|
5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/144 |
P9_TA(2022)0304
Tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle a bhaineann le tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (07978/2022 – C9-0181/2022 – 2022/0082(NLE))
(Toiliú)
(2023/C 125/16)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07978/2022), |
|
— |
ag féachaint do na dréachtleasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (07978/2022), |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0181/2022), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0229/2022), |
|
1. |
ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích na leasuithe ar an gcomhaontú; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát. |