27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/30


Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún

an 25 Eanáir 2022

lena leasaítear Cinneadh C(2013) 306 final maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh)

(Cás AT.39839 – Telefónica agus Portugal Telecom)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)324)

(Is iad an Béarla agus an Phortaingéilis amháin teangacha barántúla an cháis)

(2022/C 286/10)

An 25 Eanáir 2022 ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le nós imeachta faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , foilsíonn an Coimisiún anseo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós arna fhorchur, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas a rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

An 23 Eanáir 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh lena ngearrtar fíneáil ar Teileafónica agus Portugal Telecom as comhaontú neamhiomaíochta a dhéanamh chun iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shrianadh agus, ar an mbealach sin, Airteagal 101 CFAE a shárú (“Cinneadh 2013”). Sna breithiúnais uaithi an 28 Meitheamh 2016 (2) (a dearbhaíodh le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Nollaig 2017 ina dhiaidh sin), sheas an Chúirt Ghinearálta le réasúnú an Choimisiúin maidir leis an sárú sa Chinneadh uaidh, ach chuir sí na fíneálacha a ghearr an Coimisiún ar neamhní. I gcomhréir le breithiúnais na Cúirte, cinntear leis an gCinneadh na seirbhísí nach raibh Telefónica agus Portugal Telecom in iomaíocht ionchasach le chéile ina leith tráth an tsáraithe agus déantar iad a eisiamh chun críocha ríomh na bhfíneálacha.

2.   NÓS IMEACHTA

(2)

Chinn an Coimisiún sa Chinneadh uaidh an 23 Eanáir 2013 gur sháraigh Telefónica agus Portugal Telecom Airteagal 101 CFAE trí pháirt a ghlacadh i gcomhaontú neamhiomaíochta a áiríodh mar chlásal a naoi den Chomhaontú Ceannaigh Stoc a rinne siad an 28 Iúil 2010 i gcomhthéacs rialú aonair a fháil ag Telefónica ar Vivo, oibreoir seirbhísí soghluaiste na Brasaíle.

(3)

I gcás an tsáraithe sin, ghearr an Coimisiún fíneálacha EUR 66 894 000 ar Telefónica agus EUR 12 290 000 ar Portugal Telecom faoi Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(4)

Rinne Telefónica agus Portugal Telecom achomharc in aghaidh an Chinnidh ón gCoimisiún chuig an gCúirt Ghinearálta. Sna breithiúnais uaithi an 28 Meitheamh 2016, sheas an Chúirt Ghinearálta le conclúid an Choimisiúin in Airteagal 1 den Chinneadh ón gCoimisiún gur sháraigh Telefónica agus Portugal Telecom Airteagal 101 CFAE ón 27 Meán Fómhair 2010 go dtí an 4 Feabhra 2011 trí pháirt a ghlacadh i gcomhaontú neamhiomaíochta.

(5)

Maidir le fíneálacha a ghearradh, chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 2 den Chinneadh ón gCoimisiún ar neamhní sa mhéid gur socraíodh méid na bhfíneálacha ar bhonn luach na ndíolachán a chuir an Coimisiún san áireamh.

(6)

Rinne Telefónica achomharc ar bhreithiúnas Telefónica. An 13 Nollaig 2017, d’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas i gCás C-487/16 P Telefónica SA v an Coimisiún Eorpach, ag diúltú d’achomharc Telefónica. Ní dhearna Pharol achomharc i gcoinne bhreithiúnas PT.

3.   FÍORAIS

(7)

Maidir leis an gcás ina bhfanann cinneadh an Choimisiúin maidir le sárú in éifeacht agus ina bhfuil luach res judicata aige, cé gur cuireadh na fíneálacha i leith an tsáraithe sin ar neamhní, ba cheart an cás sin a leigheas le Cinneadh nua faoi Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 i gcás shárú Telefónica agus Portugal Telecom ar Airteagal 101 CFAE a bunaíodh le Cinneadh 2013.

(8)

Chun an fhíneáil a ríomh, braitheann an Coimisiún ar an measúnú ar na fíorais a bunaíodh i gCinneadh 2013. Ag an am céanna, cuireann sé i bhfeidhm na prionsabail arna mbunú i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta maidir leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh, ar bhonn an ábhair a chuir na Páirtithe ar aghaidh, cé na seirbhísí sin nach raibh na Páirtithe in iomaíocht ionchasach le chéile ina leith laistigh de Leithinis na hIbéire le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta. Dá bhrí sin, déanann an Coimisiún na seirbhísí sin a eisiamh ó luach na ndíolachán chun na fíneálacha a ríomh.

(9)

Ina theannta sin, le linn an phróisis reatha a bhaineann leis na fíneálacha a athríomh, tháinig an Coimisiún ar roinnt míríomhanna a rinne Telefónica nuair a chuir siad luach na bhfigiúirí díolacháin ar fáil, rud a rinne difear ar deireadh do ríomh na bhfíneálacha i gCinneadh 2013.

(10)

Ní mór aghaidh a thabhairt ar bhotúin ríomha den sórt sin. Mura gceartófaí é, leanfadh luach an díolacháin de bheith earráideach agus íseal go míchuí agus bheadh fíneáil arna ríomh ar bhonn faisnéis mhícheart mar thoradh air. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag brath ar na figiúirí athbhreithnithe nua a chuir Telefónica ar fáil le linn an imscrúdaithe reatha chun luach ceart na ndíolachán sa Chinneadh uaidh a bhunú.

(11)

Sa Chinneadh nua, dealaíonn an Coimisiún luach díolachán na seirbhísí a mheasann an Coimisiún nach bhféadfadh aon iomaíocht ionchasach a bheith ann ina leith idir na Páirtithe le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta.

(12)

D’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Srianta agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach an 21 Eanáir 2022. Glacadh an Cinneadh an 25 Eanáir 2022.

4.   MEASÚNÚ DLÍTHIÚIL

4.1.   Iomaíocht fhéideartha

(13)

Measann an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcásdlí comhsheasmhach (3), maidir le comhaontuithe um páirtiú i margadh, amhail an ceann lena mbaineann sa Chinneadh seo, gurb é caighdeán an chruthúnais chun measúnú a dhéanamh ar iomaíocht ionchasach “bacainní dosháraithe ar iontráil”. Ag an am céanna, cuireann an Coimisiún cur chuige níos déine i bhfeidhm sa chás seo ná mar is gá agus fíoraíonn sé nach raibh an fhéidearthacht dul isteach sa mhargadh go hiomlán hipitéiseach, agus imthosca sonracha na margaí nó na seirbhísí éagsúla á gcur san áireamh.

(14)

Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na seirbhísí a mheasann an Coimisiún nach bhféadfadh aon iomaíocht ionchasach a bheith ann ina leith idir na Páirtithe le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta:

A)

I gcás Telefónica:

(i)

rochtain mhórdhíola (fhisiceach) ar bhonneagar líonra (LLU);

(ii)

seirbhísí uilíocha;

(iii)

Seirbhísí SIRDEE (Córas Raidió Digiteach Éigeandála); agus

(iv)

seirbhísí áirithe, cuid de na seirbhísí cumarsáide seasta i limistéir phoiblí a sholáthraíonn Telefónica (seirbhísí íocaíochta, díol dífhibrileoirí agus ligean ar cíos réiteach fógraíochta allamuigh).

B)

I gcás Pharol:

(i)

rochtain mhórdhíola (fhisiceach) ar bhonneagar líonra (LLU);

(ii)

seirbhísí mórdhíola chun teilifís dhigiteach a chraoladh; agus

(iii)

seirbhísí mórdhíola analógacha chun teilifís trastíre a chraoladh.

5.   FÍNEÁLACHA

(15)

Cuireann an Coimisiún na breithnithe céanna i bhfeidhm agus a bhí ann in 2013 maidir le tromchúis na fíneála, fad an tsáraithe, cion luach na ndíolachán atá le cur san áireamh agus imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha a bheith ann.

(16)

Ní rachaidh an méid bunúsach coigeartaithe thar 10 % de láimhdeachas iomlán Telefónica in 2020. I ndiaidh sraith idirbheart comhleanúnach agus atheagrú laistigh den chuideachta, níor bhain Pharol aon láimhdeachas amach in 2020, rud nach léiríonn go hiomchuí a ualach eacnamaíoch. Dar leis an gCoimisiún, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí, gur fearr a léiríonn láimhdeachas Pharol sa bhliain 2013, an bhliain iomlán deiridh de ghnáthghníomhaíocht eacnamaíoch Pharol thar thréimhse 12 mhí (4), fíorstaid eacnamaíoch Pharol agus ráthaíonn sé éifeacht dhíspreagthach leordhóthanach. Ní mó ná 10 % dá láimhdeachas iomlán don bhliain ghnó 2013 méid bunúsach coigeartaithe Pharol.

(17)

Ar deireadh, cé gur eascair na hearráidí maidir le luach díolachán Telefónica as ríomhanna earráideacha Telefónica féin, ní bheadh an Coimisiún tar éis teacht ar na hearráidí sin maidir le luach na ndíolachán agus, dá bhrí sin, ní bheadh sé in ann an fhíneáil a mhéadú, dá mba rud é nár chuir an Chúirt Ghinearálta fíneálacha Chinneadh 2013 ar neamhní. Sna himthosca sin, agus i bhfianaise na héifeachta measartha beag a bhí ag na hearráidí sin ar mhéid na fíneála, agus ós rud é go bhfuil tréimhse shuntasach ama caite ó tharla na hearráidí sin (12 Meán Fómhair 2012), measann an Coimisiún go bhfuil sé réasúnta sa chás áirithe seo a chorrlach lánroghnach a úsáid, i gcomhréir le pointe 37 de na Treoirlínte maidir le fíneálacha (5), chun an fhíneáil a gearradh ar Telefónica a laghdú go dtí an leibhéal a bunaíodh i gCinneadh 2013.

(18)

Dá bhrí sin, is é méid deiridh na bhfíneálacha aonair a gearradh de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 an méid seo a leanas:

Páirtí

Fíneáil iomlán (EUR)

Telefónica

66 894 000

Pharol

12 146 000


(1)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).

(2)  Cás T-216/13 Telefónica SA v An Coimisiún Eorpach (“breithiúnas Telefónica”) agus Cás T-208/13 Portugal Telecom SGPS SA v An Coimisiún Eorpach (“breithiúnas PT”).

(3)  Breithiúnas Telefónica, mír 221 agus breithiúnas PT, mír 181; Cás T-691/14, Servier SAS ague Eile v An Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2018:922, míreanna 319, 327 agus 328, breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Bealtaine 2014, T-519/09, Toshiba Corp. v An Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2014:263, mír 231.

(4)  Mar shampla, i mBreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Aibreán 2010, T-456/05 agus T-457/05, Gütermann et Zwicky, ECLI:EU:T:2010:168, míreanna 94-103 agus tagairtí eile dó.

(5)  “Cé go léirítear sna Treoirlínte sin an mhodheolaíocht ghinearálta chun fíneálacha a shocrú, maidir le sainiúlachtaí cáis ar leith nó maidir leis an ngá atá le díspreagadh a bhaint amach i gcás ar leith, d’fhéadfadh údar maith a bheith ann imeacht ón modheolaíocht sin nó ó na teorainneacha a shonraítear i bpointe 21”.