21.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 140/28 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga” (An Treoir maidir le Dliteanas IS)
(COM(2022) 496 final — 2022/0303 (COD))
(2023/C 140/05)
Rapóirtéir ginearálta: |
Wautier ROBYNS DE SCHNEIDAUER |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 6/10/2022 |
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 14/10/2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Cinneadh ón mBiúró |
20/9/2023 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
24/1/2023 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
575 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
154/1/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá a sheasamh maidir leis an intleacht shaorga (IS) á fhorbairt ag CESE ó chuir sé tús lena obair cheannródaíoch ar an ábhar in 2017. Tá sé teann air nach mór dliteanais a bheith i gceist le maoirseacht an duine ar fheidhmchláir IS agus muinín sa teicneolaíocht sin a bhunú. Tá iarrtha aige go mbeadh rialacha soiléire ann lena n-áirítear, i gcás úsáid éagórach (nó úsáid a mheastar a bheith éagórach), rialacha maidir le dliteanas daoine fisiciúla nó eintitis dhlíthiúla, faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim dá chuid in 2019 (1). |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar chearta na n-íospartach a ndearnadh aon damáiste dóibh de bharr úsáid éagórach IS, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chuige sin, déantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas: cearta sonracha sa bhreis ar dhlí náisiúnta tortbhunaithe nó dlí i dtaca le diandliteanas atá ann cheana agus forálacha na Treorach maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil, agus tugann sé a thacaíocht don togra sin. |
1.3. |
Bíodh is go n-aithníonn CESE gurb é an comhchuibhiú íosta an dóigh is fearr chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé amhrasach faoin mbaol go mbainfeadh geallsealbhóirí a bhfuil baint acu leis an slabhra agus breithiúna bríonna éagsúla as. Dá bhrí sin, tá sé á éileamh aige go dtabharfaí isteach sainmhínithe dlíthiúla soiléire agus tá sé teann air gur gá cur leis an saineolas atá acu siúd a mbeidh orthu an reachtaíocht nua sin a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais agus an acmhainn dhigiteach iomchuí acu chuige sin. Is é an sprioc dheiridh ba cheart a bheith ag an gCoimisiún scéim dliteanais a cheapadh agus cur léi, scéim a chuirfear chun feidhme ar an dóigh is aonfhoirmí is féidir ar fud an Aontais. |
1.4. |
Tá CESE á aithint go bhfuil nasc idir rialacha coisctheacha agus rialacha slándála, ar thaobh amháin, agus deiseanna sásaimh ar an taobh eile, sin anuas ar ról maoirseachta na n-údarás poiblí lena áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin an Aontais maidir le forbairt fhreagrach IS. Tá sé á iarraidh aige go mbunófaí líonra de chomhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun é a fhágáil níos éasca ar íospartaigh a gcearta a fheidhmiú agus tuilleadh fianaise a bhailiú maidir le torthaí na Treorach. |
1.5. |
Is mór ag CESE an chothromaíocht idir cearta íospartach agus leasanna forbróirí IS sa Treoir. Fágann sé sin gur féidir tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach agus go bhfuil seans ann go leagfaí síos caighdeán do thríú tíortha atá ag smaoineamh faoi dhul sa treo sin. |
1.6. |
Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt ráthaíochtaí airgeadais nó árachais lena gcumhdaítear dliteanas IS, agus aird chuí á tabhairt ar a n-infhaighteacht agus ar a raon feidhme toisc gur cheart, tríd an gcreat nua, deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’oibreoirí agus d’árachóirí araon. Tá fianaise ar theagmhais ríthábhachtach agus é á mheas an bhfuil aon ghá le bearta i ndáil leis sin. Ar an ábhar sin, is den riachtanas na teagmhais sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú. |
1.7. |
Iarrann sé air freisin na cearta a dheonaítear d’íospartaigh a ndearnadh damáiste dóibh de bharr IS a áireamh ina straitéis cumarsáide d’fhonn cur leis an muinín as an aistriú digiteach. |
1.8. |
I bhfianaise a thapa atá an teicneolaíocht á forbairt, tá CESE i bhfabhar an rúin atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin a luaithe is a bheidh bonn cirt leis sin. Is é barúil CESE go mbeidh sé ródhéanach faoin am a dhéanfar an t-athbhreithniú, is é sin cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus tá sé á mholadh aige go dtabharfaí faoi trí bliana tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm. Tá CESE toilteanach cur leis an athbhreithniú sin agus an taithí atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais ina leith a mheas, go sonrach a mhéid a bhaineann le haiseolas ó úsáideoirí deiridh faoin dualgas cruthúnais agus faoi shainmhínithe ar dhamáiste incháilithe faoi dhlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó chéile. |
1.9. |
Ó tharla go bhféadfaí roghanna beartais íogaire a dhéanamh de thoradh úsáid IS, roghanna nár cheart a fhágáil faoi na páirtithe a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair IS, tá sé á iarraidh ag CESE freisin go mbeadh sé rannpháirteach i leagan síos na gcaighdeán eiticiúil agus go rachfaí i gcomhairle leis le linn an phróisis sin. |
2. Achoimre ar an togra
2.1. |
Leis an togra le haghaidh Treoir maidir le dliteanas neamhchonarthach i ndáil leis an intleacht shaorga (dá ngairtear “an Treoir maidir le Dliteanas IS” anseo feasta), cuirtear leis an bPáipéar Bán 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Intleacht Shaorga, lena thuarascáil chomhuaineach maidir le sábháilteacht agus dliteanas i réimse IS agus leis an togra le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga 2021 ina ndírítear ar chosc agus ar shábháilteacht. Tá baint aige sin le hathbhreithniú 1985 ar an Treoir maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil (dá ngairtear “an Treoir athbhreithnithe maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil” anseo feasta), rud a cuireadh i láthair an dáta céanna agus a cuireadh an Treoir Dliteanas IS atá á scrúdú sa tuairim seo i láthair. Faoin dá thogra, is féidir le gearánaithe éilimh a dhéanamh i gcoinne páirtithe áirithe, ach tá roinnt difríochtaí i raon feidhme an dá ionstraim. |
2.2. |
Is é is cuspóir don Treoir maidir le Dliteanas IS rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos i dtaca le gnéithe áirithe de dhliteanas neamhchonarthach i leith damáiste a dhéantar trí úsáid a bhaint as córais IS. Ar an gcaoi sin, tá sé d’aidhm aici feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú agus cosaint níos leithne a áirithiú d’íospartaigh (bídís ina ndaoine aonair nó ina ngnólachtaí) agus cothaítear léi muinín as IS trí rialacha comhchuibhithe. Cumhdaítear leis sin, mar shampla, sáruithe ar an bpríobháideachas, caillteanas sonraí nó damáistí de bharr saincheisteanna sábháilteachta. A bhuí leis na rialacha nua, mar shampla, is éasca a bheidh sé cúiteamh a fháil má dhéantar idirdhealú ar dhuine i bpróiseas earcaíochta a bhaineann le teicneolaíocht IS. Is ann fós do roinnt constaicí (dlíthiúla), áfach. D’fhonn fáil réidh leis an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann i gcónaí, tá sé á mholadh ag CESE sainmhíniú dlíthiúil a thabhairt ar chinneadh arna dhéanamh ag meaisíní a bhaineann úsáid as IS. |
2.3. |
Trí bhíthin na Treorach atá faoi chaibidil, tá an Coimisiún á mholadh, den chéad uair riamh, comhchuibhiú spriocdhírithe ar rialacha náisiúnta dliteanais le haghaidh IS, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa d’íospartaigh ndearnadh damáiste dóibh de bharr IS cúiteamh a fháil. I gcomhréir le cuspóirí an Pháipéir Bháin maidir leis an Intleacht Shaorga agus leis an togra ón gCoimisiún maidir le Gníomh 2021 um an Intleacht Shaorga — ina leagtar amach prionsabail an smachta reachta trí chreat le haghaidh iontaofacht agus muinín as IS — áiritheofar leis na rialacha nua go mbainfidh íospartaigh tairbhe as cosaint chothrom nuair a dhéantar damáiste dóibh de bharr tairgí IS nó seirbhísí IS, mar is amhlaidh dá ndéanfaí aon damáiste dóibh faoi aon imthosca eile. |
2.4. |
Táthar cúramach sa Treoir gan dul chun cinn teicneolaíoch san Eoraip a chur i mbaol nó a chur de dhroim seoil. Tugtar isteach léi creat dlíthiúil comhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar chastacht córas IS ón tsaotharlann go dtí an margadh agus lena simplítear an próiseas dlíthiúil d’íospartaigh a ndearnadh damáiste dóibh de bharr córais IS. Déantar amhlaidh trí dhá phríomhnuálaíocht dhlíthiúil lena bhfreastalaítear ar na riachtanais atá ann cheana.
|
A bhuí leis an dá bheart sin, is cuidiú ag íospartaigh í an Treoir atá beartaithe agus sásamh á lorg acu, bíodh sin ina n-aonar nó i dteannta a chéile (más infheidhme), gan deireadh a chur le coincheap na cúisíochta.
3. Éabhlóid theicneolaíoch dhaonlárnach a ráthú
3.1. |
Tá CESE feasach ar na tairbhí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le IS. Níor cheart úsáid IS a bheith teoranta d’fheabhas a chur ar tháirgiúlacht trí chúraimí daonna a ionadú agus costais a laghdú agus air sin amháin. I bhfianaise na forbartha sin, is gá aird a thabhairt ar rioscaí maidir le tionchar IS ar an tsláinte mar thoradh ar dhálaí oibre modhnaithe, ar chearta, amhail cearta chun príobháideachais, agus ar athmhachnamh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir an meaisín agus an duine san áit oibre, ós rud é nach mór tús áite a thabhairt do rialú an duine, agus aird chuí á tabhairt air san am céanna go bhféadfadh claontacht agus laofacht an duine a bheith i gceist le feidhmiú meaisín. Faoi mar a aithnítear i dtreoirlínte eitice an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ba cheart gur gníomhaithe daonna a bheadh freagrach as an dearadh tosaigh agus gurb iadsan a bheadh freagrach i gcás aon theip. Tá roinnt mhaith éabhlóidí eile ag tarlú nach bhfuil doiciméadaithe chomh maith céanna ar an aimsir seo, amhail tionchar nanaitheicneolaíochtaí ar an gcomhshaol. Is é barúil CESE gur cheart d’oibreoirí IS agus do gheallsealbhóirí eile araon, mar shampla comhairleoirí bainistíochta riosca agus árachóirí, chomh maith le húdaráis phoiblí agus ionadaithe oibrithe, faireachán a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann trí bhíthin anailís riosca, iniúchóireacht agus innealtóireacht sábháilteachta trí thástálacha a dhéanamh faoi dhálaí fíorshaoil. Faoi mar a chuir sé in iúl i dtuairim eile uaidh roimhe seo (2), ba dhíol sásaimh do CESE dá dtabharfaí isteach nósanna imeachta deimhniúcháin lena n-áiritheofaí sábháilteacht agus a bheadh i gcomhréir le leasanna an duine. |
3.2. |
Tuigeann CESE go bhfuil an baol ann go dteipfí ar fheidhmchláir nó go ndéanfaí cibirionsaithe mailíseacha orthu. Tagraíonn sé do thuairimí a d’eisigh sé le déanaí i ndáil leis an togra le haghaidh Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) (3) agus an togra le haghaidh Treoir maidir le Cibearshlándáil agus Athléimneacht Eintiteas Criticiúil (4). Toisc na rioscaí agus na bagairtí sin a bheith ann, tá údar maith leis na bearta coisctheacha agus faireacháin atá i bhfeidhm cheana, maille le bearta eile a d’fhéadfaí a bheith tugtha isteach amach anseo de réir mar a thiocfadh leochaileachtaí nua chun cinn. |
3.3. |
Tacaíonn CESE leis an rún atá ann cos a choinneáil le forbairtí meara amach anseo agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtaí na Treorach má thagann ann d’fhianaise atá ina húdar maith leis sin. Dá dhroim sin, déanfar nuashonruithe de réir riachtanais agus comhréireachta. Measann sé gur rófhada an sprioc cúig bliana a leagtar síos sa togra agus tá sé á mholadh aige go ndéanfaí gníomh níos luaithe, ar a mhéad, trí bliana tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm. Tá CESE teann air go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach sa mheastóireacht sin, ós rud é gurb é an ról uathúil atá aige tuairimí na saoránach, na dtomhaltóirí, na n-oibrithe agus na ngnólachtaí, idir mhór agus bheag, a chur in iúl agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta oibrithe, chomh maith le deiseanna agus bacainní eacnamaíocha. |
4. Bunluachanna an Aontais a chosaint
4.1. |
Tá CESE i bhfách leis an gcur chuige a ghlac an Coimisiún sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, lena ndéantar idirdhealú idir úsáidí toirmiscthe IS amhail “scóráil shóisialta” saoránach ag rialtais ionsáite, feidhmchláir ardriosca de chuid gnólachtaí lena n-áirítear earcaíocht agus scóráil rátála fiúntais mar aon le bonneagair chriticiúla agus feistí teicniúla a úsáidtear i réimse an chúraim sláinte agus líon mór gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh contúirteach céanna. Tá CESE á iarraidh go dtabharfaí sainmhíniú soiléir ar ghníomhaíochtaí ardriosca. Tá sé á éileamh aige athuair go n-áireofaí dochar féideartha don chomhshaol sa chatagóir ardriosca. Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart íospartaigh a chúiteamh beag beann ar aicmiú feidhmchlár IS a bhfuil riosca níos lú ag baint leo. |
4.2. |
Mar a luaigh sé i dtuairim uaidh a foilsíodh in 2020 i dtaca leis an bPáipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga, tá CESE á áitiú go bhfuil sé tiomanta cearta bunúsacha agus maoirseacht an duine a chosaint ag céim na cinnteoireachta deiridh mar bhunchlocha faoi fhorbairt fhreagrach IS san Aontas Eorpach. I ndáil le cinntí agus roghanna a dhéanann meaisíní, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí san áireamh iarmhairtí neamhbheartaithe, iarmhairtí a mbeadh tuiscint ag an duine orthu, go háirithe nuair a bhíonn tionchar ag na roghanna agus na cinntí sin ar dhaoine leochaileacha amhail leanaí nó daoine scothaosta. |
4.3. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá muinín an phobail as forbairtí IS maidir le cosaint príobháideachais, cóir chothrom agus sásamh nuair is iomchuí. Is é is aidhm don Treoir atá beartaithe cúiteamh comhionann ar a laghad a áirithiú as damáistí a dhéantar nó a dhéantar i bpáirt trí úsáid a bhaint as córais IS i gcomparáid le damáiste arna fhulaingt i gcásanna nach bhfuil córais IS in úsáid. Is tábhachtach go n-oibreoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus úsáideoirí córas IS i bpáirt le chéile chun an teachtaireacht sin a chur in iúl don phobal leathan. |
5. Cúiteamh a éascú d’íospartaigh as damáistí arb í an intleacht shaorga is cúis leo
5.1. |
Leis an Treoir maidir le Dliteanas IS, foráiltear do chosaint mhéadaithe do shaoránaigh, d’oibrithe agus do ghníomhaithe eacnamaíocha i gcoinne damáistí a aithnítear i dtimpeallacht dhlíthiúil náisiúnta na n-íospartach sin. Leis sin, leathnaítear an chosaint thar dhíobháil choirp agus caillteanais ábhartha amháin faoi mar a fhoráiltear sa togra le haghaidh Treoir maidir le dliteanas i leith táirgí. Leis an leathnú sin, ceadaítear damáistí eacnamaíocha a dhéantar, mar shampla, i gcás idirdhealú éagórach, diúltú do rochtain ar chúram nó ar oideachas nó caillteanais sonraí, a chúiteamh. Tá sé á áitiú ag CESE gur gá tuiscint shoiléir a thabhairt ar dhamáiste incháilithe chun léirmhínithe éagsúla nach bhfuil ag teastáil a sheachaint faoin gcásdlí náisiúnta agus chun oiliúint a chur ar chleachtóirí, lena n-áirítear breithiúna náisiúnta, chun na críche sin trí leas a bhaint as na hacmhainní iomchuí. Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialuithe dochracha a dhéanamh maidir le pointí a bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bhaint astu. |
5.2. |
Measann CESE nach ionann an rochtain atá ag saoránaigh, tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh ar shásamh agus ar chúiteamh. Tá éagsúlachtaí móra sna Ballstáit agus sna haicmí sóisialta ó thaobh na dea-thola atá ann i leith gearánaithe, na rialacha nós imeachta agus na gcostas a bhaineann le héileamh tríd an gcóras breithiúnach agus a mhéid a chumhdaítear gearánaithe i gcoinne speansais dhlíthiúla i gcásanna dliteanais shibhialta. Dá bhrí sin, mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairim níos ginearálta uaidh i dtaca leis an Rialachán maidir leis an intleacht shaorga (5), tá sé á mholadh ag CESE scéimeanna malartacha um réiteach díospóidí atá inrochtana go héasca, saor in aisce agus éigeantach a chur ar bun le haghaidh ábhair a bhaineann le dliteanas sibhialta i bhfeidhmchláir IS ar an leibhéal náisiúnta agus é sin a dhéanamh le comhordú uile-Aontais. Tá comhordú dá leithéid le feiceáil i réimse na seirbhísí airgeadais (FIN-NET), mar shampla. Ní mór an méid sin a dhéanamh i gcomhar le comhlachtaí ionadaíocha ábhartha na sochaí sibhialta. Chuirfeadh seirbhísí den saghas sin le measúnú ar éifeachtaí na Treorach trí shúil a choinneáil ar shocraíochtaí lasmuigh de na cúirteanna a chuirtear faoina mbráid. |
5.3. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá déanta chun acmhainní breise a chur ar fáil d’íospartaigh chun cúiteamh cothrom a éileamh nuair a dhéantar damáiste dóibh de bharr feidhmchláir IS, ós próiseas é sin a d’fhéadfadh a bheith casta costasach, nó a d’fhéadfadh a bheith go hiomlán indéanta mar gheall ar dhoiléire agus castacht feidhmchlár IS. Is iomaí saoránach agus tomhaltóir atá amhrasach faoi “róbait” agus algartaim. Tá sé á mholadh ag CESE beart a dhéanamh faoi scáth straitéis chumarsáide an Choimisiúin chun muinín na saoránach a chothú, go sonrach trí sheisiúin teagaisc ar na meáin shóisialta a úsáidtear go forleathan. |
5.4. |
Beidh íospartaigh a ndearnadh díobháil dóibh de bharr córas IS in ann toimhde a agairt i gcás nach gcomhlíonann oibreoirí ceanglais an Aontais nó ceanglais náisiúnta. Beidh ar oibreoirí taifead a choinneáil ar a gcomhlíontacht le rialacha den sórt sin agus is cosaint é sin i gcoinne iompar míchúramach. |
6. Prionsabail nua dlí a chomhtháthú sa mhargadh aonair
6.1. |
Tá an Treoir maidir le Dliteanas IS ag teacht ar an bhfód tráth a bhfuil dliteanas i leith teipeanna IS ar chlár oibre reachtach roinnt Ballstát. Tuigeann CESE an cur chuige a leagtar amach sa togra maidir le prionsabail dlí náisiúnta a chosaint ag an gcéim seo. Tá sé i bhfách leis go bhfuil Treoir á tabhairt isteach chun neamhréireachtaí iomarcacha i bprionsabail dliteanais ar fud an Aontais a sheachaint agus chun ligean do na Ballstáit an chosaint a mheasann siad a bheith riachtanach agus comhréireach ar mhaithe leis an leas ginearálta a mhionchoigeartú. Tá aird lucht ceaptha beartas á tarraingt aige ar an míbhuntáiste a bhaineann le timpeallachtaí dlíthiúla ilroinnte, óir cuireann siad bac ar fhíormhargadh aonair digiteach a bhunú, cuireann siad le difríochtaí idir saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa agus d’fhéadfaidís bac a chur ar nuálaíocht theicneolaíoch na hEorpa. Creideann sé nár cheart gannmheas a dhéanamh ar an mbaol go mbainfí míthuiscint as prionsabal an leasa ghinearálta, ós rud é go bhfuil na nósanna imeachta chun agóid a dhéanamh ina choinne sin útamálach agus nach dtéann a n-údarás thar an tsaincheist atá i gceist i ngach nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais. |
6.2. |
Is eol do CESE a éagsúla atá na córais dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héilimh faoi dhliteanas sibhialta fós ó Bhallstát go Ballstát agus tá aird mhór tugtha aige le blianta beaga anuas ar na hiarrachtaí chun na héagsúlachtaí sin a shárú, mar shampla, trí chóras malartach ar na caighdeáin náisiúnta (“an 28ú córas”). Agus an méid sin á chur san áireamh, tuigeann sé cén fáth ar chinn an Coimisiún ionstraim dlí a mholadh ag an bpointe seo. Tá sé á thabhairt le fios aige, áfach, go bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bhaint aisti faoi chórais dlí náisiúnta éagsúla de bharr roinnt coincheap a bheith i gceist. Tá CESE á áitiú gur cheart gurb é sprioc deiridh an Choimisiúin scéim dliteanais a thabhairt isteach atá chomh haonfhoirmeach agus is féidir agus í á cur i bhfeidhm ar fud an Aontais. |
6.3. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an gceart atá ag an bpáirtí is cosantóir, agus ag (mion)díoltóirí go háirithe, éileamh dlíthiúil a dhéanamh in éadan a sholáthraí nó in éadan geallsealbhóirí ábhartha níos faide anonn sa slabhra soláthair agus an dualgas atá ar na geallsealbhóirí sin freagracht a ghlacadh as iarmhairtí a n-iompraíochta faillíche nó a n-iompraíochta a mheastar a bheith éagórach. Ba cheart é a bheith de cheangal dlíthiúil ar na soláthróirí sin, i gcásanna den chineál sin, slánaíocht a sholáthar do chosantóirí den sórt sin. |
7. Ag tacú le hiomaíochas forbairtí IS san Eoraip
7.1. |
Measann CESE gur dreasacht eacnamaíoch í an deimhneacht dhlíthiúil a ndéanfaí taighde agus forbairt dá barr sna lárionaid eolaíochta, sna húdaráis phoiblí, agus gnóthais agus go gcuideodh sí le nuálaíochtaí ceannródaíocha i dtimpeallacht dhomhanda. Tugtar treoir thráthúil sa Treoir maidir le Dliteanas IS atá beartaithe chun nuálaithe a chur ar an eolas ar dhóigh níos fearr faoi na rioscaí dlíthiúla atá ann, go háirithe agus iad ag obair thar theorainneacha, ós rud é go bhfuil a gcóras dliteanais féin ag gach dlínse. Is iad na gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna is mó a mbeidh luach suntasach le baint acu as sin ós rud é nach bhfuil an teacht céanna acu ar chomhairle dlí agus a bhíonn ag fiontair mhóra. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh an creat nua ina chabhair ag forbróirí agus feidhmchláir nua á seoladh acu a mbeadh tuiscint níos fearr iontu ar impleachtaí dlíthiúla, rud a chuirfeadh le straitéis an Aontais maidir leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas. |
7.2. |
Níl árachas éigeantach san áireamh ag an bpointe seo sa Treoir atá beartaithe maidir le Dliteanas IS. Ós rud é go bhfuil feidhmchláir IS fós á bhforbairt ina n-iomláine, agus córais chasta IS go háirithe, bheadh sé deacair, i ngeall ar an easpa taithí atá ann, modhanna rátála a bhunú a bheadh iontaofa a ndóthain chun dul i ngleic le damáistí agus éilimh a d’fhéadfadh tarlú amach anseo. Is fíor sin go háirithe óir d’fhéadfadh damáistí agus éilimh ar dhamáistí a bheith idirnasctha agus d’fhéadfadh sé go tarlódh teipeanna arís agus arís eile agus go méadófaí ar dhéine agus líon na dteagmhas dá thoradh sin. San am céanna, is teoranta an acmhainneacht atá ag fiontair (ath)árachais faoi láthair. Tuigeann CESE mar sin de cén fáth ar roghnaigh an Coimisiún gan tuilleadh páirte a ghlacadh sa tsaincheist maidir le hárachas éigeantach nó ráthaíochtaí airgeadais eile a thabhairt isteach, na gníomhaíochtaí ar a mbeadh siad i bhfeidhm agus an méid feidhme a bheadh acu. Iarrann sé ar an gCoimisiún, mar sin féin, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar mhéid an árachais. Tá scéim faireacháin de dhíth chun léargas a thabhairt ar eachtraí a bhaineann le córas IS le fáil amach an bhfuil bearta breise ar nós diandliteanas nó árachas éigeantach ag teastáil. |
7.3. |
Tugann CESE faoi deara nach mór clúdach árachais éigeantach nó ráthaíochtaí airgeadais eile a bheith ag páirtí leasmhar mar chlúdach in aghaidh roinnt rioscaí de réir dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais Eorpaigh. Is in úsáid na mótarfheithiclí is mó a fheictear an cás seo, áit a bhfuil tús curtha le forbairt feithiclí uathrialaitheacha. In a leithéid de chásanna, ina mbaineann árachas éigeantach ní hamháin le hiompar an tiománaí nó na bpaisinéirí ach le mífheidhmiú trealaimh freisin, go háirithe sa mhód uathphíolóta, ráthaítear cúiteamh d’íospartaigh i bhformhór na gcásanna (6) faoin reachtaíocht agus faoi chonarthaí reatha. Is féidir le cuideachtaí árachais, i gcás inarb infheidhme, aisíocaíocht a éileamh ar a gcuid costas ó mhonaróirí. Mar gheall air sin, ba cheart nach mbeadh sé chomh costasach céanna ar thiománaithe agus go n-aistreofaí feidhm eacnamaíoch an árachais ó mhargadh gnólacht le tomhaltóir go margadh gnólacht le gnólacht. Creideann EESC mar sin de nach bhfuil gá le gníomhaíocht reachtach shuntasach bhreise i réimsí ina bhfuil árachas éigeantach i bhfeidhm cheana nó ina dtabharfar é isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, déanfaidh CESE dlúthfhaireachán ar na roghanna eiticiúla is mó a bhfuil baint acu le saincheisteanna amhail conas tionóiscí a sheachaint agus cásanna tionóisce a bhainistiú. |
7.4. |
Tá EESC den tuairim go bhfuil na bearta srianta comhlíonta a bhaineann le bainistíocht riosca agus atá leabaithe sa Treoir maidir le Dliteanas IS comhréireach le leibhéal an damáiste arbh fhéidir le feidhmchláir IS a dhéanamh. San áireamh sna bearta sin tá an toimhde a chineann gur faoi sholáthróirí agus úsáideoirí chórais IS a bheidh sé a gcuid gníomhachtaí a chosaint. |
7.5. |
Ó thaobh na rochtana ar fhianaise de, tá CESE i bhfabhar na mbeart a glacadh chun rúin trádála a chosaint, ar gné thábhachtach iad d’iomaíochas nuálaithe Eorpacha, mar aon le faisnéis rúnda nuair a dhéantar iad a agairt ar bhealach dlisteanach agus aird chuí á tabhairt ar chearta seanbhunaithe amhail pribhléidí sceithirí san áit oibre a aithnítear go dlíthiúil. |
7.6. |
Le glacadh toimhdean mheasartha seachas diandliteanas, measann CESE go réiteofaí an bealach le haghaidh forbairtí sa teicneolaíocht IS san Aontas Eorpach agus go bhféadfaí ról an Aontais mar cheannródaí domhanda ó thaobh caighdeán de a dheimhniú, ós rud é go bhféadfadh tíortha eile a reachtaíocht a chur ag luí leis an gcur chuige a ghlacann sé. Ba cheart an ghné sin a bheith mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar amach anseo, mar aon le soiléiriú ar choincheapa, rud a d’fhéadfadh a bheith riachtanach mar thoradh ar an gcéad taithí sin. |
An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 47, 11.2.2020, lch. 64 (Níl leagan Gaeilge ann).
(2) IO C 47, 11.2.2020, lch. 64.
(3) IO C 155, 30.04.2021, lch. 38.
(4) IO C 286, 16.7.2021, lch. 170.
(5) IO C 517, 22.12.2021, lch. 61.
(6) Tá an duine atá ag tiomaint i dteideal éileamh a chomhdú faoin dlí maidir le dliteanas táirge.