|
20.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 361/39 |
P9_TA(2022)0093
Malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil *
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil (14837/2021 – C9-0003/2022 – 2021/0807(CNS))
(Comhairliúchán)
(2022/C 361/13)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréacht ón gComhairle (14837/2021), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna leasú le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0003/2022), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0050/2022), |
|
1. |
ag formheas an dréachta ón gComhairle; |
|
2. |
á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint; |
|
3. |
á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leParlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil; |
|
4. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |