An Bhruiséil,20.10.2021

COM(2021) 637 final

2021/0330(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach a ghlacadh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (‘SADC’) atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, i ndáil le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thrádáil agus um Nósanna Imeachta maidir le Trádáil agus Nósanna Imeachta Custaim agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, an méid a leanas a dhéanamh:

(a)cuidiú le laghdú agus díothú na bochtaineachta trí chomhpháirtíocht trádála a bhunú a bheadh i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le forbairt inbhuanaithe, le Spriocanna Forbartha na Mílaoise agus le Comhaontú Cotonou;

(b)an comhtháthú réigiúnach, comhar eacnamaíoch agus dea-rialachas a chur chun cinn chun creat rialála réigiúnach éifeachtach, intuartha agus trédhearcach a bhunú agus a chur chun feidhme le haghaidh trádála agus infheistíochta idir na Páirtithe agus i measc Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche;

(c)lánpháirtiú Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a chur chun cinn de réir a chéile i ngeilleagar an domhain i gcomhréir lena gcuid roghanna polaitiúla agus lena gcuid tosaíochtaí forbartha;

(d)feabhas a chur ar chumas Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche i dtaca le beartas trádála agus saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí trádála;

(e)tacú leis na dálaí chun infheistíocht agus tionscnaimh na hearnála príobháidí a mhéadú agus cumas soláthair, iomaíochas agus fás eacnamaíoch a fheabhsú Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche; agus

(f)na caidrimh atá ann cheana idir na Páirtithe a neartú ar bhonn na dlúthpháirtíochta agus an leasa fhrithpháirtigh;

Cuirtear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Bhotsuáin, Leosóta, an Namaib, Eswatini agus an Afraic Theas, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

2.2.An Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus an Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus Trádáil i bhFíonta agus Biotáillí

Is éard a bhunaítear le hAirteagal 50 den Chomhaontú an Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus is éard a fhoráiltear ann go n‑áireofar ar feidhmeanna atá aige ‘a chuid rialacha nós imeachta féin a chinneadh’ (2)(f).

Le hAirteagal 13 de Phrótacal 3 ‘Tásca geografacha agus trádáil i bhfíonta agus biotáillí’ a ghabhann leis an gComhaontú, bunaítear an Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí agus foráiltear ann ‘go gcinnfidh an Coiste Speisialta a chuid rialacha nós imeachta féin’ (5).

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus ag an gCoiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí

Is é is cuspóir do na gníomhartha atá beartaithe rialacha nós imeachta an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála a bhunú mar aon le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is éard a bhunaítear leis an togra seo le haghaidh Cinnidh ón gComhairle an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí agus sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála a bhunaigh Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí agus an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála faoi seach.

Phléigh na Páirtithe sa Chomhaontú na rialacha sin maidir le nósanna imeachta agus chomhaontaigh siad, faoi réir nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais, gur cheart iad sin a ghlacadh ag na cruinnithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ag an gCoiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus ag an gCoiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí.

Tá substaint na rialacha nós imeachta a ghabhann leis seo an‑chosúil le substaint rialacha nós imeachta Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eile nó comhaontuithe trádála eile.

Tá Rialacha nós imeachta riachtanach chun creat institiúideach an Chomhaontaithe a chríochnú agus, dá bhrí sin, chun cur chun feidhme rianúil an Chomhaontaithe a áirithiú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht a chuirtear ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’, áirítear gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’. Ar deireadh, áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha de chineál eagraíochtúil a imríonn tionchar ar an gcaoi a ndéantar cinntí laistigh den chomhlacht, mar shampla má ghlacann nó má mhodhnaíonn comhlacht a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta aige a chuid rialacha nós imeachta.

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlachtaí iad an Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus Trádáil i bhFíonta agus Biotáillí agus an Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála a bunaíodh le comhaontú, eadhon Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice.

Is éard atá sna gníomhartha a iarrtar ar an dá choiste a ghlacadh, gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo toisc gur gníomhartha de chineál eagraíochtúil iad a imríonn tionchar ar an gcaoi a ndéantar cinntí laistigh den chomhlacht. An gníomh atá beartaithe is gníomh é a bheidh ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chomhaontú agus le hAirteagal 13 de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú faoi seach.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Prionsabail

An bunús substaintiúil dlí le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhbheartas tráchtála a bhaineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) den CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) den CFAE ba cheart a bheith ina bunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go ndéanfaidh gníomhartha an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus Trádáil i bhFíonta agus Biotáillí agus an Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála leasú ar na rialacha nós imeachta faoi seach, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0330 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, an 10 Meitheamh 2016 1 (‘an Comhaontú’). Cuirtear i bhfeidhm é go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Bhotsuáin, Leosóta, an Namaib, Eswatini agus an Afraic Theas, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

(2)De bhun Airteagal 50(1) den Chomhaontú, bunaítear an Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála.

(3)De bhun Airteagal 13(1) de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú, bunaítear an Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí.

(4)Is de bhun Airteagal 50(2)(f) den Chomhaontú atá an Coiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála chun a Rialacha Nós Imeachta a chinneadh.

(5)De bhun Airteagal 13(5) de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú, is é an Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus Trádáil i bhFíonta agus Biotáillí a chinnfidh a Rialacha Nós Imeachta.

(6)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den dá choiste sin faoi seach, is iomchuí é a bhunú toisc go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla san Aontas ag na cinntí lena mbunaítear na Rialacha Nós Imeachta.

(7)Is ar dhréachtChinntí an dá choiste faoi seach a ghabhann leis an gCinneadh seo ba cheart seasamh an Aontais laistigh den dá choiste sin maidir le glacadh a cuid Rialacha Nós Imeachta féin a bheith bunaithe

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála a bunaíodh faoi Airteagal 50 den Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (‘SADC’) atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar dhréacht‑Chinneadh ón gcoiste sin maidir lena Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí, a bhunaítear faoi Airteagal 13 de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá i Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (‘SADC’) atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, is seasamh é a bheidh bunaithe ar dhréacht‑Chinneadh ón gcoiste sin maidir lena Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Is ar an gCoimisiún atá an Cinneadh seo á dhíriú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lch. 3).

An Bhruiséil,20.10.2021

COM(2021) 637 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus sa Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Éascú Custaim agus Trádála agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí faoi seach a ghlacadh





CEANGALTÁN 1

Dréacht‑CHINNEADH Uimh [...]

ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

maidir lena Rialacha Nós Imeachta

AN COISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 50(2)(f) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Leagtar síos Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...

Arna dhéanamh in/sa ..., an .

Iarscríbhinn

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

CAIBIDIL I

EAGRÚCHÁN

Airteagal 1

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.An Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 50 den Chomhaontú.

2.Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna Rialacha Nós Imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 104 den Chomhaontú.

3.Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(1) den Chomhaontú, is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

4.Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) den Chomhaontú, déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit atá in SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála gach ré seal. Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit atá in SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gcéad chruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

5.An sainordú a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.

Airteagal 2

Cruinnithe

1.Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le chéile uair sa bhliain nó ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit atá in SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

2.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.

Airteagal 3

Breathnóirí

Féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.

Airteagal 4

An Rúnaíocht

1.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghníomhóidh mar Rúnaíocht.

2.Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.

CAIBIDIL II

FEIDHMIÚ

Airteagal 5

Doiciméid

I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

Airteagal 6

Fógra agus Clár Oibre le haghaidh na gCruinnithe

1.Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne agus/nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.

2.Déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála clár oibre sealadach a dhréachtú le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tráth nach déanaí ná 14 lá roimh thús an chruinnithe.

3.Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár oibre.

4.Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar na míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

5.Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, ar chomhaontú ó na Páirtithe uile, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.

Airteagal 7

Tuarascáil ar an gCruinniú

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.

Airteagal 8

Cinntí agus moltaí

1.Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí nó moltaí de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú nó i gcásanna ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige.

2.I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála faoin gComhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe. Cuirfidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh formheasta. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.

3.I gcás nach mbeidh Stát atá in SADC EPA i láthair, déanfaidh an Rúnaíocht cinntí agus/nó moltaí an chruinnithe a chur in iúl don chomhalta sin nach raibh in ann freastal ar an gcruinniú. Cuirfidh an Stát sin atá in SADC EPA freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de 10 lá féilire ó sheoladh na gcinntí agus/nó na moltaí, freagra ina léireofar na cinntí agus/nó na moltaí sin nach naontaíonn sé leo, lena náirítear na cúiseanna ina leith sin. Mura bhfaighfear an freagra i scríbhinn thuasluaite laistigh de 10 lá féilire, measfar na cinntí agus/nó na moltaí a bheith glactha. An Stát atá in SADC EPA nár fhreastail ar an gcruinniú, sa chás nach naontaíonn sé le cinntí agus/nó le moltaí beidh feidhm ag an nós imeachta i Mír 4.

4.Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí agus moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.

5.Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, déanfar iad a fhíordheimhniú le cóip bharántúil arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ó na Stáit atá in SADC EPA.

Airteagal 9

Rochtain Phoiblí

1.Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, mura gcinnfear a mhalairt.

2.Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a fhoilsiú.

CAIBIDIL III

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Caiteachas

1.Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

2.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.

Airteagal 11

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála i gcomhréir le hAirteagal 8.

CEANGALTÁN 2

Dréacht‑CHINNEADH Uimh [...]

ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ

maidir lena Rialacha Nós Imeachta

AN COISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 13(5)(f) de Prótacal 3 den Chomhaontú de

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Leagtar síos Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...

Arna dhéanamh in/sa ..., an .

Iarscríbhinn

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM THÁSCA GEOGRAFACHA AGUS UM THRÁDÁIL I bhFÍONTA AGUS BIOTÁILLÍ

CAIBIDIL I

EAGRÚCHÁN

Airteagal 1

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.An Coiste Speisialta um Thásca Geografacha agus um Thrádáil i bhFíonta agus Biotáillí (‘an Coiste Speisialta’) a bhunaítear faoi Airteagal 13 de Phrótacal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna rialacha nós imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Phrótacal 3 den Chomhaontú, eadhon, an Afraic Theas agus an tAontas Eorpach.

3.Is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta.

4.Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ón Afraic Theas comhchathaoirleacht ar chruinnithe an Choiste Speisialta gach ré seach.

5.An sainordú dá dtagraítear i mír 4, ar sainordú é a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.

Airteagal 2

Cruinnithe

1.Tiocfaidh an Coiste Speisialta le chéile go tráthrialta, uair sa bhliain ar a laghad, agus ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit atá in SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

2.Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.

3.Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go dtionólfar cruinnithe an Choiste Speisialta trí mhodhanna leictreonacha.

Airteagal 3

Breathnóirí

Féadfaidh an Coiste Speisialta a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí a beith i láthair ag a chruinnithe ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.

Airteagal 4

Rúnaíocht

1.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta a ghníomhóidh mar Rúnaíocht an Choiste Speisialta (‘an Rúnaíocht’).

2.Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.

CAIBIDIL II

FEIDHMIÚ

Airteagal 5

 
Doiciméid

I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh an Rúnaíocht na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta.

Airteagal 6

Fógra agus clár oibre le haghaidh na gcruinnithe

1.Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.

2.Dréachtóidh an Rúnaíocht clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an gcruinniú.

3.Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair an Rúnaíocht iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár.

4.Glacfaidh an Coiste Speisialta an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar na míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na comhchathaoirligh amhlaidh.

5.Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta, ar chomhaontú ó na Páirtithe, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.

Airteagal 7

Tuarascáil ar an gcruinniú

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh an Rúnaíocht tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.

Airteagal 8

Cinntí agus moltaí

1.I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Phrótacal 3 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste Speisialta moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear i bPrótacal 3 den Chomhaontú.

2.I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta faoi Phrótacal 3 den Chomhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe dá dtagraítear in Airteagal 7. Cuirfidh an Rúnaíocht sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh glactha. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.

3.Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta cinntí nó moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn nó trí mhodhanna leictreonacha má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.

4.Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta, déanfar iad a fhíordheimhniú le dhá chóip bhunaidh arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ón Afraic Theas.

Airteagal 9

Rochtain Phoiblí

1.Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt.

2.Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta a fhoilsiú.

CAIBIDIL III

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Caiteachas

1.Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh é a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

2.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.

Airteagal 11

An Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt

Tabharfaidh an Coiste Speisialta tuarascáil don Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt.

Airteagal 12

 
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8.