5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 161/20


P9_TA(2022)0376

Comhaontú idir AE agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (11050/2022 – C9-0299/2022 – 2022/0200(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 161/03)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11050/2022),

ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (10151/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0299/2022),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0263/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na hÚcráine.