29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/81


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 228/11)

Rapóirtéir:

Stefan BACK

Comhrapóirtéir:

Mateusz SZYMAŃSKI

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Sualainne, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

14.12.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

12.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

159/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Maidir le dlús a chur leis an aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach, ní mór é a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go nglacfaidh saoránaigh agus gnólachtaí leis – lena n-áirítear lucht tionscail agus earnáil an iompair – agus go nglacfar freisin leis an gcuspóir maidir le hastaíochtaí a laghdú 90 % in earnáil an iompair faoi 2050 agus leis na bealaí agus na modhanna a úsáidfear chun an cuspóir sin a bhaint amach.

1.2.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór an t-aistriú a chur chun feidhme ar bhealach a léireoidh do shaoránaigh agus gnólachtaí gur rud inghlactha é ó thaobh airgeadais de, agus ar bhonn sóisialta agus praiticiúil. Sa chaoi sin, beidh siad réidh chun tacaíocht ghníomhach a thabhairt dó agus beidh siad sásta an méid sin a dhéanamh. Mura tharlóidh sé sin, beidh baol láidir ann ní hamháin go dteipfeadh air, ach go mbeadh míshuaimhneas sóisialta ann sa chás ba mheasa.

1.3.

Tá CESE den tuairim nach mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun go n-éireoidh leis an aistriú:

caithfidh nach mothóidh gnólachtaí amhail agus go bhfuil siad thíos leis an iomarca costas agus go bhféadfaidh siad a bheith iomaíoch i gcónaí, ní hamháin laistigh den Aontas;

ní mór taithí dhearfach a bheith san aistriú d’fhostaithe agus an deis a thabhairt dóibh dul in oiriúint do dhálaí nua oibre ar bhealach a bheidh inghlactha go sóisialta;

ní mór inrochtaineacht agus soghluaiseacht a áirithiú do shaoránaigh i gceirtleáin agus i gceantair thuaithe máguaird araon ar chostas réasúnta agus faoi chúinsí maithe ginearálta.

1.4.

Cé gur cosúil go bhfuil gach páirtí ar aon intinn faoi chuspóir 2050, ní cosúil go dtí seo gur féidir an rud céanna a rá faoi na bealaí agus modhanna chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás an iompair thromshaothair , réimse inar cosúil go bhfuil na féidearthachtaí an-teoranta maidir le leictriú agus nach leor an soláthar breoslaí malartacha.

1.5.

Maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite sa chóras iompair, ba cheart na cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite agus a bhfoinsí éagsúla a chur san áireamh chun go bhféadfar a bheith neamhspleách ar sholáthraithe agus ar thíortha áirithe. Ba cheart spleáchais a bhaineann le hamhábhair agus comhpháirteanna a úsáidtear i dtáirgeadh na ngluaisteán leictreach a chur san áireamh freisin.

1.6.

Tá sé ríthábhachtach ilmhódúlacht a fhorbairt chun an leas is fearr a bhaint as gach modh iompair, lena n-áirítear na modhanna iompair nua atá saor ó astaíochtaí. Cuideoidh an digiteáil, barrfheabhsú agus comhordú na hacmhainneachta leis an gcóras iompair feidhmiú mar chóras comhleanúnach.

1.7.

Is réamhriachtanas iad bonneagar iompair, agus go háirithe bonneagar dáileacháin le haghaidh breoslaí malartacha, infheistíocht i mbonneagar agus éifeachtúlacht an bhonneagair chun athruithe a dhéanamh in earnáil an iompair, lena n-áirítear i ndáil le hinrochtaineacht iompair, breoslaí glana a úsáid, comhtháthú na modhanna iompair, agus nuálaíochtaí agus modhanna nua iompair a chur chun feidhme. Tá sé á chur chun suntais ag Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nach bhfuil an t-amlíne maidir le húsáid bonneagar breoslaí malartacha agus hidrigine ag teacht leis na teorainneacha ama a leagtar síos chun gréasán TEN-T a chur chun feidhme, agus an chaoi nach luaitear i reachtaíocht an Aontais na limistéir thuaithe sin nach gcumhdaítear le gréasán TEN-T.

1.8.

Chun cuidiú leis na tíortha éagsúla a gcóras iompair féin a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, ní mór a gcuid saintréithe agus sainroghanna éagsúla a chur san áireamh.

1.9.

D’fhéadfaí forbairt inbhuanaithe an chórais iompair, mar a leagtar amach i ndoiciméid de chuid an Aontais í, a chur i mbaol de bharr tosca seachtracha, ach ní mór spreagadh a thabhairt do na hathruithe atá beartaithe chun a áirithiú gur féidir na torthaí a bhaint amach ar bhealach inghlactha.

1.10.

Ní mór an t-iompar atá inbhuanaithe go sóisialta a bheith inrochtana, cuimsitheach agus inacmhainne chun fadhb na bochtaineachta soghluaisteachta a sheachaint. Tá CESE den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an iompar poiblí i bpróiseas an chlaochlaithe. Mar gheall ar a chuimsithí atá sé, is féidir cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach.

1.11.

Ní éireoidh leis an gclaochlú gan rannpháirtíocht na bhfostaithe, rannpháirtíocht nach bhfuil róláidir faoi láthair san earnáil. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-aithnítear earnáil an iompair mar earnáil ina bhfuil poist ardcháilíochta, rud a mheallfadh daoine chun post a lorg ansin. Beidh ríthábhacht le hidirphlé sóisialta agus cómhargáil i ndáil leis an méid sin.

1.12.

Cuireann CESE béim ar a thábhachtaí a bheidh sé comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile lena mbaineann agus feasacht a mhúscailt le linn gach céime den aistriú.

2.   Cúlra

2.1.

Tá tústuairim iarrtha ag Uachtaránacht na Sualainne maidir leis an aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach.

Ba cheart breathnú ar an tuairim seo i bhfianaise chuspóirí uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais – laghdú 90 % ar astaíochtaí CO2 ón gcóras iompair faoi 2050 agus 55 % faoi 2030. Tosófar ar chur chun feidhme na gcuspóirí sin tríd an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Cuirfear feabhas ar shábháilteacht freisin agus na cuspóirí sin á saothrú.

2.2.

Mar a comhaontaíodh, beidh laghdú 55 % ar astaíochtaí CO2 le baint amach faoi 2030 i gcás gluaisteán agus laghdú 50 % i gcás veaineanna, agus laghdú 100 % ar na hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua faoi 2035. Tá togra le cur i láthair ag an gCoimisiún go gceadófar feithiclí a bhaineann úsáid as breoslaí neodracha CO2 tar éis 2035 agus go ndéanfar measúnú ar éifeacht shóisialta agus eacnamaíoch an chomhaontaithe in 2026.

Tá príomhthograí eile ann atá ábhartha don chuid sin den phacáiste “Oiriúnach do 55” a bhaineann leis an iompar, ar thángthas ar chomhaontuithe tríthaobhacha ina leith. Baineann na príomhthograí sin le trádáil astaíochtaí, lena n-áirítear iompar de bhóthar, iompar eitlíochta agus iompar muirí, athbhreithniú ar an treoir maidir le breoslaí in-athnuaite agus ar an rialachán maidir le bonneagar dáileacháin le haghaidh breoslaí in-athnuaite (Rialachán AFIR).

2.3.

I mí na Nollag 2021, cuireadh i láthair togra le haghaidh athbhreithniú ar an rialachán ina mbeidh treoirlínte maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) chun an gréasán a chur chun feidhme ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtúla agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Cuireadh i láthair freisin teachtaireacht maidir leis an tsoghluaisteacht sna cathracha agus togra maidir le cumarsáid TF. Comhaontaíodh cur chuige coiteann maidir le togra TEN-T i gComhairle na nAirí Iompair i mí na Nollag 2022.

2.4.

I gclár oibre an Choimisiúin do 2023, cuimsítear pacáiste maidir le hiompar lastais a ghlasú, ina mbeidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le hualaí agus le toisí i gcás feithiclí tromshaothair agus ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte.

2.5.

I mí an Mhárta 2023, thíolaic an Coimisiún Teachtaireacht maidir le banc hidrigine Eorpach inar díríodh ar mhaoiniú.

2.6.

Tá teachtaireacht maidir le spás coiteann sonraí Eorpach don tsoghluaisteacht beartaithe do 2023.

2.7.

D’fhéadfadh na comhaontuithe ar ar thángthas sna cruinnithe tríthaobhacha leanúnacha maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” difear cinntitheach a dhéanamh do na féidearthachtaí maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a leagtar amach do 2050 a bhaint amach. Is amhlaidh atá freisin i gcás na dtograí thuasluaite atá beartaithe do 2023 agus is iad na comhreachtóirí a shocróidh a bhfuil i ndán do na tograí sin. Chun go n-éireoidh go maith leis an méid sin, beidh sé ríthábhachtach teacht ar bhealach éifeachtúil chun an idirthréimhse a bhainistiú, a mhéid a bhaineann le forbairt theicniúil, forbairt córas agus gnéithe sóisialta.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Baineann líon mór saincheisteanna leis an iompar, agus tá baint shonrach ag roinnt mhaith de na saincheisteanna sin le modhanna iompair ar leith. Is iad seo a leanas na gnéithe bunriachtanacha a bhaineann le haistriú an chórais iompair a chur chun feidhme agus dlús a chur leis de réir mar is iomchuí: laghdú astaíochtaí, forbairt na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, an digiteáil, éifeachtúlacht fheabhsaithe agus modhanna malartacha iompair sna cathracha. Dealraíonn sé go bhfuil na gnéithe sin, mar aon le hinfhaighteacht bonneagair leordhóthanaigh le haghaidh breoslaí, ábhartha i gcás na modhanna iompair uile agus iompar earraí agus paisinéirí. Is den tábhacht acmhainní leordhóthanacha – bídís príobháideach nó poiblí – a chur ar fáil i gcomhair taighde agus forbairt ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, ar bhreoslaí in-athnuaite agus ar réitigh dhigiteacha maidir leis an iompar.

3.2.

Is den tábhacht an reachtaíocht ábhartha uile a bheith comhsheasmhach le cuspóirí an aistrithe ghlais, a mhéid is féidir, agus go ndéanfar laghdú astaíochtaí a chur chun cinn, ar bhealach nach ndéanfaidh dochar do leasanna sóisialta na n-oibrithe.

3.3.

Tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta tábhachtacha a bhaineann le claochlú an chórais iompair, don lucht saothair agus d’úsáideoirí araon, agus a chinntiú nach mbeidh éifeachtaí diúltacha ann ar oibrithe. Ní mór a áirithiú chomh maith go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar iompar inacmhainne freisin, chomh maith le slabhraí lóistíochta éifeachtúla ar phraghas réasúnta. Beidh tábhacht le réitigh leordhóthanacha i gcás na ngnéithe sin chun go nglacfaidh an lucht saothair, an pobal i gcoitinne agus gnólachtaí leis an aistriú.

3.4.

I bhfianaise ardleibhéal na huaillmhéine, agus é á chur san áireamh go meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar iompar (meastar go méadófar é faoi bhreis agus a dhó faoi 2050), beidh ríthábhacht le dea-bhainistiú iontaofa ar an aistriú. Ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na bearta cur chun feidhme indéanta, go bhféachfar orthu mar bhearta indéanta agus go gcuirfear na comharthaí cearta in iúl don mhargadh.

3.5.

Beidh an-tábhacht leis an iontaofacht freisin chun go mbeidh daoine sásta a nósanna agus stíl mhaireachtála a mhodhnú chun go gcuirfear an t-aistriú chun cinn, amhail a bheith toilteanach infheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí ina mbeidh córais tiomána nua, tús áite a thabhairt don roinnt gluaisteáin, úsáid níos mó a bhaint as an iompar comhchoiteann agus as modhanna gníomhacha iompair, amhail rothaíocht nó siúl, go háirithe i gcathracha, agus na cuideachtaí iompair lastais a bheith toilteanach faisnéis a mhalartú chun go bhféadfar feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní trí chomhroinnt acmhainne.

3.6.

Beidh tábhacht le múscailt feasachta, agus le hobair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin chun a dtionchar a áirithiú. Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha tábhachtach sa chás seo.

3.7.

I ngeall ar an uirbiú agus forbairt na ríomhthráchtála, tiocfaidh athrú ar riachtanais agus ar phatrúin ó thaobh an iompair de, rud is léir mar shampla sa togra thuasluaite maidir le TEN-T agus sa teachtaireacht maidir le hiompar sna limistéir uirbeacha. Is maith an comhthéacs iad ceantair uirbeacha chun modhanna iompair gníomhacha agus glasa, agus réitigh ghlasa ar an iompar lastais, a chur chun cinn.

3.8.

Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, aontas ina bhfuil 27 mBallstát, agus iad an-éagsúil ó chéile, cuir i gcás ón dúlra, ón déimeagrafaíocht, ón dlús daonra, go dálaí maireachtála agus costais na ngnólachtaí, is féidir gur gá, ar chúiseanna praiticiúla agus indéantachta, a aithint nach ann d’aon réiteach amháin ann a oireann do gach cás agus, mar sin, nár mhór a bheith solúbtha agus glacadh le réitigh éagsúla ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. D’fhéadfadh méid foriomlán na gcónasc feithiclí a bheith ina shampla de sin, nó a mhéid is féidir bithbhreoslaí a dhéanamh as táirgí foraoiseachta, nó sciar na mbithbhreoslaí sa mhéid fuinnimh in-athnuaite a chuirtear ar fáil don iompar.

3.9.

Ba cheart an neodracht theicneolaíoch a bheith ina prionsabal uileghabhálach nuair a bheidh réitigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á gceapadh agus á gcur chun feidhme, chun go bhféadfar sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh.

3.10.

Le blianta beaga anuas, bhí an Eoraip neamhchosanta ar ghéarchéimeanna a bhí ag cur isteach ar fheidhmiú an chórais iompair, amhail paindéim COVID-19, a rinne difear d’iompar paisinéirí agus a chruthaigh dúshlán d’fheidhmiú na nasc iompair lastais. Tá éifeacht nach beag ag an gcogadh san Úcráin agus ag na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm dá bharr ar infhaighteacht agus ar phraghsáil fuinnimh, lena n-áirítear breoslaí iompair. Ní féidir a fhágáil as an áireamh go bhféadfadh tionchar a bheith ag na fadhbanna fuinnimh agus ag an bpraghsáil ar na féidearthachtaí maidir le breoslaí in-athnuaite a fhorbairt agus go bhféadfaí imthosca a chruthú freisin lena gcuirfear forbairt an iompair chomhchoitinn, mar shampla, chun cinn.

3.11.

Cuireann an méid sin chun suntais a thábhachtaí atá sé gan bheith ag brath ar an aon soláthraí amháin mar fhoinse fuinnimh.

Ceanglais CO2 – breoslaí in-athnuaite/modhanna tiomána – infhaighteacht agus roghanna

3.12.

Díríonn an Coimisiún Eorpach ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite agus ar hidrigin ghlas mar phríomhfhoinsí fuinnimh. Sa chomhaontú a rinneadh le déanaí i dtaca leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, leagtar síos sciar domhanda íosta 42,5 % d’fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, a bhfuil 29 % díobh in earnáil an iompair, lena n-áirítear fo-sprioc chomhcheangailte cheangailteach de 5,5 % i gcás bithbhreoslaí ardfhorbartha agus breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus íoscheanglas 1 % i gcás breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Ardaítear na trí shaincheist seo a leanas leis an méid sin: na leasuithe ar an Rialachán maidir le húsáid talún agus an fhoraoiseacht (LULUCF) lena gcuirtear srian ar tháirgí foraoise a úsáid chun bithbhreoslaí a tháirgeadh, agus dramhaíl bhithmhaise ón talmhaíocht agus ó thionscail an bhia a úsáid chun breoslaí a tháirgeadh. Is cuid tábhachtach é seo de réiteach foriomlán le haghaidh soláthair fuinnimh, mar aon le féidearthachtaí fuinnimh gheoiteirmeigh agus breoslaí nua eitlíochta.

3.13.

Sa togra atá beartaithe maidir le srianta ar astaíochtaí CO2 i gcás feithiclí tromshaothair, tugtar teorainneacha féideartha na tiomána leictrí chun suntais, sa chianiompar go háirithe, agus an cheist maidir le leordhóthanacht an tsoláthair i gcás breoslaí malartacha le haghaidh feithiclí den sórt sin agus costas iomlán na húinéireachta a bhainfeadh leo. I bhfianaise an méid sin, ardaíodh ceist i dtionscal na ngluaisteán maidir le rogha eile a bheith ann maidir le breoslaí iontaise ísealcharbóin/ar bheagán astaíochtaí a fhorbairt chun astaíochtaí a laghdú gan athnuachan flíteanna feithiclí a bheith ina riachtanas agus gan bonneagar tiomnaithe a bheith ag teastáil. Is é is dóichí gur comhstraitéis, bunaithe ar an dá cholún, a thabharfaidh an réiteach is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach: Leis an straitéis sin, d’fhéadfaí breoslaí astaíochtaí nialasacha agus ísle a fhorbairt gan mhoill, lena n-áirítear cineálacha éagsúla hidrigine, agus na féidearthachtaí a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí sna deighleoga iompair sin ina nach bhfuil an leictriú ina rogha faoi láthair.

3.14.

Molann CESE freisin modh níos cuimsithí chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí a mheas; is é sin go nglacfaí leis an modh “umar go roth” in áit an mhodha reatha “tainc go roth”, rud a chuirfeadh bonn níos fearr ar fáil le haghaidh astaíochtaí CO2 a mheas.

3.15.

Mórcheist is ea bonneagar a bheith ar fáil le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus dáileadh hidrigine, rud atá ríthábhachtach maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid sa chóras iompar, lena n-áirítear an ardacmhainneacht a bheidh ag teastáil i gcás feithiclí tromshaothair. Leagtar amach sa chomhaontú tríthaobhach maidir le Rialachán AFIR cuspóirí úsáide do ghluaisteáin, veaineanna agus feithiclí tromshaothair do chroíghréasán TEN-T agus do ghréasán cuimsitheach TEN-T, cuspóirí a gcuirfear tús leo in 2025 agus in 2030 le haghaidh hidrigine. Beidh cumhdach iomlán ann le haghaidh feithiclí tromshaothair faoi 2030. D’fhéadfadh sé sin fadhb a chruthú maidir le comhleanúnachas toisc go mbeidh croíghréasán TEN-T tugtha chun críche faoi 2040 ach ní thabharfar an gréasán cuimsitheach chun críche go dtí 2050. D’fhéadfadh fadhb a bheith ann freisin mar gheall ar an infhaighteacht i limistéir thuaithe nach gcumhdaítear le TEN-T. I gcás ar bith, mar gheall ar an moill a chuirtear go minic ar chur chun feidhme tionscadal bonneagair, cruthaítear gá lena áirithiú go ndéanfar tosaíocht den infheistíocht agus go ndéanfaí faireachán éifeachtach a áirithiú.

Éifeachtúlacht le haghaidh an aistrithe

3.16.

De bhíthin na héifeachtúlachta, feabhsaítear inbhuanaitheacht an chórais iompair. D’fhéadfaí an éifeachtúlacht a bhaint amach le hacmhainneacht luchtaithe níos fearr, le bonneagar feabhsaithe a chuirfidh le luas na modhanna iompair nó le bonneagar feabhsaithe críochfoirt a fhágfaidh go ndéanfar an luchtú/díluchtú nó athrú sa mhodh iompair ar bhonn níos tapúla. D’fhéadfaí an trácht uirbeach, go háirithe, a laghdú le nuatheicneolaíochtaí agus le bealaí nua chun modhanna iompair a úsáid, e.g. an roinnt gluaisteáin. Níor cheart féidearthachtaí maidir le leas a bhaint as saoráidí a chuireann feabhas ar an éifeachtúlacht a bheith coinníollach, mar shampla, ar cháilíochtaí comhshaoil feithicle, ós rud é go gcuirfeadh sé sin teorainn le raon feidhme na hinbhuanaitheachta feabhsaithe ábhartha.

3.17.

Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nár cheart cáilíochtaí comhshaoil feithicle, amhail astaíochtaí nialasacha, a bheith ina gcoinníoll don acmhainneacht luchtaithe feabhsaithe a eascraíonn as glacadh le feithiclí móra nó troma, agus/nó le cónaisc na bhfeithiclí sin agus nár cheart an acmhainneacht feabhsaithe sin a bheith nasctha le húsáid shonrach ach oiread.

3.18.

Tá sé chomh tábhachtach céanna, áfach, cothrom iomaíochta a thabhairt d’fheithiclí, d’eitleáin nó do longa astaíochtaí nialasacha agus ísle trína áirithiú, a mhéid is féidir, go n-áiritheofar le saintreoracha teicniúla go mbeidh an acmhainneacht luchtaithe chéanna acu atá ag feithiclí, longa agus eitleáin eile. Chun borradh a chur faoi úsáid breoslaí neamh-iontaise, tá gá le spriocanna uaillmhianacha chun slándáil a áirithiú d’infheisteoirí.

3.19.

Tá tábhacht leis an digiteáil freisin mar bhealach chun an éifeachtúlacht a fheabhsú. D’fhéadfadh malartú faisnéise idir gnólachtaí rannchuidiú le héifeachtúlacht níos fearr a áirithiú, comhtháthú modhanna iompair a chumasú, oibríochtaí a chomhordú agus, dá réir sin, an inbhuanaitheacht a fheabhsú.

Ilmhódúlacht agus aistriú

3.20.

Ós rud é gur príomhghné den Chomhaontú Glas é feabhas a chur ar inbhuanaitheacht gach modha, is féidir breathnú ar gach ceann acu mar chuid de chóras. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar chuspóir ilmhódúlacht éifeachtúil gan uaim a chur chun cinn sa dóigh is go n-éireodh chomh maith agus is féidir leis na modhanna iompair uile, rud a d’fhágfadh go gcuirfí feabhas ar an inbhuanaitheacht fhoriomlán. Cuideoidh an digiteáil, barrfheabhsú agus comhordú na hacmhainneachta leis an gcóras iompair feidhmiú mar chóras comhleanúnach. Ba cheart rochtain ar líonraí a bheith comhionann i gcás gach modha agus ba cheart don rochtain sin an ilmhódúlacht a éascú. Ba cheart caitheamh go cothrom le gach modh iompair agus ba cheart do na modhanna sin leas a bhaint as an nuachóiriú chun an éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun rannchuidiú leis an dícharbónú agus le hearnáil iompair níos inbhuanaithe agus níos athléimní a fhorbairt.

Cur chuige uileghabhálach

3.21.

Chun an inbhuanaitheacht a fheabhsú, ba cheart cur chuige bunúsach a ghlacadh ina mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na réitigh atá ar fáil agus a bhfuil rath orthu. Go deimhin, ní mór acmhainní a dhíriú ar réitigh nua agus nuálacha a fhorbairt, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá sé chomh tábhachtach céanna gan bac a chur ar úsáid roghanna atá ar fáil cheana. Ní mór aistriú an chórais iompair a bheith inchreidte agus réalaíoch, agus torthaí intomhaiste a bhaint amach.

3.22.

Dá bhrí sin, na réitigh ar cheart oibriú orthu, ba cheart iad a bheith inchreidte agus inghlactha go sóisialta. Ciallaíonn sé sin nach mór pleananna nithiúla agus comhordaithe a dhéanamh agus iad a bheith faoi réir idirphlé sóisialta idir na páirtithe lena mbaineann, ar idirphlé sóisialta é a bhainfidh leis an lucht saothair a chumasú chun dul in oiriúint do cheanglais inniúlachta nua agus an dífhostaíocht a sheachaint san idirthréimhse.

3.23.

Tá sé tábhachtach go mbeadh réitigh inchreidte ó thaobh airgeadais de. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach mór é a bheith ar a n-acmhainn ag na tomhaltóirí an costas a bhaineann le húsáid breoslaí astaíochtaí ísle nó breoslaí astaíochtaí nialasacha a íoc, agus nach mór é a bheith indéanta d’oibreoirí tráchtála oibríochtaí a dhéanamh ar leibhéal brabúis atá inghlactha. B’fhearr tacaíocht dhíreach airgeadais a sheachaint mar réiteach. Réiteach níos fearr is ea buntáistí cánach a dheonú do thomhaltóirí nó do ghnólachtaí a dhéanann infheistíocht i réitigh inbhuanaithe.

3.24.

Leagtar béim ar ról an chórais soláthair phoiblí mar bhealach chun cuspóirí inbhuanaithe a chur chun cinn i gcás infheistíochtaí poiblí. Ba cheart an rogha maidir le comhlíonadh dhlí an tsaothair a thabhairt isteach mar cheanglas sonrach a chur chun cinn. Ba cheart cómhaoiniú iompair an Aontais a ailíniú le beartais náisiúnta agus leis an bpleanáil náisiúnta, rud a bheadh ar aon dul le creat an Aontais.

3.25.

Tá an tsábháilteacht agus an tslándáil riachtanach d’aon chóras iompair inbhuanaithe. Bíonn tionchar acu ar gach úsáideoir iompair agus ar gach soláthraí seirbhíse. Dá bhrí sin, ní mór caighdeáin a fheabhsú ar bhonn leanúnach i ngach modh iompair.

Rannpháirtíocht agus comhairliúchán

3.26.

Tá sé tábhachtach go mbeadh rath ar an aistriú glas chun comhthoil a bhaint amach trí idirphlé sóisialta agus trí chomhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí uile agus leis an bpobal i gcoitinne. Cuideoidh an cur chuige sin le fadhbanna a shainiú, réitigh a aimsiú a bheidh inghlactha do na páirtithe uile lena mbaineann agus muinín a chothú sna bearta atá beartaithe agus tacaíocht ghinearálta a thabhairt dóibh. Ní mór breathnú air sin mar choinníoll fíorthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht maidir leis an bpróiseas casta a bhaineann le hearnáil an iompair a athrú ó bhonn agus trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha agus cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú.

3.27.

Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá leis go leanfaidh an tsochaí shibhialta de bheith rannpháirteach go dlúth i dtionscnaimh lena gcuirtear iompar inbhuanaithe chun cinn agus molann sé an comhoibriú sna céimeanna luatha leis na geallsealbhóirí uile a fhorbairt tuilleadh.

4.   Barúlacha sonracha

Gnéithe sóisialta – inrochtaineacht iompair

4.1.

Ní mór an t-iompar atá inbhuanaithe go sóisialta a bheith inrochtana, cuimsitheach, sábháilte agus inacmhainne d’fhonn an bhochtaineacht soghluaisteachta a sheachaint. Ní mór dó freagairt do riachtanais shonracha grúpaí éagsúla – na mná mar shampla. Ciallaíonn inrochtaineacht, inter alia, pleanáil chríochach leordhóthanach, lena n-áirítear maidir leis an gcomhéadan idir ceirtleáin agus na ceantair thuaithe máguaird agus aird chuí á tabhairt ar réitigh dhílsithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta (cosáin bheo, traenacha cnoic etc.). Ba cheart feabhas a chur ar an iompar éiceolaíoch atá ar fáil don turasóireacht uirbeach. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór pleananna iompair inbhuanaithe do limistéir uirbeacha a chur chun cinn agus a fhorbairt.

4.2.

Iarrann CESE go dtabharfaí aird ar leith ar úsáideoirí ban chun gur féidir rannchuidiú leis an gcomhionannas inscne trí bhíthin an chórais iompair, lena n-áirítear trí dhíriú ar an tsábháilteacht san iompar poiblí.

4.3.

Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’iompar comhroinnte agus gníomhach, go háirithe i gcathracha, lena n-áirítear modhanna glasa a chur chun cinn trí chórais chliste iompair a úsáid, trí choincheap na soghluaisteachta ar éileamh agus tríd an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Ní mór saincheisteanna maidir leis an gcáilíocht saoil a chur san áireamh, amhail an gá atá le truailliú torainn a laghdú.

4.4.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag an iompar poiblí i bpróiseas an chlaochlaithe. Mar gheall ar a chuimsithí atá sé, is féidir cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach. Is féidir é a chomhlánú le réitigh micrea-shoghluaisteachta freisin.

4.5.

Ní mór praghsáil an iompair phoiblí a bheith inacmhainne agus cothrom, gan cur isteach ar líon na nasc nó na mball foirne agus aird chuí á tabhairt ar na geallsealbhóirí go léir. Ós rud é gur seirbhís phoiblí atá ann, níor cheart an t-iompar poiblí a bheith bunaithe ar an mbrabúsacht amháin, agus níor cheart eisiamh iompair a bheith mar thoradh air. Tuigtear as sin gur den riachtanas, agus é inchosanta ar bhonn sóisialta, naisc neamhbhrabúsacha a choinneáil ar bun freisin chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú, mar shampla trí oibleagáidí seirbhíse poiblí. Ina fhianaise sin, d’fhéadfadh sé gur ghá dul i muinín modhanna iompair atá bunaithe ar innill dócháin tiomána chun leibhéal seirbhíse leordhóthanach a choinneáil.

Gnéithe sóisialta – an lucht saothair

4.6.

Is fadhb mhór in earnáil an iompair é an ganntanas acmhainní daonna, rud a d’fhéadfadh a bheith ina fhadhb maidir le forbairt na hearnála, lena n-áirítear san aistriú glas atá beartaithe. Sa chomhthéacs sin, ní mór aird a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé dálaí oibre sásúla agus cothroma agus pá cothrom a áirithiú san earnáil, lena n-áirítear d’oibrithe ardáin. Cé go bhfuil an caidreamh tionsclaíoch fós ina inniúlacht náisiúnta, tá cúis ann mar sin féin le haird a tharraingt ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcómhargáil chun teacht ar chomhaontú maidir le dálaí tarraingteacha oibre in earnáil an iompair, lena n-áirítear pá agus sábháilteacht agus sláinte ceirde ar an leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta.

4.7.

D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua deiseanna nua a chruthú i ndáil leis sin. Leagtar béim ar a thábhachtaí atá an oiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, go háirithe mar bhealach chun cur ar chumas an lucht saothair coinneáil suas le ceanglais nua inniúlachta a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an aistriú glas, lena n-áirítear digiteáil na hearnála.

4.8.

Cruthóidh bearta amhail iad siúd a leagtar amach in 4.3 agus 4.5 thuas íomhá tharraingteach don earnáil agus meallfar daoine óga agus mná chuig earnáil an iompair.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE