An Bhruiséil,23.9.2021

COM(2021) 593 final

2021/0303(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun an Comhaontú sin a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Tá sé molta ag an gCoimisiún go leagfaidh an Chomhairle síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) bunaithe ar Chinneadh ón gComhchoiste an Comhaontú sin a leasú.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta as an Aontas agus as Euratom. Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

2.2.An Comhchoiste

Ar an gComhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. In Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, leagtar síos rialacha nós imeachta an Chomhchoiste. Tagann an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad nó ar iarratas ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe agus socraíonn sé a sceideal cruinnithe agus a chlár oibre de chomhthoil.

Leagtar síos cúraimí an Chomhchoiste in Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ar na cúraimí sin tá an méid seo a leanas go príomha:

·maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe go díreach nó trí obair na gcoistí speisialaithe a thuairiscíonn dó;

·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann;

·fadhbanna a chosc agus díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach.

2.3.An cinneadh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh lena leasófar an Comhaontú um Tharraingt Siar, de bhun Airteagal 164(5)(d) den Chomhaontú, chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú um Tharraingt Siar, ar choinníoll nach ndéanfaidh na modhnuithe sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe sin a leasú.

Is é cuspóir an chinnidh atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha agus ar easnaimh nach ndéanann eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a leasú.

Beidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. I gcomhréir le Riail 9 de na Rialacha Nós Imeachta, sonrófar sna cinntí a ghlacann an Comhchoiste an dáta a thiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir le comhordú na slándála sóisialta

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar tá cinntí agus moltaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta nach mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe aird chuí a thabhairt orthu agus na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta á gcur i bhfeidhm (féach Airteagal 31 den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

An 18 Deireadh Fómhair 2017, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Moladh Uimh. A1 maidir leis an bhfianú dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a eisiúint. Níor liostaíodh an Moladh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin.

An 19 Deireadh Fómhair 2017, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. E6 maidir lena chinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach i gcóras EESSI. Níor liostaíodh an Cinneadh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin.

An 17 Meitheamh 2020, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. H9 maidir leis na spriocdhátaí a luaitear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus freisin i gCinneadh Uimh. S9 a chur siar de dheasca phaindéim COVID‑19. Níor liostaíodh an Cinneadh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin.

An 21 Deireadh Fómhair 2020, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. H10 maidir le modhanna oibríochta agus le comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta. Níor liostaíodh an Cinneadh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin. Tagann an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. H8 maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um próiseáil sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta. Dá bhrí sin, bainfear Cinneadh Uimh. H8 de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

An 9 Nollaig 2020, d'fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. H11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta  maidir leis na spriocdhátaí a luaitear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus freisin i gCinneadh Uimh. S9 a chur siar de dheasca phaindéim COVID‑19. Níor liostaíodh an Cinneadh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin.

An 10 Deireadh Fómhair 2018, d'fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Moladh Uimh. H2 maidir le gnéithe fíordheimhnithe a chur san áireamh i gcás Doiciméad Iniompartha arna n‑eisiúint ag institiúid Ballstáit agus ina léirítear staid an duine chun críche Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm. Níor liostaíodh an Moladh sin, áfach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart é a chur leis an Iarscríbhinn sin.

An 9 Nollaig 2020, d'fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. S11 maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagail 35 agus 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme. Tagann an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. S9 maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagail 35 agus 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, bainfear Cinneadh Uimh. S9 de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

4.Bunús dlí

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar dhlí na bPáirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

An t‑aon chuspóir atá ag an ngníomh atá beartaithe agus an t‑inneachar ann baineann siad, ar thaobh amháin, leis an gComhaontú a leasú chun earráidí, neamhghníomhartha agus easnaimh a réiteach gan na gnéithe ríthábhachtacha den Chomhaontú a leasú agus, ar an taobh eile, an Comhaontú a leasú i gcás dá bhforáiltear go sonrach sa Chomhaontú.

Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nach féidir gníomh a leasú ach amháin le gníomh den chineál céanna, is é Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

4.1.Conclúid

Ba cheart Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlíthiúil don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

De bhrí go ndéanfar an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú leis an gcinneadh ón gComhchoiste, is iomchuí go bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0303 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun an Comhaontú sin a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Chonradh an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de, 

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 1 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)Le hAirteagal 164(5)(d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh lena leasaítear an Comhaontú sin, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach ndéanfar eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe sin a leasú leis na cinntí sin. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe, agus ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe na cinntí sin a chur chun feidhme, agus beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar.

(3)Níor liostaíodh, de dhearmad, cinneadh amháin agus moladh amháin ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Glacadh ceithre chinneadh eile agus moladh amháin roimh dheireadh na hidirthréimhse. Dá bhrí sin ba cheart na cinntí agus na moltaí sin a chur leis an iarscríbhinn sin.

(4)Ba cheart don Chomhchoiste cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 164(5)(d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar chun aghaidh a thabhairt ar na neamhghníomhartha agus ar na heasnaimh sin.

(5)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagadh síos,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 164(5)(d) de.

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh ón gComhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.

An Bhruiséil,23.9.2021

COM(2021) 593 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun an Comhaontú sin a leasú


CINNEADH Uimh. […]/2021 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an ...

lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 164(5)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 164(5), pointe (d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear ar a chumas don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéantar an Comhaontú sin a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Cinntí den sórt sin a mbeidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe iad a chur chun feidhme.

(2)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí chúig chinneadh agus dhá mholadh ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta nár liostaíodh i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a chur isteach agus trí dhá chinneadh ar tháinig na cinntí nua ina n‑ionad a bhaint.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:

(1)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. A1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le heisiúint an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 cuirfear an Moladh sin isteach faoi ‘Reachtaíocht is infheidhme (sraith A)’;

(2)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. E6 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil lena chinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) 3 , cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Malartú Sonraí Leictreonacha (sraith E)’

(3)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. H9 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca phaindéim COVID‑19 4 , cuirfear an Moladh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(4)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H10 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta 5 , cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(5)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca phaindéim COVID‑19 6 , cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(6)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh H2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le gnéithe fíordheimhnithe a chur san áireamh i gcás Doiciméad Iniompartha arna n‑eisiúint ag institiúid Ballstáit agus ina léirítear staid an duine chun críche Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 a chur i bhfeidhm, cuirfear isteach an Moladh sin faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(7)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh S11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagail 35 agus 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 8 a chur chun feidhme, cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Breoiteacht (sraith S)’;

(8)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, bainfear na gníomhartha seo a leanas:

(a)Cinneadh H8 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um próiseáil sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh H10 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Slándála Sóisialta ina ionad maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta;

(b)Cinneadh S9 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagail 35 agus 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh S11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta ina ionad maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagail 35 agus 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in/i/sa...,

Thar ceann an Chomhchoiste 

Na Comhchathaoirligh 

(1)

      IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)    IO C 183, 29.5.2018, lgh. 5-14
(3)    IO C 355, 4.10.2018, lgh. 5-7
(4)    IO C 259, 7.8.2020, lch. 9
(5)    IO C 89, 16.3.2021, lgh. 6-10
(6)    IO C 170, 6.5.2021, lgh. 4-5
(7)    IO C 147, 29.4.2019, lgh. 6-7
(8)    IO C 236, 18.6.2021, lgh. 4-9