An Bhruiséil,15.10.2021

COM(2021) 635 final

2021/0329(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

(Clár Spáis an Aontais Eorpaigh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh i dtaca le leasú ar Phrótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí ón gComhchoiste. I gcomhréir le Conradh Liospóin, is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE LEE i gClár Spáis an Aontais Eorpaigh a chumhdach. Dá bhrí sin, déanfar Rialachán (AE) 2021/696 1 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Ós rud é nár léirigh Lichtinstéin gur spéis léi a bheith rannpháirteach i gClár Spáis an Aontais Eorpaigh, baineann an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE leis an Iorua agus an Íoslainn amháin.

I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon chor i ngníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh seo ón gComhairle agus tar éis don Choimisiún Eorpach glao an Aontais ar chistí a bhunú agus é a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.

Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an t‑am a gheofar an ranníocaíocht thuasluaite, beidh feidhm chúlghabhálach ag an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh. Leis an éifeacht chúlghabhálach sin, ní dhéantar difear do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún é i láthair Chomhchoiste LEE a luaithe is féidir.

Maidir le hábhar agus cineál dhréacht an Chinnidh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal, téitear thar an méid ar féidir a mheas nach bhfuil ann ach coigeartuithe teicniúla de réir Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle 2 . Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Comhfhreagróidh an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe don bhunús dlí substainteach atá leis an ngníomh dlí a dhéanann sé a ionchorprú i gComhaontú LEE. Tá Clár Spáis an Aontais Eorpaigh bunaithe ar Airteagal 189(2) CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 189(2) CFAE a bheith ina bhunús dlí substainteach freisin le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 189(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

5.Impleachtaí Buiséadacha

Déanfaidh an Iorua agus an Íoslainn ranníocaíocht airgeadais i leith Bhuiséad an Aontais. Socrófar an méid cruinn i gcomhréir le forálacha Chomhaontú LEE, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh seo ón gComhairle.

6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Le gníomh Chomhchoiste LEE, leasófar Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, agus dá bhrí sin is gníomh é is iomchuí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0329 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

(Clár Spáis an Aontais Eorpaigh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE cinneadh a dhéanamh Prótacail 31 agus 37 a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú, prótacail ina bhfuil forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus maidir leis an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 faoi seach.

(3)Tá Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6  le hionchorprú i gComhaontú LEE. Ní bhaineann an leasú sin ach leis an Iorua agus leis an Íoslainn.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, a leasú dá réir.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dtaca leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar é ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, (IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6–8)
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(5)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(6)    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.

An Bhruiséil,15.10.2021

COM(2021) 635 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

(Clár Spáis an Aontais Eorpaigh)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Prótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE,

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE 1 a chuimsiú.

(2)Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí ar de thoradh Rialachán (AE) 2021/696 iad, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar fógra faoi chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021.

(3)Ba cheart eintitis arna mbunú i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin, a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis arna mbunú i mBallstáit den Aontas ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.

(4)Leagtar amach i gComhaontú LEE, agus go háirithe in Airteagal 81 de, na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus a gcuid institiúidí, gnóthas, eagraíochtaí agus náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(5)Aithníonn na Páirtithe Conarthacha an comhar foirmiúil atá ann cheana i gcláir spáis éagsúla an Aontais. Is mian leo cur leis an gcomhpháirtíocht láidir sin agus an comhar a leathnú chuig comhpháirteanna ábhartha uile an chláir nua spáis.

(6)A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na hIorua, ba cheart aird a thabhairt freisin ar an gComhaontú Comhair maidir le Loingseoireacht Satailíte idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht na hIorua 2 .

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacail 31 agus 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin in ann a bheith ann ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 8d d’Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘8e.(a)Glacfaidh Stáit CSTE, amhail ón 1 Eanáir 2021, páirt sna gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an ngníomh Comhphobail seo a leanas agus sna gníomhaíochtaí i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta cé is moite de ghníomhaíochtaí GOVSATCOM agus de ghníomhaíochtaí SSA SST, arna gcur ar bun leis an ngníomh Comhphobail seo a leanas:

-32021 R 0696: Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(b)Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíochtaí airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus le Prótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú.

(c)Cumhdófar freisin leis an ranníocaíocht airgeadais, dá dtagraítear faoi phointe (b), an costas a bhaineann le cuimsiú Stáit CSTE i misean EGNOS agus le cumhdach sheirbhísí EGNOS a leathnú ionas go gcuimseoidh sé críocha Stáit rannpháirteacha CSTE. Beidh leathnú an chumhdaigh sin faoi réir na féidearthachta teicniúla agus ní chuirfidh sé moill ar leathnú an chumhdaigh gheografaigh a thugtar le córas EGNOS ar fud chríocha na mBallstát atá san Eoraip ó thaobh a suímh gheografaigh.

(d)Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta arna shocrú sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.

(e)Glacfaidh Stáit incháilithe CSTE páirt iomlán, gan ceart vótála, i mBord Riaracháin na Gníomhaireachta.

(f)Glacfaidh Stáit incháilithe CSTE páirt, gan ceart vótála, i mBord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta, maidir le codanna ábhartha den chlár agus beidh siad srianta i gcomhréir leis an mbeartas ‘ar bhonn riachtanais eolais’ arna bhunú leis an gclár.

(g)Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. I Stáit uile na bPáirtithe Conarthacha beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an nGníomhaireacht.

(h)Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Ghníomhaireacht agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leis na pribhléidí agus na díolúintí i bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

(i)De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh.

(j)De mhaolú ar Airteagal 12(2)(e), Airteagal 82(3)(e) agus Airteagal 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Chomhaontú LEE, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a mheas mar theangacha de chuid an Aontais, i dtaca lena baill foirne, dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(k)De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú, cé is moite de Ranna 1 agus 2 de Chaibidil 3, maidir leis an mír seo.

(l)Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, maidir le haon doiciméad de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le Stáit CSTE freisin.

(m)Glacfaidh Stáit incháilithe CSTE páirt iomlán, gan ceart vótála, i gcoistí an Aontais a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach le bainistiú, forbairt agus cur chun feidhme comhpháirteanna Galileo, EGNOS, Copernicus agus fo-chomhpháirteanna SSA SWE agus SSA NEO de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a).

I gcomhréir leis an mbeartas ‘ar bhonn riachtanais eolais’ arna bhunú leis an gclár, cuirfear srian ar rannpháirtíocht na gcoistí sin sa chumraíocht slándála.

(n)Díolmhófar Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.

(o)Beidh an Íoslainn rannpháirteach sna gníomhaíochtaí seo a leanas de chuid an chláir agus déanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais ina leith: EGNOS, Copernicus, agus fo-chomhpháirteanna SSA, is iad sin SWE agus NEO.’

Airteagal 2

Leasófar Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.Scriosfar téacs phointí 36 agus 37;

2.cuirfear isteach na pointí seo a leanas:

‘43.Bord um Chreidiúnú Slándála Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

44.Bord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE 3*.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   […]

(1)    IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.
(2)    IO L 283, 29.10.2010, lch. 12.
(3) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]