An Bhruiséil,22.12.2021

COM(2021) 823 final

2021/0433(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas

{SWD(2021) 580 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis na Conclúidí ón gComhairle an 27 Samhain 2020, deimhníodh tacaíocht leanúnach na Comhairle le haghaidh na hoibre ag Creat Cuimsitheach (CC) ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) lena ndírítear ar réiteach domhanda bunaithe ar chomhthoil a bhaint amach, réiteach lena gcuirtear san áireamh leasanna na mBallstát uile chun a áirithiú go n‑íocfaidh na corparáidí uile a gcion cothrom de chánacha ar na brabúis a ghintear as a ngníomhaíochtaí san Aontas.

Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha chun íosleibhéal cánachais chorparáidigh éifeachtaigh maidir le grúpaí móra ilnáisiúnta agus grúpaí náisiúnta mórscála amháin a oibríonn sa Mhargadh Aonair a áirithiú, ar rialacha iad atá comhsheasmhach leis an gcomhaontú ar tháinig CC air an 8 Deireadh Fómhair 2021 agus a chloínn go dlúth le Rialacha Samhla ECFE arna gcomhaontú le CC agus arna bhfoilsiú ar an 20 Nollaig 2021.

Mar leathnú ar thionscadal BEPS ECFE 2015, d’oibrigh CC ar réiteach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dhigitiú an gheilleagair. Díríodh ar dhá shruth oibre leis an bplé: Colún 1, lena mbeartaítear athdháileadh páirteach ar chearta chun cánachais i dtreo dlínsí margaidh agus Colún 2, lena mbeartaítear íoschánachas éifeachtach a thabhairt isteach le haghaidh grúpaí móra ilnáisiúnta. Tá sé d’aidhm ag an dá cholún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna difriúla atá gaolmhar le chéile, saincheisteanna a bhaineann le domhandú agus le digitiú méadaitheach an gheilleagair. Is sprioc bheartais i gColún 1 agus i gColún 2 é déileáil leis na dúshláin atá fós ann maidir le BEPS agus íosleibhéal a chur i bhfeidhm maidir leis an iomaíocht cánach idir dhlínsí.

Is éard atá i gColún 2 dhá riail a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach i ndlíthe cánach náisiúnta agus riail bunaithe ar chonradh. An dá riail cánach náisiúnta, an Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus a cúlstop, an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin (RÍFTC), ar a dtugtar le chéile na Rialacha Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE). Is riail bunaithe ar chonradh í an Riail Faoi-Réir-Cánach (RFRC) lena gcuirtear ar a gcumas do dhlínsí foinseacha cánachas foinseach teoranta a fhorchur ar íocaíochtaí páirtithe gaolmhara áirithe atá faoi réir cáin faoi bhun íosráta. Tá forálacha i Rialacha Samhla ECFE i leith Rialacha Samhla GloBE amháin.

Sa phlean mionsonraithe cur chun feidhme a cuimsíodh i ráiteas CC i mí Dheireadh Fómhair 2021, luaitear gur cheart na forálacha náisiúnta cur chun feidhme le haghaidh Rialacha Samhla GloBE a bheith oibríochtúil agus infheidhme ón 1 Eanáir 2023.

Mar gheall gur geilleagar atá comhtháite go dlúth é an tAontas Eorpach gona Mhargadh Aonair, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear an comhaontú dhá Cholún chun feidhme ar bhealach comhleanúnach comhsheasmhach ar fud na mBallstát. Chun an leibhéal cur chun feidhme sin laistigh den Aontas agus chun comhoiriúnacht le dlí an Aontais a áirithiú, is é an príomh-mhodh chun Colún 2 a chur chun feidhme san Aontas ná trí bhíthin Treorach. Ní chuirtear ach Rialacha Samhla ECFE chun feidhme leis an Treoir. Maidir le RFRC, tá sé oiriúnach mar gheall ar a chineál chun aghaidh a thabhairt air sna conarthaí cánach déthaobhacha. Leis an Treoir, léirítear comhaontú domhanda ECFE, agus roinnt coigeartuithe is gá a dhéanamh air, chun comhréireacht le dlí an Aontais a ráthú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an Treoir seo leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Business Taxation for the 21st Century’ [Cánachas Gnó le haghaidh an 21ú hAois] arna tíolacadh ag an gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 1 .

Cur chun feidhme Rialacha Samhla GloBE san Aontas, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige ar fhorálacha reatha na Treorach in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) 2 agus ar rialacha maidir le Corparáidí faoi Rialú Eachtrach (CFC) go sonrach, rialacha a d’fhéadfadh idirghníomhú le príomhriail Cholún 2 – RCI. D’fhiosraigh an Coimisiún an bealach is fearr chun freastal ar an idirghníomhú idir CFC ATAD agus RCI agus tháinig sé ar an gconclúid nach gá ATAD a leasú i ndáil leis sin. Thairis sin, tá sé comhsheasmhach le Rialacha Samhla ECFE leanúint de riail CFC ATAD a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le Rialacha Samhla GloBE. Sa chleachtas, beidh feidhm ag rialacha CFC ATAD ar dtús agus aon cháin bhreise a íocfaidh máthairchuideachta faoi chóras CFC i mbliain fhioscach ar leith, cuirfear san áireamh le Rialacha Samhla GloBE í trí na cánacha sin a shannadh don eintiteas ísealchánach ábhartha chun a ráta cánach éifeachtach dlínsiúil a ríomh.

Ar an dara dul síos, trí bhíthin thrasuíomh Rialacha Samhla GloBE san Aontas, ba cheart bealach a réiteach chun comhaontú a dhéanamh i ndáil leis an togra ar feitheamh le haghaidh athmhúnlú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna,  3 togra atá sa Chomhairle ó bhí 2011 ann. Ba é ab aidhm don Treoir athmhúnlaithe go mbeadh tairbhí na Treorach (lena gcuirtear deireadh le bacainní cánach iarchoimeádta ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa trasteorann laistigh de ghrúpa cuideachtaí) ag brath ar an leas a bheith faoi réir cáin sa stát is ceann scríbe. Bhí roinnt Ballstát den tuairim gur cheart don Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna dul ní b’fhaide agus íosleibhéal cánach sa stát is ceann scríbe a shocrú mar choinníoll chun tairbhiú den easpa cánach iarchoimeádta. Trí bhíthin thrasuíomh Rialacha Samhla GloBE san Aontas, ba cheart réiteach a fháil ar an tsaincheist atá á plé faoi athmhúnlú na Treorach maidir le hÚs agus Ríchíosanna.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le haghaidh tionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais dhírigh. Cé nach ndearnadh aon tagairt shainráite don chánachas díreach ann, déantar tagairt in Airteagal 115 do threoracha maidir le comhfhogasú dlíthe náisiúnta toisc go ndéanann siad difear do bhunú nó d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun an choinníoll seo a chomhlíonadh, is gá go mbeadh sé d’aidhm ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá beartaithe i réimse an chánachais dhírigh na neamhréireachtaí atá ann cheana i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a cheartú. Sa staid atá ann faoi láthair, is neamhréireacht den sórt sin an easpa rialacha lena n‑áirithítear íoschánachas corparáideach éifeachtach ar fud an Mhargaidh Aonair. Ordaítear in Airteagal 115 go mbeidh bearta dlíthiúla comhfhogasaithe faoin airteagal sin i bhfoirm Treorach.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). De bharr chineál an ábhair, tá gá le tionscnamh coiteann ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Leis an Treoir seo, tugtar isteach íoschánachas éifeachtach le haghaidh brabúis cuideachtaí móra ilnáisiúnta go príomha, ar cuideachtaí iad atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach agus níos faide i gcéin. Déantar foráil léi maidir le creat coiteann chun Rialacha Samhlacha ECFE a chur chun feidhme i ndlíthe náisiúnta na mBallstát ar bhealach comhordaithe atá curtha in oiriúint do cheanglais dhlí an Aontais.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, toisc go bhfuil sé ríthábhachtach cur chun feidhme aonfhoirmeach na Rialacha Samhla ECFE ar fud an Aontais a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, is éard atá i Rialacha Samhla ECFE ‘cur chuige coiteann’, agus mar sin bheadh sé tábhachtach tacar rialacha aonfhoirmeacha amháin agus íosleibhéal coiteann cosanta a bheith ann sa mhargadh inmheánach. I gcás an Aontais Eorpaigh, margadh ina bhfuil geilleagair atá an-chomhtháite, tá gá le cuir chuige choiteanna straitéiseacha agus gníomhaíocht chomhordaithe, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun tionchar dearfach an íoschánachais éifeachtaigh a ghearrtar ar bhrabúis ghnó a uasmhéadú. Ní féidir sin a dhéanamh ach má achtaítear reachtaíocht go lárnach agus má thrasuitear ar bhealach aonfhoirmeach í.

Thairis sin, ós rud é go mbíonn láithreacht ag grúpaí ilnáisiúnta i roinnt Ballstát san Aontas de ghnáth agus go bhfuil gné thrasteorann ag baint le Rialacha Samhla GloBE, tá sé fíor-riachtanach nach dtiocfaidh difríochtaí chun cinn maidir le hoibriú na rialacha, mar shampla, sa mhodh chun an ráta cánach éifeachtach nó an dliteanas i leith cáin bhreisiúcháin a ríomh. D’fhéadfadh difríochtaí den sórt sin neamhréireanna a chruthú agus iomaíocht chóir a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Tá sé ríthábhachtach réitigh a ghlacadh a fheidhmíonn le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh ar an iomlán agus ní féidir na réitigh sin a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais.

Bheadh breisluach ag baint le tionscnamh ar leibhéal an Aontais, i gcomparáid lena mbainfí amach leis an iliomad modhanna cur chun feidhme náisiúnta. I bhfianaise go bhfuil gné láidir thrasteorann ag baint le Rialacha Samhla GloBE, chothromófaí leasanna éagsúla laistigh den mhargadh inmheánach le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus chuirfí iomlán an scéil san áireamh, chun cuspóirí agus réitigh choiteanna a shainaithint. Ar deireadh, na bearta chun Rialacha Samhla ECFE a chur chun feidhme, ní mór na bearta sin a achtú i gcomhréir leis an reachtaíocht phríomha agus cloí le líne choiteann ar fud an Aontais, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do cháiníocóirí go bhfuil an creat dlíthiúil comhoiriúnach le saoirsí bunúsacha an Aontais, lena n‑áirítear an tsaoirse bunaíochta.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE.

Tá feidhm ag Rialacha Samhla ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ag a bhfuil láimhdeachas comhcheangailte grúpa EUR 750 milliún ar a laghad bunaithe ar na ráitis airgeadais chomhdhlúite. Na bearta atá beartaithe, ní théann siad thar íoschánachas éifeachtach na n‑eintiteas sin a oibríonn sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus tá siad comhsheasmhach le Rialacha Samhla ECFE agus le ceanglais dhlí an Aontais. Leathnú na Rialach maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) chun grúpaí náisiúnta mórscála (ag a bhfuil láimhdeachas comhcheangailte grúpa EUR 750 milliún ar a laghad) a chuimsiú, meastar go mbainfidh sé le líon teoranta cáiníocóirí agus tá sé teoranta don íosmhéid riachtanach chun comhoiriúnacht rialacha na Treorach le dlí an Aontais a dhaingniú. Dá bhrí sin, ní théann an Treoir thar a bhfuil gá leis chun a cuspóirí a bhaint amach agus urramaíonn sí prionsabal na comhréireachta.

An rogha ionstraime

Is togra le haghaidh Treorach é an togra seo, arb í an t‑aon ionstraim atá ar fáil faoi bhunús dlí  Airteagal 115 CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá formhór na mBallstát ina gcomhaltaí de ECFE agus ghlac siad páirt sa phlé teicniúil mionsonraithe maidir le sruth oibre Cholún 2 idir 2019 agus 2021. Thairis sin, chuir saineolaithe ECFE an t‑eolas is déanaí ar fáil go rialta agus d’fhreagair siad ceisteanna ón gComhairle maidir leis an tionscadal.

D’eagraigh ECFE comhairliúcháin phoiblí maidir le roinnt eilimintí de dhearadh Cholún 2 i mí na Nollag 2019 agus i mí Eanáir 2021, agus reáchtáladh comhdhálacha poiblí ar líne le haghaidh an dá imeacht ag an deireadh. Thairis sin, rinne an Coimisiún díospóireacht inmheánach, le roinnt Ballstát agus le saineolaithe ECFE, go háirithe i gcás ina raibh amhras ar an gCoimisiún maidir le gnéithe teicniúla áirithe de na réitigh atá beartaithe.

Thairis sin, ar an 6 Samhain 2019, d’eagraigh AS TAXUD cruinniú de Mheitheal IV agus bhí deis ag na Ballstáit an méid seo a leanas a phlé: cuspóirí agus prionsabail le haghaidh an nuachóirithe ar an gcánachas gnó idirnáisiúnta, gnéithe dlíthiúla agus impleachtaí chásdlí CBAE le haghaidh na gcur chuige a d’fhéadfaí a ghlacadh chun an cánachas gnó idirnáisiúnta a nuachóiriú agus roghanna sonracha dearaidh chun an cánachas gnó idirnáisiúnta a nuachóiriú.

Toisc go gcuirfear caighdeán a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta chun feidhme le Treoir Cholún 2 chun íoschánachas éifeachtach ar bhrabúis chorparáideacha grúpaí móra ilnáisiúnta a áirithiú agus toisc go ndeachaigh ECFE i gcomhairle leis an bpobal go forleathan maidir leis an ábhar seo, agus i bhfianaise na hamlíne an-ghairid atá ann chun an caighdeán sin a chur chun feidhme, chinn an Coimisiún leanúint ar aghaidh leis an togra seo le haghaidh Treorach gan comhairliúchán poiblí a dhéanamh.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair le haghaidh an togra seo ar na cúiseanna a mhínítear thíos.

Ar an 12 Deireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh Rúnaíocht ECFE Measúnú Tionchair Eacnamaíoch, measúnú a ullmhaíodh chun tacú le plé CC maidir le ceisteanna dearaidh a bhain leis na tograí le haghaidh Cholún 1 agus Cholún 2. Rinne Rúnaíocht ECFE an Measúnú Tionchair Eacnamaíoch i gcomhairle le comhaltaí an Chreata Chuimsithigh, Meitheal ECFE Uimh. 2, eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, an pobal acadúil agus páirtithe leasmhara eile.

Sa chomhthéacs sin, ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair iomláin dá chuid féin. Rinne Seirbhísí an Choimisiúin a réamh-mheastachán féin, áfach, ar thionchar Cholún 2 de na hathchóirithe cánachais corparáide idirnáisiúnta atá beartaithe ag CC/ECFE, réamh-mheastachán a tíolacadh don Chomhairle an 25 Deireadh Fómhair 2019.

Is é bun agus barr an scéil go ndearnadh na cinntí beartais tábhachtacha cheana leis an gCreat Cuimsitheach agus rinneadh ar an leibhéal polaitiúil is airde (Airí Airgeadais G20 agus Cinn Stáit G20) iad. Ballstáit uile an Aontais ar comhaltaí den Chreat Cuimsitheach 4 iad, chomhaontaigh siad na príomhghnéithe de Cholún 2 cheana agus gheall siad go gcuirfidís Rialacha Samhla ECFE i bhfeidhm. Ní bheadh roghanna beartais ag an Aontas chun roghnú astu toisc gur forordaíodh cheana príomheilimintí an chreata, amhail an raon feidhme nó na rátaí agus an bonn cánach agus comhaontaíodh na príomheilimintí sin.

Ina theannta sin, tá práinn pholaitiúil an-mhór ann dul ar aghaidh leis an tionscadal – i.e. rialacha Samhla ECFE a chur i bhfeidhm san Aontas ó thús 2023, mar a comhaontaíodh leis an gCreat Cuimsitheach. Ciallaíonn sin go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh próiseas tapa ann chun an tionscnamh a oiriúnú agus a chur chun feidhme i mBallstáit an Aontais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

An togra seo le haghaidh Treorach, níl aon impleacht buiséadach aige maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm don Treoir rialacha a sholáthar chun íosleibhéal cánachais ar fhiontair mhóra ilnáisiúnta agus ar ghrúpaí náisiúnta mórscála a áirithiú, i dtéarmaí atá comhsheasmhach leis an gcomhaontú domhanda a bhain CC amach an 8 Deireadh Fómhair 2021 agus de bhreis ar Rialacha Samhla ECFE a chomhaontaigh CC agus a foilsíodh 20 Nollaig 2021, in imthosca ina gceanglaítear ar Bhallstát Rialacha Samhla GloBE a chur i bhfeidhm.

Ailtireacht ghinearálta Cholún 2

Is éard atá i gColún 2 dhá riail a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach i ndlíthe cánach náisiúnta agus riail bunaithe ar chonradh. An dá riail cánach náisiúnta, an Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus a cúlstop, an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin (RÍFTC), ar a dtugtar le chéile Rialacha Samhla GloBE. Is riail bunaithe ar chonradh í an Riail Faoi-Réir-Cánach (RFRC) lena gcuirtear ar a gcumas do dhlínsí foinseacha cánachas foinseach teoranta a fhorchur ar íocaíochtaí páirtithe gaolmhara áirithe atá faoi réir cáin faoi bhun íosráta. Ós rud é go mbeidh sin le cur chun feidhme ag dlínsí ina n‑aonar, áfach, ní bheidh aon ghníomhaíocht ann ar leibhéal an Aontais i ndáil le RFRC agus ní bhaineann an togra seo le RFRC.

Tá feidhm ag Colún 2 maidir le grúpaí fiontar ilnáisiúnta (FINanna) agus grúpaí náisiúnta mórscála ag a bhfuil láimhdeachas grúpa bliantúil comhcheangailte EUR 750 milliún ar a laghad bunaithe ar ráitis airgeadais chomhdhlúite. Chinn CC an tairseach sin chun comhsheasmhacht a áirithiú le beartais atá ann cheana maidir le cánachas corparáide idirnáisiúnta amhail na rialacha maidir leis an tuairisciú de réir tíre (CbCR). Eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, cistí pinsin agus cistí infheistíochta nach Máthaireintitis Deiridh Grúpa FIN iad, níl siad faoi réir Rialacha Samhla GloBE.

Oibríonn RCI trí cháin bhreisiúcháin a fhorchur ar mháthaireintiteas i leith ioncam ísealchánach grúpeintiteas (dá ngairtear comheintitis). Tá feidhm ag RCI ón mbarr aníos, rud a chiallaíonn gurb é an t‑eintiteas atá ar bharr shlabhra úinéireachta an ghrúpa FIN, nó gar dó, arb é an máthaireintiteas deiridh de ghnáth é, a chuireann RCI i bhfeidhm. I gcás nach gcuireann an máthaireintiteas deiridh RCI i bhfeidhm áfach, ní mór do cheann amháin de na heintitis idirmheánacha nó níos mó ná sin RCI a chur i bhfeidhm maidir lena chomheintitis ísealchánach. Tá RCI faoi réir riail maidir le húinéireacht dheighilte le haghaidh scairshealbha faoi bhun 80 %. Ciallaíonn sé sin go gcuirfidh máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht RCI i bhfeidhm maidir lena fhochuideachtaí rialaithe d’fhothacar an ghrúpa FIN agus tosaíocht á tabhairt don mháthaireintiteas deiridh i gcás ina bhfuil an máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht sin faoi úinéireacht níos mó ná 20 % ag scairshealbhóirí lasmuigh den ghrúpa FIN. I gcás ina bhfuil roinnt máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht i ngrúpa FIN, is é an máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht is gaire don chomheintiteas ísealchánach sa slabhra úinéireachta a chuirfidh RCI i bhfeidhm.

Gníomhaíonn RÍFTC mar chúlstop le haghaidh RCI agus bíonn feidhm aige i gcásanna nach bhfuil RCI cáilitheach i ndlínse an mháthaireintitis deiridh nó i gcás ina dtagann leibhéal íseal cánachais chun cinn i ndlínse an mháthaireintitis deiridh. Oibríonn RÍFTC trí cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh ar dhlínse a mhéid nach bhfuil ioncam ísealchánach comheintitis faoi réir cáin faoi RCI. Le RÍFTC, leithdháiltear cáin bhreisiúcháin ar dhlínsí bunaithe ar fhoirmle dhá thoisc – luach sócmhainní inláimhsithe sa dlínse de réir na leabhar agus líon na bhfostaithe sa dlínse. Cé go bhféachtar leis an gcomhaontú domhanda go mbeidh RCI oibríochtúil faoin 1 Eanáir 2023, is gá RÍFTC a chur i bhfeidhm bliain amháin ina dhiaidh sin.

Oibríonn Rialacha Samhla GloBE tríd an gcáin bhreisiúcháin a fhorchur ar bhonn dlínsiúil trí Thástáil an Ráta Cánach Éifeachtaigh a úsáid. Ráta cánach éifeachtach comheintiteas grúpa FIN a ríomhtar le chéile mar ráta aon eintitis amháin i ndlínse, má tá an ráta sin faoi bhun an íosráta cánach 15 %, ansin bíonn cáin bhreisiúcháin dlite i leith gach ceann de na comheintitis sa dlínse sin, chun ráta cánach éifeachtach na dlínse sin a thabhairt suas chuig an íosráta. Ríomhtar an ráta cánach éifeachtach le haghaidh tréimhse trí chánacha corparáideacha agus cánacha coibhéiseacha is inchurtha i leith na tréimhse sin le haghaidh na dlínse sin (ar a dtugtar cánacha cumhdaithe) a roinnt ar ioncam coigeartaithe an ghrúpa FIN le haghaidh na dlínse sin. Tástáil an ráta cánach éifeachtaigh, is spreagadh í chun rialacha Cholún 2 a chur i bhfeidhm agus is tomhas í ar an méid cánach breise atá dlite ag an ngrúpa FIN.

Le Rialacha Samhla GloBE, déantar foráil maidir le gearradh amach substaintí bunaithe ar fhoirmle, rud arb é is aidhm leis tionchar Cholún 2 ar ghrúpaí FIN i ndlínse a laghdú, i gcás ina bhfuil siad i mbun fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Cur chun feidhme san Aontas – roghanna dearaidh agus roghanna eile

Leis an Treoir seo, cuirtear Rialacha Samhla GloBE chun feidhme san Aontas bunaithe ar Rialacha Samhla ECFE agus cuirtear san áireamh sainiúlachtaí dhlí an Aontais agus an Mhargaidh Aonair. Toisc go gcuireann an Treoir caighdeán chun feidhme a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun íoschánachas éifeachtach ar ghrúpaí móra ilnáisiúnta a áirithiú, ní raibh ach roghanna teoranta ar fáil le haghaidh dhearadh na Treorach.

Cé go gcloíonn an Treoir go docht le Rialacha Samhla ECFE go ginearálta, leathnaítear a raon feidhme chun grúpaí mórscála náisiúnta amháin a chumhdach, chun comhlíontacht leis na saoirsí bunúsacha a áirithiú. Ina theannta sin, baineann an Treoir leas as rogha a thairgtear sa Tráchtaireacht ar na Rialacha Samhla faoina gceanglaítear ar Bhallstát comheintitis a chuireann RCI i bhfeidhm, arb é dlínse an mháthaireintitis deiridh de ghnáth, cánachas éifeachtach ag an íosleibhéal arna chomhaontú a áirithiú, ní amháin i dtaobh fochuideachtaí eachtracha ach i dtaobh na gcomheintiteas uile atá ina gcónaí sa Bhallstát agus buanbhunaíochtaí an ghrúpa FIN atá bunaithe sa Bhallstát sin freisin. Maidir leis an dlínse ina gcuirtear RCI i bhfeidhm, déantar foráil le Rialacha Samhla ECFE nach gcuirfidh sí san áireamh ach ráta cánach éifeachtach comheintiteas eachtrach amháin.

Caibidil I Forálacha Ginearálta

Baineann Caibidil I den Treoir leis na forálacha ginearálta, eadhon an t‑ábhar, an raon feidhme, na sainmhínithe agus suíomh comheintitis.

Sainmhínítear raon feidhme na Treorach faoi threoir comheintitis atá lonnaithe san Aontas agus ar cuid de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála (ina bhfuil comheintitis ina gcomhaltaí) iad, grúpaí ag a bhfuil grúpioncam comhdhlúite EUR 750 milliún ar a laghad in dhá cheann de na ceithre bliana roimhe sin ar a laghad. Ar chúiseanna beartais éagsúla, amhail chun prionsabal na neodrachta cánach a chaomhnú agus i gcomhréir le Rialacha Samhla ECFE, eisiatar na heintitis seo a leanas ó raon feidhme na Treorach seo: eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, cistí pinsin agus, ar choinníoll go bhfuil siad ag barr struchtúr an ghrúpa, eintitis infheistíochta agus meáin infheistíochta réadmhaoine. Eintitis ar a bhfuil úinéireacht 95 % ar a laghad ag eintitis eisiata, eisiatar ó raon feidhme na Treorach iad.

Maidir le suíomh comheintitis, lena n‑airítear máthaireintiteas, measann an Treoir go bhfuil comheintiteas, seachas máthaireintiteas nó eintiteas tréshreafa, lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach. I gcás nach féidir suíomh comheintitis den sórt sin a dheimhniú bunaithe ar an riail sin, ansin meastar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é. Cinntear leis an Treoir freisin suíomh comheintitis ar máthaireintiteas é, agus áirítear léi rialacha réitigh le haghaidh cásanna sonracha.

Caibidil II An Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim agus an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin a Chur i bhFeidhm

Leagtar amach i gCaibidil II na rialacha maidir le RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

An Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI)

Faoi rialacha na Treorach, tá feidhm ag RCI sna cásanna seo a leanas:

(1)Máthaireintiteas deiridh san Aontas

Má tá an máthaireintiteas lonnaithe san Aontas, beidh sé faoi réir na cánach breisiúcháin i leith a chomheintiteas ísealchánach sa Bhallstát céanna agus i mBallstáit eile agus i ndlínsí tríú tír freisin.

(2)Máthaireintiteas idirmheánach/máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht san Aontas a bhfuil a mháthaireintiteas deiridh lasmuigh den Aontas;

Mura bhfuil aon mháthaireintiteas deiridh san Aontas, is é máthaireintiteas deiridh tríú tír an Ghrúpa a chuirfeadh comheintitis ísealchánach an ghrúpa FIN san Aontas san áireamh go héifeachtach má chuireann sé RCI i bhfeidhm. Má tá máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht nó máthaireintiteas idirmheánach amháin ar a laghad san Aontas (i gcás nach gcuirtear RCI i bhfeidhm sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe) áfach, sa chás sin beidh an máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht nó an máthaireintiteas idirmheánach faoi réir na canach breisiúcháin i leith a chomheintiteas ísealchánach atá ar úinéireacht go díreach nó go hindíreach aige san Aontas agus i ndlínsí tríú tír.

(3)Máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht san Aontas a bhfuil a mháthaireintiteas deiridh san Aontas

Cé go ngearrtar an cháin bhreisiúcháin ar mháthaireintiteas deiridh atá lonnaithe san Aontas i leith a chomheintiteas ísealchánach de ghnáth (féach 1) thuas), d’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart príomhúil chun cánachais ag Ballstát an mháthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht. Sna cásanna sin, ní mór modh ‘ón mbun aníos’ a leanúint chun an máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá faoi dhliteanas cánach a shainaithint. Ní mór tosú ó na comheintitis faoi lánúinéireacht ar an tsraith is ísle agus dul suas go dtí an chéad mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht, máthaireintiteas a bheidh faoi dhliteanas cánach breisiúcháin faoi RCI i leith a chomheintiteas ísealchánach. Na máthaireintitis eile faoi pháirt-úinéireacht suas go dtí an máthaireintiteas deiridh, beidh siad faoi réir RCI freisin ach beidh ceart acu creidmheas a fháil le haghaidh na cánach breisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas eile faoi pháirt-úinéireacht atá níos ísle sa slabhra.

Cinntear leis an Treoir an méid de cháin bhreisiúcháin a bhfuil máthaireintiteas i dteideal é a bhailiú trí RCI. Bunaítear an cion is in-leithdháilte sin go ginearálta ar chion leas an mháthaireintitis in ioncam an chomheintitis ísealchánach.

Thairis sin, i gcás grúpaí náisiúnta mórscála, tá an máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI i leith a chomheintiteas ísealchánach.

Cáin bhreisiúcháin náisiúnta

Chun ceannasacht na mBallstát a chaomhnú, déantar foráil leis an Treoir go bhféadfaidh Ballstát roghnú an cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta i ndáil le comheintitis atá lonnaithe ina chríoch (Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta). Ceadaítear leis an roghnú sin go ndéantar an cháin bhreisiúcháin a ghearradh agus a bhailiú i ndlínse ina raibh cánachas leibhéil ísil, seachas an cháin bhreise uile a bhailiú ar leibhéal an mháthaireintitis deiridh. Nuair a fheidhmítear an roghnú sin, ceanglófar ar an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm creidmheas a thabhairt le haghaidh na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe agus an cháin bhreisiúcháin i leith na dlínse ábhartha á ríomh.

An Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-cháin (RÍFTC)

Déantar foráil leis an Treoir maidir le cásanna ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe lasmuigh den Aontas i ndlínse nach gcuireann RCI cáilitheach i bhfeidhm, beidh a chomheintitis uile sna dlínsí ina bhfuil creat iomchuí RÍFTC faoi réir RÍFTC. Sa chás sin, comhroinnfear comheintitis an ghrúpa FIN sin atá lonnaithe i mBallstáit, agus beidh orthu a gcion den cháin bhreisiúcháin a bhaineann le fochuideachtaí ísealchánach an ghrúpa FIN a íoc lena mBallstát.

Déanfar foráil leis an Treoir go mbeidh feidhm ag RÍFTC maidir le cásanna ina n‑oibríonn dlínse an mháthaireintitis deiridh RCI cáilitheach ach gur eintiteas ísealchánach é an máthaireintiteas deiridh gona fhochuideachtaí atá lonnaithe sa dlínse chéanna. An cháin bhreisiúcháin a chomhfhreagraíonn don mháthaireintiteas deiridh ísealchánach agus dá fhochuideachtaí náisiúnta, gearrfar í trí bhíthin RÍFTC ar na heintitis incháilithe uile ar fud an Ghrúpa FIN, lena n‑áirítear na heintitis atá lonnaithe i mBallstát. Níor cheart sin a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe lasmuigh den Aontas toisc go gcuireann máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe san Aontas prionsabail RCI i bhfeidhm ar féin agus ar a fhochuideachtaí náisiúnta nó toisc go n‑aithníonn sé gur gearradh cáin bhreisiúcháin go háitiúil trí bhíthin na cánach breisiúcháin náisiúnta. Dá bhrí sin, níor cheart cáin bhreisiúcháin a leithdháileadh faoi RÍFTC nuair atá an máthaireintiteas deiridh lonnaithe san Aontas.

I gcomhréir le Rialacha Samhla ECFE, bunaítear an ríomh ar cháin bhreisiúcháin RÍFTC agus leithdháileadh na cánach sa Treoir ar dhá thoisc: líon na bhfostaithe agus luach sócmhainní inláimhsithe de réir na leabhar.

Caibidil III An tIoncam nó an Caillteanas Cáilitheach a Ríomh

Cuimsítear le Caibidil III rialacha chun ‘ioncam cáilitheach’ a ríomh, i.e. an t‑ioncam coigeartaithe a chuirfear san áireamh chun an ráta cánach éifeachtach a ríomh. Chun an t‑ioncam sin a ríomh, tosaítear le glanioncam nó le glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí, arna chinneadh chun ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú. Déantar coigeartuithe ar an ioncam nó ar an gcaillteanas ansin mar a shainmhínítear in Airteagal 15.

I gcomhréir le Rialacha Samhla ECFE, eisiatar leis an Treoir ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta atá coimhdeach i bpáirt ó chur i bhfeidhm Rialacha Samhla GloBE. Leanann an t‑eisiamh sin an prionsabal go dtarlaíonn sé go minic i gcórais chánach náisiúnta go ngearrtar cáin ar ioncam ón loingseoireacht de bhun tacar rialacha atá éagsúil ó thacar rialacha an phríomhchórais cánach corparáide.

Cuimsítear leis an gCaibidil seo freisin rialacha a bhaineann go sonrach le comheintitis ar máthaireintitis deiridh nó eintitis tréshreafa iad. Sna cásanna sin, tá gá le rialacha speisialta chun nach ndéanfar an t‑ioncam is inchurtha i leith na n‑eintiteas sin a áireamh faoi dhó nó nach bhfágtar ar lár é. Leis na rialacha speisialta sin, teorannófar deiseanna chun cáin a sheachaint freisin.

Caibidil IV Cánacha Cumhdaithe Coigeartaithe a Ríomh

Le Caibidil IV, sainmhínítear cánacha cumhdaithe agus tugtar breac-chuntas ar na rialacha chun‘cánacha cumhdaithe coigeartaithe’ comheintitis a ríomh le haghaidh bliain fhioscach. Is é an príomhphrionsabal a bhaineann le cánacha cumhdaithe a leithdháileadh iad a shannadh ar an dlínse inar tuilleadh na bunbhrabúis atá faoi réir na gcánacha sin.

Chun an prionsabal sin a áirithiú, déantar foráil sa Treoir freisin maidir le rialacha speisialta i leith cánacha nó sreafaí ioncaim trasteorann i gcás máthaireintitis, eintiteas tréshreafa, corparáid faoi rialú eachtrach, eintiteas hibrideach nó cánacha ar dhíbhinní.

Caibidil V An Ráta Cánach Éifeachtach agus an Cháin Bhreisiúcháin a Ríomh

Cuimsítear le Caibidil V rialacha chun ráta cánach éifeachtach grúpa FIN i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach a ríomh. Ríomhtar an ráta éifeachtach trí chánacha cumhdaithe coigeartaithe an ghrúpa a roinnt ar an ioncam coigeartaithe arna thuilleamh ag an ngrúpa, i ndlínse shonrach le haghaidh na bliana fioscaí.

I gcomhréir leis an gcomhaontú domhanda, socraítear leis an Treoir an t‑íosráta cánach éifeachtach ag 15 % chun críoch Rialacha Samhla GloBE.

Pléitear ríomh agus leithdháileadh na cánach breisiúcháin i gCaibidil V freisin. Ar an gcéad dul síos, ríomhtar an céatadán cánach breisiúcháin le haghaidh dlínse mar dhifríocht idir an t‑íosráta cánach éifeachtach 15 % agus ráta cánach éifeachtach na dlínse. Iolraítear an céatadán cánach breisiúcháin ansin faoi ioncam na dlínse sin chun críoch GloBE le haghaidh na bliana atá i gceist.

Asbhaintear an t‑eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint (más ann dó) ón méid sin chun an cháin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomh. I gcomhréir le Rialacha Samhla GloBE, déantar foráil leis an Treoir maidir le heisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint, eisiamh ioncaim a bhunaítear ar chostais phárolla agus ar shócmhainní inláimhsithe. Féadfaidh eintiteas is comhdaitheoir an ghrúpa FIN roghnú gan an t‑eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint a chur i bhfeidhm le haghaidh dlínse.

Ar deireadh, faightear an cháin bhreisiúcháin le haghaidh gach comheintitis i ndlínse tríd an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a chionroinnt ar chomheintitis sa dlínse sin bunaithe ar ioncam gach comheintitis sa dlínse sin chun críoch GloBE.

Déantar foráil leis an Treoir maidir le cás ina bhfuil cáin bhreisiúcháin bhreise le bailiú mar gheall ar choigeartú a rinneadh ar chánacha cumhdaithe nó ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach i mbliain fhioscach roimhe sin, ba cheart caitheamh leis an gcáin bhreisiúcháin sin mar cháin bhreisiúcháin bhreise le haghaidh na bliana fioscaí atá á hathbhreithniú.

Chun ualaí rialála a laghdú i gcásanna ina bhfuil riosca íseal ann, tá feidhm ag eisiamh maidir le híosmhéideanna brabúis: an t‑eisiamh ioncaim de minimis . Bíonn an t‑eisiamh sin i gceist nuair atá brabúis chomheintitis an ghrúpa FIN faoi bhun EUR 1 mhilliún agus nuair atá na hioncaim atá acu faoi bhun EUR 10 milliún. I gcásanna den sórt sin agus ar choinníoll go ndéantar an roghnú maidir le heisiamh ioncaim de minimis, measfar cáin bhreisiúcháin na gcomheintiteas sa dlínse sin a bheith cothrom le nialas chun críoch GloBE.

Caibidil VI Rialacha Speisialta maidir le Cumaisc agus Éadálacha

Tá rialacha speisialta sa chaibidil seo maidir le cumaisc, éadálacha, comhfhiontair agus grúpaí FIN ilmháthar. Déantar foráil inti maidir le tairseach ioncaim chomhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí grúpa i gcás cumaisc nó díchumaisc. I gcás ina bhfaigheann grúpa FIN comheintiteas, nó i gcás ina ndíolann grúpa FIN comheintiteas laistigh de raon feidhme na rialacha sin, ba cheart caitheamh leis an gcomheintiteas sin mar chuid den dá ghrúpa le linn na bliana, agus coigeartuithe áirithe a dhéanamh ar luachanna na n‑aitreabúidí a úsáidtear chun Rialacha Samhla GloBE a oibriú (cánacha cumhdaithe, párolla incháilithe, sócmhainní inláimhsithe incháilithe, sócmhainní cánach iarchurtha GloBE). Tá rialacha ann le haghaidh gnóthachan nó caillteanas a shainaithint agus luach de réir le leabhar a ghabhann le sócmhainní agus dliteanais a shainaithint i gcás aistrithe, lena n‑áirítear atheagrú. Tá foráil speisialta ann chun comhfhiontair a chuimsiú, nithe nach gcuimseofaí sa sainmhíniú ar ghrúpa FIN chun críoch GloBE murach sin. Ar deireadh, tá riail shonrach ann le haghaidh grúpaí FIN ilmháthar ar bhealach go gcaitear le grúpeintitis mar chuid de ghrúpa FIN aonair.

Caibidil VII Córais Neodrachta Cánach agus Córais Dáileachán

Tá rialacha i gCaibidil VII i leith córais neodrachta cánach agus córais cánach dáileachán.

Chun torthaí neamhbheartaithe a sheachaint, amhail dliteanas cháin bhreisiúcháin RÍFTC díréireach i ngrúpa FIN, déantar foráil leis an Treoir maidir le rialacha speisialta chun ioncam an mháthaireintitis deiridh a ríomh, i gcás inar eintiteas tréshreafa é an t‑eintiteas sin nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir córas díbhinní in‑asbhainte.

I ndáil le heintitis infheistíochta, tá rialacha sonracha ann maidir leis an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin a chinneadh, an roghnú chun caitheamh leo mar eintitis atá trédhearcach go fioscach agus roghnú chun modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm.

I ndáil le córas cánach dáileacháin 5 , déantar foráil leis an Treoir go náirítear cáin dáileachán measta sa ríomh ar chánacha coigeartaithe cumhdaithe comheintiteas i gcás ina ndéanann an teintiteas is comhdaitheoir roghnú bliantúil i leith comheintitis atá faoi réir córas cánach dáileachán. Is éard atá i gceist leis sin cuntas athghabhála um cháin dáileachán measta a choinneáil ar bun le haghaidh gach bliana fioscaí a ndéantar an roghnú ina leith. Más rud é, i dtréimhse 4 bliana nach níoctar aon cháin ag an íosráta ar dháileachán measta den sórt sin agus nár thabhaigh an comheintiteas caillteanas inlamhála, ansin tá an cháin bhreisiúcháin iníoctha bunaithe ar an iarmhéid gan íoc sa chuntas athghabhála le haghaidh na bliana atá i gceist.

Caibidil VIII Forálacha Riaracháin

Cuimsítear forálacha riaracháin i gCaibidil VIII, lena n‑áirítear oibleagáidí comhdúcháin.

Leis an Treoir, ceanglaítear ar chomheintiteas grúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú, ach amháin má chomhdaíonn an grúpa FIN an tuairisceán i ndlínse eile, lena bhfuil comhaontú maidir le malartú faisnéise ag an mBallstát.

Féadfaidh an comheintiteas an tuairisceán riachtanach a chomhdú nó féadfaidh eintiteas áitiúil ainmnithe eile an tuairisceán a chomhdú thar a cheann.

Má thugtar faoiseamh don chomheintiteas ón tuairisceán a chomhdú, mar sin féin ní mór dó fógra a thabhairt dá údarás fioscach maidir le céannacht agus suíomh an chomheintitis a chomhdaíonn an tuairisceán thar ceann an ghrúpa FIN.

Ní mór na tuairisceáin a chomhdú laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscaí lena mbaineann siad.

Leagtar síos pionóis sa Treoir freisin i gcás nach gcomhlíonann grúpa FIN a oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir.

Caibidil IX Rialacha Idirthréimhseacha

Cuimsítear rialacha idirthréimhseacha i gCaibidil IX. Leis na rialacha sin, tugtar breac-chuntas ar an mbealach chun gnéithe áirithe de Rialacha Samhla GloBE a chinneadh i gcás nach mór do ghrúpa iad a chur i bhfeidhm den chéad uair [chun an t‑ualach rialála a laghdú]. Cumhdaítear leis an gCaibidil freisin na rialacha idirthréimhseacha maidir leis an eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint; paraiméadair chun ioncam a thuilltear sa bhaile a ghearradh amach ó RCI agus RÍFTC le haghaidh grúpaí náisiúnta mórscála agus grúpaí FIN faoi seach, ina gcéim thosaigh gníomhaíochta; faoiseamh idirthréimhseach i leith oibleagáidí comhdúcháin agus scairshealbha punainne.

Caibidil X Cur i bhfeidhm sonrach RCI maidir le grúpaí náisiúnta mórscála

Leis an gCaibidil seo, leathnaítear cur i bhfeidhm RCI chun grúpaí náisiúnta amháin atá lonnaithe i mBallstát a chuimsiú má chomhlíonann siad an tairseach EUR 750 milliún. Leis an ngné shonrach seo de rialacha an Aontais, táthar ag iarraidh an riosca a bhaineann le hidirdhealú i mBallstát idir eintiteas ar le grúpa a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann é agus eintiteas ar le grúpa é nach ndéanann ach gníomhaíochtaí sa bhaile. Ríomhfaidh na grúpaí náisiúnta mórscála sin a ráta cánach éifeachtach agus i gcás inarb ábhartha, gearrfar aon cháin bhreisiúcháin atá dlite faoi RCI orthu.

Chun cóir chomhionann a choinneáil ar bun maidir le grúpaí FIN atá sna chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta, deonaítear idirthréimhse 5 bliana leis an gCaibidil seo do ghrúpaí náisiúnta mórscála ina n‑eisiafar a ngníomhaíochtaí náisiúnta ísealchánach ó chur i bhfeidhm na rialacha.

Caibidil XI Forálacha Críochnaitheacha

Bítear ag súil leis go gcuirfidh comhaltaí an Chreata Chuimsithigh na Rialacha Samhla chun feidhme, rialacha lena gcomhtháthaítear an comhaontú maidir le híosleibhéal cánachais domhanda le haghaidh grúpaí FIN san Aontas faoi dheireadh 2022. Ina dhiaidh sin agus in am trátha, meastar go ndéanfaidh Creat Cuimsitheach ECFE athbhreithniú piaraí ar rialacha trasuímh náisiúnta chomhaltaí rannpháirteacha an Chreata Chuimsithigh, chun a chinneadh an féidir caitheamh leis na rialacha náisiúnta sin mar rialacha ‘cáilithe’; eadhon, cé acu a chloíonn na rialacha le fuairlitir agus le spiorad na Rialacha Samhla nó nach gcloíonn.

Thairis sin, i bpróiseas ar leithligh, bunóidh Creat Cuimsitheach ECFE coinníollacha faoina mbeidh córas Mheiriceá um ioncam ísealchánach domhanda doláimhsithe agus Rialacha GloBE le chéile, chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Beidh sin ann mar gheall ar an iarraidh a mheastar a thiocfaidh ó SAM go measfar a chreat dlíthiúil atá á athbhreithniú faoi láthair a bheith coibhéiseach le hábhar an chomhaontaithe dhomhanda agus go háirithe, leis an bpríomhriail, ‘an Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim’. Leagtar amach leis an Treoir coinníollacha lena gcuirfear ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar choibhéis córas tríú tíortha agus dlínsí a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha a chuimsiú i liosta san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir. Sannfar feidhm don Choimisiún freisin maidir leis an liosta san Iarscríbhinn a mhodhnú mar thoradh ar mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh seo tar éis do dhlínse tríú tír a creat dlíthiúil a mhodhnú. Ní mór an leasú sin ar an Iarscríbhinn a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le gníomhartha tarmligthe.

Tagraítear leis an gCaibidil seo freisin do thús chur i bhfeidhm Rialacha na Treorach, rud a shocraítear don 1 Eanáir 2023, seachas RÍFTC a gcuirfear a chur i bhfeidhm siar go dtí an 1 Eanáir 2024.

Fíor 1. Sreabhchairt d’fheidhmiú na rialacha san Aontas



2021/0433 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 6 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le blianta beaga anuas, tá bearta cinniúnacha glactha ag an Aontas chun an comhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach laistigh den mhargadh inmheánach a threisiú. Tá rialacha leagtha síos sna treoracha i gcoinne seachaint cánach i gcoinne creimeadh an bhoinn cánach sa mhargadh inmheánach agus i gcoinne an brabús a aistriú amach as an margadh inmheánach. Déantar na rialacha sin a thiontú i ndlí an Aontais ar na moltaí a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i gcomhthéacs an tionscnaimh i gcoinne chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) chun a áirithiú go ngearrfar cáin ar bhrabúis fiontar ilnáisiúnta (MNEanna) i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha as a dtagann na brabúis agus ina gcruthaítear luach.

(2)Agus iarracht leanúnach á déanamh acu deireadh a chur le cleachtais chánach MNEanna, rud a chuireann ar a gcumas brabúis a aistriú go dlínsí ina bhfuil siad faoi réir aon chánachais nó ina bhfuil siad an-íseal, tá sraith rialacha idirnáisiúnta cánach forbartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta chun a áirithiú go níocfaidh MNEanna cion cothrom cánach cibé áit a noibríonn siad. Is é is aidhm don athchóiriú mór seo íosleibhéal domhanda cánachais a leagan síos le haghaidh iomaíocht maidir le rátaí cánach ioncaim chorparáidigh. Trí dheireadh a chur le cuid mhór de na buntáistí a bhaineann le brabúis a aistriú chuig dlínsí nach bhfuil aon cháin iontu nó a bhfuil cáin an-íseal acu, tabharfar cothrom iomaíochta do ghnólachtaí ar fud an domhain leis an athchóiriú domhanda maidir le cáin íosta agus, mar sin, is fearr a bheidh dlínsí in ann a mbonn cánach a chosaint.

(3)Tá an cuspóir polaitiúil sin tiontaithe ina Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Rialacha Samhla GloBE) a d’fhormheas Creat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le BEPS an 14 Nollaig 2021, creat a bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit ina leith. Sna Conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 8 , d’athdhearbhaigh an Chomhairle go dtacaíonn sí go láidir leis an athchóiriú domhanda maidir le cáin íosta agus gheall sí an comhaontú a chur chun feidhme go pras trí bhíthin reachtaíocht an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit a ngealltanas chun feidhme go héifeachtach chun íosleibhéal domhanda cánach a bhaint amach.

(4)In Aontas ina bhfuil geilleagair atá comhtháite go dlúth, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an tathchóiriú domhanda maidir le cáin íosta a chur chun feidhme ar bhealach atá comhleanúnach agus comhordaithe go leordhóthanach. I bhfianaise scála, sonraí agus teicniúlachtaí na rialacha nua idirnáisiúnta cánach sin, ní dhéanfadh ach creat coiteann de chuid an Aontais ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a chosc agus na rialacha nua sin á gcur chun feidhme. Ina theannta sin, le creat coiteann, a ceapadh chun a bheith comhoiriúnach leis na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh, sholáthrófaí deimhneacht dhlíthiúil do cháiníocóirí agus na rialacha á gcur chun feidhme acu.

(5)Is gá rialacha a leagan síos chun creat éifeachtúil agus comhleanúnach a bhunú le haghaidh an íosleibhéil dhomhanda cánach ar leibhéal an Aontais. Leis an gcreat sin, cruthaítear córas ina mbeidh dhá riail chomhghlasáilte, ar a dtugtar na rialacha GloBE, trínar cheart méid breise cánach ar a dtugtar cáin bhreisiúcháin a bhailiú gach uair a bheidh ráta cánach éifeachtach MNE faoi bhun an 15 % i ndlínse ar leith. I gcás den sórt sin, meastar gur dlínse í ina bhfuil cáin íseal. Tugtar an Riail maidir le hIoncam a Áireamh (RCI) agus an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-cháin (RÍFTC) ar an dá riail sin. Faoin gcóras sin, an máthaireintiteas MNE atá lonnaithe i mBallstát, tá oibleagáid air an RCI a chur i bhfeidhm ar a sciar féin den cháin bhreisiúcháin a bhaineann le haon eintiteas den ghrúpa a bhfuil cáin íseal air, bíodh sé sin lonnaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Ba cheart don RÍFTC gníomhú mar chúlstop don RCI trí aon mhéid iarmharach de cháin bhreisiúcháin a ath-leithdháileadh i gcásanna nach bhféadfadh máthaireintitis méid iomlán na cánach breisiúcháin a bhaineann le heintitis ísealchánach a bhailiú trí RCI a chur i bhfeidhm.

(6)Tá sé riachtanach Rialacha Samhla GloBE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda. Cloíonn an Treoir seo go dlúth le hinneachar agus le struchtúr Rialacha Samhla GloBE. Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus ar bhealach níos cruinne, leis an tsaoirse bhunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí an-mhóra náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Gach eintiteas, lena náirítear an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm, atá lonnaithe i mBallstát ina bhfuil córas ísealchánach, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na heintitis chomhdhéanaimh de chuid an mháthaireintiteahs chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin.

(7)Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar MNEanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí MNE nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre 9 . Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na neintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na núinéirí.

(8)An máthaireintiteas deiridh (UPE) de ghrúpa MNE nó de ghrúpa baile mórscála, a bhfuil leas rialaitheach aige go díreach nó go hindíreach i ngach eintiteas eile den ghrúpa MNE nó den ghrúpa baile mórscála, tá sé i gcroílár an chórais. Ós rud é go gceanglaítear ar an UPE de ghnáth cuntais airgeadais na neintiteas uile de chuid an ghrúpa MNE nó den ghrúpa náisiúnta mórscála a chomhdhlúthú nó, murab amhlaidh atá, go néileofaí amhlaidh faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, tá faisnéis chriticiúil aige agus is é ab fhearr chun a áirithiú maidir leis an leibhéal cánach in aghaidh na dlínse i gcás an ghrúpa, go gcomhlíonfaidh sé an tíosráta comhaontaithe. Nuair a bheidh an UPE lonnaithe san Aontas, ba cheart, dá bhrí sin, an phríomhoibleagáid a bheith air faoin Treoir seo an RCI a chur i bhfeidhm ar a sciar leithdháilte den cháin bhreisiúcháin a bhaineann le gach eintiteas íseal-chánach de ghrúpa MNE, is cuma cé acu laistigh nó lasmuigh den Aontas atá siad lonnaithe. Dhéanfadh an UPE ag barr grúpa náisiúnta mórscála an RCI a chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán na cánach breisiúcháin i ndáil lena gcomheintitis ísealchánacha.

(9)In imthoscaí airithe, ba cheart an oibleagáid sin a bhogadh síos agus a chur ar chomheintitis eile den ghrúpa MNE atá lonnaithe san Aontas. Ar an gcéad dul síos, nuair atá an UPE lonnaithe i ndlínse tríú tír nach bhfuil rialacha samhla GloBE nó rialacha coibhéiseacha curtha chun feidhme aici agus, dá bhrí sin, nach bhfuil RCI cáilithe acu, ba cheart oibleagáid a bheith ar mháthaireintitis idirmheánacha (IPE) atá suite faoi bhun an UPE sa slabhra úinéireachta agus é lonnaithe san Aontas, faoin Treoir, an RCI a chur i bhfeidhm suas go dtí a sciar iomlán den cháin bhreisiúcháin, murab é go bhfuil leas rialaitheach i seilbh IPE agus go gceanglaítear air an RCI a chur i bhfeidhm in IPE eile, agus sa chás sin ba cheart don RCI é a chur i bhfeidhm.

(10)Ar an dara dul síos, is cuma an i ndlínse ag a bhfuil RCI cáilithe nó nach ea, na máthaireintitis atá faoi úinéireacht i bpáirt agus iad suite san Aontas, agus a bhfuil os cionn 20 % dá gcothromas faoi úinéireacht sealbhóirí leasa lasmuigh de ghrúpa MNE, ba cheart oibleagáid a bheith orthu faoin Treoir seo an RCI a chur i bhfeidhm suas go dtí a sciar leithdháilte den cháin bhreisiúcháin. Níor cheart do POPE den sórt sin an RCI a chur i bhfeidhm, áfach, nuair atá siad ar lánúinéireacht ag POPE eile a gceanglaítear air an RCI a chur i bhfeidhm. Ar an tríú dul síos, nuair a bhíonn an teintiteas sainchuspóireach lonnaithe i ndlínse gan RCI cáilithe, ba cheart do na heintitis atá sa ghrúpa MNE an RÍFTC a chur i bhfeidhm maidir le haon mhéid iarmharach den cháin bhreisiúcháin nach raibh faoi réir an RCI i gcomhréir le foirmle leithdháilte bunaithe ar an líon fostaithe agus sócmhainní inláimhsithe atá acu. Ar an gceathrú dul síos, i gcás ina bhfuil an UPE lonnaithe i ndlínse tríú tír ag a bhfuil RCI cáilithe, ba cheart do chomheintitis an ghrúpa MNE an RÍFTC a chur i bhfeidhm maidir leis na comheintitis atá lonnaithe i ndlínse an tríú tír sin, i gcásanna inarb é dlínse ísealchánach é an tríú tír sin bunaithe ar ETR na gcomheintiteas ar fad atá sa dlínse sin, lena náirítear inniúlacht UPE.

(11)I gcomhréir le cuspóirí beartais an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta i dtaca le hiomaíocht chóir chánach i measc dlínsí, ba cheart ríomh ETR a dhéanamh ar leibhéal na dlínse i gceist. Chun críocha ETR a ríomh, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le sraith choiteann rialacha sonracha maidir leis an mbonn cánach a ríomh, dá ngairtear ioncam nó caillteanas cáilitheach, agus maidir leis na cánacha a íocadh, dá dtagraítear mar chánacha cumhdaithe. Is iad na cuntais airgeadais an túsphointe, cuntais a úsáidtear chun críocha comhdhlúthaithe agus atá faoi réir sraith coigeartuithe ina dhiaidh sin, lena náirítear freastal ar dhifríochtaí uainiúcháin, chun aon saobhadh idir dlínsí a sheachaint. Thairis sin, féadfar ioncam nó caillteanas cáilitheach agus cánacha cumhdaithe eintiteas áirithe a leithdháileadh ar eintitis ábhartha eile laistigh de ghrúpa MNE chun neodracht a áirithiú sa chaoi a ndéileáiltear le hioncam nó caillteanas cáilitheach ó thaobh cánach de a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cánacha cumhdaithe i roinnt dlínsí éagsúla, mar gheall ar chineál na neintiteas (eintitis thréshreafa, eintitis hibrideacha nó buanbhunaíocht) nó mar gheall ar an gcóir shonrach chánach ar ioncam (íocaíocht díbhinne nó córas cánach maidir le corparáid faoi rialú eachtrach).

(12)Ba cheart ETR de ghrúpa MNE i ngach dlínse ina ndéanann sé gníomhaíochtaí nó de ghrúpa náisiúnta mórscála a chur i gcomparáid leis an íosráta cánach 15 % a comhaontaíodh chun a chinneadh an bhfuil an grúpa MNE nó an grúpa náisiúnta mórscála faoi dhliteanas cáin bhreisiúcháin a íoc agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh an RCI nó an RÍFTC a chur i bhfeidhm. Leis an ráta íosta cánach 15 % a chomhaontaigh Creat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le CBAB, léirítear cothromaíocht i measc rátaí cánach corparáide ar fud an domhain. I gcásanna ina dtiteann ETR grúpa MNE faoi bhun an íosráta cánach i ndlínse ar leith, ba cheart an cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh ar na heintitis sa ghrúpa MNE atá faoi dhliteanas an cháin a íoc i gcomhréir le cur i bhfeidhm an RCI agus an RÍFTC, chun cloí leis an ráta íosta éifeachtach 15 % a comhaontaíodh ar fud an domhain. I gcásanna ina dtiteann ETR de ghrúpa baile mórscála faoi bhun an íosráta cánach, ba cheart don UPE ag barr an ghrúpa baile mórscála an RCI a chur i bhfeidhm maidir lena gcomheintitis ísealchánach, chun a áirithiú go mbeidh an grúpa sin faoi dhliteanas cáin a íoc ar ráta íosta éifeachtach 15 %.

(13)Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar a gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh córas náisiúnta um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Comheintitis de ghrúpa MNE atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh rialacha a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an RCI agus an RÍFTC ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Agus roinnt solúbthachta á fágáil ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme teicniúil an chórais náisiúnta um cháin bhreisiúcháin, ba cheart go náiritheofaí leis an gcóras sin an cánachas íosta éifeachtach ar ioncam cáilitheach nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas ar an mbealach céanna, nó ar bhealach coibhéiseach, le RCI agus RÍFTC na Treorach seo.

(14)Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an gcleachtadh sin cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart go náireofaí sa Treoir díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, go pointe áirithe, ar chásanna ina ndéanann grúpa MNE nó grúpa náisiúnta mórscála gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach na ngrúpaí MNE atá ag na chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a mheas freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann do ghrúpaí MNE a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta na ngrúpaí sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse cúig bliana, agus sin ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag an ngrúpa MNE i níos mó ná sé dhlínse eile. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí baile mórscála, ba cheart an tioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse cúig bliana.

(15)Mar gheall ar a cineál an-luaineach agus ar thimthriall fada eacnamaíoch an tionscail seo, is gnách go mbíonn earnáil na loingseoireachta faoi réir córas malartach nó córas forlíontach cánachais sna Ballstáit. Ionas nach mbainfear an bonn ón réasúnaíocht bheartais sin agus go gceadófar do na Ballstáit leanúint de chóireáil cánach shonrach a chur i bhfeidhm ar earnáil na loingseoireachta i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta agus le rialacha maidir le státchabhair, ba cheart ioncam loingseoireachta a eisiamh ón gcóras.

(16)Chun cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta agus an tualach riaracháin ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le heisiamh de minimis i gcás grúpaí MNE nó grúpaí baile mórscála ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart go níocfadh grúpaí MNE nó grúpaí baile mórscála den sórt sin cáin bhreisiúcháin fiú má tá ETR seo acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.

(17)D‘fhéadfadh cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo maidir le grúpaí MNE agus grúpaí náisiúnta mórscála a thagann faoina raon feidhme den chéad uair saobhadh a chruthú toisc airíonna cánacha a bheith ann, lena náirítear caillteanais ó bhlianta fioscacha roimhe sin, nó ó dhifríochtaí uainiúcháin, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rialacha idirthréimhseacha chun deireadh a chur leis an saobhadh sin. Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag laghdú de réir a chéile ar na rátaí le haghaidh an phárolla agus na sócmhainní inláimhsithe chomh maith chun aistriú rianúil chuig an gcóras nua cánach a éascú.

(18)Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena náiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh den ghrúpa MNE agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag an ngrúpa MNE chun an tuairisceán faisnéise a chomhdú agus a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Sa chéad dhá mhí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an gCreat Cuimsitheach maidir le ceanglais a chomhdú faoin gcreat cur chun feidhme GloBE. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear leis an gcóras seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.

(19)I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach sna dlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghrúpaí MNE laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin.

(20)Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain. Beidh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais RCI cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Sa chomhthéacs sin, agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí a chur ar choibhéis le IR cáilithe. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanadh ar na critéir choibhéise agus sin bunaithe ar pharaiméadair áirithe mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe, tar éis aon mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil a chuir dlínse tríú tír chun feidhme ina dlí baile.

(21)Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ba cheart an aidhm a bheith ann modhnuithe a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear dlínsí ina bhfuil creat dlíthiúil baile ar féidir a mheas faoi a bheith coibhéiseach le riail cháilithe maidir le hioncam a áireamh.

(22)Na rialacha maidir le cur i bhfeidhm RÍFTC, ba cheart feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2024 chun cead a thabhairt do dhlínsí tríú tíortha an RCI a chur i bhfeidhm sa chéad chéim de chur chun feidhme na Rialacha Samhla GloBE.

(23)Maidir le cuspóir na Treorach seo, chun creat comhchoiteann a chruthú le haghaidh íosleibhéal domhanda cánach laistigh den Aontas ar bhonn an chur chuige choitinn atá sna Rialacha Samhla GloBE, ní féidir le gach Ballstát é a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina naonar. Dá ngníomhódh na Ballstáit go neamhspleách, bheadh an baol ann go gcruthófaí ilroinnt sa mhargadh inmheánach. Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh a ghlacadh a fheidhmíonn mar is ceart sa mhargadh inmheánach ina iomláine, is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais de bharr scála an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta. Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(24)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 (1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 . An ceart chun sonraí pearsanta a chosaint de réir Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith le Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear bearta coiteanna le haghaidh íoschánachas éifeachtach grúpaí FIN sna foirmeacha seo a leanas:

(a)riail maidir le cuimsiú ioncaim (RCI) ar i gcomhréir léi a ríomhann máthaireintiteas grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála a chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa agus a bhailíonn an máthaireintiteas an cháin sin; agus

(b)riail maidir le híocaíochtaí faoi thearc-cháin (RÍFTC) ar i gcomhréir léi a bhailíonn comheintiteas grúpa FIN cion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin arna ríomh ag máthaireintiteas deiridh an ghrúpa, cáin nár gearradh faoi RCI i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le comheintitis atá lonnaithe san Aontas ar comhaltaí de ghrúpa FIN nó de ghrúpa náisiúnta mórscála iad, grúpa ag a raibh ioncam bliantúil de EUR 750 000 000 nó níos mó ina ráitis airgeadais chomhdhlúite in 2 bhliain ar a laghad sna 4 bliana fhioscacha chomhleanúnacha roimhe sin.

2.I gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na 4 bliana fhioscacha dá dtagraítear i mír 1 níos faide nó níos giorra ná 12 mhí, coigeartófar an tioncam bliantúil dá dtagraítear sa mhír sin go comhréireach le haghaidh gach ceann de na blianta fioscacha sin.

3.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na heintitis seo a leanas (‘eintitis eisiata’) ach amháin má dhéanann an comheintiteas is comhdaitheoir roghnú gan caitheamh leis na heintitis sin mar eintitis eisiata i gcomhréir le hAirteagal 43(1):

(a)eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach, ciste pinsin, eintiteas infheistíochta ar máthaireintiteas deiridh é agus meán infheistíochta réadmhaoine ar máthaireintiteas deiridh é; nó

(b)eintiteas atá ar úinéireacht 95 % ar a laghad ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (a), go díreach nó trí roinnt eintiteas den sórt sin, seachas eintitis seirbhísí pinsin, ar eintiteas é a dhéanann ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)a oibríonn go heisiach, nó nach mór go heisiach, chun sócmhainní a shealbhú nó chun cistí a infheistiú ar mhaithe leis an eintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a); nó

(ii)a dhéanann gníomhaíochtaí atá coimhdeach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an teintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a); nó

(c)eintiteas atá ar úinéireacht 85 % ar a laghad ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a), go díreach nó trí cheann amháin de na heintitis sin nó níos mó ná sin, ar choinníoll go ndíorthaíonn sé a ioncam uile nach mór ó dhíbhinní nó ó ghnóthachain nó ó chaillteanais chothromais a eisiatar ón ríomh ar an ioncam cáilitheach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 15(2).

Airteagal 3 
Sainmhínithe

Chun críoch na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine dlítheanach nó aon socrú dlítheanach a ullmhaíonn cuntais airgeadais ar leithligh;

(2)ciallaíonn ‘comheintiteas’ eintiteas nó buanbhunaíocht ar cuid de ghrúpa FIN nó de ghrúpa náisiúnta mórscála í;

(3)ciallaíonn ‘grúpa’ an méid seo a leanas:

(a)bailiúchán eintiteas a bhfuil baint acu le chéile trí úinéireacht nó trí urlámhas mar a shainmhínítear leis an gcreat cuntasaíochta inghlactha le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh, lena náirítear aon eintiteas a d’fhéadfadh a bheith eisiata ó ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, bunaithe ar a mhéid bheag, ar fhorais ábharthachta nó ar na forais go bhfuil sé ar seilbh lena dhíol agus bunaithe ar na nithe sin amháin; agus

(b)eintiteas ag a bhfuil buanbhunaíocht amháin nó níos mó ná sin, ar choinníoll nach cuid de ghrúpa eile mar a shainmhínítear i bpointe (a) é;

(4)ciallaíonn ‘grúpa FIN’ aon ghrúpa lena náirítear eintiteas nó buanbhunaíocht amháin ar a laghad nach bhfuil lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh;

(5)ciallaíonn ‘grúpa náisiúnta mórscála’ aon ghrúpa a bhfuil na heintitis uile lena mbaineann lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(6)ciallaíonn ‘ráitis airgeadais chomhdhlúite’ an méid seo a leanas:

(a)na ráitis airgeadais a ullmhaíonn eintiteas i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, ina dtíolactar aon sócmhainn, dliteanas, ioncam, speansas nó sreabhadh airgid de chuid an eintitis agus de chuid na neintiteas a rialaíonn sé amhail is gur aonad aonair eacnamaíoch iad na heintitis sin;

(b)maidir le grúpaí mar a shainmhínítear i bpointe 3(b), na ráitis airgeadais a ullmhaíonn an príomheintiteas i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha;

(c)na ráitis airgeadais nár ullmhaigh máthaireintiteas deiridh i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha agus a coigeartaíodh ina dhiaidh sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc; nó

(d)i gcás nach nullmhaíonn an máthaireintiteas na ráitis airgeadais a dtugtar tuairisc orthu i bpointí (a), (b) nó (c), na ráitis airgeadais a d’ullmhófaí dá gceanglófaí ar an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais den sórt sin a ullmhú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(i)caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(ii)caighdeán cuntasaíochta airgeadais eile agus ar choinníoll gur coigeartaíodh aon ráiteas airgeadais den sórt sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc;

(7)ciallaíonn ‘bliain fhioscach’ an tréimhse chuntasaíochta ar ina leith a dhéantar na nithe seo a leanas:

(a)ullmhaíonn máthaireintiteas grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála a ráitis airgeadais chomhdhlúite nó, i gcás nach nullmhaíonn an máthaireintiteas ráitis airgeadais chomhdhlúite, an bhliain féilire; agus

(b)ríomhtar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin;

(8)ciallaíonn ‘comheintiteas is comhdaitheoir’ eintiteas a chomhdaíonn tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 42 den Treoir seo;

(9)ciallaíonn ‘eintiteas tréshreafa’ eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas atá trédhearcach go fioscach maidir lena ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas sa dlínse inar cruthaíodh é, eintiteas nach bhfuil ina chónaitheoir chun críoch cánach ná faoi réir cáin chumhdaithe ar a ioncam nó ar a bhrabús i ndlínse eile;

Chun críoch an tsainmhínithe sin, ciallaíonn eintiteas atá trédhearcach go fioscach eintiteas a gcaitheann dlíthe dlínse lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas amhail is gur dhíorthaigh nó gur thabhaigh úinéir an eintitis sin go díreach é;

(10)ciallaíonn ‘buanbhunaíocht’ an méid seo a leanas:

(a)áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an áit sin mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le conradh cánach infheidhme atá i bhfeidhm ar choinníoll go ngearrann an dlínse sin cáin ar an ioncam is inchurtha ina leith i gcomhréir le foráil atá cosúil le hAirteagal 7 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal 12 ;

(b)mura bhfuil aon chonradh cánach infheidhme i bhfeidhm, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina ngearrtar cáin ar an ioncam is inchurtha i leith na háite gnó sin ar ghlanbhonn ar shlí atá cosúil leis an tslí a ngearrtar cáin ar a cónaitheoirí féin chun críoch cánach;

(c)mura bhfuil aon chóras cánach corparáide ag dlínse, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe sa dlínse sin ar áit í a gcaithfí léi mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, ar choinníoll go mbeadh sé de cheart ag an dlínse sin cáin a ghearradh ar an ioncam a bheadh inchurtha i leith na háite gnó i gcomhréir le hAirteagal 7 den choinbhinsiún sin; nó

(d)áit ghnó eile nó áit eile a mheastar a bheith ina háit ghnó trína ndéantar oibríochtaí lasmuigh den dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe, má dhíolmhaíonn an dlínse sin an tioncam is inchurtha i leith na noibríochtaí sin;

(11)ciallaíonn ‘máthaireintiteas deiridh’ an méid seo a leanas:

(a)eintiteas a bhfuil leas urlámhais in aon eintiteas eile ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach agus nach bhfuil ar úinéireacht ag aon eintiteas eile, go díreach nó go hindíreach, ag a bhfuil leas urlámhais ann; nó

(b)príomheintiteas;

(12)ciallaíonn ‘íosráta cánach’ cúig déag faoin gcéad (15 %);

(13)ciallaíonn ‘cáin bhreisiúcháin’ an cháin bhreisiúcháin a ríomhtar le haghaidh dlínse nó le haghaidh comheintitis de bhun Airteagal 26;

(14)ciallaíonn ‘córas cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe’ tacar rialacha cánach faoina bhfuil scairshealbhóir díreach nó indíreach eintitis eachtraigh faoi réir cánachais ar a chion de chuid den ioncam a thuilleann an teintiteas eachtrach sin nó ar a chion den ioncam uile, gan beann ar cé acu a dháiltear an tioncam sin ar an scairshealbhóir nó nach ndáiltear;

(15)ciallaíonn ‘riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim’ (‘RCI cáilithe’) tacar rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse agus a bhfuil na nithe seo a leanas fíor maidir leo:

(a)tá siad coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo ar i gcomhréir leo a ríomhann máthaireintiteas grúpa FIN a chion is in-leithdháilte den cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa agus a bhailíonn sé an cháin sin;

(b)cuirtear i bhfeidhm iad agus riartar iad ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ní chuireann siad ar chumas na dlínse aon bhuntáiste a thabhairt a bhaineann leis na rialacha sin;

(16)ciallaíonn ‘comheintiteas ísealchánach’ an méid seo a leanas:

(a)comheintiteas grúpa FIN atá lonnaithe i ndlínse ísealchánach; nó

(b)comheintiteas gan stát ag a bhfuil ráta cánach éifeachtach, i leith bliain fhioscach, atá níos ísle ná an tíosráta cánach éifeachtach;

(17)ciallaíonn ‘máthaireintiteas idirmheánach’ comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile sa ghrúpa FIN céanna ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach agus nach gcáilíonn mar mháthaireintiteas deiridh, mar mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht, mar bhuanbhunaíocht nó mar eintiteas infheistíochta;

(18)ciallaíonn ‘leas urlámhais’ leas úinéireachta in eintiteas lena gceanglaítear ar an sealbhóir leasa, nó lena gceanglófaí ar an sealbhóir leasa sócmhainní, dliteanais, ioncam, costais agus sreafaí airgeadais an eintitis a chomhdhlúthú ar bhonn líne ar líne, i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha;

Maidir le príomheintiteas, meastar go bhfuil leasanna urlámhais a bhuanbhunaíochtaí féin aige.

(19)ciallaíonn ‘máthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht’ comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile sa ghrúpa FIN céanna ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach, ar comheintiteas é a bhfuil níos níos mó ná 20 % dá leas úinéireachta ina bhrabúis ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nach comheintitis den ghrúpa FIN iad agus nach gcáilíonn mar mháthaireintiteas deiridh, mar bhuanbhunaíocht ná mar eintiteas infheistíochta;

(20)ciallaíonn ‘leas úinéireachta’ aon cheart ar bhrabúis, ar chaipiteal nó ar chúlchistí eintitis nó buanbhunaíochta;

(21)ciallaíonn ‘máthaireintiteas’ máthaireintiteas deiridh, nach eintiteas eisiata, máthaireintiteas idirmheánach ná máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht é;

(22)ciallaíonn ‘caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha’ caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (CITA agus CITA arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002) agus prionsabail chuntasaíochta na hAstráile, na Brasaíle, Cheanada, Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, Hong Cong (an tSín), na Seapáine, Mheicsiceo, na Nua-Shéalainne, Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na hIndia, Phoblacht na Cóiré, na Rúise, Shingeapór, na hEilvéise, na Ríochta Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, prionsabail a nglactar leo go ginearálta;

(23)ciallaíonn‘cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe’ cáin bhreisiúcháin a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse agus lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)déantar foráil léi maidir le róbhrabúis comheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus maidir leis an íosráta cánach a chur i bhfeidhm maidir leis na róbhrabúis sin le haghaidh na dlínse agus na gcomheintiteas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo; agus

(b)cuirtear i bhfeidhm í agus riartar í ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ní chuireann sí ar chumas na dlínse aon bhuntáiste a thabhairt a bhaineann leis na rialacha sin;

(24)ciallaíonn ‘eintiteas infheistíochta’ an méid seo a leanas:

(a)ciste infheistíochta nó meán infheistíochta réadmhaoine;

(b)eintiteas atá 95 % ar úinéireacht, go díreach nó go hindíreach, ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó trí eintiteas amháin nó níos mó den sórt sin, agus a oibríonn go heisiach nó nach mór go heisiach chun sócmhainní a shealbhú nó cistí a infheistiú dá thairbhe;

(c)eintiteas atá 85 % ar a laghad ar úinéireacht ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go ndíorthaíonn sé a ioncam uile nach mór ó dhíbhinní nó ó ghnóthachain nó ó chaillteanais chothromais a eisiatar ón ríomh ar an ioncam cáilitheach chun críoch na Treorach seo;

(25)ciallaíonn ‘ciste infheistíochta’ eintiteas nó socrú lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)ceapadh é chun sócmhainní airgeadais agus neamh-airgeadais ó roinnt infheisteoirí nach mbaineann le chéile den chuid is mó a chomhthiomsú;

(b)infheistíonn sé i gcomhréir le beartas infheistíochta sainithe;

(c)cuireann sé ar a gcumas do na hinfheisteoirí costais idirbhirt, taighde agus anailíse a laghdú nó an riosca a leathadh le chéile;

(d)ceapadh é go príomha chun ioncam nó gnóthachain infheistíochta a ghiniúint nó chun cosaint a ghiniúint ar theagmhas nó ar thoradh áirithe nó ginearálta;

(e)tá ceart ag a infheisteoirí ar thoradh ó shócmhainní an chiste nó ar ioncam a thuilleann na sócmhainní sin, bunaithe ar an ranníocaíocht a rinne siad;

(f)tá an ciste nó bainistíocht an chiste, faoi réir an chórais rialála le haghaidh cistí infheistíochta sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe nó ina mbainistítear é; agus

(g)bainistíonn gairmithe bainistíochta cistí infheistíochta an ciste thar ceann na ninfheisteoirí;

(26)ciallaíonn ‘meán infheistíochta réadmhaoine’ eintiteas atá ar seilbh go forleathan lena sealbhaítear maoin dho-aistrithe den chuid is mó agus atá faoi réir leibhéal aonair cánachais, faoina chúram féin nó faoi chúram a shealbhóirí leasa, agus bíonn bliain iarchurtha amháin ar a mhéad aige;

(27)ciallaíonn ‘ciste pinsin’ an méid seo a leanas:

(a)eintiteas a bhunaítear agus a oibrítear go heisiach nó nach mór go heisiach i ndlínse chun sochair scoir agus sochair choimhdeacha nó theagmhasacha a riar nó a sholáthar do dhaoine aonair, ar eintiteas é a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis:

(i)rialaítear sa dlínse sin é; nó

(ii)tá sé ar seilbh ag socrú muiníneach nó ag socraitheoir agus soláthraíonn sé na sochair sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta;

(b)eintiteas seirbhísí pinsin;

(28)ciallaíonn ‘eintiteas seirbhísí pinsin’ eintiteas a bhunaítear agus a oibrítear go heisiach nó nach mór go heisiach chun cistí a infheistiú chun sochar na neintiteas dá dtagraítear i mír 27 nó chun gníomhaíochtaí rialáilte a dhéanamh atá coimhdeach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 27, i gcás ina bhfuil an teintiteas seirbhísí pinsin ina chuid den ghrúpa céanna a dhéanann na gníomhaíochtaí sin;

(29)ciallaíonn ‘dlínse ísealchánach’ Ballstát nó dlínse tríú tír ina bhfuil ráta cánach éifeachtach ag grúpa FIN atá níos ísle ná an tíosráta cánach, i mbliain fhioscach ar leith;

(30)ciallaíonn ‘ioncam nó caillteanas cáilitheach’ an tioncam nó an caillteanas cuntasaíochta airgeadais atá ag comheintiteas arna choigeartú i gcomhréir leis na rialacha a shainmhínítear i gCaibidil III agus i gCaibidlí VI agus VII den Treoir seo;

(31)ciallaíonn ‘cáin bharúlach in-aisíoctha dhícháilithe’ aon cháin, seachas cáin bharúlach cháilithe a fhabhraítear chuig comheintiteas nó a íocann comheintiteas a bhfuil an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)tá sí in-aisíoctha le húinéir tairbhiúil díbhinne a dháileann comheintiteas den sórt sin i leith na díbhinne sin nó tá sí inchreidiúnaithe ag an úinéir tairbhiúil in aghaidh dliteanas cánach seachas dliteanas cánach i leith na díbhinne sin; nó

(b)tá sí in-aisíoctha leis an gcuideachta is dáilteoir tráth a dháiltear díbhinn ar scairshealbhóir.

Chun críoch an tsainmhínithe seo, ciallaíonn cáin bharúlach cháilithe cáin chumhdaithe a fhabhraítear chuig comheintiteas nó chuig buanbhuanaíocht, nó a íoctar leo, ar cáin í atá in-aisíoctha nó inchreidiúnaithe le faighteoir na díbhinne arna dáileadh ag an gcomheintiteas nó ag an bpríomheintiteas faoi seach, ar choinníoll go bhfuil an aisíocaíocht iníoctha, nó go ndéantar ceann díobh seo a leanas:

(a)soláthraíonn dlínse seachas an dlínse a fhorchuir na cánacha cumhdaithe an creidmheas;

(b)soláthraítear an creidmheas d’úinéir tairbhiúil corparáideach na díbhinne atá faoi réir cáin ag ráta ainmnithe, ráta ainmnithe arb ionann é nó ar mó é ná an tíosráta cánach, cáin a ghearrtar ar an díbhinn a fuarthas faoi dhlí náisiúnta na dlínse inar forchuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas;

(c)soláthraítear an creidmheas do dhuine aonair arb é úinéir tairbhiúil na díbhinne agus atá ina chónaitheoir chun críoch cánach sa dlínse inar forcuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas agus atá faoi réir ráta cánach ainmniúil arb ionann é nó ar mó é ná an ráta cánach caighdeánach is infheidhme maidir le gnáthioncam; nó

(d)soláthraítear an creidmheas d’eintiteas rialtais, d’eagraíocht idirnáisiúnta, d’eagraíocht neamhbhrabúsach, do chiste pinsin, d’eintiteas infheistíochta nach cuid den ghrúpa FIN é nó do chuideachta árachais saoil, a mhéid a fhaightear an díbhinn i ndáil le gníomhaíochtaí ciste pinsin atá faoi réir cáin ar an tslí chéanna atá ciste pinsin;

(32)ciallaíonn ‘creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe an méid seo a leanas:

(a)creidmheas cánach in-aisíoctha a cheaptar ar bhealach gur féidir é a íoc mar íocaíocht airgid thirim nó mar choibhéis airgid le comheintiteas laistigh de 4 bliana ón dáta óna bhfuil an comheintiteas i dteideal an creidmheas cánach in-aisíoctha a fháil faoi dhlíthe na dlínse a dheonaíonn an creidmheas; nó

(b)má tá an creidmheas cánach in-aisíoctha i bpáirt, an chuid den chreidmheas cánach in-aisíoctha is iníoctha mar íocaíocht airgid thirim nó mar choibhéis airgid le comheintiteas laistigh de 4 bliana ón dáta óna bhfuil an comheintiteas i dteideal an creidmheas cánach in-aisíoctha páirteach a fháil;

(33)ciallaíonn ‘príomheintiteas’ eintiteas a áiríonn glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais buanbhunaíochta ina ráitis airgeadais;

(34)ciallaíonn ‘eintiteas atá trédhearcach go fioscach’ an méid seo a leanas:

(a)eintiteas tréshreafa a mheastar a bheith trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe.

(b)eintiteas nach cónaitheoir chun críoch cánach é agus nach bhfuil faoi réir cáin chumhdaithe nó cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla a mhéid a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist i leith a ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas:

(i)tá a úinéirí lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an eintiteas mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach;

(ii)níl áit ghnó aige sa dlínse inar cruthaíodh é; agus

(iii)níl an tioncam, an caiteachas, an brabús ná an caillteanas inchurtha i leith buanbhunaíochta;

(35)ciallaíonn ‘úinéir comheintitis’ comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta ar úinéireacht aige, go díreach nó go hindíreach, i gcomheintiteas eile de chuid an ghrúpa FIN chéanna;

(36)ciallaíonn‘córas cánach dáileachán incháilithe’ córas cánach corparáide lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)ní fhorchuirtear cáin ioncaim ar bhrabúis ach amháin nuair a dháiltear na brabúis sin ar scairshealbhóirí nó nuair a mheastar go ndáiltear iad, nó i gcás ina dtabhaíonn an chuideachta costais áirithe nach costais ghnó iad;

(b)forchuirtear cáin ar ráta atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná an ráta sin; agus

(c)bhí sé i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2021 nó roimhe sin;

(37)ciallaíonn‘riail cháilithe maidir le híocaíocht faoi thearc-cháin’ (‘RÍFTC cáilithe’) tacar rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse agus a bhfuil na nithe seo a leanas fíor maidir leo:

(a)tá siad coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo ar i gcomhréir leo a bhailíonn dlínse a chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin grúpa FIN, ar cáin í nár gearradh faoi RCI i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa sin;

(b)cuirtear i bhfeidhm iad agus riartar iad ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ní chuireann siad ar chumas na dlínse aon bhuntáiste a thabhairt a bhaineann leis na rialacha sin;

(38)ciallaíonn ‘eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe’ an comheintiteas, seachas an máthaireintiteas deiridh, a cheap an grúpa FIN chun na hoibleagáidí comhdúcháin a leagtar amach in Airteagal 42 a chomhlíonadh thar ceann an ghrúpa FIN.

Airteagal 4
Suíomh comheintitis

1.Comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla.

Maidir le comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, i gcás nach féidir suíomh an chomheintitis sin a chinneadh bunaithe ar an gcéad fhomhír, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

2.Measfar eintiteas tréshreafa a bheith gan stát, ach amháin más máthaireintiteas deiridh grúpa FIN é nó má cheanglaítear air riail maidir le cuimsiú ioncaim a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7, agus sa chás sin measfar an teintiteas tréshreafa a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

3.Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10)(a), a bheith lonnaithe sa dlínse ina gcaitear léi mar bhuanbhunaíocht agus ina bhfuil sí faoi dhliteanas cáin a íoc faoin gconradh cánach is infheidhme atá i bhfeidhm.

Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10)(b), a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil sí faoi réir cáin ioncaim bunaithe ar a láithreacht gnó.

Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10)(c), a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil sí suite.

Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 10(d), a bheith gan stát.

4.I gcás inar féidir a mheas go bhfuil comheintiteas lonnaithe in dhá dhlínse agus ina bhfuil conradh cánach infheidhme ag na dlínsí sin, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaitheoir chun críoch cánach faoin gconradh cánach sin.

Ina gcás ina gceanglaítear leis an gconradh cánach is infheidhme go dtiocfadh na húdaráis inniúla ar chomhaontú frithpháirteach maidir le cónaitheacht mheasta an chomheintitis chun críoch cánach agus nach dtagtar ar chomhaontú, beidh feidhm ag mír 5.

I gcás nach bhfuil aon fhaoiseamh ann le haghaidh an chánachais dhúbailte faoin gconradh cánach is infheidhme, mar gheall go bhfuil comheintiteas ina chónaí chun críoch cánach sa dá dlínse atá ina bpáirtithe conarthacha sa chonradh sin, beidh feidhm ag mír 5.

5.I gcás inar féidir a mheas go bhfuil comheintiteas lonnaithe in dhá dhlínse agus nach bhfuil conradh cánach infheidhme ag na dlínsí sin, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse inar gearradh an méid is mó cánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí.

Chun an méid cánacha cumhdaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh, ní chuirfear san áireamh an méid cánach a íocadh i gcomhréir le córas cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe.

Más ionann an méid cánacha cumhdaithe atá dlite sa dá dhlínse nó má an méid sin cothrom le nialas, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil an méid is mó eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint arna ríomh ar bhonn eintitis i gcomhréir le hAirteagal 27.

Más ionann méid an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint sa dá dhlínse nó má tá an méid sin cothrom le nialas, measfar an comheintiteas a bheith gan stát, ach amháin más máthaireintiteas deiridh é, agus sa chás sin measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

6.I gcás ina meastar, mar thoradh ar mhíreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm, go meastar an máthaireintiteas a bheith lonnaithe i ndlínse nach bhfuil sé faoi réir riail maidir le cuimsiú ioncaim ann, measfar an máthaireintiteas a bheith faoi réir riail na dlínse eile maidir le cuimsiú ioncaim, ach amháin má tá conradh cánach infheidhme i bhfeidhm lena dtoirmeasctar riail den sórt sin a chur i bhfeidhm.

7.I gcás ina nathraíonn comheintiteas a shuíomh i gcaitheamh bliain fhioscach, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar measadh é a bheith lonnaithe faoin Airteagal seo ag tús na bliana fioscaí sin.

CAIBIDIL II
AN RIAIL MAIDIR LE CUIMSIÚ IONCAIM AGUS AN RIAIL MAIDIR LE HÍOCAÍOCHTAÍ FAOI THEARC-CHÁIN

Airteagal 5
Máthaireintiteas deiridh san Aontas

1.Maidir le máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir na cánach breisiúcháin (‘cáin bhreisiúcháin RCI’) i leith a chomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i mBallstát eile nó i ndlínse tríú tír le haghaidh na bliana fioscaí.

2.I gcás gur eintiteas ísealchánach é máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI in éineacht lena chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

Airteagal 6
Máthaireintiteas idirmheánach san Aontas

1.Maidir le máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát ar máthaireintiteas idirmheánach é atá ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI i leith a chomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i mBallstát eile nó i ndlínse tríú tír le haghaidh na bliana fioscaí.

2.I gcás gur eintiteas ísealchánach é máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát agus atá ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin breisiúcháin RCI in éineacht lena chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 sna cásanna seo a leanas:

(a)tá an máthaireintiteas deiridh faoi réir riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim le haghaidh na bliana fioscaí sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe; nó

(b)tá leas urlámhais sa mháthaireintiteas idirmheánach ar úinéireacht go díreach nó go hindíreach ag máthaireintiteas idirmheánach eile atá lonnaithe i mBallstát nó i ndlínse tríú tír ina bhfuil sé faoi réir riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim le haghaidh na bliana fioscaí.

Airteagal 7
Máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht san Aontas

1.Maidir le máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI i leith a chomheintiteas ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí.

2.I gcás gur eintiteas ísealchánach é máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI in éineacht lena chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

3.Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 i gcás ina bhfuil leasanna úinéireachta an mháthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht ar seilbh ina niomláine, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas eile faoi pháirt-úinéireacht ar máthaireintiteas é atá lonnaithe i mBallstát nó i ndlínse tríú tír agus atá faoi réir riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim le haghaidh na bliana fioscaí.

Airteagal 8
An cháin breisiúcháin a leithdháileadh faoin riail maidir le cuimsiú ioncaim

1.Maidir le cáin bhreisithe RCI atá dlite ag máthaireintiteas i leith comheintiteas ísealchánach de bhun Airteagail 5, 6 agus 7, beidh an cháin sin cothrom le cáin bhreisiúcháin an chomheintitis ísealchánach, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26, arna iolrú faoi chion in-leithdháilte an mháthaireintitis den cháin bhreisiúcháin sin le haghaidh na bliana fioscaí.

2.Is éard a bheidh i gcion in-leithdháilte máthaireintitis den cháin bhreisiúcháin i leith comheintiteas ísealchánach an chomhréir de leas an mháthaireintitis in ioncam an chomheintitis ísealchánach.

3.I dteannta an mhéid a leithdháiltear ar mháthaireintiteas i gcomhréir le mír 1, áireofar le cáin bhreisiúcháin RCI atá dlite ag máthaireintiteas de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(2) méid iomlán na cánach breisiúcháin a ríomhtar le haghaidh an mháthaireintitis sin i gcomhréir le hAirteagal 26.

Airteagal 9
Sásra fritháirimh na rialach maidir le cuimsiú ioncaim

1.I gcás ina bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas ísealchánach ar úinéireacht ag máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát trí mháthaireintiteas idirmheánach eile atá lonnaithe i mBallstát nó i ndlínse tríú tír ina bhfuil sé faoi réir riail maidir le cuimsiú ioncaim le haghaidh na bliana fioscaí, laghdófar an cháin bhreisiúcháin atá dlite de bhun Airteagal 6(1) faoi mhéid atá cothrom leis an gcuid de chion in-leithdháilte an mháthaireintitis idirmheánaigh den cháin bhreisiúcháin atá dlite ag an máthaireintiteas idirmheánach eile.

2.I gcás ina bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas ísealchánach ar úinéireacht ag máthaireintiteas atá lonnaithe i mBallstát trí mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát nó i ndlínse tríú tír ina bhfuil sé faoi réir riail maidir le cuimsiú ioncaim le haghaidh na bliana fioscaí, laghdófar an cháin bhreisiúcháin atá dlite de bhun Airteagal 5(1), Airteagal 6(1) nó Airteagal 7(1) faoi mhéid atá cothrom leis an gcuid de chion in-leithdháilte an mháthaireintitis den cháin bhreisiúcháin atá dlite ag an máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht.

Airteagal 10
Roghnú cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm

1.Féadfaidh na Ballstáit roghnú cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm.

Má roghnaíonn Ballstát ina bhfuil comheintitis grúpa FIN lonnaithe cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm, beidh aon chomheintiteas ísealchánach de chuid an ghrúpa FIN sa Bhallstát sin faoi réir na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe le haghaidh na bliana fioscaí.

2.I gcás ina bhfuil máthaireintiteas grúpa FIN lonnaithe i mBallstát agus ina bhfuil a chomheintitis ísealchánach atá ar seilbh aige go díreach nó go hindíreach agus atá lonnaithe i mBallstát eile nó i ndlínse tríú tír, i gcás ina bhfuil na comheintitis ísealchánach sin faoi réir cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe le haghaidh na bliana fioscaí sa dlínse sin, laghdófar méid aon chánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26, ar cáin í atá dlite ag an máthaireintiteas de bhun Airteagail 5, 6 agus 7, suas go nialas, faoi mhéid na cánach breisiúcháin atá dlite ag na comheintitis sin.

3.Maidir leis an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a chuirtear san áireamh sa ríomh ar an gcáin mbreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nár íocadh an méid sin ina iomláine laistigh de na 3 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(3).

4.Ballstáit a roghnaíonn cáin bhreisiúcháin náisiúnta a chur i bhfeidhm, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin roghnú sin laistigh de 4 mhí tar éis glacadh a ndlíthe, a rialachán agus a bhforálacha riaracháin náisiúnta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Airteagal 11
RÍFTC a chur i bhfeidhm ar fud grúpa FIN

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír nach gcuirtear riail i bhfeidhm ann maidir le cuimsiú ioncaim, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe san Aontas faoi réir cáin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí (cáin bhreisiúcháin RÍFTC) sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, ar cáin í a ghearrtar le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13.

Comheintitis ar eintitis infheistíochta agus cistí pinsin iad, ní bheidh siad faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

Airteagal 12
RÍFTC a chur i bhfeidhm i ndlínse an mháthaireintitis deiridh

I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse ísealchánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a chomheintitis atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC le haghaidh na bliana fioscaí agus le haghaidh an mhéid a leithdháiltear ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 13 i leith na gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh, gan beann ar cé acu a chuirtear riail cháilithe i bhfeidhm sa dlínse sin maidir le cuimsiú ioncaim nó nach gcuirtear.

Comheintitis ar eintitis infheistíochta agus cistí pinsin iad, ní bheidh siad faoi réir cháin bhreisiúcháin RÍFTC.

Airteagal 13
Méid cháin bhreisiúcháin RÍFTC a ríomh agus a leithdháileadh

1.Ríomhfar méid cháin bhreisiúcháin RÍFTC a leithdháilfear ar Bhallstát trí cháin bhreisiúcháin RÍFTC iomlán, mar a chinntear i gcomhréir le mír 2, a iolrú faoi chéatadán RÍFTC an Bhallstáit, mar a chinntear i gcomhréir le mír 5.

2.Is éard a bheidh i gcáin bhreisiúcháin RÍFTC iomlán le haghaidh bliain fhioscach ná iomlán cháin bhreisiúcháin chomheintitis ísealchánach uile an ghrúpa FIN le haghaidh na bliana fioscaí sin, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 26, faoi réir na gcoigeartuithe a leagtar amach i míreanna 3 agus 4.

3.Beidh cáin bhreisiúcháin RÍFTC comheintitis ísealchánach cothrom le nialas, i gcás ina bhfuil an comheintiteas ísealchánach sin ar seilbh go díreach ag an máthaireintiteas deiridh nó ar seilbh go hindíreach trí mháthaireintiteas amháin nó níos mó ná sin le haghaidh na bliana fioscaí, máthaireintiteas atá lonnaithe i gceann amháin de na háiteanna seo a leanas:

(a)i mBallstát; nó

(b)i ndlínse tríú tír ina gceanglaítear air riail cháilithe a chur i bhfeidhm maidir le cuimsiú ioncaim i leith a chomheintitis ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí.

4.I gcás nach bhfuil feidhm ag mír 3, laghdófar cháin bhreisiúcháin RÍFTC comheintitis ísealchánach faoi mhéid na cánach breisiúcháin a leithdháiltear ar mháthaireintiteas atá lonnaithe i ndlínse tríú tír, ar máthaireintiteas é a cheanglaítear air riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim a chur i bhfeidhm i leith an chomheintitis.

5.Ríomhfar céatadán RÍFTC Ballstáit le haghaidh gach bliana fioscaí agus le haghaidh gach grúpa FIN, de réir na foirmle seo a leanas:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inarb é an líon fostaithe sa Bhallstát líon iomlán fostaithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát sin;

(b)i gcás inarb é an líon fostaithe sna dlínsí uile ag a bhfuil RÍFTC cáilithe líon iomlán fostaithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN atá lonnaithe sa dlínse ag a bhfuil RÍFTC i bhfeidhm le haghaidh na bliana fioscaí;

(c)i gcás inarb é luach iomlán na sócmhainní inláimhsithe sa Bhallstát iomlán na nglanluachanna de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis an ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát sin;

(d)Maidir le luach iomlán na sócmhainní inláimhsithe sna dlínsí uile ag a bhfuil RÍFTC cáilithe, is éard atá ann iomlán na nglanluachanna de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN atá lonnaithe i ndlínse ina bhfuil RÍFTC cáilithe i bhfeidhm le haghaidh na bliana fioscaí;

6.Is éard a bheidh sa líon fostaithe líon fostaithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse ábhartha, ar fostaithe iad a fhostaítear ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha, lena náirítear conraitheoirí neamhspleácha ar choinníoll go nglacann siad páirt i ngnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin an chomheintitis.

Áireofar leis na sócmhainní inláimhsithe sócmhainní inláimhsithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse ábhartha ach ní áireofar leis airgead tirim ná coibhéis airgid thirim, sócmhainní doláimhsithe ná sócmhainní airgeadais.

7.Maidir leis na fostaithe a náirítear a gcostais phárolla i gcuntais airgeadais ar leithligh buanbhunaíochta agus maidir le sócmhainní inláimhsithe a áirítear sna cuntais sin, leithdháilfear ar an mbuanbhunaíocht sin iad de bhun Airteagal 17(1) arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 17(2).

An líon fostaithe agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní inláimhsithe atá ar seilbh ag eintiteas infheistíochta, eisiafar ó eilimintí na foirmle iad.

Líon fostaithe eintitis tréshreafa agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe eintitis tréshreafa, eisiafar ó eilimintí na foirmle iad, ach amháin má leithdháiltear ar bhuanbhunaíocht iad nó, in uireasa buanbhunaíochta, má leithdháiltear iad ar na comheintitis atá lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh an t‑eintiteas tréshreafa.

8.De mhaolú ar mhír 5, measfar céatadán RÍFTC Ballstáit le haghaidh grúpa FIN a bheith cothrom le nialas i gcás bliain fhioscach nár bhailigh an Ballstát sin méid cháin bhreisiúcháin RÍFTC ó na comheintitis ábhartha, méid a leithdháileadh air i mbliain fhioscach roimhe sin.

An líon fostaithe agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe comheintiteas grúpa FIN, ar grúpa é atá lonnaithe i mBallstát ag a bhfuil céatadán RÍFTC atá cothrom le nialas le haghaidh na bliana fioscaí, eisiafar an líon fostaithe agus glanluach na sócmhainní sin ó eilimintí na foirmle chun cháin bhreisiúcháin RÍFTC iomlán a dháileadh ar an ngrúpa FIN le haghaidh na bliana fioscaí sin.

CAIBIDIL III
AN tIONCAM NÓ AN CAILLTEANAS CÁILITHEACH A RÍOMH

Airteagal 14 
An tioncam nó an caillteanas cáilitheach a chinneadh

1.Ríomhfar ioncam nó caillteanas cáilitheach gach comheintitis trí na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagail 15, 16, 17 agus 18 a dhéanamh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí sula ndéantar aon choigeartú comhdhlúthúcháin le haghaidh idirbhearta inghrúpa, mar a chinntear faoin gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú.

2.I gcás nach bhfuil sé indéanta go réasúnach an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá ag comheintiteas a chinneadh bunaithe ar an gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, féadfar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí a chinneadh, de mhaolú ar mhír 1, trí chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha eile nó caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)coinnítear cuntais airgeadais an chomheintitis ar bun bunaithe ar an gcaighdeán cuntasaíochta eile sin;

(b)tá an fhaisnéis sna cuntais airgeadais iontaofa; agus

(c)difríochtaí fadtéarmacha is mó ná EUR 1 000 000 a eascraíonn ó phrionsabal nó ó chaighdeán áirithe a chur i bhfeidhm ar mhíreanna ioncaim nó costais nó ar idirbhearta, ar prionsabal nó caighdeán é atá difriúil ón gcaighdeán airgeadais a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, coigeartófar na difríochtaí sin chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an gcur chuige is gá le haghaidh na míre sin faoin gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú.

Ciallaíonn caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe, i leith eintitis, tacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta a cheadaíonn comhlacht cuntasaíochta údaraithe sa dlínse ina bhfuil an t‑eintiteas sin lonnaithe. Chun na críche sin, ciallaíonn comhlacht cuntasaíochta údaraithe comhlacht ag a bhfuil údarás dlíthiúil i ndlínse chun caighdeáin chuntasaíochta a fhorordú, a leagan síos nó a ghlacadh chun críoch tuairiscithe airgeadais.

3.I gcás nár ullmhaigh an máthaireintiteas deiridh a ráitis airgeadais chomhdhlúite i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6), coigeartófar ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc.

I gcás nach n‑ullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite, is éard a bheith i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh na ráitis airgeadais a d’ullmhófaí dá gceanglófaí ar an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite den sórt sin a ullmhú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(b)caighdeán cuntasaíochta airgeadais eile ar choinníoll go gcoigeartaítear na ráitis airgeadais chomhdhlúite sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc.

Maidir le cur i bhfeidhm prionsabail nó nós imeachta sonrach faoi thacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta, i gcás ina bhfuil saobhadh iomaíochta ábhartha ann mar thoradh air sin, coigeartófar an cur chuige cuntasaíochta a úsáidtear i leith aon mhíre nó aon idirbhirt atá faoi réir an phrionsabail nó an nós imeachta sin chun go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcur chuige is gá le haghaidh na míre nó an idirbhirt faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

Maidir le cur i bhfeidhm prionsabail nó nós imeachta sonrach faoi thacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta, ciallaíonn saobhadh iomaíochta ábhartha cur i bhfeidhm a bhfuil athrúchán is mó ná 10 % ioncam nó EUR 75 000 000 mar thoradh air i gcomparáid leis an méid a chinnfí dá gcuirfí an prionsabal nó an nós imeachta comhfhreagrach i bhfeidhm.

Airteagal 15
Coigeartuithe chun an tioncam nó an caillteanas cáilitheach a chinneadh

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘glanchostas cánach’ glanmhéid na nithe seo a leanas:

(i)cánacha cumhdaithe a fhabhraítear mar chostas;

(ii)sócmhainní cánach iarchurtha atá inchurtha i leith caillteanas le haghaidh na bliana fioscaí;

(iii)cánacha breisiúcháin náisiúnta cáilithe a fhabhraítear mar chostas;

(iv)cánacha is toradh ar rialacha na Treorach seo; agus

(v)cánacha barúlacha in-aisíoctha dícháilithe a fhabhraítear mar chostas;

(b)ciallaíonn ‘díbhinn eisiata’ díbhinn nó dáileadh eile a fhaightear nó a fhabhraítear i leith leas úinéireachta, seachas díbhinn nó dáileadh eile a fhaightear nó a fhabhraítear i leith na nithe seo a leanas:

(i)leas úinéireachta in eintiteas, ar leas é atá níos lú ná 10 % (‘scairsheilbh phunainne’) a bhfuil comheintiteas i dteideal na gceart uile, nó nach mór na cearta uile, ar bhrabúis, ar chaipiteal nó ar chúlchistí ina leith, gan beann ar cé acu atá úinéireacht dhlíthiúil ag an gcomheintiteas ar an bpunann sin ar feadh níos lú ná bliain amháin ó lá an dáilte nó nach bhfuil; agus

(ii)leas úinéireachta in eintiteas infheistíochta atá faoi réir roghnú de bhun Airteagal 41;

(c)ciallaíonn ‘gnóthachan nó caillteanas eisiata’ glanghnóthachan nó glanchaillteanas, a áirítear in ioncam nó i gcaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis, ar ioncam nó caillteanas é a eascraíonn ó na nithe seo a leanas:

(i)gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn ó athruithe ar luach cóir leasa úinéireachta, ach amháin le haghaidh scairsheilbh phunainne;

(ii)brabúis nó caillteanais i leith leas úinéireachta a áirítear faoi mhodh cuntasaíochta an chothromais; agus

(iii)gnóthachain agus caillteanais ó dhiúscairt leasa úinéireachta, seachas diúscairt scairsheilbhe punainne;

(d)ciallaíonn ‘gnóthachan nó caillteanas modha athluachála cuimsithe’ gnóthachan nó caillteanas, arna mhéadú nó arna laghdú faoi aon cháin chumhdaithe lena mbaineann le haghaidh na bliana fioscaí, ar gnóthachan nó caillteanas é a eascraíonn ó mhodh nó ó chleachtas cuntasaíochta lena ndéantar an méid seo a leanas i leith maoine, gléasra nó trealaimh:

(i)coigeartaítear luach na maoine sin de réir na leabhar chuig a luach cóir;

(ii)taifeadtar na hathruithe ar luach ioncaim chuimsithigh eile; agus

(iii)ní thuairiscítear an gnóthachan nó an caillteanas a fhabhraítear in ioncam cuimsitheach eile trí chuntas brabúis agus caillteanais ina dhiaidh sin;

(e)ciallaíonn ‘gnóthachan nó caillteanas neamhshiméadrach airgeadra eachtraigh’ gnóthachan nó caillteanas airgeadra eachtraigh a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis:

(i)áirítear sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas inchánach an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis;

(ii)áirítear sa ríomh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis;

(iii)áirítear sa ríomh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra eachtrach agus airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil an chomheintitis; agus

(iv)tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra eachtrach agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis;

(f)ciallaíonn ‘costas dícháilithe de bharr beartais’ an méid seo a leanas:

(i)costas a fhabhraíonn an comheintiteas as íocaíochtaí neamhdhleathacha, lena náirítear breabanna agus síntí láimhe; agus

(ii)costas a fhabhraíonn an comheintiteas le haghaidh fíneálacha agus pionóis atá cothrom le EUR 50 000 nó níos mó ná sin nó atá cothrom le méid coibhéiseach san airgeadra feidhmiúil ina ríomhtar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis;

(g)ciallaíonn ‘earráid a rinneadh i dtréimhse roimhe seo nó athrú ar na prionsabail chuntasaíochta’ athrú ar chothromas tosaigh comheintitis ag tús bliana fioscaí atá inchurtha i leith na nithe seo a leanas:

(i)ceartúchán ar earráid a rinneadh maidir le glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a chinneadh i mbliain fhioscach roimhe seo, ar earráid í a rinne difear don ioncam nó do na costais a áiríodh sa ríomh ar an ioncam nó ar an gcaillteanas cáilitheach sa bhliain fhioscach sin, ach amháin má bhí sé de thoradh ar an gceartúchán sin go raibh laghdú ábhartha ar dhliteanas i leith cánacha cumhdaithe faoi réir Airteagal 24; agus

(ii)athrú ar phrionsabail nó ar bheartas cuntasaíochta a rinne difear don ioncam nó do na costais a áiríodh sa ríomh ar an ioncam nó ar an gcaillteanas cáilitheach;

(h)ciallaíonn ‘costas pinsin fabhraithe’ an difríocht idir an méid costais a áiríodh sa ghlanioncam nó sa ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais agus an méid a ranníocadh le ciste pinsin le haghaidh na bliana fioscaí.

2.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comheintitis faoi mhéid na míreanna seo a leanas chun a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach a chinneadh:

(a)glanchostais cánacha;

(b)díbhinní eisiata;

(c)gnóthachain nó caillteanais chothromais eisiata;

(d)gnóthachain nó caillteanais modha athluachála cuimsithe;

(e)gnóthachain nó caillteanais ó dhiúscairt sócmhainní agus dliteanas a eisiatar de bhun Airteagal 33;

(f)gnóthachain nó caillteanais neamhshiméadracha airgeadra eachtraigh;

(g)costais dhícháilithe de bharr beartais;

(h)earráidí a rinneadh i dtréimhse roimhe seo agus athruithe ar na prionsabail chuntasaíochta; agus

(i)costais phinsin fhabhraithe.

3.Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfar an méid costais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a lamháil comheintiteas mar asbhaint chun críoch cánach le haghaidh bliain fhioscach, féadfar é a bhaint ó ghlanioncam nó ó ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis sin chun a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach a ríomh le haghaidh na bliana fioscaí céanna.

I gcás nár úsáideadh an rogha chun na stoc-roghanna a úsáid, aischuirfear an méid costais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a aisbaineadh ó ghlanioncam nó ó ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis chun a ioncam nó a chaillteanas a ríomh le haghaidh na bliana fioscaí, aischuirfear an méid sin sa bhliain fhioscach ina ndeachaigh an rogha in éag.

I gcás inar fabhraíodh cuid den mhéid costais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe i gcuntais airgeadais an chomheintitis i mblianta fioscacha roimh an mbliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, áireofar méid atá cothrom leis an difríocht idir an méid iomlán costais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a asbaineadh le haghaidh an ríomha ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach sna blianta fioscacha sin roimhe seo agus an méid iomlán costais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a d’asbhainfí le haghaidh an ríomha ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach sna blianta fioscacha sin roimhe seo dá ndéanfaí an roghnú sna blianta fioscacha sin, áireofar an méid sin in ioncam nó i gcaillteanas cáilitheach an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí sin.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 43(1) agus beidh feidhm chomhsheasmhach aige maidir leis na comheintitis uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna le haghaidh na bliana ina ndéantar an roghnú agus le haghaidh na mblianta fioscacha uile ina dhiaidh sin.

Sa bhliain fhioscach ina gcúlghairtear an roghnú, an méid costais neamhíoctha i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe atá níos mó ná an costas cuntasaíochta airgeadais a fhabhraítear, áireofar sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach an chomheintitis é.

4.Maidir le hidirbhearta idir comheintitis atá lonnaithe i ndlínsí difriúla, fabhrófar le haghaidh an mhéid chéanna iad i gcuntais airgeadais na gcomheintiteas agus le haghaidh méid atá comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách.

Maidir le caillteanas ó dhíolachán nó ó aistriú eile sócmhainne idir comheintitis atá lonnaithe sa dlínse chéanna, fabhrófar ag méid atá comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách é.

5.Caithfear le creidmheasanna cánacha in-aisíoctha cáilithe mar ioncam chun ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis a ríomh. Creidmheasanna cánacha in-aisíoctha nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar chreidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (32) é, ní caithfear leo mar ioncam chun ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis a ríomh.

6.Arna roghnú sin don eintiteas is comhdaitheoir, gnóthachain agus caillteanais i leith sócmhainní agus dliteanais atá faoi réir luach cóir nó cuntasaíocht laghdaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite comheintitis le haghaidh bliain fhioscach, féadfar iad a chinneadh ar bhonn an phrionsabail réadaithe le haghaidh an ríomha ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach an chomheintitis sin le haghaidh na bliana fioscaí céanna.

Gnóthachain nó caillteanais atá ann mar thoradh ar luach cothrom nó ar an gcuntasaíocht laghdaithe a chur i bhfeidhm i leith sócmhainne nó dliteanais, eisiafar iad ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach comheintitis faoin gcéad fhomhír.

Maidir le luach sócmhainne nó dliteanais de réir na leabhar chun gnóthachan nó caillteanas a chinneadh faoin gcéad fhomhír, is éard a bheidh sa luach sin luach na sócmhainne de réir na leabhar tráth a fuarthas í nó luach an dliteanais de réir na leabhar tráth a tabhaíodh é, nó luach na sócmhainne nó an dliteanais ar an gcéad lá den bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, pé dáta acu is déanaí.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 43(1) agus beidh feidhm aige maidir le sócmhainní agus maidir le dliteanais uile na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse, ach amháin má roghnaíonn an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú a theorannú do shócmhainní inláimhsithe na gcomheintiteas nó d’eintitis infheistíochta.

Sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú a chúlghairm, méid atá cothrom leis an difríocht idir luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais ar an gcéad lá den bhliain fhioscach ina ndéantar an chúlghairm agus luach na sócmhainne nó an dliteanais de réir na leabhar, luach a chinntear de bhun an roghnaithe, áireofar an méid sin sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas.

7.Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse, ar ioncam nó caillteanas é a eascraíonn ó mhaoin dho-aistrithe atá lonnaithe sa dlínse sin a dhiúscair an comheintiteas sin chuig tríú páirtithe, féadfar an tioncam nó an caillteanas cáilitheach sin le haghaidh bliain fhioscach a choigeartú ar an gcaoi seo a leanas.

Maidir leis an nglanghnóthachan a eascraíonn ón diúscairt maoine do-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, fritháireofar an glanghnóthachan sin in aghaidh aon ghlanchaillteanais a easraíonn ón diúscairt maoine do-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú agus sna 4 bliana fhioscacha roimh an mbliain fhioscach sin (an ‘tréimhse 5 bliana’). Fritháireofar an glanghnóthachan in aghaidh an ghlanchaillteanais, más ann dó, a tháinig chun cinn sa bhliain fhioscach is luaithe sa tréimhse 5 bliana. Tabharfar aon mhéid glanghnóthachain iarmharach ar aghaidh agus fritháireofar é in aghaidh aon ghlanchaillteanais a tháinig chun cinn sna blianta fioscacha ina dhiaidh sin sa tréimhse 5 bliana.

Maidir le haon mhéid glanghnóthachain iarmharach atá fós ann tar éis an dara fomhír a chur i bhfeidhm, dáilfear go cothrom ar an tréimhse 5 bliana é chun ioncam nó caillteanas cáilitheach gach comheintitis sa dlínse sin a ríomh, ar comheintitis iad a rinne glanghnóthachan ó mhaoin dho-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhiúscairt sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú. Is éard a bheidh sa mhéid glanghnóthachain iarmharach a leithdháiltear ar chomheintiteas méid atá cothrom le glanghnóthachan an chomheintitis sin arna roinnt ar ghlanghnóthachan na gcomheintiteas uile.

I gcás nach ndéanann aon chomheintiteas i ndlínse glanghnóthachan ó dhiúscairt maoine do-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, leithdháilfear an méid glanghnóthachain iarmharach dá dtagraítear sa tríú fomhír go cothrom ar gach comheintiteas sa dlínse sin agus dáilfear go cothrom ar an tréimhse 5 bliana é le haghaidh an ríomha ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin.

Beidh aon ghnóthachan nó aon chaillteanas sna blianta fioscacha roimh bhliain an roghnaithe faoi réir coigeartuithe i gcomhréir le hAirteagal 28(1). Déanfar an roghnú go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 43(2).

8.Aon chostas a bhaineann le socrú maoinithe lena soláthraíonn comhalta amháin de ghrúpa FIN nó níos mó ná sin creidmheas do chomhalta amháin eile den ghrúpa céanna nó níos mó ná sin (an ‘comhaontú maoinithe inghrúpa’), ní chuirfear an costas sin san áireamh sa ríomh ar ioncam ná ar chaillteanas cáilitheach comheintitis má tá na coinníollacha seo a leanas i gceist:

(a)tá an comheintiteas lonnaithe i ndlínse ísealchánach nó i ndlínse ina ngearrfaí cáin íseal mura bhfabhrófaí an costas chuig an gcomheintiteas;

(b)is féidir a mheas go réasúnach go méadófaí, le linn thréimhse an tsocraithe maoinithe inghrúpa, an méid costas ba ghá a chur san áireamh le haghaidh an ríomha ar an ioncam nó ar an gcaillteanas cáilitheach, agus nach mbeadh sé mar thoradh air sin go méadófaí ioncam inchánach an chomheintitis go mór;

(c)tá an comheintiteas ina chontrapháirt i socrú maoinithe inghrúpa atá lonnaithe i ndlínse ardchánach nó i ndlínse nach ngearrfaí cáin íseal ann mura bhfabhrófaí an costas chuig an gcomheintiteas.

9.Féadfaidh an máthaireintiteas deiridh roghnú a chur chuige cuntasaíochta comhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le hioncam, le costas, le gnóthachain agus le caillteanais ó idirbhearta idir comheintitis atá lonnaithe sa dlínse chéanna agus a chuimsítear i ngrúpa comhdhlúthúcháin cánach chun glanioncam nó glanchaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin a ríomh.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 43(1).

Sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú nó ina gcúlghairtear an roghnú, déanfar coigeartuithe iomchuí chun nach dtabharfar míreanna ioncaim nó caillteanais cháilithigh san áireamh níos mó ná uair amháin nó nach bhfágfar ar lár iad mar thoradh ar an roghnú nó ar an gcúlghairm sin a dhéanamh.

10.Maidir le cuideachta árachais, eisiafaidh sé ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach aon mhéid a ghearrtar ar shealbhóirí polasaí le haghaidh na gcánacha a íocann an chuideachta árachais i leith íocaíochtaí a íoctar leis na sealbhóirí polasaí. Maidir leis an ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cái1litheach, áireoidh cuideachta árachais aon íocaíocht a íoctar leis na sealbhóirí polasaí nach léirítear ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a mhéid a léirítear an méadú nó an laghdú comhfhreagrach ar dhliteanas i leith na sealbhóirí polasaí ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais.

11.Méid a fhabhraítear mar laghdú ar chothromas comheintitis agus atá ann mar thoradh ar dháileacháin a rinneadh nó atá dlite i leith ionstraim arna heisiúint ag an gcomheintiteas sin de bhun na gceanglas rialála stuamachta (‘caipiteal leibhéal 1 breise’), caithfear leis an méid sin mar chostas sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Aon mhéid a aithnítear mar mhéadú ar chothromas comheintitis agus atá ann mar thoradh ar dháileacháin a fuarthas nó atá le fáil i leith caipiteal leibhéal 1 breise atá ar seilbh ag an gcomheintiteas, áireofar sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach é.

Airteagal 16
Eisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta’ glanioncam a fhaigheann comheintiteas ó cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta, i gcás nach ndéantar an tiompar sin trí uiscebhealaí náisiúnta laistigh den dlínse chéanna, cibé acu atá an long ar úinéireacht ag an gcomheintiteas, ar léas aige nó ar fáil dó ar bhealach éigin eile;

(ii)léasú loinge a úsáidtear chun paisinéirí nó lasta a iompar i dtrácht idirnáisiúnta ar cairtfhostú lánfheistithe, lánchrúáilte agus lánsoláthairtí;

(iii)léasú loinge a úsáidtear chun paisinéirí nó lasta a iompar i dtrácht idirnáisiúnta, ar bhonn cairtfhostú lom, chuig comheintiteas eile;

(iv)rannpháirtíocht i gcomhthiomsú, i gcomhghnólacht nó i ngníomhaireacht oibriúcháin idirnáisiúnta chun paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta; agus

(v)díolachán loinge dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll go raibh an long ar seilbh ag an gcomheintiteas lena húsáid ar feadh bliain amháin ar a laghad;

(b)ciallaíonn ‘ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta cáilithe coimhdeach’ glanioncam a fhaigheann comheintiteas ó cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin go príomha i ndáil le paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta:

(i)long a léasú, ar bhonn cairtfhostú lom, chuig fiontar loingseoireachta eile nach comheintiteas é, ar choinníoll nach faide ná 3 bliana an chairt;

(ii)socruithe cairtfhostaithe sliotán;

(iii)díolachán ticéad arna neisiúint ag fiontair loingseoireachta eile le haghaidh na coda náisiúnta d’aistear idirnáisiúnta;

(iv)léasú agus stóráil ghearrthéarmach coimeádán nó táillí coinneála as coimeádáin a thabhairt ar ais go déanach;

(v)seirbhísí a sholáthraíonn innealtóirí, foireann chothabhála, láimhseálaithe lasta, foireann lónadóireachta agus foireann um seirbhísí do chustaiméirí d’fhiontair loingseoireachta eile; agus

(vi)ioncam infheistíochta, i gcás ina ndéantar an infheistíocht a ghineann an tioncam mar chuid dhílis d’fheidhmiú na gnólachta a oibríonn na longa i dtrácht idirnáisiúnta.

2.Ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comheintitis, eisiafar ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach iad, ar choinníoll go léiríonn an comheintiteas go ndéantar bainistíocht straitéiseach nó tráchtála na long lena mbaineann laistigh den dlínse ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe, a bheag nó a mhór.

3.I gcás ina bhfuil caillteanas mar thoradh ar an ríomh ar ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus ar ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comheintitis, eisiafar an caillteanas sin ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach an chomheintitis.

4.Maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe iomlán na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse, a mhéid is mó é ná 50 % dá nioncam loingseoireachta idirnáisiúnta iomlán, áireofar an farasbarr ioncaim sa ríomh ar a nioncam nó ar a gcaillteanas cáilitheach.

5.Na costais a thabhaíonn comheintiteas mar thoradh díreach ar a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta agus a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeacha cáilithe dá dtagraítear i mír 1, leithdháilfear na costais sin ar na gníomhaíochtaí sin chun glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe an chomheintitis a ríomh.

Na costais a thabhaíonn comheintiteas mar thoradh indíreach ar a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta agus a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeacha cáilithe dá dtagraítear i mír 1, leithdháilfear na costais sin ar na gníomhaíochtaí sin chun glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe an chomheintitis a ríomh ar bhonn a ioncam ó na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir lena ioncaim iomlána.

6.Na costais dhíreacha agus indíreacha a thabhaíonn comheintiteas agus a leithdháiltear ar a ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta nó ar a ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe i gcomhréir le mír 5, ní chuirfear na costais sin san áireamh sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Airteagal 17
An tioncam nó an caillteanas cáilitheach a leithdháileadh idir príomheintiteas agus buanbhunaíocht

1.I gcás gur buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10)(a), (b) nó (c) é comheintiteas, is éard a bheidh ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an glanioncam nó an glanchaillteanas a léirítear ina chuntais airgeadais ar leithligh.

I gcás nach bhfuil cuntais airgeadais ar leithligh ag buanbhunaíocht, is éard a bheidh ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an méid a léireofaí ina chuntais airgeadais ar leithligh dá n‑ullmhófaí iad ar bhonn neamhspleách agus i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun cuntais airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú.

2.I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (10)(a) nó (b). coigeartófar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun na míreanna ioncaim agus costais atá inchurtha ina leith amháin a léiriú i gcomhréir leis an gconradh cánach is infheidhme nó le dlí náisiúnta na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe, gan beann ar an méid ioncaim atá faoi réir cánach agus an méid costas inasbhainte sa dlínse sin.

I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (10)(c), coigeartófar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun léiriú a dhéanamh ar na míreanna ioncaim agus costais a bheadh inchurtha ina leith amháin i gcomhréir le hAirteagal 7 de Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE 13 .

3.I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (10)(d), ríomhfar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais bunaithe ar na míreanna ioncaim a dhíolmhaítear sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe, ar míreanna iad atá inchurtha i leith na noibríochtaí a dhéantar lasmuigh den dlínse sin agus bunaithe ar na míreanna costais nach bhfuil in-asbhainte chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe, ar míreanna iad atá inchurtha i leith na noibríochtaí sin lasmuigh den dlínse sin.

4.Ní chuirfear glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais buanbhunaíochta san áireamh chun ioncam nó caillteanas cáilitheach an phríomheintitis a chinneadh.

5.I gcás ina gcaitear le caillteanas cáilitheach buanbhunaíochta mar chostas de chuid an phríomheintitis sa ríomh ar a ioncam inchánach náisiúnta agus nach bhfritháirítear in aghaidh ioncam inchánach náisiúnta na buanbhunaíochta ná an phríomheintitis é, caithfear leis an gcaillteanas cáilitheach sin mar chostas de chuid an phríomheintitis sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Ioncam cáilitheach a thuilleann an bhuanbhunaíocht ina dhiaidh sin, caithfear leis, de mhaolú ar mhír 4, mar ioncam cáilitheach de chuid an phríomheintitis suas go dtí méid an chaillteanais cháilithigh ar caitheadh leis cheana mar chostas de chuid an phríomheintitis faoin gcéad fhomhír.

Airteagal 18
Ioncam nó caillteanas eintitis tréshreafa a leithdháileadh agus a ríomh

1.Maidir le glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comheintitis ar eintiteas tréshreafa é, laghdófar an tioncam nó an caillteanas sin faoin méid is in-leithdháilte ar a úinéirí nach páirt den ghrúpa FIN iad agus a bhfuil a leas úinéireachta san eintiteas tréshreafa sin ar seilbh acu go díreach nó trí eintiteas amháin atá trédhearcach go fioscach nó níos mó ná sin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)is máthaireintiteas deiridh é an teintiteas tréshreafa; nó

(b)tá an teintiteas tréshreafa ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh go díreach nó trí eintiteas amháin atá trédhearcach go fioscach nó níos mó ná sin.

2.Glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comheintitis ar eintiteas tréshreafa é, laghdófar an tioncam nó an caillteanas sin faoin nglanioncam nó faoin nglanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a leithdháiltear ar chomheintiteas eile.

3.I gcás ina ndéanann eintiteas tréshreafa gnó go hiomlán nó go páirteach trí bhuanbhunaíocht, a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá fós ann tar éis mír 1 a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar an mbuanbhunaíocht sin é i gcomhréir le hAirteagal 17.

4.I gcás nach eintiteas atá trédhearcach go fioscach é an máthaireintiteas deiridh, an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá fós ann tar éis mír 3 a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar a úinéirí comheintitis é i gcomhréir lena leasanna úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

5.I gcás inar eintiteas hibrideach droim ar ais nó eintiteas atá trédhearcach go fioscach é an máthaireintiteas deiridh, glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis tréshreafa atá fós ann tar éis mír 3 a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar an eintiteas hibrideach droim ar ais nó ar an eintiteas atá trédhearcach go fioscach é.

Ciallaíonn eintiteas hibrideach droim ar ais eintiteas tréshreafa nach meastar a bheith trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe.

6.Cuirfear míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm ar leithligh i ndáil le gach leas úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

CAIBIDIL IV
CÁNACHA CUMHDAITHE COIGEARTAITHE A RÍOMH

Airteagal 19 
Cánacha cumhdaithe

1.Cuimseofar na cánacha seo a leanas le cánacha cumhdaithe comheintitis:

(a)cánacha a fhabhraítear i gcuntais airgeadais comheintitis maidir lena ioncam nó lena bhrabúis, nó maidir lena chion d’ioncam nó de bhrabúis chomheintitis ina bhfuil leas úinéireachta aige;

(b)cánacha a ghearrtar ar bhrabúis dháilte, ar dháileacháin bhrabúis mheasta agus ar chostais nach costais ghnó iad a fhorchuirtear faoi chóras cánach dáileachán incháilithe;

(c)cánacha a fhorchuirtear in ionad cáin corparáide is infheidhme go ginearálta; agus

(d)cánacha a thoibhítear faoi threoir tuilleamh coimeádta agus cothromas corparáide, lena náirítear cánacha ar chomhpháirteanna éagsúla bunaithe ar ioncam agus ar chothromas.

2.Ní chuimseofar na cánacha seo a leanas le cánacha cumhdaithe comheintitis:

(a)an cháin bhreisiúcháin a fhabhraíonn máthaireintiteas faoi riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim;

(b)an cháin bhreisiúcháin a fhabhraíonn comheintiteas faoi cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe;

(c)cánacha is inchurtha i leith coigeartú a rinne comheintiteas mar thoradh ar RÍFTC cáilithe a chur i bhfeidhm;

(d)cáin bharúlach in-aisíoctha dhícháilithe; agus

(e)cánacha a íocann cuideachta árachais i leith íocaíochtaí leis na sealbhóirí polasaí.

3.Maidir le cánacha cumhdaithe i leith aon ghlanghnóthachain nó aon ghlanchaillteanais a eascraíonn ó dhiúscairt maoine do-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 15(7) sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, eisiafar ón ríomh ar chánacha cumhdaithe coigeartaithe iad.

Airteagal 20
Cánacha cumhdaithe coigeartaithe

1.Cinnfear cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach trí iomlán an chostais cánach a fhabhraítear ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a choigeartú maidir le cánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí faoi na méideanna seo a leanas:

(a)glanmhéid a bhreiseanna agus a laghduithe ar chánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3;

(b)an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán a leagtar amach in Airteagal 21; agus

(c)aon mhéadú nó aon laghdú ar chánacha cumhdaithe a fhabhraítear i gcothromas nó in ioncam cuimsitheach eile a bhaineann le méideanna a áirítear sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach a bheidh faoi réir cánach.

2.Áireofar na nithe seo a leanas ar na breiseanna ar chánacha cumhdaithe comheintitis le haghaidh na bliana fioscaí:

(a)an méid cánacha cumhdaithe a fabhraíodh mar chostas sa bhrabús roimh cháin sna cuntais airgeadais;

(b)an méid de shócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach a úsáideadh de bhun Airteagal 22(3);

(c)an méid cánacha cumhdaithe a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte, cánacha a eisiadh roimhe seo faoi phointe (d) de mhír 3 agus a íoctar le haghaidh na bliana fioscaí; agus

(d)an méid creidmheasa nó aisíocaíochta i leith creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe a fabhraíodh mar laghdú ar an gcostas cánach.

3.Áireofar na nithe seo a leanas ar na laghduithe ar chánacha cumhdaithe comheintitis le haghaidh na bliana fioscaí:

(a)an méid costais cánach i leith ioncaim a eisiadh ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach faoi Chaibidil III;

(b)an méid creidmheasa nó aisíocaíochta i leith creidmheas cánach in-aisíoctha nach creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe é a fabhraíodh mar laghdú ar an gcostas cánach;

(c)an méid cánacha cumhdaithe a aisíocadh le comheintiteas nó a cuireadh dá shochar, méid nár caitheadh leis mar choigeartú ar an gcostas cánach, ach amháin má bhaineann sé le creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe;

(d)an méid costais cánach, a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte; agus

(e)an méid costais cánach nach meastar go n-íocfar é laistigh de 3 bliana ó dheireadh na bliana fioscaí.

4.Chun na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a ríomh, i gcás ina dtugtar tuairisc ar mhéid cánach cumhdaithe i níos mó ná pointe amháin i míreanna 1 go 3, ní chuirfear san áireamh ach uair amháin é.

5.I gcás ina bhfuil glanchaillteanas cáilitheach i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, agus ina bhfuil an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh na dlínse sin diúltach agus níos lú ná méid atá cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach arna iolrú faoin íosráta cánach (na ‘cánacha cumhdaithe coigeartaithe a mheastar a bheidh ann’), an méid atá cothrom leis an difríocht idir an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe a mheastar a bheidh ann, caithfear leis an méid sin mar cháin bhreisiúcháin bhreise le haghaidh na bliana fioscaí sin. Leithdháilfear an méid cánach breisiúcháin breise ar gach comheintiteas sa dlínse i gcomhréir le hAirteagal 28(3).

Airteagal 21
An méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘fabhrú dícheadaithe’ gluaiseacht sa chostas cánach iarchurtha a fhabhraítear i gcuntais airgeadais comheintitis, ar gluaiseacht í a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte agus dáileacháin ó chomheintiteas;

(b)ciallaíonn ‘fabhrú neamhéilithe’ an méadú ar dhliteanas cánach iarchurtha a fhabhraítear i gcuntais airgeadais comheintitis le haghaidh bliain fhioscach, ar dliteanas é nach meastar go níocfar é laistigh den tréimhse a leagtar síos i mír 7 agus a roghnaíonn an comheintiteas is comhdaitheoir gan a áireamh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán le haghaidh na bliana fioscaí sin.

2.I gcás ina bhfuil an ráta cánach náisiúnta i ndlínse faoi bhun an íosráta éifeachtaigh, is éard a bheidh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán atá le cur le cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach de bhun phointe (b) d’Airteagal 20(1) ná an costas cánach iarchurtha a fhabhraítear ina chuntais airgeadais i leith cánacha cumhdaithe, faoi réir na gcoigeartuithe a shonraítear i míreanna 3 go 6.

I gcás ina bhfuil an ráta cánach náisiúnta i ndlínse os cionn an íosráta éifeachtaigh, is éard a bheidh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán atá le cur le cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach de bhun phointe (b) d’Airteagal 20(1) ná an costas cánach iarchurtha a fhabhraítear ina chuntais airgeadais i leith cánacha cumhdaithe arna athmhúnlú ag an íosráta cánach, faoi réir na gcoigeartuithe a shonraítear i míreanna 3 go 6.

3.Méadófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán faoi na méideanna seo a leanas:

(a)an méid fabhraithe dhícheadaithe nó fabhraithe neamhéilithe a íocadh le linn na bliana fioscaí; agus

(b)an méid dliteanais cánach iarchurtha athghafa a cinneadh i mbliain fhioscach roimhe sin, méid a íocadh le linn na bliana fioscaí.

4.I mbliain fhioscach, i gcás nach bhfabhraítear sócmhainn caillteanais cánach iarchurtha sna cuntais airgeadais toisc nach gcomhlíontar na critéir aitheantais, laghdófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán faoin méid a laghdódh an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán dá bhfabhrófaí sócmhainn caillteanais cánach iarchurtha le haghaidh na bliana fioscaí.

5.Ní áireofar leis an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán na méideanna seo a leanas:

(a)an méid costais cánach iarchurtha i leith míreanna a eisiatar ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach faoi Chaibidil III;

(b)an méid costais cánach iarchurtha i leith fabhruithe dícheadaithe agus fabhruithe neamhéilithe;

(c)tionchar méid coigeartaithe luachála nó coigeartaithe aitheanta cuntasaíochta i leith sócmhainn cánach iarchurtha;

(d)an méid costais cánach iarchurtha a eascraíonn ó atomhas i leith athrú ar an ráta cánach náisiúnta is infheidhme; agus

(e)an méid costais cánach iarchurtha maidir le creidmheasanna cánach a ghiniúint agus a úsáid.

6.I gcás ina bhfabhraítear sócmhainn cánach iarchurtha, sócmhainn atá inchurtha i leith caillteanas cáilitheach comheintitis, le haghaidh bliain fhioscach ag ráta atá níos ísle ná an tíosráta, féadfar í a athmhúnlú ag an íosráta sa bhliain fhioscach chéanna.

I gcás ina méadaítear sócmhainn cánach iarchurtha de bhun na chéad fomhíre, laghdófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán dá réir sin.

7.Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach níoctar nó nach naisiompaítear laistigh de na 5 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.

An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí, caithfear leis mar laghdú ar cháin chumhdaithe an chúigiú bliain fhioscach roimhe sin agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).

8.De mhaolú ar mhír 7, i gcás gur fabhrú eisceachta athghabhála é an dliteanas cánach iarchurtha nach níoctar laistigh de na 5 bliana ina dhiaidh sin, ní athghabhfar é. Is éard a bheidh i bhfabhrú eisceachta athghabhála méid costais cánach fhabhraithe atá inchurtha i leith athruithe ar dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara, i leith na nithe seo a leanas:

(a)liúntais aisghabhála costas ar shócmhainní inláimhsithe;

(b)costas ceadúnais nó socraithe chomhchosúil ó rialtas le haghaidh úsáid maoine do-aistrithe nó saothrú acmhainní nádúrtha a bhfuil infheistíocht mhór i sócmhainní inláimhsithe i gceist leis;

(c)costais taighde agus forbartha;

(d)costais dhíchoimisiúnaithe agus feabhsúcháin;

(e)cuntasaíocht luacha chóir maidir le glanghnóthachain neamhréadaithe;

(f)glanghnóthachain ó mhalartú airgeadraí eachtracha;

(g)costais éadála iarchurtha maidir le cúlchistí árachais agus polasaithe árachais;

(h)gnóthachain ó dhíolachán maoine inláimhsithe atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe, ar gnóthachain iad a athinfheistítear i maoin inláimhsithe sa dlínse chéanna; agus

(i)méideanna breise a fhabhraítear mar thoradh ar athruithe ar na prionsabail cuntasaíochta maidir leis na míreanna a liostaítear faoi phointí (a) go (h).

Airteagal 22
Roghnú caillteanais cháilithigh

1.De mhaolú ar Airteagal 21, féadfaidh comheintiteas is comhdaitheoir roghnú caillteanais cháilithigh a dhéanamh le haghaidh dlínse ar i gcomhréir leis a chinnfear sócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil glanchaillteanas cáilitheach sa dlínse sin. Chun na críche sin, an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach, beidh sí cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach sa dlínse le haghaidh bliain fhioscach arna iolrú faoin íosráta.

Ní féidir roghnú caillteanais cháilithigh a dhéanamh le haghaidh dlínse ag a bhfuil córas cánach dáileachán incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 38.

2.An tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach a chinntear de bhun mhír 1, úsáidfear í in aon bhliain fhioscach ina dhiaidh sin ina bhfuil glanioncam cáilitheach le haghaidh na dlínse, méid glanioncaim cháilithigh atá cothrom leis an nglanioncam cáilitheach arna iolrú faoin íosráta nó más ísle ná sin é, méid na sócmhainne cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach atá le fáil.

3.An tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach, laghdófar í faoin méid a úsáidtear le haghaidh bliain fhioscach agus tabharfar an tiarmhéid ar aghaidh chuig na blianta fioscacha ina dhiaidh sin.

4.I gcás ina gcúlghairtear roghnú caillteanais cháilithigh, laghdófar aon sócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach atá fós ann go nialas ón gcéad lá den chéad bhliain fhioscach nach bhfuil an roghnú caillteanais cháilithigh infheidhme a thuilleadh ar aghaidh.

5.Comhdófar an roghnú caillteanais cháilithigh leis an gcéad tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin de chuid an ghrúpa FIN, tuairisceán lena gcuimsítear an dlínse ina ndéantar an roghnú.

6.Eintiteas tréshreafa arb é máthaireintiteas deiridh an ghrúpa FIN é, i gcás ina ndéanann sé roghnú caillteanais cháilithigh faoin Airteagal seo, ríomhfar an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach faoi threoir chaillteanas cáilitheach an eintitis tréshreafa tar éis laghdú de bhun Airteagal 36(3).

Airteagal 23
Leithdháileadh sonrach cánacha cumhdaithe a thabhaíonn cineálacha áirithe comheintiteas

1.Leithdháilfear ar bhuanbhunaíocht méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais comheintitis ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach na buanbhunaíochta.

2.Leithdháilfear ar úinéir comheintitis méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais comheintitis atá trédhearcach go fioscach, ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach a leithdháiltear ar úinéir comheintitis i gcomhréir le hAirteagal 18(4).

3.Leithdháilfear ar chomheintiteas méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais a úinéirí comheintitis díreacha nó indíreacha faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe, a mhéid a bhaineann na cánacha cumhdaithe sin le hioncam nó le caillteanas cáilitheach an chomheintitis.

4.Maidir le comheintiteas ar eintiteas hibrideach é, leithdháilfear air méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais a úinéara comheintitis, ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach an eintitis hibridigh.

Ciallaíonn eintiteas hibrideach eintiteas a gcaitear leis mar dhuine ar leithligh chun críoch cánach ioncaim sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe ach a gcaitear leis mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe;

5.Maidir le comheintiteas a rinne dáileachán le linn na bliana fioscaí, leithdháilfear air méid aon chánach cumhdaithe a fhabhraítear i gcuntais airgeadais a úinéirí comheintitis díreacha ar na dáileacháin sin.

6.Maidir le comheintiteas, a leithdháileadh cánacha cumhdaithe air de bhun mhíreanna 3 agus 4 maidir le hioncam éighníomhach, áireoidh sé na cánacha cumhdaithe sin i méid atá cothrom leis na cánacha cumhdaithe a leithdháileadh i leith an ioncaim éighníomhaigh sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, an méid atá ann mar thoradh ar an gcéatadán cánach breisiúcháin le haghaidh na dlínse a iolrú faoi mhéid ioncam éighníomhach an chomheintitis a áirítear faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe nó faoi riail maidir le trédhearcacht fhioscach, áireoidh an comheintiteas an méid sin i gcás ina bhfuil an toradh níos lú ná an méid a chinntear faoin gcéad fhomhír. Chun críoch na fomhíre seo, cinnfear an céatadán cánach breisiúcháin le haghaidh na dlínse gan aird a thabhairt ar chánacha cumhdaithe a thabhaíonn an t‑úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam éighníomhach sin.

Aon cháin chumhdaithe a thabhaíonn an t‑úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam éighníomhach sin ar cáin í atá fós ann tar éis an mhír seo a chur i bhfeidhm, ní leithdháilfear faoi mhíreanna 3 ná 4 í.

Chun críoch na míre seo, ciallaíonn ioncam éighníomhach na míreanna ioncaim seo a leanas a mhéid a bhí siad faoi réir cáin faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe nó toisc go gcaitear leis an eintiteas a íocann an t‑ioncam sin mar eintiteas hibrideach:

(a)díbhinn nó coibhéisí díbhinne;

(b)ús nó coibhéisí úis;

(c)cíos;

(d)ríchíos;

(e)blianachtaí; nó

(f)glanghnóthachain ó mhaoin ar cineál maoine é a dhéanann ioncam a dtugtar tuairisc air i bpointí (a) go (e).

7.I gcás ina gcaitear le hioncam cáilitheach buanbhunaíochta mar ioncam cáilitheach de chuid an phríomheintitis i gcomhréir le hAirteagal 17(5), aon cháin chumhdaithe a thagann chun cinn sa dlínse ina bhfuil an bhuanbhunaíocht lonnaithe agus a bhaineann leis an ioncam sin, caithfear léi mar chánacha cumhdaithe de chuid an phríomheintitis i gcás méid nach mó ná an tioncam sin arna iolrú faoin ráta cánach náisiúnta is airde a ghearrtar ar ghnáthioncam sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe.

Airteagal 24
Coigeartuithe iarchomhdaithe agus athruithe ar rátaí cánach

1.I gcás ina dtaifeadann comheintiteas coigeartú ar a chánacha cumhdaithe ina chuntais airgeadais le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, caithfear leis an gcoigeartú sin mar choigeartú ar chánacha cumhdaithe sa bhliain fhioscach ina ndéantar an coigeartú, ach amháin má bhaineann an coigeartú le bliain fhioscach ina bhfuil laghdú ar chánacha cumhdaithe sa dlínse.

I gcás ina bhfuil laghdú ar chánacha cumhdaithe a áirítear i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an chomheintitis le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1) trí na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a laghdú faoi mhéid an laghdaithe ar chánacha cumhdaithe. Coigeartófar an t‑ioncam cáilitheach le haghaidh na bliana fioscaí agus aon bhliana fioscaí ábhartha dá réir sin.

Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfar caitheamh le laghdú ar chánacha cumhdaithe, ar laghdú neamhthábhachtach é, mar choigeartú ar chánacha cumhdaithe sa bhliain fhioscach ina ndéantar an coigeartú. Is éard a bheidh i laghdú neamhthábhachtach ar chánacha cumhdaithe laghdú is lú ná EUR 1 000 000 ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a chinntear le haghaidh na dlínse sa bhliain fhioscach.

2.I gcás ina laghdaítear an ráta cánach náisiúnta is infheidhme faoi bhun an íosráta cánach agus go bhfuil costas cánach iarchurtha ann mar thoradh ar an laghdú sin, caithfear le méid an chostais cánach iarchurtha sin mar choigeartú ar dhliteanas an chomheintitis i leith cánacha cumhdaithe a chuirtear san áireamh de bhun Airteagail 19 agus 20 le haghaidh bliain fhioscach roimhe sin.

3.I gcás inar tugadh costas cánach iarchurtha san áireamh ag ráta atá níos ísle ná an tíosráta cánach éifeachtach agus ina méadaítear an ráta cánach is infheidhme ina dhiaidh sin, nuair a íocfar an méid costais cánach iarchurtha atá ann mar thoradh ar an méadú sin, caithfear leis mar choigeartú ar dhliteanas comheintitis i leith cánacha cumhdaithe a éilíodh i mbliain fhioscach roimhe sin i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20.

Ní bheidh an coigeartú faoin gcéad fhomhír níos mó ná méid atá cothrom leis an gcostas cánach iarchurtha arna athmhúnlú ag an íosráta.

4.I gcás nach níoctar níos mó ná EUR 1 000 000 den mhéid a fhabhraíonn comheintiteas mar chostas cánach agus a áirítear i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nach níoctar é laistigh de 3 bliana tar éis dheireadh na bliana fioscaí sin, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí inar éilíodh an méid neamhíoctha mar cháin chumhdaithe i gcomhréir le hAirteagal 28(1) tríd an méid neamhíoctha sin a eisiamh ó na cánacha cumhdaithe coigeartaithe.

CAIBIDIL V
AN RÁTA CÁNACH ÉIFEACHTACH AGUS AN CHÁIN BHREISIÚCHÁIN A RÍOMH

Airteagal 25 
An ráta cánach éifeachtach a chinneadh

1.Ráta cánach éifeachtach grúpa FIN le haghaidh gach bliana fioscaí agus le haghaidh gach dlínse, ríomhfar an ráta sin, ar choinníoll go bhfuil glanioncam cáilitheach ann, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

i gcás inarb éard atá i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe na gcomheintiteas iomlán chánacha cumhdaithe coigeartaithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna arna gcinneadh i gcomhréir le Caibidil IV.

2.Cinnfear glanioncam cáilitheach na gcomheintiteas sa dlínse le haghaidh bliain fhioscach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach na gcomheintiteas iomlán ioncam cáilitheach na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse, arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil III agus i gcás inarb infheidhme, an teisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 16 á chur san áireamh;

(b)i gcás inarb éard atá i gcaillteanais cháilitheacha na gcomheintiteas iomlán chaillteanais cháilitheacha na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse, arna gcinneadh i gcomhréir le Caibidil III.

3.Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintiteas ar comheintitis infheistíochta iad, eisiatar iad ón ríomh ar an ráta cánach éifeachtach i gcomhréir le mír 1 agus ón ríomh ar an nglanioncam cáilitheach i gcomhréir le mír 2.

4.Ráta cánach éifeachtach na gcomheintiteas gan stát atá lonnaithe i ndlínse, ríomhfar le haghaidh gach bliana fioscaí é ar leithligh ó ráta cánach éifeachtach na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse chéanna.

Airteagal 26 
An cháin bhreisiúcháin a ríomh

1.I gcás ina bhfuil ráta cánach éifeachtach dlínse ina bhfuil comheintitis lonnaithe faoi bhun an íosráta cánach le haghaidh bliain fhioscach, déanfaidh an grúpa FIN ríomh ar leithligh ar an gcáin bhreisiúcháin le haghaidh gach ceann dá chomheintitis ag a bhfuil ioncam cáilitheach a áirítear sa ríomh ar ghlanioncam cáilitheach na dlínse sin. Ríomhfar an cháin bhreisiúcháin ar bhonn dlínsiúil.

2.Ríomhfar an céatadán cánach breisiúcháin le haghaidh dlínse i gcomhair bliain fhioscach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

i gcás inarb éard atá sa ráta cánach éifeachtach an ráta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 25.

3.Ríomhfar an céatadán cánach breisiúcháin le haghaidh dlínse i gcomhair bliain fhioscach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inarb éard atá sa cháin bhreisiúcháin bhreise an méid cánach a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 28;

(b)i gcás inarb éard atá sa cháin bhreisiúcháin náisiúnta an méid cánach a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 10.

4.An róbhrabús le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí dá dtagraítear i mír 3, ríomhfar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas é:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inarb éard atá sa ghlanioncam cáilitheach an tioncam a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(b)i gcás inarb éard atá san eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint an méid a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 27.

Chun críoch na míre seo, ciallaíonn róbhrabús méid atá cothrom leis an difríocht idir glanioncam cáilitheach na gcomheintiteas a ríomhtar ar leibhéal na dlínse ina bhfuil na comheintitis lonnaithe agus an t‑eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint atá ag na comheintitis sin sa dlínse sin.

5.Ríomhfar céatadán cánach breisiúcháin comheintitis le haghaidh bliain fhioscach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach comheintitis an tioncam a chinntear i gcomhréir le Caibidil III;

(b)i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach iomlán na gcomheintiteas uile ná iomlán ioncam cáilitheach na gcomheintiteas.

6.Má tá an cháin bhreisiúcháin dhlínsiúil ann mar thoradh ar athríomh de bhun Airteagal 28(1) agus má tá glanchaillteanas cáilitheach sa dlínse le haghaidh na bliana fioscaí, leithdháilfear an cháin bhreisiúcháin ar gach comheintiteas trí bhíthin na foirmle a leagtar amach i mír 5, bunaithe ar ioncam cáilitheach na gcomheintiteas sna blianta fioscacha a ndéantar na hathríomhanna de bhun Airteagal 28(1) ina leith.

7.Maidir le cáin bhreisiúcháin na gcomheintiteas gan stát atá lonnaithe i ndlínse, ríomhfar le haghaidh gach bliana fioscaí í ar leithligh ó cháin bhreisiúcháin na gcomheintiteas eile uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna.

Airteagal 27 
Eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘fostaithe incháilithe’ fostaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha comheintitis agus conraitheoirí neamhspleácha a ghlacann páirt i ngnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin an ghrúpa FIN faoi stiúir agus faoi rialú an ghrúpa FIN;

(b)ciallaíonn ‘costais phárolla incháilithe’ caiteachais chun fostaithe a chúiteamh, lena náirítear tuarastail, pá agus caiteachais eile lena soláthraítear sochar pearsanta díreach ar leithligh don fhostaí, amhail árachas sláinte agus ranníocaíocht pinsin, cáin phárolla agus fostaíochta agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta fostóra;

(c)ciallaíonn ‘sócmhainní inláimhsithe incháilithe’ na nithe seo a leanas:

(i)maoin, gléasra agus trealamh atá lonnaithe sa dlínse sin;

(ii)acmhainní nádúrtha atá lonnaithe sa dlínse sin;

(iii)ceart úsáide léasaí ar shócmhainní inláimhsithe atá lonnaithe sa dlínse sin; agus

(iv)ceadúnas nó socrú comhchosúil ó rialtas le haghaidh úsáid maoine do-aistrithe nó saothrú acmhainní nádúrtha a bhfuil infheistíocht mhór i sócmhainní inláimhsithe i gceist leis.

2.Ach amháin i gcás ina roghnaíonn grúpa FIN gan an teisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint a chur i bhfeidhm, laghdófar an glanioncam cáilitheach le haghaidh dlínse, chun an cháin bhreisiúcháin a ríomh, faoi mhéid atá cothrom le hiomlán an ghearrtha amach párolla agus an ghearrtha amach sócmhainní inláimhsithe le haghaidh gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse.

3.Beidh gearradh amach párolla comheintitis atá lonnaithe i ndlínse cothrom le 5 % dá chostais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe a dhéanann gníomhaíochtaí le haghaidh an ghrúpa FIN sa dlínse sin, ach amháin costais phárolla incháilithe a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:

(a)tá siad caipitlithe agus áirítear leis an mbonn gearrtha amach maidir le sócmhainní inláimhsithe incháilithe iad; agus

(b)tá siad inchurtha i leith ioncam a eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 16.

Measfar fostaithe incháilithe a bheith lonnaithe sa dlínse ina ndéanann siad gníomhaíochtaí le haghaidh an ghrúpa FIN.

4.Gearradh amach sócmhainní inláimhsithe comheintitis atá lonnaithe i ndlínse, beidh sé cothrom le 5 % de luach na sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar, ar sócmhainní iad atá lonnaithe sa dlínse, seachas na nithe seo a leanas:

(a)luach maoine de réir na leabhar, lena náirítear talamh agus foirgnimh, atá ar seilbh chun a díol, chun a ligean ar léas nó le haghaidh infheistíochta;

(b)luach sócmhainní inláimhsithe de réir na leabhar, ar sócmhainní iad a úsáidtear chun ioncam atá eisiata i gcomhréir le hAirteagal 16 a dhíorthú.

5.Chun críoch mhír 4, is éard a bheidh i luach sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar meán luach na sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar ag tús na bliana fioscaí agus ag deireadh na bliana fioscaí, mar a fhabhraítear i ráitis airgeadais an mháthaireintitis deiridh, arna laghdú faoi aon dímheas, amúchadh nó ídiú carntha agus arna mhéadú faoi aon mhéid is inchurtha i leith caipitliú costas párolla.

6.Chun críoch mhíreanna 3 agus 4, is éard a bheidh i gcostais phárolla incháilithe agus i sócmhainní inláimhsithe incháilithe comheintitis ar buanbhunaíocht é na costais phárolla incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe sin a chuimsítear ina chuntais airgeadais ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus 17(2) ar choinníoll go bhfuil siad lonnaithe sa dlínse chéanna leis an mbuanbhunaíocht.

Costais phárolla incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe buanbhunaíochta, ní chuirfidh an príomheintiteas san áireamh iad.

I gcás inar eisiadh ioncam buanbhunaíochta de bhun Airteagal 18(1) agus Airteagal 36(5), eisiafar costais phárolla incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe na buanbhunaíochta sa chomhréir chéanna ón ríomh faoin Airteagal seo le haghaidh an ghrúpa FIN.

7.Costais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe a níocann eintiteas tréshreafa iad agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe atá ar úinéireacht ag eintiteas tréshreafa, ar costais agus sócmhainní iad nach leithdháiltear faoi mhír 6, leithdháilfear orthu seo a leanas iad:

(a)úinéirí comheintitis an eintitis tréshreafa, i gcomhréir leis an méid a leithdháiltear orthu de bhun Airteagal 18(4), ar choinníoll go bhfuil na fostaithe incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe lonnaithe sa dlínse chéanna leis na húinéirí comheintitis; agus

(b)an teintiteas tréshreafa más é an máthaireintiteas deiridh é, arna laghdú i gcomhréir leis an ioncam a eisiatar ón ríomh ar ioncam cáilitheach an eintitis tréshreafa de bhun Airteagal 36(1) agus Airteagal 36(2), ar choinníoll go bhfuil na fostaithe incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe lonnaithe sa dlínse chéanna leis an eintiteas tréshreafa.

Na costais phárolla incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe eile uile de chuid an eintitis tréshreafa, eisiafar iad ó ríomhanna an ghrúpa FIN maidir leis an eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint.

8.Eisiamh ioncaim na gcomheintiteas gan stát atá lonnaithe i ndlínse, ar eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint é, ríomhfar an teisiamh, le haghaidh gach bliana fioscaí, ar leithligh ó eisiamh ioncaim na gcomheintiteas eile uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna.

9.An teisiamh ioncaim atá bunaithe ar shubstaint, ar eisiamh é a ríomhtar faoin Airteagal seo, ní chuimseofar leis gearradh amach párolla ná gearradh amach sócmhainní inláimhsithe eintiteas infheistíochta.

Airteagal 28
Cáin bhreisiúcháin bhreise

1.I gcás, de bhun Airteagal 15(7), Airteagal 21(7), Airteagal 24(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 38(5), ina bhfuil sé mar thoradh ar choigeartú ar chánacha cumhdaithe nó ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach go nathríomhtar ráta cánach éifeachtach nó cáin bhreisiúcháin an ghrúpa FIN le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 25 go 27. Aon mhéid cánach breisiúcháin incrimintí a eascraíonn ó athríomh den sórt sin, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin chun críoch Airteagal 25(3) le haghaidh na bliana fioscaí ina ndéantar an tathríomh.

2.I gcás ina bhfuil cáin bhreisiúcháin bhreise ann mar thoradh ar an athríomh a dhéantar faoi mhír 1, agus ina bhfuil glanchaillteanas cáilitheach ann le haghaidh na dlínse, is éard a bheidh in ioncam cáilitheach gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse méid atá cothrom leis an gcáin bhreisiúcháin a leithdháiltear ar na comheintitis sin de bhun Airteagal 26(5) agus Airteagal 26(6) arna roinnt ar an íosráta cánach.

3.I gcás, de bhun Airteagal 20(5), ina bhfuil cáin bhreisiúcháin bhreise dlite, is éard a bheidh in ioncam cáilitheach gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse méid atá cothrom leis an gcáin bhreisiúcháin a leithdháiltear ar an gcomheintiteas sin arna roinnt ar an íosráta cánach. Déanfar an leithdháileadh ar bhonn pro rata ar gach comheintiteas, bunaithe ar an bhfoirmle seo a leanas:

Ní leithdháilfear an cháin bhreisithe bhreise ach ar chomheintitis a thaifeadann méid cánach cumhdaithe coigeartaithe atá níos lú ná nialas agus níos lú ná ioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin arna iolrú faoin íosráta cánach.

4.I gcás ina leithdháiltear cáin bhreisiúcháin bhreise ar chomheintiteas i gcomhréir leis an Airteagal seo, caithfear leis mar comheintiteas ísealchánach chun críoch Chaibidil II.

Airteagal 29 
Eisiamh de minimis

1.De mhaolú ar Airteagail 25 go 28, arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, beidh an cháin bhreisiúcháin dhlite le haghaidh na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse cothrom le nialas le haghaidh bliain fhioscach, má tá na nithe seo a leanas i gceist leis an mbliain fhioscach sin:

(a)tá meánioncam cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin níos lú ná EUR 10 000 000; agus

(b)is éard atá i meánioncam nó i meánchaillteanas cáilitheach na dlínse sin ná caillteanas nó is lú ná EUR 1 000 000 an meánioncam nó meánchaillteanas cáilitheach sin.

Déanfar an roghnú ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 43(2).

2.An meánioncam cáilitheach nó an meánioncam nó an meánchaillteanas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1, is éard a bheidh ann meán ioncam cáilitheach nó ioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse le haghaidh na bliana fioscaí agus an dá bhliain fhioscacha roimhe sin.

Mura bhfuil aon chomheintiteas ag a bhfuil ioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach lonnaithe sa dlínse sa chéad nó sa dara bliain fhioscach roimhe sin, eisiafar na blianta fioscacha sin ón ríomh ar mheánioncam cáilitheach nó ar mheánioncam nó ar mheánchaillteanas cáilitheach na dlínse sin.

3.Maidir le hioncam cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, is éard a bheidh ann iomlán ioncaim na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin, arna laghdú nó arna méadú faoi aon choigeartú a dhéantar i gcomhréir le Caibidil III.

4.Maidir le hioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis atá lonnaithe i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, is éard a bheidh ann glanioncam nó glanchaillteanas cáilitheach na dlínse sin mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 25(2) é.

5.Ní bheidh an teisiamh de minimis infheidhme maidir le heintitis gan stát ná eintitis infheistíochta. Eisiafar ioncam agus ioncam cáilitheach na neintiteas sin ón ríomh ar an eisiamh de minimis.

Airteagal 30
Comheintitis faoi úinéireacht mhionlaigh

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh’ comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta díreach nó indíreach de 30 % nó níos lú ag an máthaireintiteas deiridh ann;

(b)ciallaíonn ‘máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh’ comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh a bhfuil leasanna urlámhais ar seilbh aige, go díreach nó go hindíreach, i gcomheintiteas eile faoi úinéireacht mhionlaigh, ach amháin i gcás ina bhfuil leasanna urlámhais sa chéad eintiteas ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag comheintiteas eile arís faoi úinéireacht mhionlaigh;

(c)ciallaíonn ‘foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh’ máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh agus a fhochuideachtaí faoi úinéireacht mhionlaigh; agus

(d)ciallaíonn ‘fochuideachta faoi úinéireacht mhionlaigh’ comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh a bhfuil a leasanna urlámhais ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh.

2.An ríomh ar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh dlínse i gcomhréir le Caibidlí III go VII i ndáil le foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh, beidh feidhm aige amhail is dá mba grúpa FIN ar leithligh gach foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh.

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach comhaltaí foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh, eisiafar iad ón gcinneadh faoi mhéid iarmharach ráta cánach éifeachtach an ghrúpa FIN arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 25(1) agus ón nglanioncam cáilitheach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 25(2).

3.Ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin comheintitis atá faoi úinéireacht mhionlaigh nach comhalta d’fhoghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh é, ríomhfar ar bhonn eintitis i gcomhréir le Caibidlí III go VII iad.

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach an chomheintitis faoi úinéireacht mhionlaigh, eisiafar iad ón gcinneadh faoi mhéid iarmharach ráta cánach éifeachtach an ghrúpa FIN arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 25(1) agus ón nglanioncam cáilitheach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 25(2).

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh ar eintiteas infheistíochta é.

CAIBIDIL VI
RIALACHA SPEISIALTA MAIDIR LE HATHSTRUCHTÚRÚ CORPARÁIDE AGUS STRUCTÚIR SEILBHE

Airteagal 31
An tairseach ioncaim chomhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le cumaisc agus díchumaisc grúpaí

1.Chun críoch an airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘cumasc’ aon socrú lena ndéantar an méid seo a leanas:

(i)na heintitis uile a bhaineann le dhá ghrúpa ar leithligh, nó nach mór iad uile, tugtar faoi rialú comhchoiteann iad ar bhealach a fhágann gur eintitis chomhghrúpa iad; nó

(ii)eintiteas nach comhalta de ghrúpa a thugtar faoi rialú comhchoiteann le heintiteas nó le grúpa eile é ar bhealach a fhágann gur eintitis chomhghrúpa iad;

(b)ciallaíonn ‘díchumasc’ aon socrú lena ndéantar na heintitis a bhaineann le grúpa aonair a dheighilt ina dhá ngrúpa dhifriúla nó níos mó nach gcomhdhlúthaíonn an máthaireintiteas deiridh céanna iad a thuilleadh.

2.I gcás ina gcumascann dhá ghrúpa nó níos mó chun grúpa aonair a dhéanamh in aon cheann de na 4 bliana fhioscacha is déanaí as a chéile, measfar tairseach ioncaim chomhdhlúite an ghrúpa FIN dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a bheith comhlíonta le haghaidh na bliana sin má tá iomlán na nioncam a chuimsítear ina ráitis airgeadais chomhdhlúite le haghaidh na bliana fioscaí sin cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin.

3.I gcás ina gcumascann eintiteas nach comhalta de ghrúpa (an ‘sprioc’) é le heintiteas nó le grúpa (an ‘faighteoir’) sa bhliain fhioscach, agus nach bhfuil ráitis airgeadais chomhdhlúite ag an sprioc ná ag an bhfaighteoir le haghaidh aon cheann de na 4 bliana fhioscacha is déanaí as a chéile, measfar tairseach ioncaim chomhdhlúite an ghrúpa FIN a bheith comhlíonta le haghaidh na bliana sin má tá iomlán na nioncam a chuimsítear ina ráitis airgeadais nó ina ráitis airgeadais chomhdhlúite le haghaidh na bliana sin cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin.

4.I gcás ina ndíchumascann grúpa FIN aonair ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina ‘ghrúpa díchumaiscthe’), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag gach grúpa díchumaiscthe má thuairiscíonn sé an méid seo a leanas:

(a)ioncam bliantúil EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin sa chéad bhliain fhioscach tar éis an díchumaisc; agus

(b)ioncam bliantúil EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin in dhá bhliain ar a laghad idir an dara agus an ceathrú bliain fhioscach as a chéile tar éis an díchumaisc;

Airteagal 32
Comheintitis ag dul isteach i ngrúpa FIN agus ag imeacht uaidh

1.Maidir le heintiteas (an ‘sprioc’) a iompaíonn ina chomheintiteas de chuid grúpa FIN nó eintiteas a éiríonn as a bheith ina chomheintiteas de chuid grúpa FIN, i gcás ina dtarlaíonn sin mar thoradh ar leasanna úinéireachta díreacha nó indíreacha sa sprioc a aistriú le linn bliain fhioscach (an ‘bhliain éadála’), caithfear leis an eintiteas sprice mar chomhalta den ghrúpa FIN chun críoch na Treorach seo ar choinníoll go náirítear sciar dá shócmhainní, dá dhliteanais, dá ioncam, dá chostais agus dá shreafaí airgeadais ar bhonn líne ar líne i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh sa bhliain éadála.

Ríomhfar ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin an eintitis sprice i gcomhréir le míreanna 2 go 8.

2.Sa bhliain éadála, áireofar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais agus cánacha cumhdaithe coigeartaithe na sprice i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh.

3.Sa bhliain éadála, agus i ngach bliain fhioscach ina dhiaidh sin, bunófar ioncam nó caillteanas cáilitheach agus cánacha cumhdaithe coigeartaithe na sprice ar luach stairiúil a sócmhainní agus a dliteanas de réir na leabhar.

4.Sa bhliain éadála, tabharfar san áireamh leis an ríomh ar chostais phárolla incháilithe na sprice de bhun Airteagal 27(3) na costais a léirítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh.

5.An ríomh ar an luach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe incháilithe na sprice de bhun Airteagal 27(4), coigeartófar é, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an tréimhse a raibh an sprioc ina comhalta den ghrúpa FIN le linn na bliana éadála.

6.Seachas an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach, cuirfidh an grúpa FIN is faighteoir san áireamh sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha sprice a aistrítear idir grúpaí FIN, cuirfidh sé san áireamh iad ar an mbealach céanna agus an méid céanna amhail is dá mbeadh an comheintiteas faoi rialú an ghrúpa FIN is faighteoir nuair a tháinig na sócmhainní agus na dliteanais sin chun cinn;

7.Maidir le dliteanais chánach iarchurtha na sprice a áiríodh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán cheana, caithfidh an grúpa FIN is diúscairteoir leo, de bhun Airteagal 21(7), mar dhliteanais asbhainte agus caithfidh an grúpa FIN is faighteoir leo mar dhliteanais curtha lena dhliteanais sa bhliain éadála, ach amháin go mbeidh feidhm ag aon laghdú ar chánacha cumhdaithe ina dhiaidh sin sa bhliain ina ndéantar an méid a athghabháil.

8.I gcás inar máthaireintiteas in dhá ghrúpa FIN nó níos mó ná sin le linn na bliana éadála í an sprioc, cuirfidh sí an riail maidir le cuimsiú ioncaim i bhfeidhm ar leithligh maidir lena chion inleithdháilte de cháin bhreisiúcháin comheintiteas ísealchánach a chinntear le haghaidh gach grúpa FIN.

9.Maidir le héadáil nó le diúscairt leasa urlámhais i sprioc, caithfear léi mar éadáil nó mar dhiúscairt sócmhainní nó dliteanas, ar choinníoll go gcaitear le héadáil nó le diúscairt an leasa urlámhais sin ar an mbealach céanna a chaithfí le héadáil nó le diúscairt sócmhainní agus dliteanas sa dlínse ina bhfuil an sprioc lonnaithe, nó i gcás eintiteas atá trédhearcach go fioscach, sa dlínse ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe agus go bhforchuirtear cáin chumhdaithe ar an díoltóir bunaithe ar an difríocht idir an bonn cánach agus an chomaoin a íoctar mar mhalairt ar an leas urlámhais nó luach cóir na sócmhainní agus na dliteanas.

Airteagal 33
Sócmhainní agus dliteanais a aistriú

1.Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn‘atheagrú’ claochlú nó aistriú sócmhainní agus dliteanas mar mhalairt ar scaireanna a eisíonn an comheintiteas is faighteoir nó duine a bhaineann leis an gcomheintiteas is faighteoir nó, más infheidhme, mar mhalairt ar mhodh íocaíochta eile nach mó ná 10 % de luach ainmniúil na scaireanna sin, i gcás nach ngearrtar cáin ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas a eascraíonn ón aistriú, ina iomlán nó i bpáirt, agus i gcás ina gceanglaítear ar an gcomheintiteas is faighteoir luach stairiúil na sócmhainní a aistrítear a úsáid, arna choigeartú faoi aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ón aistriú, chun an tioncam inchánach tar éis an aistrithe a ríomh faoi rialacha áitiúla.

2.Comheintiteas a dhiúscraíonn sócmhainní agus dliteanais (an ‘teintiteas is aistritheoir’), áireoidh sé an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn ón diúscairt sin sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Comheintiteas a fhaigheann sócmhainní agus dliteanais (an ‘t‑eintiteas is faighteoir’), cinnfidh sé a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach bunaithe ar an luach de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní agus na dliteanais a fhaightear arna chinneadh faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha an mháthaireintitis deiridh.

3.De mhaolú ar mhír 2, déanfar an méid seo a leanas i gcás ina ndéantar sócmhainní nó dliteanais a dhiúscairt nó a fháil i gcomhthéacs atheagraithe:

(a)eisiafaidh an teintiteas is aistritheoir aon ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn ón diúscairt sin ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach; agus

(b)cinnfidh an teintiteas éadála a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach ar bhonn an luacha de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní agus leis na dliteanais faighte tráth a aistrítear iad.

4.De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, i gcás ina ndéantar an taistriú sócmhainní agus dliteanas i gcomhthéacs atheagrú a bhfuil gnóthachan nó caillteanas inchánach le haghaidh an eintitis is aistritheoir mar thoradh air, déanfar an méid seo a leanas:

(a)áireoidh an teintiteas is aistritheoir gnóthachan nó caillteanas a eascraíonn ón diúscairt sin sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach suas go dtí an sciar den ghnóthachan atá faoi réir cánach nó suas go dtí an sciar lena laghdaítear an bonn inchánach i ndlínse an eintitis is aistritheoir; agus

(b)cinnfidh an teintiteas éadála a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach ar bhonn an luacha de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní agus leis na dliteanais tráth a aistrítear iad, luach arna laghdú faoin sciar den ghnóthachan atá faoi réir cánach nó arna mhéadú faoin sciar den chaillteanas lena laghdaítear an bonn inchánach i ndlínse an eintitis is aistritheoir.

5.Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, i gcás ina gceanglaítear ar chomheintiteas bonn a shócmhainní agus méid a dhliteanas a choigeartú chuig luach cothrom chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe nó i gcás ina gceadaítear dó déanamh amhlaidh, féadfaidh an comheintiteas sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)a áireamh, sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach, méid gnóthachain nó caillteanais i leith gach ceann dá shócmhainní agus dá dhliteanais, méid a bheidh cothrom leis an difríocht idir an luach de réir na leabhar a ghabh leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas sin chun críoch cuntasaíochta airgeadais díreach roimh dháta an teagmhais lenar gníomhachtaíodh an coigeartú cánach (an ‘teagmhas gníomhachtaithe’) agus luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais díreach tar éis an teagmhais ghníomhachtaithe;

(b)luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais chun críoch cuntasaíochta airgeadais díreach tar éis an teagmhais ghníomhachtaithe a úsáid chun ioncam nó caillteanas cáilitheach a ríomh sna blianta fioscacha tar éis an teagmhais ghníomhachtaithe;

(c)iomlán glan na méideanna a chinntear faoi (a) a áireamh sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach trí na méideanna iomláin ghlain a áireamh i mbliain fhioscach an teagmhais ghníomhachtaithe nó trí chúigiú amháin d’iomlán glan na méideanna sin a áireamh i mbliain fhioscach an teagmhais ghníomhachtaithe agus sna 4 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin.

Coigeartófar an méid a chinntear de bhun phointe (a) le haon ghnóthachan nó caillteanas inchánach ón aistriú chun ioncam inchánach tar éis an aistrithe a ríomh faoi rialacha áitiúla, más ann dóibh, ioncam a eascraíonn ón teagmhas gníomhachtaithe.

Má fhágann an comheintiteas an grúpa FIN i mbliain fhioscach sula n‑áirítear an méid iomlán a chinntear de bhun phointe (a) sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach, áireofar an méid atá fágtha sa bhliain fhioscach sin.

Airteagal 34
Comhfhiontair

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘comhfhiontar’ eintiteas de chuid grúpa FIN, nach máthaireintiteas deiridh é, a dtuairiscítear a thorthaí airgeadais faoi mhodh an chothromais i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, ar choinníoll go bhfuil 50 % de leas úinéireachta an mháthaireintitis deiridh, ar seilbh go díreach nó go hindíreach ag an máthaireintiteas deiridh féin;

(b)ciallaíonn ‘cleamhnaí comhfhiontair’ an méid seo a leanas:

(i)eintiteas a gcomhdhlúthaítear a shócmhainní, a dhliteanais, a ioncam, a chostais agus a shreafaí airgid i ráitis airgeadais comhfhiontair faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó a gcomhdhlúthófaí dá gceanglófaí ar an gcomhfhiontar na sócmhainní, na dliteanais, an tioncam, na costais agus na sreafaí airgid sin a chomhdhlúthú faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(ii)buanbhunaíocht a bhfuil a príomheintiteas ina chomhfhiontar nó ina eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

2.Máthaireintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomhfhiontar nó i gcleamhnaí comhfhiontair (dá ngairtear le chéile grúpa comhfhiontar) ar seilbh aige, go díreach nó go hindíreach, cuirfidh sé an riail maidir le cuimsiú ioncaim i bhfeidhm maidir lena chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin gach comhalta den ghrúpa comhfhiontar i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9.

3.Déanfar an ríomh ar cháin bhreisiúcháin an chomhfhiontair agus a chleamhnaithe comhfhiontair i gcomhréir le Caibidlí III go VII, amhail is gur comheintitis grúpa FIN ar leithligh iad agus gurb é an comhfhiontar máthaireintiteas deiridh an ghrúpa sin.

4.Laghdófar an cáin bhreisiúcháin atá dlite ag an ngrúpa comhfhiontar faoi chion in-leithdháilte gach máthaireintitis de cháin bhreisiúcháin gach comhalta den ghrúpa comhfhiontar, cáin bhreisiúcháin a thugtar faoi réim faoi mhíreanna 2 agus 3. Aon mhéid den cháin bhreisiúcháin atá fágtha, cuirfear leis an méid cháin bhreisiúcháin RÍFTC iomlán de bhun Airteagal 13 é.

Airteagal 35
Grúpaí FIN ilmháthar

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)Ciallaíonn ‘grúpaí FIN ilmháthar’ dhá ghrúpa nó níos mó ná sin a ndéanann máthaireintitis deiridh na ngrúpaí sin comhshocrú ar struchtúr stápláilte nó socrú déliostaithe é lena gcuimsítear eintiteas nó buanbhunaíocht amháin ar a laghad atá lonnaithe i ndlínse dhifriúil;

(b)Ciallaíonn ‘struchtúr stápláilte’ comhshocrú a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis:

(i)50 % nó níos mó de na leasanna úinéireachta i máthaireintitis deiridh grúpaí ar leithligh, a luaitear ar phraghas aonair má liostaítear iad agus atá comhcheangailte le chéile, de bharr foirm úinéireachta, srianta ar aistriú nó téarmaí nó coinníollacha eile, agus nach féidir a aistriú nó a thrádáil go neamhspleách; agus

(ii)ullmhaíonn ceann de na máthaireintitis deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite ina dtíolactar sócmhainní, dliteanais, ioncam, costais agus sreafaí airgid eintiteas atá sna grúpaí uile lena mbaineann mar shócmhainní, mar dhliteanais, mar ioncam, mar chostais agus mar shreafaí airgid aonaid eacnamaíoch aonair; agus

(c)ciallaíonn ‘comhshocrú déliostaithe’ comhshocrú a dhéanann dhá mháthaireintiteas deiridh nó níos mó ná sin a bhaineann le grúpaí ar leithligh, comhshocrú faoina ndéantar an méid seo a leanas:

(i)comhaontaíonn na máthaireintitis deiridh a ngnó a chomhcheangal trí chonradh amháin;

(ii)bainistítear gníomhaíochtaí na máthaireintiteas deiridh mar aonad eacnamaíoch aonair faoi chomhshocruithe conarthacha ach coinnítear eintitis dhlítheanacha ar leithligh gach ceann de na máthaireintitis deiridh;

(iii)leasanna úinéireachta na máthaireintiteas deiridh atá sa chomhaontú, déantar na leasanna sin a lua, a thrádáil agus a aistriú go neamhspleách i margaí caipitil difriúla; agus

(iv)ceanglaítear ar na máthaireintitis deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú ina dtíolactar sócmhainní, dliteanais, ioncam, costais agus sreafaí airgid eintiteas atá sna grúpaí uile lena mbaineann mar shócmhainní, mar dhliteanais, mar ioncam, mar chostais agus mar shreafaí airgid aonaid eacnamaíoch aonair.

2.I gcás ina bhfuil comheintitis ina gcuid de ghrúpa FIN ilmháthar, caithfear le heintitis agus le comheintitis gach grúpa mar chomhaltaí de ghrúpa FIN ilmháthar amháin.

Caithfear le heintiteas, nach eintiteas eisiata é, mar chomheintiteas má chomhdhlúthaíonn an grúpa FIN ilmháthar é ar bhonn líne ar líne nó má tá a leasanna úinéireachta ar seilbh ag eintitis sa ghrúpa FIN ilmháthar.

3.Is éard a bheidh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa FIN ilmháthar na ráitis airgeadais chomhdhlúite chomhcheangailte dá dtagraítear sna sainmhínithe ar struchtúr stápláilte nó ar chomhshocrú déliostaithe i mír 1, ar ráitis iad a ullmhaítear faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, caighdeán a mheastar gurb é caighdeán cuntasaíochta an mháthaireintitis deiridh.

4.Is éard a bheidh i máthaireintitis deiridh na ngrúpaí ar leithligh lena gcomhdhéantar an grúpa FIN ilmháthar máthaireintitis deiridh an ghrúpa FIN ilmháthar.

Agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm i leith grúpa FIN ilmháthar, beidh feidhm ag aon tagairt do mháthaireintiteas deiridh, de réir mar is gá, amhail is gur tagairt do roinnt máthaireintiteas í.

5.Máthaireintitis an ghrúpa FIN ilmháthar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear gach máthaireintiteas deiridh, cuirfidh siad an riail maidir le cuimsiú ioncaim i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 i leith a gcion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin na gcomheintiteas ísealchánach.

6.Cuirfidh comheintitis an ghrúpa FIN ilmháthar atá lonnaithe i mBallstát RÍFTC i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 13, agus cuirfidh siad san áireamh cáin bhreisiúcháin gach comheintitis ísealchánach atá ina chomhalta den ghrúpa FIN ilmháthar.

7.Cuirfidh máthaireintitis deiridh an ghrúpa FIN ilmháthar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin isteach i gcomhréir le hAirteagal 42(2), ach amháin má cheapann siad eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe aonair. Cuimseofar leis an tuairisceán sin faisnéis a bhaineann le gach ceann de na grúpaí lena gcomhdhéantar an grúpa FIN ilmháthar.

CAIBIDIL VII
CÓRAS NEODRACHTA CÁNACH AGUS CÓRAIS DÁILEACHÁN

Airteagal 36
Máthaireintiteas deiridh ar eintiteas tréshreafa é

1.Ioncam cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an tioncam sin, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid ioncaim cháilithigh a leithdháiltear ar shealbhóir leasa úinéireachta (an ‘sealbhóir úinéireachta’) san eintiteas tréshreafa ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá an tioncam faoi réir cánach laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana fioscaí, cáin a ghearrtar ag ráta ainmnithe atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin;

(b)is féidir a mheas go réasúnach go bhfuil an méid iomlán cánacha cumhdaithe agus cánacha a íocann an sealbhóir úinéireachta ar an ioncam cothrom leis an ioncam sin arna iolrú faoin íosráta cánach nó go bhfuil an méid cánach níos mó ná sin.

2.Ioncam cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an tioncam sin, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid ioncaim cháilithigh a leithdháiltear ar shealbhóir leasa úinéireachta san eintiteas tréshreafa ar choinníoll gur ceann de na nithe seo a leanas an sealbhóir úinéireachta:

(a)duine nádúrtha atá ina chónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin; nó

(b)eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin seachas eintiteas seirbhísí pinsin ar a bhfuil cónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin.

3.Caillteanas cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an caillteanas sin, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid caillteanais cháilithigh a leithdháiltear ar shealbhóir leasa úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás nach gceadaítear don sealbhóir úinéireachta an caillteanas sin a úsáid sa ríomh ar a ioncam inchánach sa dlínse ina bhfuil sé ina chónaí chun críoch cánach.

4.Cánacha cumhdaithe eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar go comhréireach iad chuig an méid ioncaim cháilithigh arna laghdú i gcomhréir le mír 1. 

5.Buanbhunaíocht trína ndéanann eintiteas tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é a ghnó go hiomlán nó go páirteach nó trína ndéantar go hiomlán nó go páirteach gnó eintitis atá trédhearcach go fioscach, beidh feidhm ag míreanna 1, 2, 3 agus 4 maidir leis an mbuanbhunaíocht sin ar choinníoll go bhfuil leas úinéireachta an mháthaireintitis deiridh sin san eintiteas atá trédhearcach go fioscach, go bhfuil an leas sin ar seilbh go díreach nó trí eintiteas amháin atá trédhearcach go fioscach nó níos mó ná sin.

Airteagal 37
Máthaireintiteas deiridh atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘córas díbhinní in-asbhainte’ córas cánach lena gcuirtear leibhéal cánach aonair i bhfeidhm ar ioncam úinéirí nó tairbhithe eintitis trí na brabúis a dháiltear ar na húinéirí nó ar na tairbhithe a asbhaint nó a eisiamh ó ioncam an eintitis nó trí chomharchumann a dhíolmhú ón gcánachas;

(b)ciallaíonn ‘díbhinn in-asbhainte’ an méid seo a leanas i dtaca le comheintiteas atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte:

(i)dáileachán brabús ar shealbhóir leasa úinéireachta sa chomheintiteas, dáileachán is in-aisbhainte ó ioncam inchánach an chomheintitis faoi dhlíthe na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe; nó

(ii)díbhinn phátrúnachta a íoctar le comhalta comharchumainn; agus

(c)ciallaíonn ‘comharchumann’ eintiteas a mhargaíonn nó a fhaigheann earraí nó seirbhísí go comhpháirteach thar ceann a chomhaltaí ar eintiteas é atá faoi réir córas cánach sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe lena náirithítear an neodracht cánach i leith earraí nó seirbhísí a dhíolann na comhaltaí tríd an gcomharchumann nó a fhaigheann na comhaltaí tríd an gcomharchumann.

2.Máthaireintiteas deiridh grúpa FIN atá faoi réir córas díbhinní inasbhainte, laghdóidh sé a ioncam cáilitheach suas go nialas le haghaidh na bliana fioscaí faoin méid a dháileann sé mar dhíbhinn in-aisbhainte laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá an díbhinn faoi réir cánach faoi chúram an fhaighteora le haghaidh tréimhse inchánach a dtagann deireadh léi laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, cáin a ghearrtar ag ráta ainmnithe atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin; nó

(b)is féidir a mheas go réasúnach go bhfuil an méid iomlán cánacha cumhdaithe agus cánacha a íocann an faighteoir ar an díbhinn sin cothrom leis an ioncam sin arna iolrú faoin íosráta cánach nó go bhfuil an cháin níos mó ná sin.

3.Máthaireintiteas deiridh grúpa FIN atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte, laghdóidh sé a ioncam cáilitheach suas go nialas le haghaidh na bliana fioscaí faoin méid a dháileann sé mar dhíbhinn in-aisbhainte laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, ar choinníoll gur ceann de na nithe seo a leanas é an faighteoir:

(a)duine nádúrtha, agus is díbhinn phátrúnachta ó chomharchumann soláthair í an díbhinn a fhaightear;

(b)duine nádúrtha atá ina chónaí chun críoch cánach sa dlínse chéanna ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin; nó

(c)eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin seachas eintiteas seirbhísí pinsin a bhfuil cónaí air chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin.

4.Cánacha cumhdaithe máthaireintitis deiridh, seachas na cánacha ar ceadaíodh an asbhaint díbhinne ina leith, laghdófar na cánacha sin go comhréireach chuig an méid ioncaim cháilithigh arna laghdú i gcomhréir le mír 2.

5.I gcás ina bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte ar seilbh ag an máthaireintiteas deiridh go díreach nó trí chomheintiteas amháin nó níos mó ná sin, beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le haon chomheintiteas eile atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh agus atá faoi réir an chórais díbhinní in-asbhainte, a mhéid a dháileann an máthaireintiteas deiridh a ioncam cáilitheach a thuilleadh ar fhaighteoirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 2.

6.Chun críoch mhír 4, díbhinn a dháileann pátrúnacht dáilte comharchumainn soláthair, caithfear léi mar dhíbhinn atá faoi réir cánach faoi chúram an fhaighteora a mhéid a laghdaíonn an díbhinn sin speansas nó costas in-aisbhainte sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas inchánach an fhaighteora.

Airteagal 38
Córais cánach dáileachán incháilithe

1.Féadfaidh comheintiteas is comhdaitheoir roghnú a dhéanamh i dtaca le comheintiteas atá faoi réir córas cánach dáileachán incháilithe chun an méid a chinntear mar cháin dáileachán measta i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a chuimsiú le cánacha cumhdaithe coigeartaithe an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí.

Déanfar an roghnú go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus beidh feidhm aige maidir leis na comheintitis uile atá lonnaithe sa dlínse sin.

2.Is éard a bheidh i méid na cánach dáileachán measta an ceann is lú díobh seo a leanas:

(a)an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe is gá chun an ráta cánach éifeachtach, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(2) le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí, a mhéadú chuig an íosráta cánach; nó

(b)an méid cánach a d’íocfaí dá ndáilfeadh na comheintitis a nioncam iomlán faoin gcóras cánach dáileachán incháilithe le linn na bliana fioscaí.

3.I gcás ina ndéantar roghnú faoi mhír 1, bunófar cuntas athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh gach bliana fioscaí a bhfuil feidhm ag an roghnú sin maidir léi. An méid cánach dáileachán measta a íoctar sa dlínse, cuirfear leis an gcuntas athghabhála um cháin dáileachán measta é le haghaidh na bliana fioscaí inar bunaíodh é.

Ag deireadh gach bliana fioscaí, laghdófar an méid sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh blianta fioscacha roimhe sin, suas go nialas, faoi na cánacha a d’íoc an comheintiteas le linn na bliana fioscaí i ndáil le dáileacháin mheasta nó iarbhír.

Aon mhéid iarmharach sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta atá fós iontu tar éis an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, laghdófar é, suas go nialas, faoi mhéid atá cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach le haghaidh dlínse arna iolrú faoin íosráta cánach.

4.Aon mhéid iarmharach de ghlanchaillteanas cáilitheach atá fós ann tar éis an fhomhír dheireanach i mír 3 a chur i bhfeidhm, tabharfar ar aghaidh é chuig na blianta fioscacha ina dhiaidh sin agus laghdófar leis aon mhéid iarmharach sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta atá fós ann tar éis mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.An tiarmhéid gan íoc, más ann dó, atá sa chuntas athghabhála um cháin dáileachán measta ag deireadh an cheathrú bliain fhioscach tar éis an cuntas sin a bhunú, caithfear leis mar laghdú ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe i gcomhréir le hAirteagal 28(1) le haghaidh na bliana fioscaí inar bunaíodh an cuntas sin.

6.Cánacha a íoctar le linn na bliana fioscaí i ndáil le dáileacháin mheasta nó iarbhír, ní chuimseofar le cánacha cumhdaithe coigeartaithe iad a mhéid a laghdaíonn siad cuntas athghabhála um cháin dáileachán measta i gcomhréir le mír 3.

7.I gcás ina bhfágann comheintiteas atá faoi réir roghnú faoi mhír 1 an grúpa FIN nó i gcás ina naistrítear a shócmhainní uile nach mór chuig duine nach comheintiteas é de chuid an ghrúpa FIN chéanna atá lonnaithe sa dlínse chéanna, aon iarmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta i mblianta fioscacha roimhe sin inar bunaíodh na cuntais sin, caithfear leis na hiarmhéideanna sin mar laghdú ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh gach ceann de na blianta fioscacha sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).

Aon mhéid cánach breisiúcháin breise atá dlite, iolrófar faoin gcóimheas seo a leanas é chun an cháin bhreisiúcháin bhreise atá dlite le haghaidh na dlínse a ríomh:

sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina gcinnfear ioncam cáilitheach an chomheintitis i gcomhréir le Caibidil III le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil iadmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh na dlínse; agus

(b)i gcás ina gcinnfear an glanioncam cáilitheach le haghaidh na dlínse i gcomhréir le hAirteagal 25(2) le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil iarmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh na dlínse.

Airteagal 39
Ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin eintitis infheistíochta a chinneadh

1.I gcás inar eintiteas infheistíochta nach bhfuil trédhearcach go fioscach agus nach ndearna roghnú i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 é comheintiteas grúpa FIN, ríomhfar ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta sin ar leithligh ó ráta cánach éifeachtach na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe.

2.Beidh ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 cothrom lena chánacha cumhdaithe coigeartaithe arna roinnt ar mhéid atá cothrom le cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN in ioncam nó i gcaillteanas cáilitheach an eintitis infheistíochta.

I gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas infheistíochta amháin lonnaithe i ndlínse, ríomhfar a ráta cánach éifeachtach trína gcánacha cumhdaithe coigeartaithe mar aon le cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN

ina n‑ioncam nó ina gcaillteanas cáilitheach a chomhcheangal le chéile.

3.Is éard a bheidh i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 na cánacha cumhdaithe coigeartaithe atá inchurtha i leith chion in-leithdháilte an ghrúpa FIN in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta agus na cánacha cumhdaithe a leithdháiltear ar an eintiteas infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.Is éard a bheidh i gcáin bhreisiúcháin eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, méid atá cothrom le céatadán cánach breisiúcháin an eintitis infheistíochta arna iolrú faoi mhéid atá cothrom leis an difríocht idir cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta agus an teisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint a ríomhtar le haghaidh an eintitis infheistíochta.

I gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas infheistíochta amháin lonnaithe i ndlínse, ríomhfar a gcáin bhreisiúcháin trína méideanna eisiata ioncaim bunaithe ar shubstaint mar aon le cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN ina n‑ioncam nó ina gcaillteanas cáilitheach a chomhcheangal le chéile.

Is éard a bheidh i gcéatadán cánach breisiúcháin an eintitis infheistíochta méid atá cothrom leis an difríocht idir an t‑íosráta cánach agus ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta sin.

5.Cinnfear eisiamh ioncaim eintitis infheistíochta bunaithe ar shubstaint i gcomhréir le hAirteagail 27(1) go 27(7). Sócmhainní inláimhsithe incháilithe agus costais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe a tugadh san áireamh le haghaidh eintiteas den sórt sin, laghdófar iad i gcomhréir le cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta arna roinnt ar ioncam cáilitheach iomlán an eintitis infheistíochta sin.

6.Chun críoch an Airteagail seo, cinnfear cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN in ioncam nó i gcaillteanas cáilitheach an eintitis infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 40
Roghnú chun caitheamh le heintiteas infheistíochta mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach

1.Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn eintiteas infheistíochta árachais eintiteas a chomhlíonfadh na sainmhínithe ar chiste infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (25) nó ar mheán infheistíochta réadmhaoine a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (26) mura mbunófaí i ndáil le dliteanais faoi chonradh árachais nó faoi chonradh blianachta é agus mura mbeadh sé ar úinéireacht iomlán ag eintiteas atá faoi réir rialáil sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe mar chuideachta árachais.

2.Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfar caitheamh le heintiteas infheistíochta nó le heintiteas infheistíochta árachais mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach má tá an túinéir comheintitis faoi réir cáin sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe faoi luach margaidh cóir nó córas comhchosúil atá bunaithe ar na hathruithe bliantúla ar luach cóir a leasanna úinéireachta san eintiteas sin agus má tá an ráta cánach is infheidhme maidir leis an úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam sin cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

3.Comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta in eintiteas infheistíochta nó in eintiteas infheistíochta árachais ar úinéireacht indíreach aige go díreach trí eintiteas infheistíochta nó trí eintiteas infheistíochta árachais eile, measfar é a bheith faoi réir cáin faoi luach margaidh cóir nó faoi chóras comhchosúil i leith a leasa úinéireachta indírigh san eintiteas nó san eintiteas infheistíochta árachais céadluaite má tá sé faoi réir luach margaidh cóir nó córas comhchosúil i leith a leasa úinéireachta dhírigh sa dara heintiteas nó sa dara heintiteas infheistíochta árachais a luaitear.

4.Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 43(1).

Má chúlghairtear an roghnú, aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ó dhiúscairt sócmhainne nó dliteanais a bhí ar seilbh ag an eintiteas infheistíochta nó eintiteas infheistíochta árachais, cinnfear é ar bhonn luach margaidh cóir na sócmhainne nó an dliteanais ar an gcéad lá den bhliain ina ndéantar an chúlghairm.

Airteagal 41
Roghnú chun modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm

1.Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis eintitis infheistíochta modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an túinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

2.Faoi mhodh dáilte inchánach, áireofar dáileacháin agus dáileacháin mheasta ioncaim cháilithigh eintitis infheistíochta in ioncam cáilitheach an úinéara comheintitis a fuair an dáileachán.

An méid cánacha cumhdaithe a thabhaíonn an t‑eintiteas infheistíochta atá inchreidiúnaithe in aghaidh dhliteanas cánach an úinéara comheintitis a eascraíonn ón dáileachán, áireofar an méid sin in ioncam cáilitheach agus i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an úinéara comheintitis a fuair an dáileachán.

Cion an úinéara comheintitis i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sa tríú bliain roimh an mbliain fhioscach (an ‘bhliain thástáilte’), caithfear leis an gcion sin mar ioncam cáilitheach de chuid an eintitis infheistíochta sin le haghaidh na bliana fioscaí. An méid atá cothrom leis an ioncam cáilitheach sin arna iolrú faoin íosráta cánach, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin comheintitis ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí chun críoch Chaibidil II.

Ioncam nó caillteanas cáilitheach eintitis infheistíochta agus na cánacha cumhdaithe coigeartaithe is inchurtha i leith an ioncaim sin le haghaidh na bliana fioscaí, eisiafar iad ón ríomh ar an ráta cánach éifeachtach i gcomhréir le Caibidil V agus Airteagail 39(1) go 39(4), ach amháin le haghaidh an mhéid cánacha cumhdaithe dá dtagraítear sa dara fomhír.

3.Is éard a bheidh i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta le haghaidh bliain fhioscach méid ioncaim cháilithigh an eintitis infheistíochta sin le haghaidh na bliana tástáilte arna laghdú, suas go nialas, faoi na nithe seo a leanas:

(a)cánacha cumhdaithe an eintitis infheistíochta;

(b)dáileacháin agus dáileacháin mheasta ar scairshealbhóirí nach eintitis infheistíochta iad le linn na tréimhse ó thús an tríú bliain roimh an mbliain fhioscach agus deireadh na bliana fioscaí (an ‘tréimhse thástála’);

(c)caillteanais cháilitheacha a thagann chun cinn le linn na tréimhse tástála; agus

(d)aon mhéid iarmharach de chaillteanais cháilitheacha nár laghdaigh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin (an ‘tabhairt ar aghaidh caillteanas infheistíochta’).

Ní laghdófar glanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta le dáileacháin nó le dáileacháin mheasta lenar laghdaíodh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin agus pointe (b) den chéad fhomhír á chur i bhfeidhm.

Ní laghdófar glanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta faoin méid caillteanas cáilitheach lenar laghdaíodh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin agus pointe (c) den chéad fhomhír á chur i bhfeidhm.

4.Chun críoch an Airteagail seo, measfar dáileachán measta a bheith ann nuair a aistrítear leas úinéireachta díreach nó indíreach san eintiteas infheistíochta chuig eintiteas nach leis an ngrúpa FIN é agus atá cothrom leis an gcion den ghlanioncam cáilitheach neamhdháilte is inchurtha i leith an leasa úinéireachta sin ar dháta an aistrithe sin, arna chinneadh gan aird a thabhairt ar an dáileachán measta.

5.Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 43(1).

Má chúlghairtear an roghnú, cion an úinéara comheintitis i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta le haghaidh na bliana tástáilte roimh an gcúlghairm, caithfear leis an gcion sin mar ioncam cáilitheach de chuid an eintitis infheistíochta le haghaidh na bliana fioscaí. An méid atá cothrom leis an ioncam cáilitheach sin arna iolrú faoin íosráta cánach, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin comheintitis ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí chun críoch Chaibidil II.

CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA RIARACHÁIN

Airteagal 42
Oibleagáidí comhdúcháin

1.Chun críoch an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘eintiteas áitiúil ainmnithe’ comheintiteas grúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát agus ar cheap na comheintitis eile de chuid an ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstáit céanna é chun an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú agus chun na fógraí a chur isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo thar a gceann;

(b)ciallaíonn ‘comhaontú údarás inniúil cáilitheach’ comhaontú nó comhshocrú déthaobhach nó iltaobhach idir dhá dhlínse nó níos mó ná sin lena ndéantar foráil maidir le malartú uathoibríoch tuairisceán faisnéise bliantúil.

2.Comhdóidh comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin lena údarás fioscach i gcomhréir le mír 5.

Féadfaidh eintiteas áitiúil ainmnithe an tuairisceán sin a chomhdú thar ceann an chomheintitis.

3.De mhaolú ar mhír 2, ní cheanglófar ar chomheintiteas tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú lena údarás fioscach má chomhdaigh aon cheann díobh seo a leanas tuairisceán den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 5:

(a)an máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse a bhfuil comhaontú údarás inniúil cáilitheach i bhfeidhm aici leis an mBallstát ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe; nó

(b)an teintiteas is comhdaitheoir ainmnithe atá lonnaithe i ndlínse a bhfuil comhaontú údarás inniúil cáilitheach i bhfeidhm aici leis an mBallstát ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe.

4.I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 3, tabharfaidh an comheintiteas fógra dá údarás fioscach faoi chéannacht an eintitis a chomhdóidh an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin agus faoin dlínse ina bhfuil sé lonnaithe nó tabharfaidh eintiteas áitiúil ainmnithe an fógra sin thar ceann an chomheintitis.

5.Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an ngrúpa FIN sa tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin:

(a)céannacht na gcomheintiteas, lena náirítear a nuimhir aitheantais chánach, más ann dóibh, sa dlínse ina bhfuil siad lonnaithe agus a stádas faoi rialacha na Treorach seo;

(b)faisnéis faoi struchtúr corparáide foriomlán an ghrúpa FIN lena náirítear na leasanna urlámhais sna comheintitis atá ar seilbh ag comheintitis eile;

(c)an fhaisnéis uile is gá chun na nithe seo a leanas a ríomh:

(i)an ráta cánach éifeachtach le haghaidh gach dlínse agus cáin bhreisiúcháin gach comheintitis;

(ii)cáin bhreisiúcháin comhalta grúpa comhfhiontar;

(iii)an leithdháileadh cánach breisiúcháin faoin riail maidir le cuimsiú ioncaim agus leithdháileadh méid cháin bhreisiúcháin RÍFTC ar gach dlínse; agus

(d)taifead ar na roghnuithe a dhéantar i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Treoir seo.

6.De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina bhfuil comheintiteas lonnaithe i mBallstát agus ina bhfuil máthaireintiteas deiridh lonnaithe i ndlínse tríú tír ina gcuirtear i bhfeidhm rialacha a mheastar a bheith coibhéiseach le rialacha na Treorach seo de bhun Airteagal 51, comhdóidh an comheintiteas nó an teintiteas áitiúil ainmnithe tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(a)an fhaisnéis uile is gá chun Airteagal 7 a chur i bhfeidhm, lena náirítear na nithe seo a leanas:

(i)céannacht na gcomheintiteas uile ina bhfuil leas úinéireachta ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát tráth ar bith le linn na bliana fioscaí agus struchtúr na leasanna úinéireachta sin;

(ii)an fhaisnéis uile is gá chun ráta cánach éifeachtach na ndlínsí ina bhfuil comheintitis a shainaithnítear faoi (i) ar seilbh ag máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát agus an cháin bhreisiúcháin atá dlite a ríomh; agus

(iii)an fhaisnéis uile is ábhartha chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagail 8, 9 agus 10;

(b)an fhaisnéis uile is gá chun Airteagal 12 a chur i bhfeidhm, lena náirítear na nithe seo a leanas:

(i)céannacht na gcomheintiteas uile atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis agus struchtúr na leasanna úinéireachta sin;

(ii)an fhaisnéis uile is gá chun ráta cánach éifeachtach dhlínse an mháthaireintitis agus an cháin bhreisiúcháin atá dlite a ríomh; agus

(iii)an fhaisnéis uile is gá chun an cháin bhreisiúcháin sin a leithdháileadh bunaithe ar fhoirmle leithdháilte RÍFTC a leagtar amach in Airteagal 13.

7.An tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus aon fhógra ábhartha, comhdófar iad le húdarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis an lae dheireanaigh sa bhliain fhioscach.

Airteagal 43
Roghnuithe

1.An roghnú dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 15(3), Airteagal 15(6), Airteagal 15(9), Airteagal 40(4) agus Airteagal 41(5), beidh sé bailí le haghaidh tréimhse 5 bliana, ó thús na bliana ina ndéantar an roghnú. Athnuafar an roghnú go huathoibríoch ach amháin má chúlghaireann an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú ag deireadh na tréimhse 5 bliana. Beidh cúlghairm an roghnaithe bailí ar feadh tréimhse 5 bliana, ó thús na bliana ina ndéantar an chúlghairm.

2.Beidh an roghnú dá dtagraítear in Airteagal 15(7), Airteagal 29(1) agus Airteagal 38(1) bailí ar feadh tréimhse bliana. Athnuafar an roghnú go huathoibríoch ach amháin má chúlghaireann an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú ag deireadh na bliana.

3.Déanfar an roghnú chuig údarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil an comheintiteas is comhdaitheoir lonnaithe.

Airteagal 44
Pionóis

1.    Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos i ndáil le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.    Comheintiteas nach gcomhlíonann an ceanglas i dtaca le tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú de bhun Airteagal 42 le haghaidh bliain fhioscach laistigh den sprioc-am a leagtar síos nó comheintiteas a dhéanann dearbhú bréagach, gearrfar pionós riaracháin airgid air arb ionann é agus 5 % dá láimhdeachas sa bhliain fhioscach ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an bpionós sin ach nuair nach soláthraíonn an comheintiteas an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin de bhun Airteagal 42, tar éis aon mheabhrúchán a eisítear, laistigh de 6 mhí.

CAIBIDIL IX
RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 45 
Tax attributes upon transition

1.Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn idirbhliain an chéad bhliain fhioscach a thagann grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.Chun críoch an Airteagail seo, is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le haitreabúidí cánach:

(a)sócmhainní cánach iarchurtha;

(b)dliteanais chánach iarchurtha; agus

(c)sócmhainní aistrithe.

3.Agus an ráta cánach éifeachtach á chinneadh le haghaidh dlínse in idirbhliain agus le haghaidh gach bliana fioscaí ina dhiaidh sin, cuirfidh an grúpa FIN san áireamh sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha a léirítear nó a nochtar i gcuntais airgeadais an chomheintitis i ndlínse le haghaidh na hidirbhliana.

Cuirfear sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha san áireamh ag an íosráta cánach nó ag an ráta cánach náisiúnta is infheidhme, pé acu is ísle. Maidir le sócmhainn cánach iarchurtha a fhabhraítear ag ráta cánach atá níos ísle ná an t‑íosráta cánach, áfach, féadfar í a chur san áireamh ag an íosráta cánach más féidir leis an gcáiníocóir a léiriú go bhfuil an tsócmhainn cánach iarchurtha inchurtha i leith caillteanas cáilitheach.

Tabharfar neamhaird ar thionchar aon choigeartaithe luachála nó aon choigeartaithe aitheanta cuntasaíochta i leith sócmhainn cánach iarchurtha.

4.Sócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn ó mhíreanna a eisiatar ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach i gcomhréir le Caibidil III, eisiafar ón ríomh dá dtagraítear i mír 3 iad i gcás ina ngintear na sócmhainní cánach iarchurtha sin in idirbhearta a dhéantar tar éis an 15 Nollaig 2021.

5.I gcás aistriú sócmhainní idir comheintitis tar éis an 15 Nollaig 2021 agus roimh thús idirbhliana, bunófar luach na sócmhainní a fuarthas ar an luach a bhí ag gabháil leis na sócmhainní aistrithe de réir leabhair an eintitis is aistritheoir tráth an aistrithe.

Airteagal 46
Faoiseamh idirthréimhseach le haghaidh an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint

1.Chun críoch Airteagal 27(3), cuirfear na luachanna a leagtar amach sa tábla seo a leanas in ionad an luacha 5 %:

2023

10 %

2024

9.8 %

2025

9.6 %

2026

9.4 %

2027

9.2 %

2028

9.0 %

2029

8.2 %

2030

7.4 %

2031

6.6 %

2032

5.8 %

2.Chun Airteagal 27(4) a chur i bhfeidhm, cuirfear na luachanna a leagtar amach sa tábla seo a leanas in ionad an luacha 5 %:

2023

8 %

2024

7.8 %

2025

7.6 %

2026

7.4 %

2027

7.2 %

2028

7.0 %

2029

6.6 %

2030

6.2 %

2031

5.8 %

2032

5.4 %

Airteagal 47
Eisiamh grúpaí FIN sa chéim thosaigh dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta ó RCI agus RÍFTC

1.An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), laghdófar go nialas é sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

2.I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(2), laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN sin d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

3.Measfar grúpa FIN a bheith sa chéim thosaigh dá ghníomhaíocht idirnáisiúnta má tá na nithe seo a leanas fíor ina thaobh:

(a)níl comheintitis aige i níos mó ná 6 dhlínse; agus

(b)iomlán an ghlanluacha de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN, seachas na comheintitis atá lonnaithe sa dlínse thagartha, níl an tiomlán sin níos mó ná EUR 50 000 000.

Chun críoch phointe (b), ciallaíonn dlínse thagartha an dlínse ina bhfuil an t‑iomlán is mó de luachanna sócmhainní inláimhsithe de réir na leabhar ag comheintitis an ghrúpa FIN sa bhliain fhioscach ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

4.An tréimhse 5 bliana fhioscacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an 1 Eanáir 2023.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 1 Eanáir 2024.

5.Cuirfidh an máthaireintiteas deiridh údarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe ar an eolas faoi thús na céime tosaigh dá ghníomhaíocht idirnáisiúnta.

Airteagal 48
Faoiseamh idirthréimhseach le haghaidh oibleagáidí comhdúcháin

D’ainneoin Airteagal 42(7), comhdófar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin agus na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 42 le húdarás fioscach na mBallstát tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis an lae dheireanaigh den bhliain fhioscach arb í an idirbhliain.

CAIBIDIL X
CUR I BHFEIDHM SONRACH RCI MAIDIR LE GRÚPAÍ NÁISIÚNTA MÓRSCÁLA

Airteagal 49
Grúpaí náisiúnta mórscála

Maidir le máthaireintiteas deiridh grúpa náisiúnta mórscála atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin RCI faoi Airteagal 5(2), mar a ríomhtar i gcomhréir le Caibidlí III, IV agus V, i leith a chomheintiteas ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí.

Airteagal 50
Rialacha idirthréimhseacha

1.An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49, laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana fhioscacha, ón gcéad lá den bhliain fhioscach a thagann an grúpa náisiúnta mórscála faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

2.Maidir le grúpaí náisiúnta mórscála a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana thuasluaite ar an 1 Eanáir 2023.

CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51
Measúnú ar choibhéis

1.An creat dlíthiúil a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse tríú tír, measfar é a bheith coibhéiseach le riail maidir le cuimsiú ioncaim a leagtar amach i gCaibidil II má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas leis:

(a)cuirtear tacar rialacha chun feidhme ar i gcomhréir leo a ríomhfaidh máthaireintiteas grúpa FIN a chion is in-leithdháilte den cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa FIN agus a bhaileoidh sé an cháin sin;

(b)bunaítear íosráta cánach éifeachtach de 15 % ar a laghad faoina meastar comheintiteas a bheith ina chomheintiteas ísealchánach;

(c)chun an tíosráta cánach éifeachtach a ríomh, ní cheadaítear ach ioncam eintiteas atá lonnaithe sa dlínse chéanna a chumasc; agus

(d)soláthraítear faoiseamh le haghaidh aon cháin bhreisiúcháin a íocadh i mBallstát agus an riail maidir le cuimsiú ioncaim a leagtar amach sa Treoir seo á cur chun feidhme.

2.Na dlínsí tríú tír ar cuireadh creat dlíthiúil chun feidhme ina ndlí náisiúnta, ar creat é is féidir a mheas a bheith coibhéiseach le riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim i gcomhréir le mír 1, áirítear na dlínsí sin i liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn.

3.Féadfar an liosta sin a mhodhnú mar thoradh ar mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh seo ar an gcreat dlíthiúil a cuireadh chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse tríú tír. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú agus déanfar i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 é. Tar éis an mheasúnaithe sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun an Iarscríbhinn a leasú.

Airteagal 52
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 51(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 51(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith don Chomhairle.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 53
Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, cuirfear in iúl di é má chuirtear aon agóid ina leith in iúl, nó má dhéanann an Chomhairle aisghairm ar tharmligean cumhachtaí.

Airteagal 54
Comhaontú déthaobhach maidir le hoibleagáidí tuairiscithe simplithe

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí tríú tír a liostaítear san Iarscríbhinn, chun creat a shocrú maidir leis na nósanna imeachta tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 42(6) a shimpliú.

Airteagal 55
Trasuí

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2022.

Cuirfidh na Ballstáit téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.

Cuirfidh siad na forálacha is gá chun Airteagail 11, 12 agus 13 a chomhlíonadh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 áfach.

Áireofar leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin tagairt don Treoir seo nó luafar tagairt den sórt sin ina bhfoilseachán oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 56
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 57
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    COM(2021) 251 final.
(2)

   Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lgh. 1-14).

(3)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le córas coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (athmhúnlaithe), COM/2011/0714 final - 2011/0314 (CNS).
(4)    Ciallaíonn sé sin na Ballstáit uile seachas an Chipir. Thug an Chipir le fios, áfach, nach bhfuil siad i gcoinne ábhar an Ráitis ón gCreat Cuimsitheach.
(5)    I dtéarmaí simplí, ciallaíonn córais cánach corparáide atá bunaithe ar dháileachán go gcuirtear cánachas ar bhrabúis siar go dtí go ndáiltear na brabúis trí bhíthin díbhinní nó ar bhealach éigin eile.
(6)    IO C , , lch. .
(7)    IO C , , lch. .
(8)    Conclúidí ón gComhairle 14767/21 an 7 Nollaig 2021
(9)    Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an Dé Máirt Dé Céadaoin 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse na cánach (IO L 146/8, 3.6.2016, lch. 4) [DAC 4].
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(11)    Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(12)    Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú
(13)    Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú

An Bhruiséil,22.12.2021

COM(2021) 823 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE
maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas




{SWD(2021) 580 final}


IARSCRÍBHINN: Liosta tríú tíortha ar deonaíodh coibhéis dóibh i gcomhréir le hAirteagal 51(2)

Rinneadh measúnú ar na dlínsí tríú tír seo a leanas chun freastal ar chreat dlíthiúil ar féidir é a mheas a bheith coibhéiseach le riail maidir le cuimsiú ioncaim:

1.[Stáit Aontaithe Mheiriceá]