AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.12.2021
COM(2021) 832 final
2021/0437(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha maidir le bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá tábhacht straitéiseach leis an earnáil iarnróid don Aontas Eorpach. Rannchuidíonn sí ar bhealach ríthábhachtach le geilleagar agus fostaíocht fhoriomlán an Aontais, trí os cionn 900 000 duine a fhostú go díreach, faoi thuairim 500 000 díobh sin ag gnóthais iarnróid agus faoi thuairim 400 000 díobh ag bainisteoirí bonneagair (faoi dheireadh na bliana 2018).
Tá an t-iompar d’iarnród ríthábhachtach do straitéis an Aontais i gcomhair earnáil iompair níos inbhuanaithe, i gcomhair comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus i gcomhair muintir na hEorpa a chónascadh laistigh de na Ballstáit agus ó Bhallstát go chéile. Cuireann an t-iompar d’iarnród, rud lena gcuirtear soghluaiseacht ghlan agus leibhéal ard éifeachtúlachta ar fáil, go mór leis an ilrogha modhanna iompair atá san Aontas. Dá bhrí sin, tá an t-iompar d’iarnród fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach de bharr a luacha mar an modh iompair is inbhuanaithe agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
In 2018, d’iompair an córas Eorpach iarnróid tuairim agus 1.6 billiún tona lastais agus 7.1 billiún paisinéir. Faoin mbliain chéanna, bhí méid an tráchta paisinéirí san Aontas éirithe chomh mór le 400 billiún ciliméadar paisinéara, tráth a bhí 5 thrilliún ciliméadar paisinéara, nó faoin tuairim sin, den iompar de thalamh ann ar an iomlán. Trácht intíre a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó den trácht paisinéirí iarnróid arae, in 2018, ní raibh ach 7 % de ina thrácht trasteorann.
In 2018, mhéadaigh méid an tráchta lastais san Aontas go 435 bhilliún ciliméadar tona, tráth a bhí 2.3 trilliún ciliméadar tona, nó faoin tuairim sin, den iompar de thalamh ann ar an iomlán. Lastas trasteorann a bhíonn i leath, nó faoin tuairim sin, den lastas iarnróid iomlán. Fágann sin go bhfuil gné láidir Eorpach ag baint leis an lastas iarnróid.
Ó bhí thús 2020 ann, bhí tionchar mór ag ráig COVID-19 ar an iompar d’iarnród san Aontas. Tá laghdú tagtha ar mhéid an iompair d’iarnród, idir phaisinéirí agus lastas, mar go bhfuil teorainneacha ar shoghluaisteacht agus laghdú dá bharr sin ar an éileamh ar iompar. Le linn na chéad tréimhse den phaindéim in earrach na bliana 2020, chuir oibreoirí iarnróid stop le formhór na dtraenacha paisinéirí idirnáisiúnta. Le linn na chéad ráige den phaindéim tháinig laghdú suas le 90 % ar an líon paisinéirí san iompar intíre d’iarnród i gcomparáid le figiúirí na bliana seo caite. B’éigean do roinnt oibreoirí, go háirithe iontrálaithe nua, stop a chur le hoibríochtaí agus thuairiscigh oibreoirí lastais iarnróid go raibh laghdú mór sna méideanna a iompraíodh toisc gur chuir roinnt mhaith tionscal moill ar a dtáirgeadh nó gur chuir siad stop leis fiú de bharr thionchar na paindéime. Le linn shamhradh na bliana 2020, d’fhan na méideanna éilimh agus iompair ar leibhéil íseal maidir le hiompar paisinéirí agus iompar lastais araon.
De bharr an dara ráig den phaindéim i bhfómhar na bliana 2020, bhí ar roinnt mhaith tíortha bearta imshrianta breise a ghlacadh maidir le soghluaisteacht na saoránach. De bharr leathadh an tríú ráig den phaindéim, cuireadh bac ar théarnamh tapa an tráchta iarnróid, go háirithe maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí. I mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2020, chuir Ballstáit teorainneacha nua leis an tsoghluaisteacht, teorainneacha nár chuir siad deireadh leo ach i bpáirt agus de réir a chéile le linn 2021. Níor baineadh an líon paisinéirí a bhí ann roimh an bpaindéim amach fós agus is féidir go dtógfadh sé níos mó ama ná mar a measadh, go háirithe i gcás an tráchta tráchtála paisinéirí. Dá bhrí sin, tá tionchar mór ag an bpaindéim fós ar earnáil an iompair. Ó tháinig athraitheach nua Omicron COVID-19 chun cinn i bhfómhar na bliana 2021, athraitheach atá fíorthógálach agus nach eol a chuid saintréithe fós, murab ionann agus na hathraithigh a d’imigh roimhe, tá imní ann faoin gceathrú ráig den phaindéim agus faoi bhearta imshrianta níos déine.
An 7 Deireadh Fómhair 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1429 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19. Ba é ab aidhm don Rialachán sin é a chur ar a chumas do pháirtithe leasmhara iarnróid déileáil níos fearr le hiarmhairtí airgeadais phaindéim COVID-19, agus freagairt do na riachtanais phráinneacha leachtachta atá acu, trí mhuirir i leith an phacáiste íosrochtana, agus i leith rochtain ar bhonneagar lena nasctar saoráidí seirbhíse, a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur.
Bhí feidhm ag na bearta faoisimh sin maidir le muirir a bhí dlite le linn na tréimhse tagartha a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán, is é sin ón 1 Márta go dtí an 31 Nollaig 2020 (‘an tréimhse thagartha’). Rinneadh an raon feidhme a theorannú don tréimhse sin chun a áirithiú nach mbeadh feidhm leis na bearta ach a fhad is gá.
Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/1429, tugadh de chumhacht don Choimisiún síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse thagartha trí mheán gníomhartha tarmligthe, rud a dhéantar ar bhonn sonraí a sholáthraíonn bainisteoirí bonneagair agus a léiríonn go bhfuil laghdú leanúnach ar an trácht iarnróid, laghdú a bhfuil baint fhollasach aige le ráig COVID-19. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse thagartha go dtí an 14 Aibreán 2022.
Rinne an Coimisiún an tarmligean cumhachta sin a fheidhmiú faoi dhó agus síneadh a chur leis an tréimhse thagartha go dtí an 31 Nollaig 2021. Rinneadh an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse bliana ó bhí an 13 Deireadh Fómhair 2020 ann agus tá an chumhacht sin dulta in éag anois.
De réir na sonraí a sholáthair bainisteoirí bonneagair iarnróid an Aontais don Choimisiún, sonraí a chumhdaíonn an tréimhse go dtí mí Mheán Fómhair 2021, rinne an phaindéim difear ní ba mhó do dheighleog na seirbhísí do phaisinéirí agus go háirithe do dheighleog na seirbhísí tráchtála do phaisinéirí, deighleog nach bhfuil ag feidhmiú go fóill ar na leibhéil a bhí ann in 2019 agus inar tháinig laghdú suntasach ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil sna Ballstáit go léir. Tá an líon traenacha paisinéirí a thaistil ar an ngréasán faoi oibleagáid seirbhíse poiblí (PSO) idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2021 inchurtha leis an líon a bhain leis an tréimhse chéanna in 2019, tar éis laghdú 7.8 % a bheith ann in 2020 i gcomparáid le 2019. Mar sin féin, lean an líon traenacha tráchtála paisinéirí de bheith 21.5 % ní b’ísle idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse céanna in 2019, rud a nochtann nach raibh aon téarnamh ann le hais na tréimhse céanna in 2020, nuair a tháinig laghdú 23.3 % ar an líon sin i gcomparáid le 2019. Lean an líon traenacha lastais a thaistil ar an ngréasáin de bheith 2.5 % ní b’ísle ná mar a bhí le linn na tréimhse comhfhreagraí in 2019. Tá treochtaí comhchosúla le sonrú, ach an trácht a shloinneadh i gciliméadair thraenach. Bhí an leibhéal seirbhísí PSO do phaisinéirí arna shloinneadh i gciliméadair thraenach 5,2 % ní b’ísle idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse céanna in 2019. Lean an leibhéal seirbhísí tráchtála paisinéara arna shloinneadh i gciliméadair thraenach de bheith 25.6 % ní b’ísle in 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse céanna in 2019, cosúil leis an leibhéal (íseal) a bhí ann in 2020 cheana féin. Léirigh an líon ciliméadair thraenach a rinne na traenacha lastais a thaistil ar an ngréasán go raibh téarnamh áirithe ann, ach bhí an líon sin 2.6 % ní b’ísle idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse céanna in 2019. Fágann sé sin go bhfuil an laghdú ar leibhéal an tráchta iarnróid atá mar thoradh ar thionchar ráig na paindéime, go bhfuil sé ag leanúint ar aghaidh go fóill.
Dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE) 2020/1429 a leasú, chun síneadh breise a chur leis an tréimhse thagartha.
Ós rud é nach bhfuil deireadh leis an bpaindéim go fóill agus go bhfuil méid áirithe dothuarthachta ann fós maidir le forbairtí a bheidh ann amach anseo, is gá freisin an chumhacht a tharmligean don Choimisiún síneadh breise a chur leis an tréimhse thuas, síneadh nach mó ná 6 mhí in aon uair amháin, ar shlí a áiritheoidh leanúnachas leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana.
Dá réir sin, tá sé beartaithe síneadh a chur leis an tréimhse thagartha go dtí an 30 Meitheamh 2022 agus an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn síneadh breise a chur leis an tréimhse sin go dtí an 31 Nollaig 2023. Tá sé beartaithe freisin go mbeadh deireadh leis an tarmligean cumhachta ar an dáta céanna, is é sin an 31 Nollaig 2023. Ba cheart gach foráil eile den Rialachán reatha a fhágáil gan athrú.
De dheasca fhorbairt neamh-intuartha ráig COVID-19 agus go háirithe de dheasca athraithigh nua a tháinig chun chinn go tobann agus ar díol imní iad, fágadh nárbh fhéidir bearta ábhartha a ghlacadh in am. Le Rialachán (AE) 2020/1429, ceanglaítear ar an gCoimisiún a chinneadh maidir leis an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis an tréimhse thagartha a bhunú ar na sonraí ab éigean do bhainisteoirí bonneagair a sholáthar nuair a bhí leath den síneadh a cuireadh leis an tréimhse thagartha caite. Ní raibh an Coimisiún in ann síneadh breise leis an tréimhse thagartha a ghlacadh sula ndeachaigh na cumhachtaí tarmligthe in éag, mar ní raibh na sonraí riachtanacha ar fáil go fóill an tráth sin.
Ionas nach mbeadh bearnaí i gcur i bhfeidhm na mbearta tar éis an 31 Nollaig 2021 (deireadh na tréimhse tagartha reatha), ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an Rialachán seo an tréimhse sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. I bhfianaise chineál na mbeart dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, níl sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is é is aidhm don togra reatha a áirithiú go gcuirfear síneadh leis na bearta urghnácha reatha a cuireadh i bhfeidhm chun éifeachtaí ráig COVID-19 ar an iompar d’iarnróid a mhaolú agus sláine an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid a choinneáil, agus go leanfaidh na bearta sin ar aghaidh. Leis na bearta sin, déantar an creat dlíthiúil arna bhunú faoi Rialachán 2012/34/AE a chomhlánú agus a chur san áireamh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Braitheann feidhmiú éifeachtach an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid ar fheidhmiú eacnamaíoch na ngníomhaithe sa mhargadh agus ar a bhfuil bainte amach cheana féin maidir le neamhspleáchas bainistithe na mbainisteoirí bonneagair agus na ngnóthas iarnróid a choimirciú maidir le trédhearcacht na bhforálacha i gcomhair muirear agus rochtain ar an ngréasán, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann i leithdháileadh na gconairí agus scéimeanna muirir chomh maith le hoscailt an mhargaidh. Na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, do pháirtithe leasmhara an mhargaidh iarnróid, a tháinig de ráig COVID-19, d’fhéadfadh siad dochar a dhéanamh d’inmharthanacht airgeadais na bpáirtithe leasmhara sin agus d’fhéadfadh siad tionchair dhiúltacha thromchúiseacha a imirt ar an gcóras iompair, rud a dhéanfadh difear diúltach don gheilleagar ina iomláine. Is maith a léiríonn na sonraí faoi mhéideanna a bailíodh ó bhainisteoirí bonneagair an Aontais ó mhí an Mhárta 2020 go dtí mí Mheán Fómhair 2021 go bhfuil tionchar á imirt ag an bpaindéim ar an trácht iarnróid go fóill agus gur leochaileach an téarnamh atá ann. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Rialachán leasaitheach atá beartaithe leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí atá ag dul i bhfeidhm ar an earnáil go fóill. Bheadh sé sin freisin i gcomhréir leis an síneadh atá curtha le bailíocht bearta eile a chuidíonn le Ballstáit agus le gnólachtaí agus le saoránaigh an Aontais dul i ngleic le drochthionchar na paindéime. An 18 Samhain 2021, mar shampla, chuir an Coimisiún síneadh leis an gCreat Sealadach Státchabhrach go dtí an 30 Meitheamh 2022, síneadh lena gceadaítear do Bhallstáit, más gá, leanúint ar aghaidh lena scéimeanna tacaíochta agus a áirithiú nach ngearrfar an tacaíocht airgeadais riachtanach go tobann ar na gnólachtaí atá thíos go fóill leis an ngéarchéim.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an tionscnamh seo bunaithe ar Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal atá ina bhunús dlí le Rialachán (AE) 2020/1429 freisin.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith ar an gcúis seo a leanas: Déantar muirir rianrochtana a rialú go cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit imeacht ó rialacha an Aontais ach amháin más ann do reachtaíocht Eorpach shonrach ina leith sin. Ní cheadaítear le Treoir 2012/34/AE do na Ballstáit, i gcomhthéacs ráig COVID-19, freagairt a thabhairt ar na héifeachtaí ar an iompar d’iarnród, éifeachtaí nárbh fhéidir a thuar, go háirithe trí rialacha maidir le muirir agus leithdháileadh toillte a oiriúnú. Níor ceadaíodh é sin le Rialachán (AE) 2020/1429 ach go heisceachtúil, laistigh de theorainneacha áirithe. Thairis sin, faoi théarmaí an Rialacháin sin, is faoi na Ballstáit atá sé i gcónaí cinneadh a dhéanamh an gcuirfidh siad na bearta dá bhforáiltear chun feidhme, ag féachaint freisin do na hacmhainní atá ar fáil dóibh i dtéarmaí maoinithe poiblí. Dá bhrí sin, tá an síneadh atá beartaithe a chur le cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/1429 i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin an tionchar atá ag ráig reatha COVID-19 a mhaolú trí shíneadh a chur ar feadh tréimhse theoranta leis na maoluithe spriocdhírithe ó Threoir 2012/34/AE arna gceadú faoi Rialachán (AE) 2020/1429. Tá an beart atá molta comhréireach dá réir sin. Tá síneadh na tréimhse tagartha comhsheasmhach leis na síntí roimhe seo agus tá sé ag teacht leis na conclúidí is féidir a bhaint de na sonraí atá ar fáil faoi láthair. Tá sé beartaithe freisin síneadh a chur le cumhachtú an Choimisiúin chun síneadh a chur leis an tréimhse thagartha, d’fhonn forbairt na paindéime amach anseo a chur san áireamh.
•An rogha ionstraime
Is togra é seo le haghaidh Rialachán atá ann cheana a leasú, dá bhrí sin, ba cheart úsáid a bhaint as an ionstraim chéanna.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Is beart práinneach é seo, beart is éigean a dhéanamh i ngeall ar a neamh-intuartha atá paindéim COVID-19.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ó tá an cás chomh práinneach sin, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, d'iarr údaráis na mBallstát agus na páirtithe leasmhara araon ar an gCoimisiún síneadh a chur le Rialachán (AE) 2020/1429.
Go háirithe, chuaigh comhlachais san earnáil iarnróid a dhéanann ionadaíocht do ghnóthais iarnróid i dteagmháil leis an gCoimisiún arís agus arís eile agus d’iarr siad go leanfaí ar aghaidh leis na bearta. Thairis sin, tá bearta den sórt sin curtha i bhfeidhm ag Ballstáit agus ag bainisteoirí bonneagair cheana.
I bhfianaise na heaspa forálacha éigeandála cuí i dTreoir 2012/34/AE agus éifeachtaí leanúnacha na paindéime ar an earnáil iarnróid, is gá a áirithiú gur féidir síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart reatha.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Faoi mar a míníodh, mar gheall ar phráinn an cháis, níorbh fhéidir saineolas chomh mionsonrach agus is gnách a bhailiú. Mar sin féin, tá leas bainte ag an gCoimisiún as taithí a fuarthas trína theagmhálacha le Ballstáit agus le páirtithe leasmhara iarnróid agus as an bhfaireachán leanúnach a rinneadh ar mhéideanna an tráchta iarnróid tríd an ionchur atá soláthraithe ag bainisteoirí bonneagair le dhá bhliain anuas.
•Measúnú tionchair
I bhfianaise phráinn an cháis, ní dhearnadh measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bhaineann le hábhar.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní áirítear ar an mbeart aon socrú sonrach faireacháin nó tuairiscithe. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún súil a choinneáil go leanúnach ar fhorbairt phaindéim COVID-19 agus ar an tionchar atá aige ar an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid agus, más gá, ba cheart an chumhacht a bheith aige gníomh tarmligthe a ghlacadh lena gcuirfí síneadh leis na tréimhsí ama a bhaineann leis an mbeart.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Doiciméad ar bith.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 den Rialacháin atá beartaithe, leasaítear Airteagail 1, 5(2) agus 6(2) de Rialachán (AE) 2020/1429 trí shíneadh a chur leis an tréimhse thagartha, leis an síneadh breise is faide a d’fhéadfaí a chur léi, agus le tréimhse chumhachtú an Choimisiúin, faoi seach.
Le hAirteagal 2, déantar foráil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe ón 1 Eanáir 2022.
2021/0437 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha maidir le bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá laghdú géar tagtha ar an trácht iarnróid i ngeall ar an titim shuntasach ar éileamh. Bhí tionchar mór aige sin ar ghnóthais iarnróid.
(2)Na gnóthais iarnróid atá ag dul i ngleic go leanúnach le fadhbanna leachtachta suntasacha agus le caillteanais ollmhóra agus atá i mbaol dócmhainneachta i gcásanna áirithe, níl neart acu ar na himthosca sin.
(3)Chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí eacnamaíocha diúltacha phaindéim COVID-19 agus chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthais iarnróid, le Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuireadh ar chumas na mBallstát a údarú do na bainisteoirí bonneagair na muirir i leith rochtain ar bhonneagar iarnróid a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Deonaíodh an fhéidearthacht sin don tréimhse thagartha ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1061 ón gCoimisiún cuireadh síneadh breise léi go dtí an 31 Nollaig 2021. Níl de chumhacht ag an gCoimisiún síneadh breise a chur leis an tréimhse thagartha a thuilleadh.
(4)Tá paindéim COVID-19 ag leanúint ar aghaidh agus tá athraithigh an-tógálach neamh-intuartha, amhail athraitheach Omicron COVID-19, ag teacht chun cinn, rud a chothaíonn éiginnteacht maidir leis an todhchaí agus leis na rioscaí a bhaineann le bearta imshrianta nua.
(5)Tá drochthionchar ag paindéim COVID-19 ar an trácht iarnróid go fóill agus is féidir go leanfar de dhifear a dhéanamh do ghnóthais iarnróid, ag brath ar an bhforbairt a thiocfaidh ar an bpaindéim amach anseo. D’fhonn freagairt do riachtanais phráinneacha na hearnála, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse thagartha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/1429 go dtí an 30 Meitheamh 2022.
(6)Ós rud nach féidir forbairt ráig COVID-19 a thuar, go bhfuil athraithigh nua ag teacht chun cinn go tobann agus gur gá measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar an earnáil iarnróid, teastaíonn freagairt rialála a bheadh tapa solúbtha. Chun bearnaí a sheachaint maidir leis an bhfreagairt don chás atá ann i láthair na huaire, is iomchuí leanúnachas a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na mbeart tar éis an 31 Nollaig 2021. I bhfianaise chineál na mbeart dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ní bheidh sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar an síneadh sin ar an tréimhse thagartha a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach.
(7)Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh go leanúnach ar thionchar eacnamaíoch ráig COVID-19 ar an earnáil iarnróid agus ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais síneadh a chur gan moill mhíchuí le tréimhse cur i feidhm na mbeart dá bhforáiltear leis an Rialachán seo má leanann na himthosca diúltacha de bheith ann. Ba cheart síneadh a chur leis an tarmligean cumhachta a thugtar faoi Rialachán (AE) 2020/1429, faoi na téarmaí céanna, go dtí an 31 Nollaig 2023.
(8)Cuspóir an Rialacháin seo, eadhon síneadh a chur leis na rialacha sealadacha atá leagtha síos maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar an gcás práinne atá cruthaithe ag ráig COVID-19, ós rud é gur cuspóir é nach féidir leis na Ballstáit a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1429 a leasú dá réir.
(10)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/1429
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta sin a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (‘an tréimhse thagartha’).’
(2)in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Le haon leasú den sórt sin, ní fhéadfar ach síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse thagartha, agus ní fhéadfar síneadh go dtí dáta níos faide amach ná an 31 Nollaig 2023 a chur leis an tréimhse thagartha.’
(3)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go dtí an 31 Nollaig 2023.’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán