25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/55


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

[COM(2022) 707 final – 2022/0413 (CNS)]

(2023/C 184/10)

Rapóirtéir: Petru Sorin DANDEA

Comhrapóirtéir: Benjamin RIZZO

Comhairliúchán

An Chomhairle, 7.2.2023

Bunús dlí

Airteagail 113, 115 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

2.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

208/0/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin 8” anseo feasta) ós céim mhór chun cinn é chun an leagan reatha de Threoir an Chomhair Riaracháin a fheabhsú agus a chomhlánú.

1.2

Dar le CESE, feabhsuithe éifeachtacha atá sna feabhsuithe atá beartaithe ar Theoir an Chomhair Riaracháin chun neamh-chomhlíonadh rialacha fioscacha ag sealbhóirí criptea-shócmhainní a dhíspreagadh. Dá dhroim sin, chuirfí borradh faoin gcomhrac i gcoinne na caolaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach, rud a bheadh ar aon dul le roinnt tionscnaimh eile roimhe seo ón gCoimisiún.

1.3

Is é barúil CESE go bhfuil an tionscnamh ón gCoimisiún ag teacht go huile is go hiomlán le priosabal an chánachais chothroim agus éifeachtaigh, rud atá ar cheann de bhunchlocha gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa agus arb é is aidhm dó a áirithiú go gcuireann an uile dhuine a chion féin leis ngeilleagar agus go gcaitear go cothrom comhsheasmhach le gach duine, is cuma cén sócmhainní atá aige.

1.4

Tugann CESE dá aire gur den tábhacht iarracht a thabhairt ar bhonn domhanda ar chriptea-shócmhainní agus a n-úsáid a rialú chun go n-éireoidh linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis na sócmhainní sin atá ag dul i méid ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, is ríthábhachtach an obair atá ar bun ar leibhéil ECFE agus G20 chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le trédhearcacht criptea-airgeadraí agus molann CESE don Choimisiún ról gníomhach a ghlacadh san obair sin ar an leibhéal idirnáisiúnta.

1.5

Is mór ag CESE, ach cáin a chur ar chriptea-shócmhainní ar dóigh níos fearr agus níos éifeachtaí, go bhféadfaí raon feidhme an chánachais a leathnú agus cur le buiséid náisiúnta, rud a sholáthródh acmhainní breise dírithe ar an leas coiteann agus ar thosaíochtaí infheistíochta an Choimisiúin (an t-aistriú glas agus an digiteáil).

1.6

Is é barúil CESE gurb é córas tuairiscithe na huimhreach aitheantais cánach an modh comhlíonta is éifeachtaí chun éifeachtacht na rialacha nua a áirithiú. Is ar an gcúis sin a thacaíonn CESE go mór leis an togra ón gCoimisiún maidir le huimhir aitheantais chánach ós rud é go gcuidíonn sé le botúin a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus, ar an gcaoi sin, le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht an chórais a fheabhsú.

1.7

Creideann CESE nár cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le malartuithe agus aistrithe criptea-shócmhainní amháin, ach gur cheart iad a leathnú freisin, ar a laghad le linn na chéad chéime, chuig sealúchais fhoriomlána criptea-shócmhainní ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht. Is follas fós, áfach, gur cheart cáin a ghearradh ar ghnóthachain iarbhír agus orthu sin amháin.

1.8

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le pionóis éifeachtacha chomhréireacha lena bhfágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh maidir le híosmhéid sonrach na bpionós atá le heisiúint. Molann CESE freisin, tar éis chur chun feidhme na Treorach, gur cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar na struchtúir phionóis arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit, agus treoir a thabhairt maidir leis na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás inar gá sin.

1.9

Tá súil ag CESE go mbeifear in ann, trí bhíthin na bpionós agus na mbeart comhlíonta, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir éifeacht na rialacha agus díspreagadh leordhóthanach, ar thaobh amháin, agus comhréireacht ar an taobh eile. D’fhéadfaí comhréireacht a áirithiú ach aird chuí a thabhairt ar líon na n-idirbheart a bhaineann le sáruithe arna ndéanamh ag cuideachta faoi leith, cuir i gcás.

1.10

Na forálacha agus na coimircí sonracha maidir le cosaint sonraí a áirítear sa togra le haghaidh treorach agus atá ar aon dul le rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), cuireann CESE i bhfáth gur cheart iad a chur i bhfeidhm go cuí agus a urramú de réir ardchaighdeán má táthar chun cosaint iomlán a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a ndéanfar a gcuid sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a stóráil.

1.11

Molann CESE don Choimisiún rialacha a áireamh sa dréacht-togra dá chuid chun cur leis an gcomhar idir na húdaráis chánach a chumhdaítear leis an téacs atá ann faoi láthair agus na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sciúradh airgid agus maoiniú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus sceimhlitheoireachta a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE gurb éard atá de dhíth ar údaráis phoiblí (údaráis chánach sa chás áirithe seo) acmhainní leordhóthanacha ó thaobh pearsanra cáilithe, teicneolaíocht dhigiteach ardghráid agus ceanglais dhigiteacha ardghráid.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (1) maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin 8” anseo feasta) (2) an leagan reatha den Treoir (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin” anseo feasta) a thabhairt cothrom le dáta chun tuairisciú agus malartú faisnéise idir údaráis chánach a leathnú chun ioncam arna ghiniúint trí chriptea-shócmhainní ag úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach a chur san áireamh. Mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, níl an fhaisnéis is gá ag údaráis chánach chun faireachán a dhéanamh ar ioncam arna ghiniúint trí chriptea-shócmhainní agus is fusa na criptea-shócmhainní sin a thrádáil thar theorainneacha.

2.2

Féachtar leis an tionscnamh reachtach le trédhearcacht chánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le criptea-shócmhainní trí bhíthin forálacha sonracha maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise chun críoch cánach dírí. Rud eile a dhéantar sa togra is ea na forálacha is infheidhme atá ann cheana a thabhairt chun cruinnis d’fhonn lúba ar lár a sheachaint agus an creat dlíthiúil a threisiú.

2.3

Tá Treoir an Chomhair Riaracháin 8 ag luí leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (dá ngairtear “Rialachán MiCA” anseo feasta) (3). Ní bonn ann féin é sin, áfach, chun ligean d’údaráis chánach an fhaisnéis is gá chun cáin a ghearradh ar ioncam criptea-shócmhainní a bhailiú agus a mhalartú. Bíodh sin mar atá, an taithí a fuarthas le Rialachán MiCA, déanann sé eolas do Threoir an Chomhair Riaracháin 8, rud a bhíonn ag brath ar an gceanglas údarúcháin a tugadh isteach cheana leis an Rialachán sin agus, a bhuí leis sin, ní chuirtear ualaí breise riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

2.4

Tá an togra ag teacht le Creat Tuairiscithe ECFE maidir le Criptea-shócmhainní (dá ngairtear “CARF” anseo feasta) (4) a formheasadh le déanaí, maille leis na leasuithe ar an gcomhchaighdeán tuairiscithe dá chuid. D’fhormhuinigh G20 na caighdeáin sin freisin. Le linn chomhairliúchán an Choimisiúin, is amhlaidh gur thacaigh formhór na mBallstát le raon feidhme chreat dlíthiúil an Aontais a chur ag luí leis an obair a rinne ECFE.

2.5

Ionas gur fearr is féidir leis na Ballstáit calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a bhrath agus a chomhrac, cuirfear de cheangal ar gach soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe, gan beann ar a méid nó ar a suíomh, idirbhearta a gcliant a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú. Tá idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann san áireamh leis sin. I gcásanna áirithe, beidh licíní neamh-idirmhalartacha cumhdaithe faoi oibleagáidí tuairiscithe chomh maith. Leagtar síos in Iarscríbhinn VI rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe.

2.6

Is cineál idirbhirt intuairiscithe iad idirbhearta malairte agus aistrithe criptea-shócmhainní intuairiscithe. Tá idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann araon faoi raon feidhme an togra agus déantar iad a chomhiomlánú de réir an chineáil criptea-shócmhainne intuairiscithe.

2.7

Beidh ar institiúidí airgeadais tuairisciú a dhéanamh ar ríomh-airgead agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais agus, san am céanna, leathnófar raon feidhme an mhalartaithe uathoibríoch rialuithe cánach trasteorann le haghaidh daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu. Is éard is duine a bhfuil glanfhiúchas ard aige duine a bhfuil rachmas airgeadais nó rachmas is féidir a infheistiú, nó sócmhainní faoi bhainistíocht aige ar fiú EUR 1 000 000 ar a laghad iad. Malartóidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na rialuithe trasteorann arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan a eisíodh, a leasaíodh nó a athnuadh idir 1 Eanáir 2020 agus 31 Nollaig 2025.

2.8

Ní chuirfidh an togra teorainn le cumas na mBallstát a gcóras comhlíontachta a mhúnlú. Mar sin féin, bunófar agus forfheidhmeofar íosleibhéal coiteann pionós i gcás neamhchomhlíonadh tromchúiseach, mar shampla, easpa iomlán tuairiscithe in ainneoin meabhrúcháin riaracháin.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le Treoir an Chomhair Riaracháin 8 agus tugann sé a thacaíocht dó, ós rud é gur céim shuntasach atá ann chun Treoir an Chomhair Riaracháin a fheabhsú agus a thabhairt chun críche bunaithe ar na moltaí a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Seo a leanas an rabhadh a thug sí: má shealbhaíonn cáiníocóir airgead i gcriptea-airgeadraí leictreonacha, níl sé d’oibleagáid ar an ardán ná ar an soláthraí leictreonach eile a sholáthraíonn seirbhísí punainne do na custaiméirí sin aon mhéid ná aon ghnóthachan den sórt sin a fhaightear a dhearbhú do na húdaráis chánach. Dá bhrí sin, ní ghearrtar cáin, den chuid is mó, ar airgead a shealbhaítear in ionstraimí leictreonacha den sórt sin (5).

3.2

Dar le CESE, uirlis éifeachtach atá sna feabhsuithe atá beartaithe ar Theoir an Chomhair Riaracháin chun neamh-chomhlíonadh rialacha fioscacha ag sealbhóirí criptea-shócmhainní a dhíspreagadh. Dá dhroim sin, chuirfí borradh faoin gcomhrac i gcoinne na calaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach, rud a bheadh ar aon dul le roinnt tionscnaimh eile ar thug an Coimisiún fúthu roimhe seo.

3.3

Molann CESE an Coimisiún as an gcomhairliúchán leathan dea-struchtúrtha a rinne sé maidir leis an togra atá faoi chaibidil. Bhí páirt ag na geallsealbhóirí uile lena mbaineann ann, chomh maith le grúpa níos spriocdhírithe d’oibreoirí earnála a ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle leo ar leithligh. Bhí deis ag na Ballstáit a mbarúil a thabhairt freisin agus spreag siad an Coimisiún, agus é i mbun a chuid oibre, chun oibriú i ndlúthchomhar le ECFE. D’ainneoin chineál an-teicniúil an togra, is trédhearcaí fiúntaí an próiseas reachtach anois a bhuí leis na comhairliúcháin sin.

3.4

Cuireann CESE i bhfáth gur den tábhacht iarracht a dhéanamh ar bhonn domhanda criptea-shócmhainní agus a n-úsáid a rialú chun go n-éireoidh linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis na sócmhainní sin atá ag dul i méid ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, is ríthábhachtach an obair agus an chaibidlíocht atá ar bun ar leibhéil ECFE agus G20 chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le trédhearcacht criptea-airgeadraí agus molann CESE don Choimisiún ceannaireacht a thabhairt san obair sin ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.5

Is é barúil CESE go bhfuil an tionscnamh ón gCoimisiún ag teacht go huile is go hiomlán le priosabal an chánachais chothroim agus éifeachtaigh, rud atá ar cheann de bhunchlocha gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa agus arb é is aidhm dó a áirithiú go gcuireann an uile dhuine a chion féin leis ngeilleagar agus go gcaitear go cothrom comhsheasmhach le gach duine, is cuma cén sócmhainní atá aige nó cén cineál íocaíochtaí a nglactar leo.

3.6

Tuigeann CESE, ach cáin a chur ar chriptea-shócmhainní ar dóigh níos fearr agus níos éifeachtaí, go bhféadfar raon feidhme an chánachais a leathnú agus cur le buiséid náisiúnta, rud a sholáthródh acmhainní breise dírithe ar an leas coiteann agus ar thosaíochtaí infheistíochta an Choimisiúin (an t-aistriú glas agus an digiteáil).

3.7

Tá CESE ar an aon intinn leis an gCoimisiún, ach trédhearcacht níos mó a bheith ann, go laghdófar neamhréireachtaí agus an difreáil gan údar atá sa chreat dlíthiúil faoi láthair. Anuas air sin, ní bheadh lámh an uachtair ag úsáideoirí criptea-shócmhainní “[orthu] siúd nach n-infheistíonn i gcriptea-shócmhainní” a thuilleadh, rud a chuireann isteach ní hamháin ar “an [g]cuspóir maidir le cánachas cothrom a áirithiú” ach freisin ar fheidhmiú ceart an mhargaidh aonair agus ar chothroime iomaíochta éifeachtach.

3.8

Tá CESE i bhfabhar Airteagal 113 CFAE (ós rud é go bhféadfaí faisnéis a mhalartaítear a úsáid freisin chun críocha CBL) agus Airteagal 115 CFAE a úsáid mar bhunús coiteann dlí leis an togra. Go deimhin, is ábhartha sa chás seo comhfhogasú na ndlíthe náisiúnta a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, a chumhdaítear in Airteagal 115, ós rud é gur féidir criptea-shócmhainní a úsáid chun críoch éagsúil. Ar an ábhar sin, ba cheart neamhréireachtaí sa chreat dlíthiúil ginearálta agus sna huirlisí forfheidhmiúcháin a sheachaint ar fud an mhargaidh aonair, óir d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh do chomhdhlúthú an mhargaidh sin.

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit oibleagáidí tuairiscithe a leagan síos sa togra reatha do dhaoine nádúrtha a bhfuil criptea-shócmhainní acu. Níl aon amhras ná go méadódh sé sin éifeachtacht agus raon feidhme chur i bhfeidhm an togra.

4.2

Is é barúil CESE gurb é córas tuairiscithe na huimhreach aitheantais cánach an modh comhlíonta is éifeachtaí chun éifeachtacht na rialacha nua a áirithiú. Is ar an gcúis sin a thacaíonn CESE go mór leis an togra ón gCoimisiún maidir le huimhir aitheantais chánach ós rud é go gcuidíonn sé le héifeachtacht an togra a threisiú. Ós cód aitheantais uathúil í uimhir aitheantais chánach, is féidir botúin a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus, ar an gcaoi sin, cur le deimhneacht dhlíthiúil agus le hintuarthacht an chórais.

4.3

Tugann CESE dá aire go bhfuil reachtaíocht nó, ar a laghad, treoraíocht riaracháin i bhfeidhm ag formhór na mBallstát chun cáin a ghearradh ar ioncam a fhaightear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní. Is minic, áfach, nach mbíonn an fhaisnéis is gá ag na húdaráis inniúla leis an reachtaíocht agus an treoraíocht sin a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht a áirithiú ach amháin trí dhul i ngleic le neamhéifeachtúlachtaí náisiúnta trí bhíthin tionscnamh reachtach de chuid an Aontais arb é is aidhm dó cur leis an gcomhar éifeachtach éifeachtúil i measc na n-údarás cánach.

4.4

Creideann CESE nár cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le malartuithe agus aistrithe criptea-shócmhainní amháin, ach gur cheart iad a leathnú freisin, ar a laghad sa chéad chéim seo, chuig sealúchais fhoriomlána criptea-shócmhainní ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht. Is follas fós, áfach, gur cheart cáin a ghearradh ar ghnóthachain iarbhír agus orthu sin amháin.

4.5

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le pionóis éifeachtacha chomhréireacha lena bhfágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh maidir le híosmhéid sonrach na bpionós atá le heisiúint. A bhuí le tairseacha íosta, is cosúil go bhféadfaí cur le héifeachtacht na rialacha nua maidir le cánachas criptea-shócmhainní. Tá súil ag CESE go mbeifear in ann, trí bhíthin na bpionós agus na mbeart comhlíonta, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir éifeacht na rialacha agus díspreagadh leordhóthanach, ar thaobh amháin, agus comhréireacht ar an taobh eile. D’fhéadfaí comhréireacht a áirithiú ach aird chuí a thabhairt ar líon na n-idirbheart a bhaineann le sáruithe arna ndéanamh ag cuideachta faoi leith, cuir i gcás.

4.6

Ina cheann sin, tar éis chur chun feidhme na Treorach, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar na struchtúir phionóis arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit, agus treoir a thabhairt maidir leis na hathruithe is gá a dhéanamh ar chóras na bpionós agus beart comhlíonta.

4.7

Na forálacha agus na coimircí sonracha maidir le cosaint sonraí a áirítear sa togra le haghaidh treorach agus atá ar aon dul le rialacha agus prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), cuireann CESE i bhfáth gur cheart iad a chur i bhfeidhm go cáiréiseach agus a urramú de réir ardchaighdeán má táthar chun cosaint iomlán a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a ndéanfar a gcuid sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a stóráil.

4.8

Iarrann CESE ar na Ballstáit athuair infheistíocht leordhóthanach a dhéanamh sna húdaráis chánach agus sna riaracháin eile lena mbaineann d’fhonn is go mbeidh na cumais is gá a bheith acu chun an cúram maidir le comhar níos fearr a chothú i réimse an chánachais a chomhlíonadh.

4.9

Agus ar an ásc deiridh, molann CESE don Choimisiún a chur san áireamh sa dréacht-togra uaidh, maidir leis na húdaráis chánach a chumhdaítear leis an téacs atá ann faoi láthair agus na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sciúradh airgid agus maoiniú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus sceimhlitheoireachta a chomhrac, go mbeidh sé de cheangal orthu obair a dhéanamh i gcomhar le chéile. Moltar an méid sin ós rud é go bhféadfadh sé gur tháinig roinnt cásanna chun cinn le blianta beaga anuas inar úsáideadh criptea-shócmhainní chun críoch neamhdhleathach agus chun críoch sciúrtha airgid. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE gurb éard atá de dhíth ar údaráis phoiblí (údaráis chánach sa chás áirithe seo) acmhainní leordhóthanacha ó thaobh pearsanra cáilithe, teicneolaíocht dhigiteach ardghráid agus ceanglais dhigiteacha ardghráid.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(2)  COM(2022) 707 final.

(3)  COM(2020) 593 final.

(4)  Crypto-Asset Reporting Framework and Amendments to the Common Reporting Standard, ECFE, 2022/10/08.

(5)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2021), Exchanging tax information in the EU: solid foundation, cracks in the implementation [Faisnéis chánach a mhalartú san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme]. Bíodh is go bhfuil méadú tagtha ar an méid faisnéise atá á mhalartú, tá faisnéis áirithe ann nach dtuairiscítear fós.