5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 161/53


P9_TA(2022)0385

Forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán sa Chróit

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán i bPoblacht na Cróite (10624/2022 – C9-0222/2022 – 2022/0806(NLE))

(Comhairliúchán)

(2023/C 161/12)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréacht ón gComhairle (10624/2022),

ag féachaint d’Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2012, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0222/2022),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cur i bhfeidhm iomlán acquis Schengen ag an gCróit a fhíorú (COM(2019)0497),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha is gá chun acquis Schengen ag an gCróit a chur i bhfeidh go hiomlán (COM(14883)21),

ag féachaint d’Airteagal 77(67) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear limistéar saoirse, slándála agus ceartais lena bhforáiltear go n-áiritheoidh an tAontas nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine,

ag féachaint d’Airteagal 21(1) CFAE agus d’Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirithítear ceart na saoránach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

ag féachaint dá rúin an 8 Iúil 2021 (1) agus an 30 Bealtaine 2018 (2) maidir leis na Tuarascálacha Bliantúla ar fheidhmiú limistéar Schengen chomh maith lena rúin an 11 Nollaig 2018 (3), an 13 Deireadh Fómhair 2011 (4) agus an 8 Meitheamh 2011 (5) maidir le próiseas méadaithe Schengen,

ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcás M. H agus eile v. an Chróit (15670/18 agus 43115/18) an 18 Samhain 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil mhí Iúil 2022 ar an Sásra Neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí póilíní de chuid Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Cróite i réimse na himirce neamhdhleathaí agus na cosanta idirnáisiúnta,

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0264/2022),

1.

ag formheas an dréachta ón gComhairle arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an dréacht a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Leasú 1

Dréachtchinneadh

Aithris 4

Dréacht ón gComhairle

Leasú

(4)

An 22 Deireadh Fómhair 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le fíorú ar chur i bhfeidhm iomlán acquis Schengen ag an gCróit (5), inar thángthas ar an gconclúid “go measann an Coimisiún go bhfuil na bearta is gá glactha ag an gCróit chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha is gá chun na codanna ábhartha uile de acquis Schengen a chur i bhfeidhm. Beidh ar an gCróit leanúint de bheith ag obair go comhsheasmhach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí leanúnacha uile, go háirithe i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, chun a áirithiú go leanfar de na dálaí sin a chomhlíonadh. Dearbhaíonn an Coimisiún freisin go leanann an Chróit de na gealltanais a bhaineann le acquis Schengen, mar a gabhadh ar láimh ina caibidlíocht aontachais, a chomhlíonadh”.

(4)

An 22 Deireadh Fómhair 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le fíorú ar chur i bhfeidhm iomlán acquis Schengen ag an gCróit (5), inar thángthas ar an gconclúid “go measann an Coimisiún go bhfuil na bearta is gá glactha ag an gCróit chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha is gá chun na codanna ábhartha uile de acquis Schengen a chur i bhfeidhm. Beidh ar an gCróit leanúint de bheith ag obair go comhsheasmhach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí leanúnacha uile, go háirithe i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, chun a áirithiú go leanfar de na dálaí sin a chomhlíonadh. Dearbhaíonn an Coimisiún freisin go leanann an Chróit de na gealltanais a bhaineann le acquis Schengen, mar a gabhadh ar láimh ina caibidlíocht aontachais, a chomhlíonadh”. Ba cheart don Chróit Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas i scríbhinn faoin… [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo] na gníomhaíochtaí leantacha a rinneadh tar éis an phlean gníomhaíochta i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus chur chun feidhme aon ghníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann leis sin, lena n-áirítear maidir leis an sásra neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí póilíní.

Leasú 2

Dréachtchinneadh

Aithris 4 a (nua)

Dréacht ón gComhairle

Leasú

 

(4a)

Tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, ba cheart don Choimisiún, ina chlár meastóireachta bliantúil, meastóireacht thréimhsiúil nó théamach a áireamh ar chur i bhfeidhm acquis Schengen ag an gCróit i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear ábhair imní maidir le staid na gceart bunúsach. I bhfianaise na dtuarascálacha agus na líomhaintí maidir le drochíde agus brú siar imirceach ag na teorainneacha, ba cheart go n-áireofaí sa mheastóireacht sin cuairt ar an gCróit, chomh maith le hobair leantach bhliantúil ar an sásra faireacháin neamhspleách athbhunaithe ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart don Choimisiún moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh a sainaithníodh agus faisnéis shoiléir agus rialta a chur ar fáil fúthu .

Leasú 3

Dréachtchinneadh

Aithris 5

Dréacht ón gComhairle

Leasú

(5)

An 9 Nollaig 2021, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid go ndearna an Chróit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm gach cuid den acquis ábhartha a chomhlíonadh (6).

(5)

An 9 Nollaig 2021, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid go ndearna an Chróit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm gach cuid den acquis ábhartha a chomhlíonadh (6) agus d’iarr sí ar an gCróit leanúint de bheith ag obair go comhsheasmhach ar chur chun feidhme acquis Schengen agus ar na gealltanais a bhaineann le acquis Schengen .


(1)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 158.

(2)  IO C 76, 9.3.2020, lch. 106.

(3)  IO C 388, 13.11.2020, lch. 18.

(4)  IO C 94 E, 3.4.2013, lch. 13

(5)  IO C 380 E, 11.12.2012, lch. 160.

(5)  COM(2019)0497 an 22.10.2019

(5)  COM(2019)0497 an 22.10.2019

(6)  14883/21

(6)  14883/21