|
29.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 246/24 |
Ceartúchán ar Fhógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht theicniúil maidir le díonadh an bhonneagair ó thaobh na haeráide de sa tréimhse 2021-2027
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 373 an 16 Meán Fómhair 2021 )
(2022/C 246/09)
Ar leathanach 1, sa séanadh, an ceathrú mír,
in ionad:
“Meastar freisin gur tagairt ábhartha í an treoraíocht le haghaidh dhíonadh an bhonneagair ó thaobh na haeráide de faoi Airteagal 2(37) agus Airteagal 67(3) j) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC)) agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.”,
léitear:
“Meastar freisin gur tagairt ábhartha í an treoraíocht le haghaidh dhíonadh an bhonneagair ó thaobh na haeráide de faoi Airteagal 2(37) agus Airteagal 67(3) j) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC)) agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin, agus le haghaidh díonadh ó thaobh na haeráide de faoi Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).”.
Ar leathanach 13, i bhfonóta 10,
in ionad:
“Ainmnítear bonneagar áirithe mar ‘bhonneagar criticiúil’ i gcomhréir le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 7), a bhfuil an sainmhíniú seo a leanas san áireamh inti. Is féidir an treoraíocht seo maidir le díonadh ó thaobh na haeráide de a chur i bhfeidhm maidir le bonneagar gan beann ar cibé acu a ainmnítear nó nach n-ainmnítear é mar ‘bhonneagar criticiúil’.”,
léitear:
“Ainmnítear bonneagar áirithe mar ‘bhonneagar criticiúil’ i gcomhréir le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 7). Is féidir an treoraíocht seo maidir le díonadh ó thaobh na haeráide de a chur i bhfeidhm maidir le bonneagar gan beann ar cibé acu a ainmnítear nó nach n-ainmnítear é mar ‘bhonneagar criticiúil’.”.