An Bhruiséil,27.10.2021

SWD(2021) 321 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosmhéid táirgeachta

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta, agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE

{COM(2021) 663 final} - {SEC(2021) 380 final} - {SWD(2021) 320 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thogra lena leasófaí Rialachán (AE) 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Mar fhreagairt don ghéarchéim airgeadais, thug an tAontas faoi athchóiriú forleathan ar an gcreat stuamachta do na bainc, arb é is aidhm dó an athléimneacht a mhéadú in earnáil baincéireachta an Aontais. Ar cheann de phríomheilimintí an athchóirithe bhí cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta arna gcomhaontú ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, go sonrach an t‑athchóiriú dá ngairtear ‘athchóiriú Basel III’. A bhuí leis an athchóiriú sin, bhí bonn athléimneach faoi earnáil baincéireachta an Aontais ag tús ghéarchéim COVID-19. Mar sin féin, cé go bhfuil leibhéal foriomlán an chaipitil i mbainc an Aontais sásúil anois ar an meán, níor tugadh aghaidh ar roinnt de na fadhbanna a sainaithníodh tar éis na géarchéime airgeadais. Go sonrach, tá dhá phríomhfhadhb ann fós. Ar an gcéad dul síos, maidir leis an modhanna réamhshocraithe a úsáideann na bainc chun a gceanglais chaipitil a ríomh (dá ngairtear ‘cuir chuige caighdeánaithe’), ní chuimsítear go leormhaith na priacail ar a bhfuil bainc ar ris (i.e. níl siad íogair go leor maidir le ris), rud a fhágann nach leor na ceanglais chaipitil (bíodh siad ró‑ard nó ró‑íseal). Dá réir sin, d’fhéadfadh sé sin difear diúltach a dhéanamh do ghníomhaíochtaí na mbanc. Ar an dara dul síos, bíonn ceanglais chaipitil an‑éagsúil ann le haghaidh priacail chomhchosúla nó priacail chomhionanna de réir na modhanna sofaisticiúla a cheadaítear do bhainc mhóra den chuid is mó a úsáid (dá ngairtear ‘cur chuige na samhlacha inmheánacha’). Fágann sin go bhfuil sé deacair cóimheasa caipitil ó bhanc go banc a chur i gcomparáid le chéile agus baineann sé an bonn den mhuinín as na cóimheasa sin agus dá bhrí sin as úsáid samhlacha inmheánacha na mbanc. Thairis sin, i ndáil le cineálacha áirithe sócmhainní, níl go leor sonraí ar chaighdeán leormhaith ann le haghaidh shamhaltú iontaofa láidir na gceanglas caipitil. Maidir leis na bainc a úsáideann samhlacha inmheánacha do na sócmhainní sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dóthain caipitil acu chun na priacail ghaolmhara a chumhdach.

Seachas an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin tríd an athchóiriú iar-ghéarchéime arna chomhaontú ag an leibhéal idirnáisiúnta a thabhairt chun críche, beidh priacail do na bainc ag baint leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuaine, priacail nach mór do na bainc a bhainistiú chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Cuireadh i dtábhacht sa Straitéis maidir le maoiniú inbhuanaithe an gá atá ann rioscaí aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú níos fearr i gcreat stuamachta an Aontais. Ní leor na ceanglais dlí atá ann faoi láthair chun dreasachtaí a chur ar fáil chun go ndéanfadh na bainc bainistiú córasach comhsheasmhach ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais.

Réimse eile fócais is ea forfheidhmiú ceart na rialacha stuamachta. Tá ról ríthábhachtach ag maoirseoirí i ndáil leis sin. Ní mór na huirlisí agus na cumhachtaí is gá a bheith ag maoirseoirí chun na críche sin (e.g. na cumhachtaí chun bainc agus a ngníomhaíochtaí a údarú, chun oiriúnacht a lucht bainistíochta a sheiceáil, nó chun smachtbhannaí a chur orthu i gcás ina sáraíonn siad na rialacha). Cé go n‑áirithítear íosleibhéal comhchuibhithe le reachtaíocht an Aontais, tá éagsúlacht mhór sna huirlisí maoirseachta agus sna nósanna imeachta ó Bhallstát go chéile. Leis an tírdhreach rialála ilroinnte sin maidir le sainmhíniú na gcumhachtaí agus na n‑uirlisí áirithe atá ar fáil do mhaoirseoirí agus a gcur i bhfeidhm, ar fud na mBallstát baintear an bonn den chothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair agus tá amhras ann faoi bhainistíocht fhónta stuama bhainc an Aontais agus faoin maoirseacht a dhéantar orthu. Tá an fhadhb sin thar a bheith géar i gcomhthéacs an Aontais Baincéireachta. De bharr difríochtaí idir 19 gcóras dlí éagsúla cuirtear cosc ar an Sásra Aonair Maoirseachta a fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach éifeachtúil. Thairis sin, ní mór do ghrúpaí baincéireachta trasteorann déileáil le roinnt nósanna imeachta éagsúla le haghaidh na saincheiste céanna stuamachta, rud a mhéadaíonn a gcostais riaracháin go míchuí.

Uirlis thábhachtach eile is ea smacht margaidh. Ionas go bhfeidhmeoidh infheisteoirí a ról maidir le faireachán a dhéanamh ar iompar na mbanc, ní mór dóibh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá. Mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis stuamachta atá ann faoi láthair, ní bhíonn ag rannpháirtithe sa mhargadh an fhaisnéis maidir le staid stuamachta na mbanc, faisnéis atá de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh. Is é an toradh a bhíonn air sin go laghdaítear éifeachtacht an chreata stuamachta do na bainc agus d’fhéadfadh amhras a bheith ann faoi athléimneacht na hearnála baincéireachta, go háirithe le linn tréimhsí struis.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Tá dhá chuspóir ghinearálta á saothrú ag an tionscnamh seo: rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais agus rannchuidiú le maoiniú seasta an gheilleagair i gcomhthéacs an téarnaimh tar éis ghéarchéim COVID-19. Is féidir iad sin a mhiondealú i gcuspóirí níos sonraí:

I)an creat caipitil bunaithe ar phriacal a neartú, gan méaduithe suntasacha ar na ceanglais chaipitil ar an iomlán;

II)feabhas a chur ar an mbéim a chuirtear ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais sa chreat stuamachta;

III)cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta a chomhchuibhiú tuilleadh; agus

IV)costais riaracháin na mbanc a bhaineann le nochtadh poiblí a laghdú agus rochtain ar shonraí stuamachta na mbanc a fheabhsú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Is féidir na cuspóirí a shaothraítear leis na bearta atá beartaithe a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla toisc gur coigeartuithe agus nuashonruithe iad ar rialacha Aontais atá ann cheana. Is ionann na fadhbanna sin agus na cúiseanna bunúsacha ar fud na mBallstát uile agus baineann na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hiompar agus le samhail ghnó na mbanc aonair, seachas leis an áit ina bhfuil siad laistigh den Aontas.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Cás bunlíne. Is é an cás bunlíne na rialacha atá ann cheana a fhágáil gan athrú.

Roghanna beartais Déantar na roghanna beartais ardleibhéil seo a leanas a mheas sa mheasúnú tionchair:

-maidir le feabhas a chur ar an gcreat stuamachta atá ann faoi láthair chun ceanglais chaipitil bunaithe ar phriacal a ríomh, is iad seo a leanas na roghanna atá á meas: (1) eilimintí deiridh athchóiriú Basel IIII a chur chun feidhme mar a comhaontaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta; (2) na heilimintí sin a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe áirithe d’fhonn sonraíochtaí an Aontais a chur san áireamh, agus (3) iad a chur chun feidhme i dteannta na gcoigeartuithe agus na socruithe idirthréimhseacha a tugadh isteach mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 (an rogha tosaíochta);

-maidir le gabháil thiomanta priacal comhshaoil sóisialta agus rialachais faoi chuimsiú an chreata stuamachta, is iad na roghanna a breithníodh (1) bearta a thabhairt isteach chun go ndéanfaidh bainc bainistiú níos fearr ar phriacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (rogha tosaíochta), agus (2) íoscheanglais chaipitil a oiriúnú chun priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a léiriú;

-Maidir le feabhas a chur ar chomhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm na gcumhachtaí maoirseachta, is iad na roghanna a breithníodh (1) forálacha áirithe maidir le cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a shoiléiriú agus a chomhlánú agus, an tráth céanna, dóthain solúbthachta a fhágáil ag na Ballstáit, agus (2) leibhéal comhchuibhithe níos mó a áirithiú sna forálacha maidir le cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí trí sholúbthacht na mBallstát a chúngú (an rogha tosaíochta); agus

-maidir le costais nochta a laghdú agus rochtain an mhargaidh ar fhaisnéis stuamachta bainc a fheabhsú, is iad na roghanna a breithníodh ceangal a chur ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) rochtain leictreonach aonair ar bhainc an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil (1) maidir le nochtadh cainníochtúil amháin nó (2) nochtadh cáilíochtúil (an rogha tosaíochta).

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Ar an iomlán, aontaíonn na páirtithe leasmhara gur gá eilimintí deiridh athchóiriú Basel IIII a chur chun feidhme, ach tá tuairimí éagsúla acu maidir leis an gcaoi ar cheart é sin a dhéanamh. Tá cur chuige coimeádach ag maoirseoirí agus b’fhearr leo go gcuirfí na caighdeáin sin chun feidhme go dílis, agus tá an tionscal airgeadais i bhfabhar roinnt coigeartuithe a dhéanamh ar na caighdeáin sin agus tionchar an athchóirithe a scaipeadh thar roinnt blianta.

Aithníonn an chuid is mó de na páirtithe leasmhara (bainc, maoirseoirí, grúpaí na sochaí sibhialta) nach mór na priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a léiriú sna ceanglais stuamachta ar na bainc, agus aontaíonn go leor acu nach mór aon athrú ar cheanglais chaipitil a bheith bunaithe ar fhianaise dhaingean na ndifreálach priacail bunaithe ar fhachtóirí priacal comhshaoil sóisialta agus rialachais, fianaise a mheasann siad nach bhfuil ar fáil faoi láthair.

Braitheann tuairimí na maoirseoirí agus na mbanc maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tsraith straitéisí maoirseachta agus ar an gcreat um measúnú cuí cóir, den chuid is mó, ar na cleachtais atá acu faoi láthair ach tacaíonn siad leis na hathruithe ar an iomlán.

Tríd is trí, tá na tuairimí dearfach freisin maidir leis an tionscnamh chun tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí a lárú: Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara sa tionscal leis an gcur chuige agus chuir maoirseoirí in iúl gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le hionchais mhíchearta go mbeadh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) freagrach as cáilíocht na faisnéise arna nochtadh ag bainc.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Ach an rogha tosaíochta a chur chun feidhme maidir le heilimintí deiridh athchóiriú Basel IIII a chur chun feidhme, chuirfí feabhas ar iontaofacht agus stóinseacht an chreata stuamachta banc agus dá bhrí sin mhéadófaí athléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais. Bheadh tionchar dearfach aige sin ar fhás eacnamaíoch a chothú san Aontas sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Go sonrach, laghdódh na hathchóirithe déine na gcor chun donais eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo trí dhóchúlacht agus déine na ngéarchéimeanna baincéireachta a bheidh ann amach anseo a laghdú.

Thairis sin, chuideodh na coigeartuithe eile ar an gcreat stuamachta i) lena áirithiú go mbainisteoidh bainc an Aontais an t‑aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe, ii) cur i bhfeidhm an leabhair rialacha aonair a éascú agus iii) an t‑ualach riaracháin agus comhlíonta ar na bainc agus ar a maoirseoirí a laghdú.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Leis an rogha tosaíochta a chur chun feidhme agus na bearta ar fad sa togra á gcur san áireamh, meastar go dtiocfaidh meánmhéadú ualaithe + 6.4 % go + 8.4 % san fhadtéarma (faoi 2030) ar cheanglais chaipitil bhainc an Aontais tar éis na hidirthréimhse atá beartaithe. Sa mheántéarma (in 2025), meastar go mbeidh an méadú sin idir + 0.7 % agus + 2.7 %.

De réir na meastachán a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an tionchar sin go ndéanfaidh líon teoranta banc mór de chuid an Aontais (10 as 99 mbanc sa sampla tástála) méideanna breise caipitil (níos lú ná EUR 27 mbilliún i gcás na 10 mbanc) a thiomsú le chéile chun na híoscheanglais chaipitil nua faoin rogha tosaíochta a chomhlíonadh. Chun an méid sin a léiriú i gceart, bhí ag na 99 mbanc sa sampla (arb iad 75 % de shócmhainní baincéireachta an Aontais), méid iomlán caipitil rialála dar luach EUR 1414 bhilliún ag deireadh 2019 agus bhí brabús EUR 99.8 billiún acu in 2019.

Cé go dtabhódh bainc costais riaracháin agus oibríochtúla aonuaire chun na hathruithe ar na rialacha a chur chun feidhme, meastar go laghdóidh na simplithe intuigthe i roinnt mhaith de na roghanna tosaíochta (e.g. cuir chuige na samhlacha inmheánacha a bhaint) na costais athfhillteacha i gcomparáid leis an lá atá inniu ann.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Dheimhneofaí leis na roghanna beartais tosaíochta bearta atá ann cheana a bhfuil sé d’aidhm acu aon tionchar ar iasachtaí do FBManna a íoslaghdú. Níl bearta iontu ach oiread a mbeadh tionchar diúltach suntasach acu ar iasachtaí do FBManna. Ar deireadh, maidir leis na roghanna tosaíochta lena mbeartaítear bearta arb é is aidhm dóibh na costais chomhlíonta a laghdú le haghaidh na mbanc, go háirithe i gcás na gceann níos lú agus nach bhfuil chomh casta sin, d’fhéadfaí costais iasachtaíochta do FBManna a laghdú dá gcuirfí ar aghaidh na laghduithe ar chostais.

Cé go bhféadfaí costais a mhéadú do bhainc áirithe de chuid an Aontais leis an athchóiriú sin sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, bheadh siad níos athléimní in aghaidh turraingí eacnamaíocha dá bharr, rud a d’fhágfadh muinín in earnáil baincéireachta an Aontais arís i súile na n‑infheisteoirí. Laghdódh sé sin costas a gcuid cistithe agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé le hiomaíochas bhainc an Aontais i ndáil lena gcomhghleacaithe idirnáisiúnta.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní mheastar go mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta ná ar údaráis riaracháin náisiúnta.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Níl coinne le tionchar suntasach eile.

Comhréireacht?  

Sna roghanna tosaíochta tá bearta a mheastar a bheith fíor-riachtanach chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar an measúnú ar thionchar an phacáiste seo 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta, rud atá i gcomhréir leis an modheolaíocht a comhaontaíodh sular seoladh an measúnú.