|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 434/67 |
P9_TA(2022)0105
Bonneagar tras-Eorpach fuinnimh ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (COM(2020)0824 – C9-0417/2020 – 2020/0360(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2022/C 434/17)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0824), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0417/2020), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Márta 2021 (1), |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Iúil 2021 (2), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Nollaig 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0269/2021), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2020)0360
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Aibreán 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/869.)