27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/35


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

(COM(2022) 541 final — 2022/0345 (COD))

(2023/C 146/06)

Rapóirtéir:

Stoyan TCHOUKANOV

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 19.1.2023

An Chomhairle, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

3.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

198/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le fís an Choimisiúin rialacha an Aontais maidir le fuíolluisce a thabhairt cothrom le dáta agus iad a réiteach don scór bliain amach romhainn, trí aghaidh a thabhairt ní hamháin ar chóireáil fuíolluisce, ach ar ghnéithe di a bhaineann le réimse an fhuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach chomh maith d’fhonn an rialachas a fheabhsú.

1.2.

Aithníonn CESE gur acmhainn straitéiseach é an t-uisce glan chun feidhmiú ár sochaí agus geilleagar seasmhach an Aontais a áirithiú, agus le haghaidh an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint freisin, agus dá réir sin measann sé gur gá é a chóireáil leis an gcúram atá ag dul dó. Is ceantair trasteorann iad 60 % de cheantair abhantraí an Aontais agus éilítear comhar trasteorann ina leith. Ba cheart an timpiste éiceolaíoch a tharla le déanaí ar an Oder a úsáid mar shampla rabhaidh den chomhar mírathúil agus den easpa trédhearcachta.

1.3.

Tá CESE den tuairim láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú go príomha ag an bhfoinse, ach aithníonn sé gur scagaire tábhachtach deireanach í an chóireáil fuíolluisce uirbigh chun uiscí glactha a chosaint, rud a théann chun tairbhe don chomhshaol, do shláinte an duine agus don tsochaí.

1.4.

Murab ionann is riamh, is ábhar imní maidir le cáilíocht an uisce iad na micreathruailleáin, mar shampla na hiarmhair chógaisíochta. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra lena dtabharfadh gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh áirithe cóireálacha breise isteach chun iad a bhaint agus cuireann sé chun suntais na hiarrachtaí suntasacha is gá a dhéanamh chun na seanchaighdeáin a “bhriseadh” trí mhodhanna cóireála nuálacha nua.

1.5.

Chun cur chun feidhme an Phrionsabail gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as” agus inacmhainneacht seirbhísí uisce a áirithiú, tacaíonn CESE go láidir leis an togra maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora lena gceanglófaí ar tháirgeoirí an costas a bhaineann le micreathruailleáin a eascraíonn as a gcuid táirgí a bhaint den fhuíolluisce a íoc, ach ní mór teorainn dhocht a chur leis na díolúintí ionas go mbeidh an togra éifeachtúil.

1.6.

Má leathnaítear an Treoir chun ceirtleáin ó 1 000 in aghaidh na coibhéise daonra (CD) a chumhdach, ní mór scóip a bheith ann chun réitigh dhíláraithe a aimsiú trí ghléasraí beaga agus aird ar leith á tabhairt ar an bhfeidhmiúlacht.

1.7.

Tá forsceitheadh ó chórais séarachais ina theophointe truailliúcháin, lena n-áirítear géinte frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, micreaphlaistigh agus substaintí tocsaineacha lena gcuirtear an saol uisceach, sláinte an duine agus stádas uiscí áineasa i mbaol. Ba cheart uasteorainn maidir le tarlú feiniméan den tsórt sin a thabhairt isteach leis an Treoir seo agus ba cheart san eolas a chuirtear ar fáil don phobal léargas iomlán a thabhairt ar an ualach truailleán a ghintear leis an bhforsceitheadh. Ba cheart rití chun srutha uirbeacha, i bhfoirm uisce báistí truaillithe (lena n-áirítear sneachta) ón tírdhreach uirbeach, e.g. bóithre, a bhailiú agus a chóireáil i gceart sula scaoiltear isteach in uiscí glactha iad.

1.8.

Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thimthriall an uisce, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an mbáisteach throm agus ar an triomach. A bhuí le bearta coisctheacha, amhail réitigh ghorma-ghlasa a dhéanann uisce báistí a ghabháil agus a choinneáil, e.g. trí dhíonta glasa nó trí ghairdíní báistí, is féidir an t-ualach ar shéaraigh a laghdú (agus an baol go mbeadh forsceitheadh ó chórais séarachais ann a laghdú) agus is féidir go leor comhthairbhí a bheith ann don tírdhreach uirbeach dá mbarr.

1.9.

Is cúis imní do CESE gur seirbhísí poiblí iad an t-uisce agus an tsláintíocht, ach gur cuideachtaí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí sin uaireanta. Ní mór rialacha agus rialúcháin a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú nach seirbhísí brabúis a bheidh sna seirbhísí poiblí agus go ndéanfar ioncaim a infheistiú i gcothabháil agus feabhsú na seirbhísí sin.

1.10.

Cuireann CESE i dtábhacht gur acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce ach go bhfuil sé ag éirí níos teirce. Measann dhá thrian de shaoránaigh na hEorpa gur fadhb thromchúiseach í cáilíocht agus/nó cainníocht an uisce ina dtír féin (1). D’fhonn Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6, is í sin, “Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do chách”, a chur chun feidhme ar bhealach rathúil agus chun géarchéimeanna amach anseo a sheachaint, ní mór aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin go pras. Ba cheart é a bheith ina thosaíocht ag na Ballstáit uile inacmhainneacht uisce a áirithiú.

1.11.

Tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha freisin aghaidh a thabhairt ar an uisce mar thosaíocht agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt. Is éard a bheidh sa chomhaontú sin iarracht radacach chun riachtanais a thuar roimh ré, acmhainní uisce a chaomhnú agus na dúshláin ghaolmhara a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach trí threochlár cuimsitheach agus comhordaithe ina leagfar síos spriocanna agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha atá nasctha le garspriocanna comhaontaithe. Déanfaidh CESE tograí nithiúla maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip i gcaitheamh 2023.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1.

Tá sé beartaithe raon feidhme na treorach a leathnú chun ceirtleáin ó 1 000 in aghaidh na coibhéise daonra (CD) a chumhdach, rud a chiallaíonn go mbeidh sé d’oibleagáid ar bhailte beaga fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil, agus gur féidir leo maoiniú ón Aontas a lorg chun é sin a dhéanamh. Forbróidh an Coimisiún caighdeáin nua do shaoráidí díláraithe agus beidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faireacháin agus cigireacht níos fearr ar shaoráidí den sórt sin.

2.2.

Sainaithníodh forsceitheadh ó chórais séarachais agus rití chun srutha uirbeacha mar fhoinsí tábhachtacha fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte atá fágtha agus beidh ar na Ballstáit pleananna comhtháite bainistíochta le haghaidh fuíolluisce uirbeach a bhunú chun truailliú ó na foinsí sin a laghdú. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do bhearta coisctheacha, amhail réitigh ghorma-ghlasa, agus barrfheabhsú na gcóras atá ann cheana trí theicnící digiteacha a úsáid.

2.3.

Chun srian a chur le hastaíochtaí cothaitheach, tabharfar isteach teorainneacha nua maidir le baint nítrigine agus fosfair, mar chéim thosaigh i gcás saoráidí is mó ná 100 000 CD agus ansin i gcás saoráidí meánmhéide is mó ná 10 000 CD i limistéir ina bhfuil an t-eotrófú fós ina chúis bhuartha. Beidh ceanglas ann freisin micreathruailleáin a bhaint de gach gléasra mór agus de gach gléasra meánmhéide ina bhfuil an comhshaol nó sláinte an duine i mbaol. Agus é mar aidhm acu srian a chur leis an ualach substaintí dochóireáilte, rud a chuirfidh leis na féidearthachtaí don chiorclaíocht, tá oibleagáidí nua ar na Ballstáit sceitheadh ábhar tionsclaíoch a chóireáil i séaraigh ag an bhfoinse.

2.4.

Chun costas an uasghrádaithe agus an fhaireacháin riachtanaigh a íoc a ghabhann le micreathruailleáin a bhaint, agus chun forbairt táirgí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a spreagadh, tabharfar isteach Freagracht Leathnaithe Táirgeora lena gceanglófar ar tháirgeoirí cógaisíochta agus táirgí faoi rialacha cosmaidí an Aontais ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh.

2.5.

Tugadh isteach sprioc nua maidir le neodracht fuinnimh a chur i gcrích in earnáil an fhuíolluisce faoi 2040, rud a chiallaíonn gur cheart an fuinneamh arna thomhailt ag an earnáil ar an leibhéal náisiúnta a bheith coibhéiseach leis an méid fuinnimh in-athnuaite a tháirgeann sí.

2.6.

Leagtar 2040 síos sa togra mar spriocdháta le haghaidh lánchomhlíonadh, chomh maith le spriocdhátaí eatramhacha chun dul chun cinn a áirithiú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá an t-uisce glan ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire dá bhfuil againn, rud atá ríthábhachtach d’fheidhmiú na n-éiceachóras agus na sochaí seo againne agus don ghníomhaíocht shocheacnamaíoch. Braitheann an talmhaíocht, an táirgeadh fuinnimh agus earnáil na turasóireachta go mór ar rochtain a bheith ann ar uisce glan. Aithníonn na Náisiúin Aontaithe i measc a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht mar bhunriachtanas daonna don tsláinte agus don fholláine (2). Mar sin féin, tá an fionnuisce faoi bhrú ó réimse gníomhaíochtaí, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an mbrú sin de thoradh an athraithe aeráide.

3.2.

Is í an Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh an príomhphíosa reachtaíochta de chuid an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leis an comhshaol a chosaint ar dhrochthionchair an fhuíolluisce neamhchóireáilte. Tá feabhas mór tagtha ar cháilíocht aibhneacha, lochanna agus fharraigí na hEorpa ón tráth a glacadh í breis agus 30 bliain ó shin, cé nach bhfuil stádas maith fós ag dhá thrian de na dobharlaigh uisce dromchla. Tá córais bhailithe agus gléasraí cóireála fuíolluisce curtha ar bun ag tíortha an Aontais a bhuí le maoiniú ón Aontas. Tá ardleibhéal comhlíontachta leis an Treoir ar fud an Aontais, agus 98 % den fhuíolluisce bailithe agus cóireáil shásúil déanta ar 92 % de, de réir raon feidhme reatha na treorach.

3.3.

D’fhéadfaí de thoradh an athbhreithnithe leanúnaigh an Treoir a thabhairt cothrom le dáta trí aghaidh a thabhairt ar fhoinsí fuíolluisce neamhchóireáilte atá fós ann agus ar thruailleáin nua, chomh maith le feabhas a chur ar na gnéithe den chóireáil fuíolluisce a bhaineann le réimse an fhuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas agus le digitiú na hEorpa. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha an fuíolluisce a chur san áireamh i bhfís níos leithne freisin, agus aghaidh a thabhairt ar an uisce mar thosaíocht agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt. Is éard a bheidh sa chomhaontú sin iarracht radacach chun riachtanais a thuar roimh ré, acmhainní uisce a chaomhnú agus na dúshláin ghaolmhara a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach trí threochlár cuimsitheach agus comhordaithe ina leagfar síos spriocanna agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha atá nasctha le garspriocanna comhaontaithe. Déanfaidh CESE tograí nithiúla maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip i gcaitheamh 2023.

3.4.

Tá gá le hinfheistíochtaí móra a dhéanamh in earnáil an uisce. Mheas ECFE gur ghá do gach Ballstát seachas an Ghearmáin a gcuid caiteachais a mhéadú faoi 25 % ar a laghad chun ceanglais na Treorach atá ann cheana a chomhlíonadh (3). Ní chuirtear costas cothabhála na gcóras séarachais san áireamh sa mheastachán seo, áfach. Beidh gá le hinfheistíochtaí breise faoi na rialacha nua agus tá sé ríthábhachtach go leathnófar an maoiniú ó tharaifí uisce agus ón mbuiséad poiblí chun na hearnálacha sin a chuireann le truailliú an fhuíolluisce uirbigh a chur san áireamh freisin d’fhonn an rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a choinneáil inacmhainne do theaghlaigh.

3.5.

Tá costas ag baint le cóireáil fuíolluisce agus teastaíonn ionchur ina comhair i bhfoirm acmhainní agus fuinnimh. Thar aon ní eile, ní mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú ag an bhfoinse i gcónaí agus ní mór tosaíocht a thabhairt dó seachas do réitigh ceann píopa. Dá bhrí sin, ba cheart do bhearta beartais srian a chur, a mhéid is féidir, le hastú substaintí díobhálacha isteach sa chomhshaol agus sa tsochaí ar an gcéad dul síos. Feidhmíonn cóireáil fuíolluisce uirbigh mar scagaire deireanach chun uiscí glactha a chosaint agus chun na cuspóirí atá le reachtaíocht uisce an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh sineirge ann le straitéisí forbartha uirbí (Clár Oibre Uirbeach don Aontas, Comhaontú Liúibleána, comhpháirtíochtaí téamacha éagsúla, etc.).

3.6.

Ba cheart tuilleadh dúthrachta a chaitheamh le cumhachtú na saoránach maidir le saincheisteanna a bhaineann le bailiú, cóireáil agus bainistiú fuíolluisce uirbigh. Ba cheart don phobal i gcoitinne a bheith rannpháirteach i bpróisis cóireála fuíolluisce ní hamháin trí fhaisnéis a fháil fúthu, ach freisin trína gcion féin a dhéanamh ina leith: ba cheart sásraí a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát le haghaidh na saoránach chun teipeanna a thugtar faoi deara i mbailiú agus/nó cóireáil fuíolluisce uirbigh a thuairisciú agus aird speisialta á tabhairt ar sceitheadh tionsclaíoch neamhdhleathach.

3.7.

Tá deis iontach ag an Eoraip a bheith ina ceannaire sa réimse agus réitigh a sholáthar don earnáil cóireála fuíolluisce, idir theicneolaíochtaí cóireála forbartha agus réitigh fuinnimh. Baineann féidearthacht ó thaobh na nuálaíochta agus na teicneolaíochta de le forbairt na hearnála cóireála agus tá deis ann chun eolas a onnmhairiú agus fiontraithe óga a mhealladh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Lorg de chuid na sochaí agus toradh ar ár bpatrúin tomhaltais agus táirgthe is ea an fuíolluisce uirbeach. Tá meascán casta de sceitheadh tí i gceist leis, rití chun srutha ó shráideanna agus ó fhoirgnimh agus eisiltigh thionsclaíocha agus eisiltigh eile nach eisiltigh tí iad a dteastaíonn cóireáil chuí ina gcomhair chun nach mbeadh sláinte an duine ná an comhshaol i mbaol ná chun nach mbeadh tionchar acu ar uiscí áineasa. Ba cheart dálaí oibre agus sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe atá rannpháirteach sa chóras fuíolluisce uirbigh a bheith mar phríomhthosaíocht.

4.2.

Leagtar amach sa sprioc fhoriomlán do 2040, agus sna spriocanna eatramhacha, bealach soiléir don chóireáil fuíolluisce don scór bliain atá amach romhainn. Tá tuiscint theoranta againn, áfach, ar na rioscaí don saol uisceach a bhaineann le meascáin de cheimiceáin in uiscí dromchla, agus tagann go leor de na ceimiceáin sin ó tháirgí a úsáidtear inár dtithe féin. Thairis sin, baineann costas ard airgeadais le córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a thógáil, a chothabháil agus a oibriú agus is mór é líon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear dá ndeasca. Deis is ea na hathbhreithnithe agus na meastóireachtaí ar phríomhchodanna de na Treoracha maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus maidir le Sloda Séarachais chun cleachtaí a nuachóiriú agus a fheabhsú ar fud na hearnála agus chun cuidiú le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

4.3.

Murab ionann is riamh, is ábhar imní don tsochaí í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus tá an fuíolluisce uirbeach, bíodh sé cóireáilte nó ná bíodh, ina theophointe chun í a scaipeadh (4). Ní hamháin go gcuirtear leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha le húsáid iomarcach antaibheathach, ach déantar amhlaidh le hoibreáin fhrithmhiocróbacha eile freisin, amhail fungaicídí, oibreáin fhrithvíreasacha, seadáinicídí, chomh maith le roinnt díghalrán agus antaiseipteán, a úsáidtear sa timpeallacht uirbeach go háirithe sna hospidéil. Mura gcuirtear chun gnímh, cuir i gcás, srian a chur le húsáid iomarcach oibreán frithmhiocróbach, réamh-mheastar i bhfoirm rabhadh i dtuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe (5) go bhfaighidh 10 milliún duine bás in aghaidh na bliana mar gheall ar ionfhabhtú atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach faoi 2050.

4.4.

Is meán mór iad na rití chun srutha uirbeacha trínar féidir le héilleáin thocsaineacha, éilleáin neamh-bhithdhíghrádaithe agus éilleáin atá ag teacht chun cinn dul isteach in éiceachórais uisceacha, agus áirítear ar na héilleáin sin smionagar plaisteach, hidreacarbóin, glantaigh, hormóin, tuaslagóirí, pataiginí, lotnaidicídí, miotail throma agus nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu (6). In ainneoin iad a bheith truaillithe, is minic a chaitear le rití chun srutha uirbeacha mar a bheadh uisce báistí glan ann mar gheall ar easpa faireacháin agus ní dhéantar iad a chóireáil sula scaoiltear isteach in uiscí glactha iad. Is mór an baol é sin d’éiceachórais; mar shampla, breathnaíodh géarbhásmhaireacht i mbradáin, rud atá nasctha le substaint thocsaineach (6PPD-cuineoin) a fhaightear i mboinn gluaisteán (7).

4.5.

Is teophointe é an forsceitheadh ó chórais séarachais maidir le sceitheadh micreathruailleán, frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (8), micreaphlaisteach agus bruscair isteach in uiscí glactha. Is bagairt é don chomhshaol agus do shláinte an duine, agus d’earnáil na turasóireachta freisin ós rud é go mbíonn sí ag brath ar uiscí áineasa glana. Is féidir an t-ualach uisce báistí sna séaraigh a laghdú trí réitigh ghorma-ghlasa a thabhairt isteach a choinneoidh uisce agus a ligfidh dó insíothlú isteach sa talamh, lena n-áirítear díonta glasa, dromchlaí dothreáite a bhaint agus gairdíní báistí. Ní hamháin gur bealach cost-éifeachtúil iad na réitigh sin chun uisce báistí a choinneáil, ach baineann go leor comhthairbhí leo freisin don tírdhreach uirbeach, lena n-áirítear an baol tuilte a laghdú, oileáin teasa a laghdú, agus an bhithéagsúlacht agus an fholláine a mhéadú sna cathracha. Chun an t-aistriú i dtreo cóireáil séarachais níos éifeachtúla agus i dtreo geilleagar ciorclach a bhaint amach, tá gá le hathruithe ní hamháin ar chineálacha cur chuige rialála agus institiúideacha, ach freisin ar an gcaoi a dtuigimid, mar shaoránaigh, ár bhfreagrachtaí aonair agus comhchoiteanna i leith bhainistiú an tséarachais.

4.6.

Tá CESE i bhfách le pleananna cóireála fuíolluisce uirbigh comhtháite éigeantach a thabhairt isteach agus é mar chuspóir aige sin forsceitheadh ó chórais séarachais agus truailliú ó rití chun srutha uirbeacha a laghdú. Más le dea-rún a cuireadh na pleananna bainistíochta fuíolluisce uirbigh le chéile, tá an baol ann gur droch-chur a bheidh leo toisc ábhar agus cuspóir na bpleananna sin (forsceitheadh ó chomhchórais séarachais a laghdú go 1 % de shreabhadh uisce le linn triomaigh) a bheith táscach. Tá bainistiú cuí uisce báistí ríthábhachtach ní hamháin chun truailliú na n-uiscí glactha a chosc ach chun cathracha a oiriúnú don aeráid atá ag athrú, óir beidh sealanna troma tréana báistí agus tonnta teasa fada ann feasta mar chuid den ghnáthshaol nua, toisc méadú a bheith ag teacht ar theagmhais adhaimsire agus guaiseacha aeráide eile ó thaobh minicíochta agus déine de ar fud na hEorpa.

4.7.

Tá sé léirithe go laghdaíonn an chóireáil ardleibhéil (“ceathartha”) ualach raon leathan substaintí díobhálacha isteach in uiscí glactha (9). Dá bhrí sin, is díol sásaimh na ceangail nua atá ar ghléasraí móra agus meánmhéide áirithe monatóireacht a dhéanamh ar mhicreathruailleáin agus fáil réidh leo. Mar sin féin, ba cheart aird a thabhairt ar an gcostas a bhaineann le teicnící éagsúla, cuir i gcás an t-ózónú nó carbón gníomhachtaithe, agus ar an gcaoi a n-éiríonn leo fáil réidh le micreathruailleáin. Ach maoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil le haghaidh T&F na dteicneolaíochtaí nua agus na scéimeanna oideachais atá comhchuibhithe ag an Aontas do bhaill foirne oibríochtúla, is fearr a bheifear in ann truailleáin nua a chosc agus a chóireáil.

4.8.

Céim mhór chun tosaigh don phrionsabal gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as” is ea Freagracht Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach agus is mór an t-ábhar sásaimh mar fhreagairt é freisin ar an méid a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá haire, mar atá gur ar na cáiníocóirí a chuirtear costas an truaillithe fós den chuid is mó (10). Tá sé i gcomhréir freisin le comhtháthú an Phrionsabail réamhráite sa reachtaíocht a bhaineann leis an gcomhshaol, lena dtreisítear an córas dliteanais chomhshaoil ar leibhéal an Aontais, agus lena dtugtar cosaint níos fearr do chistí an Aontais i dtreo nach n-úsáidfear iad chun tionscadail a mhaoiniú ar cheart d’údar an truaillithe féin iad a mhaoiniú.

4.9.

Is fadhb fós é an t-eotrófú san Aontas, agus níos mó ná 30 % d’aibhneacha, lochanna agus uiscí cósta agus 81 % d’uiscí muirí an Aontais thíos leis agus gan mórán dul chun cinn déanta ina leith le deich mbliana anuas (11). Dá bhrí sin, is dearfach an ní é gur tugadh forálacha cothrom le dáta agus go ndearnadh iad a chomhchuibhiú chun a áirithiú go mbeidh ar gach gléasra mór cothaithigh a laghdú faoi 2035, agus go mbeidh ar ghléasraí meánmhéide a sceitheann ábhar isteach i limistéir atá i mbaol eotrófaithe cothaithigh a bhaint faoi 2040. Cé go bhfuil na spriocdhátaí an-uaillmhianach maidir leis na dúshláin agus lena gcur chun feidhme, le hacmhainneacht infheistíochta na hearnála agus le saolré na sócmhainní atá ann cheana, tá ceanglais den sórt sin maidir le cothaithigh a bhaint i bhfeidhm ag go leor Ballstát cheana féin agus is díol sásaimh do CESE an comhchuibhiú atá i bhfeidhm ar fud an Aontais.

4.10.

Sainaithníodh sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh gur sciar suntasach de na foinsí fuíolluisce neamhchóireáilte atá fágtha iad na ceirtleáin bheaga agus go bhfuil brú á chur acu ar dhobharlaigh (12). Cé go mba dhearfach an rud é dá ndéanfaí tuilleadh fuíolluisce a chóireáil, tá roinnt dúshlán ag baint leis an togra, ós rud é go bhfuil costas suntasach ag baint le píopaí séarachais nua a thógáil i gceantair atá tearc i ndaoine agus gur gá diantacaíocht airgeadais a chur ar fáil ina gcomhair. Ba cheart réitigh dhíláraithe agus córais aonair a fheidhmíonn go maith a chur chun cinn. Le leithris thirime (múiríniú), laghdaítear tomhaltas an uisce óil is gá a úsáid le haghaidh sruthlaithe agus is féidir leo an geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí fhaecas an duine a chur ar ais san ithir gan gá a bheith le córais bhailithe, chaidéalaithe agus chóireála atá casta, costasach agus dian ó thaobh fuinnimh de. Tá treoirlínte den sórt sin forbartha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le hathúsáid shábháilte fuíolluisce, eisfheartha agus uisce léith (13).

4.11.

Is minic a bhíonn sceitheadh ó phíopaí séarachais ina fhoinse fuíolluisce neamhchóireáilte, rud nach ndéantar a thuairisciú agus a dtugtar neamhaird air, cé go gcuireann sé screamhuisce i mbaol. Sin é is cúis le sciar suntasach den ualach truailliúcháin ó chórais uirbeacha ar an gcomhshaol (14). Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an bhfadhb de réir mar a rachaidh an líonra séarachais in aois. Tá gá le faireachán agus cainníochtú cuí a dhéanamh ar sceitheadh séarachais agus ba cheart é a áireamh mar cheanglas sa Treoir.

4.12.

Tá méideanna móra fuinnimh de dhíth chun fuíolluisce a chóireáil agus is minic sciar suntasach de bhillí leictreachais na mbardas á chaitheamh ar an gcóireáil. Ag an am céanna, tá cineálacha éagsúla fuinnimh le fáil san fhuíolluisce, lena n-áirítear fuinneamh ceimiceach, cinéiteach agus teirmeach, ar cheart é a bhailiú chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Is dearfach an ní é go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus é mar chuspóir neodracht fuinnimh a bhaint amach don earnáil faoi 2040.

4.13.

Is mór is acmhainn d’earnáil an fhuíolluisce iompú ina monarchana acmhainní. Tá gléasraí cóireála fuíolluisce san Aontas cheana féin atá dearfach ó thaobh fuinnimh de a bhuí le teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, e.g. trí dhíleá anaeróbach sloda séarachais agus úsáid an bhithgháis táirgthe ina dhiaidh sin (15). Is acmhainn di, ina theannta sin, limistéir arna n-úsáid cheana ag na gléasraí cóireála fuíolluisce a chlúdach le gléasraí fótavoltacha, agus ba cheart sin a chur chun cinn.

4.14.

Tá easpa rochtana fós ag 10 milliún duine ar shláintíocht san Aontas Eorpach. Is díol sásaimh, dá bhrí sin, go gcuirfear ceangal leis an togra ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, lena n-áirítear leithris phoiblí a chur ar fáil saor in aisce faoi 2027. Mar sin féin, ba cheart an ceanglas a neartú trí cheangal a chur ar na Ballstáit rochtain ar shláintíocht a áirithiú do chách ag céim luath den phleanáil uirbeach agus aird a thabhairt ar an inacmhainneacht agus ar ghné shóisialta na seirbhísí uisce. Áirítear leis sin saolré fhada na sócmhainní bailithe agus cóireála fuíolluisce agus an tsolúbthacht atá de dhlúth agus d’inneach iontu maidir le hoiriúnú nó le huasghrádú.

4.15.

D’fhonn inacmhainneacht seirbhísí uisce a bhaint amach, ní mór teorainn dhocht a bheith leis na díolúintí ó na scéimeanna maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora. Más féidir sin, ba cheart deireadh a chur leis an díolúine do tháirgí a chuirtear ar an margadh, táirgí is lú ná dhá thona in aghaidh na bliana iad, toisc go bhfuil substaintí áirithe an-láidir fiú ar chainníochtaí ísle, agus, ar a laghad, ba cheart a shoiléiriú go dtagraíonn an dá thona do mhargadh an Aontais seachas don leibhéal náisiúnta. Ba cheart a áirithiú freisin go gcumhdaítear miondíoltóirí ar líne leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

4.16.

Sciar suntasach de bhillí uisce is ar chostas cóireála fuíolluisce a théann sé, ach níl a lán úsáideoirí uisce ar an eolas faoin tseirbhís a chuireann cóireáil fuíolluisce ar fáil, ná faoin méid cóireála fuíolluisce a dhéantar i gceart ina gceantar féin. Dá bhrí sin, is díol sásaimh an fhoráil nua maidir le faisnéis a thuairisciú don phobal toisc go n-áiritheofaí léi go scaipfí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le céatadán an fhuíolluisce a dhéantar a chóireáil (nó nach ndéantar a chóireáil) sa cheantar, chomh maith le hualach na dtruailleán arna sceitheadh ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ag córais aonair agus freisin trí fhorsceitheadh ó chórais séarachais agus rití chun srutha uirbeacha.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Comhlachas Uisce na hEorpa (EWA), Water Manifesto.

(2)  Na Náisiúin Aontaithe, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Sprioc 6: Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do chách.

(3)  ECFE, Financing Water Supply, Sanitation and Flood Protection.

(4)  Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, How drug-resistant pathogens in water could spark another pandemic.

(5)  Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Environmental Dimensions of Antimicrobial Resistance.

(6)  Lapointe et al., Sustainable strategies to treat urban runoff needed, Nature Sustainability 5, 2022, lgh. 366-369.

(7)  Tian et al., A ubiquitous tire rubber–derived chemical induces acute mortality in coho salmon, Science, Iml. 371, 2021, lgh. 185-189.

(8)  EAWAG, Monitoring antibiotic resistance in wastewater.

(9)  Wilhelm et al., Does wastewater treatment plant upgrading with activated carbon result in an improvement of fish health? Aquatic Toxicology, Iml. 192, 2017, lgh 184-197.

(10)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021, The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions [An Prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as: Cur i bhfeidhm neamhréireach beartas agus gníomhaíochtaí comhshaoil an Aontais].

(11)  An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir 91/676/CEE ón gComhairle.

(12)  An Coimisiún Eorpach, Meastóireacht ar Threoir 91/271/CEE ón gComhairle.

(13)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Guidelines for the safe use of wastewater, excreta and greywater.

(14)  Nguyen & Venohr, Harmonised assessment of nutrient pollution from urban systems including losses from sewer exfiltration: a case study in Germany, Environmental Science and Pollution Research, Iml. 28, 2021.

(15)  Féach, mar shampla, Marselisborg WWTP – from wastewater plant to power plant..