An Bhruiséil,29.10.2021

COM(2021) 963 final

2021/0359(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit i ndáil leis an tsraith creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an togra

Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle 1 (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) le haghaidh méid EUR 319 192 359 chun cúnamh a thabhairt don Chróit de dheasca na sraithe creathanna talún a tharla idir 28 Nollaig 2020 agus 21 Feabhra 2021.

Tá ag gabháil leis an slógadh sin DEC Uimh. 28/2021 lena moltar méid EUR 277 866 852 a aistriú ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (dá ngairtear ‘SEAR’ anseo feasta) chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, i ngealltanais agus in íocaíochtaí araon. Úsáidfear na leithreasuithe sin chun an méid atá fágtha a íoc leis an gCróit, tar éis an t‑airleacan EUR 41 325 507 a íocadh cheana a bhaint.

2.Faisnéis agus coinníollacha

2.1An Chróit – creathanna talún ón 28 Nollaig 2020

An 28 Nollaig 2020, bhuail crith talún láidir (méid sheismeach 5,0 ML 2 agus déine EMS VI-VII 3 ) ceantar Petrinja, crith talún a raibh a eipealár cóngarach do limistéar bhaile Petrinja. Ní raibh ann ach réamhchrith an chreatha talún a tharla an lá ina dhiaidh. An 29 Nollaig 2020 bhuail crith talún dar mhéid 6,2 ML mórcheantar Petrinja agus bhí taismí agus damáiste suntasach ann dá dheasca. Ba iad na limistéir is mó a buaileadh na bailte Sisak, Petrinja agus Glina mar aon leis na sráidbhailte máguaird. I lár Sisak, rinneadh leibhéil éagsúla damáiste do 90 % de na foirgnimh. Rinneadh damáiste freisin i gcontaetha Karlovacka agus Zagrebacka. An 30 Nollaig 2020, taifeadadh roinnt iarchreathanna láidre a raibh neart idir 2,7 ML agus 5,2 ML acu. I ndiaidh na gcreathanna tosaigh, bhuail sraith iarchreathanna limistéar an eipealáir, áit ar taifeadadh 4 000 iarchrith sa chéad chúpla mí.

Ina dhiaidh sin, chuir Poblacht na Cróite iarratas isteach ar chúnamh airgeadais ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an tsraith creathanna talún a tharla idir 28 Nollaig 2020 agus 21 Feabhra 2021.

Rinne seirbhísí an Choimisiúin mionscrúdú ar an iarratas i gcomhréir leis an Rialachán, go háirithe le hAirteagail 2, 3 agus 4 de. Leagtar na gnéithe is tábhachtaí den mheasúnú amach thíos:

(1)An 18 Márta 2021, chuir Poblacht na Cróite (dá ngairtear ‘an Chróit’ anseo feasta) iarratas isteach ar ranníocaíocht ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i dtaca leis an tsraith creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020 ar aghaidh.

(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den tréimhse dhá sheachtain déag tar éis an chéad damáiste a rinneadh leis an tubaiste agus san iarratas tá an fhaisnéis go léir a cheanglaítear faoi Airteagal 4 den Rialachán.

(3)Is de bhunús nádúrtha an crith talún, agus dá bhrí sin tagann sé faoi raon feidhme CDAE.

(4)De réir mheastachán údaráis na Cróite, is é EUR 5 508 740 811 méid iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh. 10,21 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) na Cróite atá sa mhéid sin, agus sáraíonn sé an tairseach i gcás mórthubaistí lena slógtar EUR 323,774 mhilliún (0,6 % d’OIN na Cróite in 2021) chun CDAE; dá bhrí sin, is ‘mórthubaiste nádúrtha’ í an tubaiste agus mar sin tagann sé faoi phríomhraon feidhme an Rialacháin.

(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ón gCiste Dlúthpháirtíochta a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán.

(6)San iarratas, rinne údaráis na Cróite cur síos mionsonraithe ar an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. Crith talún dar méid 6,2 MLa bhuail mórcheantar Pretinja an 29 Nollaig 2020, agus cailleadh seachtar, gortaíodh na dosaenacha agus rinneadh damáiste suntasach dá dheasca: airíodh é i limistéar an‑fhairsing, lena n‑áirítear an tSlóivéin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Ungáir. Rinne an crith talún seo damáiste d’fhoirgnimh ní hamháin i limistéar an eipealáir ach i limistéar an‑fhairsing ar fud chríoch na Cróite. Bhí tionchar aige freisin ar fhoirgnimh a ndearnadh damáiste dóibh le crith talún Shágrab an 22 Márta 2020 roimhe sin agus dá thoradh sin rinneadh iarracht mhór agus chasta chun a mheas an ndearnadh damáiste nua d’fhoirgnimh a bhí leochaileach cheana féin. In éineacht leis an tsraith 4 000 iarchrith a taifeadadh, is é an tubaiste chreatha talún is mó a bhuail an Chróit le blianta beaga anuas. An 4 Eanáir 2021, d’fhógair rialtas na Cróite staid tubaiste nádúrtha (crith talún) do limistéar na gContaetha Sisak-Moslavina, Shágraib, agus Karlovacka.

(7)Meastar go bhfuil 1,55 milliún duine (níos mó ná trian de dhaonra iomlán na Cróite) buailte go han‑dona ag sraith creathanna talún Mhí na Nollag 2020 agus na hiarchreathanna. Is árais teaghlaigh an cineál teaghaise is mó a ndearnadh damáiste dóibh toisc gur árais teaghlaigh iad an chuid is mó den stoic tithíochta. Baineann 72 % de na foirgnimh a ndearnadh damáiste dóibh leis an earnáil tithíochta agus baineann an 28 % eile le hearnálacha éagsúla eile. Tá 85,25 % de na haonaid chónaithe a ndearnadh damáiste dóibh lonnaithe i gContae Sisak-Moslavina. Fágadh go leor daoine gan dídean toisc go ndearnadh níos mó damáiste don earnáil tithíochta ná mar a rinneadh do na hearnálacha uile eile trí chéile.

(8)Rinne na creathanna talún damáiste mór do bhonneagar oideachais (rinneadh damáiste do 271 fhoirgneamh san iomlán), agus do bhonneagar oidhreachta ailtireachta agus cultúrtha chomh maith sna haonaid riaracháin ábhartha. Rinneadh an damáiste is tromchúisí don ospidéal ginearálta i gContae Sisak-Moslavina, an príomhsholáthraí leighis sa réigiúin. Rinne an crith talún damáiste mór do bheagnach gach foirgneamh ospidéil in Sisak agus in Petrinja, rud a d’fhág nach raibh na foirgnimh sin sábháilte le haghaidh othar. San iomlán, rinneadh damáiste do 324 fhoirgneamh a bhíonn in úsáid ag comhlachtaí riaracháin stáit agus institiúidí eile. I measc na bhfoirgneamh a ndearnadh damáiste dóibh, tá aicmiú oidhreachta cultúrtha ag sé cinn acu.

(9)Leis an measúnú neamhspleách a rinne seirbhísí an Choimisiúin deimhníodh an limistéar a bualadh chomh maith le líon foriomlán an daonra neamhchosanta a dearbhaíodh san iarratas. Le gníomhachtú Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus – Mear-Léarscáiliú de chuid an Chomhphobail Eorpaigh bhíothas in ann anailís a dhéanamh ar íomhánna satailíte a bhfuil taifeach an‑ard ag gabháil leo. San anailís deimhníodh na damáistí a rinneadh do na foirgnimh i mbailte Petrinja, Sisak agus Glina agus deimhníodh dáileadh spásúil na ndamáistí a dearbhaíodh san iarratas. Le hanailís thiomnaithe a rinneadh sa Chomhionad Taighde, deimhníodh go raibh tionchar i bhfad níos mó ag crith talún Petrinja (beagnach a dhá oiread) ó thaobh an daonra a buaileadh agus an limistéir fhoirgnithe i gcomparáid le crith talún an 22 Márta 2020 a raibh a heipealár níos gaire do Shágrab, ach de bharr costais atógála níos ísle agus gur buaileadh líon níos lú foirgnimh a bhfuil luach stairiúil acu, tá an damáiste díreach iomlán i bhfad níos lú. Le measúnú an Choimisiúin deimhníodh gur inchreidte an damáiste díreach iomlán a bheith laistigh d’ord méide an damáiste a mheas údaráis na Cróite.

(10)Ba é EUR 1,66 billiún meastachán na Cróite ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus chuir sí i láthair é agus é arna mhiondealú de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó le costais cóiríochta sealadaí (os cionn EUR 368 milliún), le criosanna nádúrtha atá buailte a athbhunú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint (os cionn EUR 304 milliún) agus leis na limistéir ar bhuail an tubaiste iad a ghlanadh (os cionn EUR 228 milliún).

(11)Dhearbhaigh údaráis na Cróite nach ann d’aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.

(12)San iarratas a rinne an Chróit an 18 Márta 2021, d’iarr sí go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 23 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 4648 chun airleacan EUR 41 325 507 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an gCróit ina dhiaidh sin.

(13)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.

(14)Leagtar amach le hAirteagal 47a de na Leasuithe ar Acht Foirgníochta na Cróite, a tháinig i bhfeidhm an 28 Nollaig 2019, an oibleagáid chun straitéis fhadtéarmach a ghlacadh chun athchóiriú a dhéanamh ar an gciste náisiúnta foirgneamh, lena n‑áirítear beartais agus bearta a rannchuidíonn le cosaint a mhéadú i gcoinne rioscaí a bhaineann le creathanna talún a mbíonn tionchar acu ar shaolré foirgneamh.

2.2Conclúid

Mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, comhlíonann an tubaiste dá dtagraítear san iarratas a chuir an Chróit isteach na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán.

3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE/SEAR 2021

Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 4 (“Rialachán CAI” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 9 de, féadtar CDAE a shlógadh, i gcomhthéacs SEAR. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 5 (IIA), chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs SEAR.

Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta do bhunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a chiallaíonn sé sin, de réir an chleachtais sheanbhunaithe, gur cheart gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná tairseach ‘an mhór-thubaiste nádúrtha’ le haghaidh CDAE a shlógadh (i.e. 0.6 % den OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu méid is lú), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí 2.5 % den damáiste díreach iomlán, faoin tairseach, agus 6 % don chuid den damáiste atá os cionn na tairsí.

Ní fhéadfaidh an ranníocaíocht a bheith níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.

Ar bhonn an iarratais ón gCróit agus na meastachán ar chostas iomlán an damáiste dhírigh, is mar seo a leanas atá na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE:

Cáiliú na tubaiste

Damáiste díreach iomlán

(EUR)

An tairseach a chuirtear i bhfeidhm i gcás mórthubaistí 

(EUR)

2,5 % den damáiste díreach suas go dtí an tairseach i gcás mórthubaistí

6 % de dhamáiste díreach atá os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí

Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe

Airleacan arna íoc

Mór

5 508 740 811

323 774 000

8 094 350

311 098 009

319 192 359

41 325 507

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI, is é EUR 1 200 000 000 i bpraghsanna 2018 nó EUR 1 273 450 000 i bpraghsanna reatha uasteorainn bhliantúil fhoriomlán SEAR. Leagtar síos in Airteagal 9(4) de Rialachán CAI maidir le haon cheann de chomhpháirteanna SEAR, amhail ón 1 Meán Fómhair gach bliain, go bhféadfar an chuid atá fágtha den mhéid atá ar fáil faoi SEAR a úsáid le haghaidh cúnaimh. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán CAI b’éigean 25 % de leithdháileadh foriomlán SEAR 2021 (EUR 318 362 500 i bpraghsanna reatha) a choinneáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, agus ón dáta sin bhí sé ar fáil do chomhpháirteanna uile SEAR.

Tar éis Cinneadh maidir le Slógadh a dhéanamh in 2021 6 , slógadh méid iomlán EUR 484 199 841 CDAE cheana féin chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus do 20 Ballstát agus tír aontachais i ndáil le móréigeandáil sláinte.

Dá bhrí sin, is é EUR 359 968 632 an t‑uasmhéid atá ar fáil lena shlógadh faoi EUSF ag an bpointe seo, agus is leor an tsuim sin chun na riachtanais faoin gcinneadh um Shlógadh seo a chumhdach.

An méid atá ar fáil faoi láthair faoi EUSF:

 

Leithdháileadh bliantúil SEAR 2021

EUR 1 273 450 000

Móide an sciar sin de leithdháileadh CDAE le haghaidh 2020 nár caitheadh agus a tugadh anonn go 2021

EUR 47 981 598

Lúide méid CDAE a slógadh cheana in 2021

- EUR 484 199 841

Lúide an méid a slógadh cheana le comhpháirteanna eile SEAR

- EUR 477 263 125

Méid SEAR atá ar fáil lena shlógadh

EUR 359 968 632

An méid iomlán a bheartaítear a shlógadh don Chróit

EUR 319 192 359

Infhaighteachtaí SEAR atá fágtha go dtí deireadh 2021

EUR 40 776 273

2021/0359 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit i ndáil leis an tsraith creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 7 , agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 8 , agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)Ní fhéadfaidh an ranníocaíocht airgeadais ón gCiste a bheith níos mó ná na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal (9) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle 9 . I gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus (4) de Rialachán CAI, agus slógaí an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a rinneadh cheana in 2021 á gcur san áireamh, is é EUR 359 968 632 an t‑uasmhéid is féidir a shlógadh ón gCiste, agus is leor an tsuim sin chun na riachtanais faoin gCinneadh um Shlógadh seo a chumhdach.

(3)An 18 Márta 2021, chuir an Chróit iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na sraithe creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020.

(4)Tá an t‑iarratas a chuir an Chróit isteach i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagail 2 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Chróit.

(8)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

‑I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, slógfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun EUR 319 192 359 a sholáthar don Chróit i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, lena náirítear EUR 41 325 507 mar réamhíocaíocht.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [dáta a ghlactha] 10***.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3) arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 189, 27.6.2014, lch. 143) agus le Rialachán (AE) Uimh. 461/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 (IO L 99, 31.3.2020, lch. 9).
(2)    Is éard atá in ML an mhéid ar an scála seismeach ‘Richter’ nó an scála méide áitiúla.
(3)    Scála Macrasheismeach Eorpach.
(4)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
(5)    IO C 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(6)    Cinneadh (AE) 2021/885 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí.
(7)    IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(8)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(9)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(10) ** An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san Iris Oifigiúil é.