17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 177/106


P9_TA(2022)0428

Fógra faoin Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2022 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaigh atá bunaithe san Aontas (COM(2021)0567 – C9-0323/2021 – 2021/0204(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 177/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0567),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0323/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad Éireann, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 (1),

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022 (2),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Samhain 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0145/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (3);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 140.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 8 Meitheamh 2022 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0231)