6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 342/290 |
P9_TA(2022)0035
Iarnród: síneadh a chur le bearta sealadacha i ndáil le muirir a thobhach – COVID-19 ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha maidir le bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid (COM(2021)0832 – C9-0001/2022 – 2021/0437(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2022/C 342/33)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0832), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0001/2022), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Eanáir 2022 (1), |
— |
tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
— |
ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 26 Eanáir 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta, |
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
P9_TC1-COD(2021)0437
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Feabhra 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha maidir le bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/312.)