|
23.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 365/34 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)
(COM(2022) 46 final — 2022/0032 (COD))
(2022/C 365/06)
|
Rapóirtéir: |
Dirk BERGRATH |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 7.3.2022 An Chomhairle, 17.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114, Airteagal 172(3), Airteagal 182(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
1.6.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
15.6.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
570 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
205/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol mór sásaimh é an plean chun an tionsclaíocht a dhéanamh níos athléimní san Eoraip agus chun tionscal náisiúnta na leathsheoltóirí a neartú. Ba cheart béim a chur, go háirithe, san Ionstraim um Shliseanna ar an gcuspóir maidir leis an trédhearcacht agus an comhar a fheabhsú feadh an tslabhra luacha, agus ar na spleáchais dhomhanda a laghdú i réimsí an deartha, na monaraíochta, an phacáistithe, na tástála agus na cóimeála trí chur chun cinn spriocdhírithe an tionscail. |
|
1.2. |
Mar sin féin, ní dhíríonn an Ionstraim um Shliseanna ar gach cuid den éiceachóras, ach cuirtear béim shoiléir ar dheighleog na leathsheoltóirí a bheidh ábhartha don tionsclaíocht sa todhchaí, ach ar éigean a bhfuil aon tábhacht léi faoi láthair. Ba cheart feabhas a chur ar an gcás sin agus béim bhreise a leagan ar dheighleoga sliseanna toisc gá a bheith leo i ndáiríre sa tionscal. |
|
1.3. |
Is beag an chabhair í an Ionstraim um Shliseanna maidir leis na fadhbanna atá ann faoi láthair i gcás an tslabhra soláthair a réiteach, rud a bhfuil a thionchar le sonrú faoi láthair in earnálacha na mótarfheithiclí agus na hinnealtóireachta meicniúla, mar shampla. Dá bhrí sin, i gcás dheighleoga na sliseanna atá de dhíth ar na tionscail sin atá ann cheana san Eoraip, ba cheart bearta breise agus sonracha a fhorbairt le go mbeidh níos mó teacht aniar sna deighleoga sin i gcoinne géarchéimeanna. Ní hamháin go gcabhróidh sin leis an tionscal monaraíochta leathsheoltóirí atá ann cheana san Eoraip a neartú agus a nuachóiriú, ach, trí fheabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, rachaidh sé chun tairbhe freisin do na tionscail mhonaraíochta sin a bhíonn ag brath ar shliseanna san Eoraip. |
|
1.4. |
Mar shampla, níor cheart cinntí maidir leis an mbeartas tionsclaíochta a bheith ag brath ar mhéid na tréithe sna sliseanna, agus air sin amháin, ach freisin ar anailís spriocdhírithe ar na riachtanais atá ag custaiméirí tionsclaíochta chun a áirithiú go mbeidh na bearta tacaíochta atá beartaithe dírithe ar na spriocanna. |
|
1.5. |
Ar chritéir eile ba cheart a chur san áireamh tá éifeachtúlacht fuinnimh na sliseanna, na cineálacha amhábhair a úsáidtear don táirgeadh agus an táirgeadh is ciorclaí agus is féidir a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do lucht tionscail plé a dhéanamh le chéile ar conas na foinsí soláthair a éagsúlú agus, go háirithe, conas athchúrsáil níos fearr a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla i gcomhthéacs geilleagar ciorclach tionsclaithe sa mhicrileictreonaic. |
|
1.6. |
Níor cheart, go háirithe, straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le sliseanna a theorannú do phróiseálaithe, ach ba cheart aghaidh a thabhairt ar gach cineál ciorcaid iomlánaithe, lena n-áirítear comhpháirteanna éighníomhacha agus ábhair phacáistíochta, mar aon le monarú innealra. Ní leor an prionsabal “ón saotharlann go dtí an táirgeadh” a chuir an Coimisiún i láthair, ós rud é nach dtagann deireadh leis an slabhra luacha ag céim na monaraíochta. |
|
1.7. |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh foireann leis na scileanna cuí ar fáil chun na bearta tacaíochta don bheartas tionsclaíochta a chur chun feidhme, molann an Coimisiún leas a bhaint as bearta éagsúla forbartha scileanna. Is léir, áfach, go ndírítear go mór ar oibrithe ardoilte. Beidh sé sin ríthábhachtach má éiríonn leis an dul chun cinn teicneolaíochta go deighleog leathsheoltóirí < 10 nm. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí neamhaird ar an ngá atá ann rochtain a éascú d’oibrithe nach oibrithe ardoilte iad le go bhféadfar an t-éiceachóras a dhaingniú níos mó ar bhonn tionsclaíoch. |
2. Réamhrá agus barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna cur le láidreachtaí na hEorpa agus aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fós ann le go mbeidh an t-éiceachóras leathsheoltóirí faoi bhláth agus teacht aniar sa slabhra soláthair, agus bearta a leagan amach chun ullmhú don suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sa slabhra soláthair, agus chun an suaitheadh sin a thuar agus dul i ngleic leis. |
|
2.2. |
Tá an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) (1) ina chomhlánú ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Ionstraim um Shliseanna don Eoraip (2). |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. Cur síos ar an togra
|
3.1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra agus go háirithe go dtéann sé i ngleic leis an ngá atá le slándáil an tslabhra soláthair, mar aon leis an trédhearcacht agus an comhar feadh an tslabhra luacha, a áirithiú. San Ionstraim um Shliseanna tugtar aghaidh ar shlándáil an tsoláthair mar ghné ríthábhachtach lena n-áiritheofar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. |
|
3.1.2. |
Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, go bhfuil an spleáchas ar sholáthróirí ó thríú tíortha, go háirithe i réimsí an deartha, na monaraíochta, an phacáistithe, na tástála agus na cóimeála, aitheanta mar fhadhb. |
|
3.1.3. |
Tugann CESE dá aire gur beag an chabhair í an Ionstraim um Shliseanna maidir le fadhbanna a bhaineann leis an slabhra soláthair a réiteach, rud a bhfuil a thionchar le sonrú faoi láthair i dtionscal na mótarfheithiclí, mar shampla. Is i dtionscal na mótarfheithiclí, den chuid is mó, a bhaintear leas as sliseanna faoi láthair, rud nach n-athróidh, agus freisin in earnáil na n-earraí bána agus san innealtóireacht mheicniúil, is é sin go háirithe leathsheoltóirí > 16 nm. Ba cheart bearta breise agus sonracha a fhorbairt don deighleog sin le go mbeidh níos mó teacht aniar inti i gcoinne géarchéimeanna. Ní hamháin go gcabhróidh sin leis an tionscal monaraíochta leathsheoltóirí atá ann cheana san Eoraip a neartú agus a nuachóiriú, ach, trí fheabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, rachaidh sé chun tairbhe freisin do na tionscail mhonaraíochta sin a bhíonn ag brath ar shliseanna san Eoraip. |
|
3.1.4. |
Is díol sásaimh do CESE an cuspóir chun suíomh na hEorpa ar an margadh a neartú tríd an nascacht a fheabhsú feadh an tslabhra luacha agus, go háirithe, trí dhíriú ar na deighleoga sin atá an-chostasach agus a mbaineann riosca leo. |
|
3.1.5. |
Is díol sásaimh, i bprionsabal, do CESE na bearta atá beartaithe, chomh maith leis na ceanglais atá ar na Ballstáit agus ar lucht tionscail. |
|
3.1.6. |
Is oth le CESE, go háirithe, nach mbeidh na céimeanna deiridh den phróiseas táirgthe, eadhon an pacáistiú, an tástáil agus an chóimeáil, cumhdaithe go hiomlán san Ionstraim um Shliseanna agus go leanfaidh siad de bheith ina réimsí leochaileacha san éiceachóras. |
|
3.1.7. |
Is oth le CESE, ina leith sin, nach bhfuil an t-éiceachóras micrileictreonaice cumhdaithe go leordhóthanach san Ionstraim um Shliseanna toisc í a bheith dírithe níos mó ar an deighleog úrscothach. |
|
3.1.8. |
Creideann CESE nach bhfuil an tábhacht chéanna níos mó le méid na tréithe, go háirithe líon na nanaiméadar (nm) a thugtar le fios. Ós rud é nach bhfuil fíorthoise fisiciúil á thabhairt le fios a thuilleadh le líon na nanaiméadar (3), ba cheart plé a dhéanamh arís faoina bhfuil aon chiall leis an mbéim eisiach a chuirtear ar raon na nanaiméadar agus faoinar cheart critéir eile a úsáid freisin, critéir a mbeadh baint acu le riachtanais shonracha na gcliant-tionscal, ach a léireodh freisin na cuspóirí atá leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. |
|
3.1.9. |
Ba cheart don straitéis díriú, dá bhrí sin, ar na ceanglais thionsclaíocha sin is gá a chomhlíonadh sna blianta amach romhainn le nach mbainfear d’iomaíochas thionscal na hEorpa ach go gcuirfear leis. Go háirithe, níor cheart don straitéis díriú ar phróiseálaithe amháin, ach ba cheart aghaidh a thabhairt inti ar gach cineál ciorcaid iomlánaithe, lena n-áirítear comhpháirteanna éighníomhacha agus ábhair phacáistíochta, chomh maith le monarú innealra, agus, ar an gcaoi sin, raon iomlán an éiceachórais a chuimsiú. Ba cheart don straitéis sin díriú freisin ar an lóistíocht ghinearálta agus ar shlándáil sholáthar na dtáirgí príomhúla agus na n-amhábhar criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise nádúr síorathraitheach na margaí micrileictreonaice, ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an straitéis sin i gcomhar leis na fóraim ábhartha geallsealbhóirí lena áirithiú go bhfuil sí cothrom le dáta. |
|
3.1.10. |
Is díol sásaimh do CESE go ndírítear sa togra freisin ar dheighleoga na leathsheoltóirí lena laghdófar an tomhaltas fuinnimh in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí amhail earnáil TFC, go háirithe i gcás lárionaid sonraí agus soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta. |
|
3.1.11. |
Is díol sásaimh do CESE gur ainmníodh saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE. Mar sin féin, iarrtar ar an gCoimisiún sainiú níos soiléire a thabhairt ar na táscairí a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh go bhfuil “tionchar dearfach soiléir” acu “ar shlabhra luacha leathsheoltóirí an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú agus an lucht saothair cáilithe a mhéadú”. |
|
3.1.12. |
Is díol sásaimh do CESE freisin gur féidir cinneadh den sórt sin a tharraingt siar má thagann sé chun solais go raibh an t-iarratas ar an stádas sin bunaithe ar fhaisnéis bhréagach nó as dáta. Le gur féidir an comhlíonadh sin a ráthú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chríochnúil. |
|
3.1.13. |
Is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, go ndéanfar an chumhacht a thabhairt d’údaráis ainmnithe na mBallstát faisnéis a bhailiú ón tionscal, rud a chuirfidh ar a gcumas forléargas a fháil ar na slabhraí soláthair agus na slabhraí cruthaithe luacha, agus ar na príomhghníomhaithe sna slabhraí sin. Ba mhaith an rud é dá ndéanfaí an fhaisnéis sin a bhailiú go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, ionas nach mbeadh ar ghnólachtaí iad féin a chur in oiriúint do cheanglais éagsúla i ngach Ballstát. Laghdódh sé sin an rómhaorlathas a mhéid is féidir. Chuige sin, tá ciall leis go nglacfaí leis gur chun leas an phobail iad na saoráidí táirgeachta comhtháite agus na teilgcheártaí oscailte AE. Tá ciall leis freisin na Ballstáit a spreagadh chun cláir thacaíochta agus nósanna imeachta údaraithe náisiúnta a chur ar bun. Ós rud é go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san fhaisnéis a fhaightear ar an gcaoi sin, tá sé tábhachtach í a choimeád faoi rún. Go háirithe, ba cheart trédhearcacht a bheith ann maidir le cad a tharlaíonn do na sonraí a iarrtar. |
|
3.1.14. |
Is díol sásaimh do CESE go dtugtar aghaidh go sonrach ar ghanntanais scileanna, go háirithe an gá atá leis an éiceachóras leathsheoltóirí a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga tréitheacha agus ar an ngá atá ag an lucht saothair san earnáil le hoiliúint agus athoiliúint bhreise chun an bhearna theicneolaíochta a líonadh. Ní leor na bearta atá beartaithe don dara grúpa, áfach, agus ba cheart cláir níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun an fhostaíocht a chosaint. |
|
3.1.15. |
Is díol sásaimh do CESE an fógra go mbunófar Cuibhreannas Eorpach don Bhonneagar Sliseanna; iarrann sé ar an gcomhordaitheoir agus ar an gCoimisiún gné na hionadaíochta i gcomhdhéanamh an chuibhreannais a chur san áireamh, go háirithe trína áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag gach cuid den éiceachóras leathsheoltóirí ann. |
3.2. Ag déileáil le géarchéimeanna: Trédhearcacht agus socrú tosaíochta táirgí mar uirlisí luachmhara a thacaíonn le slándáil an tsoláthair
|
3.2.1. |
Is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, an togra maidir le bosca uirlisí a thabhairt isteach chun seasmhacht a áirithiú i gcoinne luaineachtaí sa mhargadh domhanda. Cabhróidh sin leis an trédhearcacht a chruthú feadh an tslabhra luacha agus, ar an gcaoi sin, cur le slándáil an tsoláthair. |
|
3.2.2. |
Cabhróidh, go háirithe, an Córas Luathrabhaidh — má chomhlíonann na gníomhaithe go léir a gcuid oibleagáidí agus má bhíonn an mhuinín is gá acu i láimhseáil chuí na faisnéise — le scrogaill a thuar agus frithbhearta iomchuí a ullmhú. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart a áirithiú go bhfuil deiseanna tuairiscithe ag na hearnálacha agus na gníomhaithe uile agus, go háirithe, go gcuirfear sásraí iomchuí i bhfeidhm freisin do chuideachtaí agus do chomhpháirtithe sóisialta. |
|
3.2.3. |
Maidir leis an bhféidearthacht tús áite a thabhairt d’orduithe atá ábhartha go straitéiseach i saoráidí táirgeachta comhtháite agus i dteilgcheártaí oscailte AE, agus i saoráidí táirgeachta a bhfuil glactha acu leis an rogha sin mar mhalairt ar státchabhair, is modh iomchuí atá ann chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, ach ciallaíonn sin freisin, áfach, gur gá dul i bhfeidhm ar an margadh. Iarrtar ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, sainiú níos soiléire a dhéanamh ar na cásanna sin ina mbeadh sé iomchuí sin a dhéanamh agus a mbeadh súil leis. |
|
3.2.4. |
Sa soláthar poiblí, is féidir leis an soláthar comhoibríoch a bheith ina chomhlánú úsáideach agus amhábhair agus táirgí deiridh a chur ar fáil i gcásanna nach mbeidís, b’fhéidir, ar fáil ar chor ar bith nó go teoranta i mBallstáit áirithe. |
|
3.2.5. |
Mar sin féin, sa bhreis ar na sásraí sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh freisin faoi stoc-charnadh straitéiseach amhábhar criticiúil, mar aon le cineálacha slise a roghnaítear ar bhonn critéir thrédhearcacha, d’fhonn slándáil an tsoláthair a áirithiú i réimsí criticiúla. I bhfianaise an iliomad ceanglas atá ann maidir le sliseanna agus an dul chun cinn theicneolaíoch, ba cheart don Choimisiún critéir shoiléire agus thrédhearcacha a fhorbairt chun cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil an stoc-charnadh straitéiseach ciallmhar agus faoi na cásanna sin ina bhféadfaí sin a dhéanamh. |
3.3. Ní mór an t-éiceachóras iomlán a chur san áireamh i measúnú riosca cuimsitheach
|
3.3.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe measúnú riosca a dhéanamh i ngach réimse den éiceachóras agus sa slabhra luacha iomlán, go háirithe maidir le foinsí amhábhar i dtríú tíortha. |
|
3.3.2. |
Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go dteastaíonn i gcás measúnú riosca atá dírithe ar réitigh go ndéanfaí laghdú freisin ar bhonn straitéiseach ar na spleáchais chriticiúla d’fhonn an tAontas Eorpach a dhéanamh níos athléimní. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit plé a dhéanamh le chéile ar conas na foinsí soláthair a éagsúlú agus, go háirithe, conas athchúrsáil níos fearr a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla i gcomhthéacs geilleagar ciorclach tionsclaithe sa mhicrileictreonaic. Chuige sin, is gá plé a dhéanamh ar conas is féidir an bonneagar a theastaíonn, amhail saoráidí díchóimeála, a thógáil, ar na ceanglais táirge a bheidh ag teastáil do thionscal athchúrsála a bheidh chomh cuimsitheach agus chomh tionsclaithe agus is féidir, agus ar na deimhnithe a bheidh úsáideach agus inoibrithe le go bhféadfar na hamhábhair a athchúrsáil a luaithe is féidir agus a mhéid is féidir. |
|
3.3.3. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE freisin go gcuideoidh cur chun cinn saoráidí táirgeachta Eorpacha le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ní hamháin go ndéanfar na slabhraí soláthair agus na bealaí iompair a ghiorrú, ach trí infheistiú i dteicneolaíochtaí táirgthe úrscothacha, laghdófar an brú ar an gcomhshaol agus díreofar ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as amhábhair, ar an athchúrsáil is cuimsithí agus is féidir a dhéanamh ar dhramhaíl agus ar chóireáil éifeachtúil uisce óil. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go ndíreoidh táirgeadh na glúine is déanaí sliseanna ar an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ach freisin ar an lorg comhshaoil a laghdú. |
|
3.3.4. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE freisin go bhfágfadh cur chun cinn saoráidí táirgeachta Eorpacha go gcuirfí le comhlíonadh na n-íoschaighdeán sóisialta, amhail na caighdeáin sin a chumhdaítear i gCairt Shóisialta na hEorpa agus sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófaí an lorg sóisialta. |
|
3.3.5. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE gur gá, d’fhonn athléimneacht straitéiseach a bhaint amach i dtionscal na hEorpa, éiceachóras iomlán na leathsheoltóirí a chur san áireamh. Ní leor an prionsabal “ón saotharlann go dtí an táirgeadh” a chuir an Coimisiún i láthair, ós rud é nach dtagann deireadh leis an slabhra luacha ag céim na monaraíochta. Dá bhrí sin, níl an prionsabal sin oiriúnach ach go pointe áirithe maidir le margadh na hEorpa a dhéanamh níos seasmhaí i gcoinne rioscaí domhanda. Mura dtabharfar aghaidh go sonrach ar na próisis chúil sa slabhra luacha, tá baol níos mó ann go dtarlóidh tubaistí nádúrtha nó go gcuirfear isteach ar na bealaí iompair, rud a d’imir tionchar ar an ngéarchéim soláthair atá ann faoi láthair. Mar a luaigh an Coimisiún san Ionstraim um Shliseanna, níl ach thart ar 5 % de sciar an mhargaidh ag an Aontas i ndeighleog an phacáistithe, sin le rá méid atá i bhfad níos lú ná an sciar atá aige maidir leis an tionscal ina iomláine. |
|
3.3.6. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go gcuidíonn dearcadh cuimsitheach den éiceachóras, lena n-áirítear de na próisis chúil, leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Mar shampla, ó thaobh an chomhshaoil de, níl aon chiall leis an bpróiseas táirgthe tosaigh a choinneáil san Eoraip, agus na táirgí á n-iompar ina dhiaidh sin go dtí tríú tíortha chun iad a thástáil agus a phacáistiú, agus iad á n-ath-allmhairiú isteach san Aontas ina dhiaidh sin arís. Chomh maith leis na saincheisteanna comhshaoil, tá i bhfad níos mó baoil i gceist leis na slabhraí soláthair a fhadaítear ar an gcaoi sin. Ní mór teacht ar an gcothromaíocht cheart ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach oscailte de le go mbeidh teacht aniar san Aontas, ach gan a bheith i mbaol, ag an am céanna, go scarfar é ón margadh domhanda. |
|
3.3.7. |
Molann CESE, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn deighilt gheografach neamh-inmhianaithe nó comhchruinniú neamh-inmhianaithe deighleog áirithe den mhargadh atá an-bhrabúsach nó an-chostasach a sheachaint, gur cheart scrúdú níos grinne a dhéanamh ar ról an tslabhra soláthair ina iomláine agus, go háirithe, níos mó tábhachta a leagan ar na próisis chúil laistigh den Aontas sa straitéis le haghaidh leathsheoltóirí. |
|
3.3.8. |
Tá sé á mholadh aige, dá bhrí sin, béim bhreise a chur ar ardteicneolaíochtaí pacáistithe is féidir a úsáid san Eoraip ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais agus fuinnimh de, agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go bhfuil an tAontas níos seasmhaí i gcoinne rioscaí domhanda agus luaineachtaí sa mhargadh. |
3.4. Cómhaoiniú mar bheart úsáideach chun rioscaí agus costais a laghdú
|
3.4.1. |
Is díol sásaimh do CESE go ndéanfar an státchabhair a éascú faoi na critéir thuasluaite, go háirithe sa chás nach mbeadh na saoráidí lena mbaineann ar fáil murach sin san Aontas nó nach mbeadh fáil orthu ach ar bhonn teoranta, agus má tá leas straitéiseach ar leith ag baint leo. |
|
3.4.2. |
Is díol sásaimh do CESE freisin nach mór, go háirithe, a bheith ag súil leis go mbeidh na saoráidí lena mbaineann inmharthana go fadtéarmach gan a thuilleadh státchabhrach agus go mbeidh an-tábhacht leis an nuálaíocht in éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais sna blianta amach romhainn. |
|
3.4.3. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór do na héifeachtaí dreasachta a bheith intomhaiste sa chleachtas agus nach mór a sheachaint go ndéanfaí gnóthais atá beartaithe cheana féin a chómhaoiniú d’fhonn a áirithiú go mbeidh fíorthionchar dearfach ag na cistí leithdháilte ar an nuálaíocht agus ar an bhfostaíocht san éiceachóras leathsheoltóirí ina iomláine. |
|
3.4.4. |
Mar sin féin, ba mhian le CESE critéir bhreise a fheiceáil, go háirithe ós rud é gur gá go mbeifí in ann bearnaí cistiúcháin cruthaithe a líonadh 100 %. Ba cheart, ina leith sin, critéir an bheartais shóisialta a chur san áireamh, amhail an meon atá ag an ngnóthas lena mbaineann i leith an idirphlé shóisialta agus na cómhargála, agus an comhar tosaíochta le soláthraithe atá bunaithe san Aontas, ach freisin líon na bpost inbhuanaithe breise arna gcruthú leis na hinfheistíochtaí agus cáilíocht na ndálaí oibre. |
|
3.4.5. |
Molann CESE freisin nár cheart an cistiú a dhíriú ar dheighleoga aonair den éiceachóras leathsheoltóirí, ach, sa bhreis ar na critéir thuas, gur cheart a áirithiú go ndéanfaí an tacaíocht airgeadais a leithdháileadh go cothrom feadh an tslabhra luacha. |
3.5. Bearta scileanna agus cáilíochtaí mar spreagadh breise don nuálaíocht
|
3.5.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil béim curtha ar scileanna agus ar cháilíochtaí san Ionstraim um Shliseanna. Tá infheistíocht phoiblí spriocdhírithe san oideachas agus san oiliúint, agus, i bprionsabal, i sciliú agus athoiliúint, ríthábhachtach, go háirithe, le go n-éireoidh leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Is suntasach, áfach, go ndírítear go mór ar oibrithe ardoilte agus go háirithe ar chláir iarchéime. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh sé sin ríthábhachtach má éiríonn leis an dul chun cinn teicneolaíochta go deighleog leathsheoltóirí < 10 nm. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí neamhaird ar an ngá atá ann rochtain a éascú d’oibrithe nach oibrithe ardoilte iad le go bhféadfar an t-éiceachóras a dhaingniú níos mó ar bhonn tionsclaíoch. |
|
3.5.2. |
Ní mór an t-éiceachóras leathsheoltóirí a dhéanamh níos tarraingtí d’fhostaithe. Chomh maith le cláir tharraingteacha iarchéime, moltar cur chuige ina gcuirtear an córas oideachais ina iomláine san áireamh. Ba cheart an t-éiceachóras a chur chun cinn i meánscoileanna, mar shampla trí leasú a dhéanamh ar na curaclaim eolaíochta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an éiceachórais. D’fhágfadh sin go bhféadfaí gairmeacha a phleanáil agus cinntí a dhéanamh ina leith sin go luath. Le rochtain shimplithe ar thréimhsí oiliúna ardcháilíochta, saincheaptha agus íoctha, taithí foghlama praiticiúla agus cláir mheantóireachta san earnáil tionsclaíochta, agus ar dheiseanna faisnéise gairmiúla atá cothrom le dáta, is féidir cur lena tharraingtí atá an earnáil. |
|
3.5.3. |
Ar deireadh, tá sé tábhachtach freisin oiliúint a chur orthu siúd atá ag obair cheana féin san éiceachóras leathsheoltóirí chun dul i ngleic le modhanna táirgthe nua agus leis na ceanglais shonracha a bhaineann le dearadh agus táirgeadh leathsheoltóirí < 10 nm chun gur féidir aistriú go réidh go dtí an chéad ghlúin eile teicneolaíochta. I ndáil leis sin, is díol sásaimh don Choiste an líonra Eorpach lárionad inniúlachta a chruthófar agus ba cheart aird a thabhairt, ina leith sin, ar bhearta spriocdhírithe a chur ar fáil sa chleachtas chun oiliúint a chur ar dhaoine atá fostaithe cheana féin sa tionscal. |
|
3.5.4. |
D’fhonn a áirithiú go n-éireoidh leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar uas-sciliú agus athoiliúint na n-oibrithe sin atá ag obair i dtionscail agus i réigiúin ina bhfuil athrú struchtúrach ag tarlú faoi láthair nó ina mbeidh amach anseo. Ba cheart é a bheith mar chuspóir le beartas gníomhach tionsclaíochta aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin sin atá buailte ag an díthionsclú agus ag eisimirce dhíréireach daoine atá in aois oibre agus an infheistíocht a spreagadh sna réigiúin sin. Ba cheart plé a bheith ann freisin faoin gcaoi le bearta uas-scilithe agus athoiliúna a nascadh le hobair ghearr-ama nó le sochair dhífhostaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, faoin gcaoi a dtabharfar an deis d’oibrithe lena mbaineann páirt a ghlacadh i mbearta ábhartha athoiliúna, trí chuideachtaí aistrithe pearsanra. |
|
3.5.5. |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin cláir a bhunú agus na cláir sin a chuimsiú ina gcuid straitéisí náisiúnta maidir le scileanna. |
An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 46 final.
(2) COM(2022) 45 final.
(3) https://ieeexplore.ieee.org/stamp/stamp.jsp?tp=&arnumber=9063714