An Bhruiséil,17.11.2021

SWD(2021) 327 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

maidir le riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010

{COM(2021) 706 final} - {SEC(2021) 395 final} - {SEC(2021) 396 final} - {SWD(2021) 325 final} - {SWD(2021) 326 final} - {SWD(2021) 328 final} - {SWD(2021) 329 final}


Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair : “Íoslaghdú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise atá bainteach le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais”

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise ag tarlú ar ráta scanrúil, rud atá ag géarú ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Is é leathnú na talún talmhaíochta an príomhspreagthóir dífhoraoisiúcháin agus díghrádúcháin foraoise chun tráchtearraí amhail eallach, adhmad, ola pailme, soighe, cócó nó caife a tháirgeadh. Ós rud é go bhfuil daonra an domhain ag fás, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar thalamh talmhaíochta agus go gcuirfear brú breise ar fhoraoisí, agus déanfar difear, san am céanna, do tháirgeadh bia de dheasca patrúin aeráide athraitheacha.

Is tomhaltóir ábhartha é an tAontas maidir le tráchtearraí atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise agus níl rialacha sonracha ná éifeachtacha i bhfeidhm aige chun a rannchuidiú leis na feiniméin sin a laghdú. Téann an creat reachtach reatha atá bunaithe ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) i ngleic le lománaíocht neamhdhleathach agus cuidíonn sé le rialachas i dtaca le foraoisí a neartú, ach ní thugann sé aghaidh ar an dífhoraoisiú arb é leathnú na talmhaíochta is cúis leis. Cuireann an Measúnú Tionchair seo leis na príomhthorthaí ón tSeiceáil Oiriúnachta ar Rialachán Adhmaid an Aontais Eorpaigh (EUTR) agus ar an Rialachán FLEGT.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é is cuspóir don tionscnamh seo srian a chur leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a spreagtar le tomhaltas agus le táirgeacht an Aontais. Tá coinne leis, dá réir sin, go laghdófar astaíochtaí GCT agus ar chailliúint bithéagsúlachta faoi thionchar an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo íoslaghdú a dhéanamh ar thomhaltas táirgí a thagann ó shlabhraí soláthair atá bainteach leis an dífhoraoisiú nó leis an díghrádú foraoise – agus méadú a dhéanamh ar éileamh an Aontais ar thráchtearraí agus ar tháirgí atá dlíthiúil agus ‘gan dífhoraoisiú’ agus trádáil iontu sin a mhéadú freisin.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Tá príomhspreagthóirí an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise nasctha leis an Aontas agus leis an trádáil idirnáisiúnta araon. Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh fíor‑riachtanach chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trádála idirnáisiúnta ar bhealach comhordaithe comhchuibhithe, agus chun a áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann le haghaidh cuideachtaí, i dtéarmaí na gceanglas atá le comhlíonadh acu sula ndéanfaidh siad táirgí a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais, agus i dtéarmaí an fhaisnéis a sholáthraítear do chustaiméirí. Thairbheodh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin de thaithí an Aontais roimhe seo le bheith ag déileáil le slabhraí casta soláthair (e.g. ag eascairt as an reachtaíocht a bhaineann leis an lománaíocht neamhdhleathach, mar shampla.)

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Ba iad na cúig rogha a measadh: 1) Córas feabhsaithe sainordaitheach um dhícheall cuí; 2) córas tagarmharcála agus liosta d’oibreoirí sáraitheacha comhcheangailte le córas díchill chuí sainordaitheach cisealta feabhsaithe; 3) deimhniúchán poiblí sainordaitheach comhcheangailte le ceanglas feabhsaithe maidir le dícheall cuí; 4) lipéadú sainordaitheach comhcheangailte le ceanglas feabhsaithe maidir le dícheall cuí; 5) ceanglas gan dífhoraoisiú a dhéanamh maidir le nithe a chur ar mhargadh an Aontais agus tagarmharcáil agus córais cárta tíre mar thaca leis sin.

Is í uimhir 2 an rogha thosaíochta. Áirítear inti córas tagarmharcála tíre lena ndéanfar tíortha a chatagóiriú de réir patrúin dífhoraoisithe atá nasctha leis na tráchtearraí ábhartha sa raon feidhme. Beidh trí chatagóir tíortha ann – ísealriosca, riosca caighdeánach agus ardriosca. Athróidh na hoibleagáidí le haghaidh oibreoirí agus údaráis na mBallstát de réir leibhéal an riosca a bhaineann leis an tír táirgthe, le dualgais díchill chuí shimplithe le haghaidh tíortha ísealriosca agus grinnscrúdú feabhsaithe le haghaidh tíortha ardriosca.

Leis na roghanna beartais uile cuirtear le heilimintí coiteanna: 1) Sainmhíniú ar ‘gan dífhoraoisiú’, bunaithe ar shainmhíniú FAO, nach mór do na táirgí é a chomhlíonadh; agus ceanglas breise maidir le táirgí a bheith ina dtáirgí dlíthiúla de réir dhlíthe na tíre táirgthe; 2) Raon táirge forchéimnitheach, a athbhreithnítear agus a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta, lena ndírítear ar thráchtearraí leis an dífhoraoisiú is airde cumhdaithe ag an Aontas (mairteoil, ola pailme, soighe, adhmad, cócó, agus caife) agus táirgí díorthaithe gaolmhara.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Fuair an Comhairliúchán Poiblí Oscailte a chuir an Coimisiún ar bun in 2020 ionchur ó 1.2 milliún duine agus léiríodh leis gur chomhaontaigh formhór na ngeallsealbhóirí gur gá idirghabháil ar leibhéal an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú domhanda agus leis an díghrádú foraoise. Tháinig an chuid is mó de na geallsealbhóirí ar chomhaontú freisin maidir le sainmhíniú ar ‘gan dífhoraoisiú’ a leagan amach le haghaidh an Aontais mar cheanglas de chuid na hidirghabhála beartais.

Ó thaobh bearta beartais de, léiríodh le CPO tacaíocht níos láidre le haghaidh roghanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de (ceanglas gan dífhoraoisiú, dícheall cuí sainordaitheach, deimhniúchán poiblí sainordaitheach, etc.) ná an tacaíocht le haghaidh bearta deonacha boga amhail dícheall cuí deonach, lipéadú deonach nó deimhniúchán príobháideach deonach. Thacaigh formhór mór na ngeallsealbhóirí cáilithe – gnólachtaí, comhlachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha – le córas díchill chuí sainordaitheach, cé go n‑athraíonn mionsonraí an chórais sin ó eagraíocht go chéile.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?

Tá coinne leis go gcoiscfí leis an rogha thosaíochta an dífhoraoisiú faoi thionchar thomhaltas agus tháirgeacht an Aontais maidir leis na sé thráchtearra a áirítear sa raon feidhme, agus tairbhí réamh‑mheasta i bhfad os cionn 71 920 heicteár d’fhoraois nach mbeidh buailte chomh mór sin leis an dífhoraoisiú ná leis an díghrádú foraoise faoi thionchar an Aontais go bliantúil faoi 2030. Chiallódh sé sin freisin laghdú 31.9 milliún ar a laghad de thonnaí méadracha d’astaíochtaí carbóin san atmaisféar gach bliain mar gheall ar thomhaltas agus ar tháirgeacht na dtráchtearraí ábhartha san Aontas, rud a d’fhéadfadh a bheith ina gcoigiltis eacnamaíocha de EUR 3.2 billiún ar a laghad go bliantúil. Ina theannta sin, tá coinne leis go mbeidh an rogha sin ina rannchuidiú cinntitheach leis an mbithéagsúlacht a chosaint.

Ba cheart an rogha sin a bheith ina rannchuidiú freisin le cuspóirí sonracha idirghabháil an Aontais a bhaint amach, eadhon cothroime iomaíochta a chruthú le haghaidh cuideachtaí a oibríonn i margadh an Aontais; íoslaghdú a dhéanamh ar thomhaltas táirgí a thagann ó shlabhraí soláthair atá bainteach leis an dífhoraoisiú nó leis an díghrádú foraoise; agus méadú a dhéanamh ar éileamh an Aontais ar thráchtearraí agus ar tháirgí atá dlíthiúil agus ‘gan dífhoraoisiú’ agus trádáil iontu sin a mhéadú.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Costais aonuaire idir EUR 5 000 agus 90 000 in aghaidh an oibreora chun córas an díchill chuí a bhunú ag brath ar an gcastacht agus ar an riosca atá bainteach le dífhoraoisiú shlabhraí soláthair na cuideachta. Athfhillteach: Raon idir 158 milliún agus 2 354 milliún in aghaidh na bliana.

Údaráis na mBallstát: Thart ar EUR 18 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh gach Ballstáit le chéile.

An Coimisiún Eorpach: Beidh costas aonuaire EUR 337 000 mar thoradh ar an tagarmharcáil a bhunú agus a oibriú agus EUR 168 000 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Tá coinne leis go gcruthófar cothroime iomaíochta leis an rogha seo le haghaidh cuideachtaí a oibríonn i margadh an Aontais. Tá coinne leis go bhfaighidh táirgeoirí, a chuireann cleachtais táirgeachta níos inbhuanaithe chun feidhme, sciar i margadh an Aontais agus go dtiocfaidh méadú ar a n‑iomaíochas i gcomparáid le hoibreoirí a fhoinsíonn ó thíortha ‘ardriosca’.

Is é an príomhspreagthóir le haghaidh costais oibleagáidí díchill chuí castacht slabhraí soláthair agus na rioscaí atá bainteach leis an tír foinsiúcháin. Leis córas an díchill chuí comhcheangailte le tagarmharcáil cheadófaí d’oibreoirí agus do thrádálaithe FMBanna tairbhiú de chostais níos ísle a bhaineann leis dícheall cuí simplithe trí tháirgí a dhíorthaítear as slabhraí soláthair ísealriosca a chur.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní imreofar. Tugtar tuairisc ar na costais thuas.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

D’fhéadfadh athruithe féideartha a theacht ar thrádáil an Aontais i dtreo tíortha táirgthe ‘ísealriosca’ ó thíortha táirgthe ‘ardriosca’. Is féidir go mbeidh dúshláin oiriúnúcháin roimh fheirmeoirí beaga a tháirgeann na tráchtearraí ábhartha. Tá coinne leis go mbeidh na tosca sin uile maolaithe faoi spriocdháta 2020 atá beartaithe, ós rud é go mbeadh an chuid is mó de na táirgí atá á dtrádáil faoi láthair foinsithe ó thalamh a cuireadh i mbun táirgthe roimh 2020.

Comhréireacht? 

D’áiritheofaí leis an rogha thosaíochta go gcuirfeadh an tAontas creat rialála i bhfeidhm atá an‑uaillmhianach agus is féidir a chur chun feidhme araon, agus lena ndreasaítear an t‑aistriú inbhuanaitheachta sna tíortha táirgthe uile, laistigh nó lastall den Aontas, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tAontas ina bhunaitheoir inchreidte le haghaidh caighdeáin dhomhanda. Is léir go ndéanann na tairbhí íosta a bhfuil luach airgid acu na costais a fhritháireamh. Tá an tionscnamh i gcomhréir freisin le tromchúis na faidhbe arb é is aidhm dó dul i ngleic léi, mar aon le tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Ba cheart an córas a athbhreithniú tar éis 5 bliana oibríochta iomláine chun aon saincheist agus aon fheabhsú ionchasach a shainaithint.