An Bhruiséil,15.12.2021

SWD(2021) 460 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh

{COM(2021) 805 final} - {SEC(2021) 432 final} - {SWD(2021) 459 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh gníomh reachtach chun astaíochtaí meatáin in earnáil na hola, in earnáil an gháis agus in earnáil an ghuail a laghdú

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Is leis an gComhaontú Glas don Eoraip a sheoltar an tAontas Eorpach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 trí bhíthin an dícharbónaithe dhomhain ar gach earnáil den gheilleagar. Is gás cumhachtach ceaptha teasa é an meatán, agus níl ach gás amháin eile ann, an dé‑ocsaíd charbóin, a rannchuidíonn níos mó go foriomlán leis an athrú aeráide; agus is é an meatán a bhíonn freagrach as tuairim agus aon trian den téamh aeráide dá bhfuil ag tarlú faoi láthair. Tugann an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide dá aire nach foláir laghduithe géara ar líon na n‑astaíochtaí meatáin a bhaint amach faoi 2030 le go bhfanfadh an domhan faoi bhun na sprice 1.5°C (nó faoi bhun na sprice 2°C fiú) don teocht dhomhanda faoi 2050. Tugtar le fios leis an measúnú tionchair sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 gurb in earnáil an fhuinnimh is féidir na coigiltis astaíochtaí meatáin is costéifeachtaí a bhaint amach. Is fadhb thrasteorann iad na hastaíochtaí sin agus cruthaítear bearnaí agus neamhéifeachtúlachtaí de bharr cóir rialála neamh‑chomhordaithe ar fud na mBallstát agus na n‑earnálacha, agus d’fhéadfaí feidhmiú mhargadh aonair fuinnimh an Aontais Eorpaigh a lagú. Óir is lasmuigh den Aontas Eorpach a tharlaíonn móramh na n‑astaíochtaí meatáin a nasctar leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear laistigh den Aontas, is le gníomhaíocht chomhpháirteach na mBallstát amháin a d’fhéadfaí torthaí sa réimse sin a chur i láthair.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é an cuspóir ginearálta, i gcomhthéacs fheidhmiú mhargadh inmheánach an fhuinnimh agus slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas á háirithiú, an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú trí astaíochtaí meatáin ón bhfuinneamh iontaise a tháirgtear nó a ídítear san Aontas a laghdú. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: 1) feabhas a chur ar chruinneas na faisnéise maidir leis na príomhfhoinsí astaíochtaí meatáin atá bainteach leis an bhfuinneamh a ídítear san Aontas Eorpach, 2) maolú éifeachtach breise ar astaíochtaí meatáin a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair fuinnimh san Aontas Eorpach agus 3) astaíochtaí meatáin a bhaineann le fuinneamh iontaise a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach a laghdú.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Thairbheodh laghdú ar astaíochtaí meatáin ar fud an Aontais Eorpaigh de chur chuige beartais aonchineálach ar leibhéal an Aontais i bhfianaise an idirnaisc láidir idir na Ballstáit tríd an mbonneagar trasteorann agus trí mhargadh fuinneamh comhtháite an Aontais Eorpaigh. Le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais, is fearr i bhfad an dóchúlacht go ngnóthófaí laghduithe breise ar líon na n‑astaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh ar fud an tslabhra luacha agus éascaítear breithiúnas iomlán léi ar na hinniúlachtaí gníomhaíochta i measc na mBallstát agus i measc eintitis phríobháideacha. Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit mar chuid de mhargadh domhanda ola inar tábhachtaí gníomhaíocht chomhchoiteann maidir le honnmhaireoirí ná bearta aonair náisiúnta. Is é an tAontas Eorpach an margadh allmhairiúcháin is mó ar domhan agus tá breisluach suntasach ag baint le beartas meatáin ar leibhéal an Aontais maidir leis an ngníomhaíocht idirnáisiúnta ar son na haeráide.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

I réimse beartais 1, breithnítear roghanna chun feabhas a chur ar thomhas agus tuairisciú astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh trí oibleagáid a chur ar chuideachtaí tomhais ar leibhéal sócmhainní a dhéanamh agus astaíochtaí díreacha meatáin a thuairisciú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcríoch an Aontais. I réimse beartais 2, tá roghanna ann maidir le hastaíochtaí meatáin san Aontas Eorpach a mhaolú, lena n‑áirítear treoraíocht nó bearta sainordaitheacha ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí meatáin a mhaolú in earnáil na hola agus in earnáil an gháis iontaise, bearta sainordaitheacha maidir le hastaíochtaí meatáin a mhaolú in earnáil na hola, in earnáil an gháis iontaise agus in earnáil an ghuail chomh maith le hastaíochtaí indíreacha a mhaolú agus beart reachtach chun laghdú áirithe ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach le ceanglas feidhmíochta. I réimse beartais 3, tá roghanna ann maidir le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a mhaolú arb astaíochtaí meatáin iad a bhaineann le hídiú breoslaí iontaise an Aontais Eorpaigh ach a tharlaíonn taobh amuigh den Aontas, lena n‑áirítear uirlisí trédhearcachta, tomhas sainordaitheach, tuairisciú sainordaitheach agus maolú sainordaitheach astaíochtaí ó earnáil an fhuinnimh iontaise, agus bearta reachtacha chun laghdú áirithe ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach.

Tá rogha ‘gnó mar is gnách’ san áireamh i ngach réimse beartais. Sainaithníodh roghanna tosaíochta sna trí réimse beartais.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Chuir páirtithe leasmhara in iúl gur thacaigh siad go láidir le caighdeán láidir tomhais, tuairiscithe agus fíorúcháin (MRV) a fhorbairt le haghaidh astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, bhí 78 % de fhreagraí i bhfabhar na coda de thogra MRV a bhaineann le hola agus le gás a bhunú ar mhodheolaíocht na Comhpháirtíochta um Meatán Ola agus Gáis, lena dtacaíonn comhlachais trádála gáis agus ola uile an Aontais freisin. Tá tacaíocht an‑fhorleathan ann gual a chur san áireamh i Rialachán MRV (96 % de fhreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte), lena n‑áirítear tacaíocht ó earnáil an ghuail.

Tá tacaíocht an‑fhorleathan ann le haghaidh bearta reachtacha chun astaíochtaí a mhaolú in earnáil na hola, in earnáil an gháis iontaise agus in earnáil an ghuail. Na comhlachais ola agus gáis uile a chuir freagra ar fáil ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte, léirigh siad a dtacaíocht maidir le hoibleagáid braite agus deisiúcháin sceití (LDAR) a chur i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, agus tá tacaíocht fhorleathan i measc eagraíochtaí neamhrialtasacha le haghaidh oibleagáid den sórt sin freisin. Creideann na freagróirí uile ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte ar freagróirí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó freagróirí tionscadail iad go bhfuil sé indéanta deireadh céimnitheach a chur le gnáthscaoileadh agus gnáthbhladhmadh atá bainteach le fuinneamh a tháirgtear agus a ídítear san Aontas Eorpach. A mhéid a bhaineann sé le bearta maolaithe meatáin as mianaigh ghuail a chuimsiú, léiríodh sa chomhairliúchán poiblí go raibh tacaíocht ard agus fhorleathan ann lena n‑aghaidh (80 % de na freagraí).

Tá 92 % de na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte i bhfabhar reachtaíocht san Aontas maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh lena gcumhdófaí an ola agus an gual uile a thagann isteach i margadh an Aontais. Go sonrach, léiríodh tacaíocht in 96 % de na freagraí d’uirlis trédhearcachta meatáin a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Meastar in 72% de na freagraí gur cheart go leathnófaí oibleagáidí i reachtaíocht an Aontais maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh ar chuideachtaí a allmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas/cuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas, agus meastar in 65 % de na freagraí go bhfuil sé indéanta na hoibleagáidí céanna a fhorchur i ndáil le MRV, LDAR agus scaoileadh agus bladhmadh go cothrom ar ghníomhaithe uile an tslabhra luacha ola agus gáis le haghaidh na hola agus an gháis a ídítear san Aontas, lena n‑áirítear ar ghníomhaithe lasmuigh den Aontas.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Réimse beartais 1: Forchuirtear oibleagáid tomhais agus tuairiscithe mhionsonraithe (ar leibhéal sócmhainní) maidir le hastaíochtaí meatáin ó na foinsí iontaise díreacha uile in earnáil fuinnimh an Aontais Eorpaigh. Is é an phríomhthairbhe leis sin go gcuirfear feabhas ar leibhéal tuairiscithe na n‑astaíochtaí sin, agus go méadófar an tuiscint ar fhoinsí agus ar mhéid na n‑astaíochtaí sin, óna dtiocfaidh laghdú níos éifeachtaí ar astaíochtaí comhbhainteacha.

Réimse beartais 2: Forchuirtear oibleagáidí chun maolú a dhéanamh ar na foinsí iontaise díreacha uile atá bainteach le hola, le gás iontaise agus le gual in earnáil fuinnimh an Aontais, i dtéarmaí brath agus deisiú sceití agus bearta chun teorainn a chur le scaoileadh agus le bladhmadh. Tiocfaidh laghdú níos mó ar astaíochtaí meatáin astu sin i gcomparáid leis an gcás ‘gnó mar is gnách’, agus bainfidh tairbhí comhshaoil agus sóisialta comhbhainteacha leo i dtéarmaí an t‑athrú aeráide a mhoilliú agus an truailliú aeir a laghdú.

Réimse beartais 3: Moltar ionstraimí éagsúla ina ndírítear ar fhaisnéis a fheabhsú maidir le foinsí astaíochtaí meatáin ó thíortha a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas Eorpach, chomh maith le dreasachtaí le haghaidh na dtíortha sin ionas go laghdóidh siad a n‑astaíochtaí meatáin go deonach nó bearta ceangailteacha chun é sin a bhaint amach. Mar an gcéanna le réimse beartais 2, bainfidh tairbhí comhshaoil agus sóisialta don Aontas Eorpach le hastaíochtaí meatáin domhanda a laghdú, go háirithe i dtéarmaí an t‑athrú aeráide a mhoilliú.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Réimse beartais 1: Níl aon chainníochtú costais ar fáil go poiblí, dá bhrí sin tá an measúnú tionchair bunaithe ar mheastacháin dheonacha a rinne an tionscal go dtí seo agus ar a n‑ionchur cáilíochtúil agus é á chur san áireamh go bhfuil tacaíocht láidir ann i measc páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear ón tionscal féin, oibleagáid den sórt sin a chur i bhfeidhm.

Réimse beartais 2: Glanchostais EUR 127 milliún arna dtabhú ag oibreoirí; Ní raibh costais chainníochtaithe ar bith ar fhíorú comhlíontachta agus ar fhorfheidhmiúchán ar fáil ach tá leibhéal na sochar cainníochtaithe chomh suntasach sin i gcomparáid le costais na mbeart laghdúcháin ar chuideachtaí go meastar go mbeidh cumhdach leordhóthanach nó níos fearr ann ar na costais uile den sórt sin leis an difríocht idir an dá chostas; Ní raibh fáil ar aon tionchar cainníochtaithe ar chostas na mbeart laghdúcháin ar phraghsanna fuinnimh ach is neamhshuntasach costas na mbeart ar oibreoirí (EUR 127 milliún) i gcomparáid leis na costais fhoriomlána ar an Aontas as ola, gás iontaise agus gual a cheannach (EUR 184 bhilliún in 2020/EUR 287 mbilliún in 2019), sa chaoi go mbeadh na costais sin diomaibhseach.

Réimse beartais 3: Ní raibh costais chainníochtaithe ar bith ar fáil ar na bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú a tharlaíonn ar an gcoigríoch ach a bhaineann le hídiú fuinnimh iontaise an Aontais. Baineadh úsáid ina n‑ionad as meastacháin ar chostais iomlána na mbeart laghdúcháin uile ar feadh sampla de na tíortha is mó a onnmhairíonn ola agus gáis. EUR 2 216 mhilliún atá sna costais sin ar an leibhéal laghdúcháin is optamaí ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de; Ní raibh costais chainníochtaithe ar bith ar fhíorú comhlíontachta agus ar fhorfheidhmiúchán ar fáil ach tá leibhéal na sochar cainníochtaithe chomh suntasach sin ar feadh sampla de na tíortha is mó a onnmhairíonn ola agus gás chuig an Aontas i gcomparáid le costais na mbeart laghdúcháin ar chuideachtaí go meastar go mbeidh cumhdach leordhóthanach nó níos fearr ann ar na costais uile den sórt sin leis an difríocht idir an dá chostas; Ní raibh aon tionchar cainníochtaithe ar na bearta laghdúcháin ar phraghsanna fuinnimh ar fáil ach is beag iad na costais ar feadh sampla de na tíortha is mó a onnmhairíonn ola agus gás (EUR 2 607 milliún) i gcomparáid leis na costais fhoriomlána ar an Aontas as ola, gás iontaise agus gual a cheannach (EUR 184 bhilliún in 2020/EUR 287 mbilliún in 2019), sa chaoi nár dhócha gur thionchar suntasach é.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní fiontair bheaga iad na hoibreoirí guail, gáis iontaise agus ola atá freagrach as astú meatáin feadh na slabhraí soláthair. Ní cheaptar go mbeidh tionchar ar iomaíochas i dtaca le cuideachtaí laistigh den Aontas Eorpach toisc go mbeidh cuideachtaí uile faoin oibleagáid chéanna ag na bearta a mholtar sna roghanna tosaíochta i réimse beartais 1 agus i réimse beartais 2. Is í an rogha thosaíochta i réimse beartais 3 an rogha is dóchúla lena laghdófar tionchar ar iomaíochas oibreoirí an Aontais toisc gurb í an rogha arb é is aidhm léi cothroime iomaíochta a bhaint amach.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní imreofar san Aontas Eorpach. Cé go n‑eascróidh costais bhreise agus ualach riaracháin breise san Aontas Eorpach as na bearta a áirítear sna roghanna tosaíochta, ní bheidh na costais ná an t‑ualach sin suntasach ar na príomhchúiseanna seo a leanas: maidir le réimse beartais 1, tá tuairisciú sonraí ar astaíochtaí meatáin á dhéanamh cheana féin ag Ballstáit an Aontais; maidir le réimse beartais 2, tá fíorú beart chun astaíochtaí meatáin a laghdú á dhéanamh cheana féin ag Ballstáit an Aontais; I réimse beartais 3, beidh na costais agus an t‑ualach riaracháin níos tábhachtaí i dtíortha nach Ballstát den Aontas iad agus a bhfuil rialacháin mheatáin íosta acu nó nach bhfuil rialacháin mheatáin acu.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Ní bheidh.

Comhréireacht? 

Meastar go bhfuil an tacar roghanna tosaíochta comhréireach agus go dtógtar leis oiread is féidir ar an gcur chuige atá anois ann. Meastar gurb iomchuí an chothromaíocht idir oibleagáidí agus breithniú na gcumas difriúla gníomhaíochta i measc na mBallstát agus i measc eintitis phríobháideacha i bhfianaise an riachtanais neodracht ó thaobh aeráide de a bhaint amach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart an ghnímh dlí. Más gá, déanfaidh an Coimisiún gníomh forfheidhmiúcháin, lena n‑áirítear nósanna imeachta um shárú.