An Bhruiséil,22.12.2021

COM(2021) 833 final

2021/0439(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑aisghairtear, thar ceann an Aontais, Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle maidir le comhairliúcháin a thabhairt chun críche le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tar éis don staid sa Bhurúin dul in olcas sa tréimhse roimh na toghcháin reachtacha agus uachtaránachta i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2015, mheas an tAontas Eorpach nár chomhlíon Poblacht na Burúine na gnéithe bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 9 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE 1 maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta.

Tar éis na gcomhairliúchán arna reáchtáil sa Bhruiséil an 8 Nollaig 2015 faoi Airteagal 96 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, thug an tAontas Eorpach dá aire na freagraí a thug Rialtas na Burúine agus gealltanas an Rialtais sin soiléirithe a sholáthar i ndáil leis na ceisteanna a tarraingíodh anuas agus le dlús a chur le himeachtaí breithiúnacha áirithe. Mar sin féin, mheas an tAontas Eorpach nár tugadh aghaidh go cuimsitheach, leis na seasaimh a cuireadh in iúl, ar an gceist maidir le neamh-chomhlíonadh na ngnéithe bunriachtanacha dá chomhpháirtíocht le Poblacht na Burúine. Níor thug na seasaimh sin freagairt shásúil ach oiread do na cinntí a rinne Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh an 17 Deireadh Fómhair agus an 13 Samhain 2015, go háirithe an gá atá le fíor-idirphlé cuimsitheach a thionól go gasta, bunaithe ar Chomhaontú Arusha a urramú.

An 13 Samhain 2015, le Cinneadh 2016/394 ón gComhairle, tugadh comhairliúcháin chun críche agus rinneadh bearta iomchuí, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin 2 . Áiríodh orthu sin tacaíocht airgeadais nó eisíocaíochtaí cistí (lena náirítear tacaíocht bhuiséadach) a chur ar fionraí, ar cistí iad a chuaigh chun tairbhe go díreach do riarachán nó d’institiúidí na Burúine.

Ó bhí aistriú polaitiúil síochánta 2020 ann as ar lean toghadh Uachtarán Ndayishimiye agus ainmniú rialtais nua, thug an tAontas Eorpach móiminteam dearfach faoi deara, móiminteam a léiríodh leis an méid seo a leanas:

·Rannpháirtíocht chuiditheach leis an mBurúin in idirphlé polaitiúil de bhun Airteagal 8 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE;

·Iarrachtaí an rialtais chun tacú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht, bearta chun dea-rialachas a fheabhsú, saoirse na meán; dearbhuithe maidir le cearta an duine, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós;

·Comhaontú maidir le treochlár (‘feuille de route’) ina bhfuil gealltanais ó rialtas na Burúine mar fhreagairt ar Chinneadh 2016/394 ón gComhairle sna réimsí seo a leanas: cearta an duine; ceartas agus an smacht reachta; saoirse tuairimíochta agus saoirse an phreasa; dea-rialachas; an tsíocháin, an tslándáil agus an daonlathas; cúinsí gnó; an comhshaol agus an bhithéagsúlacht;

·Líon mór dídeanaithe atá ag filleadh ar an mBurúin go deonach;

·Tús a chur an athuair leis an gcomhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta agus le tíortha comharsanachta.

I bhfianaise an dul chun cinn agus na ngealltanas sin, chuir na Cinn Mhisin ina dtuarascáil an 19 Bealtaine 2021 in iúl nach raibh na bearta iomchuí a luaitear san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2016/394 ón gComhairle ábhartha a thuilleadh agus mhol siad, ar an gcaoi sin, go gcuirfí i leataobh iad.

Mar sin féin, ba cheart leanúint de na saincheisteanna seo a leanas a tharraingt anuas i gcomhthéacs an idirphlé pholaitiúil a bunaíodh leis an mBurúin faoi Airteagal 8 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE :

·Feabhas a chur ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta, ar chearta an duine, ar na cúinsí gnó, mar bhonn riachtanach don fhorbairt inbhuanaithe;

·Príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor, filleadh chomhaltaí an fhreasúra agus an tsochaí shibhialta; is gá an spás polaitiúil a oscailt agus a cheansú, chun athmhuintearas a bhaint amach;

·Iarrachtaí leanúnacha chun saoirse na meán a neartú;

·Gabhálacha treallacha a laghdú; rialú níos fearr ag údaráis ábhartha na ngrúpaí foréigneacha a bhaineann leis an bpolaitíocht (‘Imbonerakure’) agus cuntasacht agus trédhearcacht fheabhsaithe gníomhaíochtaí áirithe de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise (SNR); athchóiriú ar na breithiúna, scaradh Stáit agus Páirtí;

·neamhspleáchas na Sochaí Sibhialta/Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a urramú

Is é is cuspóir don togra seo, dá bhrí sin, Cinneadh 2016/394 ón gComhairle a aisghairm, rud a fhágfaidh go gcuirfear deireadh leis na bearta iomchuí a shainmhínítear i gconclúidí na gcomhairliúchán de bhun Airteagal 96 de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana, eadhon na nithe seo a leanas:

·An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbraíocht - ‘Our World, our Dignity, Our Future’ [‘Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí’], an 8 Meitheamh 2017 3 .

·An Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh

·Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic], 9 Márta 2020 4 .

·Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 5 .

·Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 6 .

·Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne an 25 Samhain 2020 7 .

Tá comhar an Aontais bunaithe ar Chlár Oibre 2030 agus ar na SDGanna, Comhaontú Pháras, agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa.

Leis an togra, beifear in ann na forálacha atá iontu a chur chun feidhme ina n‑iomláine a mhéid a fhágfaidh sé go bhféadfaidh an tAontas a bheith ag obair i gcomhar le Rialtas na Burúine agus faireachán á dhéanamh aige san am céanna ar ábhair imní tríd an idirphlé polaitiúil buan a cuireadh ar bun arís.  

 Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tosaíochtaí an Choimisiúin le haghaidh 2019-2024 de réir mar atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí seachtracha: An Comhaontú Glas, an t‑aistriú digiteach agus teicneolaíochtaí sonraí, comhghuaillíochtaí d’fhás inbhuanaithe agus d’obair chuibhiúil, bainistiú agus rialachas níos fearr ar an imirce, comhpháirtíochtaí imirce, agus rialachas, síocháin agus slándáil. Tá sé comhsheasmhach freisin le Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na bearta a bheidh le glacadh agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACP-AE a chur chun feidhme 8 , agus go háirithe Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou athbhreithnithe 9 .

Coimhdeacht

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr a bhfairsinge agus a dtionchair, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Leis an tionscnamh seo saothraítear cuspóir an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus rannchuidítear leis an tosaíocht pholaitiúil ‘an tAontas Eorpach a bheith ina ghníomhaí domhanda níos láidre’. Tá sé i gcomhréir le forálacha beartais an Aontais sa réimse beartais, chomh maith le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. Tríd an gcinneadh sin a aisghairm, beifear in ann an gnáthchaidreamh idir an tAontas agus an Bhurúin a atosú, agus trí úsáid a bhaint as raon iomlán na n‑ionstraimí comhpháirtíochta atá ar fáil dó, tacóidh an tAontas, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag Rialtas na Burúine na hinstitiúidí daonlathacha a chobhsú agus a chomhdhlúthú, cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus na gealltanais a tugadh ina threochlár (‘Feuille de route’) a chur chun feidhme chun tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh sna réimsí sin, agus é ag dul i mbun idirphlé polaitiúil lena gcuirfear cuntasacht fhrithpháirteach chun cinn.

An rogha ionstraime

Déanann an Coimisiún an togra, i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de réir an nós imeachta a roghnaíodh chun na bearta iomchuí a leagtar síos san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2016/394 ón gComhairle a ghlacadh. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a chuirtear in iúl sa togra seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh tús leis an togra sin agus cuireadh san áireamh an tuarascáil thuasluaite ó Chinn Mhisin an Aontais sa Bhurúin, a pléadh sa Mheitheal um an Afraic (COAFR) an 25 Bealtaine 2021 agus sa Mheitheal um Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (CFI) an 28 Bealtaine 2021. D’aithin toscairí COAFR gur tharla forbairtí dearfacha, agus chuir siad in iúl go raibh siad i bhfabhar na bearta iomchuí a chúlghairm agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé leanúint de Rialtas na Burúine a spreagadh tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i réimse Chearta an Duine, an smachta reachta agus an rialachais. Chuir toscairí na Meithle ACC in iúl go dtacaíonn siad le toradh phlé COAFR agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé na bearta sriantacha 10 a choinneáil ar dhaoine ábhartha chun tuilleadh dul chun cinn a éascú.

Measúnú tionchair

Trí na bearta iomchuí a chúlghairm, táthar ag súil go gcuirfear leis an muinín idir an tAontas agus an Bhurúin agus go ndéanfar an caidreamh a normalú; d’fhéadfadh sé cur leis na fórsaí dearfacha laistigh de struchtúir chumhachta na Burúine; d’fhéadfadh sé idirphlé polaitiúil a cheadú in ábhair íogaire, tionchar an Aontais a mhéadú agus seasamh an Aontais sa Bhurúin a threisiú i ndáil le gníomhaithe domhanda eile.

Má bhaintear na bearta iomchuí, beifear in ann úsáid a bhaint as an ngiaráil a chuirtear ar fáil leis an gClársceidealú Táscach Ilbhliantúil ó 2021-2027 mar dhreasacht chun feabhsuithe a shaothrú i ndáil le cearta an duine, leis an smacht reachta agus le rialachas.

Cearta bunúsacha

Ina theannta sin, de réir Chinneadh 2015/1763 11 ón gComhairle, leanfar de bhearta sriantacha i gcoinne daoine, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann an bonn den daonlathas nó a chuireann bac ar an gcuardach ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Cé go mbeartaítear leis an togra seo go gcuirfear deireadh leis na bearta iomchuí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2016/394 ón gComhairle, leanfaidh bearta sriantacha faoi Chinneadh 2015/1763 ón gComhairle de bheith i bhfeidhm, agus déanfar athbhreithniú orthu más iomchuí de réir mar a fhoráiltear sa chinneadh sin.

D’iarr toscairí COAFR plé a chur ar bun maidir lena bhfuil i ndán do Choimisiún Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBurúin. Tar éis an phlé sin, chinn Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ar bhonn rún faoi stiúir an Aontais 12 , sainordú faireacháin a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a bhunú i bhfoirm Rapóirtéir Speisialta maidir leis an staid sa Bhurúin i dtaca le cearta an duine, mar obair leantach ar an obair atá déanta ag an gCoimisiún Fiosrúcháin.

2021/0439 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑aisghairtear, thar ceann an Aontais, Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle maidir le comhairliúcháin a thabhairt chun críche le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, (‘Comhaontú Cotonou’), agus go háirithe Airteagal 96(2)(a), an ceathrú fomhír de 13 ,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na bearta a bheidh le glacadh agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint chun Comhaontú Cotonou a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 3 de 14 ,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Na comhairliúcháin le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, arna leasú 15 agus arna leathnú 16 , tugadh i gcrích iad le Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle 17 , agus rinneadh bearta iomchuí, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, tar éis togra ón gCoimisiún i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(2)Ar an iomlán, leis an aistriú síochánta polaitiúil a bhí ann mar gheall ar olltoghchán mhí na Bealtaine 2020, cuireadh tús le ré nua dóchais don phobal agus deiseanna don Bhurúin agus dá caidreamh lena comhpháirtithe.

(3)Ó shin i leith, tá aitheantas tugtha ag an Aontas don dul chun cinn dearfach a rinne Rialtas na Burúine maidir le cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta, agus na gealltanais a tugadh ina threochlár (‘Feuille de route’) d’fhonn tuilleadh feabhais a chur ar na réimsí sin.

(4)Bunaíodh rialtas a gheall na hathchóirithe a bhí riachtanach d’fhorbairt agus do chobhsaíocht na tíre a chur chun feidhme, agus rinneadh dul chun cinn spreagúil i dtreo chur chun feidhme na ngealltanas a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/394.

(5)I gcomhréir leis an measúnú ón gCoimisiún, i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, níl na cúiseanna ar glacadh Cinneadh (AE) 2016/394, mar a leagtar amach sa chinneadh sin, i bhfeidhm a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh sin a aisghairm thar ceann an Aontais.

(6)Tá dúshláin fós le sárú i réimsí chearta an duine, an dea-rialachais agus an smachta reachta, agus tá gá le tuilleadh dul chun cinn ó údaráis na Burúine, lena náirítear tríd an treochlár a chur chun feidhme, agus faoi chuimsiú idirphlé polaitiúil leanúnach idir an tAontas agus an Bhurúin.

(7)Tá an Bhurúin leochaileach i gcónaí agus tá tacaíocht na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta de dhíth ar na húdaráis thofa chun clár athchóirithe agus clár forbartha na tíre a chur chun feidhme.

(8)Ba cheart don Aontas Eorpach, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, tacú le hiarrachtaí leanúnacha na núdarás náisiúnta na hinstitiúidí daonlathacha a chobhsú agus a chomhdhlúthú, cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus na gealltanais a tugadh ina threochlár d’fheabhsuithe breise sna réimsí sin a chur chun feidhme, 

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/394 thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3). Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 ( IO L 209, 11.8.2005, lch. 27 ) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3). Rinneadh cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leathnú le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 001, 3.1.2020, lch. 3) arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 (IO L 420, 14.12.2020, lch. 32) agus Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 26 Samhain 2021 (IO L 441, 9.12.2021, lch. 3), go dtí an 30 Meitheamh 2022 nó go dtí go dtiocfaidh Comhaontú nua ACC-AE i bhfeidhm nó go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é, cibé acu is túisce.
(2)    Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle an 14 Márta 2016 maidir le comhairliúcháin a thabhairt chun críche le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 73, 18.3.2016, lch. 90).
(3)    Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún, An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbraíocht: Our World, Our Dignity, Our Future [Ár Domhan, Ár nDínit, Ár dTodhchaí] (IO C 210, 30.6.2017 lch. 1)
(4)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic] (JOIN(2020) 4 final).
(5)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (JOIN/2020/5 final)
(6)    Creat Straitéiseach AE agus Plean Gníomhaíochta AE (COUNCIL 11855/12)
(7)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne: An Ambitious Vision on Gender Equality and Women’s Empowerment for EU External Action [Fís Uaillmhianach maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh] (JOIN(2020 17 final).
(8)    Comhaontú inmheánach idir ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na bearta atá le déanamh agus na nósanna imeachta atá le leanúint chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-CE a chur chun feidhme (IO L 317, 15.12.2000, lch. 376).
(9)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3). Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3). Rinneadh cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leathnú le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 001, 3.1.2020, lch. 3) arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 (IO L 420, 14.12.2020, lch. 32) agus Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 26 Samhain 2021 (IO L 441, 9.12.2021, lch. 3), go dtí an 30 Meitheamh 2022 nó go dtí go dtiocfaidh Comhaontú nua ACC-AE i bhfeidhm nó go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é, cibé acu is túisce.
(10)    Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
(11)    Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
(12)    An Chomhairle um Chearta an Duine, Situation of Human Rights in Burundi [An Staid sa Bhurúin i dtaca le Cearta an Duine], A/HRC/48/16
(13)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3). Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 ( IO L 209, 11.8.2005, lch. 27 ) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3). Rinneadh cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leathnú le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 001, 3.1.2020, lch. 3) arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 (IO L 420, 14.12.2020, lch. 32) agus Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 26 Samhain 2021 (IO L 441, 9.12.2021, lch. 3).
(14)    Comhaontú inmheánach idir ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na bearta atá le déanamh agus na nósanna imeachta atá le leanúint chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-CE a chur chun feidhme (IO L 317, 15.12.2000, lch. 376).
(15)    Comhaontú lena leasaítear den dara huair an Comhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, arna leasú den chéad uair i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).
(16)    Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2] (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3), arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2052] (IO L 420, 14.12.2020, lch. 32)  agus Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 26 Samhain 2021 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2175]  (IO L 441, 9.12.2021, lch. 3).
(17)    Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle an 14 Márta 2016 maidir le comhairliúcháin a thabhairt chun críche le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 73, 18.3.2016, lch. 90).