An Bhruiséil,14.7.2021

SWD(2021) 634 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

{COM(2021) 561 final} - {SEC(2021) 561 final} - {SWD(2021) 633 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialacháin maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

De bharr go bhfuil sé fíor-riachtanach cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun san aeriompar, mhéadaigh astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil aeriompair ó thús na 1990idí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus meastar go méadóidh siad tuilleadh faoi 2050. Toisc gur ghlac an tAontas spriocanna uaillmhianacha aeráide le haghaidh 2030 agus 2050, ní mór don aeriompar dlús a chur lena dhícharbónú. Tá roghanna teoranta ag an earnáil, áfach, chun a lorg carbóin a laghdú, go háirithe i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus an easpa teicneolaíochtaí breosla malartaigh atá aibí agus iomaíoch ó thaobh praghais de. Mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 ón gCoimisiún, d’fhéadfadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAFanna) cuidiú go mór le dícharbónú na hearnála. Tá SAFanna inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta de agus tá siad comhoiriúnach le teicneolaíocht aerárthaí agus bonneagar breoslaithe atá ann cheana. Tá an margadh SAFanna neamhghníomhach, áfach, toisc go bhfuil (i) an táirgeadh íseal agus (ii) éileamh íseal ar SAFanna. Tá sin amhlaidh mar gheall ar (a) dúshláin thionsclaíocha agus tráchtála lena n‑áirítear costais arda táirgeachta agus éileamh iomaíoch ar amhábhair agus leictreachas in-athnuaite, (b) na hinfheistíochtaí ardriosca is gá chun an táirgeadh a mhéadú agus (c) an creat rialála agus buiséadach atá i bhfeidhm nach n‑éascaíonn glacadh SAFanna, iad sin ar fad i gcomhthéacs an mhargaidh aeriompair atá an-iomaíoch.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é is cuspóir ginearálta don tionscnamh seo cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh aeriompair agus astaíochtaí CO2 ón eitlíocht a laghdú i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais le haghaidh 2030 agus 2050, ach aistriú ó bhreosla iontaise eitlíochta agus leas a bhaint as an bpoitéinseal mór dícharbónaithe a bhaineann le SAFanna, trí mhargadh iomaíoch a bhunú le haghaidh SAFanna agus cothrom iomaíochta san eitlíocht a áirithiú san am céanna. Ar thaobh amháin, ciallaíonn sin (i) táirgeadh agus soláthar SAFanna ar mhórscála ar chostais iomaíocha a bhaint amach; acmhainneacht táirgeachta atá ann cheana a bharrfheabhsú agus borradh a chur faoi mhonarchana nua SAFanna a fhorbairt san Aontas; agus costais táirgeachta a ísliú trí bhíthin barainneachtaí scála agus éifeachtaí foghlama. Ar an taobh eile, ciallaíonn sin (ii) glacadh leanúnach diaidh ar ndiaidh SAFanna ag aerlínte a bhaint amach; rioscaí a bhaineann le sceitheadh carbóin a mhaolú agus a áirithiú go mbíonn rochtain ag aerlínte ar an margadh SAFanna ar bhonn cothroim iomaíochta.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Is margadh thar a bheith comhtháite í an eitlíocht atá ag oibriú i ndiminsean gréasáin ar fud an Aontais ina iomláine. Is cuid dhílis den aeriompar an ghné trasteorann, rud a fhágann gur bac suntasach le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha é aon chreat rialála ilroinnte. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí neamhbheartaithe fritorthúil mar thoradh ar mheascán beart náisiúnta. Tá gné trasteorann ag baint leis na hastaíochtaí CO2 ón eitlíocht agus dá bhrí sin, ní féidir aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil amháin. Is dóichí go mbainfear cuspóirí aeráide an Aontais amach go héifeachtach má shocraítear an beartas ar leibhéal an Aontais. Ar deireadh, is fearr aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir i ndáil le méadú a chur ar tháirgeadh agus ar sholáthar SAFanna ar leibhéal an Aontais, mar go bhfuil an earnáil fuinnimh comhtháite go mór leis na gníomhaithe margaidh a oibríonn ar fud an Aontais den chuid is mo.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Tá na bearta atá beartaithe bunaithe ar cheanglas rialála maidir le cothrom iomaíochta san aeriompar agus oibleagáid SAF a áirithiú. Soláthraítear leis na roghanna beartais bealaí difriúla chun an oibleagáid a cheapadh. Áirítear leis an gcéad tacar Roghanna (A1 agus A2) oibleagáid a chur ar sholáthraithe breosla SAFanna a dháileadh ag aerfoirt uile an Aontais. Áirítear leis an dara tacar Roghanna (B1 agus B2) oibleagáid a chur ar aerlínte SAFanna a ghlacadh nuair a eitlíonn siad ó aerfoirt san Aontas (cumhdaítear na eitiltí ar fad le B1, cumhdaítear eitiltí laistigh den Aontas le B2). Ar deireadh, airítear leis an tríú tacar Roghanna (C1 agus C2) oibleagáid a chur ar sholáthraithe breosla SAFanna a dháileadh agus roinnt solúbthachta a bheith ann ag an tús agus oibleagáid a chur ar aerlínte breosla eitlíochta a ghlacadh sula n‑imíonn siad ó aerfoirt san Aontas. Ceaptar na spriocanna i dtéarmaí toirteanna SAFanna le haghaidh roghanna A1, B1, B2 agus C1 agus i dtéarmaí laghdaithe déine CO2 i mbreoslaí eitlíochta le haghaidh A2 agus C2. Áirítear dreasachtaí chun tacú le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch leis na roghanna ar fad 1 . Gabhann bearta tionlacain leis na roghanna ar fad, nach dtagann faoi raon feidhme an tionscnaimh seo. Áirítear leo sin gníomhaíocht Eorpach ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a threisiú chun spriocanna domhanda úsáidte SAF a bhunú, cistiú a threorú i dtreo SAFanna a chur in úsáid, comhghuaillíocht straitéiseach a bhunú chun tacú le Breoslaí In-athnuaite agus le Breoslaí Ísealcharbóin agus an próiseas deimhniúcháin SAFanna a éascú. Féadfaidh píosaí eile de chreat rialála an Aontais atá á athbhreithniú faoi láthair (e.g. EU ETS, ETD agus RED 2 ) tacú tuilleadh le SAFanna a chur in úsáid. Is iad Roghanna C1 agus C2 na roghanna tosaíochta mar gur féidir táirgeadh agus glacadh SAFanna a mhéadú go suntasach leo i gcomhréir leis an uaillmhian aeráide ar bhealach nach mbíonn ach saobhadh margaidh agus sceitheadh carbóin fíorbheag mar thoradh air agus atá éifeachtach ó thaobh costais de .

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Tacaíonn formhór mór na ngeallsealbhóirí sna tionscail eitlíochta agus breosla, na mBallstát agus ENRanna le hoibleagáid SAF a bhunú mar shásra éifeachtach beartais chun borradh a chur faoi tháirgeadh agus faoi ghlacadh SAFanna agus chun earnáil na heitlíochta a dhícharbónú go rathúil. Níl na páirtithe leasmhara ar aon fhocal maidir le dearadh sonrach na rogha ach tacaíonn formhór na soláthraithe breosla, na mBallstáit, ENRanna agus roinnt aerlínte le hoibleagáid a chur ar thaobh an tsoláthair lena ngabhann solúbthacht maidir le breoslaí a dháileadh agus lena gcumhdaítear breoslaí eitlíochta a sholáthraítear le haghaidh na n‑eitiltí ar fad a imíonn ó aerfoirt an Aontais. Ag an am céanna, tuigeann formhór na ngeallsealbhóirí go bhfuil gá le bearta chun sceitheadh carbóin agus saobhadh sa mhargadh inmheánach eitlíochta a chosc. Tacaíonn formhór na ngeallsealbhóirí le dreasachtaí sonracha chun tacú le RFNBOnna. Áirítear na bearta sin ar fad leis na Roghanna Tosaíochta C1 agus C2.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta?

Tiocfaidh laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 tobar-go-sciathán san earnáil eitlíochta as Roghanna Tosaíochta C1 agus C2, i.e. tuairim agus 60-61 % faoi 2050, i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Laghdófar astaíochtaí truailleán aeir faoi tuairim agus 9 % faoi 2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Ar an iomlán, laghdófar costais chomhshaoil na heitlíochta (a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir) faoi tuairim agus €87-88 billiún i gcomparáid leis an mbunlíne, arna sloinneadh mar luach reatha thar thréimhse 2021-2050. Méadófar acmhainneacht táirgeachta le haghaidh SAFanna faoi 25.5-25.6 Mt breise faoi 2050. Mar gheall ar theacht chun cinn SAFanna ar an margadh, laghdófar spleáchas na heitlíochta ar bhreosla iontaise eitlíochta agus tiocfaidh laghdú 65 % ar an ídiú faoi 2050 i gcomparáid leis an mbunlíne. Feabhsófar slándáil fuinnimh an Aontais de réir mar a laghdaítear allmhairí fuinnimh iontaise ó thríú tíortha agus de réir mar a fhoinseofar amhábhair agus leictreachas in-athnuaite taobh istigh den Aontas chun SAFanna a tháirgeadh (SAFanna a tháirgfear san Aontas a bheidh i gceist le 92 % den úsáid iomlán SAFanna in 2050). Faoi roghanna tosaíochta C1 agus C2, tiocfaidh líon mór teicneolaíochtaí SAF lena ngabhfaidh an acmhainneacht is mó dícharbónaithe chun cinn ar an margadh níos luaithe ná mar a tharlódh mura ndéanfaí gníomhaíocht beartais. Laghdófar praghsanna SAFanna i gcomparáid leis na meastacháin reatha rud a chuideoidh leis an mbearna phraghais idir iad agus breosla iontaise eitlíochta a laghdú le himeacht ama. Tiocfaidh cruthú glan post san Aontas as Roghanna Tosaíochta C1 agus C2, i.e. tuairim agus 202,100 post breise i gcomparáid leis an mbunlíne. Ar deireadh, beidh éifeachtaí dearfacha ag an laghdú ar thruailliú aeir ar an tsláinte phoiblí (i.e. laghdófar costais sheachtracha a eascraíonn as an truailliú aeir faoi tuairim agus €1.5 billiún thar thréimhse 2021 go 2050, i gcomparáid leis an mbunlíne).

Cad iad costais na rogha tosaíochta? 

Ar an iomlán, beidh méadú ar chostais mar thoradh ar Roghanna Tosaíochta C1 agus C2, méadú de €20.3 billiún (C1) agus €14.6 billiún (C2) i gcoibhneas leis an mbunlíne thar an tréimhse 2021 go 2050. Is méadú ar chostas breosla eitlíochta i gcoibhneas leis an mbunlíne is mó is cúis leis na costais sin i.e. €103.5 billiún (C1) agus €88.2 billiún (C2), arna sloinneadh mar luach reatha thar 2021-2050. Feicfear an méadú ar chostas breoslaí i dtáillí eitilte, a mheastar a dtiocfaidh méadú 8.1-8.2 % orthu faoi 2050. Tiocfaidh laghdú beag ar ghníomhaíocht iomlán aeriompair paisinéirí i gcoibhneas leis an mbunlíne mar gheall ar tháillí eitilte a bheith níos airde, cé go mbeidh fás 77 % fós ann faoi 2050 i gcoibhneas le 2015. I ngeall air sin, beidh costais níos ísle caipitil agus oibríochta ann le haghaidh an aeriompair i gcoibhneas leis an mbunlíne, i.e. faoi €84 billiún (C1) agus €74.5 billiún (C2). Beidh €0.19 billiún (C1 agus C2) sna costais bhreise lóistíochta. Tabhóidh aerlínte méadú €0.34 billiún (C1 agus C2) ar chostais tuairiscithe freisin i gcoibhneas leis an mbunlíne, arna shloinneadh mar luach reatha thar 2021-2050. Maidir le táirgeoirí SAFanna, meastar go mbeidh tuairim agus €10.4-10.5 billiún sna na riachtanais infheistíochta thar an tréimhse 2021 go 2050. Go deimhin, ní mór 104 go 106 monarcha bhreise a thógáil san Aontas faoi 2050 chun freastal ar an acmhainneacht táirgeachta SAFanna is gá.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Is dóichí nach mbeidh ach tionchar an-bheag ag an tionscnamh seo ar ghnólachtaí, ar FBManna agus ar mhicrifhiontair agus tá sé deacair an tionchar sin a thuar. Ní dhearnadh aon mheasúnú mionsonraithe.

An imreofar tionchar suntasach  ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

De bhrí go mbraitheann an tionscnamh seo cuid mhór ar phróisis riaracháin agus forfheidhmithe atá i bhfeidhm cheana faoi chreataí rialála eile de chuid an Aontais, tabhaíonn na húdaráis méadú de €0.27 billiún (C1 agus C2) ar chostais riaracháin. Comhfhreagraíonn sin do chostais níos airde le haghaidh na mBallstát, i.e. €264 milliún agus le haghaidh údaráis an Aontais €2.7 milliún.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Níl coinne le tionchar suntasach eile.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar meastóireacht ar an mbeartas i ndiaidh tréimhse leordhóthanach tar éis an togra a ghlacadh chun go mbeidh na bearta éifeachtach agus chun go dtiocfaidh tionchair astu. Mura dtagann saincheisteanna cur chun feidhme chun cinn, ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta.

(1)

     Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna) mar a shainítear sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 iad. Gairtear ‘leictribhreoslaí’ nó ‘Cumhacht-go-Leacht’ díobh de ghnáth.

(2)

     Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite.