2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 218/2


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 25 Márta 2022

maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach

(CON/2022/12)

(2022/C 218/02)

Réamhrá agus bunús dlí

An 3 agus an 28 Eanáir 2022 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, faoi seach, ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 agus lena n-aisghairtear 11 ghníomh dlí i réimse na gcuntas náisiúnta (1) (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 127(2) den Chonradh agus le hAirteagal 3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta), ós rud é go mbaineann an rialachán beartaithe le hinniúlacht BCE de bhun Airteagal 5 de Reacht CEBC chun an fhaisnéis staidrimh is gá a bhailiú chun cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a ghabháil de láimh agus chun rannchuidiú le comhchuibhiú, i gcás inar gá, na rialacha agus na gcleachtas lena rialaítear bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna réimsí a áirítear ar a réimsí inniúlachta. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Oibríonn CEBC agus an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) i ndlúthchomhar le chéile chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun an comhleanúnachas is gá chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh a ráthú (2). Tá an comhar idir CEBC agus CSE á rialú tuilleadh le comhaontuithe ábhartha idir CEBC agus CSE, amhail an Meabhrán Tuisceana maidir leis an gComhar idir Comhaltaí CEBC agus CSE (3), lena gcumhdaítear réimsí freagrachta comhroinnte nó leasa choitinn, i.e. comhardú íocaíochtaí, staidreamh airgeadais, staidreamh airgeadais rialtais, staidreamh maicreacnamaíoch agus cuntais náisiúnta. Cé go gcomhlíonann comhaltaí CEBC agus CSE a bhfreagrachtaí staidrimh féin faoi chreataí dlíthiúla ar leithligh (4), i bhfianaise idirspleáchais chreat staidrimh CEBC agus CSE, tá leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“Rialachán CCE 2010” anseo feasta) ábhartha do cheanglais tuairiscithe staidrimh CEBC, go háirithe i réimsí a gcomhfhreagrachta nó a leasa choitinn (6). Ina theannta sin, úsáidtear Rialachán CCE 2010 mar thagairt i ngníomhartha dlí éagsúla de chreat dlíthiúil staidrimh BCE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag leasuithe ar Rialachán CCE 2010 ar chreat dlíthiúil staidrimh BCE.

1.2.

Mar tháirgeoir agus úsáideoir staidrimh Eorpaigh, is geal le BCE i gcoitinne an leasú a dhéantar ar Rialachán CCE 2010 leis an rialachán beartaithe mar chéim i dtreo cáilíocht na gcuntas náisiúnta a fheabhsú tuilleadh. Ós rud é gurb é Rialachán CCE 2010 croílár an staidrimh mhaicreacnamaíoch Eorpaigh, tá ról ríthábhachtach aige i ndáil le cúraimí éagsúla de chuid BCE agus de chuid an Eurochórais, amhail anailís ar an mbeartas airgeadaíochta agus ullmhú réamh-mheastachán eacnamaíoch agus fioscach (7).

1.3.

Is geal le BCE neartú na comhsheasmhachta sonraí, a thugtar isteach leis an rialachán beartaithe, trasna táblaí éagsúla a thuairiscítear faoi chlár tarchuir CCE 2010. Ag an am céanna, tá sonraí cuntas náisiúnta atá iomlán agus tráthúil, go háirithe i ndáil le Ballstáit an limistéir euro, bunriachtanach do BCE. I ndáil leis sin, áirithítear le clár tarchuir CCE 2010 atá beartaithe cothromaíocht mhaith idir tráthúlacht, iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí náisiúnta arna dtuairisciú (8).

1.4.

Thairis sin, is geal le BCE go ndéantar leis an rialachán beartaithe Rialachán CCE 2010 a ailíniú le hAicmiú athbhreithnithe an Tomhaltais Aonair de réir Cuspóra (9), toisc go n-áirithítear leis sin inchomparáideacht sonraí idir tíortha agus go gcoimeádtar leis a ábharthacht le haghaidh úsáideoirí.

2.   Barúlacha sonracha: Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe

2.1.

Go ginearálta, aontaíonn BCE leis na leasuithe ar chlár tarchuir CCE 2010 atá ar áireamh in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe, faoi réir na mbarúlacha sonracha seo a leanas.

2.2.

Is geal le BCE gur cuireadh isteach tarchur deonach tobmheastachán ar an olltáirgeacht intíre (OTI) ráithiúil agus ar fhostaíocht (Tábla 1F), a úsáidtear chun comhiomláin an limistéir euro a fhoilsiú tar éis dheireadh na ráithe tagartha (10). Tá na tobmheastacháin sin an-tábhachtach do BCE agus anailís á déanamh aige ar an bhfás eacnamaíoch sa limistéar euro agus ar bhundinimic an fháis sin.

2.3.

Maidir le hatarchur phríomh-chomhiomláin na gcuntas náisiúnta ráithiúil (Tábla 1Q) trí mhí tar éis na ráithe tagartha, is féidir leis sin comhsheasmhacht trasna táblaí agus minicíochtaí a chur chun cinn. Maidir leis sin, molann BCE don Choimisiún (Eurostat) athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar atarchur sonraí náisiúnta den sórt sin ar mhinicíocht agus ar fhéilire fhoilsiú phríomh-chomhiomláin ráithiúla OTI an limistéir euro. D’fhéadfaí, go háirithe, leis an bhforáil nua, bearta a dhéanamh chun tráthúlacht fhoilsiú shonraí deiridh an limistéir euro a fheabhsú tráth nach déanaí ná 100 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha.

2.4.

Is geal le BCE tarchur sonraí nua maidir le hidirbhearta le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (Tábla 2 maidir le príomh-chomhiomláin bhliantúla an rialtais ghinearálta agus a fho-earnálacha) agus molann sé don Choimisiún (Eurostat) cuntais na n-institiúidí Eorpacha arna n-aicmiú san earnáil rialtais a thiomsú, i gcomhar iomlán idir an nós imeachta um easnamh iomarcach agus an staidreamh cuntas náisiúnta. Le seoladh NextGenerationEU táthar ag cur freisin ar son athfhéachaint ar chuntais na n-institiúidí Eorpacha agus iad a thiomsú chun creat fónta staidrimh agus anailíseach a áirithiú.

2.5.

Le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe tugtar isteach ceanglas nua ar na Ballstáit cuntais airgeadais bhliantúla de réir earnála (Tábla 6) agus cláir chomhardaithe bhliantúla i ndáil le sócmhainní agus dliteanais airgeadais (Tábla 7) a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) cheana féin ceithre mhí tar éis dheireadh na bliana. Tá na hítimí thuasluaite, a thuairisceofar faoin rialachán beartaithe don Choimisiún (Eurostat) ar mhinicíocht bhliantúil, ar áireamh freisin i dTreoirlíne 2014/3/AE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2013/24) (11), a gceanglaítear dá réir ar bhainc cheannais an Eurochórais cuntais airgeadais ráithiúla a thuairisciú do BCE. Déanann BCE na sonraí ráithiúla tráthúla sin a tharchur gach ráithe chuig an gCoimisiún (Eurostat), agus tá siad, cé is moite de chúpla eisceacht, comhsheasmhach leis na sonraí bliantúla a cheanglaítear faoin rialachán beartaithe.

2.6.

Gach ráithe, tiomsaíonn agus eisíonn BCE agus an Coimisiún (Eurostat) i gcomhpháirt lena chéile cuntais chomhtháite an limistéir euro lena gcumhdaítear cuntais airgeadais agus neamhairgeadais i ndáil le hearnálacha institiúideacha an limistéir euro. Is foinse staidrimh riachtanach é clár tarchuir CCE 2010 chun an cúram sin a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is geal le BCE go háirithe go gcaomhnaítear leis an rialachán beartaithe go mbeidh na cuntais ráithiúla neamhairgeadais de réir earnála (Tábla 801) agus cuntais airgeadais agus cláir chomhardaithe ráithiúla an rialtais ghinearálta (Tábla 27) i ndáil le Ballstáit an limistéir euro le fáil 85 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha. Tá sé mar ardtosaíocht ag BCE go ndéanfar na sonraí ráithiúla tráthúla iontaofa sin a sholáthar.

2.7.

Aithníonn BCE gur den tábhacht é staidreamh an Chórais Eorpaigh Cuntas a oiriúnú d’fhorbairtí eacnamaíocha agus d’éilimh úsáideoirí atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin molann BCE, chun críocha na hanailíse beartais, go ndéanfaí tuairisciú níos iomláine agus éigeantach i ndáil le staidreamh ar infheistíocht agus ar shócmhainní seasta na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ina mbeidh miondealú de réir gníomhaíocht eacnamaíoch i gcás inarb infheidhme. Baineann sé sin le príomh-chomhiomláin na gcuntas náisiúnta bliantúil (Tábla 1A) agus ráithiúil (Tábla 1Q), le trasaicmiú ar shócmhainní seasta de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus de réir sócmhainne (Tábla 20) agus le trasaicmiú ar ollfhoirmiú caipitil sheasta de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus sócmhainne (Tábla 22). Thairis sin, molann BCE go n-áireofaí tuairisciú éigeantach ar earraí leathmharthanacha agus neamh-mharthanacha, agus ar na seirbhísí atá i dTábla 1Q, chomh maith le tuairisciú deonach ar thalamh atá faoi bhun na bhfoirgneamh agus na struchtúr atá sna cláir chomhardaithe i ndáil le sócmhainní neamhairgeadais i dTábla 26.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 776 final.

(2)  Féach Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).

(3)  Meabhrán Tuisceana maidir leis an gComhar idir Comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus Comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, 24 Aibreán 2013, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.

(4)  Féach mír 3 de Thuairim CON/2011/44 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Bealtaine 2011 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO C 203, 9.7.2011, lch. 3). Foilsítear tuairimí uile BCE ar EUR-Lex.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, (IO L 174 26.06.2013, lch. 1).

(6)  Féach mír 7 de Thuairim CON/2011/44.

(7)  Féach mír 1 de Thuairim CON/2011/44.

(8)  Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an rialachán beartaithe lena leasaítear Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán CCE 2010.

(9)  Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an rialachán beartaithe lena leasaítear Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán CCE 2010.

(10)  Foilsítear na tobmheastacháin OTI 30 agus 45 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha. Foilsítear na tobmheastacháin fostaíochta 45 lá tar éis dheireadh na ráithe tagartha.

(11)  Treoir 2014/3/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Iúil 2013 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh i réimse na gcuntas airgeadais ráithiúil (BCE/2013/24) (IO L 2, 7.1.2014, lch. 34).