5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/148 |
P9_TA(2022)0307
Leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh (Togra an tslabhra maidir le suibscríobh indíreach) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (COM(2021)0665 – C9-0398/2021 – 2021/0343(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2023/C 125/19)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0665), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0398/2021), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Eanáir 2022 (1), |
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Nollaig 2021, (2) |
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0020/2022), |
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0343
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)