21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 486/185


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Plean REPowerEU

(COM(2022) 230 final)

agus

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814

(COM(2022) 231 final — 2022/0164(COD))

(2022/C 486/25)

Rapóirtéirí:

Stefan BACK

Thomas KATTNIG

Lutz RIBBE

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 6.6.2022

An Chomhairle Eorpach, 3.6.2022

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

21.9.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

7.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

21.9.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

572

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

220/01/07

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Sula ndéanfar plé ar inneachar an Phlean REPowerEU, tá CESE á chur in iúl, ina cháil mar ionadaí ar an tsochaí shibhialta a bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh di mar gheall ar an méadú suntasach atá ag teacht ar phraghsanna faoi láthair, tá sé á chur in iúl aige nach mbeadh roinnt mhaith de na fadhbanna nach mór a réiteach faoi láthair ann mura mbeifí chomh spleách céanna ar allmhairí fuinnimh, rud atá á mholadh ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas. Athdhearbhaíonn CESE na ráitis ón Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh, 2014, agus ón Straitéis don Aontas Fuinnimh, 2015, arb iad sin go bhfuil an tAontas fós leochaileach i dtaobh suaitheadh seachtrach fuinnimh. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur go soiléir ar shúile na saoránach na roghanna a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí agus ar sholáthróirí agus bealaí fuinnimh ar leith a laghdú. Faraor, is é an t-aon chloch ar phaidrín fhormhór mór na bpolaiteoirí agus chodanna móra dár sochaí soláthraithe saora fuinnimh agus theip orthu aon bheartas réamhchúraim a shaothrú. Toradh, nó drochthoradh, na faillí sin is ea an staid reatha. Is oth le CESE nach dtabharfaí puinn airde ar an tsaincheist bhunúsach slándála fuinnimh seo agus nach seolfaí na bearta a mholtar sa Phlean REPowerEU chun neamhspleáchas ar an allmhairiú fuinnimh ón Rúis a áirithiú murach an cogadh san Úcráin agus an saobhadh ar an soláthar fuinnimh ón Rúis a lean as sin.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE aidhm an Phlean REPowerEU maidir le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar an soláthar gáis agus ola ón Rúis agus aontaíonn sé leis an gcur chuige ceithre cholún atá dírithe ar fhuinneamh a choigilt, allmhairí gáis a éagsúlú, agus breoslaí iontaise a ionadú trí dhlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus réitigh mhaoiniúcháin. Tugann CESE dá aire an t-idirdhealú idir bearta gearrthéarmacha agus bearta don mheántéarma/fhadtéarma.

1.3.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le soláthar fuinnimh a áirithiú do thomhaltóirí agus don tionscal ar an gcostas is inacmhainne is féidir. Tá sé á chur in iúl aige, freisin, go rannchuideodh soláthar fuinnimh atá bunaithe, i gcoitinne, ar fhoinsí fuinnimh na hEorpa atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de go mór le slándáil fheabhsaithe fuinnimh.

1.4.

Ar a shon sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar na deiseanna tacaíochta a chuirfear ar fáil tríd an gCiste Aeráide Sóisialta atá beartaithe agus, ó thaobh gnó de, trí na treoirlínte maidir le státchabhair i gcás géarchéim shealadach. An sprioc nach mór a bheith ann ná an t-aistriú a éascú.

1.5.

Tá CESE den bharúil nach mór an leibhéal iarrachta sa Phlean a mheas mar bheith leordhóthanach, i bhfianaise a phráinní atá cúrsaí an tsoláthair. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE go bhfuil gá le solúbthacht a mhéid a bhaineann le húsáid idirthréimhseach breoslaí iontaise, breoslaí ísealcharbóin, guail, agus fuinnimh núicléach. Á chur san áireamh go bhfuil stádas an fhuinnimh núicléach ina shaincheist oscailte go fóill agus go bhfágtar é, faoi láthair, faoi gach Ballstát ar leith, ní foláir an idirthréimhse sin a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus ba cheart deimhin a dhéanamh de nach gcruthófaí spleáchais nua agus nach ndéanfaí dochar lena linn do na hiarrachtaí atá ar bun an aeráidneodracht a bhaint amach a luaithe is féidir (faoi 2050 ar a dhéanaí).

1.6.

I bhfianaise a phráinní atá an cás agus an bhaoil go mbeadh suaitheadh gan choinne sa soláthar fuinnimh ón Rúis, creideann CESE go mbaineann tábhacht le bearta a d’fhéadfaí a chur chun feidhme ar an toirt, go háirithe bearta an-láidir lena ndéanfaí fuinneamh a choigilt agus a mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta agus cur chun feidhme luath tionscnamh nua mar chrann taca leo. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an mbaol atá ann go gcuirfear crua ar an gcóras daonlathach de dheasca éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime reatha, ar iad a thógáil le chéile, mura dtiocfar ar réitigh leordhóthanacha.

1.7.

Tacaíonn CESE leis an togra chun an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú ó 9 %, mar a mholtar sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, go 14 % faoi 2030. Tacaíonn sé, freisin, leis na hiarrachtaí ginearálta chun gás a choigilt (táthar á thuar go mbainfear sprioc 30 % amach faoi 2030). Is díol sásaimh do CESE, freisin, an Rialachán ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú (15 %) ar éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023, agus tá sé á chur i bhfios nach ionann acmhainneacht coigilte na mBallstát éagsúil. Is éard a léiríonn leibhéal méadaithe na dtograí nua nach mbainfí an leibhéal nua uaillmhéine sin amach murach an phráinn a d’eascair as an gcogadh san Úcráin. Tacaíonn CESE go háirithe leis na bearta luatha chun fuinneamh a choigilt, mar shampla na bearta arna seoladh ag an gCoimisiún i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) chun fuinneamh a choigilt trí dhaoine aonair, bearta atá bunaithe ar an margadh, amhail ceantanna droim ar ais, agus bearta freagartha don éileamh.

1.8.

Tá CESE ag tathant ar na comhreachtóirí freisin an iarraidh ón gCoimisiún a chomhlíonadh, arb é sin an cuspóir feabhsaithe coigilte fuinnimh atá á mholadh ag an gCoimisiún a chur san áireamh mar chuid den Phlean sa phacáiste “Oiriúnach do 55” ar mhaithe le níos mó ama a spáráil, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise chúrsaí an lae inniu.

1.9.

Ó thaobh éagsúlú na n-allmhairí de, tá aird á tarraingt ag CESE ar na deiseanna a bhaineann le ceannach comhpháirteach deonach trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh agus trí chomhpháirtíochtaí nua fuinnimh, ar roghanna iad sin a d’fhéadfaí a chur chun feidhme gan mhoill. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis gheopholaitiúil maidir le hallmhairiú fuinnimh a fhorbairt, ina gcuirfear san áireamh práinn an fhuinnimh agus práinn na haeráide, sula dtabharfaidh sé comhpháirtíochtaí i gcrích le tíortha neamhdhaonlathacha nó le tíortha atá éagobhsaí ó thaobh na polaitíochta de.

1.10.

Tacaíonn CESE le sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú agus tacaíonn sé leis an iarraidh ón Aontas an sciar (55 %) a moladh sa Phlean sa phacáiste “Oiriúnach do 55” a chur san áireamh.

1.11.

Is gá trealamh teicniúil a allmhairiú ar mhaithe leis na spriocanna níos uaillmhianaí sin a bhaint amach ós rud é nach bhfuil aon acmhainneacht táirgeachta san Aontas a thuilleadh. Mar shampla, allmhairítear painéil ghréine ón tSín den chuid is mó. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbraitheann an fuinneamh iontaise ar allmhairí, ach braitheann sé freisin ar an trealamh atá ag teastáil. Tá CESE ag iarraidh ar na cinnteoirí polaitiúla go léir cur chun cinn thar na bearta a dhéanamh maidir le leathnú na láithreán táirgthe san Eoraip le haghaidh trealamh in-athnuaite fuinnimh, lena n-áirítear stóráil ceallraí. D’fhéadfadh sé gurbh é an chéad chéim chun tosaigh Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine.

1.12.

Teastaíonn infheistíocht ollmhór, áfach, chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, tá sciar na n-infheistíochtaí poiblí sa taighde agus i bhforbairt na dteicneolaíochtaí dícharbónaithe níos ísle san Aontas ná mar atá i mórgheilleagair eile, rud a chuireann iomaíochas an Aontais maidir le príomhtheicneolaíochtaí na todhchaí i mbaol. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil an meascán ceart foinsí in-athnuaite fuinnimh ag teastáil i leith an aistrithe ghlais agus shlándáil an tsoláthair le go mbeadh rath ar leictriú agus táirgeadh hidrigine glaise, le go bhforbrófaí teicneolaíochtaí stórála agus le go mbainfí leas iomlán as na deiseanna a chuirfí ar fáil trí bhíthin na digiteála. Ina fhianaise sin, tá infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt ag teastáil go géar fós.

1.13.

Tá béim á cur ag CESE ar an luach breise a bhaintear as na tograí le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, agus as sainmhíniú a dhéanamh ar na “sprioclimistéir”, mar a thugtar orthu, i dtaobh na dtionscadal sin. Tá CESE á chur i bhfios, an athuair, an luach breise a d’fhéadfaí a bheith ann ach cloí leis na moltaí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm ag céim luath.

1.14.

Ar a shon sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar a thábhachtaí atá táirgeadh intíre fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear hidrigin, ach tá béim á leagan aige air, san am céanna, go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil láithreach leordhóthanach ar roinnt de na foinsí in-athnuaite fuinnimh a dtugtar tosaíocht dóibh, amhail hidrigin, agus/nó nach mbeadh fáil láithreach orthu ar phraghsanna inacmhainne. Le gur féidir na réitigh aistrithe atá leagtha amach i bpointe 1.3 thuas a chur ar fáil sa mheántéarma, tá sé tábhachtach beartas dícharbónaithe Eorpach a dhearadh ina ndíreofar go háirithe ar na réimsí a bhfuil deacrachtaí iontu astaíochtaí a mhaolú (mar shampla, tionscail a bhraitheann ar theas ard, ach, freisin, tionóntaí i bhfoirgnimh ilárasán agus an t-iompar). Tá ionstraimí áisiúla ar fáil cheana féin, amhail Conarthaí Difríochta Carbóin agus féintomhaltas comhchoiteann. Ní mór na hionstraimí sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir i bhfianaise na n-éifeachtaí sóisialta agus an ghá atá le hiomaíochas gnó a áirithiú.

1.15.

Maidir leis an acmhainneacht atá ann foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt, tá aird á tarraingt ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann le féintomhaltas, comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus comhroinnt fuinnimh. Léirítear an acmhainneacht sin sa Phlean ach, ar an drochuair, ní mhínítear conas is féidir na bacainní ábhartha atá ar na fiontair sin a bhaint.

1.16.

Tá béim á cur ag CESE air, freisin, a thábhachtaí atá patrúin iompraíochta náisiúnta agus na traidisiúin náisiúnta arb iad is cúis leis na roghanna a dhéantar maidir le meascáin fuinnimh in-bhuanaithe. Tacaíonn CESE le húsáid mhéadaithe na n-acmhainní atá ar fáil chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. Ós rud é go mbíonn na roghanna náisiúnta difriúil ó chéile, ba cheart an éagsúlacht a spreagadh agus úsáid a bhaint, dá bhrí sin, as réimse leathan foinsí fuinnimh atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de agus a bheadh oiriúnach, go heacnamaíoch agus go héiceolaíoch, do chóras nua fuinnimh a bhunófaí, go príomha, ar fhoinsí fuinnimh Eorpacha. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil stádas an fhuinnimh núicléach oscailte go fóill agus go bhfágtar an stádas sin, faoi láthair, faoi gach Ballstát ar leith.

1.17.

Aontaíonn CESE gur cheart tús áite a thabhairt don fhuinneamh in-athnuaite, do stóráil agus d’eangacha dáileacháin ar mhaithe le leas an phobail. Mar sin féin, bheadh sé ina dhíol sásaimh do CESE míniú níos fearr a bheith ann ar na himpleachtaí nithiúla a bhainfeadh leis sin. Chuir CESE in iúl cheana féin i dtuairimí roimhe seo an acmhainneacht mhór a bhaineann le gluaisteáin leictreacha le haghaidh stóráil straitéiseach leictreachais. Faraor, níl aon mhíniú sa Phlean air seo ach oiread.

1.18.

Ó thaobh infheistíochta de, tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá díriú níos mó ar na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann don fhostaíocht agus do gheilleagair réigiúnacha. Tá sé á chur in iúl aige, freisin, a thábhachtaí atá sé gnéithe a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid a nascadh leis an gcomhtháthú sóisialta agus réigiúnach.

1.19.

Is oth le CESE nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach sa Phlean ar athmhaoiniú an chistithe phoiblí a d’fhéadfadh a bheith mar shíolairgead chun go meallfaí infheistíocht phríobháideach sa neamhspleáchas fuinnimh. Ceann de na féidearthachtaí atá ann is ea cáin thiomnaithe ar “brabúis amhantair”, mar a chuirtear orthu, ó phraghsanna arda ola agus gáis a chur i leataobh. Tá cineál íogair birt den sórt sin á thabhairt dá aire ag CESE, ós rud é gur gá a sheachaint go ndíspreagfaí infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin.

1.20.

Cé gur céim chun tosaigh é an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a foilsíodh le déanaí agus an Teachtaireacht “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” a ghabhann leis sin i dtreo feabhas a chur ar an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ba mhaith le CESE creat níos ginearálta a bheith ann do ghéarchéimeanna, ceann a bheadh oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim atá chomh mór céanna leis an gceann atá san Aontas faoi láthair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.

1.21.

Tá CESE ag tabhairt dá aire an méid a dúirt Uachtarán an Choimisiúin le déanaí maidir lena easnamhaí atá margadh fuinnimh an Aontais agus leis an ngá atá leis an margadh leictreachais a athchóiriú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe breithniú a dhéanamh ar na roghanna atá ann chun an margadh leictreachais a bharrfheabhsú ach, tá sé á chur i bhfáth aige nach mór aon togra a bhunú ar mheasúnú uileghabhálach tionchair.

1.22.

Beidh sé thar a bheith deacair an Plean a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais reatha, á chur san áireamh gur Plean atá ann a mbeadh cistiú suntasach ag teastáil ina leith in aon chás. I ndáil leis sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé riail óir a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí in iompar socheolaíoch/éiceolaíoch ár sochaí (1).

2.   Cúlra

2.1.

Sa teachtaireacht REPowerEU (2) ón gCoimisiún Eorpach, mhol sé sraith chuimsitheach beart ar mhaithe le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus trí iarracht chomhpháirteach a dhéanamh chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Tá an Plean bunaithe ar cheithre cholún.

2.2.

Baineann an chéad cholún le fuinneamh a choigilt: laghdú breise 5 % ar ídiú fuinnimh faoi 2030 sa bhreis ar an laghdú 9 % a moladh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, trí éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr (3). Maidir le hídiú gáis, bainfidh an pacáiste “Oiriúnach do 55” laghdú foriomlán 30 % amach faoi 2030. D’iarr an Coimisiún ar na comhreachtóirí an togra sin a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55” sula nglacfar é. Mar bheart láithreach gearrthéarmach, seolfaidh an Coimisiún, leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), feachtas coigilte fuinnimh a bheidh dírithe ar na roghanna aonair a dhéanann daoine agus cuideachtaí aonair. Chomh maith leis sin, tríd an bhfeachtas sin, molfar do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, lena n-áirítear cur chun feidhme feabhsaithe agus na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú (4). Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur glacadh Rialachán ón gComhairle le déanaí lena leagtar amach laghdú comhchoiteann 15 % ar an éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023, agus sin bunaithe ar mheán na gcúig bliana deireanacha (5). Gabhann Teachtaireacht leis an Rialachán ina ndéantar moltaí maidir lena chur chun feidhme (6).

2.3.

Sa dara colún, féachtar leis an spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo, agus ansin le deireadh a chur leis an spleáchas sin faoi 2027 trí allmhairí éagsúlaithe gáis, trí allmhairí níos airde gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) (+ 50 bcm) ó na Stáit Aontaithe, ón Éigipt, ón Iosrael agus ó thíortha san Afraic fho-Shahárach, agus trí allmhairí píblíne ó sholáthróirí nach as an Rúis dóibh (+ 10 bcm). Ina theannta sin, a bhuí le hArdán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, a bunaíodh i mí Aibreáin, déanfar an t-éileamh a chomhthiomsú, éascófar ceannach deonach comhpháirteach, cuirfear barrfheabhas ar úsáid an bhonneagair agus bunófar comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta fadtéarmacha. Méadófar táirgeadh gáis nádúrtha laistigh den Aontas; sa mheántéarma, bainfear úsáid as roghanna eile amhail bithmheatán agus hidrigin in-athnuaite. Baineann an t-éagsúlú freisin leis an mbreosla núicléach ós rud é go bhfuil roinnt Ballstát ag brath ar fhoinsí ón Rúis faoi láthair.

2.4.

Sa tríú colún, moltar breoslaí iontaise a ionadú agus dlús a chur le haistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan: ar an gcéad dul síos, méadaítear an sprioc sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite ó 40 % go 45 % faoi 2030. Dírítear sa cholún seo ar phríomhtheicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí fuinnimh gréine, teicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe agus leictrealóirí. Ó thaobh na dteicneolaíochtaí fuinnimh gréine de, is é an sprioc atá ann grianfhuinneamh fótavoltach os cionn 320 GW a shuiteáil (i.e. acmhainneacht ó 2022 a dhúbailt) faoi 2025 agus é sin a mhéadú go 600 GW faoi 2030. Chuige sin, dírítear freisin ar thionscnaimh amhail Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh agus an Tionscnamh um Dhíonta Gréine Eorpach. Ó thaobh na dteicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe de, féachtar le dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe (mar shampla, trí na “limistéir is fearr”, mar a thugtar orthu) agus le rolladh amach teaschaidéal a dhúbailt le go mbeidh 10 milliún aonad ann faoi dheireadh na gcúig bliana amach romhainn. Iarrtar ar na comhreachtóirí na fospriocanna do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (75 % don tionscal, 5 % don iompar), dlús a chur leis an hidrigin trí líon na “ngleannta hidrigine” a dhúbailt agus an measúnú ar Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) maidir le H2 a thabhairt chun críche faoin samhradh chun an bonneagar a fhorbairt chun 20 milliún tona de H2 a tháirgeadh, a allmhairiú agus a iompar faoi 2030 (7). Bunófar comhpháirtíochtaí nua hidrigine (leis an Meánmhuir agus leis an Úcráin). Méadófar táirgeadh bithmheatáin go 35 bcm faoi 2030. Beidh gá le hinfheistíochtaí ar fiú EUR 37 mbilliún chun na suiteálacha bithgháis a athchóiriú. Ar mhaithe le dlús a chur leis an leictriú agus le cur chun feidhme H2 in earnáil na tionsclaíochta, déanfaidh an Coimisiún Eorpach conarthaí carbóin le haghaidh difríochta agus fuinneoga tiomnaithe REPowerEU a chur in úsáid faoin gCiste Nuálaíochta agus bunóidh sé Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine. Dírítear freisin ar bhithmhais agus ar iarmhair talmhaíochta agus foraoise. Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí glacadh go pras leis na tograí atá ar feitheamh maidir le breoslaí malartacha agus comhaid iompair eile a thacaíonn le soghluaisteacht ghlas. Tá tionscnamh beartaithe maidir le hiompar lastais a ghlasú in 2023. Cuireann an Coimisiún in iúl gur gá, freisin, dlús a chur leis na nósanna imeachta ceadaithe trí na tograí atá ar feitheamh a chur i bhfeidhm go luath.

2.5.

Tugtar aghaidh sa cholún deiridh ar infheistíochtaí cliste: tá EUR 210 mbilliún níos mó ag teastáil idir seo agus 2027, sa bhreis ar a bhfuil de dhíth le haghaidh an phacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá EUR 10 mbilliún ag teastáil faoi 2030 chun GNL agus gás píblíne ó sholáthróirí eile a mhaoiniú. Tá gá le hinfheistíochtaí breise ar fiú EUR 29 mbilliún san eangach fuinnimh faoi 2030. Chun cabhrú leis na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú, díríonn an Coimisiún ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ar dheimhnithe ón gCóras Trádála Astaíochtaí a chur ar ceant, ar chistí ón mbeartas comhtháthaithe, ón gComhbheartas Talmhaíochta, ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ón gClár InvestEU, ón gCiste don Nuálaíocht, agus ó bhearta cánach.

2.6.

Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Cinneadh (AE) 2015/1814, Treoir 2003/87/CE agus Rialachán (AE) 2021/1060 le go bhféadfar an tsaoráid a úsáid chun oibriú i dtreo chuspóirí phlean REPowerEU a shaothrú.

2.7.

Tríd is tríd, féadfaidh sé gur gá leanúint le húsáid ola, breoslaí iontaise eile agus guail go ceann idirthréimhse. Chuige sin, tá ról ag an bhfuinneamh núicléach chomh maith.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Sula ndéanfar plé ar inneachar an Phlean REPowerEU, tá CESE á chur in iúl, ina cháil mar ionadaí ar an tsochaí shibhialta a bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh di mar gheall ar an méadú suntasach atá ag teacht ar phraghsanna faoi láthair, tá sé á chur in iúl aige nach mbeadh roinnt mhaith de na fadhbanna nach mór a réiteach faoi láthair ann mura mbeifí chomh spleách céanna ar allmhairí fuinnimh, rud atá á mholadh ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas. Athdhearbhaíonn CESE na ráitis ón Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh, 2014, agus ón Straitéis don Aontas Fuinnimh, 2015, arb iad sin go bhfuil an tAontas fós leochaileach i dtaobh suaitheadh seachtrach fuinnimh. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur go soiléir ar shúile na saoránach na roghanna a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí agus ar sholáthróirí agus bealaí fuinnimh ar leith a laghdú. Faraor, is é an t-aon chloch ar phaidrín fhormhór mór na bpolaiteoirí agus chodanna móra dár sochaí soláthraithe saora fuinnimh agus theip orthu aon bheartas réamhchúraim a shaothrú. Toradh, nó drochthoradh, na faillí sin is ea an staid reatha. Is oth le CESE nach dtabharfaí puinn airde ar an tsaincheist bhunúsach slándála fuinnimh seo agus nach seolfaí na bearta a mholtar sa Phlean REPowerEU chun neamhspleáchas ar an allmhairiú fuinnimh ón Rúis a áirithiú murach an cogadh san Úcráin agus an saobhadh ar an soláthar fuinnimh ón Rúis a lean as sin.

3.2.

Éifeacht amháin atá ag ainghníomhartha na Rúise i gcoinne mhuintir na hÚcráine is ea na smachtbhannaí ar ola agus gás a allmhairiú ón Rúis agus gearradh siar ar onnmhairí fuinnimh ón Rúis i roinnt Ballstát de chuid an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, allmhairí fuinnimh ón Rúis chuig an Aontas a laghdú go tapa. Tacaíonn CESE go hiomlán leis na tionscaimh uile trína saothraítear an sprioc sin. An sprioc nach mór a bheith ann ná deireadh de réir a chéile a chur le gach allmhairiú fuinnimh ón Rúis a luaithe is féidir, agus sin a dhéanamh laistigh de na trí bliana atá amach romhainn, más féidir.

3.3.

Tacaíonn CESE go hiomlán, dá bhrí sin, le prionsabal an Phlean REPowerEU. Leagtar síos an sprioc cheart leis, mar atá, deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí fuinnimh ón Rúis a luaithe is féidir, agus tá sraith iomchuí gníomhaíochtaí don ghearrthéarma agus don mheántéarma san áireamh ann chun an sprioc sin a chur chun cinn.

3.4.

Is tromchúiseach an cás é ar fad, go háirithe ón taobh idirnáisiúnta de. Chomh fada agus a allmhaireoidh an Eoraip gás agus ola ón Rúis, beidh lámh ag an Eoraip i gcogadh foghach Putin. Tá gás na Rúise de dhíth ar an Eoraip chun a tionscal a choinneáil ar bun agus chun tithe shaoránaigh na hEorpa a théamh, rud a lagaíonn seasamh taidhleoireachta an Aontais. Fad is a bheidh an Rúis in ann úsáid a bhaint as an soláthar a dheonaíonn sí don Eoraip chun praghsanna mórdhíola gáis a chúbláil, beidh saoránaigh na hEorpa agus an tionscal Eorpach thíos le praghsanna arda. Thairis sin, is baolach go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha ann sa chás go ngearrfaí an soláthar gáis ón Rúis ina iomláine. Dá bhrí sin, tá tionchar diúltach ag an gcás reatha ar phraghsanna agus ar shlándáil an tsoláthair araon, agus, freisin, cuirtear srian ar shaoirse na ngnólachtaí agus na dtomhaltóirí. Go deimhin, cuireadh iallach ar roinnt fiontar cheana féin srian nó deireadh a chur leis an táirgeadh mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh, a bhfuil éifeacht dhiúltach acu ar an bhfostaíocht freisin. Ag an am céanna, is minic nach mbíonn a fhios ag teaghlaigh conas a gcuid billí fuinnimh a íoc. Leis an gcás measctha seo, cuirtear crua, freisin, ar chóras daonlathach an Aontais, rud nach mór a réiteach a luaithe is féidir.

3.5.

Ní mór a cheistiú an bhfuil REPowerEU sách uaillmhianach. Ní mór a mheas gur iarracht leordhóthanach é sin, ós rud é gurb é an príomhchuspóir atá ann deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar allmhairí gáis agus ola ón Rúis agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais ón Rúis a bhaint amach trí, go bunúsach, sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú, éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe agus allmhairí malartacha, ach, freisin, trí dhul i muinín an fhuinnimh iontaise ísealcharbóin agus an fhuinnimh guail mar réitigh neamhbhuana go ceann tréimhse an-ghearr, más gá sin. Mar sin féin, ní mór an cheist seo a leanas a chur: an bhfuil an Eoraip, go háirithe na Ballstáit, ag déanamh gach aon ní is féidir chun deireadh a chur leis an soláthar gáis ón Rúis a luaithe is féidir? Ag féachaint do REPowerEU amháin, agus ag smaoineamh ar an méid atá ar eolas againn go dtí seo faoi thorthaí an phróisis reachtaigh maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, is cosúil go bhfuil amhras faoi seo.

3.6.

Níl ach dhá rogha atá go hiomlán áititheach ann a chuirfeadh láithreach leis an ngás nádúrtha a ionadú san fhadtéarma agus iad ag teacht go hiomlán le spriocanna straitéiseacha an phacáiste “Oiriúnach do 55”: borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite ar scála ollmhór agus an t-éileamh a laghdú go mór.

3.7.

Mar gheall ar a mhéid a chosnódh sé agus an t-am a theastófaí chun na príomhréitigh don mheántéarma agus don fhadtéarma a fhorbairt, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá bearta is féidir a dhéanamh láithreach, amhail na roghanna a dhéanann daoine aonair agus fiontair, ceannach deonach comhpháirteach trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, comhpháirtíochtaí nua fuinnimh a chur ar bun le tacaithe iontaofa, stóráil gáis, cloí leis na moltaí maidir le nósanna imeachta údaraithe a chur i bhfeidhm go luath, “sprioclimistéir” a thabhairt isteach, agus táirgeadh níos mó bithmheatánóil. Chun níos mó ama a fháil, d’fhéadfadh na comhreachtóirí gníomhú láithreach ar an iarraidh ón gCoimisiún a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55” na spriocanna chun leibhéil na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a ardú ó 40 % go dtí 45 %, feabhas breise 5 % a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus an éifeachtúlacht fuinnimh d’fhoirgnimh a fheabhsú, mar a leagtar amach i dtograí ar leithligh. D’fhéadfaidís gníomhú, freisin, ar an iarraidh chun tograí ábhartha a ghlacadh go tapa.

3.8.

Is díol sásaimh do CESE, freisin, an Rialachán ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023.

3.9.

I bhfianaise a phráinní atá an cás, tacaíonn CESE, freisin, leis an gcaoi a bhforáiltear sa Plean REPowerEU do chás a d’fhéadfadh a bheith ann inar ghá dul i muinín an fhuinnimh iontaise ísealcharbóin agus an ghuail go ceann idirthréimhse, ar cheart é a choinneáil chomh gearr agus is féidir le nach n-ídeofaí na foinsí sin. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE chomh maith, agus is díol sásaimh dó, go bhfágtar saincheist an fhuinnimh núicléach faoi gach Ballstát ar leith.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta chun na tionchair dhiúltacha shóisialta agus eacnamaíocha a mhaolú agus chun cistiú a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú lena mbearta lena dtugtar aghaidh ar na tionchair shóisialta ar na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na húsáideoirí iompair atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de. Ag an am céanna, tá sé á chur in iúl ag CESE nach gcuirfear tacaíocht airgeadais leordhóthanach leis an imchlúdach airgeadais atá beartaithe don Chiste Sóisialta don Aeráid chun aghaidh a thabhairt go freagrach ar na tionchair shocheacnamaíocha agus na spriocanna aeráide agus soghluaisteachta á mbaint amach. Dá bhrí sin, tá gá le buiséad atá chomh hard céanna. Tá sé á chur in iúl ag CESE, freisin, go n-athraíonn an acmhainneacht atá ag na Ballstáit cistí príobháideacha a mhealladh agus a bhainistiú ó Bhallstát go Ballstát.

3.11.

Ba cheart do na Ballstáit tacú freisin leis na saoránaigh, go háirithe na teaghlaigh atá lag ó thaobh airgeadais de, sa ghearrthéarma (i.e. an chéad dá gheimhreadh eile) agus san fhadtéarma araon.

3.12.

Maidir le coigilt fuinnimh, díríonn an Coimisiún ar laghdú láithreach 5 % ar ídiú gáis (thart ar 13 bcm) agus ar ídiú ola (thart ar 16 mto). Tá sé sin i bhfad ó bheith uaillmhianach agus ní fhreagraíonn sé do ghné na géarchéime a tháinig as an gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Mar sin féin, is é fírinne an scéil, ó thaobh na polaitíochta de, gur ghlac an Comhairle Fuinnimh an 27 Meitheamh 2022 leis an leibhéal laghdaithe 9 % a mhol an Coimisiún in 2021, gan aird ar bith a thabhairt ar na moltaí sa Phlean REPowerEU an togra a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”.

3.13.

Sa Ghearmáin, idir mí Eanáir agus mí na Bealtaine 2022, rinneadh laghdú beagnach 15 % (8) ar ídiú gáis, cé go bhféadfadh tomhaltóirí teaghlaigh níos mó a shábháil fiú, de réir staidéir a rinneadh ar an margadh. Léiríonn sé sin go soiléir go bhféadfadh an staid agus an toilteanas, nó an acmhainneacht, chun gníomhú a bheith an-difriúil sna Ballstáit éagsúla. Chuige sin, féadfaidh sé gur mó an seans go mbeadh rath ar bhearta a bhfuil na difríochtaí sin curtha san áireamh iontu. Chonacthas an méid sin tríd an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar ghás, a glacadh an 26 Iúil 2022, ina dtugtar aird chuí, freisin, ar riachtanais an tionscail.

3.14.

Ba cheart níos mó a bheith i gceist le feachtais fuinnimh ná glaonna go ndéanfar fuinneamh a choigilt; ba cheart go gcuimseoidís bearta a bhfuil tionchar díreach acu, amhail ceantanna droim ar ais, ionas go n-eagródh údarás lárnach, bíodh sin an t-údarás rialála nó an t-oibreoir córais, tairiscint do thomhaltóirí tionsclaíocha le go bhféadfaidís tairiscint a dhéanamh ar chiorrú deonach gáis bunaithe ar a gcostais shonracha. D’fhéadfadh sé sin cabhrú leis na leibhéil líonta stórála gáis a bhaint amach agus d’fhágfaí go mbeadh sé ní ba dhóchúla, i gcás nach mbeadh soláthar gáis ón Rúis ann, go dtiocfadh an tAontas slán as an ngeimhreadh, gan an iomarca dochar sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanamh. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann leis an bhfreagairt don éileamh mar bhealach chun an t-éileamh a laghdú.

3.15.

Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, is cosúil gur tugadh neamhaird ar an aidhm uileghabhálach a leag an Coimisiún síos maidir le leibhéal feabhsaithe 45 % foinsí in-athnuaite, in ionad 40 % mar a moladh in 2021, ar a laghad i gcás na Comhairle Fuinnimh a reáchtáladh an 27 Meitheamh 2022, in ainneoin gur iarr an Coimisiún é a áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá sé sin ina chúis díomá do CESE toisc go bhfágann sé go bhfuil moill ar thionchar na forbartha inmhianaithe. Mar sin féin, is díol sásaimh do CESE an togra ar leith a rinneadh i mí na Bealtaine 2022 chun dlús a chur leis na nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus sprioclimistéir thiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh tionscail den sórt sin ar mhaithe leis an mórchonstaic atá roimh chur chun feidhme pras foinsí in-athnuaite fuinnimh a bhaint, go háirithe i gcás tionscadail gréine agus gaoithe. Is díol sásaimh do CESE freisin, dá bhrí sin, an moladh a rinneadh i dTeachtaireacht REPowerEU go gcuirfear nósanna imeachta údaraithe agus sprioclimistéir chun feidhme láithreach, tar éis don togra ón gCoimisiún a bheith faofa.

3.16.

Is gá trealamh teicneolaíoch a allmhairiú ar mhaithe leis na spriocanna níos uaillmhianaí sin a bhaint amach ós rud é nach bhfuil aon acmhainneacht táirgeachta san Aontas a thuilleadh. Mar shampla, allmhairítear painéil ghréine ón tSín den chuid is mó. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbraitheann an fuinneamh iontaise ar allmhairí, ach braitheann sé freisin ar an trealamh atá ag teastáil. Tá CESE ag iarraidh ar na cinnteoirí polaitiúla go léir cur chun cinn thar na bearta a dhéanamh maidir le leathnú na láithreán táirgthe san Eoraip le haghaidh trealamh in-athnuaite fuinnimh. D’fhéadfadh sé gurbh é an chéad chéim chun tosaigh Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine.

3.17.

Teastaíonn infheistíocht ollmhór, áfach, chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, tá sciar na n-infheistíochtaí poiblí sa taighde agus i bhforbairt na dteicneolaíochtaí dícharbónaithe níos ísle san Aontas ná mar atá i mórgheilleagair eile, rud a chuireann iomaíochas an Aontais maidir le príomhtheicneolaíochtaí na todhchaí i mbaol. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil an meascán ceart foinsí in-athnuaite fuinnimh ag teastáil i leith an aistrithe ghlais agus shlándáil an tsoláthair le go mbeadh rath ar leictriú agus táirgeadh hidrigine glaise, le go bhforbrófaí teicneolaíochtaí stórála agus le go mbainfí leas iomlán as na deiseanna a chuirfí ar fáil trí bhíthin an digitithe, rud a d’fhíoródh, faoi dheireadh, coincheapa amhail stáisiúin fhíorúla chumhachta. Ina fhianaise sin, tá infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt ag teastáil go géar fós.

3.18.

Tá coincheapa amhail an féintomhaltas, pobail fuinnimh in-athnuaite agus an chomhroinnt fuinnimh a aithnítear go forleathan sa phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus ar thacaigh CESE leo i gcónaí, tábhachtach chun borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ní mór na riachtanais ollmhóra infheistíochta a chlúdaigh. Bheadh na saoránaigh toilteanach infheistíocht a dhéanamh i bhféintomhaltas nó i dtomhaltas pobail ach tuiscint a bheith acu go rachadh sé sin chun tairbhe dóibh freisin. Spreagadh, seachas díspreagadh, ba cheart a chur iontu. Tarlaíonn sé fós i roinnt mhaith Ballstát go ndéantar iad a dhíspreagadh. Aithnítear an méid sin i straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh atá nasctha leis an bPlean REPowerEU, agus, i dtaca leis sin, déantar macasamhlú sa straitéis ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite II gan a shonrú conas iallach a chur ar na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní ábhartha.

3.19.

Tá ciall le fuinneamh agus stóráil in-athnuaite a shainmhíniú mar leas poiblí sáraitheach, ach tá an tionchar díreach fós doiléir. Chomh maith leis sin, ní mór an eangach dáileacháin lena ndéantar na suiteálacha a nascadh leis an tomhaltóir a aithint mar leas poiblí sáraitheach.

3.20.

Fiú agus feabhsuithe ollmhóra déanta maidir leis an éileamh ar fhuinneamh a laghdú (féach pointí 3.7 go 3.9) agus maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú (féach pointí 3.10 go 3.12), is léir nach mbeidh an tAontas in ann neamhthuilleamaíocht eacnamaíochta fuinnimh a bhaint amach sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Is cosúil go bhféadfadh neamhthuilleamaíocht eacnamaíochta a bheith ann san fhadtéarma, ach is cosúil gur ceist oscailte é fós an bhfuil an méid sin inmhianaithe nó nach bhfuil. Ar shon na drochthaithí seo maidir leis an spleáchas ar an Rúis, is gá cur chuige dea-ullmhaithe a bheith ann maidir lena roghnú cé na tíortha / réigiúin lenar cheart dul i gcomhpháirtíocht amach anseo. Cé gur gá cinntí gasta a ghlacadh maidir le hallmhairí GNL agus H2 (glasa) i bhfianaise a phráinní atá cúrsaí, ní mór cinntí fadtéarmacha ceangailteacha a sheachaint gan anailís chuimsitheach riosca a dhéanamh. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis gheopholaitiúil maidir le hallmhairiú fuinnimh a fhorbairt sula molfaidh sé comhpháirtíochtaí fuinnimh le tíortha neamhdhaonlathacha nó le tíortha atá éagobhsaí ó thaobh na polaitíochta de, i bhfianaise an mhaolaithe aeráide agus na bpráinneacha fuinnimh.

3.21.

Is cosúil gur réiteach é GNL do roinnt mhaith Ballstát, ach i bhfianaise a loirg CO2 ní mór é a mheas mar theicneolaíocht naisc agus ní mór an nasc sin a bheith chomh gearr agus is féidir. Sna 20 bliain amach romhainn, ní mór an bonneagar GNL nuathógtha a bhaint nó a bheith in ann H2 glas a iompar agus a dháileadh. Ní mór é sin a bheith ina phrionsabal bunúsach do gach cinneadh infheistíochta atá le déanamh sna míonna atá le teacht. Is minic a úsáidtear ullmhacht H2 mar aicmiú, ach, i ndáiríre, is téarma thar a bheith doiléir é. Ar an gcaoi chéanna a ndearnadh H2 glas a shainmhíniú sa Ghníomh Tarmligthe, ní mór don Choimisiún ullmhacht H2 a shainmhíniú chun slándáil infheistíochta a chomhcheangal le sprioc soiléir aeráide. Ba cheart an Tacsanomaíocht a leasú dá réir.

3.22.

Léiríonn sé sin a thábhachtaí atá sé patrúin iompraíochta náisiúnta agus na cineálacha cur chuige náisiúnta a chur san áireamh agus meascáin fuinnimh inbhuanaithe á mbreithniú. Tá CESE ag tabhairt dá aire go luann an Coimisiún go hachomair ról na cumhachta núicléiche ina Phlean REPowerEU, agus é á chur san áireamh gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an rogha sin. Tacaíonn CESE le húsáid níos mó na n-acmhainní atá ar fáil san Aontas, lena n-áirítear tosaíocht a thabhairt do mhéadú tapa ollmhór a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite, mar a mhol an Coimisiún. Cuireann roghanna éagsúla maidir le táirgeadh fuinnimh le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an bhfuinneamh gaoithe agus gréine, ba cheart úsáid a bhaint as an réimse foinsí fuinnimh ísealcharbóin a bheadh oiriúnach do chóras nua fuinnimh a bhunófaí, go príomha, ar fhoinsí fuinnimh Eorpacha.

3.23.

Leagtar amach na tosaíochtaí cearta sa cholún maidir le hinfheistíochtaí cliste. Mar sin féin, tá sé á athdhearbhú ag CESE, maidir le struchtúr soláthair fuinnimh atá saor ó charbón, díláraithe agus digitithe, agus leis an gcur chuige ceart, go bhféadfadh sé sin éifeachtaí ollmhóra dearfacha a bheith aige ar phoist agus ar gheilleagair réigiúnacha (féach TEN/660). Sa ghéarchéim atá ann faoi láthair, ní mór don Aontas Eorpach cur chuige ginearálta fuinnimh a chruthú lena ndéanfar na hábhair shonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid a nascadh le cuspóirí an bheartais maidir le comhtháthú sóisialta agus réigiúnach. Tugtar neamhaird fhorleathan ar an ngné sin sa Straitéis um an nGrianfhuinneamh a chuir an Coimisiún i láthair in éineacht leis an bplean REPowerEU.

3.24.

Cuireann an Coimisiún in iúl, mar is ceart, gur féidir le hinfheistíochtaí poiblí airgead príobháideach a spreagadh agus gur gá é a spreagadh. Le REPowerEU, áfach, ní chumhdaítear athmhaoiniú na gcistí poiblí. Cur chuige amháin chun é sin a eagrú is ea na fóirdheontais le haghaidh acmhainní iontaise a dhíothú; cur chuige eile is ea cáin a ghearradh ar bhrabúis amhantair a bhfuil a mbunús sa ghéarchéim thromchúiseach ola agus gáis agus a bhfuil mar thoradh orthu brabúis ollmhóra bhreise, go háirithe do chuideachtaí móra ola. Molann CESE go gcuirfí deireadh leis na brabúis sin le cabhair ó chánacha agus go gcuirfí ar aghaidh iad mar chúiteamh airgeadais do thomhaltóirí fuinnimh, e.g. teaghlaigh atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de nó cuideachtaí dianfhuinnimh, agus go n-úsáidfí iad chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar eangaí is gá a leathnú, go háirithe ós rud é go bhfuil sé á phlé nó á chur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát. Tá CESE den bharúil gur cheart, ionas nach ndíspreagfaí cuideachtaí fuinnimh ó infheistíocht a dhéanamh i réitigh ísealcharbóin, cánacha den sórt sin a shainiú mar bheith an-íogair. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a bhaineann leis an méid sin a mholadh gan a thuilleadh moille.

3.25.

I gcomhréir leis an tairbhe dhóchúil a bhaineann le réitigh a chur chun cinn atá curtha in oiriúint d’imthosca áitiúla, tacaíonn CESE go hiomlán leis an togra ón gCoimisiún maidir le leas a bhaint as na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun cuidiú le Plean REPowerEU a chur chun feidhme.

3.26.

Beidh sé thar a bheith deacair an Plean a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais reatha, á chur san áireamh gur Plean atá ann a mbeadh cistiú suntasach ag teastáil ina leith in aon chás. I ndáil leis sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé riail óir a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí in iompar socheolaíoch/éiceolaíoch ár sochaí (9).

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is féidir ról a bheith ag an mbithmheatán maidir le spleáchas na hEorpa ar ghás na Rúise a laghdú nó deireadh a chur leis an spleáchas sin. Mar sin féin, chun é a tháirgeadh, lena n-áirítear chun iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí leis an mbithéagsúlacht a sheachaint, ba cheart suiteálacha bithgháis atá ann cheana a uasghrádú go háirithe. Faoi láthair, is minic nach mbaintear úsáid as monarchana bithgháis ach chun leictreachas a tháirgeadh ar raon an bhunualaigh, i.e. de lá agus d’oíche. Is annamh a úsáidtear an teas a ghintear as sin. Tá coincheapa den sórt sin neamhéifeachtúil. Ba cheart an bithghás a ghintear a phróiseáil agus a chur go díreach leis an líonra gáis, nó, seachas sin, ba cheart úsáid a bhaint as freisin mar sholáthar teasa i bhfoirm gléasraí áitiúla le haghaidh teasa agus cumhachta araon. D’fhéadfadh saoráidí stórála gáis níos lú cabhrú le leictreachas a tháirgeadh i gcás go bhfuil easpa gaoithe nó gréine ann. Is gá infheistíochtaí a dhéanamh chun na córais atá ann cheana a athchóiriú. Luaitear dreasachtaí faoi seach sa Teachtaireacht, ach tá sonraí in easnamh; ní mór na sonraí sin a chur ar fáil láithreach bonn.

4.2.

Mar a luadh i bpointe 3.14, beidh ar GNL ról a imirt sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tá gealltanas tugtha sa Phlean REPowerEU go ndéanfar measúnuithe agus pleanáil, ceannach deonach comhpháirteach agus comhordú níos fearr. Idir an dá linn, áfach, tá na Ballstáit aonair gníomhach cheana féin. Tá gá le dlúthpháirtíocht Eorpach, agus ní mór don Choimisiún a áirithiú nach bhfuil aon Bhallstát ag gníomhú in aghaidh leasa aon cheann eile dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938.

4.3.

Leis an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, cuirtear córas cuimsitheach dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil freisin i gcás éigeandála gáis. Cé gur céim chun tosaigh é an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a foilsíodh le déanaí agus an Teachtaireacht “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” a ghabhann leis sin i dtreo feabhas a chur ar an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ba mhaith le CESE creat níos ginearálta a bheith ann do ghéarchéimeanna, ceann a bheadh oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim atá chomh mór céanna leis an gceann atá san Aontas faoi láthair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.

4.4.

Is cosúil gurb é caidéal cumhachta go teas agus teaschaidéil, i gcomhthéacs téamh ceantair freisin, an cur chuige is mó a bhfuil gealladh faoi le cur in ionad an gháis nádúrtha in earnáil an téimh. Mar sin féin, tá go leor bacainní ann (e.g. na hoibrithe oilte atá ag teastáil agus ceisteanna sóisialta, go háirithe i gcomharsanachtaí a bhfuil sciar mór tionóntaí acu). Ní chuirtear na pointí sin san áireamh sa Teachtaireacht. Is gá súil níos géire, agus níos breithiúnaí chomh maith, a thabhairt ar chúrsaí, lena n-áirítear ó thaobh na sochaí sibhialta de.

4.5.

Tá an méadú ollmhór ar phraghsanna fuinnimh tar éis laigí an mhargaidh fuinnimh a nochtadh. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nach bhfuil an córas margaidh leictreachais atá ann faoi láthair ag obair a thuilleadh agus nach mór é a athchóiriú. Ní mór ceisteanna bunúsacha a chur faoin todhchaí fuinnimh, rud a chinnteoidh soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, inacmhainne agus iontaofa, mar aon leis an gceart chun fuinnimh. Ní mór an dearadh agus an rialachán a ghabhann leis a chur in oiriúint do réaltachtaí nua na bhfuinneamh in-athnuaite atá ann faoi láthair agus na dálaí is gá a chruthú do ghníomhaithe aonair, chomh maith le cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí a neartú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú agus tacaíonn sé go láidir le measúnuithe margaidh lena ndéantar anailís ar iompraíocht na ngníomhaithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh fuinnimh agus i ndearadh an mhargaidh fuinnimh. Ar aon chaoi, tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé measúnú cuimsitheach tionchair a dhéanamh sula ndéanfar aon tograí. Tá aird á tarraingt aige ar an ngéarghá atá ann dul i ngleic leis na praghsanna arda leictreachais, lena n-áirítear cuachadh praghsanna leictreachais agus gáis, a bhfuil tionchar diúltach aige ar gheilleagair na mBallstát.

4.6.

Ina theannta sin, cuireann CESE in iúl go bhfuil gá níos mó ná riamh le réamhaisnéis chórasach a dhéanamh ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar fhuinneamh de réir limistéir agus de réir an chineáil fuinnimh, agus claochlú na gcineálacha fuinnimh á gcur san áireamh, chomh maith le pleanáil choincheapúil ailtireacht an chórais fuinnimh a bheidh ann amach anseo, chun a áirithiú go gcuirfear infheistíochtaí i bhfeidhm i gceart agus go ráthófar slándáil an tsoláthair. Ba cheart don Choimisiún forléargas comhfhreagrach a tharraingt suas agus é a chur in iúl go forleathan, mar is minic a bhíonn easpa soiléireachta sa tsochaí maidir lena mhéid is féidir leis an Eoraip an fuinneamh atá ag teastáil uaithi a tháirgeadh í féin.

An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE IO C 105, 4.3.2022, lch. 11.

(2)  COM(2022) 230 final.

(3)  COM(2022) 222 final.

(4)  COM(2022) 240 final.

(5)  Doiciméad 11625/22 ón gComhairle.

(6)  COM(2022) 360 final.

(7)  COM(2022) 230 final, lch. 7, agus SWD(2022), lch. 26.

(8)  Industrie spart Gas, Sparpotenzial bei Verbrauchern nicht gehoben (handelsblatt.com) [Coigilteas gáis sa tionsclaíocht ach gan aon fheabhas ar an acmhainneacht choigiltis do thomhaltóirí].

(9)  Tuairim ó CESE IO C 105, 4.3.2022, lch. 11.