|
25.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 210/5 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Feabhra 2022
ar thogra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac
(CON/2022/4)
(2022/C 210/05)
Réamhrá agus bunús dlí
An 20 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (1) (dá ngairtear “AMLAR” anseo feasta).
Measann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) go dtagann an rialachán atá beartaithe faoi raon feidhme a inniúlachta, cé nach ndeachthas i gcomhairle leis faoin rialachán atá beartaithe. Dá bhrí sin, tá sé ag feidhmiú a chirt chun tuairim a chur faoi bhráid institiúidí iomchuí an Aontais maidir le hábhair atá laistigh dá réimsí inniúlachta, ceart dá bhforáiltear sa dara habairt d’Airteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh atá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ós rud é go bhfuil forálacha in AMLAR a dhéanann difear do chúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 127(6) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.
Barúlacha ginearálta
1. Forléargas agus nótaí tosaigh
|
1.1. |
Is díol sásaimh do BCE pacáiste na gceithre thogra reachtacha, lena n-áirítear AMLAR, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 20 Iúil 2021, arb é is aidhm dó rialacha an Aontais a neartú maidir le frithsciúradh airgid (anti-money laundering, AML) agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (countering the financing of terrorism, CFT) (AML/CFT). Dírítear ar AMLAR sa tuairim seo. Tugtar aghaidh ar na trí ghné eile den phacáiste reachtach i dtuairimí leithleacha ó BCE – (a) an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (2) (dá ngairtear “AMLR1” anseo feasta); (b) an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (3) (dá ngairtear “AMLD6” anseo feasta); agus (iii) an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus cripteashócmhainní áirithe (athmhúnlú) (4). |
|
1.2. |
Mar a sonraíodh roimhe (5), tá BCE go mór i bhfách le córas ar bhonn an Aontais lena n-áiritheofar go mbeidh uirlisí éifeachtacha ag na Ballstáit, ag údaráis agus comhlachtaí an Aontais, agus ag eintitis faoi oibleagáid laistigh den Aontas, chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais chun críoch sciúrtha airgid (ML) nó maoinithe sceimhlitheoireachta (TF) a chomhrac. Rinne BCE a thacaíocht do chéim roimhe seo na n-iarrachtaí comhchuibhithe a chur in iúl go hiomlán (6), céim lenar feabhsaíodh sainordú AML/CFT an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), agus is díol sásaimh dó an chéad leagan eile den phróiseas, mar atá, bunú an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (ÚFA). |
|
1.3. |
Níor cuireadh de chúram ar BCE maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa i ndáil le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha ML nó TF. De thoisc Airteagal 127(6) den Chonradh, ní cheadófaí cumhachtaí maoirseachta AML/CFT a thabhairt do BCE ós rud é go gcuirtear mar theorainn leis na cúraimí maoirseachta is féidir a thabhairt do BCE ann an mhaoirseacht stuamachta. Mar sin féin, is den tábhacht é machnamh a dhéanamh ar na torthaí ar mhaoirseachta AML/CFT chun cúraimí mhaoirseachta stuamachta BCE a chomhlíonadh i gcás ina ndéanann BCE an fhaisnéis a fhaightear sna gníomhaíochtaí maoirseachta stuamachta ábhartha a chur i bhfáth, lena n-áirítear i bpróisis meastóireachta agus athbhreithnithe maoirseachta, i measúnuithe ar leordhóthanacht socruithe, próiseas agus sásraí rialachais atá ag institiúidí, agus i measúnuithe ar oiriúnacht chomhaltaí chomhlachtaí bainistíochta na n-eintiteas faoi mhaoirseacht. Thairis sin, i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé de cheangal ar mhaoirseoirí AML/CFT ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais, ar mhaoirseoirí stuamachta agus ar aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna) de chuid na mBallstát oibriú go dlúth i gcomhar le chéile de réir a n-inniúlachtaí faoi seach agus faisnéis atá ábhartha dá gcúraimí faoi seach a thabhairt dá chéile. |
|
1.4. |
Tá BCE ullamh chun dul i gcomhar le ÚFA agus chun rannchuidiú leis an bpróiseas reachtach, inter alia, tríd an taithí atá aige mar údarás maoirseachta stuamachta ar leibhéal an Aontais a roinnt, i gcás ina bhféadfadh an taithí sin a bheith ábhartha chun maoirseacht AML/CFT ar leibhéal an Aontais a thógáil. |
|
1.5. |
Is céim thábhachtach é Údarás AML/CFT a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais AML/CFT an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach is comhchuibhithe ar fud an Aontais. Ar feadh na taithí atá ag BCE, is gá leibhéal leordhóthanach freagrachta as maoirseacht dhíreach agus as formhaoirseacht mhaoirseachta araon a thabhairt d’údarás maoirseachta stuamachta ar leibhéal an Aontais má tá sé le cóineasú cleachtas maoirseachta ar fud roinnt Ballstát a éascú. Ba cheart cumhachtaí maoirseachta leordhóthanacha a bheith ag gabháil leis na freagrachtaí sin. I dteannta cumhachtaí díreacha maoirseachta, a fheidhmeofar ar dtús ar ghrúpa measartha beag eintiteas faoi oibleagáid, beartaítear le AMLAR go ndéanfaidh ÚFA measúnuithe agus athbhreithnithe piaraí ar bhonn tréimhsiúil ar na húdaráis maoirseachta AML/CFT airgeadais agus neamhairgeadais, faoi seach. Beidh sin ina chuidiú ag ÚFA dea-chleachtais a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta, chun feidhm a bhaint as na dea-chleachtais sin ina mhaoirseacht dhíreach féin, agus chun iad a chur san áireamh i moltaí nó i dtáirgí eile rialála a dhíreofar chuig údaráis AML/CFT na mBallstát aonair, údaráis AML/CFT a mbeidh a n-ionadaithe rannpháirteach freisin ar Bhord Ginearálta ÚFA. Rachaidh leibhéil mhéadaithe chomhchuibhithe agus chomhsheasmhachta sa mhaoirseacht AML/CFT chun tairbhe don mhaoirseacht stuamachta freisin. |
Barúlacha sonracha
2. Raon feidhme mhaoirseacht dhíreach agus indíreach ÚFA
|
2.1. |
Tá na critéir chun na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid a bheidh faoi mhaoirseacht dhíreach ag ÚFA a shainaithint measartha dian (8), agus meastar sna doiciméid a ghabhann le togra reachtach an Choimisiúin nach gcomhlíonfaidh ach thart ar 12 go 20 eintiteas faoi oibleagáid na critéir sin. Ní thugtar meastachán ar líon na n-eintiteas acu sin a bheidh ina n-institiúidí a thiocfaidh faoi raon feidhme mhaoirseacht stuamachta dhíreach BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (9). I gcás eintitis mhaoirsithe ar mor a suntas (10) atá faoi mhaoirseacht dhíreach BCE agus a chomhlíonfaidh na critéir sin, déanfar leathcheann de chuid BCE de ÚFA le haghaidh malartú faisnéise agus le haghaidh comhar sa mhaoirseacht ó lá go lá, i measúnuithe oiriúnachta agus “nósanna imeachta comhchoiteanna” (11), lena n-áirítear measúnuithe ar iarratais ar údaruithe dul i mbun gnó mar institiúid creidmheasa, aistarraingt údaruithe den sórt sin agus measúnú a dhéanamh ar éadálacha agus diúscairtí sealúchas cáilitheach. I gcás ina gcomhlíonann eintitis mhaoirsithe ar lú a suntas (12) na critéir a leagtar amach in AMLAR, teorannófar an comhar idir BCE agus ÚFA do ghnéithe ábhartha na nósanna imeachta comhchoiteanna. |
|
2.2. |
Tugann BCE dá aire an raon feidhme teoranta atá beartaithe do mhaoirseacht dhíreach ÚFA, i bhfianaise shrianta buiséid an togra. Ar feadh na taithí atá ag BCE, is den tairbhe é raon feidhme leathan ó thaobh maoirseacht dhíreach ar leibhéal an Aontais a bheith ann agus institiúidí, a thiocfaidh faoi réir maoirseacht dhíreach, a roghnú ar bhonn critéar oibiachtúil follasach. Dá bhrí sin, thacódh BCE go láidir le leasú a dhéanamh ar na critéir chun na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid a shainaithint, ionas gurbh iomadúla na heintitis faoi oibleagáid a dhéanfadh ÚFA maoirseacht dhíreach orthu de bharr an phróisis, agus go gcuimseofaí, b’fhéidir, eintitis faoi oibleagáid a bhfuil a bpríomhoifig acu i ngach ceann de na Ballstáit agus go gcothófaí cultúr maoirseachta comhchoitinne agus cóineasú cleachtas maoirseachta AML/CFT. Laghdófar riosca an arbatráiste freisin dá thairbhe sin. I gcás an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM), rinneadh an cuspóir sin a éascú leis na critéir chun eintitis mhaoirsithe ar mór a suntas a roghnú, i gcás ina gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ar BCE cúraimí maoirseachta díreacha a dhéanamh i leith na dtrí institiúid creidmheasa is mó suntas i ngach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha, mura bhfuil údar le gan sin a dhéanamh de bharr imthosca áirithe (13). I bhfianaise na gcritéar roghnúcháin atá bunaithe ar riosca agus atá sách dian a leagtar amach in AMLAR, b’ionann liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a fhoilsiú, faoi mar atá beartaithe in AMLAR, agus stádas riosca aird ML/TF a bhaineann leis na heintitis roghnaithe faoi mhaoirseacht a phoibliú go hindíreach, ar faisnéis í atá rúnda faoi láthair agus nach roinntear ach amháin ar na n-údarás ábhartha ar bhonn riachtanais eolais, agus ar an mbonn sin amháin. B’fhéidir gurbh fhearr critéir oibiachtúla atá bunaithe ar riosca agus nach mbeadh nochtadh indíreach faisnéise maoirseachta rúnda den sórt sin mar thoradh orthu toisc nach ndéanfaí comharthaí neamhbheartaithe leis na margaí nó nach dtarraingeofaí riosca clú ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid a ndéanfaidh ÚFA maoirseacht dhíreach orthu as a los. Thairis sin, ba cheart foráil a chur isteach chun cumarsáid idir ÚFA agus na maoirseoirí stuamachta ábhartha laistigh den Aontas a áirithiú i rith phróisis an mheasúnaithe ar na heintitis faoi oibleagáid a bheidh le roghnú, sula bhfoilseofar liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. Chuirfí ar a gcumas do mhaoirseoirí stuamachta mar sin anailís a dhéanamh roimh ré ar na himpleachtaí stuamachta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis na rioscaí a bhaineann leis na heintitis sin. |
|
2.3. |
Maidir le beagnach gach eintiteas maoirsithe ar mór a shuntas agus gach eintiteas maoirsithe ar lú a shuntas, leanfaidh na maoirseoirí náisiúnta AML/CFT ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus AFAnna de bheith ina ndaimh chomhair phríomha le BCE. Tá méid áirithe ilchineálachta tugtha faoi deara ag BCE san ionchur a thug na húdaráis maoirseachta AML/CFT ar leith do BCE ó thosaigh an comhar córasach idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta AML/CFT agus BCE in 2019, tar éis na n-athruithe reachtacha a tugadh isteach le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Is deacra dá dheasca torthaí maoirseachta AML/CFT a chur san áireamh go comhsheasmhach i gcúraimí maoirseachta stuamachta. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do BCE an páirt a bheidh ag ÚFA i bhfeabhas a chur ar chomhchuibhiú na measúnuithe riosca ML/TF agus cúraimí maoirseachta eile AML/CFT a dhéanann na húdaráis sna Ballstáit. Go háirithe, i dtaca leis an modheolaíocht atá le forbairt ag ÚFA chun riosca fréimhíochta agus próifílí riosca iarmharaigh na n-eintiteas faoi oibleagáid a aicmiú, tá sé tábhachtach leibhéal ard comhchuibhithe a bhaint amach sa dá mhodheolaíocht toisc go mbeidh tionchar acu ar chomhsheasmhacht an ionchuir a gheofar agus a chuirfear san áireamh sa mhaoirseacht stuamachta. |
|
2.4. |
Ag breathnú romhainn, agus faoi réir na n-athbhreithnithe a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo atá beartaithe faoi AMLAR (15), ba dhíol sásaimh do BCE méadú ar raon feidhme chúraimí díreacha mhaoirseachta ÚFA chun fothacar is leithne eintiteas a ndéanann BCE maoirseacht dhíreach orthu a chumhdach. D‘fhéadfaí leibhéal is airde comhsheasmhachta a bhaint amach dá bharr i measúnuithe maoirseachta AML/CFT na n-institiúidí sin, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé cabhrú le tuilleadh tacaíocht a thabhairt don mhaoirseacht stuamachta arb ionchur ina leith iad cuid de na measúnuithe sin. |
3. Comhar idir ÚFA agus BCE
|
3.1. |
Rialaítear an comhar idir údaráis ÚFA agus údaráis neamh-AML/CFT le AMLAR (16). Is díol sásaimh do BCE go gcumhdaítear ceithre chineál údaráis leis an téarma deiridh, lena n-áirítear BCE leis an ról maoirseachta stuamachta atá aige (17). Maidir le malartú faisnéise a éascú idir maoirseoirí AML/CFT agus maoirseoirí stuamachta, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhreisluach a ghabhann le ÚFA go mbeidh deis ann feabhas a chur ar an gcomhar atá ann faoi láthair seachas é a bheith ina shraith bhreise sa mhalartú faisnéise idir údaráis eile. Sa chiall sin, ba cheart dualgas ginearálta sa bhreis a chur ar ÚFA úsáid chomhréireach éifeachtúil as uirlisí comhair a áirithiú chun an t-ualach tuairiscithe ar na húdaráis a bheidh páirteach sa chomhar le maoirseoirí AML/CFT tríd an iliomad bealaí, lena n-áirítear coláistí AML/CFT, an bunachar sonraí AML/CFT agus na comhaontuithe comhair, ach gan bheith teoranta dóibh sin, a íoslaghdú. |
|
3.2. |
Beartaítear le AMLAR nach mór do ÚFA oibriú i gcomhar le húdaráis neamh-AML/CFT i gcás inar gá sin chun cúraimí ÚFA a chomhlíonadh (18). Ba cheart an fhoráil sin a bheith níos ginearálta agus an tagairt do chúraimí ÚFA a bhaint. De réir a shainmhínithe, is amhlaidh nach mór cúraimí na n-údarás rannpháirteach uile a chur san áireamh sa chomhar. Dá bhrí sin, ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (19) ar BCE dul i gcomhar leis na húdaráis atá mar chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais agus ceanglaítear le Treoir 2013/36/AE (20) ar údaráis AML/CFT agus ar mhaoirseoirí stuamachta faisnéis atá ábhartha do chúraimí an údaráis is faighteoir a roinnt, gan a mheas an riachtanach faisnéis den chineál sin a roinnt chun cúraimí an údaráis a chuireann an fhaisnéis ar fáil a chomhlíonadh freisin. Cé gur féidir riachtanas den sórt sin a shainaithint i mórán cásanna, ní hamhlaidh i gcónaí. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairt is ginearálta lena gceanglaítear ar ÚFA dul i gcomhar le húdaráis neamh-AML/CFT laistigh de theorainneacha a shainordaithe a chur in ionad na tagartha do chúraimí ÚFA, chun a áirithiú nach n-iarrfaidh na húdaráis eile lena mbaineann ach na cineálacha comhair atá ábhartha. Is amhlaidh agus is ábhartha go háirithe an méid sin do mhaoirseoirí stuamachta amhail BCE ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid orthu ionchur maoirseachta AML/CFT a chur san áireamh ina gcuid measúnuithe stuamachta. |
|
3.3. |
Tagraítear in AMLAR d’fhaisnéise ón mbunachar sonraí AML/CFT a sholáthar, bunachar sonraí atá le bunú ag ÚFA de bhun AMLAR (21). Tuigeann BCE go dtiocfaidh an bunachar nua sonraí sin in ionad an bhunachair sonraí ar laigí a bhaineann le AML/CFT a raibh sé de cheangal ar ÚBE a chur i gceann a chéile faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Tá difríochtaí idir an dá bhunachar sonraí ar bhealaí éagsúla. Cé gur ceanglaíodh ar ÚBE faisnéis ón mbunachar sonraí a chur ar fáil do mhaoirseoirí stuamachta ar a chonlán féin freisin (23), ní cheanglaítear ar ÚFA déanamh amhlaidh ach amháin má iarrann na maoirseoirí stuamachta air í (24). Ba cheart AMLAR a leasú chun a áirithiú go soláthróidh ÚFA faisnéis ar a chonlán féin freisin do mhaoirseoirí AML/CFT agus do mhaoirseoirí neamh-AML/CFT araon. Más rud é nach bhfuil maoirseoir ar an eolas gurb ann don fhaisnéis ábhartha, ní bheidh sé in ann an fhaisnéis sin a iarraidh faoi AMLAR (25). |
|
3.4. |
Maidir leis an mbunachar sonraí AML/CFT, sainítear in AMLAR na cineálacha faisnéise atá le tarchur ag maoirseoirí AML/CFT chuig an mbunachar sonraí (26), agus tá scair ag an chuid is mó de na cineálacha sin faisnéise ar fhaisnéis a cheanglaítear ar mhaoirseoirí AML/CFT a roinnt freisin leis na maoirseoirí stuamachta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 117(5) de Threoir 2013/36/AE. I gcomhréir le haigne na bhforálacha atá ann faoi láthair maidir leis an mbunachar lárnach sonraí AML/CFT faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, d’fhéadfaí seirbhís luachmhar a sholáthar chun an comhar a fheabhsú idir maoirseoirí stuamachta agus an sásra maoirseachta AML/CFT le mol sonraí, arbh fhorleithne an rochtain air, mar shampla trí chur le réitigh dhigiteacha atá ar fáil cheana le haghaidh mhaoirseoirí an Aontais (e.g. le haghaidh comhar idir an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Aonair Réitigh). Laghdófaí an dúbailt agus an t-ualach ar mhaoirseoirí AML/CFT de thairbhe na féidearthachta sin, maoirseoirí a mbeadh sé d’fhiacha orthu murach sin an fhaisnéis chéanna a roinnt faoi dhó leis an mbunachar sonraí faoi AMLAR agus leis na maoirseoirí stuamachta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 117(5) de Threoir 2013/36/AE. |
|
3.5. |
Maidir le comhairle a sholáthraítear d’údaráis “náisiúnta” eile i ndáil le nósanna imeachta um údarú, nósanna imeachta um údarú a tharraingt siar, agus measúnuithe cuí oiriúnacha a dhéanamh ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta de chuid eintiteas aonair faoi oibleagáid, ceanglaítear ar mhaoirseoirí AML/CFT le AMLAR an chomhairle sin a tharchur chuig an mbunachar sonraí (27). Ba cheart an focal “náisiúnta” a scriosadh, toisc go soláthróidh maoirseoirí AML/CFT ní hamháin do na húdaráis náisiúnta, ach do BCE freisin faisnéis ina leith sin, i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE (28) agus AMLD6 (29). |
|
3.6. |
Ceanglaítear ar ÚFA le AMLAR meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích le húdaráis neamh-AML/CFT, i gcás inar gá (30). Is cabhrach an coinníoll “i gcás inar gá”, ráite gurb iomaí ardán ann cheana le haghaidh comhar idir AML/CFT agus maoirseoirí stuamachta. Téann BCE i gcomhar le maoirseoirí AML/CFT de chuid Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch freisin faoi chomhaontú arna shíniú ag BCE an 10 Eanáir 2019 (31), i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) (an “Comhaontú maidir le AML”). Shínigh breis agus 50 sínitheoir an Comhaontú maidir le AML, ós iondúil breis agus maoirseoir AML/CFT amháin ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i ngach ceann de na Ballstáit, agus cuirtear san áireamh ann comhar déthaobhach idir BCE agus gach ceann de na maoirseoirí AML/CFT a shínigh é. De dheasca chineál déthaobhach an chomhair sin, agus ós rud é go bhfeidhmíonn maoirseacht ar fud an ghrúpa faoi Threoir (AE) 2015/849 trí úsáid a bhaint as prionsabail atá éagsúil le maoirseacht chomhdhlúite faoi Threoir 2013/36/AE, ní raibh an Comhaontú maidir le AML chomh tráthúil ná chomh héifeachtúil céanna le taobh uirlisí eile lena gcuirtear comhar iltaobhach san áireamh, amhail coláistí AML/CFT. Cé gur féidir le ÚFA dul sa chomhaontú go héasca de thairbhe an Chomhaontaithe maidir le AML, agus cé go gcuirtear ar chumas do ÚFA le AMLAR comhaontú tiomnaithe a thabhairt i gcrích idir BCE agus ÚFA, is díol sásaimh do BCE go bhfuil de sholúbthacht in AMLAR a fhiosrú an mbeadh gá leis sin i bhfianaise infhaighteacht uirlisí eile comhair lenarbh fhéidir comhar iltaobhach is éifeachtúla a chumasú, agus d’fhonn is go mbeadh ÚFA ní ba thábhachtaí ná ball breise sa phróiseas malartaithe faisnéise le BCE. |
|
3.7. |
Thairis sin, ceanglaítear ar ÚFA le AMLAR comhar agus malartú faisnéise atá éifeachtach a áirithiú idir gach maoirseoir airgeadais AML/CFT sa chóras maoirseachta AML/CFT agus idir na húdaráis ábhartha neamh-AML/CFT (33). Is díol sásaimh do BCE an fhoráil sin, ós rud é gur bunaíodh an iliomad ardáin malartaithe faisnéise le haghaidh maoirseoirí AML/CFT agus stuamachta le blianta beaga anuas, agus gur minic nach soiléir an t-idirghníomhú a bhíonn ar bun acu. Mar shampla, ceanglaítear ar na húdaráis mhaoirseachta thuasluaite faisnéis a mhalartú ní hé amháin go díreach lena chéile, ach tríd an mbunachar sonraí AML/CFT atá ag ÚBE freisin. I dtaca leis an bhfhoráil sin maidir le comhar éifeachtach a áirithiú, ba cheart í a leathnú chun Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus maoirseoirí AML/CFT neamhairgeadais a chuimsiú freisin. Ceanglaítear ar AFAnna agus maoirseoirí stuamachta ar institiúidí creidmheasa cheana féin oibriú i gcomhar le chéile i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. Ós rud é go n-áirítear AFAnna na mBallstát uile ar Bhord Ginearálta ÚFA, agus ós rud é go gceanglaítear ar ÚFA sásra tacaíochta agus comhordaithe AFA a fheidhmiú (34), is cosúil go bhfuil údar le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais a chur le raon feidhme na forála sin. Maidir le maoirseoirí AML/CFT neamhairgeadais, féadfaidh sé gur gá do mhaoirseoirí stuamachta dul i gcomhar leo más rud é gur cuid den ghrúpa céanna le hinstitiúidí creidmheasa nó airgeadais iad eintitis neamhairgeadais faoi oibleagáid, mar shampla soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. I gcomhthéacs ginearálta an chomhair le maoirseoirí neamhairgeadais, agus faoi mar a mhol BCE i dtuairim ar leith a díríodh chuig AMLR1 agus AMLD6, d’fhéadfaí feabhsuithe ginearálta ar cheadanna comhroinnte faisnéise le haghaidh maoirseoirí AML/CFT a thabhairt isteach chun a chur ar a gcumas dóibh faisnéis a roinnt le raon ní ba leithne údarás eile. Leathnófaí go huathoibríoch leis an bhfeabhsú sin, trí AMLAR (35), na ceadanna atá ag ÚFA faisnéis rúnda a roinnt le húdaráis eile. |
|
3.8. |
Ós rud é go bhféadfadh táirgí rialála a bheith ann, amhail treoirlínte nó caighdeáin theicniúla atá dírithe chuig maoirseoirí AML/CFT agus maoirseoirí stuamachta nó údaráis eile, nó a dhéanann difear dóibh araon, tá sé tábhachtach ÚFA a dhul i gcomhar le ÚBE, leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus na táirgí rialála sin á bhforbairt. Ba cheart an ceanglas ginearálta ar ÚFA dul i gcomhar le ÚBE (36) a leasú sa dóigh is go n-áireofaí tagairt shonrach do chomhar agus táirgí rialála den sórt sin á bhforbairt, fearacht an chomhair idir ÚFA agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, mar a mhol an Coimisiún (37). |
4. Próisis a úsáidtear sa mhaoirseacht dhíreach agus indíreach
|
4.1. |
Fearacht mar a dhéanann BCE a chuid cúraimí maoirseachta stuamachta a urscaoileadh, tá sé beartaithe go n-úsáidfidh ÚFA comhfhoirne maoirseachta (JSTanna) ina chuid cúraimí maoirseachta dírí AML/CFT. Sonraítear in AMLAR go mbeidh idir fhoireann de chuid ÚFA agus fhoireann de chuid na maoirseoirí náisiúnta airgeadais AML/CFT ar chomhfhoirne maoirseachta ÚFA, agus go ndéanfar comhordaitheoir na comhfhoirne maoirseachta a “tharmligean” ó ÚFA chuig an maoirseoir náisiúnta airgeadais AML/CFT sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhoifig ag eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, ar chomhaontú ón maoirseoir náisiúnta airgeadais AML/CFT ábhartha (38). Maidir le beagnach gach ball foirne de chuid ÚFA, a bheidh mar chuid de na comhfhoirne maoirseachta, luaitear freisin sna doiciméid a ghabhann leis an togra reachtach go mbeidh sé nó sí lonnaithe go pearsanta sna Ballstáit. Tuigeann BCE sa chomhthéacs sin nach mór a thuiscint as an téarma “tarmligean” (39) go mbeidh comhordaitheoir na comhfhoirne maoirseachta ina bhall foirne de chuid ÚFA, ach nach i bpríomhoifig ÚFA a bheidh a g(h)náthionad oibre, ach sa Bhallstát ina bhfuil príomhoifig an eintitis faoi mhaoirseacht. Dá bhrí sin, ní chiallaíonn an téarma “tarmligean” cumhachtaí ÚFA a tharmligean chuig maoirseoir náisiúnta airgeadais AML/CFT ná chuig aon údarás eile laistigh de na Ballstáit. Thairis sin, tugann BCE dá aire go gcuirtear cigireachtaí lasmuigh den láthair agus cigireachtaí ar an láthair araon de chúram ar na comhfhoirne maoirseachta le AMLAR. |
|
4.2. |
Is díol sásaimh do BCE, mar chéim shuntasach chun cinn maidir le maoirseacht AML/CFT a neartú san Aontas Eorpach, go ndéantar cumhachtaí cinnteoireachta maoirseachta i leith eintitis roghnaithe faoi oibleagáid a leithdháileadh ar Bhord Feidhmiúcháin ÚFA. Ina theannta sin, cé go n-aithníonn sé amach is amach go bhféadfadh leagan amach difriúil i gcomparáid le maoirseacht stuamachta a bheith ag teastáil ón maoirseacht AML/CFT, ba mhaith le BCE an taithí atá aige ar leagan amach comhfhoirne maoirseachta laistigh de SAM a roinnt. Is comhordaitheoir comhfhoirne maoirseachta, ar ball foirne de chuid BCE i gcónaí é nó í, a bhíonn i gceannas ar chomhfhoirne maoirseachta SAM freisin. Mar sin féin, is ag suíomh BCE in Frankfurt am Main, agus ní ar leibhéal na mBallstát a bhíonn comhordaitheoir na comhfhoirne maoirseachta lonnaithe. Maidir le comhaltaí eile den chomhfhoireann maoirseachta, áirítear orthu baill foirne de chuid BCE agus baill foirne de chuid na n-údarás náisiúnta inniúil araon. Is ag BCE freisin, agus ní ar leibhéal na mBallstát, atá comhaltaí den chomhfhoireann maoirseachta, ar baill foirne de chuid BCE iad, lonnaithe. Ar feadh na taithí atá ag BCE, éascaítear leis sin an chumarsáid ar fud na hinstitiúide agus comhroinnt na ndea-chleachtas, agus cuirtear le cultúr comhchoiteann maoirseachta a chruthú dá bharr. Ina theannta sin, chun idirphlé a spreagadh laistigh den chomhfhoireann maoirseachta maidir le nósanna imeachta barrmhaithe maoirseachta le haghaidh gach ceann de na heintitis faoi mhaoirseacht, mar riail ghinearálta, ní náisiúnach as an tír ina bhfuil príomhoifig an bhainc faoi mhaoirseacht é nó í comhordaitheoir na comhfhoirne maoirseachta laistigh de SAM. Ar deireadh, is go ceann tréimhse 3 go 5 bliana a cheaptar comhordaitheoirí comhfhoirne maoirseachta i bprionsabal, agus coinne leis go ndéanfaidh siad uainíocht ar bhonn rialta (ach é á chur san áireamh nach féidir le comhaltaí uile comhfhoirne maoirseachta uainíocht a dhéanamh an tráth céanna). |
|
4.3. |
Maidir le méid na gcúraimí lasmuigh den láthair agus na gcúraimí ar an láthair san fhoireann amháin, ar feadh na taithí atá ag BCE, cuirtear feabhas ar cháilíocht mhaoirseacht leanúnach BCE nuair a bhíonn feidhm neamhspleách iniúchta ar an láthair ann maille le hidirphlé tráthrialta idir foirne cigireachta lasmuigh den láthair agus foirne cigireachta ar an láthair. Áirithítear go háirithe leis sin nach ndéanfaidh tuairimí comhfhoirne maoirseachta, tuairimí a bunaíodh ar bhonn faisnéise a fuarthas roimhe sin, difear do chinntí cigireachtaí ar an láthair. Mar a soiléiríodh sa Treoir ó BCE maidir le cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe na samhla inmheánaí, cuireann cigireachtaí ar an láthair leis an maoirseacht leanúnach. Coinníonn BCE mioneolas buan ar an institiúid creidmheasa trí mhaoirseacht leanúnach lasmuigh den láthair a dhéanamh, de réir faisnéis a thuairiscíonn an institiúid creidmheasa go príomha, agus seiceálann BCE, i measc nithe eile, cruinneas na faisnéise a úsáidtear chun maoirseacht leanúnach a dhéanamh, trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Is go neamhspleách ar an gcomhfhoireann maoirseachta, ach i gcomhar léi a bhíonn an fhoireann cigireachta ar an láthair, lena n-áirítear an Ceann Misin ag gníomhú. Ach a nglacfar an cinneadh maoirseachta chun cigireacht a dhéanamh, is ar an gCeann Misin amháin a bheidh freagracht as a chur chun feidhme, agus is air nó uirthi freisin a bheidh freagracht as tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh torthaí na foirne cigireachta. Foráiltear le hAirteagal 144 de Chreat-Rialachán SAM gurb é BCE, agus cuidiú á fháil aige ó na húdaráis náisiúnta inniúla (40) (ÚNInna), atá freagrach as na foirne cigireachta a bhunú agus as a gcomhdhéanamh. Is féidir an fhoireann cigireachta a bheith comhdhéanta de chigirí de chuid BCE, de mhaoirseoirí atá fostaithe ag an údarás náisiúnta inniúil de chuid Bhallstát an eintitis dhlítheanaigh a bhfuil cigireacht á déanamh air, agus de mhaoirseoirí ó ÚNInna eile, chomh maith le comhaltaí den chomhfhoireann maoirseachta nó daoine eile a údaróidh BCE. Gan beann ar a dtír dhúchais, is ag obair thar ceann BCE faoi fhreagracht an Chinn Misin a bheidh gach ball foirne. Ní féidir comhalta den chomhfhoireann maoirseachta a cheapadh ina C(h)eann Misin. Ar feadh na taithí atá ag BCE, d’fhéadfadh sé a bheith deacair riar go héifeachtach ar fhoireann a dhéanann cúraimí maoirseachta ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair araon; is é rud a d’fhéadfadh easpa foirne a bheith mar thoradh ar acmhainní a chur ar fáil, acmhainní a mheastar a bheith leordhóthanach ó lá go lá go dtí go nglacann roinnt den fhoireann páirt i gcigireacht ar an láthair (41). Thairis sin, is léir gur den tábhacht é páirt a bheith ag maoirseoirí de chuid ÚNInna éagsúla i bhfoirne cigireachta ar an láthair chun cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le gníomhaíochtaí ar an láthair laistigh de SAM. |
|
4.4. |
Leagtar amach cumhachtaí mhaoirseachta ÚFA (42) in AMLAR a mhéid a bhaineann le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid atá faoi mhaoirseacht dhíreach ag ÚFA, cumhachtaí a chuirtear leis na cumhachtaí maoirseachta a bheidh le fáil ag maoirseoirí náisiúnta AML/CFT uile de bhun AMLD6 (43). Beidh ÚFA in ann a cheangal ar údaráis maoirseachta airgeadais AML/CFT freisin, trí bhíthin treoracha, a gcumhachtaí a fheidhmiú, faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta, i gcás nach dtabharfar cumhachtaí den sórt sin do ÚFA le AMLAR. Tá scair bheag ag na cumhachtaí sin ar chumhachtaí BCE faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus, ar bhonn ginearálta, ar chumhachtaí maoirseoirí stuamachta faoi Threoir 2013/36/AE, mar shampla, an chumhacht gnó, oibríochtaí nó líonra na n-eintiteas faoi mhaoirseacht a shrianadh nó a theorannú (44), nó an chumhacht a cheangal go ndéanfar athruithe ar chomhlacht bainistíochta an eintitis faoi mhaoirseacht (45). Tá forluí áirithe ann cheana féin maidir le cumhachtaí maoirseoirí AML/CFT faoi Threoir (AE) 2015/849 agus faoin reachtaíocht náisiúnta cur chun feidhme. As siocair an fhorluí i gcumhachtaí maoirseachta sin, ceanglaítear ar mhaoirseoirí stuamachta agus maoirseoirí AML/CFT dul i gcomhar le chéile chun coinbhleachtaí agus iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint, lena n-áirítear carnadh neamh-chomhordaithe beart maoirseachta a dhíreofaí chuig an institiúid creidmheasa chéanna. Tá BCE ullamh chun dul i gcomhar le ÚFA agus le maoirseoirí náisiúnta AML/CFT i ndáil leis sin. Thairis sin, tá sé tábhachtach a áirithiú, sula bhforchuirfear pionóis agus bearta riaracháin ar eintitis faoi oibleagáid atá faoi réir maoirseacht ag údaráis eile freisin, go gcomhordóidh ÚFA a ghníomhaíochtaí maoirseachta leis na húdaráis ábhartha eile, agus go háirithe leis na maoirseoirí ábhartha stuamachta ar institiúidí creidmheasa i gcás ina ndéanfadh na gníomhaíochtaí maoirseachta sin difear do na hinstitiúidí sin. I dtuairim leithleach dírithe chuig AMLD6, molann BCE, dá bhrí sin, AMLD6 a leasú chun teorainn a chur leis na hiarmhairtí neamh-inmhianaithe a ghabhfadh le cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú gan chomhordú i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid céanna. Ag féachaint d’fhorálacha ábhartha AMLR1, AMLD6 agus AMLAR (46), tuigeann BCE go mbeadh feidhm ag an gceanglas comhordúcháin sin a leagtar amach in AMLD6 maidir le maoirseoirí náisiúnta AML/CFT agus le ÚFA araon. |
|
4.5. |
Maidir leis an ról maoirseachta indírí atá ag ÚFA, is díol sásaimh do BCE an moladh go gcuirfí de chúram ar ÚFA maoirseacht indíreach a dhéanamh ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid, toisc go rannchuideofar leis an gcóineasú maoirseachta dá thairbhe sin, agus go gceadófar freisin do ÚFA a iarraidh ar mhaoirseoir náisiúnta airgeadais AML/CFT dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta in imthosca eisceachtúla. Cuirtear ar a chumas do ÚFA freisin le AMLAR a iarraidh ar an gCoimisiún, i gcásanna atá sainithe go soiléir, aistriú cumhachtaí maoirseachta ar eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a údarú ó mhaoirseoir airgeadais náisiúnta AML/CFT chuig ÚFA (47). Ní cheadaítear do ÚFA iarraidh den sórt sin a dhéanamh chuig an gCoimisiún ach amháin mura gcomhlíonfaidh an maoirseoir náisiúnta AML/CFT iarraidh ó ÚFA cinneadh atá dírithe chuig eintiteas faoi oibleagáid a ghlacadh. Cé go bhféadfadh cásanna a bheith ann sa chleachtas ina gcomhaontódh an maoirseoir náisiúnta AML/CFT agus ÚFA ar aistriú cumhachtaí maoirseachta, ní fhoráiltear nós imeachta don aistriú sin in AMLAR ach amháin má bhíonn an neamhchomhlíonadh thuasluaite sin an mhaoirseora náisiúnta AML/CFT ann. I ndáil leis sin, tugann BCE dá aire go gcuirtear san áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (i gcás BCE) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48) (i gcás an Bhoird Réitigh Aonair) araon cumhachtaí maoirseachta a ghabhadh freisin ar iarraidh ón údarás náisiúnta lena mbaineann (49). Ba cheart an deis sin a chur ar fáil freisin laistigh den chóras maoirseachta AML/CFT go ceann tréimhse suas le trí bliana. Má ionchorpraítear an rogha sin in AMLAR, bheadh gá le hanailís a dhéanamh ar rannpháirtíocht iomchuí an Choimisiúin sa phróiseas sin, agus na teorainneacha a fhorchuirtear le foirceadal Meroni (50) á gcur san áireamh, inter alia. |
|
4.6. |
Is díol sásaimh do BCE an raon leathan cumhachtaí agus uirlisí atá beartaithe do ÚFA chun a fheidhm mhaoirseachta a chomhlíonadh agus chun ardchaighdeáin mhaoirseachta a áirithiú ar fud an Aontais. Tugann BCE dá aire nach n-áirítear roinnt uirlisí i sraith straitéisí maoirseachta ÚFA i réimse bhailiú na faisnéise maidir le heintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid, uirlisí a bhfuil fáil ag BCE orthu i dtaca le faisnéis a bhailiú i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas. |
|
4.7. |
Ar feadh na taithí atá ag BCE, is gá an chothromaíocht a chothú idir cóineasú maoirseachta agus maoirseacht a bhaineann go sonrach le hinstitiúid, chun maoirseacht éifeachtach a bheith ann. Is uirlis chumhachtach í an mhaoirseacht a bhaineann go sonrach le hinstitiúid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcur chuige maoirseachta atá i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla agus chun ligean don mhaoirseoir indíreach idirghabháil a dhéanamh go tráthúil nuair is gá. Tugann BCE dá aire go gceanglaítear ar mhaoirseoirí airgeadais, faoi AMLAR, faisnéis a chur ar fáil do ÚFA faoi na heintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid i líon an-teoranta cásanna (51). |
|
4.8. |
Ba mhaith le BCE a thaithí ar leagan amach na maoirseachta ar institiúidí ar lú a suntas laistigh de SAM a roinnt. De bharr an chreata, bunaítear an deis do BCE catagóirí institiúidí ar lú a suntas a chruthú de réir an mhéid riosca agus an tionchair a bhaineann leo, agus an deis a chur ina cheangal ar na húdaráis náisiúnta inniúla leibhéil éagsúla faisnéise a sholáthar (e.g. fógraí ex-ante le haghaidh institiúidí ardtosaíochta ar lú a suntas amháin, cé go dtagann gach institiúid ar lú a suntas faoi raon feidhme an tuairiscithe bhliantúil ex-post agus an fhógra faoi mheath airgeadais). Féadann an fheidhm mhaoirseachta a bheith comhréireach agus acmhainní a dhíriú ar na cásanna is criticiúla de thairbhe an chur chuige sin. Is cuidiúil freisin sraith íosta faisnéise faoi gach institiúid ar lú a suntas a thuairisciú gach bliain chun freagrachtaí formhaoirseachta a chomhlíonadh (e.g. i gcás athbhreithnithe cothrománacha, measúnú a dhéanamh ar chásanna a bhaineann go sonrach le hinstitiúid nó idirphlé ar bhonn eolais a bheith ann le húdaráis náisiúnta inniúla). Lena chois sin, ghlac BCE páirt i roinnt cigireachtaí ar an láthair a bhain le hinstitiúidí ar lú a suntas, chun tacú tuilleadh le feidhmiú a fheidhme formhaoirseachta. |
|
4.9. |
Ceanglaítear ar mhaoirseoirí airgeadais faoi AMLAR (52) fógra a thabhairt do ÚFA má thagann meath tapa suntasach ar staid aon eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid. Ós rud é gur measartha cúng carnach na critéir sin, má bhíonn eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ag dul in olcas go suntasach, ach ní go tapa, nó má bhíonn staid phráinneach ann nach mór aird láithreach a thabhairt uirthi ach gan meath tapa suntasach a bheith ann (mar shampla, i gcás ina sainaithnítear sáruithe suntasacha fadtéarmacha), ní bheadh fógra den sórt sin do ÚFA mar thoradh air sin. |
|
4.10. |
Ceapadh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin ar ÚFA in AMLAR (53) ar an gcaoi chéanna leis an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Tugann BCE dá aire go bhfuil cineálacha cur chuige eile a d’fhéadfadh a bheith ann diomaite den tsamhail sin, amhail an tsamhail a úsáidtear laistigh de ÚBE, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ÚEÁPC agus an Bord Réitigh Aonair, áit a nglacfaidh na comhlachtaí achomhairc, inter alia, cinntí atá ceangailteach ar na comhlachtaí faoi seach a ghlacfaidh na cinntí athbhreithnithe deiridh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith le leas dhearadh an réitigh sin is oiriúnaí do ÚFA comparáid a dhéanamh idir an taithí a fuarthas ó fheidhmiú na samhlacha go léir. |
|
4.11. |
I gcás ina n-áireofar ar idirghabháil mhaoirseachta ÚFA treoracha nó iarrataí ar údaráis náisiúnta, d’fhéadfadh sé gur tosca tábhachtacha iad na difríochtaí idir a gcumhachtaí agus a n-oibleagáidí faoi seach faoi na creataí dlí náisiúnta a eascraíonn, inter alia, as dlíthe náisiúnta riaracháin. I gcásanna den sórt sin, bhainfeadh ÚFA tairbhe as cúnamh na n-údarás náisiúnta chun anailís a dhéanamh ar éifeachtaí agus ar theorainneacha na dtreoracha sin, lena n-áirítear dliteanas neamhchonarthach féideartha na n-údarás a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta a dhéanamh. Tuigeann BCE go dtiocfadh an cúnamh sin faoi na forálacha ginearálta maidir le comhar atá in AMLAR (54). |
5. Struchtúr rialachais ÚFA agus socruithe leanúnachais
|
5.1. |
Dhá chomhdhéanamh a bheidh ar Bhord Ginearálta ÚFA – comhdhéanamh na maoirseachta agus comhdhéanamh an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (55). Ceanglaítear ar an mBord Ginearálta, agus é ar chomhdhéanamh na maoirseachta, ionadaí de chuid BCE a ainmneoidh Bord Maoirseachta BCE agus ionadaí ó gach ceann de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a ligean isteach freisin, ina mbreathnóirí, i gcás ina bpléifear cúrsaí a thiocfaidh faoi raon feidhme a sainorduithe faoi seach. |
|
5.2. |
Is díol sásaimh do BCE an fhoráil sin, toisc go n-éascófar léi an idirghníomhaíocht is gá idir AML/CFT agus rialáil agus maoirseacht stuamachta. Rannchuidíonn BCE le hobair Bhuanchoiste AML/CFT laistigh de ÚBE faoi láthair, ó thaobh na maoirseachta stuamachta de (56). Tuigeann BCE faoi mar atá cúrsaí praiticiúla, go dtiocfaidh a ról breathnóra in ÚFA in ionad an róil breathnóra atá aige faoi láthair i mBuanchoiste AML/CFT, cionn is go dtiocfaidh deireadh le Buanchoiste AML/CFT (57). I dtaca leis sin, ba cheart AMLAR (58) a leasú ionas go dtagrófar do “ionadaí de chuid BCE” ann, seachas do “ionadaí a ainmneoidh Bord Maoirseachta BCE”. Aithníonn BCE gur ar an bhfoclaíocht a úsáideadh cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (59) atá an fhoclaíocht a úsáidtear san fhoráil seo bunaithe. Mar sin féin, maidir le rannpháirtíocht comhlachtaí sonracha de chuid BCE sa phróiseas lena n-ainmnítear ionadaithe ó BCE, is ábhar é sin a bhaineann le cumhachtaí na gcomhlachtaí sin a chinntear go háirithe sna Conarthaí, i Reacht CEBC agus i Reacht BCE agus i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus dá bhrí sin, is ceist é a bhaineann le heagrú inmheánach BCE. Ní den iomchuibheas é go gcuirfí isteach ar eagrú inmheánach BCE le AMLAR trí chinneadh a dhéanamh maidir le cén comhlacht de chuid BCE ba cheart a bheith freagrach as a ionadaí a ainmniú. |
|
5.3. |
Is díol sásaimh do BCE freisin go mbeidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Europol, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh san áireamh freisin i mBord Ginearálta ÚFA agus e ar chomhdhéanamh an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, agus go n-áirítear le AMLAR ceanglas ar ÚFA go rachaidh sé i gcomhar leis na comhlachtaí sin de chuid an Aontais (60). Is céim thábhachtach chun cinn é, go háirithe chun an choireacht eagraithe a chomhrac, an comhar feabhsaithe idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus comhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil sainorduithe acu a bhaineann leis an dlí coiriúil, ar comhar é a bhfuil ÚFA ceaptha tús a chur leis.
I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chuige sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Feabhra 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2021) 421 final.
(2) COM(2021) 420 final.
(3) COM(2021) 423 final.
(4) COM(2021) 422 final.
(5) Féach Tuairim CON/2005/2 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Feabhra 2005 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thogra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoireachta (IO C 40, 17.2.2005, lch. 9), Tuairim CON/2013/32 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Bealtaine 2013 ar thogra le haghaidh treoir maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus ar thogra le haghaidh rialachán maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO C 166, 12.6.2013, lch. 2), Tuairim CON/2016/49 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Deireadh Fómhair 2016 ar thogra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE (IO C 459, 9.12.2016, lch. 3) agus Tuairim CON/2018/55 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2018 ar thogra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus gníomhartha dlí gaolmhara (IO C 37, 30.1.2019, lch. 1). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.
(6) Féach mír 1.1 de Thuairim CON/2018/55 ón mBanc Ceannais Eorpach.
(7) Féach Airteagal 117(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(8) Féach Airteagail 12 agus 13 de AMLAR.
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(10) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16) de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhar laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe (Creat-Rialachán SAM) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1).
(11) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3) de Chreat-Rialachán SAM.
(12) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Chreat-Rialachán SAM.
(13) Féach Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
(14) Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).
(15) Féach Airteagal 88 de AMLAR.
(16) Féach Airteagal 78 de AMLAR.
(17) Féach Airteagal 2 de AMLAR.
(18) Féach Airteagal 78(1) de AMLAR.
(19) Féach Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
(20) Féach Airteagal 117(5) de Threoir 2013/36/AE.
(21) Féach Airteagal 11 agus Airteagal 78(3) de AMLAR.
(22) Féach Airteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2020, lch. 12).
(23) Féach Airteagal 9a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
(24) Féach Airteagal 11(1), ina dtagraítear do mhaoirseoirí AML/CFT airgeadais amháin, agus d’Airteagal 11(4) AMLAR.
(25) Féach Airteagal 11(4) de AMLAR.
(26) Féach Airteagal 11(2) de AMLAR.
(27) Féach Airteagal 11(2)(d) de AMLAR.
(28) Féach Airteagal 117(5) de Threoir 2013/36/AE.
(29) Féach Airteagal 48(1) de AMLD6.
(30) Féach Airteagal 78(2) de AMLAR.
(31) Féach an Comhaontú iltaobhach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 57a(2) de Threoir (AE) 2015/849.
(32) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(33) Féach Airteagal 78(3) de AMLAR.
(34) Féach Airteagail 33 go 37 de AMLAR.
(35) Féach Airteagal 75 de AMLAR.
(36) Féach Airteagal 77(1) de AMLAR.
(37) Féach Airteagal 77(2) de AMLAR.
(38) Féach Airteagal 15 de AMLAR.
(39) Féach Airteagal 15(2) de AMLAR.
(40) Sainmhínítear an téarma “údarás náisiúnta inniúil” in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
(41) I gcomhthéacs SAM, is feidhm shonrach í maoirseacht ar an láthair (i.e. cigireachtaí) a oibrítear trí struchtúir thiomnaithe sa Bhanc Ceannais Eorpach agus sna húdaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear “misin” ad hoc le haghaidh gach cigireachta, agus bíonn scileanna sonracha ag teastáil ó bhaill foirne agus ní mór iad a bheith faoi réir (tréimhsí fada i bhfad ón oifig/ón mbaile). Chun ord méide a thabhairt, i gcás institiúidí suntasacha, déantar thart ar 40 % den choibhéis lánaimseartha a shanntar do mhaoirseacht lasmuigh den láthair (trí chomhfhoirne maoirseachta) a thiomnú in SAM ina iomláine don fheidhm shonrach sin ar an láthair.
(42) Féach Airteagal 20 de AMLAR.
(43) Féach Airteagal 41 de AMLD6.
(44) Féach Airteagal 20(2)(d) de AMLAR.
(45) Féach Airteagal 41(1)(f) de AMLD6.
(46) Féach go háirithe Airteagal 20(3) de AMLAR ina bhforáiltear maidir leis na cumhachtaí atá ag údaráis mhaoirseachta agus na hoibleagáidí atá orthu faoi dhlí ábhartha an Aontais, go bhfuil na cumhachtaí sin ag ÚFA agus na hoibleagáidí sin air freisin.
(47) Féach Airteagal 30 de AMLAR.
(48) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(49) Féach Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Airteagal 7(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
(50) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Meitheamh 1958, Meroni v High Authority, C-9/56, ECLI:EU:C:1958:7; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Bealtaine 1981, Romano, C-98/80, ECLI:EU:C:1981:104; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2005, Alliance for Natural Health and Others, C-154/04 agus C-155/04, ECLI:EU:C:2005:449; agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-270/12, ECLI:EU:C:2014:18.
(51) Féach Airteagail 29 agus 30 de AMLAR.
(52) Féach Airteagal 30(1) de AMLAR.
(53) Féach Airteagail 60 go 63 de AMLAR.
(54) Féach Airteagal 7(2) do gach cás, agus Airteagal 14(2) maidir le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.
(55) Féach Airteagal 46 de AMLAR.
(56) Féach Airteagal 9a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
(57) Féach Airteagal 86 de AMLAR (lena n-aisghairtear Airteagal 9a, Airteagal 9b agus roinnt forálacha eile de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010).
(58) Féach Airteagal 46(4) de AMLAR.
(59) Féach Airteagal 9a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
(60) Féach Airteagal 80 de AMLAR.