An Bhruiséil,1.12.2021

COM(2021) 767 final

2021/0399(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Forais agus cuspóirí an togra

1.1.Forais an togra

Tháinig Treoir (AE) 2016/680 1 (An Treoir Maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí – LED) i bhfeidhm an 6 Bealtaine 2016 agus bhí go dtí an 6 Bealtaine 2018 ag na Ballstáit chun dlí náisiúnta a dhéanamh di. Leis sin rinneadh Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle 2 a aisghairm agus cuireadh í ina ionad. Tá a raon feidhme thar a bheith cuimsitheach, mar is é an chéad ionstraim lena nglactar cur chuige cuimsitheach i leith próiseáil sonraí maidir le forfheidhmiú an dlí. Baineann sé le próiseáil sonraí pearsanta intíre agus trasteorann ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, agus chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear cosaint ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc.

Ceanglaítear le hAirteagal 62(6) LED go ndéanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Bealtaine 2019, athbhreithniú ar ghníomhartha dlí eile an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Is é is cuspóir don athbhreithniú sin measúnú a dhéanamh ar an ngá lena n‑ailíniú le LED agus tograí a dhéanamh lena leasú chun go n‑áireofar comhsheasmhacht i gcosaint sonraí laistigh de raon feidhme LED.

Leag an Coimisiún amach torthaí a athbhreithnithe ina Theachtaireacht ar an mbealach chun tosaigh maidir leis an iarthríú colún de chorpas dlí an Aontais a ailíniú le rialacha cosanta sonraí (24 Meitheamh 2020) 3 , ina naithnítear na gníomhartha dlí ba cheart a ailíniú le LED. Áirítear ar an liosta sin Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, agus dá bharr sin thug an Coimisiún le fios go gcuirfeadh sé leasuithe spriocdhírithe chun tosaigh.

Faoi Airteagal 6 LED ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla idirdhealú soiléir idir sonraí pearsanta na gcatagóirí éagsúla ábhar sonraí, lena n‑áirítear:

·daoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann ina leith le creidiúint go ndearna siad cion coiriúil nó go bhfuil siad ar tí cion coiriúil a dhéanamh;

·daoine a ciontaíodh i gcion coiriúil;

·íospartaigh ciona choiriúil nó páirtithe eile i gcion coiriúil.

Faoi Airteagal 8(1) LED ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an phróiseáil dleathach. Ciallaíonn sé sin nach féidir le húdarás inniúil sonraí pearsanta a phróiseáil ach a mhéid is gá chun tasc a leagtar amach in LED a chomhlíonadh. Ceanglaítear le hAirteagal 8(2) LED nach mór a chur in iúl le dlí náisiúnta lena rialaítear próiseáil sonraí faoi raon feidhme LED, ar a laghad, aidhmeanna na próiseála, na sonraí pearsanta a phróiseálfar agus cuspóirí na próiseála.

Chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar bhealach éifeachtach, faisnéis a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha chun cionta sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí í a mhalartú ar bhealach éifeachtúil tráthúil idir na húdaráis inniúla agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ní mór malartú faisnéise den sórt sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt don cheart maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos le LED.

I gCinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta 4 , luaitear nach mór an fhaisnéis is iomláine agus is cothroime le dáta agus is féidir a bheith ann chun sceimhlitheoireacht a chomhrac. Roinntear níos mó faisnéise mar gheall a mharthanaí agus a chasta atá bagairt na sceimhlitheoireachta.

I bhfianaise an mhéid sin, an fhaisnéis ábhartha uile maidir le himscrúduithe coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a bhfuil tionchar acu ar dhá Bhallstát nó níos mó nó a d’fhéadfadh tionchar den sórt sin a bheith acu, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a eascraíonn as na himscrúduithe sin, foráiltear le Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle nach mór do na Ballstáit í a bhailiú agus a sheoladh chuig Europol 5 . An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le hionchúisimh agus le ciontuithe i gcionta sceimhlitheoireachta a bhfuil tionchar acu ar dhá Bhallstát nó níos mó nó a d’fhéadfadh tionchar den sórt sin a bheith acu, ní mór do na Ballstáit í a bhailiú agus a sheoladh chuig Europol freisin. Ní mór do gach Ballstát an fhaisnéis ábhartha uile a bhailíonn a údaráis inniúla in imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a chur ar fáil freisin. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil go pras do na húdaráis inniúla sna Ballstát eile ina bhféadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Is follasaí anois ná mar a bhí in 2005 an tábhacht a bhaineann le faisnéis a roinnt idir na Ballstáit agus a roinnt le Europol agus Eurojust. Le Treoir (AE) 2017/541 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac 6 leasaíodh Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle chun a áirithiú go roinnfear faisnéis idir na Ballstáit ar bhealach éifeachtach tráthúil, agus an bhagairt thromchúiseach a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta á cur san áireamh.

Le hAithris 7 de Chinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle aithnítear go gcomhlíonann an Cinneadh cearta bunúsacha agus go gcloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. In Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh sainítear mar cheart bunúsach go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Le hAirteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagtar síos an prionsabal go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint. Thairis sin, tugadh isteach le hAirteagal 16(2) CFAE bunús dlí sonrach maidir le rialacha a ghlacadh i dtaca le cosaint sonraí pearsanta.

Tá forbairt déanta ar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí ó glacadh Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle. Go háirithe, mar a luadh thuas, bunaithe ar Airteagal 16(2) CFAE, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle LED agus tháinig sé i bhfeidhm an 6 Bealtaine 2016. Is ionstraim chuimsitheach chothrománach cosanta sonraí é LED. Is rud tábhachtach é go mbaineann sé leis na hoibríochtaí próiseála uile a dhéanann údaráis inniúla chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (próiseáil intíre agus thrasteorann).

1.2.Cuspóir an togra

Is é is aidhm don togra Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a ailíniú leis na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos in LED chun a áirithiú go bhfuil cur chuige comhsheasmhach ann i leith na cosanta a thugtar do dhaoine i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas le hailíniú Chinneadh 2005/671/CGB:

·Go sonrach, maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, ní féidir í a dhéanamh ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra;

·Na catagóirí sonraí pearsanta is féidir a mhalartú, ba cheart iad a shainiú ar bhealach níos beaichte le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 8(2) LED, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais oibríochtúla na núdarás lena mbaineann.

1.3.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

An togra reatha le haghaidh Treorach, cuirtear san áireamh ann na leasuithe ar Chinneadh 2005/671/CGB a d’eascair as an togra le haghaidh Rialacháin maidir le malartú faisnéise digití i gcásanna sceimhlitheoireachta, togra a chuir an Coimisiún síos in éineacht leis an togra reatha. Is cuid de dhigitiú an phacáiste ceartais é an Rialachán atá beartaithe, pacáiste a d’ullmhaigh an Coimisiún i ndiaidh na Teachtaireachta maidir le Digitiú an Cheartais 7 . Nuair a ghlacfar é, na forálacha maidir le malartú faisnéise faoi chásanna sceimhlitheoireachta trasteorann a bhaineann le Eurojust, bainfear iad de Chinneadh 2005/671/CGB agus cuirfear isteach i Rialachán Eurojust (Rialachán (AE) 2018/1727 8 ) iad. Mar leasú iarmhartach, baineann sé freisin na tagairtí do Eurojust atá i gCinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle. Beidh gá le dlúthchomhar le linn an phróisis reachtaigh chun comhsheasmhacht na leasuithe atá sa Rialachán beartaithe sin agus atá sa Treoir reatha atá beartaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Tá ailíniú Chinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle le LED bunaithe ar Airteagal 16(2) CFAE. Le hAirteagal 16(2) CFAE is féidir rialacha a ghlacadh maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus iad i mbun gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a fhorghníomhú. Is féidir freisin rialacha a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta, lena n‑áirítear maidir le malartuithe sonraí a dhéanann údaráis inniúla laistigh den Aontas.

2.2.Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní féidir ach leis an Aontas gníomhartha an Aontais a ailíniú leis na rialacha a leagtar síos in LED. Mar sin, ní féidir ach leis an Aontas gníomh reachtach a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle.

2.3.Comhréireacht

Is é is aidhm don togra seo gníomh dlí an Aontais atá ann cheana a ailíniú le gníomh dlí an Aontais a thagann ina dhiaidh, de réir mar a fhoráiltear leis an dara ceann acu, gan athrú a dhéanamh ar a raon feidhme. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun na bunchuspóirí a bhaint amach, is é sin leibhéal ard cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta ar fud an Aontais , is gá rialacha a shocrú maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh. Áirítear leis sin cosaint ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc. Ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá á saothrú faoi Airteagal 5(4) CAE a bhaint amach. 

2.4.An rogha ionstraime

Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar Chinneadh ón gComhairle a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009. Ní ann a thuilleadh don bhunús dlí le Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, Airteagal 34(2)(c) CAE mar ab infheidhme in 2005. Le forálacha ábhartha Chinneadh 2005/671/CGB cuireadh oibleagáidí ar na Ballstáit ar nós Treorach seachas rialacha neamhspleácha a bheadh infheidhme go díreach. Mar sin, chun an Cinneadh seo ón gComhairle a leasú faoi Airteagal 16(2) CFAE, is é Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim is iomchuí.

3.Míniúchán ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra seo leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle maidir leis na pointí seo a leanas:

Chun cuspóirí phróiseáil na sonraí pearsanta a shainiú, le hAirteagal 1(2)(a) den togra, tabharfar isteach fomhír nua in Airteagal 2(3) den Chinneadh ón gComhairle, ina sonrófar go bpróiseálfar sonraí pearsanta chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

Chun na catagóirí sonraí a phróiseálfar a shainiú, le hAirteagail 1(2)(b) agus (c) den togra cuirtear fomhíreanna nua le hAirteagal 2 den Chinneadh ón gComhairle ina sonrófar, maidir le catagóirí na sonraí pearsanta is féidir a mhalartú le Europol, nach mór gurb iad na catagóirí atá sonraithe i Rialachán Europol agus, maidir leis na catagóirí sonraí pearsanta is féidir a mhalartú idir Ballstáit chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, gurb iad na catagóirí a shonraítear faoi na dlíthe náisiúnta faoi seach a bheidh iontu.

Ina theannta sin, chun Cinneadh ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí dlí ina dhiaidh sin, agus go háirithe chun a áirithiú go dtagraíonn an fhoráil leasaitheach thuas don ionstraim dlí cheart, leis an togra scriostar pointe (b) d’Airteagal 1 den Chinneadh ón gComhairle. Déanann an pointe (b) sin tagairt do Choinbhinsiún Europol. Ina ionad sin déanann na forálacha ábhartha den Chinneadh ón gComhairle, faoi mar a leasaíodh iad, tagairt do Rialachán Europol.

2021/0399 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 déantar foráil maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear cosaint ar bhagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Leis an Treoir, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha eile de dhlí an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leis na gníomhartha sin a ailíniú leis an Treoir sin agus chun na tograí a dhéanamh, más gá, leis na gníomhartha sin a leasú le cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a chosaint laistigh de raon feidhme na Treoracha sin.

(2)Le Cinneadh 2005/671/CGB 10 ón gComhairle leagtar síos rialacha sonracha maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta. Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, ba cheart an Cinneadh sin a leasú chun é a ailíniú le Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, leis an gCinneadh sin, ba cheart cuspóir na próiseála sonraí pearsanta a shonrú, ar bhealach atá comhsheasmhach le Treoir (AE) 2016/680, agus catagóirí na sonraí pearsanta is féidir a mhalartú a chur in iúl, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2016/680, agus an aird chuí á tabhairt ar riachtanais oibríochtúla na núdarás lena mbaineann.

(3)Ar mhaithe le soiléireacht, na tagairtí atá i gCinneadh 2005/671/CGB do na hionstraimí dlí lena rialaítear oibriú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá Cinneadh 2005/671/CGB ina cheangal ar Éirinn, agus dá bharr sin tá sí rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo.

(5)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(6)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus thug sé tuairim uaidh an XX/XX 20XX,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, scriostar pointe (b);

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Áiritheoidh gach Ballstát, maidir le sonraí pearsanta a phróiseálfar de bhun na chéad fhomhíre, nach bpróiseálfar iad ach chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.’

(b)i mír 4, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Na catagóirí sonraí pearsanta a tharchuirfear chuig Europol chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3, beidh siad fós teoranta do na catagóirí dá dtagraítear i Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794.’;

(c)i mír 6, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Na catagóirí sonraí pearsanta is féidir a mhalartú idir na Ballstáit chun na gcríoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad fós teoranta do na catagóirí atá sonraithe i Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794.’

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi cheann [bliain amháin tar éis a glactha] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(2)    Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint i gcreat an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).
(3)    COM(2020) 262 final.
(4)    Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lch. 22).
(5)    Tá faisnéis maidir le heagrú agus gníomhaíochtaí Europol ar fáil anseo: https://www.europol.europa.eu .
(6)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le digitiú an cheartais san Aontas Eorpach - Bosca uirlisí deiseanna, COM(2020) 710 final, 2.12.2020.
(8)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(9)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(10)    Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lch. 22).
(11)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).