|
26.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 367/3 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 28 Iúil 2022
ar thogra le haghaidh rialachán lena leasaítear an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús
(CON/2022/25)
(2022/C 367/03)
Réamhrá agus bunús dlí
An 13 Aibreán 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ón gComhairle ar thuairim ar thogra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (1) (dá ngairtear an “rialachán atá beartaithe” anseo feasta).
Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE, ós rud é go mbaineann an rialachán atá beartaithe le (1) bunchúram an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn de bhun Airteagal 127(2), an ceathrú fleasc, CFAE, agus Airteagal 3.1 de Reacht CEBC agus BCE (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta), agus (2) rannchuidiú CEBC le seoladh rianúil beartas a shaothróidh na húdaráis inniúla agus a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) de CFAE agus Airteagal 3.3 de Reacht CEBC. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.
Barúlacha ginearálta
Is geal le BCE an rialachán atá beartaithe, lena dtacaítear le tosaíochtaí an Aontais i réimsí na margaí caipitil agus na hiarthrádála, agus le ceann de na príomhghníomhaíochtaí i bPlean Gníomhaíochta 2020 an Choimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil chun seirbhísí socraíochta trasteorann a fhorbairt. Déantar é sin, inter alia, trí nós imeachta an phas faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a shimpliú (dá ngairtear an “Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús”, nó “CSDR” anseo feasta) agus tríd an gcomhar i measc na n-údarás inniúil agus ábhartha a fheabhsú. Tacaíonn BCE go láidir leis an aidhm ghinearálta comhtháthú na margaí caipitil a éascú tuilleadh trí bhacainní le seirbhísí socraíochta a sholáthar ar bonn trasteorann a laghdú. Tá an rialachán atá beartaithe ailínithe a bheag nó a mhór le beartais a shaothraítear go hidirnáisiúnta i ndiaidh na géarchéime airgeadais domhanda a tháinig chun cinn in 2008-2009, beartais arb é is aidhm dóibh athléimneacht agus éifeachtacht bonneagar margaidh airgeadais atá lárnach agus a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a threisiú – lena n-áirítear córais socraíochta urrús – mar réamhchoinníoll le haghaidh margaí caipitil atá fónta láidir, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn (3).
Barúlacha sonracha
1. Córas smachta socraíochta
|
1.1 |
Is geal le BCE cuspóir sin reachtóir an Aontais raon feidhme is spriocdhírithe a bhunú le haghaidh chóras smachta socraíochta CSDR trí aghaidh a thabhairt ar iompraíochtaí margaidh is siocair le neamhéifeachtúlacht socraíochta, ach gan pionós a ghearradh go huathoibríoch ar gach teip aonair socraíochta gan beann ar an gcomhthéacs agus ar na páirtithe lena mbaineann. Is ar phrionsabal na comhréireachta ba cheart raon feidhme agus feidhmiú an chórais smachta socraíochta a bhunú. Chuige sin, ní mór inter alia, idirdhealú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar theipeanna socraíochta is siocair le hiarmhairtí díobhálacha airgeadais don pháirtí nach bhfuil ag teip air in idirbheart airgeadais, agus, ar an taobh eile, ar theipeanna a bhíonn gan iarmhairt dhíobhálach airgeadais ar chor ar bith nó nach ndéanann ach difear do leasanna airgeadais an pháirtí a bhfuil ag teip air. Bheadh sé ar neamhréir le réasúnaíocht an chórais dá ndéanfaí na teipeanna socraíochta sin a chuimsiú faoi raon feidhme an chórais smachta socraíochta. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar bhunphointe ag an athbhreithniú ar an gcóras smachta socraíochta gurb é is aidhm dó gan smachtbhannaí a fhorchur ach ar na teipeanna socraíochta sin is siocair le hiarmhairtí díobhálacha airgeadais do chontrapháirtí an pháirtí a bhfuil ag teip air. |
|
1.2 |
Ar an gcaoi chéanna, is geal le BCE na heisiaimh atá beartaithe ón gcóras smachta socraíochta maidir le teipeanna socraíochta de dheasca fachtóirí nach féidir a chur síos do na rannpháirtithe i leith an idirbhirt, agus na teipeanna socraíochta a tharlaíonn i gcomhthéacs idirbheart nach mbaineann le “dhá pháirtí trádála”. Mar sin féin, iarrann BCE ar reachtóir an Aontais cuimhneamh ar raon feidhme an dara heisiamh sin atá beartaithe a shoiléiriú, eisiamh a d’fhéadfaí léirmhínithe éagsúla a bhaint as. Is é a thuigeann BCE as an eisiamh sin atá beartaithe go gcuimsíonn sé aistrithe urrús saor ó íocaíocht (FOP) chuig cuntais urrúis ag taisclanna lárnacha urrús i gcomhthéacs an tslogtha/an díshlógtha comhthaobhachta, bíodh na haistrithe sin idir páirtithe príobháideacha nó idir comhaltaí de CEBC agus a gcontrapháirtithe. Ba gheal le BCE soiléiriú sainráite chuige sin sa rialachán atá beartaithe. I ndáil leis sin, ba cheart tuilleadh soiléiriú ar raon feidhme an dara heisiamh atá beartaithe a sholáthar i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin, chun na hidirbhearta sin a meastar gan dhá pháirtí trádála a bheith ag baint leo a shonrú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ar a gcumas faoi láthair ag taisclanna lárnacha urrús treoracha socraíochta a shainaithint, ar treoracha socraíochta iad atá le heisiamh ó raon feidhme an chórais smachta socraíochta faoin rialachán atá beartaithe. Chun sainaithint den sórt sin a éascú, d’fhéadfaí a áireamh i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin sainmhínithe lena gcumasaítear na heisiaimh atá beartaithe a shainaithint go nithiúil, agus sa dóigh sin, cuidiú le taisclanna lárnacha urrús próiseas uathoibrithe a bhaint amach. Tá BCE réidh chun tacú le reachtóir an Aontais agus na soiléirithe sin á bhforbairt, agus tugann sé dá aire go gcáilíonn dréachtghníomhartha tarmligthe an Choimisiúin mar “gníomhartha Aontais atá beartaithe” chun críocha Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh, lena bhforáiltear nach mór dul i gcomhairle le BCE maidir le haon dréachtghníomhartha de chuid an Aontais a thiocfaidh faoina réimsí inniúlachta (4). |
|
1.3 |
Ina theannta sin, maidir le gníomhartha tarmligthe den sórt sin ón gCoimisiún ina sonraítear na hidirbhearta a meastar gan dhá pháirtí trádála a bheith ag baint leo, ba cheart aga tionscanta leordhóthanach a bheith ag gabháil leo le haghaidh taisclanna lárnacha urrús agus le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun a gcórais a choigeartú. Mar shampla, maidir le hUrrúis TARGET2 (T2S), más rud é go bhfuil idirbhearta áirithe le heisiamh ó raon feidhme an chórais smachta socraíochta ar leibhéal na taisclainne lárnaí urrús, b’inmholta idirphlé a dhéanamh leis an margadh chun cabhrú le saincheisteanna féideartha maidir le cur chun feidhme agus chun réitigh fhéideartha a shainaithint. I gcás ina mbeadh athruithe ábhartha ar dhearadh T2S i gceist leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha ón gCoimisiún, bheadh am suntasach ag teastáil chun na hathruithe sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, molann BCE gan tréimhse na 24 mhí, a bheartaítear sa rialachán atá beartaithe, idir an Rialachán athbhreithnithe maidir le taisclanna lárnacha urrús a ghlacadh agus teacht i bhfeidhm raon feidhme leasaithe an chórais smachta socraíochta (5) a thosú go dtí go nglacfar na gníomhartha tarmligthe ábhartha ón gCoimisiún. |
|
1.4 |
Is cur isteach suntasach ar fhorghníomhú idirbheart urrús agus ar fheidhmiú na margaí urrús é gur ann do ceannach isteach éigeantach faoi thionchar rialála. Mar gheall ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le himscaradh ceannach isteach éigeantach ag an gCoimisiún Eorpach (lena n-áirítear i dtaca le gan gníomhaire ceannach isteach a bheith le fáil, b’fhéidir), b’fhearr deireadh a chur le féidearthacht ceannach isteach éigeantach ar fad. Maidir le haon athruithe ina leith sin a dhéanfar tar a éis sin, ba cheart iad a fhágáil faoi chomhairle reachtóir an Aontais ina dhiaidh sin. |
|
1.5 |
Mar sin féin, más rud é go gcinnfidh reachtóir an Aontais ar na forálacha atá beartaithe maidir leis an ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún Eorpach a choinneáil chun an sásra ceannach isteach éigeantach a imscaradh, ba mhaith le BCE na pointí seo a leanas a thabhairt dá aire. Ar an gcéad dul síos, is geal le BCE na hathbhreithnithe ar an sásra ceannach isteach éigeantach a dhéantar sa rialachán atá beartaithe. Maidir le coinníollacha a chur i bhfeidhm, le gníomh cur chun feidhme, chun sásra ceannach isteach éigeantach a ghníomhachtú i leith ionstraimí áirithe airgeadais nó catagóirí áirithe idirbheart, ba cheart iad a mheas i bhfianaise an tionchair a bheadh ag ceannach isteach éigeantach ar fheidhmiú na margaí urrús. Thairis sin, ba cheart na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an sásra ceannach isteach éigeantach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar éifeachtúlacht socraíochta san Aontas (6) a chur san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin – ar ábhair iad araon ba cheart a mheas a thagann faoi réimsí inniúlachta comhairlí BCE – agus ba cheart, dá bhrí sin, gníomh cur chun feidhme den sórt sin a chur faoi bhráid BCE le haghaidh comhairliúcháin sula nglacfar é. Ba cheart dó a ndóthain ama a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh freisin le haghaidh cur chun feidhme ionas gur féidir leo ullmhacht oibríochtúil a bhaint amach. Maidir leis na ceanglais a bhaineann leis na módúlachtaí is infheidhme maidir le ceannach isteach a dhéanamh, tá sé tábhachtach gan na costais a bhaineann le forghníomhú a bheith díréireach leis an luach a mhalartófar san idirbheart foluiteach. Thairis sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart roinnt solúbthacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh a mbeadh feidhm ag an gceannach isteach maidir leo i gcás áirithe. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar chur chuige trína gceanglófaí ar rannpháirtithe sa mhargadh teacht ar chomhaontú ar bhonn conartha eatarthu féin faoi shonraí an mhodha bheacht chun ceannach isteach a fhorghníomhú, in ionad sin a fhorordú leis an reachtaíocht. Ina theannta sin, d’fhéadfaí rogha a thabhairt don pháirtí nach bhfuil ag teip air cinneadh a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil an próiseas ceannach isteach le tionscnamh. Chuirfeadh an tsolúbthacht sin ar a chumas do pháirtí nach bhfuil ag teip air an t-ualach díréireach a sheachaint a bhaineann le cur chun feidhme na n-athruithe casta oibríochtúla, teicniúla agus dlí is gá chun ceannach isteach a úsáid. |
|
1.6 |
Ar deireadh, iarrann BCE ar reachtóir an Aontais cuimhneamh ar idirbhearta maoinithe urrús a eisiamh ó raon feidhme aon cheannach isteach éigeantach. Ní chruthaítear seasamh oscailte glan amach idir na páirtithe trádála le hidirbheart maoinithe urrús chun údar a thabhairt le ceannach isteach i gcoinne an pháirtí a bhfuil ag teip air. Dá réir sin, ní bheadh cur i bhfeidhm ceannach isteach éigeantach i gcomhthéacs idirbheart maoinithe urrús comhréireach le rún an reachtóra líon na dteipeanna socraíochta a laghdú, trí cheannach isteach éigeantach. |
2. Comhar idir údaráis inniúla agus údaráis ábhartha: athbhreithniú agus meastóireacht
|
2.1 |
Is geal le BCE go gcuirfear feabhas ar ról na n-údarás ábhartha faoin rialachán atá beartaithe i dtaca le taisclanna lárnacha urrús a údarú chun príomhsheirbhísí agus seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar, agus i dtaca le hathbhreithniú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar thaisclanna lárnacha urrús, lena n-aithnítear go cuí an leas dlisteanach atá ag na húdaráis sin i bhfeidhmiú rianúil na mbonneagar ábhartha. Ar an gcaoi chéanna, is geal le BCE cur chuige cothrom an rialacháin atá beartaithe maidir lena mhinice a dhéanfar athbhreithniú agus meastóireacht ar phríomhsheirbhísí taisclainne lárnaí urrús, chomh maith leis an tréimhse ama ar cuireadh fad léi ina bhféadfaidh na húdaráis ábhartha tuairim réasúnaithe a thabhairt ar údarú taisclann lárnach urrús chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, b’fhiú an mhinicíocht íosta atá beartaithe, a dhéanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú agus meastóireacht ar chomhlíonadh CSDR ag na seirbhísí coimhdeacha baincéireachta, a ailíniú leis an minicíocht a dhéanfar athbhreithniú agus meastóireacht ar phríomhsheirbhísí taisclainne lárnaí urrús. |
|
2.2 |
A mhéid a bhaineann le príomhsheirbhísí taisclainne lárnaí urrús a athbhreithniú agus a mheas, beartaítear leis an rialachán atá beartaithe go rachaidh údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha. Mar sin féin, ní chuirtear i gcás aon nós imeachta comhfhreagrach a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí coimhdeacha baincéireachta. Chun aghaidh a thabhairt ar an neamhréireacht sin, molann BCE nós imeachta comhairliúcháin comhfhreagrach a thabhairt isteach sa rialachán atá beartaithe chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí coimhdeacha baincéireachta. |
|
2.3 |
I gcás na gcomhaltaí sin de CEBC a ghníomhaíonn mar údarás ábhartha, d’éascófaí feidhmiú chúram CEBC córais éifeachtúla fhónta imréitigh a áirithiú laistigh den Aontas le nós imeachta comhairliúcháin den sórt sin. Thairis sin, agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí ó lá go chéile, bíonn taisclanna lárnacha urrús atá údaraithe mar sholáthraithe seirbhísí coimhdeacha baincéireachta go mór i muinín seirbhísí bainc ceannais (7), fáth eile ar ceart rannpháirtíocht a bheith ag na bainc cheannais ann. Is mór is ábhartha do na bainc cheannais eisiúna sábháilteacht agus éifeachtúlacht socraíochtaí airgid ina n-airgead bainc tráchtála, toisc go bhféadfadh an bainistiú neamhleor ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta ag na taisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha baincéireachta difear a dhéanamh d’fheidhmiú rianúil na margaí airgid. |
|
2.4 |
Agus iad mar mhaoirseoirí ar chórais imréitigh agus íocaíochta, tá saineolas fairsing ag na bainc cheannais ar réimse na socraíochta airgid atá ina hairgead bainc ceannais agus ina hairgead bainc tráchtála (lena n-áirítear seirbhísí coimhdeacha gaolmhara baincéireachta), go háirithe ó thaobh rioscaí airgeadais a bhainistiú de. Agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí maoirseachta, cuireann na bainc cheannais creat i bhfeidhm ina léirítear dearcadh sistéamach – i gcomhréir le caighdeáin dhomhanda. Dá bhrí sin, tá sé inmholta rannpháirteach a bheith acu mar údaráis ábhartha faoi CSDR san athbhreithniú agus sa mheastóireacht rialta ar sheirbhísí coimhdeacha baincéireachta. |
3. Comhar i measc na n-údarás inniúil agus na n-údarás ábhartha: coláistí a bhunú
|
3.1 |
Is geal le BCE coláistí maoirseoirí á dtabhairt isteach chun cóineasú maoirseachta a fheabhsú agus chun malartuithe faisnéise i measc na n-údarás lena mbaineann a éascú (8). Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh struchtúr choláistí nós imeachta an phas leas as tuilleadh coigeartuithe chun a áirithiú go gcumhdófar cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí trasteorann ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, go mbeidh an comhar laistigh den choláiste feidhmiúil agus nach gcruthófar ualach leis i gcás ina mbeidh gá le rannpháirtíocht i gcoláistí iomadúla. Ní áirítear gach seirbhís taisclainne lárnaí urrús a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi i ngníomhaíocht nós imeachta an phas. Dá bhrí sin, molann BCE raon feidhme shainordú choláistí nós imeachta an phas a leathnú chun cineálacha eile gníomhaíochtaí trasteorann a chumhdach, lena n-áirítear socraíocht ina hairgeadraí eachtracha ábhartha agus oibriú nasc idir-inoibritheach, cé is moite de naisc idir-inoibritheacha de chuid taisclann lárnach urrús a dhéanann cuid dá seirbhísí (a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha sin) a sheachfhoinsiú chuig eintiteas poiblí dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de CSDR (9). Molann BCE freisin coláistí nós imeachta an phas a athainmniú mar choláistí gníomhaíochta trasteorann. Thairis sin, is ríthábhachtach go mbeadh údaráis na mBallstát ina bhfuil gníomhaíochtaí taisclainne lárnaí urrús tábhachtach dá margaí rannpháirtíocht sna coláistí. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh sí chomh hábhartha céanna d’údaráis na mBallstát ina bhfuil gníomhaíocht taisclainne lárnaí urrús teoranta, agus níor cheart í a bheith éigeantach. |
|
3.2 |
Maidir le grúpcholáistí, tacaíonn BCE le iad a bhunú agus, go háirithe, leis an roghnaíocht a thugtar isteach sa rialachán atá beartaithe chun coláistí a chumasc ina n-aon choláiste amháin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tuilleadh solúbthachta a thabhairt isteach trí chead a thabhairt don údarás inniúil baile cuireadh a chur ar na húdaráis inniúla agus ábhartha ó thíortha nach Ballstáit iad a bheith mar bhreathnóirí ar idir choláistí nós imeachta an phas agus/nó ghrúpcholáistí. |
4. Seirbhísí coimhdeacha baincéireachta
|
4.1 |
Áirítear sa rialachán atá beartaithe leasuithe ar CSDR lena gceadaítear socraíocht na n-íocaíochtaí airgid i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh taisclann lárnach urrús trí thaisclann lárnach urrús eile atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar. Maille leis an méadú atá beartaithe ar an tairseach shocraíochta trí institiúidí creidmheasa ainmnithe, is é rud a dhéanfaí leis na leasuithe sin socraíocht ina hairgeadraí eachtracha a éascú, agus socraíocht trasteorann a chur chun cinn laistigh den Aontas. Bheadh teorainn leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as socraíocht FOP i gcás nach mbeadh aistrithe airgid agus urrús ag brath ar a chéile - agus dá bhrí sin ina méadófaí an riosca socraíochta. |
|
4.2 |
Mar sin féin, bheadh impleachtaí ag gabháil le soláthar seirbhísí coimhdeacha baincéireachta ag taisclanna lárnacha urrús a bheadh údaraithe chun iad a chur ar fáil (dá ngairtear “taisclanna lárnacha urrús baincéireachta” anseo feasta) do thaisclanna lárnacha urrús eile (dá ngairfear na “taisclanna lárnacha urrús is úsáideoir” anseo feasta) do phróifíl riosca airgeadais na dtaisclann lárnach urrús baincéireachta agus do chothrom na Féinne do thaisclanna lárnacha urrús agus do rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibríonn na taisclanna lárnacha urrús, agus i ndáil le coinbhleachtaí leasa chomh maith; níor mhór do rialaitheoir an Aontais aghaidh eile a thabhairt ar na himpleachtaí sin ar fad. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí an rialachán atá beartaithe a leasú chun go n-áireofaí an fhéidearthacht caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí a thuairiscítear i míreanna 4.3 go 4.8 thíos maidir le seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a bheith á soláthar ag taisclanna lárnacha urrús baincéireachta do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir. |
|
4.3 |
Cuirtear de cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús le hAirteagal 40 de CSDR gné airgid na n-idirbheart urrús a phróiseáiltear ina gcórais socraíochta urrús a shocrú trí chuntais a dhéanann banc ceannais a shealbhú go sonrach le haghaidh idirbhearta a ainmneofar ina n-airgeadra ón tír ina ndéanfar an tsocraíocht, i gcás ina mbeidh sé praiticiúil agus ar fáil. Níor cheart aistriú neamhbheartaithe ó shocraíocht ina hairgead bainc ceannais go socraíocht ina hairgead bainc tráchtála a bheith mar thoradh ar na leasuithe a bheartaítear leis an rialachán atá beartaithe, ná níor cheart dóibh meath a chur ar iarrachtaí na dtaisclann lárnach urrús ar shocraíocht a bhaint amach ina hairgead bainc ceannais. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceadaíonn bainc cheannais náisiúnta uile na mBallstát rochtain ar shocraíocht ina hairgead bainc ceannais faoi láthair do thaisclanna lárnacha urrús baile nach de chuid an Aontais iad agus dá rannpháirtithe, faoi réir aon eisceachta amháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair socraíocht ina hairgead bainc ceannais a dhéanamh i gcás airgeadraí nach airgeadraí de chuid an Aontais iad. |
|
4.4 |
Cé gurb é is cuspóir do na leasuithe a bheartaítear leis an rialachán atá beartaithe socraíocht ina hairgeadraí eachtracha a éascú (10), tugtar deis leo freisin do thaisclanna lárnacha urrús baincéireachta aon seirbhís choimhdeach baincéireachta a thairiscint gan srian do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir. Ba cheart raon feidhme na seirbhísí a thairgfidh taisclanna lárnacha urrús baincéireachta do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir a theorannú do sheirbhísí a sholáthraítear chun críocha socraíochta ina hairgeadraí eachtracha. Chuirfí cosc le teorannú den sórt sin ar thaisclanna lárnacha urrús baincéireachta raon leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh agus dul i bhfiontar iomarcach. Ina theannta sin, chuirfí meath ar thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir ó sheirbhísí taisclanna lárnacha urrús baincéireachta a lorg le teorannú den sórt sin, i gcás ina mbeadh socraíocht airgid thirim ina hairgead bainc ceannais ar fáil freisin, i leith airgeadraí an Aontais. |
|
4.5 |
Bheadh neamhchosaintí breise ag gabháil le taisclanna lárnacha urrús a bheith ag soláthar seirbhísí coimhdeacha baincéireachta do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir. Go háirithe, ba shiocair le rioscaí airgeadais do na taisclanna lárnacha urrús iad na seirbhísí a d’fhéadfadh taisclann lárnach urrús baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir (e.g. rioscaí infheistíochta, creidmheasa agus/nó leachtachta) (11). Bheadh méid na rioscaí sin de réir raon feidhme na seirbhísí a mbainfeadh na taisclanna lárnacha urrús is úsáideoir leas astu agus de réir luach ghníomhaíocht na dtaisclann lárnach urrús sin ar na cuntais leis na taisclanna lárnacha urrús baincéireachta. Ina theannta sin, más rud é go gcomhchruinnítear socraíocht ina hairgeadraí eachtracha in aon cheann amháin nó in dhá cheann de thaisclanna lárnacha urrús baincéireachta laistigh den Aontas, d’fhéadfadh sé a bheith ina shiocair le riosca tógálachta. Bunaítear creat fónta stuamachta agus tugtar aghaidh ar rioscaí maidir le seirbhísí coimhdeacha baincéireachta leis na ceanglais stuamachta a leagtar síos in CSDR. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith casta bearta a bhunú chun rioscaí a rialú i gcás ina soláthróidh taisclann lárnach urrús baincéireachta seirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir i gcomhthéacs nach bhfuil rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús is úsáideoir, chomh maith leis an ngníomhaíocht is siocair leis na rioscaí sin agus éabhlóid na rioscaí sin, faoi rialú díreach na taisclainne lárnaí urrús baincéireachta sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar reachtóir an Aontais machnamh a dhéanamh ar cheanglas a thabhairt isteach le haghaidh taisclann lárnach urrús baincéireachta chun creat a fhorbairt lena ndéanfar mionsaothrú ar an dóigh ar féidir rioscaí a eascróidh as gníomhaíocht na dtaisclann lárnach urrús is úsáideoir a shrianadh. Tríd is tríd, tá BCE i bhfabhar cur chuige cothrom arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh leathnú féideartha na gníomhaíochta sin ag taisclanna lárnacha urrús baincéireachta (agus, dá bhrí sin, na neamhchosaintí riosca méadaithe, chomh maith leis an riosca comhchruinnithe agus an riosca tógálachta a d’fhéadfadh teacht as an leathnú sin) go mbeidh sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá beartaithe, is é sin, socraíocht ina hairgeadraí eachtracha ag taisclanna lárnacha urrús is úsáideoir a éascú, agus gan fóntacht airgeadais na dtaisclann lárnach urrús baincéireachta a chur i mbaol. |
|
4.6 |
D’fhéadfadh taisclanna lárnacha urrús baincéireachta seirbhísí imréitigh agus socraíochta airgid a chur ar fáil ní hamháin dá rannpháirtithe ach do rannpháirtithe taisclann lárnach urrús is úsáideoir freisin faoin rialachán atá beartaithe. D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh air sin i gcás ina ndéanfadh taisclann lárnach urrús baincéireachta cinntí nó i gcás ina gcuirfeadh sí beartais i bhfeidhm a bheadh fabhrach dá rannpháirtithe féin nó dá taisclanna lárnacha urrús féin laistigh den ghrúpa céanna. D’fhéadfadh sin a bheith ábhartha go háirithe i gcás géarchéime, mar shampla nuair a thiocfadh easnaimh leachtachta gan choinne nó caillteanais chreidmheasa neamhurraithe chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith sa chreat rialála go mbeadh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag taisclanna lárnacha urrús chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun an riosca a bhaineann le cóir idirdhealaitheach i leith aon taisclann lárnach urrús is úsáideoir agus a rannpháirtithe a mhaolú. |
|
4.7 |
Dá ndéanfaí taisclanna lárnacha urrús baincéireachta seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús is úsáideoir, bheadh tionchar aige sin ar phróifíl riosca na dtaisclann lárnach urrús baincéireachta sin agus d’fhéadfadh costais bhreise agus castacht oibríochtúil a bheith ag gabháil leo freisin. B’fhéidir nach mbeadh gach taisclann lárnach urrús baincéireachta toilteanach ná in ann a neamhchosaintí ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta a mhéadú agus acmhainní a leithdháileadh chun go bhféadfaí gníomhaíocht socraíochta ina hairgeadraí eachtracha de chuid na dtaisclann lárnach urrús a leathnú. Tuigeann BCE gur cinneadh gnó a bheidh le déanamh ag gach taisclann lárnach urrús baincéireachta is ea é seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús (murab ionann is naisc agus rochtain oscailte a bhunú le haghaidh taisclann lárnach urrús eile, naisc agus rochtain oscailte ba cheart a áirithiú go hiondúil (12)). |
|
4.8 |
Thairis sin, chun an trédhearcacht a chothú i ndáil leis na téarmaí agus na coinníollacha chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar, ba cheart na ceanglais maidir le nochtadh ar cheart do na taisclanna lárnacha urrús baincéireachta cloí leo a mhéid a bhaineann leis an raon íosta seirbhísí a thairgtear, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha na seirbhísí sin agus na costais agus na rioscaí a bhaineann leo a leagan amach in aon chaighdeáin theicniúla rialála a bheidh ann amach anseo. Sheachnófaí leis sin an fhéidearthacht go mbainfeadh taisclanna lárnacha urrús laistigh den ghrúpa céanna le taisclann lárnach urrús baincéireachta tairbhe as cóir fhabhrach agus, dá bhrí sin, buntáiste iomaíoch a fháil ar thaisclanna lárnacha urrús eile is úsáideoir a mhéid a bhaineann le seirbhísí socraíochta ina n-airgeadraí eachtracha. |
5. Glanluacháil
|
5.1 |
Is geal le BCE go dtabharfar isteach leis an rialachán atá beartaithe ceanglas ar thaisclanna lárnacha urrús baincéireachta faireachán agus bainistiú leordhóthanach a dhéanamh ar aon rioscaí a thiocfaidh as socruithe glanluachála i ndáil leis an ngné airgid dá samhail socraíochta a chuirfear i bhfeidhm (13). Tuigeann BCE go bhfuil taisclanna lárnacha urrús bunaithe san Aontas a oibríonn córais socraíochta urrús ina socraítear airgead tirim agus/nó urrúis i ndáil le hidirbhearta urrús ar bhonn glan. Níl taisclanna lárnacha urrús den sórt sin faoi réir ceanglais shonracha faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as a socruithe glanluachála. |
|
5.2 |
Léirítear na rioscaí a bhaineann le socruithe glanluachála agus na ceanglais atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin i roinnt prionsabal de Principles for financial market infrastructures (PFMIs) [Prionsabail maidir le bonneagair an mhargaidh airgeadais] arna n-eisiúint ag an gCoiste um Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) agus ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) (14). Tugtar faoi deara nach bhfuil feidhm ag an gceanglas atá beartaithe sa rialachán atá beartaithe dá dtagraítear i mír 5.1 ach amháin maidir le taisclanna lárnacha urrús baincéireachta. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach taisclann lárnach urrús a bhfuil córais socraíochta urrús á n-oibriú aici agus a úsáideann socruithe glanluachála, gan beann ar cé acu a sholáthraíonn na taisclanna lárnacha urrús sin seirbhísí coimhdeacha baincéireachta nó nach soláthraíonn. I bhfianaise chineál teicniúil an cheanglais breise is infheidhme maidir le córais den sórt sin faoin rialachán atá beartaithe, d’fhéadfaí an ceanglas sin a mhionsonrú tuilleadh ina chaighdeáin theicniúla rialála, agus tá BCE réidh chun rannchuidiú leo. |
6. Mainneachtain
|
6.1 |
Is den tairbhe é raon feidhme an tsainmhínithe ar mhainneachtain in CSDR a leathnú (15), sainmhíniú atá teoranta faoi láthair d’imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús atá á oibriú ag taisclann lárnach urrús (dá ngairtear “rannpháirtí na taisclainne lárnaí urrús” anseo feasta). Chuige sin, d’fhéadfaí an sainmhíniú a ailíniú leis an sainmhíniú a leagtar amach in PFMIs, (16) , (17), ina dtagraítear d’imeachtaí a shonraítear i rialacha inmheánacha na taisclainne lárnaí urrús mar mhainneachtain, lena n-áirítear teagmhais a bhaineann le mainneachtain maidir le haistriú sócmhainní a chur i gcrích i gcomhréir le téarmaí agus rialacha an chórais lena mbaineann. |
|
6.2 |
Tá sé ríthábhachtach, nuair nach mbeidh rannpháirtí taisclainne lárnaí urrús in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh, ar chúis ar bith, nuair a bheidh siad bainte go bhféadfaidh an taisclann lárnach urrús ábhartha gníomhaíocht a dhéanamh go pras chun caillteanais a shrianadh agus brúnna leachtachta a theorannú. Dá bhrí sin, b’fhéidir gur mhian le reachtóir an Aontais machnamh a dhéanamh ar shoiléiriú ina dtabharfaí le fios go bhféadfadh taisclann lárnach urrús teagmhais bhreise a shuí arb ionann iad agus mainneachtain ag rannpháirtí taisclainne lárnaí urrús, i gcás nach leor na rialacha agus na nósanna imeachta um bainistiú mainneachtana dá dtagraítear sa Rialachán maidir le Taisclann Lárnach Urrús chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais ábhartha a d’fhéadfadh tarlú i gcóras.
I gcás ina molann BCE an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 28 Iúil 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2022) 120 final.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(3) Tagairt atá ann d’obair sheamhnach an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal “Reducing the moral hazard posed by systemically important financial institutions - FSB Recommendations and Time Lines” [“An baol morálta a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach leo a laghdú - Moltaí agus Amlínte ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais”], an 20 Deireadh Fómhair 2010, atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais ar www.fsb.org
(4) Féach mír 4.1 de Thuairim CON/2017/39. Foilsítear gach Tuairim ó BCE ar EUR-Lex.
(5) Féach Airteagal 2 den rialachán atá beartaithe.
(6) Féach Airteagal 1(2)(b) den rialachán atá beartaithe.
(7) Mar shampla, déanann taisclanna lárnacha urrús a n-iarmhéideanna fada airgid thirim a thaisceadh i gcuntais leis na bainc cheannais, déanann siad cistiú agus díchistiú a ngníomhaíochtaí socraíochta a eagrú trí aistrithe trí chuntais a bhfuil córais íocaíochta acu a oibríonn na bainc cheannais, agus baineann siad leas as saoráidí creidmheasa an bhainc ceannais mar phríomhfhoinse d’acmhainní leachtacha cáilitheacha.
(8) Féach Airteagal 1(9) den rialachán atá beartaithe.
(9) Foráiltear le hAirteagal 19(5) de CSDR go bhfaighidh naisc idir-inoibritheacha den sórt sin cóir speisialta.
(10) Féach aithris 25 den rialachán atá beartaithe.
(11) Mar shampla, ní mór taiscí ionlae/thar oíche de chuid rannpháirtithe taisclann lárnach urrús is úsáideoir atá i gcuntais i dtaisclann lárnach urrús baincéireachta a athinfheistiú, athinfheistiú is siocair le neamhchosaintí ar riosca. D’fhéadfadh síneadh creidmheasa ionlae a bheith ina shiocair le riosca creidmheasa agus leachtachta i gcás nach n-aisíocfadh rannpháirtí amháin nó breis agus rannpháirtí amháin de chuid taisclann lárnach urrús neamhbhaincéireachta na méideanna nuair a bheadh siad bainte. Bheadh soláthar línte creidmheasa ina n-airgeadraí éagsúla ag taisclann lárnach urrús baincéireachta ina bhfoinse rioscaí margaidh, creidmheasa agus leachtachta freisin. Tá íocaíocht cúpón nó fuascailt urrús a eisítear tríd an taisclann lárnach urrús is úsáideoir nó a shealbhaítear le taisclann lárnach urrús is úsáideoir ina siocair le neamhchosaintí riosca ionlae nó thar oíche don taisclann lárnach urrús baincéireachta.
(12) Féach Caibidil III, Roinn 2 de CSDR ar rochtain idir taisclanna lárnacha urrús.
(13) Féach Airteagal 1(19)(a)(iii) den rialachán atá beartaithe.
(14) Féach CPSS-IOSCO Principles for financial market infrastructures le fáil ar shuíomh gréasáin BIS ar www.bis.org.
(15) Féach Airteagal 2(26) de CSDR.
(16) De réir Iarscríbhinn H de PFMIs: “mainneachtain — Teagmhas a shonraítear i gcomhaontú mar mhainneachtain. Baineann teagmhais den sórt sin go ginearálta le mainneachtain maidir le haistriú cistí nó urrús a chur i gcrích i gcomhréir le téarmaí agus rialacha an chórais atá i gceist.”
(17) Sa chomhthéacs sin, tugtar faoi deara go leagtar béim in aithris 6 de CSDR ar a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht a áirithiú idir an reachtaíocht a bhaineann le CSDR agus na caighdeáin idirnáisiúnta.