29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/154


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

(COM(2022) 109 final — 2022/0075 (COD)

(2022/C 290/28)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 10.3.2022

An Chomhairle, 10.3.2022

Bunús dlí

Airteagail 175(3), 177 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

199/0/6

Ós rud é go bhformhuiníonn an Coiste ábhar an togra go huile agus go hiomlán agus go bhfuil a chuid barúlacha faoin ábhar leagtha amach cheana aige i dtuairimí SOC/597 – Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, ECO/462 – Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, agus i bpáipéir sheasaimh SOC/651 – An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD)/Géarchéim COVID-19 (níl leagan Gaeilge ann), ECO/517 – COVID-19: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – Rialacha eisceachtúla solúbthachta (níl leagan Gaeilge ann), chinn an Coiste, ag an 568ú seisiún iomlánach a bhí aige an 23 agus 24 Márta 2022 (cruinniú an 23 Márta 2022), le 199 vóta ar a shon, 0 vóta ina aghaidh agus 6 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe agus tagairt a dhéanamh don seasamh a ghlac sé sna doiciméid thuasluaite.

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG