|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 434/81 |
P9_TA(2022)0109
Íosleibhéal oiliúna do mharaithe (códú) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (códú) (COM(2020)0739 – C9-0371/2020 – 2020/0329(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)
(2022/C 434/21)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0739), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 294(2) agus 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0371/2020), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021 (1), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha (2), |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0080/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint; |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún mar a oiriúnaíodh é do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ina tuairimí an 31 Márta 2021 agus an 10 Márta 2022; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2020)0329
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Aibreán 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (códú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/993.)