|
19.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 333/1 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh
(2021/C 333 I/01)
De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:
Ar leathanach 347:
Cuirtear isteach an téacs agus na grianghraif seo a leanas:
|
“8505 11 00 go 8505 19 90 |
Buanmhaighnéid agus earraí a bhfuil sé beartaithe buanmhaighnéid a dhéanamh díbh tar éis a maighnéadaithe Áirítear faoi na fo-cheannteidil seo maighnéid chuisneora arb é atá iontu maighnéad a bhfuil earra maisiúil ceangailte de. Is é an maighnéad is saintréith do na táirgí ilchodacha de réir bhrí RLG 3 (b), toisc gur dearadh é go príomha ar dhóigh gur féidir é a ghreamú go héasca de dhromchla miotail agus a bhogadh timpeall ar an dromchla sin agus, a mhéid a bhaineann leis an chuid is mó de na maighnéid sin, ar dhóigh gur féidir páipéar nó earraí beaga eile a ghreamú de dhromchla miotail. Dá bhrí sin, is feidhm thánaisteach í feidhm mhaisiúcháin an earra. Samplaí de roinnt de na maighnéid chuisneora mhaisiúla:
Tuairim is 6 cm x 6 cm x 5 cm is toise dó
Tuairim is 7 cm x 9 cm x 2 cm is toise dó
Tuairim is 8 cm x 8 cm x 2 cm is toise dó
Tuairim is 8 cm x 6,5 cm x 1 cm is toise dó
Tuairim is 5,5 cm x 8 cm x 1 cm is toise dó
Tuairim is 2 cm x 1,5 cm x 0,5 cm is toise dó Sna trí shampla seo a leanas, cé go bhfuil an maighnéad beag i gcomparáid le méid an mhaisiúcháin, tá an maighnéad láidir go leor chun an maisiúchán an-éadrom a ghreamú de dhromchla miotail.
Ní áirítear leis na fo-cheannteidil seo: Maighnéid chuisneora atá ceangailte d’earra fóntais. Is mar earra fóntais (osclóir buidéal, féilire, coimeádóir ama, pionna éadaigh, mar shampla) is féidir a ghreamú de dhromchla miotail a dearadh an táirge. Tá feidhm dá chuid féin ag an earra fóntais (buidéal a oscailt, an dáta nó an t-am a thaispeáint, mar shampla). Is é an t-earra fóntais is saintréith do na táirgí ilchodacha de réir bhrí RLG 3 (b), toisc nach bhfuil ag an maighnéad ach ról tacúil (i.e. táirge fóntais a ghreamú de dhromchla miotail). Samplaí de roinnt de na hearraí sin:
|
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).