|
7.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 118/3 |
Fógra le tabhairt ar aird do na hábhair sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 356/2010 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
(2021/C 118 I/02)
Tugtar an fhaisnéis a leanas ar aird do na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2010/231/CBES (2) ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 ón gComhairle (5) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile.
Is í Roinn RELEX.1.C in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
|
Council of the European Union |
|
General Secretariat |
|
RELEX.1.C |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2010/231/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560, agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile.
Is iad na hábhair sonraí na daoine nádúrtha sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2010/231/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú cheart na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.
(3) IO L 115 I, 6.4.2021, p. 3