|
5.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 76/24 |
Ráig COVID – 19
(Rialachán (AE) 2021/267 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus le síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (1).)
(2021/C 76 I/14)
an Ungáir
Dáta na faisnéise le haghaidh an Choimisiúin: 1.3.2021
Chinn an Ungáir, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/267 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nach gcuirfidh sé an fhoráil nó na forálacha seo a leanas i bhfeidhm:
|
— |
Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE (2); |
|
— |
Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE; |
|
— |
Airteagal 12(1) maidir leis na teorainneacha ama chun athbhreithniú rialta a fheidhmiú faoi Threoir 2012/34/AE (3); |
|
— |
Airteagal 12(2) maidir le bailíocht ceadúnas sealadach faoi Threoir 2012/34/AE; |
(2) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).
(3) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).