leanas a chur san áireamh i bplean bunaíochta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Cuirtear an téacs seo a leanas leis:

“Poist bhreise (2023) (29 n-iniúchóir, nasctha le NGEU agus deonaithe go dtí 2027)”.

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 20. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:

Líne bhuiséid

Ainm

01 02 02 20

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 29 762 369 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 40. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:

Líne bhuiséid

Ainm

01 02 02 40

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 89 287 105 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 50. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:

Líne bhuiséid

Ainm

01 02 02 50

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 29 762 369 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.

Tá glacadh leis nach féidir le leasuithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle raon feidhme an bhunghnímh atá ann cheana a mhodhnú ná a leathnú, ná nach féidir cur isteach ar neamhspleáchas riaracháin na n-institiúidí, agus gur féidir an beart a chumhdach leis na hacmhainní atá ar fáil.

1.7.   Ainmníocht bhuiséadach

Comhaontaítear an ainmníocht bhuiséadach a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023, agus na treoirthionscadail nua agus na réamhbhearta nua san áireamh. Tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú freisin maidir le líne bhuiséid nua amháin a chruthú i roinn Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 5 0 2 — an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha – Luach saothair agus liúntais). I ndeireadh na dála, i gcomhréir leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) arna glacadh an 9 Samhain 2022, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh maidir le trí líne nua bhuiséid a chruthú i roinn an Choimisiúin Eorpaigh mar a leanas:

Airteagal 14 01 06 Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chúnaimh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)

Airteagal 14 07 01 Fóirdheontas úis faoi MFA+ don Úcráin

Airteagal 14 07 02 Tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi MFA+ don Úcráin

2.   Buiséad 2022

Tá Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 5/2022 formheasta, agus tá leasú amháin ann i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún: de bharr ghlacadh déanach an bhunúis dlí le haghaidh an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), ní ghlactar leis an tsuim EUR 82 972 301 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chuirtear sa chúlchiste chun na críche sin, agus ní chruthaítear an líne buiséid chomhfhreagrach 13 06 01 don bhliain airgeadais 2022.

3.   Ráitis

3.1.   Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán gníomhach a dhéanamh le linn na bliana 2023 ar chur chun feidhme chláir na CAInna atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe sin (go háirithe i bhfo-cheannteideal 2a agus Forbairt Tuaithe). Chuige sin, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tíolacadh a dhéanamh, ar bhonn tráthúil, ar fhigiúirí nuashonraithe a mhéid a bhaineann le staid na himeartha agus le meastacháin maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2023 (agus cruinneas réamhaisnéisí feabhsaithe na mBallstát á gcur i gcuntas i gcás inarb infheidhme). Má léirítear leis na figiúirí nach leor na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2023 chun na riachtanais a chumhdach, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún réiteach iomchuí, inter alia dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh a luaithe is féidir, d’fhonn lamháil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aon chinntí is gá a dhéanamh a luaithe is féidir gan moill mhíchuí i gcás riachtanais a bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcuntas práinn an ábhair, lena ngiorrófar an tréimhse 8 seachtaine le haghaidh cinnidh má mheastar gur gá sin. Is amhlaidh an cás mutatis mutandis má léirítear leis na figiúirí go bhfuil na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2023 níos airde ná mar is gá.

3.2.   Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna agus an Chláir um nascacht shlán spásbhunaithe

Aithníonn na trí institiúid go mbeidh maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna agus an Chláir um nascacht shlán spásbhunaithe ag brath ar thoradh deiridh na caibidlíochta reachtaí leanúnaí. I bhfianaise théacs deiridh na Rialachán formheasta agus na Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leo, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún na haistrithe is gá nó dréachtbhuiséad leasaitheach a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh gan mhoill chun a áirithiú go gcuirfear méid leordhóthanach leithreasuithe ar fáil lena n-úsáid sa bhliain airgeadais 2023.

I gcás ina dtiocfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna lena n-áirítear úsáid na leithreasuithe atá le cur ar fáil arís bunaithe ar Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais maidir le Fís Eorpach, áireofar modhnú den sórt sin i ndréachtbhuiséad leasaitheach.

3.3.   Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcibearshlándáil

Tá an chibearshlándáil láidir chomhordaithe ríthábhachtach do leanúnachas gnó institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024. Aithníonn na trí institiúid an gá atá le hacmhainneacht lárnach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar theagmhais chibearshlándála. Cur chuige comhordaithe an cur chuige is costéifeachtaí agus is féidir leis an gcur chuige sin ardleibhéal cosanta a thabhairt do chách, na daoine is leochailí san áireamh.

Aithníonn na trí institiúid go bhfuil gá le hacmhainní leordhóthanacha cibearshlándála laistigh de gach institiúid agus, go háirithe, san Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU).

Iarrtar ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le CERT-EU agus leis na hinstitiúidí eile, measúnú a tharraingt suas, faoi lár 2030, i ndáil leis an ngá atá le poist chibearshlándála laistigh de CERT-EU agus ar fud na n-institiúidí uile agus i ndáil le sainordú CERT-EU.

Iarrann an t-údarás buiséadach ar institiúidí an Aontais oibriú i gcomhar le chéile chun an chibearshlándáil a neartú ar fud institiúidí uile an Aontais. Tar éis an mheasúnaithe ón gCoimisiún, ba cheart na hacmhainní le haghaidh na cibearshlándála dá bhforáiltear i mbuiséad 2023 d’institiúidí uile an Aontais a chur ar fáil ar bhealach comhordaithe chun cosaint na n-institiúidí a uasmhéadú, go háirithe, ach ní go heisiach, trí atreisiú na hacmhainneachta lárnaí cibearshlándála.

Tá an méid sin gan dochar d’aon úsáid a bhaineann CERT-EU as acmhainní daonna agus buiséadacha na n-institiúidí rannpháirteacha de thoradh an chomhaontaithe ar an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022)0122).

3.4.   Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar inbhuanaitheacht uasteorainneacha agus fho-uasteorainneacha caiteachais cheannteidil uile chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar Rialachán CAI, athbhreithniú a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh faoi lár 2023, de réir mar a leagtar amach i gclár oibre an Choimisiúin do 2023.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).