25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/78


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra

(COM(2022) 581 final)

(2023/C 184/14)

Rapóirtéir:

Ozlem YILDIRIM

Comhrapóirtéir:

Cillian LOHAN

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

9.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

152/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

I bPlean Gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra, tá cuid mhaith gnéithe maithe a d’fhágfadh go n-éireodh leis. Is maith a dearadh na ceithre thosaíocht agus na cuspóirí a bhaineann leo agus cuireadh feabhas ar a raibh sa leagan a tháinig roimhe seo. Mar sin féin, is údar imní do CESE cé na hacmhainní a leithdháilfear chun an plean a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus an leordhóthanach iad, óir is féidir go bhfágfadh easpa acmhainní leordhóthanacha go dteipfeadh ar an bplean, mar a tharla i gcás an phlean a bhí ann roimhe seo.

1.2.

Is geal le CESE go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur ar fáil chun srian a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra, tríd an trádáil i bhfiadhúlra a chomhtháthú i gcistí an Aontais chun díriú ar na nithe seo a leanas: (i) slándáil agus coireacht eagraithe; (ii) an comhshaol; agus (iii) comhar idirnáisiúnta/comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart, go háirithe, é a bheith ina thosaíocht faoi na cistí agus cláir seo a leanas: an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT); an Ciste Slándála Inmheánaí; Clár LIFE; Clár Interreg; agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

1.3.

Beidh sé tábhachtach, mar sin féin, teacht ar chomhaontú maidir leis an gcéatadán de na cistí sin a thiomnófar go huile don gháinneáil ar fhiadhúlra a shrianadh chun cabhrú le cuntasacht as an bplean gníomhaíochta. Ba cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt cistí leordhóthanacha a chur ar fáil chun foireann speisialaithe a fhorbairt ina dtíortha féin ar mhaithe leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ba cheart na cistí leithdháilte a thuairisciú, agus go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht orthu mar chuid de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta. I measc na n-acmhainní, ba cheart go mbeadh idir threalamh agus fhoireann. Lena chois sin, ba cheart dálaí oibre ardcháilíochta a bheith ag an bhfoireann, maille le cearta cómhargála iomlána agus struchtúr gairme inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé sin riachtanach i dtaca leis na daoine is fearr a mhealladh agus ábhar mór spreagtha a thabhairt dóibh i gcónaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, an fholláine, agus an tsábháilteacht phearsanta.

1.4.

Ba cheart an cur i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a phríomhshruthú ar fud réimsí beartais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart íosleibhéal oiliúna aonchineálaí a bheith ann do na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chosc, mar aon le fothú acmhainneachta oiriúnaithe de réir na scileanna a theastaíonn sna réimsí éagsúla a ndéantar an gháinneáil ar fhiadhúlra a phríomhshruthú iontu. Ba cheart oiliúint a chur ar aonaid speisialaithe nó ar fhoireann speisialaithe i measc ionchúisitheoirí, breitheamh, oifigigh chustaim, údaráis náisiúnta a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), agus údaráis phóilíneachta. Ba cheart go mbeidís siúd in ann coireanna fiadhúlra a bhrath agus na daoine a bhfuil lámh acu iontu a ghabháil, a ionchúiseamh, agus breithiúnas a thabhairt orthu.

1.5.

Ba cheart struchtúir aonchineálacha a chur ar bun sna Ballstáit uile, mar atá, dar le CESE, coistí idirghníomhaireachta agus aonaid speisialaithe nó foireann ar ar cuireadh oiliúint leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ar na coistí idirghníomhaireachta sin, bheadh ionadaithe ó aonaid speisialaithe a dhéanann an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Bheadh na coistí idirghníomhaireachta thar a bheith úsáideach sa chomhairliúchán agus chun imscrúduithe a eagrú laistigh de na Ballstáit i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, amhail coireanna airgeadais agus an chibearchoireacht. Bíonn nasc idir coireanna dá leithéid agus an gháinneáil ar fhiadhúlra, de ghnáth, ós rud é gur féidir le coirpigh a gcuid modhanna a bhaineann le cineálacha eile coireachta (amhail an gháinneáil ar dhrugaí agus an sciúradh airgid) a úsáid chun críoch na gáinneála ar tháirgí fiadhúlra freisin. Ba cheart bealaí tiomnaithe cumarsáide agus comhair a bhunú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta.

1.6.

Má chuirtear oibleagáidí díchill chuí ar chuideachtaí a bhíonn ag trádáil san Aontas, trí bhíthin treoir uaillmhianach maidir leis an inbhuanaitheacht chorparáideach, d’fhéadfadh sé sin cuideachtaí a spreagadh chun fiadhúlra a bhaintear ar bhonn inbhuanaithe a thrádáil ó thús, na cuideachtaí céanna a chur ó ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, agus cuidiú leis na húdaráis forfheidhmithe teacht ar choirpigh.

1.7.

Creideann CESE gur den tábhacht dul i dteagmháil le hearnálacha gnó a mbíonn baint acu leis an trádáil fiadhúlra chun laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí fiadhúlra san Aontas agus ar allmhairiú neamhdhleathach na dtáirgí fiadhúlra. Foráiltear sa phlean do sheisiúin théamacha le Grúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra le haghaidh ionadaithe gnólachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha (e.g. cógais thraidisiúnta, peataí coimhthíocha, tionscal na sócúlachta, turasóireacht fiaigh, adhmad, tionscal na hiascaireachta agus an tionscal trádála táirgí iascaigh, iompar, cuideachtaí cúiréireachta, agus trádáil ar líne). Mar sin féin, ba cheart feachtais faisnéise chomhordaithe don phobal i gcoitinne (cinn a dhíríonn ar an éileamh a laghdú) a bheith ina gcuid lárnach den straitéis. D’fhéadfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh freisin sa laghdú ar éileamh ach feasacht a mhúscailt agus feachtais laghdaithe éilimh a reáchtáil a dhíreodh ar phobail a úsáideann táirgí fiadhúlra neamhdhleathacha san Aontas.

1.8.

Maidir le haird a tharraingt ar an gcosc ar an trádáil i speicis atá i mbaol agus ar an ionchúiseamh a dhéantar dá thoradh, iarrann CESE ar an gCoimisiún comhlachtaí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus fornáisiúnta a dhéanamh rannpháirteach ann trí mheán na cumarsáide a dhéanann siad faoin gcoireacht eagraithe, trí bhíthin a gcuid uirlisí buana cumarsáide agus feachtais spriocdhírithe shealadacha araon.

1.9.

Mar phointe scoir, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach sásra soiléir uaillmhianach faireacháin agus meastóireachta ar bun lenar féidir obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus lenar féidir dul chun cinn an phlean agus mar a bhfuil ag éirí leis a thomhas, agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac á chur san áireamh (i gcomhréir le Tosaíocht 4).

2.   Cúlra

2.1.

Tá an gháinneáil ar fhiadhúlra ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla eagraithe is brabúsaí ar domhan, agus measann an Coimisiún Eorpach gur fiú suas le EUR 20 billiún in aghaidh na bliana (1) í ar bhonn domhanda. Tháinig méadú as cuimse, ar fud an domhain, ar an trádáil neamhdhleathach fiadhúlra le blianta beaga anuas toisc go mbraitear gur gníomhaíocht íseal-riosca í a thugann ardleibhéal ioncaim.

2.2.

In ainneoin an chreata dlí chuimsithigh atá ag an Aontas Eorpach le haghaidh cosaint fiadhúlra, is margadh deiridh agus ardán idirthurais tábhachtach an tAontas ó thaobh na trádála neamhdhleathaí fiadhúlra de. Sna tuarascálacha bliantúla ar urghabhálacha móra, arna n-iarraidh ag an gCoimisiún Eorpach gach bliain ó 2011 i leith, tugtar cur síos ar a thábhachtaí atá an tAontas mar mhargadh le haghaidh táirgí fiadhúlra neamhdhleathacha.

2.3.

Aithníonn an Coimisiún Eorpach gur margadh mór é an tAontas do tháirgí fiadhúlra agus tá iarrachtaí eisceachtúla déanta aige chun feasacht a mhúscailt i measc gnólachtaí, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le gnéithe na gáinneála ar fhiadhúlra san Eoraip agus an scála a bhaineann léi. Mar thoradh air sin, i mí Feabhra 2016, ghlac an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra (2), ina leagtar amach treoirphlean cuimsitheach chun an gháinneáil ar fhiadhúlra laistigh den Aontas a chomhrac, agus ról an Aontais sa chomhrac domhanda in aghaidh na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha sin a neartú. Cé gur éirigh leis próifíl na gáinneála ar fhiadhúlra a ardú agus saincheist tosaíochta a dhéanamh di, is beag a rinne an plean gníomhaíochta chun an t-éileamh a laghdú. D’eisigh TRAFFIC (3) tuarascáil (4) inar tiomsaíodh sonraí na n-urghabhálacha uile a bhí i gceist faoi CITES do 2018, inar léiríodh nár athraigh an t-éileamh ar speicis fhiadhúlra san Aontas ón uair a bailíodh na chéad sonraí in 2011.

2.4.

Sa tuarascáil is déanaí ó TRAFFIC, tuarascáil ar urghabhálacha in 2020 (5), léirítear tionchar phaindéim COVID-19 ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Is lú trádáil a tharla mar thoradh ar an suaitheadh de bharr COVID-19 ar an aeriompar, ar oibríochtaí tráchtála, agus ar chomhéadain eile chun earraí a iompar nó a dhíol, agus is dócha gur gné é sin a chuir leis an laghdú ar urghabhálacha tuairiscithe. Tugadh laghdú suntasach ar idircheapthaí san Aontas faoi deara in 2020, cé nach gá gur léiriú é sin ar athruithe ar an éileamh nó ar athruithe ar dhinimic na trádála neamhdhleathaí fiadhúlra.

2.5.

Chomh maith le bheith ina mhargadh allmhairíochta, is réigiún foinseach é an tAontas Eorpach freisin i gcás roinnt speiceas atá i mbaol, amhail an eascann Eorpach (Anguilla anguilla). Idir 2016 agus 2017, gabhadh 48 nduine agus urghabhadh 4 000 kg eascann óg beo, arbh fhiú thart ar EUR 4 mhilliún iad. Ina theannta sin, ní le haghaidh mhargaí na hEorpa an fiadhúlra aindleathach uile a thagann isteach san Eoraip, agus is minic a fheidhmíonn an tAontas mar áit stad. Is minic pangailiní, capaill mhara, eabhar agus eití siorcanna ón Afraic, a bhí beartaithe don Áise, á n-urghabháil ag comhlachtaí forghníomhaithe.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ní mór don Aontas a bheith san airdeall i gcónaí agus i bhfad níos mó a dhéanamh chun srian agus deireadh a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Ní hamháin gur baol do shláinte an duine an trádáil bhrabúsach sin mar gheall ar bhaol tras-seolta na ngalar zónóiseach, baineann sí an bonn go díreach ó bheartais an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe ar fud an domhain, do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe go háirithe a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta domhanda agus na n-éiceachóras domhanda (6), agus baineann sí ó iarrachtaí an dea-rialachas a neartú agus aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas.

3.2.

Is í an gháinneáil ar fhiadhúlra an chúis a bhfuil an-chuid speiceas (speicis iomráiteacha san áireamh) i mbaol a dhíothaithe sa lá atá inniu ann. Ní hamháin sin ach cuireann sí bac freisin ar an bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe (7). I mbeagán focal, ní mór Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a chur chun feidhme go maith chun go gcomhlíonfar comhaontuithe idirnáisiúnta comhshaoil an Aontais, go háirithe CITES agus an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD). Mar sin féin, molann CESE don Choimisiún Eorpach dul níos faide ná na comhaontuithe idirnáisiúnta sin chun go gcuirfear feabhas ar chosaint an fhiadhúlra san Aontas agus srian leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Ní san Aontas Eorpach amháin a d’fheicfí na buntáistí a bhaineann leis sin ach ar fud an domhain. Tá an gháinneáil ar fhiadhúlra ar cheann de na nithe is mó is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta, rud a fhágann an-chuid speiceas i mbaol a dhíothaithe agus a chuireann leis an athrú aeráide trí lománaíocht neamhdhleathach na gcrann a chothú, rudaí atá ríthábhachtach ó thaobh stóráil carbóin de.

3.3.

Rud chomh tábhachtach céanna, ní mór dúinn deireadh a chur leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus na hiarmhairtí marfacha a bhaineann léi. De réir tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus Interpol, tá méadú 26 % tagtha ar an gcoireacht chomhshaoil (8). Is bagairt don tsíocháin, don tslándáil agus don smacht reachta í an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil ar fhiadhúlra, agus is minic a bhíonn sí comhtháite le coireanna tromchúiseacha eile amhail éilliú, cibearchoireacht agus coireanna airgeadais. I gcuid de réigiúin na hAfraice, cuir i gcás, is bagairt ar an tslándáil náisiúnta an gháinneáil ar fhiadhúlra. Bíonn dúnmharú agus feallmharú i gceist freisin, óir bíonn bagairt ann do bheatha daoine a bhfuil de chúram orthu speicis atá i mbaol a chosaint, agus íocann siad go daor as a dtiomantas. De réir The Thin Green Line Foundation, tuairiscíodh bás 595 mhaoirseoir fiadhúlra ar mharaigh póitseálaithe iad idir 2009 agus 2016. Maraíodh na céadta maoirseoirí eile freisin i dtíortha i mbéal forbartha, ach ní dhearnadh tuairisciú orthu: “In 2017, tuairiscíodh gur maraíodh os cionn 100 maoirseoir fiadhúlra, agus an chuma ar an scéal gurb amhlaidh a bheidh in 2018 freisin, is é sin, beagnach dhá bhás in aghaidh na seachtaine” (9).

3.4.

Is díol sásaimh do CESE go ndearnadh Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a athbhreithniú, agus gur cinneadh an gháinneáil ar fhiadhúlra a chur i gcroílár ghníomhaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá CESE ag teacht leis an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar an bPlean Gníomhaíochta in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a bhí ag an Aontas roimhe seo, a léiríonn go bhfuil easpa foirne speisialaithe, easpa acmhainní agus easpa oiliúna i roinnt mhaith de na Ballstáit agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas ina ceist mhór i gcónaí. Is den riachtanas freisin feabhas a chur ar an gcomhar sna comhthéacsanna seo a leanas: (i) laistigh de Bhallstáit an Aontais; (ii) i measc Bhallstáit an Aontais; (iii) idir an tAontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas; agus (iv) le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta. Lena chois sin, ba cheart a thuilleadh a dhéanamh leis an inrianaitheacht dhigiteach agus an comhar digiteach i measc na ngníomhaireachtaí a áirithiú.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE go ndearna an Coimisiún Eorpach an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil a nascadh le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra. Mar sin féin, is cúis imní do CESE nach leor an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil chun smachtbhannaí éifeachtacha agus athchomhairleacha a sholáthar i leith na gáinneála ar fhiadhúlra. An 9 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an gcomhad agus rinne sí laghdú suntasach ar na pionóis i gcás daoine nádúrtha, agus laghdaigh sí freisin na huaillmhianta um chomhchuibhiú maidir le smachtbhannaí i gcás daoine dlítheanacha. Tá na leibhéil atá á moladh ag an gComhairle ró-íseal chun go mbeidís athchomhairleach agus éifeachtach. Maidir le huasteorainneacha fíneálacha, ba cheart nach mbeidís níos lú ná 15 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh — cuid mhaith níos airde ná an 5 % nó 3 % a ghlac an Chomhairle. Creideann CESE go bhfuil Treoir uaillmhianach maidir le Coireacht Chomhshaoil ríthábhachtach chun go n-éireoidh le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ba cheart tagairt shainráite do sceithirí eolais agus cosantóirí eile ceart daonna a dhéanamh sa phlean gníomhaíochta mar gheallsealbhóirí ábhartha maidir lena fhorbairt agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ós rud é go mbíonn ról lárnach acu maidir le sáruithe ar dhlí an chomhshaoil a nochtadh agus a chosc. Ba cheart na daoine sin a chosaint ar imeaglú nó ar dhlíthíocht agus gáinneáil ar fhiadhúlra á tuairisciú acu nó agus iad ag cabhrú le himscrúduithe, mar atá luaite faoi láthair sa Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil.

4.2.

Creideann CESE gur den tábhacht dul i dteagmháil le hearnálacha gnó a mbíonn baint acu leis an trádáil fiadhúlra chun laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí fiadhúlra san Aontas, chun stop a chur leis an trádáil neamhdhleathach fiadhúlra, agus chun a áirithiú nach bhfuil sa trádáil fiadhúlra ach an trádáil dhleathach inbhuanaithe. Foráiltear sa phlean do sheisiúin théamacha le Grúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra le haghaidh ionadaithe gnólachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha (e.g. cógais thraidisiúnta, peataí coimhthíocha, tionscal na sócúlachta, turasóireacht fiaigh, adhmad, tionscal na hiascaireachta agus an tionscal trádála táirgí iascaigh, iompar, cuideachtaí cúiréireachta, agus trádáil ar líne). Mar sin féin, i dtaca leis an ról is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a imirt le cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra, ba cheart aitheantas níos fearr a thabhairt air agus léiriú níos fearr a dhéanamh air sa phlean gníomhaíochta agus ina chur chun feidhme (e.g. feasacht a mhúscailt agus feachtais laghdaithe éilimh a reáchtáil). Ní dhéantar scaipeadh forleathan ar an bhfaisnéis a bhíonn á cur ar fáil ag an Aontas dá shaoránaigh maidir leis na rialacha, na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le táirgí fiadhúlra a thrádáil agus a úsáid, ach déantar faisnéis maidir le cleachtais agus úsáid na gcógas traidisiúnta (ina n-úsáidtear codanna agus díorthaigh fauna agus flora fiáine le haghaidh leigheas) a scaipeadh go forleathan ar fud an Aontais. Bíonn rioscaí ag baint leis an gcleachtas sin d’úsáideoirí (ós rud é nár cruthaíodh go heolaíoch go bhfuil tairbhe le baint as roinnt de na leigheasanna) agus iarmhairtí marfacha ann do na speicis fhiáine a cheaptar agus a thrádáiltear (rud a chuireann dlús lena ndíothú). Dá gcuirfí cosc níos láidre i bhfeidhm maidir leis an réimse áirithe sin, d’fhéadfadh an tAontas laghdú suas le 30 % a dhéanamh ar na táirgí fiadhúlra a ndéantar gáinneáil orthu gach bliain, ós rud é go bhfreagraíonn an figiúr sin don ráta táirgí fiadhúlra urghafa atá beartaithe chun críocha íocshláinte san Aontas (10). Sa tslí sin, d’fhéadfadh CESE agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a bheith rannpháirteach freisin i bhforbairt na bhfeachtas poiblí chun feasacht ar an bhfadhb a mhúscailt.

4.3.

Molann CESE aonchineálacht sna Ballstáit uile maidir le freagrachtaí soiléire a shannadh chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus comhordú a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha. Sa chás go dtugtar roghanna amhail na roghanna a léirítear sa phlean chun comhordú a áirithiú (tríd an méid seo a leanas mar shampla: (i) coistí idirghníomhaireachta nó meabhráin tuisceana a chruthú; (ii) pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh; nó (iii) pointe fócasach náisiúnta a chur ar bun), beidh éiginnteacht ann, ós rud é go roghnóidh na Ballstáit roghanna difriúla. Trí choistí idirghníomhaireachta a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, agus pointe fócasach a bheith ag gach ceann díobh, cabhrófar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

4.4.

Beidh sé ríthábhachtach oiliúint aonchineálach a chur ar na coistí idirghníomhaireachta sin i ngach ceann de na 27 mBallstát, agus ar an bhfoireann speisialaithe nó aonaid speisialaithe. Leis sin, d’éascófaí an comhar laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, ós rud é go ndéanfadh na foirne freagairt, imscrúdú agus ionchúiseamh ar an mbealach céanna. Ós rud é go mbeadh pointe fócasach ag gach idirghníomhaireacht, d’fheabhsófaí an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát freisin agus le tríú tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. D’fheabhsófaí an comhar le pointe fócasach toisc go mbeadh sé níos éasca agus níos tapúla do choistí idirghníomhaireachta agus d’fhoireann speisialaithe sna Ballstáit dul i dteagmháil le chéile, go háirithe i gcás práinne mar gheall ar an ngáinneáil trasteorann. D’fhéadfadh na pointí fócasacha comhar níos solúbtha a chruthú i measc na mBallstát, seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí idirnáisiúnta amhail Europol i gcásanna níos áitiúla nuair is dhá thír a bhíonn i gceist. Mar sin féin, d’fhéadfadh na grúpaí sin a bheith i mbaol agus go mbeadh coirpigh eagraithe ag díriú orthu. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe faoi na pointí fócasacha a theorannú do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus réimsí na n-údarás breithiúnach chun céannachtaí na mball foirne a chosaint.

4.5.

Maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra, thuairiscigh Ballstáit den Aontas gur dheacair dóibh oibríochtaí a fhorfheidhmiú de dheasca easpa acmhainní agus foirne. Is léiriú eile é sin ar a thábhachtaí a bheidh sé a áirithiú go ngeallfaidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun plean gníomhaíochta nua an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Chomh maith leis sin, bíonn tábhacht le hacmhainní chun dálaí oibre cuibhiúla a chur ar fáil don fhoireann.

4.6.

Ba cheart a rá go soiléir sa téacs go ngabhann na Ballstáit orthu féin cistí leordhóthanacha a chur ar fáil chun foireann speisialaithe a fhorbairt ina dtír féin chun an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ba cheart na cistí leithdháilte a thuairisciú, agus go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht orthu mar chuid de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a chur san áireamh leis na hacmhainní sin ní hamháin acmhainní foirne ach acmhainní trealaimh chomh maith. Lena chois sin, ba cheart dálaí oibre ardcháilíochta a bheith ag an bhfoireann, maille le cearta cómhargála iomlána agus struchtúr gairme inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé sin riachtanach i dtaca leis na daoine is fearr a mhealladh agus ábhar mór spreagtha a thabhairt dóibh i gcónaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, an fholláine, agus an tsábháilteacht phearsanta. Ba cheart oiliúint aonchineálach a chur ar na gníomhaithe uile a mbeidh baint acu leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chosc, agus ba cheart struchtúir aonchineálacha a chur ar bun sna Ballstáit uile; molann CESE go mbeidís i bhfoirm coistí idirghníomhaireachta agus aonaid speisialaithe nó baill foirne speisialaithe a mbeidh an oiliúint orthu chun an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac.

4.7.

Leagtar béim sa phlean gníomhaíochta ar an ról a bheidh ag gníomhaireachtaí agus tionscnaimh idirnáisiúnta éagsúla amhail EMPACT, arb ionstraim shuaitheanta é le haghaidh comhar oibríochtúil ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta chun an choireacht eagraithe a chomhrac ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh EMPACT a bheith ina ionstraim ríthábhachtach i dtaca le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a chur chun feidhme. Cuir i gcás, d’fhéadfaí leas a bhaint as le cúrsaí oiliúna a eagrú ar bhonn aonchineálach do na coistí idirghníomhaireachta agus do na foirne speisialaithe sna Ballstáit.

4.8.

Ba cheart cosc ar ghníomhaíochtaí sealgaireachta neamhdhleathacha, go háirithe ar dhul sa tóir ar ainmhithe mar thrófaithe, a chumhdach faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra. I Sléibhte Cairp, cuir i gcás, déantar béir a sheilg go neamhdhleathach agus ní ghearrtar ar na póitseálaithe ach pionóis ísle nach bhfuil maith go leor mar bhac.

4.9.

Tá CESE ag teacht leis an moladh go gcomhordóidh EMPACT oibríochtaí comhpháirteacha rialta lena mbainfidh comhar trasteorann le Ballstáit an Aontais, leis an gCoimisiún Eorpach (OLAF), agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Eurojust, Frontex, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach. Arís eile, chun comhar éifeachtach a áirithiú, beidh ríthábhacht le hacmhainní a leithdháileadh go cuí ar an leibhéal náisiúnta.

4.10.

I dtaca le beartais agus ionstraimí trádála a úsáid chun tacú leis an mbeart i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra, is díol sásaimh do CESE na moltaí ceanglais uaillmhianacha maidir le cur i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a chur san áireamh i gcomhaontuithe saorthrádála amach anseo. Mar sin féin, ní leor an méid sin chun srian a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Obair in aisce ar mó a dochar ná a maitheas a bheidh in iarrachtaí an Aontais cur le líon na ndeiseanna trádála agus infheistíochta idirnáisiúnta mura ndéanfaidh an tAontas na bearnaí a líonadh ar bhonn práinne ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de. D’fhéadfadh pasanna táirgí digiteacha fónamh a dhéanamh chun na críche céanna freisin. D’fhéadfadh na pasanna sin cur leis an inrianaitheacht agus trédhearcacht maidir leis na rioscaí sna slabhraí soláthair domhanda, agus cabhrú le sásraí rialaithe agus iarrachtaí forfheidhmithe idirnáisiúnta comhpháirteacha, agus a áirithiú go mbeidh an leibhéal céanna faisnéise ag daoine agus ag tomhaltóirí faoi na táirgí a cheannaíonn siad, beag beann ar a dtionscnamh.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://ec.europa.eu/environment/cites/infographics_en.htm

(2)  https://ec.europa.eu/environment/cites/trafficking_en.htm

(3)  https://www.traffic.org/

(4)  https://www.traffic.org/site/assets/files/12745/eu-seizures-report-2020-final-web.pdf

(5)  https://www.traffic.org/site/assets/files/17391/2020_eu_seizures_report_final.pdf

(6)  https://sustainabledevelopment.un.org/topics/biodiversityandecosystems

(7)  Sliocht as an gconclúid in anailís a rinne an Coimisiún Eorpach: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52016SC0038

(8)  Tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus Interpol: Value of Environmental Crime up 26 %.

(9)  https://globalconservation.org/news/over-one-thousand-park-rangers-die-10-years-protecting-our-parks/

(10)  A sainordú caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil leis an treoir maidir leis an gcoireacht chomhshaoil — Consilium (europa.eu).