|
11.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 167/80 |
P9_TA(2022)0396
Cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin (COM(2022)0032 – C9-0033/2022 – 2022/0021(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2023/C 167/25)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0032), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0033/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Lúnasa 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Deireadh Fómhair 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0205/2022), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2022)0021
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Samhain 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2480.)