14.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 504/10


Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2021)

(2021/C 504 I/02)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ DÓIBH:

1.

Sa rún Council Resolution on a framework for European cooperation in the youth field: The European Union Youth Strategy 2019-2027 [Rún ón gComhairle maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027], iarrtar ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh gach 3 bliana.

AG FÉACHAINT DON MHÉID A LEANAS:

2.

Sa chéad tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2021) (an Tuarascáil) mar aon leis na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann léi, cumhdaítear an chéad Phlean Oibre tríbhliantúil don Óige faoi Straitéis Óige reatha an Aontais Eorpaigh, a mhair ar feadh dhá thréimhse d’fhoireann trí uachtaránachta de chuid na Comhairle (RO-FI-HR agus DE-PT-SI).

3.

Tá an tuarascáil bunaithe inter alia ar an bhfaisnéis a sholáthar na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus ardán ar-líne Vicí don Óige, lena dtugtar forléargas cuimsitheach ar bheartais náisiúnta don óige i 32 thír san Eoraip.

4.

Chun staid fhoriomlán daoine óga san Aontas a chur i láthair, baineadh úsáid as táscairí le haghaidh óige an Aontais le deais athbhreithnithe agus táscairí beartais cáilíochtúla agus cainníochtúla nua.

5.

Ba fhoinse bhreise faisnéise maidir le beartais náisiúnta don óige iad pleanálaithe gníomhaíochta náisiúnta a bheidh ann amach anseo (FNAPanna), lena n-áirítear Spriocanna Eorpacha don Óige agus riachtanais chomhair a chur chun feidhme i gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh.

IS DÍOL SÁSAIMH DÓIBH AN MÉID A LEANAS:

6.

Sa tuarascáil, i dteannta leis na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann léi, déantar measúnú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh do na blianta ó 2019 go 2021, agus cumhdaítear inti an chéad Phlean Oibre tríbhliantúil don Óige faoi Straitéis Óige reatha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear léargas cuimsitheach ar staid na ndaoine óga san Aontas.

CUIREANN SIAD I dTÁBHACHT:

7.

Blianta neamhthipiciúla a bhí ann in 2020 agus 2021, agus an phaindéim ag cur isteach go mór ar chur chun feidhme beartas óige, go háirithe ar thionscadail soghluaisteachta don óige. Dá bhrí sin, tá sé chun tosaigh ar chlár oibre an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát aghaidh a thabhairt ar thionchar na paindéime ar pháistí agus ar dhaoine óga ó thosaigh an ráig. Le bliain anuas, rinneadh cláir amhail Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a choigeartú chun freagairt ar na suaití trí réitigh mhalartacha a thairiscint dá ngníomhaíochtaí, go háirithe réitigh dhigiteacha.

8.

Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar chur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais sna blianta 2020 agus 2021. Níor mhór roinnt gníomhaíochtaí a áirítear i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Óige 2019-2021 a mhodhnú, a athsceidealú nó a chur ar ceal fiú. D’ainneoin go bhféadfadh earnáil na hóige brath ar na hionstraimí a forbraíodh le blianta beaga anuas, tharraing tionchar na paindéime aird air gur gá dul in oiriúint do chúinsí gan choinne, uirlisí den sórt sin a threisiú agus an comhar atá ann cheana a neartú. Chuir an phaindéim isteach go mór ar thionscadail soghluaisteachta don óige.

9.

De réir dealraimh is foinse inspioráide é an tAontas Eorpach do réigiúin eile ar fud an domhain ó thaobh beartais, cláir agus tionscnaimh a fhorbairt do dhaoine óga, go háirithe inár gcomharsanacht féin.

ADMHAÍONN SIAD AN MÉID A LEANAS:

10.

Maidir lena áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag gach Eorpach óg ar dheiseanna agus go dtabharfar an tacaíocht riachtanach dóibh le maireachtáil, le hobair, le foghlaim agus le rathú, tá an méid sin i gcónaí i gcroílár chomhar agus bheartais an Aontais Eorpaigh don óige. Is éard atá i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus Sprioc Eorpach don Óige, treochlár láidir mórthionchair lena gcothaítear comhar idir Ballstáit an Aontais agus lena dtacaítear le beartais don óige ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus atá, dá bhrí sin, ríthábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach.

11.

Le bunú an chreata láidir beartais, lena gcumasaítear malartú eolais agus foghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit, chomh maith le cistiú ó Erasmus+, ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus ó chláir eile de chuid an Aontais i dtreo na dtrí cholún straitéiseacha “Engage. Connect. Empower” [Dul i gcion ar dhaoine óga. Nascadh. Cumhachtú] beidh roinnt mhaith daoine óga san Eoraip in ann barr a gcumais a bhaint amach i ndáil lena bhforbairt phearsanta agus lena n-aistriú chuig an neamhspleáchas, cuirfidh sé lena n-athléimneacht agus tabharfar dóibh na scileanna is gá chun dul i ngleic le domhan atá ag athrú de shíor, agus a bheith réidh do na haistrithe glasa agus digiteacha, agus chun todhchaí níos gile agus níos cothroime a mhúnlú.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

12.

Saincheisteanna a bhaineann leis an óige a phríomhshruthú a thuilleadh, a áirithiú go n-éistfear leis na hábhair imní atá ag daoine óga agus go n-urramófar iad i gceapadh beartais an Aontais agus i gceapadh beartais náisiúnta agus go ndíreofar ar shineirgí agus ar chomhroinnt eolais níos fearr idir na réimsí éagsúla beartais ar gach leibhéal a bhfuil tionchar acu ar an óige.

13.

For-rochtain do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla, go háirithe do dhaoine óga nach bhfuil mórán deiseanna acu, daoine óga faoi mhíchumas agus do dhaoine óga ó limistéir thuaithe agus iargúlta, a fheabhsú a thuilleadh agus rannpháirtíocht daoine óga nach ó na samhlacha traidisiúnta ionadaíochta don óige iad a mhéadú.

14.

Próisis rannpháirtíochta na hóige a neartú a thuilleadh agus tús a chur le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige agus Phlean Oibre 2022-2024 do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh.

15.

Tacaíocht bhreise a thabhairt do phróisis agus tionscnaimh a spreag Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh lasmuigh den Aontas Eorpach, amhail Comhpháirtíocht an Oirthir nó sna Balcáin Thiar agus é d’aidhm acu dul i gcion ar dhaoine óga agus iad a nascadh agus a chumhachtú.

16.

Úsáid éifeachtach a bhaint as cláir agus cistí de chuid an Aontais amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Fís Eorpach, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste um Aistriú Cóir, etc. chun tacú le go leor réimsí beartais a bhfuil éifeacht acu ar dhaoine óga agus a dhíríonn ar athléimneacht agus téarnamh na hóige agus earnáil na hóige san aimsir iar-COVID.

17.

Bliain Eorpach na hÓige 2022 a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar bhealach marthanach chun daoine óga na hEorpa a spreagadh a thuilleadh chun ionchur agus léargais a thabhairt lena bhféadfar forbairt an Aontais agus na sochaí i gcoitinne a mhúnlú.

18.

Iarrachtaí a mhéadú ionas go mbeidh an óige rannpháirteach i bpríomhthionscnaimh Eorpacha, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an tionscnamh Bauhaus Nua Eorpach, lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna atá ábhartha do dhaoine óga agus dá dtodhchaí.