14.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 132/73


P9_TA(2022)0336

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (COM(2021)0113 – C9-0095/2021 – 2021/0058(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 132/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0113),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0095/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0312/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 106.


P9_TC1-COD(2021)0058

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2343.)