AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.12.2021
COM(2021) 752 final
2021/0401(CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta sealadacha éigeandála ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.12.2021
COM(2021) 752 final
2021/0401(CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta sealadacha éigeandála ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Airteagal 78(3) CFAE a ghníomhachtú mar fhreagairt ar ionstraimiú imirceach ag teorainneacha seachtracha
Cuireadh i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021 nach‑nglacfaidh an tAontas Eorpach le haon iarracht a dhéanfaidh tríú tír imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil. Gheall na ceannairí go leanfaidís ar aghaidh leis an ionsaí hibrideach atá á sheoladh ag réimeas na Bealarúise a chomhrac. Mheabhraigh siad freisin gur gá filleadh éifeachtach agus cur chun feidhme iomlán na gcomhaontuithe agus na socruithe maidir le hathligean isteach a áirithiú, agus leas á bhaint as an ngiaráil is gá. Dúirt siad go raibh rún daingean i gcónaí ag an Aontas Eorpach rialú éifeachtach a áirithiú ar a theorainneacha seachtracha. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún aon athrú is gá ar chreat dlíthiúil an Aontais a mholadh agus mar aon le haon bheart nithiúil a mbeidh tacaíocht airgeadais leordhóthanach mar bhonn taca leo chun freagairt láithreach agus iomchuí a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha.
I bhfianaise na staide éigeandála atá os comhair na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne lena mbaineann rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha as tír isteach a d’ionstraimigh mBealarúis chun críoch polaitiúil, i measc na mbeart nithiúil atá á mbeartú, tá an Coimisiún ag tabhairt togra ar aghaidh le haghaidh bearta sealadacha éigeandála bunaithe ar Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Freagraíonn sé freisin d’iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann a bheith in ann brath ar bhearta sealadacha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar staid éigeandála na himirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Dá bhrí sin, is freagairt é sin ar an ionsaí hibrideach ar an Aontas Eorpach ina iomláine.
Chuir an Bhealarúis dúshlán roimh an Aontas, go háirithe an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn, agus mar thoradh air sin tháinig méadú as cuimse ar líon na dtrasnuithe neamhrialta teorann ón mBealarúis. Cé nach ndearnadh iarrachtaí ar bith le blianta beaga anuas na teorainneacha seachtracha a thrasnú go neamhdhleathach ón mBealarúis isteach san Aontas, ó bhí samhradh 2021 ann, tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha. Is éard atá sna gníomhaíochtaí sin ionsaí hibrideach a léiríonn iarracht dhiongbháilte géarchéim leanúnach a chruthú mar chuid d’iarracht chomhbheartaithe níos leithne chun an tAontas Eorpach a dhíchobhsú agus chun an bonn a bhaint den tsochaí agus de na príomhinstitiúidí. Tá na gníomhaíochtaí sin ina bhfíor-bhagairt agus ina mbaol do shlándáil an Aontais.
Is é cuspóir an togra tacú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta agus tacaíocht oibríochtúil is gá chun teacht isteach na ndaoine atá á n-ionstraimiú ag an mBealarúis a bhainistiú ar bhealach atá daonnúil, ordúil agus díniteach, agus lánurraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha. Comhlánaíonn an togra na hiarrachtaí taidhleoireachta agus na bearta eile a ghlac an tAontas chun freagairt don ionsaí hibrideach sin.
Mar thoradh ar ionstraimiú seo na n-imirceach ag an mBealarúis, tá staid thromchúiseach ann do na daoine sin i réigiún teorann an Aontais Eorpaigh-na Bealarúise. Tá géarchéim dhaonnúil ann mar gheall ar ghníomhaíochtaí na Bealarúise, agus tá roinnt básanna deimhnithe cheana féin. Is ar an mBealarúis atá an phríomhfhreagracht aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo. Tá sí faoi cheangal ag Coinbhinsiún na Ginéive, lena n-áirítear an prionsabal maidir le non-refoulement, agus chuaigh sé isteach sa Chomhshocrú Domhanda. Dá bhrí sin, cé go leanfaidh an tAontas de chabhair dhaonnúil a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar ar chríoch na Bealarúise, ní mór don Bhealarúis foráil a dhéanamh maidir le cosaint leordhóthanach do na dídeanaithe ar a críoch agus ní mór don Bhealarúis oibriú i gcomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) chuige sin. Tá an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ag obair go dlúth leis na Náisiúin Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí ábhartha um chearta an duine chun teacht chun cinn géarchéime daonnúla eile a chosc, agus i bhfianaise na ndálaí aimsire atá ag dul in olcas
I ngeall ar an ionstraimiú sin, in 2021 amhail ón 21 Samhain, chuaigh 7 831 náisiúnach tríú tír isteach i gcríocha na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne ón mBealarúis ar bhealach neamhúdaraithe, i gcomparáid le 257 le linn 2020 ar fad. Ina theannta sin, rinneadh 2 676 iarratas ar thearmann sa Liotuáin, 579 n-iarratas sa Laitvia agus 6 730 iarratas sa Pholainn. Ina theannta sin, chuir na trí Bhallstát cosc ar 42 741 iarracht an teorainn a thrasnú. Cé go mbeadh sé deacair meastachán beacht a thabhairt, d’fhéadfadh suas le 10 000 imirceach a bheith sáite sa Bhealarúis faoi láthair agus líon breise imirceach ag teacht isteach gach lá.
Mar thoradh air sin, tá an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn tar éis staid éigeandála a fhógairt. D’ainneoin iarrachtaí uile an Aontais agus na mBallstát, tá an staid ag dul in olcas i gcónaí. Tá náisiúnaigh tríú tír fós ag iarraidh dul isteach i gcríocha na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne ón mBealarúis agus, in ainneoin na bhfeabhsuithe atá ann faoi láthair, tá cúrsaí an-luaineach i gcónaí.
Tar éis don Liotuáin fógra a thabhairt i mí an Mheithimh, bhunaigh an Coimisiún sásra faireacháin rialta tríd an Líonra Ullmhachta Imirce agus Bainistithe Géarchéimeanna (‘an Gréasán um an Treoirphlean Imirce’) i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann le hImirce 1 . Laistigh den chreat sin, tá sonraí, faisnéis agus léargas roinnte idir na Ballstáit lena mbaineann, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin sonraí, nithe a thuairiscítear go rialta.
Tá an tAontas Eorpach ag tacú leis na Ballstáit a bhfuil réimeas na Bealarúise ag díriú orthu. Ó thús na géarchéime, tá an Coimisiún ag obair chun dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn a oibríochtú agus dheonaigh sé cúnamh airgeadais éigeandála EUR 36 mhilliún don Liotuáin i mí Iúil. De bhreis ar an EUR 360 milliún atá beartaithe do na Ballstáit sin faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) don tréimhse airgeadais atá i gceist, tá breisiú breise de thart ar EUR 200 milliún curtha ar fáil ag an gCoimisiún do 2021 agus 2022.
Ina theannta sin, chuir an Liotuáin an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh an 15 Iúil 2021, agus tá cúnamh á chomhordú ag an gCoimisiún ó 19 mBallstát. Tríd an Sásra, tá pubaill, leapacha, córais téimh agus earraí eile faighte ag an Liotuáin, nithe atá ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na n-imirceach atá i láthair ar chríoch na Liotuáine. Tá an rogha sin fós oscailte don Laitvia agus don Pholainn.
Gné thábhachtach eile is ea an tacaíocht oibríochtúil ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Arna iarraidh sin don Liotuáin, d’úsáid an Aontais cúnamh láithreach ó thús na géarchéime seo. Thug an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) tacaíocht oibríochtúil don Laitvia agus don Liotuáin chun cuidiú leo déileáil leis an ionstraimiú. Chuidigh EASO go háirithe le láimhseáil iarratas ar thearmann, le bainistiú glactha agus le hateangaireacht. Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus ag Europol freisin do na Ballstáit a d’iarr a gcúnamh. Go háirithe, d’imscar gníomhaireachtaí de chuid an Aontais saineolaithe chun rialú teorann agus bearta faisnéise a dhéanamh agus tá siad ag obair chun an acmhainn fillte a threisiú agus chun oibríochtaí um fhilleadh a chur i gcrích. Tá líon suntasach oibríochtaí um fhilleadh ann mar thoradh ar an tacaíocht sin cheana féin. Sa lá atá inniu ann, cuimsíonn an tacaíocht breis agus 111 gharda teorann, breis agus 82 shaineolaí tearmainn, agus beirt aoi-oifigeach Europol. Is féidir leis na gníomhaireachtaí leanúint de thacaíocht oibríochtúil a mhéadú agus tá sé tábhachtach go mbainfidh na trí Bhallstát lánúsáid as an tacaíocht sin.
Tacaíodh leis an tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil sin le gníomhaíochtaí beartais eachtraigh atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú imirceach agus ar an líon imirceach atá ag teacht isteach a chiorrú agus a rinneadh i gcomhthéacs na leamhsháinne leanúnaí leis an mBealarúis tar éis na dtoghchán calaoiseach uachtaránachta i mí Lúnasa 2020, agus tar éis do réimeas Lukashenko brú faoi chois leathan agus méadaithe a dhéanamh i gcoinne a mhuintire féin agus eitilt Ryanair a thabhairt i dtír go héigeantach. Chomh maith leis an bpacáiste cuimsitheach de smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais agus an cosc ar eitiltí trí aerspás an Aontais agus an cosc ar rochtain ar aerfoirt an Aontais atá curtha i bhfeidhm maidir le hiompróirí na Bealarúise mar fhreagairt ar na toghcháin chalaoiseacha mar aon le hatreorú na heitilte Ryanair, tá bearta breise glactha ag an Aontas mar fhreagairt shonrach ar ionstraimiú imirceach ag an mBealarúis. An 9 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis i ndáil le hEisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí go páirteach. An 15 Samhain 2021, rinne an Chomhairle leasú ar chóras smachtbhannaí an Aontais maidir leis an mBealarúis, agus is féidir leis an Aontas anois díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha an Aontais. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil freisin maidir leis an gcúigiú pacáiste liostuithe. An 23 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún togra chun gníomhaíochtaí oibreoirí iompair a dhéanann smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine isteach san Aontas a chosc agus a shrianadh.
Tá dianiarrachtaí taidhleoireachta déanta ag an gCoimisiún, ag an Ardionadaí don Bheartas Eachtrach agus Slándála agus ag na Ballstáit maidir leis na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais chun teacht isteach breise náisiúnach ó na tíortha sin tríd an mBealarúis a chosc. Áirítear leis sin for-rochtain le tríú tíortha chun cur i gcoinne bhréagaisnéis na Bealarúise, agus tacaíocht a fháil chun a náisiúnaigh féin a chur ar ais agus a athligean isteach. Áiríodh leis an bhfor-rochtain freisin teagmháil dhíreach le haerlínte agus le húdaráis eitlíochta sibhialta chun bealaí a fhiosrú conas taisteal neamh-bona fide chuig an mBealarúis a theorannú.
Tá torthaí tapa ar na bearta sin, ach tá cúrsaí ag an teorainn an-leochaileach i gcónaí agus leanann an Bhealarúis d’imircigh a ionstraimiú, imircigh atá fós ag teacht go dtí teorainneacha seachtracha an Aontais. Tá aireachas agus ullmhacht chun freagairt go tapa d’fhorbairtí nua ríthábhachtach.
Chomh maith le leanúint de chúnamh oibríochtúil agus airgeadais a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart don Aontas na huirlisí dlí is gá a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann chun freagairt go tapa chun an tslándáil náisiúnta slándáil an Aontais a chosaint. Ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar bhearta an Aontais agus bearta na mBallstát lena mbaineann. Faoi Airteagal 78(3) CFAE, tá lánrogha leathan ag an gComhairle maidir leis na bearta a roghnóidh sí má fhreagraíonn siad sin go mear agus go héifeachtúil d’éigeandálaí ar leith. Is féidir na bearta sin a fhorbairt agus a oiriúnú má fhanann siad sealadach.
Leis na bearta a áirítear sa togra seo, ceadaítear do na Ballstáit lena mbaineann an staid a bhainistiú ar bhealach rialaithe éifeachtach agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta mar a cuireadh i dtábhacht san iarraidh ón gComhairle Eorpach ar an gCoimisiún.
Téann na forálacha níos faide ná na forálacha dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn i gcás ina dtagann líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát isteach agus is é is aidhm do na forálacha sin freastal ar staid shonrach ionstraimiú na n-imirceach, gan an bonn a bhaint den cheart chun tearmainn ná de phrionsabal an non-refoulement.
Níor ceapadh forálacha na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn chun déileáil le cásanna ina bhfuil sláine agus slándáil an Aontais faoi ionsaí de dheasca ionstraimiú imirceach. Ar an gcúis sin, leagtar síos leis an togra seo nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn a bheidh curtha in oiriúint do riachtanais na mBallstát lena mbaineann sa staid reatha. An nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn agus na bearta eile atá sa Chinneadh seo, is é is aidhm dóibh cuidiú leis na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun freagairt go héifeachtach do ghníomhaíochtaí naimhdeacha an tríú tír i gcomhréir le luachanna bunúsacha an Aontais.
Tá an faireachas ar theorainneacha treisithe ag an Liotuáin, ag an Laitvia agus ag an bPolainn mar aon le bearta rialaithe teorann eile chun sláine agus slándáil an Aontais a chosaint. Ina theannta sin, ní mór dóibh na náisiúnaigh tríú tír a shroicheann a dteorainneacha a bhainistiú. Mar chuid de na bearta sin agus i ngeall ar na cúinsí atá ann faoi láthair, ní mór do na Ballstáit sin teorainn a chur leis an líon pointí trasnaithe teorann atá ar oscailt agus tá líon suntasach gardaí teorann imscartha acu feadh na teorann glaise.
Na bearta a áirítear sa Chinneadh seo, is bearta de chineál sealadach urghnách eisceachtúil iad, agus comhlánóidh siad bearta rialaithe teorann le bearta sonracha i réimse an tearmainn agus an fhillte. I bhfianaise na staide reatha agus ag cur san áireamh go bhfuil torthaí le feiceáil cheana ó ghníomhaíochtaí comhbheartaithe an Aontais chun an líon daoine atá ag teacht isteach a laghdú, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin ar feadh tréimhse sé mhí. Meastar gur leor an tréimhse sin chun gur féidir leis na Ballstáit lena mbaineann an staid eisceachtúil seo a bhainistiú go héifeachtach. Sula rachaidh an tréimhse sé mhí sin in éag, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú rialta ar chúrsaí agus féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle fad a chur le cur i bhfeidhm bhearta an togra seo nó iad a aisghairm.
An nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn arna bhunú leis an togra seo, déantar foráil maidir le forálacha sonracha nós imeachta i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh, le sprioc-amanna clárúcháin níos faide agus leis an bhféidearthacht cinneadh a dhéanamh ag an teorainn nó ag crios idirthurais faoi inghlacthacht nó substaint gach iarratais, seachas i gcás nach féidir freastal ar leochaileachtaí sonracha. Foráiltear ann freisin d’fhorálacha sonracha maidir le cur ar ais agus dálaí glactha ábharacha. Tá sraith coimircí ag gabháil leis na bearta sin. I ngach gné eile, tá feidhm ag an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, agus go háirithe na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II den Treoir.
Áirítear sa togra freisin Caibidil maidir le tacaíocht oibríochtúil i bhfianaise go bhféadfaí cur leis an tacaíocht ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna iarraidh sin do na trí Bhallstát lena mbaineann.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a glacadh i mí Mheán Fómhair 2020 agus leis na tograí reachtacha a ghabhann leis.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhsheasmhach leis an ngá atá ann leanúint de bhrú laghdaithe a chur maidir le himircigh neamhrialta agus teorainneacha seachtracha láidre a choinneáil i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach a leagtar amach sa Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Comhlánaíonn sé Cód Teorainneacha Schengen agus an t-athchóiriú maidir le Schengen atá ar na bacáin, ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún creat buan a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionstraimithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn san Aontas amach anseo. Is é is aidhm dó freisin gluaiseachtaí ar aghaidh na n-imirceach neamhrialta agus an strus i limistéar Schengen a laghdú. Tugtar aghaidh éifeachtach ar fhilleadh agus ar athligean isteach atá gasta agus éifeachtach i gcás ionstraimithe, i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce a leagtar amach sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail bearta sriantacha de chuid an Aontais, agus ba cheart é a úsáid i gcomhthráth le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais freisin. Tá an togra seo ina chuid de thacar cuimsitheach de ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun an t-ionsaí hibrideach agus an brú imirce ag teorainneacha an Aontais a cruthaíodh go saorga a chomhrac.
2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Achoimre ar na bearta
(1)An nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn ag na teorainneacha seachtracha
Agus ionsaí hibrideach os a gcomhair, cuireadh iallach ar an Laitvia, ar an Liotuáin agus ar an bPolainn srian a chur leis an trácht teorann a mhéid is féidir trí theorainn a chur leis an líon pointí trasnaithe teorann atá ar oscailt d’fhonn teacht isteach neamhúdaraithe a chosc agus a slándáil náisiúnta agus a n-iomláine chríochach a chosaint.
Mar sin féin, tá go leor imirceach sáinnithe fós i gcríoch na dtrí Bhallstát lena mbaineann agus tá an staid fós luaineach ar thaobh na Bealarúise den teorainn, áit a bhfuil imircigh fós ag teacht isteach go neamhrialta. Chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú leis na bearta rialaithe teorann a bhaineann leis an staid éigeandála atá ann faoi láthair agus chun ligean don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn rabharta reatha a bhainistiú ach mar aon leis sin, na daoine atá ina gcríocha cheana féin a bhainistiú, bunaítear leis an togra seo nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn maidir le náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar nó a fhaightear i gcóngar na teorann leis an mBealarúis tar éis dul isteach neamhdhleathach nó tar éis dóibh iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann.
(a)Nós imeachta tearmainn ag na teorainneacha seachtracha
Is iad seo a leanas príomhghnéithe an nós imeachta seo:
·An deis a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann iarratas ar thearmann a chlárú agus an deis a thairiscint an t-iarratas a thaisceadh go héifeachtach ag pointí sonracha clárúcháin atá suite i gcóngar na teorann lena n-áirítear na pointí trasnaithe teorann arna n-ainmniú chun na críche sin
Faoin nós imeachta sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a bheith in ann é a chur de cheangal go ndéanfaí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh ag pointí clárúcháin sonracha atá suite i gcóngar na teorann, agus d’fhéadfadh na pointí trasnaithe teorann arna n-ainmniú chun na críche sin a bheith san áireamh iontu freisin. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí an rabharta a bhainistiú ar bhealach níos ordúla agus tá sé i gcomhréir freisin leis na deiseanna atá á dtairiscint cheana féin leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
Faoi Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, féadfaidh Ballstát é a chur de cheangal go dtaiscfear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta in áit ainmnithe. Mar sin féin, ní shonraítear sa Treoir an áit ina ndéanfar an clárú. An t-aon cheanglas in Airteagal 6(1) den Treoir is é nach mór an t-iarratas a chlárú nuair a dhéanann duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit pointí sonracha clárúcháin a ainmniú mar an áit chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh, agus féadfar pointí trasnaithe teorann a bheith san áireamh iontu. Faoi Airteagal 6(2), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deis éifeachtach ag iarratasóirí iarratas a thaisceadh a luaithe is féidir. Ar an gcúis sin, agus chun fíor-rochtain éifeachtach ar an nós imeachta tearmainn a áirithiú, ní mór don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn a áirithiú go ndéanfar líon leordhóthanach pointí clárúcháin, lena n-áirítear pointí trasnaithe teorann, a ainmniú agus a oscailt chun na críche sin agus go bhfaighidh na hiarratasóirí faisnéis faoi shuíomh na bpointí is gaire inar féidir a n-iarratas a thaisceadh.
·Síneadh suas le ceithre seachtaine curtha leis an sprioc-am clárúcháin
Foráiltear leis an nós imeachta sonrach tearmainn ag na teorainneacha seachtracha go mbeadh sprioc-am clárúcháin suas le ceithre seachtaine ag dul do na hiarratais sin ar chosaint idirnáisiúnta (seachas an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn lena socraítear trí nó sé lá agus i gcás uas-rabharta suas le 10 lá).
D’fhéadfadh sé go mbeadh an tsolúbthacht sin ag teastáil ón Laitvia, ón Liotuáin agus ón bPolainn chun freagairt go héifeachtach do ghníomhaíochtaí naimhdeacha na Bealarúise, agus e á chur ar a gcumas do na tíortha sin an rabharta tobann a bhainistiú i bhfianaise staid an ionstraimithe agus an ionsaí hibridigh ón mBealarúis.
I bhfianaise an chur isteach agus na hidirghabhála tobainne atá á ndéanamh ag an mBealarúis, rud nárbh fhéidir a thuar, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann acmhainní a chlaonadh chun a n-iomláine chríochach a chosaint chomh maith leis na náisiúnaigh tríú tír a shroicheann a dteorainneacha a bhainistiú. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ó na Ballstáit lena mbaineann chun a gcuid acmhainní a atheagrú agus chun a n-acmhainneacht a mhéadú, lena n-áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais.
Má bhaineann na Ballstáit úsáid as an sprioc-am clárúcháin níos faide, tabharfaidh siad tosaíocht do chlárú agus do scrúdú na n-iarratas sin a mbeadh bunús maith leo nó a thaiscfidh mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh.
·An deis an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm ag an teorainn maidir le gach iarratas
Agus cúrsaí mar atá, ba cheart na bearta a bheith ina dtacú leis na Ballstáit lena mbaineann a n-iomláine chríochach a chosaint agus cosc a chur ar theacht isteach daoine nach gcomhlíonann coinníollacha iontrála, agus na cearta bunúsacha á gcosaint an tráth céanna. Leis an deis scrúdú a dhéanamh ar iarratas ag an teorainn gan cead dul isteach sa chríoch a údarú i gcomhréir le hAirteagal 43 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, tá cosaint den sórt sin ann, ach faoi na rialacha atá ann faoi láthair, ní fhéadfar scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais na n-iarratas i nós imeachta teorann ach amháin i sraith theoranta imthosca. Cé go bhféadfadh an cás a bheith amhlaidh faoi choinníollacha áirithe i gcás iarratasóirí a tháinig isteach sa chríoch go neamhdhleathach, leis an gCinneadh seo leathnaítear an deis sin chun na hiarratasóirí uile a chumhdach trí gan aon chatagóir iarratasóirí a cur as an áireamh.
Leis an togra seo agus faoin nós imeachta tearmainn sonrach, ceadaítear don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn an nós imeachta teorann brostaithe a chur i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht agus substaint gach iarratais, seachas i gcás nach féidir tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d’iarratasóirí a bhfuil fadhbanna sláinte ar leith acu. Cuirfidh an beart seo teorainn leis an deis don Bhealarúis díriú ar ionstraimiú náisiúnach tríú tír nach féidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir leo. Mar a fhoráiltear sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus mar a luaitear go sainráite sa togra seo, tá feidhm ag prionsabail bhunúsacha agus ag ráthaíochtaí Chaibidil II den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn le linn an nós imeachta teorann chun a áirithiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin a iarrann cosaint idirnáisiúnta, agus an ceart chun tearmainn agus urraim do phrionsabal an non-refoulement á choinneáil an tráth céanna. Thairis sin, áirítear sa togra tosaíocht éigeantach a thabhairt d’éilimh a bhfuil bunús maith leo agus do theaghlaigh agus leanaí.
Ina theannta sin, féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn síneadh a chur le ré an nós imeachta teorann go ceann sé seachtaine déag. Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas laistigh de na sé seachtaine déag sin, lena n-áirítear cinneadh maidir le hachomharc a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne cinneadh riaracháin. Rud is cosúil leis an síneadh a chur leis an sprioc-am clárúcháin thuasluaite, is féidir fad níos faide a mheas maidir leis an nós imeachta teorann chun cuidiú leis na Ballstáit i ndáil le hionstraimiú imirceach, i bhfianaise chineál agus nádúr tobann ghníomhaíocht na Bealarúise. D’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ó na Ballstáit lena mbaineann chun a gcuid acmhainní a atheagrú agus chun a n-acmhainneacht a mhéadú, lena n-áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, an líon cásanna a bheidh le próiseáil sa nós imeachta teorann, beidh sin níos mó ná mar a bhíonn faoi ghnáth-imthosca (mar is féidir, i bprionsabal, na hiarratasóirí uile a bheith faoina réir). Dá bhrí sin, cuideoidh an síneadh sin leis an mBallstát an ficsean neamhiontrála a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse níos faide agus foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh solúbthachta chun déileáil leis an ualach oibre méadaithe.
Féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach in Airteagal 46(6) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn a leathnú freisin chun gach nós imeachta teorann a chumhdach, rud a ligfidh do na Ballstáit éifeacht fionraíochta uathoibríoch achomhairc a theorannú agus, ina ionad sin, an chumhacht a thabhairt do chúirt nó do bhinse breithiúnas a thabhairt an bhféadfaidh an t-iarratasóir fanacht ar an gcríoch, ar choinníoll go n-urramaítear na ráthaíochtaí faoi Airteagal 46(7) agus Airteagal (8), nó nach bhféadfaidh.
I bhfianaise na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, agus i gcomhthéacs an nós imeachta tearmainn ag an teorainn freisin, níor cheart iarratasóirí a choinneáil ach mar rogha dheireanach, i gcás nach féidir bearta leordhóthanacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach sin a chur i bhfeidhm i gcás sonrach. Dá bhrí sin, ní thabharfar le tuiscint leis an nós imeachta tearmainn go gcoinneofar iarratasóirí ar bhealach córasach. Chun ligean d’iarratasóirí leochaileacha tairbhe a bhaint as a gcearta agus i gcás nach n-áirithíonn sláinte an iarratasóra go ndéanfar scrúdú ar an iarratas ag an teorainn nó ag na criosanna idirthurais leis an tacaíocht is gá, ní chuirfidh an Laitvia, an Liotuáin ná an Pholainn an nós imeachta teorann i bhfeidhm.
(b)Coinníollacha glactha ábharacha – An fhéidearthacht gan ach bun-riachtanais a chumhdach
I gcás ionstraimithe ina dtagann náisiúnaigh tríú tír isteach go tobann, d’fhéadfadh sé a bheith deacair ar an mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le coinníollacha glactha ábharacha. Mar sin féin, ní mór don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn a áirithiú go n-urramófar ráthaíochtaí daonnúla bunúsacha dá ndéanfaí aon ghníomhaíocht, amhail bia, uisce, éadaí, cúram leighis leordhóthanach, cúnamh do dhaoine leochaileacha agus dídean shealadach a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tíortha ar a gcríoch, mar a leagadh amach freisin ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in orduithe uaithi le déanaí maidir le bearta eatramhacha i ndáil leis na Ballstáit sin.
Le hAirteagal 18(9) den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha ceadaítear don Bhallstát, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi choinníollacha áirithe, módúlachtaí a shocrú le haghaidh coinníollacha glactha ábharacha atá éagsúil leo sin dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, má chumhdaítear bunriachtanais in aon chás. Leis an togra seo, leathnaítear an deis coinníollacha glactha ábharacha éagsúla a shocrú sa staid reatha ina n-ionstraimítear imircigh, ar choinníoll go gcumhdaítear na bunriachtanais, lena n-áirítear dídean shealadach, bia, uisce, éadaí, cúram leighis leordhóthanach, cúnamh do dhaoine leochaileacha, agus lánurraim á tabhairt don cheart chun dínit an duine.
(c)Nós imeachta maidir le filleadh ag na teorainneacha seachtracha
Chun cuidiú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn déileáil leis an rabharta reatha de náisiúnaigh tríú tír, áirítear sa togra an deis maolú ó chur i bhfeidhm Threoir 2008/115/CE maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 2 den togra seo. I ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is féidir leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn foráil Airteagal 2(2)(a) den Treoir um Fhilleadh a chur i bhfeidhm. Is é is aidhm don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 3 den togra seo sásra a bhunú atá cosúil leis an maolú a leagtar amach in Airteagal 2(2)(a) den Treoir um Fhilleadh, go sonrach maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 2 den togra seo.
(d)Coimircí breise
Áirithítear leis an togra go bhfuil socruithe ann lena ndaingnítear an ceart chun cosaint a iarraidh ar bhealach fíor agus éifeachtach trína áirithiú go bhfuil go leor suíomhanna ann inar féidir le hiarratasóirí an t-iarratas ar thearmann a chur isteach go foirmiúil. Chun rochtain ar an nós imeachta tearmainn a ráthú, déanfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a chur ar an eolas go cuí i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé, faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm, faoi na pointí ag ar féidir leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a chur isteach, go háirithe suíomh an phointe is gaire ag ar féidir leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach, faoin deis achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas, agus faoi fhad na mbeart.
(2)Tacaíocht oibríochtúil ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais
Ós rud é go bhféadfadh tionchar níos leithne a bheith ag gníomhaíochtaí na Bealarúise go héasca ar na Ballstáit chomharsanacha agus ar an Aontas Eorpach (nó go mbeadh sé sin mar chuspóir ag na gníomhaíochtaí sin fiú), is gá foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna chun tacaíocht a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais. Má iarrann an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn tacaíocht ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ba cheart do na gníomhaireachtaí tosaíocht a thabhairt dá dtacaíocht oibríochtúil. B’amhlaidh an cás go háirithe i gcás na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO) a d’fhéadfadh cuidiú chun na hiarratais a chlárú agus a phróiseáil, chun a áirithiú go ndéanfar imircigh leochaileacha a scagadh, chun tacú le bainistiú, dearadh agus cur i bhfeidhm caighdeán leordhóthanach maidir le saoráidí glactha; nó i gcás Frontex chun tacú le gníomhaíochtaí rialaithe teorann, lena n-áirítear oibríochtaí scagtha agus fillte, nó i gcás Europol chun faisnéis a chur ar fáil.
(3)Forálacha eile
Áirítear sa togra freisin forálacha maidir le comhar, idir an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, chomh maith leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit leanúint de shonraí agus staidreamh ábhartha a thuairisciú tríd an nGréasán um Ullmhacht don Imirce agus um Bainistiú Géarchéime, agus chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar chúrsaí. Tá foráil ann freisin maidir leis an raon feidhme pearsanta, rud a chinntíonn go gcumhdófar daoine a tháinig roimh an gCinneadh seo, ach fós i gcomhthéacs ionstraimithe atá faoi chaibidil, agus nach bhfuil a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta cláraithe fós nó nár cuireadh tús leis an nós imeachta maidir le filleadh, agus go mbainfidh siad tairbhe as forálacha an Chinnidh. Áiritheofar leis sin deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht do na náisiúnaigh tríú tír sin maidir leis na rialacha nós imeachta is infheidhme. Tugann roinnt aithrisí aghaidh ar an ngeoiméadracht athraitheach, maidir le rannpháirtíocht na hÉireann agus na Danmhairge sa Chinneadh seo. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit lena mbaineann scor d’aon bheart mura bhfuil an staid éigeandála ann a thuilleadh.
•Bunús dlí
Áirítear sa togra seo bearta sealadacha ar mhaithe leis na trí Bhallstát (an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn) a bhfuil staid éigeandála ag bagairt orthu agus a bhfuil rabharta tobann náisiúnach tríú tíortha mar chuid di, staid a cruthaíodh trí imircigh a ionstraimiú. Féadfaidh na bearta tacaíochta sealadacha is gá dul níos faide ná an Comhchóras Eorpach Tearmainn. Dá bhrí sin, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, is é Airteagal 78(3) CFAE an bunús dlí iomchuí don Chomhairle chun na bearta sealadacha sin a ghlacadh.
De réir dhlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 2 , tá an coincheap maidir le ‘bearta sealadacha’ de réir bhrí Airteagal 78(3) CFAE leathan go leor chun na bearta sealadacha go léir is gá a ghlacadh chun freagairt go héifeachtach agus go tapa do staid éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann náisiúnach tríú tíortha, rud a cruthaíodh trí imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil. Féadfar, i bprionsabal, maolú ar fhorálacha gníomhartha reachtacha leis na bearta sin. I gcoitinne, tá lánrogha leathan ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle maidir leis na bearta a roghnóidh siad má fhreagraíonn siad sin go mear agus go héifeachtúil d’éigeandálaí ar leith. Is féidir na bearta sin a fhorbairt agus a oiriúnú má fhanann siad sealadach 3 .
Dá bhrí sin agus i gcomhréir leis an dlí-eolaíocht sin, áirítear sa togra bearta sealadacha sonracha sna réimsí a rialaítear leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (i ndáil le clárú, taisceadh foirmiúil agus an nós imeachta teorann), an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus an Treoir um Fhilleadh, lena ngabhann na coimircí is gá chun cearta bunúsacha a urramú, agus bearta tacaíochta oibríochtúla ó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh chun tairbhe na mBallstát lena mbaineann, agus arna iarraidh sin dóibh.
•Coimhdeacht
Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na gcúrsaí sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.
Maidir le cás ina bhfuil sláine críche agus slándáil na mBallstát i mbaol toisc go bhfuil náisiúnaigh tríú tír ag teacht isteach go tobann toisc go bhfuil tríú tír ag gabháil go gníomhach d’éascú teacht isteach na náisiúnach tríú tír sin, ba cheart é a mheas go bhfuil tionchar aige sin ar an Aontas ina iomláine agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le réitigh AE agus tacaíocht ón Aontas. Is gá do na Ballstáit uile freagairt go tapa agus tacaíocht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann.
Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun na cuspóirí sin a ghnóthú ós rud é gur de chineál trasteorann iad. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun fhreagairt go sásúil don ghá le cur chuige coiteann an Aontais i leith fadhb choiteann.
Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige comhchoiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n-aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, leagtar amach sa Chinneadh beartaithe seo na coinníollacha beachta faoi nuair is féidir rialacha sonracha maidir le nós imeachta tearmainn a chur i bhfeidhm agus déantar foráil ann i ndáil le raon feidhme agus teorainn ama na rialacha sin a chur i bhfeidhm, agus na coimircí riachtanacha.
Gnéithe uile na mbeart atá beartaithe chun déileáil le staid shonrach an ionstraimithe imirceach, tá siad teoranta don mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann an cás a bhainistiú ar bhealach ordúil éifeachtach agus, an tráth céanna, cóir chomhionann a áirithiú i dtéarmaí cearta agus ráthaíochtaí d’iarratasóirí. Tá fad na mbeart sin teoranta ó thaobh ama freisin dá bhfuil fíor-riachtanach chun cur ar a gcumas do na Ballstáit lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar seo a chuireann a slándáil nó a n-iomláine chríochach i mbaol.
Leis an togra, bunaítear coimircí chun na maoluithe a chur i bhfeidhm. Moltar na bearta sin in éineacht le bearta eile agus nuair atá toradh ag teacht as na bearta beartais eachtraigh chun cuidiú leis na Ballstáit lena mbaineann an cúrsaí a bhainistiú, go háirithe i bhfianaise líon suntasach na náisiúnach tríú tír atá fós ag teacht isteach sna trí Bhallstát sin ón mBealarúis, agus ós rud é go bhfuil líon suntasach imirceach fós sáinnithe ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis. Molann an Coimisiún iad mar ábhar práinne agus mar bhearta de chineál urghnách agus eisceachtúil a bheidh teoranta ó thaobh ama de.
Na bearta sonracha maidir leis na gnéithe sin a rialaítear leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus leis an Treoir um Fhilleadh, tá siad comhréireach, agus tá roinnt coimircí curtha i bhfeidhm a bhaintear cothromaíocht amach idir riachtanais láithreacha na mBallstát lena mbaineann chun an t-ionstraimiú agus an chosaint is gá do náisiúnaigh tríú tíortha atá á n-ionstraimiú a bhainistiú.
•An rogha ionstraime
Éilíonn bunús dlí Airteagal 78(3) CFAE don togra seo Cinneadh ón gComhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear leis an togra seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta.
An creat lena ndéantar foráil maidir leis sa Chinneadh seo, cuirfear i bhfeidhm é in urraim iomlán do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt iad, lena n-áirítear an ceart chun dínit an duine (Airteagal 1), toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4), an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18), toirmeasc ar ionnarbadh comhchoiteann agus an chosaint ó refoulement (Airteagal 19(1) agus (2)), an ceart chun neamh-idirdhealú (Airteagal 21), prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná (Airteagal 23), cearta an linbh (Airteagal 24) agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagal 47). Cuirtear riachtanais speisialta daoine leochaileacha san áireamh go hiomlán sa togra seo. Tabharfaidh údaráis inniúla tús áite do na coimircí a chuirtear ar fáil do leanaí agus do dhaoine leochaileacha i dTreoir 2013/33/AE maidir le Coinníollacha Glactha.
Cosnaítear an ceart chun saoirse agus saoirse gluaiseachta ós rud é, má úsáidtear an choinneáil i gcomhthéacs an nós imeachta teorann maidir le tearmann nó i réimse an fhillte, nach féidir rialacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcreat a ndéantar dianrialú air agus ar feadh tréimhse teoranta. Faoi Airteagal 26(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis gur iarratasóir é nó í agus ar an gcúis sin amháin. Déantar tagairt san fhoráil chéanna d’Airteagal 8 den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha i ndáil le forais agus coinníollacha coinneála. I gcomhréir le hAirteagal 8(3)(c) den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, féadfar iarratasóir a choinneáil chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs nós imeachta, maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch. Foráiltear in Airteagal 8(2) freisin nach féidir leis na Ballstáit iarratasóir a choinneáil ach amháin mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach sin – amhail srianta ar shaoirse gluaiseachta faoi Airteagal 7 – a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Prionsabal an non-refoulement a chumhdaítear in Airteagal 33 de Choinbhinsiún 1951 maidir le Dídeanaithe agus in Airteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, urramaítear é nuair a chuirtear maoluithe ón Treoir um Fhilleadh i bhfeidhm. Meabhraítear sa togra go sainráite go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit an prionsabal sin a urramú i gcónaí chun a n-oibleagáid faoi rialú teorainneacha a chomhlíonadh. Agus prionsabal an non-refoulement á urramú, áirítear ann measúnú ar cibé acu an bhfuil baol géarleanúna, céastóireachta nó íde mídhaonna nó táirí nó baol refoulement slabhra ann, nó nach bhfuil.
A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an nós imeachta teorann maidir le tearmann, agus leis an maolú ón Treoir um Fhilleadh, tá feidhm fós ag na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí a thugtar leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus leis an Treoir um Fhilleadh, feidhm a bhaineann le hiarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann. Thairis sin, áirítear sa togra tosaíocht éigeantach a thabhairt d’éilimh a bhfuil bunús maith leo agus do theaghlaigh agus leanaí. Is chun tairbhe na n-iarratasóirí sin go ndéanfar cinneadh maidir lena n-iarratais tearmainn a luaithe is féidir. Ráthaítear leis an togra an ceart chun leighis éifeachtaigh, lena n-áirithítear go mbeidh sé de chumhacht ag na Cúirteanna a rialú cibé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hachomharc agus go mbeidh an ceart aige/aici chun cur ar chumas iarratasóra iarratais den sórt sin a dhéanamh chuig na Cúirteanna.
3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA
•Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise
Ullmhaíodh an togra mar ábhar práinne. Is féidir leis brath ar an obair a rinneadh mar ullmhúchán don ghéarchéim agus don togra force majeure i gcomhthéacs an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus ar fhaisnéis a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil le linn an phróisis comhairliúcháin ó thosaigh an bhagairt hibrideach i samhradh 2021.
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus Bailiú agus úsáid an tsaineolais
Ó thosaigh an bhagairt hibrideach i samhradh 2021, tá an Coimisiún ag dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir le an gcaoi chun déileáil le cursaí. Mhol na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an ionstraimiú atá ann faoi láthair, go háirithe an Liotuáin, tionscnaimh reachtacha nithiúla, mar measann siad go dtabharfadh na tionscnaimh sin aghaidh ar chúrsaí mar is ceart. Cuireann an togra seo roinnt de na moltaí sin san áireamh. Tháinig an Coimisiún le chéile agus malartaíodh litreacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, eagraíochtaí a bhfuil measúnú déanta acu ar chúrsaí agus a bhfuil freagairt leordhóthanach molta acu. Thug an Coimisiún cuairt ar an bPolainn agus ar an Liotuáin roinnt uaireanta, ar leibhéal polaitiúil agus ar leibhéal teicniúil araon. Le linn na gcuairteanna sin, seachas bualadh leis na húdaráis náisiúnta, bhailigh an Coimisiún faisnéis ó bhrainsí náisiúnta de UNHCR agus de IOM, agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha náisiúnta um chearta an duine a thacaíonn le himircigh sna réigiúin teorann.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ós rud é go bhfuil cineál an togra seo nasctha le cás ina n-ionstraimítear imircigh, ní féidir an tionchar buiséadach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas a priori. Cuirfear san áireamh é i mbuiséad ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana faoin tréimhse 2014-2020 agus 2021-2027 i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe teorainneacha. I gcás ina bhfuil gá eisceachtúil leis, dá rachadh an cás chun donais, d’fhéadfaí na sásraí solúbthachta laistigh de CAI 2021-2027 a úsáid. Tá plé rialta á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit ar na riachtanais airgeadais a eascraíonn as staid cúrsaí ag na teorainneacha seachtracha leis an mBealarúis. Mar thoradh air sin, thug an Coimisiún Eorpach tacaíocht cúnaimh éigeandála don Liotuáin an fómhar seo, agus tá bearta glactha ag an Liotuáin, ag an Laitvia agus ag an bPolainn chun acmhainní (neamhchaite) a aistriú faoina gcláir náisiúnta ó 2014-2020 i leith na n-ionstraimí cistiúcháin sin. Sa chomhthéacs sin agus de bhreis ar an EUR 360 milliún dá bhforáiltear do na Ballstáit sin faoin IBTV don tréimhse airgeadais seo, beidh breisiú breise de thart ar EUR 200 milliún ar fáil le haghaidh 2021 agus 2022, ó na hacmhainní atá ann cheana, imchlúdach na Saoráide Téamaí IBTV go príomha. Trí idirphlé rialta leanúnach, beifear in ann an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil faoi na hionstraimí sin.
Ar an gcúis a luaitear thuas, ní féidir meastachán a dhéanamh a priori ar an tionchar buiséadach a d’fhéadfadh a bheith ann ar na gníomhaireachtaí díláraithe lena mbaineann. Tá solúbthacht éigin acu laistigh dá mbuiséid reatha ach, ag brath ar fhorbairtí amach anseo agus ós rud é go bhfuil acmhainní na ngníomhaireachtaí teoranta, ní chuirtear as an áireamh go bhféadfadh gá a bheith le hathdháileadh acmhainní.
Tá na riachtanais airgeadais sa togra seo comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus d’fhéadfadh úsáid ionstraimí speisialta a bheith i gceist leis.
I dtéarmaí ghnéithe an nós imeachta tearmainn, ní chuireann an togra seo aon ualach breise airgeadais ná riaracháin ar an Aontas. Dá bhrí sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.
2021/0401 (CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta sealadacha éigeandála ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 4 ,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De réir Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcás éigeandála i mBallstát amháin nó níos mó arb é a príomhthréith rabharta tobann náisiúnach tríú tíortha, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann.
(2)Ó shamhradh na bliana 2021, bhí bagairt hibrideach roimh an Aontais ina iomláine, agus go háirithe roimh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn, agus sin i bhfoirm ionstraimiú daoine. Mar thoradh air sin, tháinig méadú as cuimse ar líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta ón mBealarúis. Cé nach ndearnadh iarracht ar bith le blianta beaga anuas na teorainneacha seachtracha a thrasnú go neamhrialta ón mBealarúis isteach san Aontas, is fíor sin anois go laethúil. Is é réimeas Lukashenko a chuir tús leis an méid sin agus a d’eagraigh é, agus iad ag mealladh imirceach ag an teorainn i gcomhar le comhar smuigléirí imirceach agus líonraí coiriúla.
(3)Mar thoradh ar an ionstraimiú sin tá na himircigh sin i gcruachás ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh leis an mBealarúis. Tá géarchéim dhaonnúil ann mar gheall ar ghníomhaíochtaí na Bealarúise, agus tá roinnt básanna deimhnithe cheana féin. Is ar an mBealarúis atá an phríomhfhreagracht aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo. Tá sí faoi cheangal ag Coinbhinsiún na Ginéive, lena n-áirítear an prionsabal an non-refoulement. Dá bhrí sin, ní mór don Bhealarúis foráil a dhéanamh maidir le cosaint leordhóthanach do na himircigh ar a críoch agus ní mór don Bhealarúis oibriú i gcomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) chuige sin. Cé gur chuir an rochtain theoranta bac ar mheas na riachtanas ar thaobh na Bealarúise den teorainn, tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Náisiúin Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí ábhartha um chearta an duine agus eagraíochtaí ábhartha comhpháirtíochta daonnúla chun teacht chun cinn géarchéime daonnúla eile a chosc, agus i bhfianaise na ndálaí aimsire atá ag dul in olcas. Trí chinntí a rinneadh le déanaí, cuireadh maoiniú daonnúil EUR 700 000 ar fáil chun tacú le comhpháirtithe cúnamh a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha atá sáinnithe ag an teorainn agus laistigh den Bhealarúis.
(4)I ngeall ar an ionstraimiú sin, in 2021 amhail ón 21 Samhain, chuaigh 7 831 náisiúnach tríú tír isteach i gcríocha na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne ón mBealarúis ar bhealach neamhúdaraithe, i gcomparáid le 257 le linn 2020 ar fad. Rinneadh 2 676 iarratas ar thearmann sa Liotuáin, 579 n-iarratas sa Laitvia agus 6 730 iarratas sa Pholainn. Ina theannta sin, chuir na trí Bhallstát cosc ar 42 741 iarracht an teorainn a thrasnú. Cé go mbeadh sé deacair meastachán beacht a thabhairt, d’fhéadfadh suas le 10 000 imirceach a bheith sáite sa Bhealarúis faoi láthair agus líon breise imirceach ag teacht isteach gach lá.
(5)Tá cáineadh láidir déanta ag an Aontas ar an ionstraimiú seo ar imircigh agus dídeanaithe leochaileacha, ar an leibhéal is airde. Thug an Chomhairle Eorpach aghaidh ar an mbagairt sin ag na cruinnithe a bhí aici i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair 2021 5 . San aitheasc ar Staid an Aontais, shainigh an tUachtarán von der Leyen gníomhaíochtaí na Bealarúise mar ionsaí hibrideach chun an Eoraip a dhíchobhsú 6 . Léiríonn na gníomhaíochtaí sin iarracht dhiongbháilte géarchéim leanúnach fhadálach a chothú mar chuid d’iarracht chomhbheartaithe níos leithne chun an tAontas Eorpach a dhíchobhsú agus chun an bonn a bhaint den tsochaí agus de na príomhinstitiúidí. Is fíor-bhagairt agus baol láithreach do shlándáil an Aontais iad.
(6)Is toradh é an togra seo ar an gcuireadh ón gComhairle Eorpach chuig an gCoimisiún ina conclúidí an 22 Deireadh Fómhair aon athruithe riachtanacha ar chreat dlíthiúil an Aontais agus bearta nithiúla a mholadh chun freagairt láithreach agus iomchuí ar an mbagairt hibrideach a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta. Is freagra é freisin ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann a bheith in ann brath ar bhearta sealadacha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar staid éigeandála na himirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ba é b'aidhm leis na bearta sin tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn an staid reatha a bhainistiú ar bhealach rialaithe agus mear, agus na cearta bunúsacha agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta á n-urramú ina n-iomláine.
(7)Chun dul i ngleic leis an staid éigeandála atá ann faoi láthair, tá staid éigeandála fógartha ag an Liotuáin, an Laitvia agus an Pholainn tá dlús curtha acu le faireachas teorann agus le bearta rialaithe teorann eile chun sláine agus slándáil an Aontais a chosaint. Mar chuid de na bearta sin, bhí ar na Ballstáit sin teorainn a chur leis an líon pointí trasnaithe teorann atá ar oscailt agus tá líon suntasach gardaí teorann imscartha acu feadh na teorann leis an mBealarúis. Ina theannta sin, ní mór dóibh bainistiú a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír atá ag baint a dteorainneacha amach agus a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg ag cuid mhór acu san Aontas Eorpach, nó a bhfuil rún acu an chosaint sin a lorg, agus orthu siúd atá ina gcríocha cheana féin.
(8)Tá tacaíocht dhaingean léirithe ag an Aontas do na Ballstáit sin a bhfuil réimeas na Bealarúise ag díriú orthu agus atá ag bainistiú na teorann seachtraí thar ceann an Aontais.
(9)Tá cúnamh airgeadais éigeandála deonaithe ag an gCoimisiún don Liotuáin. Chomh maith leis sin, de bhreis ar an EUR 360 milliún dá bhforáiltear do na Ballstáit sin faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) don tréimhse airgeadais sin, tá thart ar EUR 200 milliún de thacaíocht bhreise curtha ar fáil aige do 2021 agus 2022. Ina theannta sin, chuir an Liotuáin an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh an 15 Iúil 2021, agus tá cúnamh á chomhordú ag an gCoimisiún ó 19 mBallstát. Tríd an Sásra sin, tá pubaill, leapacha, córais téimh agus earraí riachtanacha eile faighte ag an Liotuáin, nithe atá ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na n-imirceach atá i láthair ar chríoch na Liotuáine. Tá an rogha sin fós oscailte don Laitvia agus don Pholainn.
(10)Ina theannta sin, tá tacaíocht oibríochtúil tugtha ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus ag Europol do na Ballstáit a d’iarr cúnamh uathu chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Go háirithe, d’imscar na gníomhaireachtaí saineolaithe chun iarratais ar tearmann a phróiseáil, chun bearta rialaithe teorann agus faisnéise a dhéanamh agus tá siad ag obair chun an acmhainn fillte a threisiú agus chun oibríochtaí um fhilleadh a chur i gcrích. Tá líon suntasach oibríochtaí um fhilleadh tarlaithe mar thoradh ar an tacaíocht sin cheana féin. Is féidir leis na gníomhaireachtaí leanúint den thacaíocht oibríochtúil a mhéadú agus tá sé tábhachtach go mbainfidh na trí Bhallstát lánúsáid as an tacaíocht sin.
(11)Tacaíodh leis an tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil sin le gníomhaíochtaí i réimse an bheartais eachtraigh atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an ionstraimiú agus ar líon na ndaoine atá ag teacht isteach a chiorrú. I dteannta phacáiste cuimsitheach na smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais agus an cosc ar dhul isteach in aerspás an Aontais agus an cosc ar rochtain ar aerfoirt an Aontais atá curtha i bhfeidhm maidir le hiompróirí na Bealarúise mar fhreagairt ar na toghcháin chalaoiseacha mar aon le hatreorú na heitilte Ryanair, tá bearta breise glactha ag an Aontas mar fhreagairt shonrach ar ionstraimiú imirceach ag an mBealarúis. An 9 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis i ndáil le hEisiúint Víosaí a Éascú a chur ar fionraí go páirteach. An 15 Samhain 2021, rinne an Chomhairle leasú ar chóras smachtbhannaí an Aontais maidir leis an mBealarúis, agus is féidir leis an Aontas anois díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha an Aontais. An 23 Samhain, thíolaic an Coimisiún togra chun gníomhaíochtaí oibreoirí iompair a dhéanann smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine isteach san Aontas a chosc agus a shrianadh.
(12)Tá dianiarrachtaí taidhleoireachta déanta ag an gCoimisiún, ag an Ardionadaí, le cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus ag na Ballstáit maidir leis na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais chun cosc a chur le tuilleadh náisiúnach ó na tíortha sin teacht isteach tríd an mBealarúis. Ar na hiarrachtaí sin tá gníomhaíochtaí for-rochtana agus cuairteanna treisithe ar phríomhthíortha comhpháirtíochta tionscnaimh agus idirthurais chun cur i gcoinne bhréagaisnéis na Bealarúise, chun líon na ndaoine atá ag imeacht ón mBealarúis a laghdú agus chun tacaíocht a fháil chun a náisiúnaigh féin atá sáinnithe sa Bhealarúis faoi láthair a thógáil ar ais. Mar chuid de na gníomhaíochtaí for-rochtana sin bhí teagmháil dhíreach le haerlínte agus le húdaráis eitlíochta sibhialta chun bealaí a fhiosrú le taisteal nach bhfuil bona fide chuig an mBealarúis a theorannú.
(13)Tháinig torthaí gasta as na hiarrachtaí taidhleoireachta, daonnúla, oibríochtúla agus airgeadais sin arna ndéanamh ag an Aontas nó ag na Ballstáit. Tá bealaí idirthurais atá á n-úsáid ag smuigléirí chun imircigh a thabhairt chuig teorainn na Bealarúise á ndúnadh ina gceann agus ina gceann. Mar sin féin, tá na gníomhaíochtaí atá á dtiomsú ag an mBealarúis fós ina mbaol dáiríre láithreach do shlándáil an Aontais agus do shlándáil na mBallstát lena mbaineann agus dá sláine críche chomh maith. Go deimhin, tá an comhthéacs an-luaineach fad agus atá an Bhealarúis ag leanúint d’imircigh atá fós ag teacht go teorainn sheachtrach an Aontais a ionstraimiú, rud is ionsaí hibrideach ar an Aontas Eorpach é.
(14)Mar thoradh air sin, tá cúrsaí ar an láthair fós dúshlánach don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn agus na mílte imirceach sáinnithe ina gcríoch agus ag teorainn an Aontais-na Bealarúise, agus náisiúnaigh tríú tír ag teacht isteach i gcónaí. I bhfianaise na staide deacra míshocra atá ann faoi láthair sna trí Bhallstát lena mbaineann, is gá, dá bhrí sin, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis na Ballstáit sin.
(15)Leis na bearta sin, ba cheart na huirlisí dlí is gá a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann chun freagairt go tapa agus go héifeachtúil don staid éigeandála arb é a príomhthréith an rabharta tobann náisiúnach tríú tíortha atá ag dul isteach sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Pholainn. Féadfar a áireamh ar na bearta sealadacha sin na bearta uile is gá chun freagairt go héifeachtach agus go tapa don ionsaí atá ann faoi láthair. Féadfaidh na bearta sin, i bprionsabal, maolú ar fhorálacha gníomhartha reachtacha.
(16)Is de chineál sealadach, urghnách agus eisceachtúil iad na bearta a ghlactar sa Chinneadh seo, agus is gá iad a dhéanamh ionas go bhféadfar na sreabha a bhainistiú ar bhealach ordúil agus díniteach agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, agus chun sláine críche agus slándáil náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a chosaint.
(17)Ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh ar an staid éigeandála atá ann faoi láthair, meastar gurb é is oiriúnaí chun tacú leis na Ballstáit lena mbaineann nós imeachta éigeandála a bhunú i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn ag na teorainneacha seachtracha, ar maolú é ar roinnt d’fhorálacha na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn 2013/32/AE, na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha 2013/33/AE agus na Treorach um Fhilleadh 2008/115/CE. Maidir leis an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn ag na teorainneacha seachtracha agus na bearta tacaíochta oibríochtúla dá bhforáiltear sa Chinneadh, ba cheart iad a bheith ina gcúnamh do na Ballstáit lena mbaineann an staid a bhainistiú ar bhealach rialaithe éifeachtach agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha agus do na hoibleagáidí idirnáisiúnta ag an am céanna, dá dtugadh tábhacht dó san iarraidh ón gComhairle Eorpach chuig an gCoimisiún. Go háirithe, urramaítear leis na bearta sa Chinneadh seo an ceart chun tearmainn trí fhíor-rochtain éifeachtach ar an nós imeachta agus ar phrionsabal an non-refoulement a áirithiú.
(18)An nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn ag na teorainneacha seachtracha a leagtar amach sa Chinneadh seo, urramaíonn sé Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cuirfear i bhfeidhm í i gcomhréir go hiomlán leis an gCairt, agus go háirithe Airteagail 1, 4, 7, 24, 18 agus 19(1) agus (2) de. Chun léiriú a thabhairt, go háirithe, ar an bpríomhchomaoin nach mór a thabhairt do leas an linbh, ar an ngá atá ann saol an teaghlaigh a urramú, agus chun cosaint shláinte na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo maidir le rialacha sonracha agus coimircí sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh agus maidir le hiarratasóirí a dteastaíonn tacaíocht shonrach agus leordhóthanach uathu i ngeall ar a riocht sláinte. N ráthaíochtaí a leagtar amach i dTreoir 2013/32 (an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn) agus i dTreoir 2013/33 (an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) i ndáil le hiarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta nó leochaileachtaí speisialta acu, ba cheart feidhm a bheith acu go fóill maidir le daoine atá faoi réir an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn. Ba cheart leanúint de Threoir 2013/33 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na rialacha agus na coimircí a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil, ón nóiméad a dhéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart an fhéidearthacht maolú ar fhorálacha áirithe den Treoir seo a bheith gan dochar don oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú i gcónaí go n-urramófar dínit an duine agus a áirithiú go ndéanfar freastal, go háirithe, ar bhunriachtanais náisiúnach tríú tír atá faoi réir an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn.
(19)Is gá nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn a shocrú ag na teorainneacha seachtracha, agus é curtha in oiriúint do riachtanais shonracha na mBallstát lena mbaineann, toisc nach ndéantar foráil le forálacha reatha na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn maidir le huirlisí leordhóthanacha chun freagairt go héifeachtach don staid éigeandála atá ann faoi láthair, arb é is príomhthréith di ionstraimiú na n-imirceach ag an mBealarúis. Cé gur féidir cuid d’fhorálacha Threoir 2013/32/AE maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an staid mar atá faoi láthair ar bhealach ordúil, níl siad deartha go sonrach do chás ina bhfuil sláine agus slándáil an Aontais faoi ionsaí mar gheall ar ionstraimiú imirceach. Dá bhrí sin, tá gá le forálacha sonracha nós imeachta, go háirithe nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn agus imirce, chun freastal ar an staid éigeandála áirithe seo. I gcás na ngnéithe nach rialaítear go sonrach leis an gCinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha agus ag na ráthaíochtaí eile go léir a bhaineann leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
(20)Chun cuidiú leis na Ballstáit lena mbaineann bainistiú ordúil a dhéanamh ar na sreafaí, faoin nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn cinneadh a dhéanamh, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a gabhadh nó a fuarthas gar don teorainn leis an mBealarúis tar éis iontráil neamhdhleathach nó tar éis dóibh iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú ach ag pointí sonracha clárúcháin arna n-ainmniú chun na críche sin ar pointí iad atá suite i gcomharsanacht na teorann, a bhféadfadh pointí trasnaithe teorann a bheith ar áireamh iontu, agus ag na pointí sonraithe sin amháin, agus féidearthacht éifeachtach a sholáthar gan iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach ach amháin ag na pointí sonracha atá ainmnithe chun na gcríoch sin ar cheart rochtain éasca a bheith orthu. Ní mór fíor-rochtain éifeachtach ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a áirithiú mar sin féin i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn a áirithiú go ndéanfar líon leordhóthanach pointí clárúcháin, a bhféadfadh pointí trasnaithe teorann a bheith ar áireamh iontu, a ainmniú agus a oscailt chun na críche sin. Ba cheart iarratasóirí a chur ar an eolas go cuí faoi na háiteanna ina gclárófar a n-iarratas agus inar féidir iad a chur isteach.
(21)Chun a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag na Ballstáit lena mbaineann agus chun nach ndíreoidh an Bhealarúis ar chatagóirí sonracha náisiúnach tríú tír, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit lena mbaineann, faoin nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn a leagtar amach sa Chinneadh seo, cinneadh a dhéanamh faoi chuimsiú nós imeachta teorann faoi Airteagal 43 den Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn maidir le hinghlacthacht agus fiúntas na n-iarratas uile ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát a gabhadh nó a fuarthas i gcomharsanacht na teorann leis an mBealarúis tar éis dóibh dul isteach go neamhdhleathach nó a dul chomh fada leis na pointí trasnaithe teorann. Ní mór na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn a urramú.
(22)Sa nós imeachta éigeandála i ndáile le bainistiú imirce agus tearmainn, ba cheart do na húdaráis inniúla tús áite a thabhairt do leas an linbh agus do na coimircí d’iarratasóirí a bhfuil riocht sláinte orthu. Ar an gcúis sin, faoin nós imeachta éigeandála maidir le bainistiú imirce agus tearmainn, ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn tosaíocht a thabhairt d’iarratais ó na daoine sin a bhfuil éilimh a bhfuil bunús maith leo nó ó mhionaoisigh agus óna mbaill teaghlaigh a scrúdú. Ina theannta sin, i gcás nach féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ag an teorainn nó ag na criosanna idirthurais de dheasca shláinte an iarratasóra, níor cheart don Laitvia, don Liotuáin ná don Pholainn an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm. Ba cheart sin a bheith amhlaidh freisin má thagann na fadhbanna sláinte chun solais agus an t-iarratas á scrúdú. Má thagann sé chun solais agus an t-iarratas á scrúdú go bhfuil ráthaíochtaí nós imeachta speisialta de dhíth ar iarratasóir, agus nach féidir tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil i gcomhthéacs an nós imeachta tearmainn ag an teorainn, i gcomhréir le hAirteagal 24(3) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an t-iarratasóir a chur ar aghaidh chuig an ngnáthnós imeachta laistigh den chríoch.
(23)I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, níor cheart do na Ballstáit duine a chur faoi choinneáil ar an gcúis gur iarratasóir é nó í agus ar an gcúis sin amháin. I gcás coinneála, ba cheart feidhm a bheith ag na forais agus na coinníollacha coinneála a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha. I gcomhréir le hAirteagal 8(3)(c) den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, féadfar iarratasóir a choinneáil chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs nós imeachta, maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch. Foráiltear in Airteagal 8(2) freisin nach féidir leis na Ballstáit iarratasóir a choinneáil ach amháin mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach sin – amhail srianta ar shaoirse gluaiseachta faoi Airteagal 7 – a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Beidh feidhm ag na coimircí maidir le coinneáil dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, go háirithe i gcás grúpaí sonracha amhail mionaoisigh agus a dteaghlaigh. D’fhéadfadh roghanna malartacha ar choinneáil, amhail srianta ar shaorghluaiseacht, a bheith chomh héifeachtach le coinneáil sna himthosca reatha agus dá bhrí sin ba cheart do na húdaráis iad a mheas, go háirithe i gcás mionaoiseach.
(24)Faoin nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn arna bhunú faoin gCinneadh seo, ceadaítear don Bhallstát síneadh suas le 4 seachtaine a chur leis an spriocdháta clárúcháin le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus an uastréimhse chun nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm a shíneadh amach go 16 seachtaine, ar lena linn ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, lena n-áirítear cinneadh maidir le hachomharc a d’fhéadfaí a dhéanamh in aghaidh cinneadh diúltach. Ceapadh na hamlínte nós imeachta seo, atá níos faide ná iad siúd atá i bhfeidhm faoin Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, chun cabhrú leis na Ballstáit lena mbaineann i ndáil le déileáil leis an insreabhadh tobann, agus i bhfianaise an t- ionstraimiú imirceach atá ar siúl. I ngeall ar an staid mar atá, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann acmhainní a atreorú chun sláine a gcríche a chosaint chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír atá ag baint a dteorainneacha amach nó atá ar a gcríocha cheana féin. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ó na Ballstáit lena mbaineann chun a gcuid acmhainní a atheagrú agus chun a n-acmhainneacht a mhéadú, lena n-áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, beidh líon na n-iarratasóirí a dhéanfaidh iarratas faoin nós imeachta teorann níos airde ná mar is gnáth, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil ón mBallstát lena mbaineann chun cinntí a dhéanamh gan cead a thabhairt dul isteach sa chríoch. Mar sin féin, ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn tosaíocht a thabhairt do chlárú iarratas ó leanaí mionaoiseacha agus ó bhaill dá dteaghlaigh.
(25)Ní mór aon ghníomhaíocht fhoréigneach ag an teorainn a sheachaint ar ais nó ar éigean, ní hamháin chun sláine críche agus slándáil an Bhallstáit lena mbaineann a chosaint ach chun slándáil agus sábháilteacht na náisiúnach tríú tír a áirithiú freisin, lena n-áirítear teaghlaigh agus leanaí atá ag fanacht lena ndeis iarratas a dhéanamh ar thearmann san Aontas go síochánta. I gcás ina mbeidh ar na Ballstáit lena mbaineann dul i ngleic le gníomhaíochtaí foréigneacha ag a dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i gcomhthéacs iarrachtaí náisiúnach tríú tír teacht isteach ina slua gan chead agus modhanna foréigneacha díréireacha a úsáid, ba cheart na Ballstáit lena mbaineann a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun an tslándáil, an dlí agus an t-ord a chaomhnú agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Chinnidh seo a áirithiú.
(26)Le hAirteagal 18(9) de Threoir 2013/33/AE, ceadaítear do na Ballstáit módúlachtaí a leagan síos go sealadach maidir le dálaí glactha ábharacha atá éagsúil leis na módúlachtaí dá bhforáiltear sa Treoir i gcásanna a bhfuil údar cuí leo faoi choinníollacha áirithe. Is cás eisceachtúil í an staid éigeandála atá ann faoi láthair lena dtugtar údar maith le dálaí glactha ábharacha éagsúla a chur ar fáil, ós rud é go raibh sreabhadh tobann gan choinne ann de náisiúnaigh tríú tír nach mór a phróiseáil agus aire a thabhairt dóibh ag an teorainn. Ar an gcúis sin, sa staid éigeandála atá ann faoi láthair, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann maolú ar chaighdeáin na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha agus dídean shealadach a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát, dídean ba cheart a chur in oiriúint do na dálaí aimsire séasúracha, agus a riachtanais bhunúsacha a chumhdach, go háirithe trí bhia, uisce, éadach, cúram liachta leordhóthanach, agus cúnamh a sholáthar do dhaoine leochaileacha, agus lánurraim á tabhairt do cheart chun dínit an duine.
(27)Chun go mbeidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn in ann déileáil níos fearr leis an staid éigeandála arb iad na sreafaí neamhrialta náisiúnach tríú tír atá ann faoi láthair is saintréith di, agus d’fhonn comhleanúnachas iomlán le bearta teorann agus leis an nós imeachta tearmainn ag an teorainn sheachtrach a chomhlánú agus a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann maolú sealadach a fháil ar chur i bhfeidhm Threoir 2008/115/CE (an Treoir um Fhilleadh) i ndáil le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhthéacs nós imeachta tearmainn mar atá leagtha amach sa Chinneadh seo. I gcás ina ndéanfar iarratas ina dhiaidh sin chun moill nó bac a chur ar an bhfilleadh, féadfaidh na Ballstáit a mheas nach bhfuil an t-iarratas sin inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 33(2)(d) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Tá an Cinneadh seo gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn maolú ar chur i bhfeidhm Threoir 2008/115/CE de bhua Airteagal 2(2)(a) den Treoir chéanna sin, i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a ghabhtar i dtaca le trasnú mírialta teorann seachtraí Ballstáit ar tír, ar muir nó san aer agus nach bhfuair údarú nó ceart fanachta faighte acu ina dhiaidh sin sa Bhallstát sin.
(28)Agus an maolú á chur i bhfeidhm ar chur i bhfeidhm na Treorach um Fhilleadh, ní mór don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn a áirithiú go n-urramófar prionsabal an non-refoulement ina iomláine agus aird chuí a thabhairt ar leas an linbh, saol an teaghlaigh agus ar riocht sláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar a leagtar amach i gcás maoluithe eile sa Treoir um Fhilleadh. Ní mór dóibh a áirithiú freisin nach lú fabhar an chóireáil agus an leibhéal cosanta i ndáil le srianta ar bhearta comhéigneacha a úsáid, aistriú a chur siar, cúram sláinte éigeandála agus riachtanais daoine leochaileacha agus dálaí coinneála, ná mar a leagtar amach sa Treoir um Fhilleadh.
(29)Ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn náisiúnaigh tríú tíortha a chur ar an eolas faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Go háirithe, ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a chur ar an eolas i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé, faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm, faoi na pointí ag ar féidir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a chur isteach, go háirithe suíomh na bpointí is gaire ag ar féidir a n-iarratas a chur isteach, faoin deis achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas, agus faoi fhad na mbeart.
(30)Chun tacú leis na Ballstáit lena mbaineann an cúnamh is gá a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí um fhilleadh deonach a chur chun cinn nó trína ndualgais dhaonnúla a chur i gcrích, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha eile, go háirithe an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith acu ar an teorainn faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. I gcomhréir le hAirteagal 29 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, ba cheart rochtain ar iarratasóirí, lena n-áirítear iad siúd atá ag an teorainn, a cheadú d’Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Chun na críche sin, ba cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn oibriú i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus leis na heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha.
(31)Níor cheart don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn aon bheart faoin gCinneadh seo a chur i bhfeidhm ach a fhad a bhfuil géarghá leis chun aghaidh a thabhairt ar an staid éigeandála agus gan iad a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí i gcás ar bith. Más rud é go dtagann deireadh leis an staid ba chúis le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin roimh an tréimhse 6 mhí sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann scor láithreach dá gcur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid agus ba cheart dó a mholadh don Chomhairle agus do na Ballstáit lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, go scoirfí de chur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos sa Chinneadh seo nó go gcuirfí síneadh leo trí bhíthin togra faoi Airteagal 78(3) CFAE.
(32)Tar éis iarraidh ar thacaíocht a fháil ón Laitvia, ón Liotuáin agus ón bPolainn, ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a gcuid riachtanas a mheas i gcomhar leo. Chun cabhrú leis na trí Bhallstát a bhfuil dúshláin shonracha rompu a eascraíonn as ionstraimiú imirceach ag an mBealarúis, ba cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach (Frontex), don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus do Europol agus na Ballstáit, ba cheart dóibh tacaíocht leordhóthanach a thabhairt don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn trí thosaíocht a thabhairt do na hacmhainní is gá, agus ag an am céanna leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais na mBallstát eile a bhfuil brú orthu i ngeall ar chúrsaí imirce.
(33)Chun cabhrú leis na trí Bhallstát a bhfuil dúshláin shonracha rompu a eascraíonn as ionstraimiú imirceach, ba cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach (Frontex), arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, tosaíocht a thabhairt do tacaíocht a thabhairt do na trí Bhallstát sin. Sa chomhthéacs sin, arna iarraidh sin do cheann amháin de na Ballstáit sin, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Frontex mear-idirghabháil teorann nó idirghabháil um fhilleadh a sheoladh ar feadh tréimhse teoranta ama ar chríoch an Bhallstáit óstaigh lena mbaineann agus ba cheart dó na hacmhainní is gá a úsáid. Ina theannta sin, arna iarraidh sin air, ba cheart do Frontex tús áite a thabhairt do sholáthar aon chineál cúnaimh eile amhail Seirbhísí Cumaisc EUROSUR nó táirgí anailíse riosca chomh maith leis an trealamh is gá chun faireachas ar theorainneacha a fheabhsú. Ina theannta sin, más rud é go bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta measúnú leochaileachta tiomnaithe á dhéanamh, agus sin a dhéanamh chun aon ghá breise tacaíochta a mheas freisin.
(34)Chun tacú leis na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin shonracha rompu a eascraíonn as ionstraimiú na n-imirceach i gcur chun feidhme na maoluithe sa Chinneadh seo, ba cheart don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, tosaíocht a thabhairt dá tacaíocht trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn, go háirithe trí fhoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh chun cúnamh a thabhairt, i measc nithe eile, maidir le hiarratais a chlárú agus a phróiseáil, leochaileachtaí a shainiú agus a mheasúnú, coinníollacha glactha leordhóthanacha a áirithiú nó seirbhísí riachtanacha aistriúcháin, saineolas agus oiliúint a sholáthar.
(35)Chun cabhrú leis na trí Bhallstát a bhfuil dúshláin shonracha rompu a eascraíonn as ionstraimiú na n-imirceach, ba cheart do Europol, arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, tacaíocht a thabhairt dóibh trí shaineolaithe a imscaradh, trí thosaíochta a thabhairt dá n-iarrataí, trí tháirgí anailíse saincheaptha a chur ar fáil, amhail measúnuithe bagartha, anailísí straitéiseacha agus oibríochtúla agus tuarascálacha staide, agus leanúint de thacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne smuigléireacht imirceach agus coireanna gaolmhara.
(36)I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh glaonna a sheoladh ar shaineolaithe chun freagairt don iarraidh ar thacaíocht ón Laitvia, ón Liotuáin nó ón bPolainn. Sa chás sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na saineolaithe is gá a bhfuil próifílí leordhóthanacha acu a chur ar fáil a luaithe agus is féidir. I gcomhthéacs mear-idirghabháil teorann nó idirghabháil um fhilleadh arna eagrú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh a rannchuidithe féin a chur ar fáil d’imscaradh foirne ón mbuanchór, lena n-áirítear ón gCúltaisce le haghaidh Frithghnímh Mhear nó gach trealamh is gá, lena n-áirítear faoin gComhthiomsú de Threalamh Mearfhreagartha. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun tacú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn in aon bhearta um fhilleadh agus ina ngníomhaíochtaí for-rochtana chuig tríú tíortha.
(37)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(38)Urramaíonn an Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(39)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(40)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(41)I bhfianaise a phráinní agus atá cúrsaí faoi láthair, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(42)Ós rud é gur bearta sealadacha iad na bearta a ghlacfar, ba cheart iad a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart deireadh a chur leo a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an staid éigeandála atá ann faoi láthair.
(43)Ba cheart daoine a bhain an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn amach ón mBealarúis roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a áireamh ina raon feidhme, más rud é nach bhfuil siad cláraithe go fóill nó murar cuireadh tús lena nós imeachta um fhilleadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁIL THOSAIGH
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo, bunaítear bearta sealadacha ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn, d’fhonn tacú leo an staid éigeandála a bhainistiú de dheasca ghníomhaíochtaí na Bealarúise, as a dtiocfaidh rabharta tobann náisiúnach tríú tír isteach i gcomhthéacs ionstraimiú imirceach ag na teorainneacha seachtracha faoi láthair.
CAIBIDIL II
NÓS IMEACHTA ÉIGEANDÁLA IMIRCE AGUS BAINISTITHE TEARMAINN AG TEORAINNEACHA SEACHTRACHA NA LAITVIA, NA LIOTUÁINE AGUS NA POLAINNE
Airteagal 2
An nós imeachta tearmainn
1.De mhaolú ar Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, féadfar an clárú, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar nó a fhaightear i gcóngar na teorann leis an mBealarúis tar éis dul isteach neamhdhleathach nó tar éis iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis an t-iarratas a dhéanamh.
Tabharfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn tosaíocht do chlárú iarratas ó mhionaoisigh agus ó bhaill dá dteaghlaigh.
2.De mhaolú ar Airteagal 25(6) pointe (b), Airteagal 31(8) agus Airteagal 43(1) pointe (b) den Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn, féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn cinneadh ag a dteorainn nó ag a gcrios idirthurais féin maidir le hinghlacthacht nó, i nós imeachta de bhun Airteagal 31(8) den Treoir sin, substaint na n-iarratas uile a chláraítear i gcomhréir le mír 1. Beidh feidhm ag bunphrionsabail agus ag ráthaíochtaí Chaibidil II den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
3.Tabharfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn tosaíocht d’iarratais ar dóigh dóibh bunús maith a bheith leo, sin nó d’iarratais a dhéanann mionaoisigh nó baill dá dteaghlach a thaisceadh.
4.I gcás iarratasóirí a n-éilíonn a staid sláinte tacaíocht nach féidir a áirithiú go leordhóthanach ag an teorainn ná i gcriosanna idirthurais, lena n-áirítear nuair a thagann a leithéid chun solais le linn an nós imeachta, scoirfidh an nós imeachta teorann d’fheidhm a bheith aige, agus tabharfar cead isteach don iarratasóir ar an gcríoch chun go ndéanfar an t-iarratas a scrúdú, gan an nós imeachta a atosú.
5.De mhaolú ar Airteagal 43(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, féadfar síneadh 16 seachtaine a chur leis an teorainn ama sula dtugtar rochtain ar an gcríoch, agus déanfar cinneadh maidir leis an iarratas, lena n-áirítear an t-achomharc.
6.De mhaolú ar Airteagal 46(5) agus (6) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn a chinneadh na rialacha atá leagtha amach i mír 6 den Airteagal sin a chur i bhfeidhm i leith gach cinneadh a dhéantar maidir le hiarratais a scrúdaíodh i nós imeachta teorann dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 3
is éard is ciall le ‘coinníollacha glactha ábharacha’
De mhaolú ar Threoir 2013/33/AE, féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn rialacha mionsonraithe a leagan síos go sealadach maidir le dálaí glactha ábhar nach ionann iad agus na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Threoir 2013/33/AE maidir le hiarratasóirí a ghabhtar nó a fhaightear i gcóngar na teorann leis an mBealarúis tar éis dóibh dul isteach go neamhdhleathach nó tar éis dóibh iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann, agus faoi réir na mbeart in Airteagal 2(1) den Chinneadh seo, ar choinníoll go gcumhdaíonn na Ballstáit sin bunriachtanais na n-iarratasóirí, go háirithe bia, uisce, éadach, cúram liachta leordhóthanach, agus dídean shealadach atá oiriúnach don aimsir de réir na séasúr.
Airteagal 4
Nósanna imeachta um fhilleadh
1.Féadfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn, i gcás náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus ar cuireadh Airteagal 2 i bhfeidhm maidir leo, a chinneadh gan Treoir 2008/115/CE a chur i bhfeidhm.
2.Maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn an méid seo a leanas:
(a)Prionsabal an non-refoulement a urramú, agus an aird chuí a thabhairt ar leas an linbh, ar shaol an teaghlaigh agus ar shláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE (an Treoir um Fhilleadh).
(b)a áirithiú nach lú fabhar dóibh an chóireáil agus an leibhéal cosanta atá acu ná mar a leagtar amach in Airteagal 8(4) agus (5) (Teorainneacha maidir le bearta comhéigneacha a úsáid), Airteagal 9(2)(a) – (aistriú a chur ar athló), Airteagal 14(1)(b) agus (d) (cúram sláinte éigeandála agus riachtanais daoine leochaileacha á gcur san áireamh), agus Airteagal 16 agus Airteagal 17 (coinníollacha coinneála) de Threoir 2008/115/CE (an Treoir um Fhilleadh).
Airteagal 5
Ráthaíochtaí sonracha
1.Nuair a chuirfidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn an Cinneadh seo i bhfeidhm, cuirfidh siad náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar an eolas go cuí i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó a meastar le réasún go dtuigfidh an náisiúnach tríú tír í faoi na bearta atá á gcur i bhfeidhm, faoi na pointí tiomnaithe ar féidir leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh ina leith, go háirithe an pointe is gaire inar féidir leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, achomharc féideartha i gcoinne an chinnidh, agus an fad a mhairfidh na bearta.
2.Ní chuirfidh an Laitvia, an Liotuáin ná an Pholainn Airteagail 2, 3, 4 agus 5 i bhfeidhm níos faide ná is riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an staid éigeandála arb í an Bhealarúis is cúis léi, agus in aon chás tráth nach faide ná an tréimhse atá leagtha amach in Airteagal 10.
CAIBIDIL III
TACAÍOCHT OIBRÍOCHTÚIL
Airteagal 6
Tacaíocht oibríochtúil ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.
1.Arna iarraidh sin don Laitvia, don Liotuáin nó don Pholainn, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tacaíocht oibríochtúil a sholáthar nó a mhéadú don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhillte trí bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, baill foirne ón 1 500 ball foirne ón gCúlchiste le haghaidh Frithghnímh mhear, trealamh teicniúil a imscaradh agus aon tacaíocht ábhartha eile a sholáthar.
2.Féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) mear-idirghabháil teorann a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 39(5) de Rialachán (AE) 2019/1896 nó idirghabháil um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán sin.
3.I gcomhréir lena n-iarraidh féin, tacóidh an Ghníomhaireacht leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú foirne bainistithe teorann agus an trealaimh theicniúil ábhartha (cairr phatróil, gluaisteáin iompair, héileacaptair, feithiclí d’fhionnadh teirmeach, ceamaraí etc.) chun tacú le rialú na dteorainneacha go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
–faireachas ar theorainneacha;
–seiceálacha teorann;
–brath na coireachta trasteorann;
–tuairisciú;
–léirmhíniú;
–mionaoisigh agus imircigh leochaileacha eile a shainaithint agus cabhrú le tarchur ceart a áirithiú.
(b)an buanchór a imscaradh faoi chreat na foirne bainistithe teorann, agus an trealamh teicniúil ábhartha chun tacú le náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil deireadh tagtha lena gceart chun fanacht ar an gcríoch, go háirithe trí chúnamh a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:
–gníomhaíochtaí réamhfhillte, lena n-áirítear comhairleoireacht maidir le filleadh agus tacú leis an gcomhar le tríú tíortha trí mhisin aitheantais a eagrú agus seirbhís físchomhdhála a chur ar fáil le haghaidh agallaimh maidir le sainaithint;
–filleadh deonach;
–oibríochtaí um fhilleadh ar eitiltí tráchtála agus cairtfhostaithe, lena n-áirítear an duine atá á fhilleadh a thionlacan chuig an tríú tír tionscnaimh agus, más iomchuí, gníomhaíochtaí iarfhillte i dtríú tíortha.
(c)an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce chun tacú le sainaithint imirceach, lena n-áirítear scagthástáil náisiúntachta agus seiceálacha ar dhoiciméid taistil, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
–tacaíocht a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí faisnéise agus Táscairí Coiteanna Riosca a chur i bhfeidhm chun daoine a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an sceimhlitheoireacht a shainaithint agus chun tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi bhealaí, faoi éascaitheoirí agus faoi modus operandi;
–tacaíocht a chur ar fáil le trealamh EURODAC agus le baill foirne a thacaíonn le clárú agus méarlorgaireacht na n-imirceach;
–tús áite a thabhairt do gach iarraidh ó na trí Bhallstát lena mbaineann do sheirbhísí comhtháite EUROSUR, go háirithe i gcás na nithe seo a leanas:
·faireachán aerthráchta chun faireachán a dhéanamh ar eitiltí a thagann go dtí an Bhealarúis ó áiteanna éagsúla imeachta;
·faireachán rialta a chur ar fáil le seirbhísí faisnéise íomhánna saincheaptha, lena n-áirítear íomhánna satailíte, lena gcumhdaítear limistéir chóngaracha réamhtheorann na Bealarúise chun an cás a mheas, chomh maith le tuilleadh réimsí fada réamhtheorann atá ábhartha chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shábháilteacht an phearsanra imscartha agus an trealaimh theicniúil;
·seirbhís aerfhaireachais ilchuspóireach a chur ar fáil, nuair a bhíonn sí ar fáil agus nuair is gá, lena gcumhdaítear críoch na Bealarúise ar feadh na teorann le cur chuige réigiúnach lena gcumhdaítear an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn nó lena dtugtar tacaíocht do Bhallstát sonrach nó do Bhallstáit shonracha a bhfuil sé ar a gcumas faireachas a dhéanamh i rith na hoíche.
(d)faireachán ar ardáin na meán sóisialta a chur ar fáil chun fógra a thabhairt in am trátha do ghrúpaí ar mhaith leo a bheith ina n-imircigh, sin agus freagairt d’aon chineál ollghluaiseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtreo theorainneacha an Aontais;
(e)táirgí saincheaptha anailíse riosca a chur ar fáil;
(f)tacaíocht shonrach eile, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 7
Tacaíocht oibríochtúil ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn
Arna iarraidh sin don Laitvia, don Liotuáin nó don Pholainn, tabharfaidh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) tosaíocht don tacaíocht oibríochtúil is gá a chur ar fáil, go háirithe trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh;
(b)an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú;
(c)an anailís tosaigh ar iarratais ar thearmann a éascú;
(d)agallaimh phearsanta a dhéanamh le hiarratasóirí maidir lena n-iarratais agus maidir le cúinsí a dteachta;
(e)tacú le hiarratasóirí leochaileacha a shainaithint agus a mheasúnú go hiomchuí;
(f)tacú le bainistiú, le dearadh agus le caighdeáin leordhóthanacha a chur i bhfeidhm i gcás na saoráidí glactha;
(g)faisnéis agus cúnamh sonrach a d’fhéadfadh atá ag teastáil ó iarratasóirí nó ó iarratasóirí ionchasacha ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar fáil dóibh;
(h)saineolas a chur ar fáil, go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin, faisnéis bheacht atá cothrom le dáta faoi thíortha tionscnaimh agus eolas ar chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú;
(i)oiliúint a chur ar fáil do phearsanra na n-údarás inniúil nó de chuid údarás eile;
(j)tacaíocht shonrach eile, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 8
Tacaíocht oibríochtúil ó Europol
Arna iarraidh sin don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn, tabharfaidh Europol tosaíocht don tacaíocht oibríochtúil is gá a chur ar fáil trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)saineolaithe a imscaradh chun sonraí a chros-seiceáil in aghaidh sonraí atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí ag Europol, malartú tapa agus slán faisnéise idir na Ballstáit a éascú, agus tacú le hanailís oibríochtúil;
(b)táirgí anailíse saincheaptha a chur ar fáil, amhail measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus oibríochtúla, mar aon tuarascálacha staide;
(c)tacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne smuigléireacht na n-imirceach agus coireanna gaolmhara a éascaítear, a chuirtear chun cinn, nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon agus as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(m) de Rialachán (AE) 2016/794.
(d)tacaíocht shonrach nach í, de réir mar is iomchuí, nuair is gá sin.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 9
Comhar agus measúnú
1.Comhoibreoidh an Coimisiún, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn go dlúth lena chéile, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo. Leanfaidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn de na sonraí ábhartha go léir a thuairisciú, lena n-áirítear staidreamh atá ábhartha do chur chun feidhme an Chinnidh seo, trí Líonra Ullmhachta Imirce agus Bainistithe Géarchéimeanna AE.
2.Áiritheoidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn dlúthchomhar le UNHCR agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha chun na rialacha mionsonraithe maidir le tacaíocht d’iarratasóirí sa chás éigeandála atá ann faoi láthair a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Chinneadh seo agus sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha.
3.Coinneoidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn, an staid á síorfhaireachán agus á hathbhreithniú agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an Cinneadh seo a aisghairm nó a fhadú trí bhíthin togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 78(3) CFAE. Chuige sin, soláthróidh an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn an fhaisnéis shonrach is gá don Choimisiún chun an t-athbhreithniú sin a chur i gcrích agus chun an togra maidir le haisghairm nó le fadú a dhéanamh mar aon le haon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an [...[ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Gan dochar d’Airteagal 9, beidh feidhm aige go dtí sé mhí tar éis dó a theacht i bhfeidhm.
3.Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le gach náisiúnach tríú tír a bheidh ag teacht isteach ar chríoch na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, chomh maith leo siúd atá ar chríoch na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne cheana féin roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo mar thoradh ar ghníomhaíochtaí réimeas na Bealarúise agus de bhrí nár cláraíodh a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta nó nár cuireadh tús leis an nós imeachta um fhilleadh ina leith.
4.Leanfaidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige maidir leis na hiarratasóirí sin ar cláraíodh a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir lena n-iarratais nó go dtí go gcuirfear na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann ar ais i gcomhréir le hAirteagal 4.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán