An Bhruiséil,10.12.2021

SWD(2021) 370 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle

maidir le cuntais foghlama phearsanta

{COM(2021) 773 final} - {SEC(2021) 417 final} - {SWD(2021) 368 final} - {SWD(2021) 369 final}


A. An gá atá le beart ar leibhéal an Aontais

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá scileanna agus oiliúint ríthábhachtach chun iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, chun tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 sa chaoi go gcruthófar poist agus chun aistriú digiteach agus aistriú glas a áirithiú a bheidh cothrom ó thaobh na sochaí de. Aithnítear an méid sin sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, plean ar fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimhe, trí phríomhsprioc a leagan síos go mbeadh 60 % de na daoine fásta go léir i mbun oiliúna gach bliain faoi 2030.

Mar sin féin, bhí an ráta rannpháirtíochta san fhoghlaim aosach chomh íseal le 37.4 % in 2016 1 agus ní bhainfear amach an sprioc atá leagtha síos do 2030, má leanann na treochtaí a bhí ann le déanaí. Anuas air sin, ní hionann rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim ó Bhallstát agus ó ghrúpa go chéile, rud a chuireann le leochaileacht na ndaoine is lú rannpháirtíocht, ó tharla go bhfuil ag géarú ar na claochluithe ar mhargadh an tsaothair. Go príomha, dhá fhadhb is cúis leis gur íseal míchothrom atá rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim:

-ní fhaigheann daoine a ndóthain tacaíochta airgeadais don oiliúint. Den chuid is mó, is éard is cúis leis sin, leibhéal infheistíochta íseal, bearnaí maidir le grúpaí áirithe daoine fásta agus cineálacha áirithe oiliúna a chumhdach, constaicí ama i leith dul i mbun oiliúna agus ilroinnt tacaíochta, agus

-gan a ndóthain dreasachtaí ná inspreagtha a bheith ag daoine chun dul i mbun oiliúna. Baineann sé sin le heaspa feasachta na ndaoine maidir leis na scileanna a theastaíonn uathu, le heaspa trédhearcachta na dtairiscintí oiliúna, leis an éiginnteacht maidir le caighdeán agus le haitheantas na gclár oiliúna agus le heaspa oiriúnaithe na dtairiscintí atá ar fáil do riachtanais daoine aonair.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo tacú le hathchóirithe sna Ballstáit chun daoine fásta a chumhachtú le dul i mbun oiliúna, ar mhaithe le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus le bearnaí scileanna a laghdú. Mar sin, tacóidh an tionscnamh leis an gcuspóir atá ag an Aontas geilleagar sóisialta margaidh a chur chun cinn atá an-iomaíoch agus a bhfuil sé mar sprioc aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Go sonrach, tá sé d’aidhm aige:

-na bearnaí atá sna córais tacaíochta a dhúnadh, ionas go mbeidh fáil ag na daoine fásta go léir ar thacaíocht oiliúna, lena n-áirítear tacaíocht d'aistriú ó phost amháin go post eile, cibé stádas a bhaineann leo ó thaobh lucht saothair nó gairme de;

-cur leis na dreasachtaí agus leis an inspreagadh atá ag daoine le hoiliúint a lorg. Is cuid den réimse leathan beart atá faoi scáth an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip an tionscnamh seo.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?

Tá údar ag an Aontas beart a dhéanamh, ós rud é gurb é cuspóir a bheartais lucht saothair oilte a bheith ann, mar teastaíonn gnólachtaí iomaíocha agus nuálaíocht uainn chun fás inbhuanaithe agus geilleagar athléimneach a bhaint amach, agus borradh ar bun faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach. Cuideoidh tionscnamh an Aontais le hiarrachtaí na mBallstát agus déanfaidh sé iad a chomhordú agus dlús a chur leo trí dhea-chleachtais a roinnt agus cur chuige nuálach i dtaca le dúshláin choiteanna a chur chun cinn. Cothóidh sé an dearcadh gur acmhainn roinnte é lucht saothair oilte a bheith san Aontas, acmhainn ar féidir le gach páirtí leasmhar cur léi agus tarraingt uirthi. Is féidir go gcuirfidh an tionscnamh le caighdeán agus le trédhearcacht na margadh oiliúna ar fud an Aontais, rud a rachaidh chun sochair do dhaoine agus cuideachtaí ar an margadh singil agus a éascóidh an tsaorghluaiseacht.

B. Roghanna beartais

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann? Cén fáth?

Le linn an mheasúnaithe breithníodh roghanna beartais éagsúla maidir le teidlíochtaí oiliúna a chur ar fáil (dearbháin oiliúna nó cuntais phearsanta), maidir le méid an spriocghrúpa agus maidir le saoirse a bheith ag an duine aonair deiseanna oiliúna a roghnú.

Is é an rogha thosaíochta teidlíochtaí oiliúna i bhfoirm cuntas pearsanta a chur ar fáil do na daoine fásta go léir atá in aois oibre, ach méid na dteidlíochtaí a mhodhnú de réir riachtanais tacaíochta agus an deis a thabhairt do dhaoine aon chúrsa oiliúna a roghnú a ndéantar a chaighdeán, a ábharthacht ó thaobh mhargadh an tsaothair de agus a aitheantas a áirithiú trína chlárú i gclárlann phoiblí. Is éifeachtaí an rogha sin i leith cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas:

-laghdóidh sí ar bhearnaí tacaíochta go cuimsitheach;

-déanfaidh sí inaistritheacht na dteidlíochtaí oiliúna a áirithiú; agus

-cuirfidh sí an oiliúint níos mó in oiriúint do riachtanais na ndaoine.

I bhfianaise chuspóirí an tionscnamh, an bhunúis dlí agus phrionsabail na coimhdeachta, tá togra le haghaidh moladh ón gComhairle ar an ionstraim reachtach thosaíochta. Tabharfaidh an ionstraim sin deis meascán de theidlíochtaí oiliúna, de ghairmthreoir agus de chreatchoinníollacha cumasúcháin (clárlann phoiblí le haghaidh oiliúint aitheanta, bailíochtú agus deiseanna gairmthreorach, saoire oiliúna íoctha agus rialachas éifeachtach i gcomhair feabhsuithe leanúnacha) a mholadh, ach é a fhágáil faoi na Ballstáit na bearta sin chur chun feidhme i gcomhréir lena ndálaí féin.

Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí, bhí an chuid is mó de na freagróirí ó gach príomhghrúpa páirtithe leasmhara i bhfabhar teidlíochtaí oiliúna a thabhairt do na daoine go léir atá in aois oibre agus deis a thabhairt dóibh roghnú idir na deiseanna oiliúna incháilithe. Nuair a chuathas i mbun comhairliúcháin spriocdhírithe, theastaigh deimhniú ó chomhpháirtithe sóisialta nach dtiocfadh laghdú ar an tacaíocht do chúrsaí oiliúna atá á dtairiscint ag fostóirí mar bharr ar an dá rogha sin. Dúirt ionadaithe na n-údarás poiblí náisiúnta agus na gcomhpháirtithe sóisialta gur gá freastal ar thraidisiúin náisiúnta éagsúla i dtaca le hoiliúint a eagrú.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta?

De réir cásanailísí a rinneadh, d’fhéadfadh sé go méadófaí ar rannpháirtíocht san oiliúint go dtí go mbeadh sí thar 60 %, ar cuspóir an Aontais é, agus bearnaí rannpháirtíochta a laghdú ar fud na mBallstát, dá gcuirfí an rogha thosaíochta chun feidhme. Is é an príomhthionchar a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfadh méadú ar phá daoine, táirgiúlacht gnólachtaí, OTI agus imeascadh sóisialta.

Cad iad costais na rogha tosaíochta?

De réir cásanailísí a rinneadh, meastar gur thart ar 17.6–24.5 billiún euro a bheidh costas díreach na dteidlíochtaí oiliúna in aghaidh na bliana. Baineann costais bhreise le níos mó saoire oiliúna íoctha a ghlacadh agus an beart a chur ar bun agus a bhainistiú, ach ceaptar na costais sin a bheith teoranta, mar tá cuid nach beag den bhonneagar ábhartha ar fáil cheana féin i roinnt mhaith de na Ballstáit.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí agus do FBManna?

Ceaptar go rachaidh lucht saothair níos oilte agus bearnaí scileanna níos lú chun tairbhe do chuideachtaí, go háirithe do FBManna, ó tharla gur lú a théann a gcuid fostaithe siúd i mbun oiliúna i láthair na huaire.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na traidisiúin náisiúnta, is faoi na Ballstáit a fhágfar na socruithe cistithe. De réir ríomhanna costais agus tairbhe, má chuirtear na cuntais foghlama phearsanta chun feidhme i gceart, is mó go mór na buntáistí thuasluaite a bhaineann leo ná a gcostas, sa chaoi gur féidir airgeadas poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn trí shocruithe oiriúnacha cistithe agus comhroinnte costas.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Ceaptar go mbeidh tionchar dearfach suntasach ar chearta bunúsacha ag an rogha sin i gcomhthéacs Airteagal 14(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach”).

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, rachaidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de 5 bliana ó dháta a ghlactha.

(1)

Foinse: Suirbhé ar Oideachas Daoine Fásta 2016 (an t-eagrán is déanaí), seachas oiliúint faoi stiúir ar an láthair oibre i gcomhréir le creat tagarmharcála an Aontais i dtaca leis an bhfoghlaim aosach.