|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/129 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha
(COM(2022) 135 final – 2022/0090 (COD))
(2022/C 323/22)
|
Rapóirtéir ginearálta: |
Marcin NOWACKI |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 4.4.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 4.4.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 194(2) agus Airteagal 304 CFAE |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
160/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cáineann CESE ionradh Rialtas na Rúise ar an Úcráin, ionradh atá gan údar agus gan chúis. Ba mhian leis a chur in iúl go bhfuil sé ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus ag éileamh bearta diongbháilte ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta de mheon na haontachta sa tréimhse shuntasach seo. Tá géarchéim gheopholaitiúil dhomhanda tar éis titim amach de dheasca ionsaí na Rúise, géarchéim a bhfuil tionchar as cuimse aici ar an Aontas Eorpach. Tá an spleáchas ar fhuinneamh príomhúil ó thríú tíortha ina bhagairt dhíreach do shlándáil agus cobhsaíocht an Aontais. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE go mór leis an togra le haghaidh an Rialacháin agus is díol sásaimh dó an cinneadh nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm. Is díol molta dó freagairt ghasta na n-institiúidí Eorpacha i ndáil leis sin (1) (2). Is den tábhacht saoráidí stórála gáis atá líonta go maith a bheith ann chun geimhreadh sábháilte a áirithiú in 2022/2023, cosaint a thabhairt ar shuaitheadh praghsanna, muintir na hEorpa a chosaint ar an mbochtaineacht fuinnimh agus iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a dhaingniú. Tá CESE á thabhairt dá aire go mbeadh costas na neamhghníomhaíochta sna himthosca atá ann faoi láthair i bhfad níos mó ná costas na mbeart gearrthéarmach atá beartaithe ag an gCoimisiún. |
|
1.3. |
Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí ionstraim um infheistíocht ghearrthéarmach a thabhairt isteach a chuirfidh feabhas ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus tá sé á chur i bhfáth aige nach leor dlús a chur leis na pleananna atá ann cheana chun slándáil fuinnimh na hEorpa a ráthú. |
|
1.4. |
Beart comhlántach is ea an comhar le tríú tíortha d’infheistíochtaí i mbonneagar nua, beart a chuirfidh le slándáil fuinnimh na hEorpa. Tá CESE ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha atá ar theorainn an Aontais, rud a chuirfidh breisluach le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe san Úcráin. |
|
1.5. |
Tacaíonn CESE leis an bplean chun stórais gáis a líonadh de réir mhéid na stórála, thomhaltas na tíre agus cumas na saoráidí stórála chun freastal ar thíortha eile sa réigiún agus is é is aidhm dó comhroinnt neamhchothrom dualgais a sheachaint ar an leibhéal réigiúnach. |
|
1.6. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go dtógfaidh sé roinnt blianta cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le deimhniú éigeantach na n-oibreoirí stórála gáis ó tharla go bhféadfaí achomhairc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Ar an ábhar sin, tá an Coiste á mholadh go dtabharfaí isteach sásra cur chun feidhme luath lena gceadófar do na húdaráis rialála náisiúnta tús a chur le hobair ullmhúcháin sula tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Le roinnt míonna anuas, “tá méadú mór tagtha ar phraghsanna gáis de bharr margadh gáis neamhchothrom a bheith ann” (3). Le linn an tséasúir téimh atá ag teacht chun deiridh gan mhoill, bhí leibhéal stórála an Aontais go mór faoi bhun leibhéal na mblianta roimhe seo, le difríocht de níos mó ná 20 pointe céatadáin i gcomparáid le 2020 agus beagnach 30 pointe céatadáin i gcomparáid le 2019.
Tábla Comparáid idir na leibhéil líonta san Eoraip.
Foinse: Reuters (4) |
|
2.2. |
Is é 101,1bcm acmhainn stórála iomlán an Aontais faoi thalamh agus tá 160 saoráid stórála lonnaithe in 18 mBallstát (5). Is le Gazprom thart ar 10 % d’acmhainn iomlán stórála gáis na hEorpa faoi thalamh (6) agus tá tionchar aige ar bheagnach aon trian den stóráil gáis sa Ghearmáin, san Ostair agus san Ísiltír (7). |
|
2.3. |
Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún go bhfuil ráta líonta saoráidí stórála atá faoi úinéireacht Gazprom i bhfad níos ísle ná an meán (8). I mí Dheireadh Fómhair 2021, i dtíortha nach bhfuil saoráidí stórála dá chuid féin ag Gazprom iontu, amhail an Fhrainc agus an Iodáil, bhí an leibhéal gáis a bhí á stóráil ag gnáthleibhéil, nó geall leo, don am sin den bhliain. Mar sin féin, le déanaí, bhí an tsaoráid stórála gáis nádúrtha atá faoi úinéireacht Gazprom in Rehden na Gearmáine, saoráid ina stóráiltear aon chúigiú de ghás na tíre, líonta go dtí níos lú ná 10 % dá toilleadh, cé go raibh sí líonta go 100 % dá toilleadh i mí Dheireadh Fómhair 2019 de réir sonraí Bhonneagar Gáis na hEorpa. An tsaoráid in Haidach na hOstaire, atá á hoibriú freisin ag Gazprom agus atá ar cheann de na saoráidí stórála is mó i lár na hEorpa, ní raibh sí líonta ach go dtí 20 % dá toilleadh (9). |
|
2.4. |
I bhfianaise iompar Gazprom, is follas go bhféadfadh margadh fuinnimh na hEorpa a bheith faoi thionchar míchuí tríú tíortha agus is gá céimeanna cinntitheacha a ghlacadh ina choinne sin. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an bplean chun stórais gáis a líonadh le gás ó thíortha eile seachas an Rúis. |
|
2.5. |
D’ainneoin na mbeart atá molta sa Rialachán, is féidir slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú trí dheireadh a chur le srianta ar tharchur agus trádáil gáis idir na Ballstáit, maille le heastóscadh acmhainní neamhúsáidte (tréigthe) san Aontas a atosú ar bhonn sealadach. Is féidir slándáil fuinnimh agus cobhsaíocht praghsanna fuinnimh an Aontais a fheabhsú a thuilleadh trí ghás a cheannach i gcomhar le chéile. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Spriocanna líonta éigeantacha agus conair líonta éigeantach
|
3.1.1. |
Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le spriocanna líonta éigeantacha. Ní féidir breathnú ar na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán mar bhearta iomarcacha. Mar sin féin, chun méaduithe breise ar phraghsanna fuinnimh a sheachaint, tá sé á mholadh go mór ag CESE gan na spriocanna a leagtar síos a mhéadú a thuilleadh. |
|
3.1.2. |
Gan dochar do cháilíocht an Rialacháin, ní fhéadfar beartas coiteann agus éifeachtach stórála gáis a chur i bhfeidhm i gcleachtas gan córais láidre tarchurtha gáis a bheith ann. De ghrá athléimneacht na hEorpa a mhéadú san fhadtéarma, is den ríthábhacht infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar, lena n-áirítear bonneagar atá réidh le hidrigin, agus go háirithe idirnascairí agus saoráidí stórála. Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí ionstraim um infheistíocht ghearrthéarmach a thabhairt isteach a chuirfidh feabhas ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus tá sé á chur i bhfáth aige nach leor dlús a chur leis na pleananna atá ann cheana chun slándáil na hEorpa a ráthú. |
|
3.1.3. |
I gcás nach féidir le Ballstát an sprioc líonta a bhaint amach i ngeall ar shaintréithe teicniúla sonracha, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas ina leith sin roimh an 1 Samhain, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill. Dar le CESE, tá spriocdháta mhí na Samhna maidir le fógra a thabhairt faoi mhoill ródhéanach. Faoi mhí na Samhna beidh an séasúr téimh faoi lán seoil cheana agus féadfaidh moilleanna in aon Bhallstát iarracht na hEorpa a chur i mbaol agus a bheith ina gcúis le suaitheadh praghsanna. Ar an gcúis sin, tá CESE á mholadh go n-aistreofaí an spriocdháta maidir le fógra a thabhairt faoi mhoill go mí Dheireadh Fómhair ar a dhéanaí. San am céanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun spriocanna éigeantacha a bhaint amach a luaithe is féidir go teicniúil, seachas faoi mhí na Nollag. |
|
3.1.4. |
San am céanna, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá comhar leis an gComhphobal Fuinnimh agus tá sé ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha atá ar theorainn an Aontais, rud a chuirfidh breisluach le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe san Úcráin. |
|
3.1.5. |
Beart comhlántach is ea an comhar le tríú tíortha d’infheistíochtaí i mbonneagar nua chun leibhéil leordhóthanacha stórála gáis a áirithiú go tapa agus, dá bhrí sin, ba cheart ardtosaíocht a thabhairt dó. |
3.2. Cur chun feidhme, faireachán agus forfheidhmiú
|
3.2.1. |
Is díol molta do CESE é go bhfuil bearta éifeachtacha cur chun feidhme, faireacháin agus forfheidhmiúcháin á dtabhairt isteach sa bhreis ar spriocanna éigeantacha do na Ballstáit agus don Choimisiún. |
|
3.2.2. |
San am céanna, tá sé á thabhairt dá aire nach léir cé atá freagrach as neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos. Ós rud é nach bhfuil oibreoirí stórála gáis saor ó thionchar tríú tíortha, creideann CESE gur cheart an t-ualach dlíthiúil a bheith ar na Ballstáit. Thairis sin, tá CESE á iarraidh go gcomhlánófaí an Rialachán le sraith smachtbhannaí éifeachtacha a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar na Ballstáit nach gcomhlíonann na hoibleagáidí. |
|
3.2.3. |
Leasófar Airteagal 6ú (8) mar a leanas: “I gcás imeacht suntasach marthanach ó na conairí líonta nó ón sprioc líonta, déanfar na bearta seo a leanas”. Ba cheart an cuspóir maidir le líonadh a athbhreithniú sa phróiseas ina líontar saoráid stórála i ngeall ar imthosca oibiachtúla. Ba cheart Airteagal 6c maidir le comhroinnt chothrom dualgais a leasú i gcomhréir lena bhfuil thuas. |
|
3.2.4. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil inniúlachtaí an Choimisiúin á leathnú go mór. Dar leis, is maith an rud é go bhfuil teorainn ama leis an leathnú sin. |
3.3. Dreasachtaí airgeadais do rannpháirtithe sa mhargadh
Tacaíonn CESE leis na díolúintí ó tharaifí tarchurtha ag pointí iontrála agus pointí scoir na saoráidí stórála. Mar sin féin, tá CESE ag leagan béim ar an méadú ar an mboilsciú agus ar na héifeachtaí féideartha a bhaineann le dreasachtaí airgeadais breise agus státchabhair a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh. Tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaí athmheasúnú ar an úsáid a bhaintear as cistí AE atá ann cheana, go háirithe na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, d’fhonn iad a chur in oiriúint do na dálaí reatha agus cuid de na cistí a leithdháileadh chun na dreasachtaí airgeadais agus an státchabhair sin a chur ar fáil.
3.4. Sásra comhroinnte dualgais
|
3.4.1. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil deacrachtaí móra ag baint le roinnt neamhchothrom freagrachtaí i ndáil le líontaí stórála. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán a fhorlíonadh le pleananna do Bhallstáit aonair lena gcuirfí san áireamh méid na stórála, tomhaltas na tíre agus cumas na saoráide stórála freastal ar thíortha eile sa réigiún d’fhonn comhroinnt neamhchothrom dualgais, rioscaí agus costas a sheachaint. Tá imní ar CESE go bhféadfaí tionchar ollmhór a imirt ar an margadh gáis réigiúnach de dheasca easpa dea-chomhordaithe. |
|
3.4.2. |
Mar shampla, is féidir cur chuige réigiúnach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin. Rogha eile is ea go bhfhéadfaí saoráid Inčukalns sa Laitvia a mheas mar shaoráid stórála gáis nádúrtha i Réigiún Mhuir Bhailt agus san Fhionlainn. |
3.5. Deimhniú éigeantach oibreoirí córais stórála
|
3.5.1. |
Tá CESE i bhfách le deimhniú éigeantach na n-oibreoirí córas stórála. Mar sin féin, tá CESE á thabhairt dá aire, ós rud é go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh diúltach maidir le deimhniú, go dtógfadh sé roinnt blianta a chinneadh go críochnaitheach gan oibreoirí saoráidí stórála a dheimhniú, ag brath ar luas na n-imeachtaí breithiúnacha náisiúnta. Dá bhrí sin, is ionstraim é deimhniú éigeantach oibreoirí córais stórála a chuirfidh feabhas ar shlándáil fuinnimh an Aontais san fhadtéarma seachas sa ghearrthéarma. |
|
3.5.2. |
Ar an ábhar sin, tá an Coiste á mholadh go dtabharfaí isteach sásra cur chun feidhme luath lena gceadófar do na húdaráis rialála náisiúnta tús a chur le hobair ullmhúcháin sula tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. |
|
3.5.3. |
I bhfianaise an méid thuas, tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún treoirlínte maidir leis na nósanna imeachta deimhniúcháin a chur i láthair a luaithe is féidir sa chaoi is go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta in ann measúnú tráthúil a dhéanamh. San am céanna, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá treoirlínte an Choimisiúin maidir leis an Rialachán a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát, agus, i ndeireadh thiar thall, ar a thábhachtaí atá sé go n-éireodh leis an mbeartas stórála gáis. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/press-room/20220405IPR26703/meps-back-urgency-procedure-to-refill-gas-reserves-before-next-winter
(2) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/QANDA_22_1937
(3) Meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin.
(4) https://www.reuters.com/business/energy/europe-would-struggle-refill-gas-storage-without-russian-supplies-2022-03-30/
(5) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/QANDA_22_1937
(6) https://www.martenscentre.eu/blog/how-gazprom-manipulated-the-eu-gas-market/
(7) https://www.ft.com/content/576a96f7-e41d-4068-a61b-f74f2b2d3b81
(8) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/E-9-2021-004781-ASW_EN.html
(9) https://www.ft.com/content/576a96f7-e41d-4068-a61b-f74f2b2d3b81