Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (2010/31/AE)
|
A. An gá atá le beart
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
Ós rud é gurb iad foirgnimh is cúis le 40 % de thomhaltas iomlán fuinnimh agus 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a bhaineann le fuinneamh san Aontas, tá dícharbónú earnáil na bhfoirgneamh ríthábhachtach chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 agus 2050 an Aontais arna leagan síos sa Dlí Aeráide Eorpach agus i dtograí ‘An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i bhfeidhm’ a bhaint amach. Aithnítear sa Phlean um Sprioc Aeráide an gá atá le hastaíochtaí GCT i bhfoirgnimh a laghdú thart ar 60 % chun an sprioc fhoriomlán maidir le laghdú 55 % ar astaíochtaí a bhaint amach faoi 2030. Chuige sin, ní mór na rátaí athchóirithe a dhúbailt ar a laghad.
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
Tá dhá phríomhchuspóir ag an athbhreithniú ar EPBD: (1) cuidiú le hastaíochtaí GCT foirgneamh agus tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú faoi 2030; (2) a áirithiú go rannchuidíonn foirgnimh go leordhóthanach leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: ráta agus doimhneacht athchóirithe foirgneamh a mhéadú (réimse beartais A); feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht fuinnimh agus inbhuanaitheacht foirgneamh trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha (ar fud na réimsí beartais ar fad); a áirithiú go bhfuil foirgnimh nua ag teacht le cuspóir aeráidneodrachta 2050 (réimse beartais B); agus chun foirgnimh a chomhtháthú i gcórais fuinnimh dhícharbónaithe agus dhigitithe (réimse beartais C).
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
Ach an creat coiteann a neartú, áiritheofar go laghdóidh earnáil na bhfoirgneamh ar fud an Aontais a hastaíochtaí GCT ar an scála is gá. Dá mba rud é nach ngníomhódh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát, bheadh costais laghdaithe GCT níos airde ar an iomlán i gceist leis sin. Trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, cuirtear giaráil ar fáil chun an earnáil a shlógadh ar mhaithe le huaillmhian choiteann agus cruthaítear torthaí sa mhargadh a bhfuiltear ag súil leo agus atá níos airde. Spreagfaidh sé infheistíocht san athchóiriú, cruthófar poist, spreagfar nuálaíocht agus méadófar tairbhí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí agus d’fhearais foirgníochta.
|
B. Réitigh
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?
|
Is é an príomhbheart faoi réimse beartais A íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh (MEPS) a thabhairt isteach, a bheidh á gcomhlánú le teastais feidhmíochta fuinnimh níos láidre, pasanna athchóirithe foirgneamh a thabhairt isteach agus sainmhíniú ar athchóiriú domhain. Is é an príomhbheart faoi réimse beartais B caighdeán a thabhairt isteach le haghaidh ‘foirgnimh astaíochtaí nialasacha’ (ZEBanna). Is é an príomhbheart faoi réimse beartais C na ceanglais maidir le bonneagar athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha i bhfoirgnimh a neartú. Tá na bearta a sainaithníodh do gach réimse beartais pacáistithe i gceithre rogha, rud a léiríonn leibhéal méadaithe uaillmhéine: uaillmhian íseal, mheasartha agus ard (le dhá athraitheach, I – II). Is í Rogha 3 ‘Uaillmhian ard I’ rogha na tosaíochta sa mheasúnú tionchair. Is meascán é an rogha seo chun na bearta atá ann cheana a neartú agus bearta nua a thabhairt isteach a dhíríonn ar fhoirgnimh nua agus ar fhoirgnimh atá ann cheana. Is é an toradh atá air, go háirithe, go molfaí MEPanna a mbeadh meascán de chaighdeáin cheangailteacha i gceist leo do na foirgnimh is neamhfheidmiúla ar leibhéal an Aontais, agus iad á gcomhlánú ag caighdeáin a shocraítear ar an leibhéal náisiúnta. Tar éis tuairimí diúltacha Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin maidir leis an measúnú tionchair a fháil, agus cúis imní á léiriú nach dtugann sé fianaise sách láidir a thacaíonn leis an tsraith de bhearta beartais is fearr, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhréireacht agus méid chomhchuibhiú an Aontais, rinneadh an togra reachtach a ailíniú le rogha 2 maidir le huaillmhian mheasartha i leith roinnt gnéithe, lena n‑áirítear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana, agus ag an am céanna ag coinneáil rogha 3 – cur chuige uaillmhian ard I – le haghaidh foirgnimh nua agus nuachóiriú na bhfoirneamh sin.
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
Chuir na páirtithe leasmhara in iúl go raibh siad i bhfách go forleathan le creat EPBD a neartú agus leis na bearta nua beartais a moladh a thabhairt isteach. Cuireadh tuairimí éagsúla in iúl, áfach, maidir lena ndearadh beacht. Tacaíonn 75 % de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí le MEPS, tá 84 % de na freagróirí i bhfabhar ZEBanna a shainmhíniú in EPBD. Tá tacaíocht láidir (89 %) ann chun faireachán na gcuspóirí a shainaithin na Ballstáit ina gcuid straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a neartú. Tá breis agus dhá thrian (68 % de na freagróirí i bhfabhar bearta a chur san áireamh chun astaíochtaí carbóin ar feadh na saolré iomláine a thuairisciú. Creideann 68 % freisin go mbeadh sé tairbhiúil sainmhíniú dlíthiúil a thabhairt ar ‘athchóiriú domhain’. Tacaíonn níos mó ná trí cheathrú (76 %) le comhchuibhiú na dteastas feidhmíochta fuinnimh (EPC).
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
Tabharfaidh bearta beartais faoi rogha 3 (‘uaillmhian ard I’) an tairbhe is mó is féidir i gcomparáid leis na treochtaí athchóirithe foirgnimh atá ann faoi láthair. I gcomparáid leis an mbonnlíne, réamh-mheastar go mbeidh rátaí athchóirithe ar an meán 1.35 % níos airde in 2030 agus tomhaltas fuinnimh do théamh, fuarú agus uisce te tí 11.7 % níos ísle faoi 2030 agus 34 % níos ísle faoi 2050. Meastar go mbeidh astaíochtaí GCT 23 % agus 53.5 % níos ísle in 2030 agus in 2050, faoi seach, agus laghdófar freisin truailliú an aeir agus úsáid uisce. I gcomparáid leis an mbonnlíne, meastar go mbeidh na costais fuinnimh do thomhaltóirí 8 % níos ísle in 2030 agus 27.6 % níos ísle in 2050. Cruthóidh na bearta poist agus breisluach in éiceachóras na foirgníochta freisin. Meastar go mbeidh an meánráta athchóirithe 0.2 % níos airde ná an cás bonnlíne mar thoradh ar an uaillmhian mheasartha a roghnú i gcomhréir le rogha 2. Sa chás sin, laghdófar an tomhaltas deiridh fuinnimh faoi 3.6 % agus faoi 16 % in 2030 agus 2050, faoi seach, agus astaíochtaí GCT le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí faoi 4.2 % agus faoi 21 % in 2030 agus 2050, faoi seach. I gcomparáid leis an mbonnlíne, meastar go mbeidh na costais fuinnimh do thomhaltóirí sa rogha uaillmhéine measartha méadaithe 2 % agus íslithe 12 % faoi 2030 agus 2050, faoi seach.
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
Baineann na príomhchostais le hinfheistíochtaí in athchóirithe fuinnimh a spreag MEPS agus le comhlíonadh na gceanglas maidir le hastaíochtaí nialasacha d’fhoirgníochtaí nua. I gcomparáid leis an mbonnlíne, is é 80 % an méadú coibhneasta measta ar infheistíocht faoi 2030 i gcás ‘uaillmhian ard I’. Murab ionann agus an rogha thosaíochta, meastar go mbeidh gá le méadú coibhneasta 22.4 % ar infheistíocht níos ísle faoi 2030 má roghnaítear an uaillmhian mheasartha chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana.
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
Is FBManna iad os cionn 90 % de ghnólachtaí foirgníochta, ailtireachta agus innealtóireachta sibhialta. Sa rogha thosaíochta, tuartar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an ngníomhaíocht faoi 2030, as a dtiocfaidh EUR 104 billiún in aghaidh na bliana de bhreisluach breise i gcomparáid le 2020. Meastar faoin rogha measartha go nginfear thart ar EUR 29 billiún in aghaidh na bliana de bhreisluach breise faoi 2030.
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
Leis an togra leasaítear den tríú huair Treoir atá ann cheana agus braitheann sé den chuid is mó ar struchtúir agus ar rialacha atá i bhfeidhm cheana féin. Mar sin féin, beidh costais ar údaráis phoiblí a bhaineann le trasuí náisiúnta, faireachán agus forfheidhmiú, agus costais riaracháin áirithe arna dtabhú chun na hoibleagáidí maidir le soláthar faisnéise a chomhlíonadh. Maidir leis na costais riaracháin sin, táthar ag súil go laghdóidh digitiú na dTeastas Feidhmíochta Fuinnimh agus na forálacha nua maidir le malartú sonraí agus bunachair sonraí na costais chomhlíonta agus go n‑éascóidh sé na nósanna imeachta riaracháin atá nasctha le hathchóirithe.
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
Beidh billí laghdaithe fuinnimh ina gcuidiú chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Bainfidh an laghdú measta coibhneasta ar bhochtaineacht fuinnimh le thart ar 3.5 milliún teaghlach i gcás na rogha tosaíochta agus beidh 2.3 milliún teaghlach i gceist le haghaidh na huaillmhiana measarthachta faoi 2030. Ina theannta sin, trí úsáid fuinnimh a laghdú, beidh tairbhí suntasacha comhshaoil agus sláinte ann, agus laghdófar leis freisin spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh.
|
Comhréireacht?
|
Ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach d’earnáil na bhfoirgneamh chun a cion leordhóthanach a dhéanamh d’uaillmhian aeráide an Aontais do 2030 agus 2050. Tugadh aghaidh ar na hábhair imní a chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála in iúl tríd an togra reachtach a mhodhnú.
|
D. Iarobair
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar EPBD faoi dheireadh 2027, ar a dhéanaí. Déanfar faireachán ar thionchair an EPBD athbhreithnithe agus déanfar meastóireacht ar an dul chun cinn bunaithe ar na forálacha sa EPBD reatha, ar na Pleananna Náisiúnta Athchóirithe Foirgneamh, agus ar an dul chun cinn i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Measúnóidh an Coimisiún an dtabharfaidh na bearta atá i bhfeidhm, lena n‑áirítear praghsáil carbóin, feabhsuithe leordhóthanacha chun stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha agus iomlán dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais amhail íoschaighdeáin neartaithe feidhmíochta fuinnimh ar fud an Aontais.
|