AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.9.2021
COM(2021) 581 final
2021/0295(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/138/CE a mhéid a bhaineann le comhréireacht, cáilíocht na maoirseachta, tuairisciú, bearta ráthaíochta fadtéarmacha, uirlisí micreastuamachta, rioscaí inbhuanaitheachta, maoirseacht grúpa agus trasteorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 620 final} - {SWD(2021) 260 final} - {SWD(2021) 261 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Fágann tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta an árachais gur gá idirghabháil ó údaráis phoiblí ina leith, i bhfoirm maoirseacht stuamachta. Soláthraíonn árachóirí cosaint ar imeachtaí amach anseo a bhféadfaidh caillteanas a bheith ann dá ndeasca, agus cuireann siad coigilteas teaghlaigh i dtreo na margaí airgeadais agus an fhíorgheilleagair. Le Treoir 2009/138/CE (“Sócmhainneacht II”) leagtar amach rialacha stuamachta le haghaidh na hearnála árachais agus is é is aidhm di margadh aonair a chumasú le haghaidh seirbhísí árachais, agus sealbhóirí polasaí á gcosaint san am céanna.
Tá sainordú dlíthiúil ag an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhpháirteanna ríthábhachtacha de Threoir Shócmhainneacht II, go háirithe a ceanglais maidir le caipitil rioscabhunaithe agus a rialacha maidir le luacháil dliteanas fadtéarmach, agus teacht ar chonclúidí ó na chéad 5 bliana de thaithí leis an gcreat. Léiríodh leis an taithí sin freisin go bhféadfaí feabhas a chur ar chomhréireacht Shócmhainneacht II, agus cuireadh i dtábhacht nach ann d’fhorálacha sonracha ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le carnadh na rioscaí sistéamacha, chun ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna a áirithiú nó chun árachóirí a shocrú, i gcás inar gá.
Thairis sin, ní mór an creat a bheith comhsheasmhach le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais. Go háirithe, ba cheart ról a bheith ag an earnáil árachais maidir le téarnamh eacnamaíoch iar‑COVID‑19 a mhaoiniú, le hAontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích agus le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Níos sonraí ná sin, beidh an earnáil ríthábhachtach maidir le ‘hathéadáil’ san earnáil chorparáideach agus leis an aistriú chuig an inbhuanaitheacht a mhaoiniú.
Is tionscnamh ríthábhachtach é an t‑athbhreithniú dar le hinstitiúidí Eorpacha eile freisin chun tacú le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil. Sa tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le forbairt bhreise ar Aontas na Margaí Caipitil iarrtar ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear in aghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha le ceanglais chaipitil le haghaidh infheistíochtaí i ngnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Leis na Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, iarrtar ar an gCoimisiún ról na n‑árachóirí mar infheisteoirí fadtéarmacha a neartú agus measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun infheistíochtaí fadtéarmacha i ngnólachtaí, go háirithe FBManna, a dhreasú, gan cobhsaíocht airgeadais ná cosaint infheisteoirí a chur i mbaol.
Ina fhianaise sin, shainaithin an Coimisiún na cuspóirí seo a leanas le haghaidh an athbhreithnithe:
·dreasachtaí a sholáthar d’árachóirí chun rannchuidiú le maoiniú fadtéarmach inbhuanaithe an gheilleagair;
·feabhas a chur ar íogaireacht i leith riosca;
·maolú a dhéanamh ar luaineacht iomarcach gearrthéarmach i staideanna sócmhainneachta árachóirí;
·cáilíocht, comhsheasmhacht agus comhordú na maoirseachta ar árachas a fheabhsú ar fud an Aontais, agus feabhas a chur ar chosaint sealbhóirí polasaí agus tairbhithe, lena n‑áirítear cásanna nuair a chliseann ar a n‑árachóir.
·dul i ngleic níos fearr le méadú féideartha an riosca shistéamaigh san earnáil árachais.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an togra seo cuirtear leis an gcreat stuamachta le haghaidh cuideachtaí árachais a leagtar amach i dTreoir 2009/138/CE, agus neartaítear é, a dtugtar míniú níos mionsonraithe orthu i roinn 5 thíos. Is é atá i dTreoir Shócmhainneacht II, i dteannta Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35, bunchloch chreat stuamachta an Aontais maidir le hárachas. Le Teachtaireacht a glacadh i dteannta an togra seo tugtar míniú níos mionsonraithe ar an idirghníomhaíocht idir an togra agus leasuithe atá le teacht ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Glactar an togra seo mar chuid d’aon phacáiste amháin, i dteannta togra reachtach maidir le réiteach le haghaidh gnóthais árachais; is é is aidhm don phacáiste seo feidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh árachais agus iontaobhas ann a fheabhsú. Tagann na tograí sa phacáiste le chéile, ós rud é go leasaítear leis an togra na rialacha maidir le maoirseacht roimh chliseadh cuideachta árachais, cé go dtéitear, leis na rialacha caighdeánúcháin nua maidir le réiteach, i ngleic leis na nósanna imeachta agus leis na cumhachtaí tar éis cliseadh den sórt sin.
Trí leasuithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le luacháil dliteanas árachóirí, tá an togra seo ina chuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Go háirithe, fágann na leasuithe ábhartha nach mbeidh iompraíocht mhíchuí chomh‑thimthriallach chomh dealraitheach sin agus is fearr a léirítear cineál fadtéarmach an ghnó árachais leo. Beidh bearta breise faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ag gabháil leis na hathruithe sin, chun go n‑áiritheofar oiriúnacht ríomh an chorrlaigh riosca agus na gcritéar incháilitheachta le haghaidh na haicme sócmhainní cothromais fhadtéarmaigh.
Ag an gcéim seo, tá roinnt tionscnamh á saothrú ag an gCoimisiún chun maoiniú príobháideach an aistrithe, chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, a mhéadú agus chun a áirithiú go mbainisteoidh an córas airgeadais rioscaí aeráide agus comhshaoil. Chuige sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach lena soiléirítear ceanglais maidir le tuairisciú neamhairgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de agus lena gcuirtear síneadh leis an raon feidhme, i measc nithe eile, chun gnóthais árachais mheánmhéide a chuimsiú. Chun dúbailt a sheachaint, ní théitear, leis an togra seo, i ngleic le ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.
Trí cheanglas a thabhairt isteach chun cásanailís i gcás an athraithe aeráide a dhéanamh, leis an togra rannchuidítear leis an straitéis chun an t‑aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú, arb é is aidhm di an dúshraith le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe a neartú, chun breithnithe inbhuanaitheachta a lánpháirtiú go hiomlán sa chóras airgeadais agus chun na breithnithe sin a bhainistiú.
Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí freisin ar an ngá atá le neamhréir a sheachaint idir an togra seo agus leasuithe atá le teacht maidir le rialacha le haghaidh na hearnála baincéireachta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Le Treoir Shócmhainneacht II déantar foráil maidir le creat cuimsitheach rialála maidir le gabháil do ghnó árachais laistigh den Aontas agus maidir lena shaothrú ann. Is iad Airteagail 53(1) agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na bunúis dlí le haghaidh na Treorach atá i bhfeidhm faoi láthair; Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas i gcomhréir leis na hAirteagail sin chun leanúint de na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a ailíniú nó chun rialacha caighdeánaithe nua a thabhairt isteach.
•Coimhdeacht
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Tá rialáil árachais ar an leibhéal Eorpach seanbhunaithe, ós rud é nach féidir, ach amháin le gníomhaíocht ón Aontas, creat rialála coiteann a shocrú le haghaidh árachóirí a thairbhíonn de shaoirse bunaíochta agus de shaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Maidir leis sin, tá an togra seo, amhail an reachtaíocht a bhféachtar le leasú a dhéanamh uirthi leis, i gcomhréir iomlán le prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe de Threoir Shócmhainneacht II, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le ceanglais maidir le caipitil, maidir le luacháil dliteanas árachais atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus maidir le maoirseacht trasteorann. Tugtar isteach leis freisin soiléirithe agus athruithe is gá ar fhorálacha lena gcuirtear prionsabal na comhréireachta chun feidhme. Tá gá leis na hathruithe sin agus tá siad comhréireach chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chreata rialála le haghaidh árachóirí agus chun cuspóirí Shócmhainneacht II a ghnóthú.
•An rogha ionstraime
Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar Threoir Shócmhainneacht II atá ann cheana, agus dá bhrí sin is Treoir leasaitheach í an ionstraim atá roghnaithe.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
San iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair a ghabhann leis seo tá meastóireacht ar chreat Shócmhainneacht II. Is iad na príomhchonclúidí atá ann go bhfuil an creat éifeachtach agus comhleanúnach ar an iomlán, go leantar de bheith ag dul i ngleic le riachtanais agus fadhbanna leis, agus go dtugtar an breisluach a bhí beartaithe leis. Dá ainneoin sin, cuirtear roinnt saincheisteanna i dtábhacht leis freisin maidir lena phrionsabail agus lena cheanglais a chur chun feidhme, agus leis an bpróiseas cóineasúcháin maoirseachta. Thairis sin, ní chuirtear an timpeallacht airgeadais ná eacnamaíoch nua san áireamh go hiomlán leis an gcreat, go háirithe a mhéid a bhaineann le rátaí úis ísle.
Ina theannta sin, is ann fós do luaineacht iomarcach gearrthéarmach, d’ainneoin na n‑uirlisí atá ann arb é is aidhm dóibh maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin. Ní mór feabhas a chur ar cheanglais chaipitil chun íogaireacht i leith riosca agus láimhseáil iomchuí ar infheistíochtaí fadtéarmacha a áirithiú. Thairis sin, ní chuirtear cineál inbhuanaithe na sócmhainní atá i seilbh árachóirí san áireamh leo. D’fhéadfaí feabhas a chur ar shaintréithe áirithe de na forálacha maidir le tuairisciú agus le nochtadh agus, ar bhealach níos ginearálta, bhí cur chun feidhme na comhréireachta neamh‑leordhóthanach chun an t‑ualach rialála ar árachóirí níos lú a laghdú go héifeachtach.
Leis an meastóireacht dírítear freisin ar easnaimh rialála agus mhaoirseachta i gcosaint an tsealbhóra polasaí. Tá deiseanna ann próisis mhaoirseachta a ailíniú a thuilleadh agus feabhas a chur ar an gcomhar idir maoirseoirí i gcás gníomhaíochtaí trasteorann. Thairis sin, níl ach uirlisí teoranta ag údaráis mhaoirseachta chun dul i ngleic leis an méadú féideartha ar riosca sistéamach san earnáil árachais agus chun tabhairt faoi mhaoirseacht mhicreastuamachta iomchuí.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinne an Coimisiún gníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla le haghaidh an athbhreithnithe seo. An 29 Eanáir 2020, thionóil sé comhdháil phoiblí ar an athbhreithniú, le hionadaithe ón tionscal árachais, ó chomhlachais árachais, ó na húdaráis phoiblí, ón tsochaí shibhialta agus ó Pharlaimint na hEorpa.
Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí freisin ón 1 Iúil 2020 go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2020, agus fuair sé 73 fhreagra ó pháirtithe leasmhara éagsúla a dhéanann ionadaíocht don tionscal árachais (56 %), don tsochaí shibhialta (14 %) agus do na húdaráis phoiblí (11 %). D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil achomair ar an aiseolas maidir leis an gcomhairliúcháin sin an 1 Feabhra 2021. Ina theannta sin, phléigh an Coimisiún gnéithe éagsúla den athbhreithniú le linn roinnt cruinnithe de ghrúpa saineolaithe de chuid na mBallstát.
Tá na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin ina gcomhlánú ar thrí chomhairliúchán a reáchtáil ÚEÁPC idir Iúil 2019 agus Eanáir 2020.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tar éis iarraidh fhoirmiúil ar chomhairle a sheol an Coimisiún i bhFeabhra 2019, sholáthair ÚEÁPC Tuairim maidir leis an athbhreithniú ar Shócmhainneacht II, i dteannta anailís chúlra agus measúnú tionchair, an 17 Nollaig 2020. Le Tuairim ÚEÁPC cuireadh eolas ar fáil do mheasúnú tionchair an Choimisiúin agus d’fhorbairt an togra seo. Le hIarscríbhinn 10 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo liostaítear foinsí breise a measadh agus an togra seo á ullmhú.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo. Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 19 Márta 2021, agus fuarthas tuairim dhearfach ina leith an 23 Aibreán 2021. Cé gur mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála cineál cuimsitheach agus dea‑struchtúrtha an mheasúnaithe tionchair, mhol sé tuilleadh forbartha a dhéanamh ar anailís na faidhbe agus ar an insint, lena n‑áirítear i ndáil le comhréireacht. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir.
Leis an measúnú tionchair sainaithnítear tacar roghanna beartais tosaíochta lena dtéitear i ngleic le chúig phríomhfhadhb:
i)dídhreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha i gcothromas agus léiriú neamh‑leordhóthanach ar rioscaí inbhuanaitheachta;
ii)léiriú neamh‑leordhóthanach ar thimpeallacht na rátaí úis ísle agus, b’fhéidir, luaineacht ró‑ard i staideanna sócmhainneachta;
iii)castacht le haghaidh árachóirí beaga nach bhfuil chomh rioscúil sin;
iv)clistí arbh ann dóibh le déanaí i gcás árachóirí a oibríonn thar theorainneacha, rud lenar cuireadh i dtábhacht easnaimh mhaoirseachta agus cosaint athraitheach do shealbhóirí polasaí ar fud an Aontais tar éis na gclistí sin;
v)féadfaidh go mbeidh uirlisí chun rioscaí sistéamacha a chosc neamh‑leordhóthanach ar deireadh.
Baineann an phríomh‑chomhbhabhtáil chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin le tionchar cainníochtúil foriomlán an athbhreithnithe. Le méadú suntasach ar cheanglais chaipitil chuirfí bac ar rannchuidiú árachóirí leis an téarnamh glas agus inbhuanaithe. An tráth céanna, le laghdú suntasach chuirfí cosaint an tsealbhóra polasaí agus an chobhsaíocht airgeadais i gcontúirt.
Go deimhin, de thoradh chéimniú isteach na n‑athruithe ar rátaí úis, thiocfadh faoiseamh caipitil suntasach de thoradh na roghanna beartais tosaíochta, rud a mheastar a bheidh suas le EUR 90 000 000 000 sa ghearrthéarma. I ndeireadh na hidirthréimhse, meastar gurb é a bheidh mar thoradh ar na roghanna beartais tosaíochta, i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair, caipiteal a bheidh cobhsaí a bheag nó a mhór nó caipiteal a bheidh méadaithe de bheagán de bhreis ar cheanglais rialála (ag brath ar dhálaí an mhargaidh).
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis an Treoir atá beartaithe cuirtear feabhas ar oiriúnacht na rialála agus simplítear an creat mar a leanas:
·breis gnólachtaí beaga a eisiamh ó Shócmhainneacht II;
·níos mó rialacha comhréireacha a chur ar fáil go huathoibríoch do ‘gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal’ agus, tar éis formheas maoirseachta, d’árachóirí eile;
·cainníochtú rioscaí neamhábhartha a shimpliú;
·a áirithiú nach dtéann na nochtaí a cheanglaítear thar a bhfuil riachtanach le haghaidh na bhfaighteoirí.
A mhéid a bhaineann le hullmhacht dhigiteach, tá forálacha Threoir Shócmhainneacht II neodrach cheana ó thaobh na teicneolaíochta de. Ina theannta sin, le cumhachtuithe atá ann le haghaidh an Choimisiúin agus ÚEÁPC d’fhéadfaí coigeartuithe breise a dhéanamh, go háirithe maidir le tuairisciú maoirseachta agus nochtaí.
•Cearta bunúsacha
Léirítear meas ar na cearta bunúsacha sa togra agus cloítear leis na prionsabail arna n‑aithint ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirseacht chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16) agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí sonracha a bhaint amach bunaithe ar an liosta neamh‑uileghabhálach de tháscairí i Roinn 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.
I gceann 5 mbliana, déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht eile ar Threoir Shócmhainneacht II, lena n‑áirítear na leasuithe ar an togra seo, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.
Ní éilítear plean cur chun feidhme leis an togra seo.
•Doiciméid mhíniúcháin
Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 den togra leasaítear Treoir 2009/138/CE.
Comhréireacht
Le mír 2 leasaítear Airteagal 4 chun méadú a dhéanamh ar mhéid na dtairseach le haghaidh na n‑eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE, rud lena gceadaítear dá réir sin níos mó gnóthais bheaga a eisiamh.
Le mír 12 soiléirítear in Airteagal 29 infheidhmeacht phrionsabal na comhréireachta i leith gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, go háirithe tríd an gcoincheap nua, maidir le gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, a thabhairt isteach.
Le mír 13 tugtar isteach na hAirteagail nua 29a go 29e. Le hAirteagal 29a bunaítear critéir chun gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal a shainaithint, agus is féidir na critéir sin a fhorlíonadh i ngníomhartha tarmligthe. Le hAirteagal 29b bunaítear an próiseas maidir leis an aicmiú mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
Le hAirteagal 29c liostaítear na bearta comhréireachta atá ar fáil ‘go huathoibríoch’ do ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal agus bunaítear na rialacha i gcás athrú ar an bpróifíl riosca. Le hAirteagal 29d leagtar amach an bealach is féidir le gnóthais nach n‑aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal a údarú chun bearta comhréireachta a úsáid. Le hAirteagal 29e leagtar amach oibleagáidí um thuairisciú le haghaidh na ngnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
Le mír 63 tugtar isteach an tAirteagal 213a nua, lena mbunaítear na critéir chun grúpaí ag a bhfuil próifíl riosca íseal a shainaithint, mar aon leis na rialacha maidir le húsáid na mbeart comhréireachta ag na grúpaí árachais sin.
Le mír 21 tugtar mír 2a nua isteach in Airteagal 41 chun a cheadú do gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal duine amháin a shannadh chun roinnt príomhfheidhmeanna a bheith acu. Leis an mír sin soláthraítear bearta comhréireachta freisin i ndáil le rialacha rialachais; i gcás gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal ní gá na beartais inmheánacha a liostaítear in Airteagal 41(3) a thabhairt cothrom le dáta ach amháin gach 3 bliana seachas go bliantúil.
Leasaítear Airteagal 45 chun a cheadú do ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing a chomhlíonann critéir áirithe an féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta a dhéanamh gach 2 bhliain seachas go bliantúil ar a laghad.
Le hathruithe ar Airteagal 77 cheadófaí úsáid a bhaint as luacháil stuama chinnteachaíoch ar an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí saoil le roghanna agus le ráthaíochtaí nach meastar a bheith ábhartha, seachas úsáid a bhaint as teicnící luachála stocastacha.
Leis an Airteagal 109 nua tugtar isteach simplithe san fhoirmle chaighdeánach nuair nach bhfuil modúl ná fomhodúl riosca ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt critéir shonracha.
Cáilíocht na maoirseachta
Leis an leasú ar Airteagal 25 áirithítear go ndéanfar fógra faoi gach diúltú d’údarú, lena n‑áirítear an chúis, a thabhairt do ÚEÁPC agus a thaifeadadh i mbunachar sonraí, rud is féidir leis na húdaráis mhaoirseachta a cheadú. Leis an athrú ar Airteagal 26 tugtar isteach an fhéidearthacht go ndéanfaí measúnú comhpháirteach ar iarratas ar údarú arna iarraidh sin do cheann de na húdaráis mhaoirseachta nach mór d’údarás maoirseachta an Bhallstáit bhaile dul i gcomhairle leis.
Is é is aidhm do na leasuithe ar Airteagail 30, 36 agus 42 an faireachán ar chomhlíontacht a fheabhsú le ceanglais chuí chóra a mhéid a bhaineann le comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó daoine ag a bhfuil príomhfheidhmeanna eile sa ghnóthas árachais nó athárachais. Le hAirteagal 42(4) cumhachtaítear do na húdaráis mhaoirseachta a iarraidh go gcuirfí comhalta den bhord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó sealbhóir príomhfheidhme as oifig.
Tuairisciú
Leis na modhnuithe ar Airteagal 35 agus leis an Airteagal 35a nua oiriúnaítear na ceanglais maidir le tuairisciú le haghaidh gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, go háirithe chun éascaíocht a dhéanamh don rochtain ar dhíolúintí agus teorainneacha a bhaineann le tuairisciú le haghaidh na n‑eintiteas sin.
Leis an Airteagal 35(5a) nua agus leis an Airteagal 256b nua maidir leis an Tuarascáil Maoirseachta Thráthrialta (TMT) ag gnóthais agus grúpaí leagtar síos na prionsabail agus an mhinicíocht le haghaidh na tuarascála insinte sin. Leis an Airteagal 35b nua leagtar amach sprioc‑amanna maidir le tuairisciú agus tugtar isteach an fhéidearthacht chun iad a athrú ar gcás ina mbeidh údar leis sin de bharr imthosca urghnácha.
Le míreanna 26 agus 83 leasaítear Airteagal 51 agus, faoi seach, Airteagal 256 chun modhnú a dhéanamh ar struchtúr na Tuarascála maidir le Sócmhainneacht agus Staid Airgeadais (TSSA) de réir gnóthas agus grúpaí, agus déantar ábhar na Tuarascála a scoilteadh i gcuid atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus i gcuid atá dírithe ar pháirtithe leasmhara eile.
Le míreanna 27 agus 84 tugtar isteach trí na hAirteagail nua 51a agus 256c ceanglas iniúchóireachta le haghaidh an chláir chomhardaithe stuamachta, an chláir chomhardaithe ghrúpa agus/nó le haghaidh TSSA aonair.
Le mír 28 tugtar isteach in Airteagal 52 oibleagáid ar mhaoirseoirí staidreamh ÚEÁPC a thíolacadh maidir le húsáid na mbeart comhréireachta agus simplithe ina margadh.
Le mír 47 leasaítear Airteagal 112 chun a cheangal ar ghnóthais a úsáideann samhail inmheánach meastachán ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta, a ríomhtar leis an bhfoirmle chaighdeánach, a thuairisciú go tráthrialta do na maoirseoirí.
Bearta ráthaíochta fadtéarmacha
Cuirtear mír 37 in ionad Airteagal 77a maidir leis na rialacha le haghaidh eachtarshuíomh an struchtúir téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca. Leis na leasuithe ceanglaítear go gcuirtear faisnéis san áireamh leis an eachtarshuíomh, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, ó mhargaí airgeadais le haghaidh aibíochtaí i gcás ina ndéanfar an struchtúr téarma a eachtarshuíomh. Déantar an modh eachtarshuímh nua a thagann as sin a chéimniú isteach go líneach thar thréimhse a théann go dtí 2032, ar lena linn a bheidh ar árachóirí nochtadh a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann leis an modh eachtarshuímh nua gan céimniú isteach.
Le mír 38 leasaítear Airteagal 77d a bhaineann leis an gcoigeartú luaineachta. Tiocfaidh cásanna nua a bhaineann leis an gcoigeartú luaineachta a úsáid chun bheith faoi réir údarú maoirseachta. Thairis sin, cuirtear céatadán níos airde de 85 % den raon difríochta coigeartaithe riosca san áireamh sa choigeartú luaineachta. Chun maolú a dhéanamh ar an riosca go gcúitítear leis an gcoigeartú luaineachta méid a bheidh sa bhreis ar na caillteanais ar infheistíochtaí ó mhéadú ar raonta difríochta creidmheasa, tugtar isteach ‘cóimheas íogaireachta um an raon difríochta creidmheasa’ a bhaineann go sonrach le gnóthas. Ar deireadh, cuirtear coigeartú macraluaineachta in ionad na comhpháirte tíre den choigeartú luaineachta le haghaidh na mBallstát arb é an euro a n‑airgeadra chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann le géarchéimeanna um raon difríochta ar leibhéal tíre agus éifeachtaí aille á seachaint san am céanna.
Déantar na hathruithe sin a chomhlánú le mír 48, lena dtugtar coimircí isteach in Airteagal 122 ina gcuirtear san áireamh le samhail inmheánach éifeacht ghluaiseachtaí um raon difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta (‘coigeartú luaineachta dinimiciúil’).
Le mír 44 leasaítear Airteagal 106(3) chun a cheadú go ndéanfar muirir chaipitil a mhéadú nó a laghdú 17 % ar a mhéid, seachas 10 %, leis an gcoigeartú siméadrach ar an riosca cothromais.
Le mír 51 leasaítear Airteagal 138 chun a áirithiú go rachaidh ÚEÁPC, seachas údaráis mhaoirseachta náisiúnta, i gcomhairle le BERS roimh staid dhíobhálach eisceachtúil a dhearbhú.
Cuirtear mír 90 in ionad Airteagal 304(2) maidir leis an bhfomhodúl riosca cothromais fadbhunaithe, nár cheart úsáid an mhéid sin a fhormheas a thuilleadh, in éineacht le foráil mharthanachta.
Le míreanna 95 agus 96 leasaítear Airteagal 308c maidir leis an mbeart idirthréimhseach i ndáil leis na rátaí úis saor ó riosca agus, faoi seach, Airteagal 308d maidir leis an mbeart idirthréimhseach i ndáil le forálacha teicniúla. Tá formheasanna nua ar úsáid na mbeart idirthréimhseach sin teoranta do liosta iata imthosca. Thairis sin, beidh ar chuideachtaí a úsáideann na bearta sin na cúiseanna a bhaineann leis an úsáid a nochtadh mar aon le measúnú ar an spleáchas ar na bearta agus bearta chun an spleáchas sin a laghdú.
Le míreanna 39, 40 agus 46 ailínítear Airteagal 77e, Airteagal 86 agus, faoi seach, Airteagal 111 maidir leis na cumhachtuithe le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme leis na hathruithe ar a dtugtar tuairisc thuas. Ina theannta sin, le mír 40 tugtar isteach cumhachtú nua le haghaidh gníomhartha tarmligthe maidir le critéir incháilitheachta i leith sócmhainní i gcomhthéacs an choigeartaithe meaitseála.
Uirlisí micreastuamachta
Le mír 24 lánpháirtítear breithnithe maicreacnamaíocha agus anailís mhaicreacnamaíoch in Airteagal 45 maidir leis an bhFéinmheasúnú Riosca agus Sócmhainneachta a dhéanann árachóirí. Ceanglófar ar árachóirí measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag forbairtí sochreidte maicreacnamaíocha agus margaidh agus airgeadais, lena n‑áirítear cásanna díobhálacha eacnamaíocha, ar a bpróifíl riosca, ar a gcinntí gnó agus ar a riachtanais sócmhainneachta shonracha, agus measúnú cómhalartach ar an mbealach a fhéadfar difear a dhéanamh do thionscnóirí an mhargaidh lena ngníomhaíochtaí. Ceanglófar ar údaráis mhaoirseachta ionchur a sholáthar do ghnóthais shonracha, go háirithe a mhéid a bhaineann le rioscaí agus ábhair imní mhicreastuamachta a eascraíonn as a n‑anailís.
Le mír 49 lánpháirtítear breithnithe maicreacnamaíocha in Airteagal 132 maidir le prionsabal an duine stuama le haghaidh infheistíochtaí. Ceanglófar ar árachóirí forbairtí sochreidte maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais a chur san áireamh ina straitéis infheistíochta agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a fhéadfaidh a n‑infheistíochtaí riosca sistéamach a mhéadú. Ceanglófar ar údaráis mhaoirseachta ionchur a sholáthar do ghnóthais shonracha a mhéid a bhaineann le hábhair imní mhicreastuamachta áirithe.
Le mír 54 tugtar isteach na hAirteagail nua 144a go 144d. Le hAirteagal 144a tugtar isteach ceanglais maidir le bainistíocht agus pleanáil leachtachta chun a áirithiú go bhféadfar oibleagáidí airgeadais i leith sealbhóirí polasaí a shocrú. Go háirithe, beidh ar árachóirí táscairí riosca leachtachta a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta.
Le hAirteagal 144b cuirtear ar a gcumas d’údaráis mhaoirseachta idirghabháil a dhéanamh i gcás nach dtabharfaidh árachóir aghaidh go hiomchuí ar leochaileachtaí leachtachta. Ina theannta sin, beidh an fhéidearthacht ag údaráis mhaoirseachta, i gcásanna eisceachtúla agus mar bheart in am an éigin, reonna sealadacha ar roghanna fuascailte maidir le polasaithe árachais saoil a fhorchur ar chuideachtaí ar leith nó ar an margadh ina iomláine.
Le hAirteagal 144c tugtar isteach cumhachtaí maoirseachta arb é is aidhm dóibh staid sócmhainneachta gnóthas sonrach a chaomhnú le linn cásanna eisceachtúla amhail imeachtaí díobhálacha eacnamaíocha nó margaidh lena ndéantar difear do chuid mhór den mhargadh árachais nó don mhargadh árachas iomlán. Faoi réir critéir rioscabhunaithe agus coimircí sonracha, is féidir dáileacháin ar scairshealbhóirí agus ar iasachtóirí fo‑ordaithe eile de chuid gnóthas ar leith a chur ar fionraí nó a theorannú sula ndéanfar sárú iarbhír ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta.
Leasuithe a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip
Le mír 25 tugtar isteach an tAirteagal 45a nua ar chásanailís aeráide. Beidh ar árachóirí aon neamhchosaint ar rioscaí maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus, i gcás inarb ábhartha, measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag cásanna fadtéarmacha maidir leis an athrú aeráide ar a ngnó. Tá árachóirí a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal díolmhaithe ó chásanailísí.
Le mír 91 tugtar isteach an tAirteagal 304a nua le dhá shainordú chuig ÚEÁPC a mhéid a bhaineann le rioscaí inbhuanaitheachta. Tá sainordú ag ÚEÁPC láimhseáil stuamachta thiomnaithe a iniúchadh faoi 2023 ar neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní nó le gníomhaíochtaí atá bainteach go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil agus/nó sóisialta agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar raon feidhme agus ar chalabrú pharaiméadair na foirmle caighdeánaí a bhaineann le riosca tubaiste nádúrtha.
Maoirseacht grúpa
Leasaítear Airteagal 212 a ghabhann le Treoir Shócmhainneacht II chun éascaíocht a dhéanamh do shainaithint gnóthas ar grúpa iad, go háirithe i leith grúpaí nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, agus maidir le grúpaí cothrománacha. Ina theannta sin, soiléirítear an sainmhíniú ar chuideachta sealbhaíochta árachais ar bhealach comhchosúil leis na leasuithe ar an sainmhíniú ar chuideachta sealbhaíochta árachais i dTreoir 2013/36/AE maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n‑institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta.
Leasaítear Airteagal 213 chun cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a thabhairt go díreach faoi raon feidhme chreat stuamachta an Aontais. Leis an mír 3a nua ceanglaítear rialachas inmheánach agus struchtúr corparáideach iomchuí le haghaidh grúpaí ar cuideachta sealbhaíochta a máthairghnóthas, chun foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht grúpa éifeachtach. Cuirtear míreanna 3b agus 3c isteach chun cumhachtaí forfheidhmiúcháin iomchuí a áirithiú, lena n‑áirítear, mar bheart in am an éigin, an chumhacht chun a cheangal ar an ngrúpa athstruchtúrú.
Le mír 64 leasaítear Airteagal 214 chun go soiléireofar an uair is féidir gnóthas a eisiamh ó raon feidhme maoirseachta grúpa, an uair is féidir maoirseacht grúpa a tharscaoileadh nó a fheidhmiú ar leibhéal máthairghnóthais idirmheánaigh.
Leasaítear Airteagail 244, 245 agus 265 chun síneadh a chur leis an liosta táscairí a bhféadfaidh grúpa maoirseoirí idirbhearta inghrúpa suntasacha agus comhchruinnithe riosca a shainmhíniú bunaithe air sin agus chun raon feidhme an tuairiscithe ar idirbhearta inghrúpa a shoiléiriú.
Le mír 86 tugtar isteach in Airteagal 258 íostacar cumhachtaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha.
Le mír 87 leasaítear Airteagal 262 trí shoiléiriú a dhéanamh ar na cuspóirí agus ar na cumhachtaí is gá i gcás ina gcuirfear ‘modhanna eile’ i bhfeidhm maidir leis an maoirseacht ar ghrúpaí a bhfuil ceannoifig a máthairghnóthas deiridh lasmuigh de LEE.
Cuirtear isteach Airteagal 229a nua chun an fhéidearthacht a thabhairt, faoi réir formheas maoirseachta, cur chuige simplithe a úsáid i leith lánpháirtiú gnóthas neamhábhartha gaolmhar i ríomh shócmhainneacht an ghrúpa. Tugtar isteach tairseacha ábharthachta.
Leasaítear Airteagail 220, 222, 228, 230, 233, 234 agus 308b(17) agus cuirtear isteach Airteagal nua 233a chun na soiléirithe seo a leanas a sholáthar maidir le rialacha lena rialaítear ríomh shócmhainneacht an ghrúpa:
·an cineál gnóthas a fhéadfar a áireamh trí mhodh 2;
·conas ba cheart an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta le haghaidh grúpa comhdhlúite a ríomh i gcás meascán de mhodhanna;
·conas gnóthais ó earnálacha airgeadais eile, e.g. institiúidí creidmheasa, a áireamh i ríomh shócmhainneacht an ghrúpa;
·conas measúnú a dhéanamh ar chistí dílse an ghrúpa, go háirithe an coincheap a bhaineann le ‘slán ó ualuithe’, láimhseáil beart idirthréimhseach maidir le forálacha teicniúla agus maidir leis an ráta saor ó riosca, agus láimhseáil míreanna cistí dílse nach féidir a chur ar fáil go héifeachtach chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach;
·i gcás úsáid a bheith á baint as modh 1 nó as meascán de mhodhanna, conas an íosteorainn a ríomh maidir leis an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta le haghaidh grúpa comhdhlúite.
Thairis sin, tugtar isteach ‘Íoscheanglas athbhreithnithe um Chaipiteal Sócmhainneachta le haghaidh Grúpa Comhdhlúite’ agus é bunaithe ar na rialacha maidir leis an Íoscheanglas Caipitil ar an leibhéal aonair.
Leasaítear Airteagail 246 agus 257 chun soiléiriú a thabhairt ar rialacha rialachais is infheidhme maidir le gnóthais aonair a chur i bhfeidhm mutatis mutandis ar leibhéal an ghrúpa. Sna leasuithe sin áirítear ról an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an mháthairghnóthais agus ceanglaítear go n‑áiritheoidh grúpaí comhsheasmhacht na mbeartas i scríbhinn de chuid an ghrúpa leo siúd a ghlacann gnóthais ghaolmhara. Ar deireadh, soiléirítear leo gur cheart do na daoine atá i gceannas ar phríomhfheidhmeanna eile laistigh de chuideachtaí sealbhaíochta árachais agus de chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheith cuí cóir.
Ina theannta sin, cuirtear isteach Airteagail 246a agus 246b chun an bealach, atá feidhm ag na rialacha micreastuamachta nua ar leibhéal na ngrúpaí árachais, a shonrú.
Maoirseacht ar ghnó árachais trasteorann
Leasaítear na forálacha maidir le húdarú in Airteagal 18 le ceanglas ar iarratasóirí chun faisnéis a sholáthar maidir le diúltuithe nó le haistarraingtí údarúcháin roimhe sin i mBallstáit eile agus faisnéis ar údaráis mhaoirseachta chun é sin a chur san áireamh sa mheasúnú ar iarratais. I gcomhthéacs an phróisis údaraithe, le hathruithe ar Airteagal 23 áirithítear go gcuirfear údaráis mhaoirseachta ar an eolas freisin faoi ghnó trasteorann beartaithe.
Le mír 15 tugtar isteach in Airteagal 33a íoscheanglais maidir le malartú na faisnéise idir na húdaráis mhaoirseachta sa Bhallstát baile agus sna Ballstáit óstacha maidir leis na hárachóirí agus lena ngníomhaíochtaí sa Bhallstát óstach.
Le leasuithe ar Airteagail 149 agus 152 soiléirítear gur cheart do ghnóthais árachais fógra a thabhairt faoi athruithe ábhartha agus faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le gníomhaíochtaí árachais trasteorann leanúnacha. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis sin a mhalartú.
Le mír 58 d’Airteagal 152b feabhsaítear an ról atá ag ÚEÁPC i gcásanna trasteorann casta i gcás ina dteipfidh ar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann teacht ar dhearcadh coiteann in ardán comhair.
Leis an leasú ar Airteagal 153 áirithítear rochtain thráthúil ar fhaisnéis ag údarás maoirseachta de chuid Ballstát óstach.
Le hAirteagal 159a cumhachtaítear d’údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh faisnéis a iarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile maidir le staid sócmhainneachta an ghnóthais agus, i gcás ina mbeidh ábhair imní láidre ann, a iarraidh go ndéanfar cigireacht chomhpháirteach ar an láthair. Tugtar ról do ÚEÁPC chun easaontais idir údaráis mhaoirseachta a réiteach.
Bearta idirthréimhseacha a thugtar isteach le Treoir 2014/51/AE
Cuirtear mír 94(b) in ionad beart idirthréimhseach atá dulta in éag i gcomhthéacs neamhchosaintí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile. Faoi fhoráil mharthanachta nua, féadfaidh neamhchosaintí den chineál sin a thabhaítear roimh 2020 tairbhiú den láimhseáil chéanna le neamhchosaintí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe ina n‑airgeadra intíre féin. Níl an fhoráil mharthanachta nua, murab ionann agus an beart idirthréimhseach roimhe sin, le dul in éag.
Nuashonruithe agus réitigh mhiona
Le míreanna éagsúla modhnaítear Treoir 2009/138/CE le haghaidh nuashonruithe agus réitigh mhiona, go háirithe chun ailíniú a dhéanamh ar shainmhínithe, tagairtí indlí agus seachdhlí le hathruithe a thugtar isteach i míreanna eile agus tagairtí atá imithe i léig don Ríocht Aontaithe a bhaint.
2021/0295 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/138/CE a mhéid a bhaineann le comhréireacht, cáilíocht na maoirseachta, tuairisciú, bearta ráthaíochta fadtéarmacha, uirlisí micreastuamachta, rioscaí inbhuanaitheachta, maoirseacht grúpa agus trasteorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cruthaíodh níos mó rialacha rioscabhunaithe agus níos mó rialacha stuamachta comhchuibhithe le haghaidh na hearnála árachais agus athárachais. Tá cuid de na forálacha den Treoir sin faoi réir clásail athbhreithniúcháin. Bhí cur i bhfeidhm na Treorach sin ina rannchuidiú substaintiúil le neartú an chórais airgeadais san Aontas agus d’fhág sin go raibh gnóthais árachais agus athárachais níos athléimní ó thaobh rioscaí éagsúla. Cé go bhfuil sí an‑chuimsitheach, ní théann an Treoir sin i ngleic leis na laigí uile a sainaithníodh agus lena ndéantar difear do ghnóthais árachais agus athárachais.
(2)De dheasca phaindéim COVID‑19, rinneadh damáiste socheacnamaíoch as cuimse agus bhí téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cothrom de dhíth ar gheilleagar an Aontais. Dá dheasca sin, tá práinn níos mó fós leis an obair ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, go háirithe maidir lena áirithiú go n‑oibríonn an geilleagar do dhaoine agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a ghnóthú. Is féidir leis an earnáil árachais agus athárachais foinsí príobháideacha maoiniúcháin a sholáthar do ghnólachtaí Eorpacha agus tabhairt ar an ngeilleagar a bheith níos athléimní trí chosaint a sholáthar ar réimse leathan rioscaí. Leis an dá ról sin, tá an‑phoitéinseal san earnáil rannchuidiú le baint amach thosaíochtaí an Aontais.
(3)Mar a chuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí’, chun tacú le hathéadáil san earnáil chorparáideach beidh ríthábhacht le hinfheisteoirí institiúideacha a dhreasú, go háirithe árachóirí, chun níos mó infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanamh. Chun éascaíocht a dhéanamh do rannchuidiú árachóirí le maoiniú a dhéanamh ar théarnamh eacnamaíoch an Aontais, ba cheart an creat stuamachta a choigeartú chun cineál fadtéarmach an ghnólachta árachais a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Go háirithe, agus an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta á ríomh faoin bhfoirmle chaighdeánach, ba cheart éascaíocht a dhéanamh don fhéidearthacht chun úsáid a bhaint as paraiméadar caighdeánach níos fabhraí le haghaidh infheistíochtaí cothromais arna sealbhú le peirspictíocht fhadtéarmach, ar choinníoll go gcomhlíonann gnóthais árachais agus athárachais critéir fhónta agus láidre, lena gcaomhnaítear cosaint an tsealbhóra polasaí agus cobhsaíocht airgeadais. Ba cheart é a bheith d’aidhm leis na critéir sin a áirithiú go mbeidh gnóthais árachais agus athárachais in ann díol éigeantach cothromas, a bheartaítear a shealbhú le haghaidh an fhadtéarma, a sheachaint, lena n‑áirítear faoi dhálaí anáis sa mhargadh.
(4)Ina Theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, rinne an Coimisiún gealltanas an bhainistíocht ar rioscaí aeráide agus comhshaoil a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr i gcreat stuamachta an Aontais. Is é atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis nua an Aontais, arb é is aidhm di an tAontas a chlaochlú ina gheilleagar a bheidh nua‑aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch gan aon ghlanastaíocht gás ceaptha teasa ann faoi 2050. Beidh sé ina rannchuidiú leis an gcuspóir geilleagar a oibríonn do na daoine a fhorbairt, geilleagar margaidh shóisialta an Aontais a threisiú, chun cuidiú lena áirithiú go mbeidh sé réidh don todhchaí agus go soláthróidh sé cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht. Ina thogra an 4 Márta 2020 le haghaidh Dlí Aeráide Eorpach, mhol an Coimisiún go mbeadh an cuspóir a bhaineann le haeráidneodracht agus le hathléimneacht aeráide faoi 2050 ceangailteach san Aontas. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra sin agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Iúil 2021. Maidir le huaillmhian an Choimisiúin chun ceannaireacht dhomhanda ón Aontas a áirithiú as seo go 2050, athdhearbhaíodh í i dTuarascáil 2021 um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach ina sainaithnítear tógáil córas eacnamaíoch agus airgeadais a bheidh athléimneach agus oiriúnaithe don todhchaí mar réimse straitéiseach gníomhaíochta.
(5)Beidh príomhról ag creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus ba cheart rialáil comhshaoil a chomhlánú le creat airgeadais inbhuanaithe lena ndírítear maoiniú i dtreo infheistíochtaí lena laghdaítear neamhchosaint ar na rioscaí aeráide agus comhshaoil sin. Ina Theachtaireacht an 6 Iúil 2021 maidir le Straitéis chun Maoiniú a dhéanamh ar an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe, gheall an Coimisiún leasuithe ar Threoir 2009/138/CE a mholadh chun rioscaí inbhuanaitheachta a lánpháirtiú go comhsheasmhach i mbainistíocht riosca árachóirí trí chásanailís ar an athrú aeráide a cheangal ar árachóirí.
(6)Le Treoir 2009/138/CE eisiatar gnóthais áirithe óna raon feidhme, de dheasca a méide. Tar éis na gcéad bhlianta de chur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE agus d’fhonn a áirithiú nach mbeidh feidhm míchuí aici maidir le gnóthais ar mhéid laghdaithe, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na heisiaimh sin trí na tairseacha sin a mhéadú, ionas nach mbeidh níos mó gnóthais árachais bheaga a chomhlíonann coinníollacha áirithe faoi réir na Treorach sin. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag gnóthais a thairbhíonn de na tairseacha méadaithe sin údarú a choimeád nó a iarraidh faoi Threoir 2009/138/CE chun tairbhiú den cheadúnas aonair dá bhforáiltear inti.
(7)Níl feidhm ag Treoir 2009/138/CE maidir le gníomhaíocht chúnaimh i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 6(1) den Treoir sin. Leis an gcéad choinníoll, sonraítear go bhfuil baint le bheith ag an gcúnamh le timpistí nó clistí lena mbaineann feithicil bhóthair a tharlaíonn i gcríoch Bhallstát an ghnóthais a sholáthraíonn cumhdach. D’fhéadfadh sé go gciallódh an fhoráil sin ceanglas maidir le húdarú mar árachóir le haghaidh soláthraithe cúnaimh feithiclí bóthair i gcás timpiste nó cliseadh a tharlaíonn díreach trasna na teorann agus a fhéadfaidh cur isteach go míchuí ar chúnamh. Ar an gcúis sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll sin. Dá bhrí sin, ba cheart an coinníoll faoi Airteagal 6(1), pointe (a), de Threoir 2009/138/CE a leathnú freisin chun timpistí nó clistí a chumhdach, lena mbaineann an fheithicil bhóthair atá cumhdaithe ag an ngnóthas sin, a tharlaíonn ó am go ham i dtír chomharsanach.
(8)Féadfaidh gnóthais árachais agus athárachais iarratas ar údarú a chur isteach in aon Bhallstát. Le faisnéis maidir le hiarratais roimhe sin agus leis na torthaí ar an measúnú ar na hiarratais sin d’fhéadfaí faisnéis fhíor‑riachtanach a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar a n‑iarratas. Dá bhrí sin, ba cheart don ghnóthas árachais nó athárachais is iarratasóir an t‑údarás maoirseachta a chur ar an eolas faoi dhiúltuithe nó faoi aistarraingtí údaraithe roimhe sin i mBallstát eile.
(9)Roimh údarú a dheonú, ba cheart d’údarás maoirseachta an Bhallstáit baile dul i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta aon Bhallstáit lena mbaineann. Ag féachaint do ghníomhaíochtaí árachais trasteorann méadaithe, is gá cur i bhfeidhm cóineasaithe dhlí an Aontais a fheabhsú i gcásanna gníomhaíochta árachais trasteorann agus malartaithe faisnéise idir na húdaráis mhaoirseachta, go háirithe sula ndeonaítear údaruithe. Dá bhrí sin, i gcás inar gá dul i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta éagsúla, ba cheart a cheadú d’aon údarás maoirseachta lena mbaineann measúnú comhpháirteach ar iarratas ar údarú a iarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an próiseas údarúcháin ar bun.
(10)Ba cheart Treoir 2009/138/CE a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun éascaíocht a dhéanamh do chur i bhfeidhm comhréireach na Treorach maidir le gnóthais lena mbaineann próifíl riosca níos ísle ná próifíl riosca an mheánghnóthais, agus chun a áirithiú nach mbeidh siad faoi réir ceanglais a mbeidh ualach díréireach ag baint leo, is gá critéir rioscabhunaithe a sholáthar lena bhféadfar iad a shainaithint.
(11)Gnóthais a chomhlíonann na critéir rioscabhunaithe, ba cheart a bheith in ann iad a aicmiú mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal de bhun próiseas fógra simplí. Más rud é, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fhógra sin, nach gcuireann an t‑údarás maoirseachta in aghaidh an aicmithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá nasctha leis an measúnú ar na critéir ábhartha, ba cheart a mheas gur gnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal an gnóthas sin. Nuair a aicmítear mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal é, i bprionsabal, ba cheart dó tairbhiú go huathoibríoch de bhearta comhréireachta sainaitheanta maidir le tuairisciú, rialachas, athbhreithniú ar bheartais i scríbhinn, féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta agus ceanglais maidir le nochtadh.
(12)Is iomchuí go mbeadh bearta comhréireachta ar fáil freisin do ghnóthais nach n‑aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, ach ar lena n‑aghaidh atá cuid de na ceanglais i dTreoir 2009/138/CE róchostasach agus róchasta, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leis an ngnó a dhéanann na gnóthais sin. Ba cheart a cheadú do na gnóthais sin úsáid a bhaint as bearta comhréireachta bunaithe ar anailís de réir an cháis agus tar éis formheas a fháil roimh ré óna n‑údaráis mhaoirseachta.
(13)Tá cur chun feidhme cuí an phrionsabail maidir le comhréireacht ríthábhachtach chun ualach iomarcach ar ghnóthais árachais agus athárachais a sheachaint. Ní mór údaráis mhaoirseachta a chur ar an eolas go tráthrialta faoi úsáid na mbeart comhréireachta. Ar an gcúis sin, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais faisnéis a thuairisciú go bliantúil dá n‑údaráis mhaoirseachta maidir leis na bearta comhréireachta a úsáideann siad.
(14)Maidir le gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing nach gcumhdaíonn ach amháin rioscaí atá bainteach leis an ngrúpa tionscail nó tráchtála lena mbaineann siad, baineann próifíl riosca ar leith leo ar cheart í a chur san áireamh agus ceanglais áirithe á sainmhíniú, go háirithe maidir le féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, nochtaí agus na cumhachtuithe gaolmhara don Choimisiún chun na rialacha maidir leis na cumhachtuithe sin a shonrú a thuilleadh. Thairis sin, ba cheart do ghnóthais árachais faoi chuing agus do ghnóthais athárachais faoi chuing a bheith in ann tairbhiú freisin de na bearta comhréireachta nuair a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal iad.
(15)Is den tábhacht go gcoinneoidh gnóthais árachais agus athárachais staid airgeadais fholláin ar bun. Chun na críche sin, déantar foráil le Treoir 2009/138/CE maidir le maoirseacht airgeadais i leith staid sócmhainneachta gnóthais, bunú forálacha teicniúla, a shócmhainní agus a chistí dílse incháilithe. Mar sin féin, is tábhachtach an toisc é córas rialachais gnóthais freisin chun a áirithiú go gcoinneoidh an gnóthas a fholláine airgeadais ar bun. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis mhaoirseachta athbhreithnithe agus meastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh ar an gcóras rialachais mar chuid dá maoirseacht airgeadais ar ghnóthais árachais agus athárachais.
(16)Maidir le comhar idir údarás maoirseachta an Bhallstáit baile a dheonaigh údarú do ghnóthas árachais nó athárachais agus údaráis mhaoirseachta na mBallstát ina saothraíonn an gnóthas sin gníomhaíochtaí trí bhrainsí a bhunú nó seirbhísí a sholáthar, ba cheart an comhar sin a neartú chun fadhbanna féideartha a chosc ar bhealach níos fearr agus cosaint sealbhóirí polasaí a fheabhsú ar fud an Aontais. Sa chomhar sin ba cheart breis faisnéise a thagann ó údarás maoirseachta an Bhallstáit baile a áireamh, go háirithe maidir leis an toradh ar an bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta a bhaineann leis an ngníomhaíocht trasteorann.
(17)Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta a bheith i dteideal tuarascáil insinte thráthrialta a fháil ó gach gnóthas árachais agus athárachais ar a ndéantar maoirseacht agus a ghrúpaí, ar a laghad gach 3 bliana, ina mbeidh faisnéis maidir leis an ngnó agus leis an bhfeidhmíocht, an córas rialachais, an phróifíl riosca, an bainistiú caipitil agus faisnéis ábhartha eile chun críoch sócmhainneachta. Chun an ceanglas sin maidir le tuairisciú a shimpliú le haghaidh grúpaí árachais agus athárachais, ba cheart é a bheith indéanta, faoi réir coinníollacha áirithe, faisnéis na tuarascála maoirseachta tráthrialta a bhaineann leis an ngrúpa agus a fhochuideachtaí a thíolacadh ar bhealach comhiomlánaithe le haghaidh an ghrúpa iomláin.
(18)Ba cheart a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal nuair a dheonaíonn maoirseoirí díolúintí agus teorainneacha maidir le tuairisciú. Le haghaidh an chineáil sin eintiteas, leis an bpróiseas fógra, lena bhfuil feidhm maidir leis an aicmiú mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, ba cheart a áirithiú go bhfuil a dhóthain deimhneachta ann a mhéid a bhaineann le húsáid a bhaint as díolúintí agus as teorainneacha maidir le tuairisciú.
(19)Ba cheart sprioc‑amanna maidir le tuairisciú agus nochtadh a leagan síos go soiléir i dTreoir 2009/138/CE. Mar sin féin, ba cheart a aithint gurb amhlaidh de dheasca imthosca urghnácha amhail éigeandálaí sláintíochta, tubaistí nádúrtha agus imeachtaí fhoircneacha eile, go bhféadfadh sé a bheith dodhéanta do ghnóthais árachais agus athárachais na tuarascálacha agus na nochtaí sin a thíolacadh, laistigh de na sprioc‑amanna bunaithe. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún síneadh a chur leis na sprioc‑amanna i gcás na n‑imthosca sin.
(20)Le Treoir 2009/138/CE déantar foráil go mbeidh ar údaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon duine nua, a cheaptar chun bainistíocht a dhéanamh ar ghnóthas árachais nó athárachais nó chun príomhfheidhm a dhéanamh, cuí cóir. Mar sin féin, ba cheart dóibh sin a bhainistíonn an gnóthas nó a dhéanann príomhfheidhm a bheith cuí cóir ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta freagairt agus, i gcás inarb iomchuí, an duine lena mbaineann a chur as an bpost ábhartha, i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas cuí cóir.
(21)Ós rud é go bhféadfaidh gníomhaíochtaí árachais rioscaí a spreagadh nó a aimpliú maidir le cobhsaíocht airgeadais, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais breithnithe micreastuamachta agus anailís mhicreastuamachta a ionchorprú ina ngníomhaíochtaí infheistíochta agus bainistíochta riosca. Mar chuid de sin d’fhéadfaí iompraíocht fhéideartha rannpháirtithe eile sa mhargadh a chur san áireamh, mar aon le rioscaí maicreacnamaíocha, amhail sleabhcadh timthrialla creidmheasa nó leachtacht margaidh laghdaithe, nó comhchruinnithe iomarcacha ar leibhéal an mhargaidh i gcineálacha sócmhainne, contrapháirtithe nó earnálacha áirithe.
(22)Ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais aon fhaisnéis mhicreastuamachta ábhartha a sholáthraíonn na húdaráis mhaoirseachta a chur san áireamh ina bhféinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta anailís a dhéanamh ar thuarascálacha maoirseachta de chuid gnóthas laistigh dá ndlínsí maidir le féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, na tuarascálacha sin a chomhiomlánú agus ionchur a sholáthar do ghnóthais maidir leis na heilimintí ba cheart a bhreithniú ina measúnuithe riosca dhílis agus sócmhainneachta amach anseo, go háirithe a mhéid a bhaineann le rioscaí micreastuamachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina gcuirfidh siad sainordú micreastuamachta ar iontaoibh údaráis, go ndéanfar torthaí measúnuithe micreastuamachta ag na húdaráis mhaoirseachta a chomhroinnt leis an údarás micreastuamachta sin.
(23)I gcomhréir leis na Croíphrionsabail Árachais atá glactha ag an gComhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a bheith in ann forbairtí margaidh agus airgeadais a shainaithint, faireachán agus anailísiú a dhéanamh orthu i gcás inar forbairtí iad lena bhféadfar difear a dhéanamh do ghnóthais árachais agus athárachais, agus margaí árachais agus athárachais, agus ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a úsáid chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais árachais nó athárachais aonair. Leis na cúraimí sin, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as faisnéis ó údaráis mhaoirseachta eile agus as na léargais atá faighte acu.
(24)Tá údaráis ag a bhfuil sainordú micreastuamachta i gceannas ar an mbeartas micreastuamachta le haghaidh a margaidh árachais agus athárachais náisiúnta. Is féidir leis an údarás maoirseachta nó le húdarás nó le comhlacht eile a gcuirtear an chríoch sin ar a iontaoibh an beartas micreastuamachta a shaothrú.
(25)Tá tábhacht le dea‑chomhordú idir údaráis mhaoirseachta agus na comhlachtaí agus na húdaráis ábhartha ag a bhfuil sainordú micreastuamachta chun rioscaí féideartha a shainaithint, faireachán agus anailísiú a dhéanamh orthu, ar rioscaí iad a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais lena bhféadfar difear a dhéanamh do ghnóthais árachais agus athárachais, agus chun bearta a dhéanamh go héifeachtach agus dul i ngleic go hiomchuí leis na rioscaí sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm freisin leis an gcomhar idir údaráis aon fhoirm gníomhaíochtaí dúblálacha nó neamhréireacha a sheachaint.
(26)Le Treoir 2009/138/CE ceanglaítear ar ghnóthais árachais agus athárachais féinmheasúnú tréimhsiúil riosca agus sócmhainneachta a bheith acu mar chuid lánpháirtithe dá straitéis gnó. Is deacair rioscaí áirithe, amhail rioscaí maidir leis an athrú aeráide, a chainníochtú nó tagann siad chun cinn thar thréimhse is faide ná an tréimhse a úsáidtear le haghaidh chalabrú an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta. Is fearr is féidir na rioscaí sin a chur san áireamh san fhéinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta. I gcás ina mbeidh neamhchosaint ábhartha ag gnóthais árachais agus athárachais ar rioscaí aeráide, ba cheart a cheangal orthu anailísí a dhéanamh, laistigh d’eatraimh iomchuí agus mar chuid den fhéinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, ar an tionchar atá ag cásanna riosca fadtéarmacha maidir leis an athrú aeráide ar a ngnó. Ba cheart na hanailísí sin a bheith comhréireach maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó na ngnóthas. Go háirithe, cé gur cheart an measúnú ar ábharthacht na neamhchosanta ar rioscaí aeráide a cheangal ó na gnóthais árachais agus athárachais uile, níor cheart cás‑anailísí fadtéarmacha ar an athrú aeráide a cheangal le haghaidh gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
(27)Le Treoir 2009/138/CE ceanglaítear nochtadh, ar a laghad, go bliantúil, ar fhaisnéis fhíor‑riachtanach tríd an tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais. Tá dhá phríomhchineál seolaithe ag an tuarascáil sin: sealbhóirí polasaí agus tairbhithe ar thaobh amháin, agus anailísithe agus rannpháirtithe eile sa mhargadh ar an taobh eile. Chun dul i ngleic le riachtanais agus le hionchais an dá ghrúpa dhifriúla sin, ba cheart ábhar na tuarascála a roinnt ina dhá chuid. Sa chéad chuid, atá dírithe go príomha ar shealbhóirí polasaí agus ar thairbhithe, ba cheart an phríomhfhaisnéis a bheith inti maidir le gnó, feidhmíocht, bainistiú caipitil agus próifíl riosca. Sa dara cuid, atá dírithe ar anailísithe agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, ba cheart faisnéis mhionsonraithe a bheith inti maidir leis an gcóras rialachais, faisnéis shonrach maidir le forálacha teicniúla agus dliteanais eile, an staid sócmhainneachta mar aon le sonraí eile atá ábhartha maidir le hanailísithe speisialaithe.
(28)Is féidir le gnóthais árachais agus athárachais coigeartú a dhéanamh ar struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr a ríomh i gcomhréir le gluaiseachta raoin difríochta a sócmhainní tar éis formheas maoirseachta (‘coigeartú meaitseála’) nó i gcomhréir le meánghluaiseacht raoin difríochta sócmhainní arna sealbhú ag gnóthais árachais agus athárachais in airgeadra nó i dtír ar leith (‘coigeartú luaineachta’). Sa chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais atá dírithe ar shealbhóirí polasaí níor cheart a bheith inti ach amháin an fhaisnéis lena bhfuil coinne a bheith ábhartha maidir le cinnteoireacht meánsealbhóra polasaí. Cé gur cheart do ghnóthais árachais agus athárachais nochtadh poiblí a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann le mainneachtain chur i bhfeidhm an choigeartaithe meaitseála, an choigeartaithe luaineachta agus na mbeart idirthréimhseach maidir le rátaí úis atá saor ó riosca agus maidir le forálacha teicniúla ar a staideanna airgeadais, níor cheart glacadh leis go mbeidh an nochtadh sin ábhartha maidir le cinnteoireacht meánsealbhóra polasaí. Ba cheart tionchar na mbeart sin a nochtadh dá bhrí sin sa chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais atá dírithe ar rannpháirtithe sa mhargadh seachas sa chuid atá dírithe ar shealbhóirí polasaí.
(29)Níor cheart ualach róthrom ar ghnóthais árachais agus athárachais a bheith i gceist le ceanglais maidir le nochtadh. Chuige sin, ba cheart roinnt simplithe agus bearta comhréireachta a áireamh i dTreoir 2009/138/CE go háirithe nuair nach gcuireann siad inléiteacht na sonraí a sholáthraíonn gnóthais árachais agus athárachais i gcontúirt.
(30)Chun an leibhéal is airde beachtais faisnéise a nochtar don phobal a ráthú, ba cheart cuid shubstaintiúil den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais a chur faoi réir iniúchadh. Leis an gceanglas sin maidir le hiniúchadh ba cheart an clár comhardaithe a chumhdach ar a ndéantar measúnú i gcomhréir leis na critéir luachála a leagtar amach i dTreoir 2009/138/CE.
(31)Ní dhealraíonn sé go bhfuil údar le hualach an cheanglais iniúchóireachta le haghaidh gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, nach bhfuil coinne leis go mbeidh siad ábhartha le haghaidh chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus nach bhfuil a sealbhóirí polasaí iomadúil. Ceann de na critéir a cheanglaítear ar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal a chomhlíonadh is ea go mbeidís beag ó thaobh méide de. Chun an t‑ualach sin a mhaolú, ba cheart eisiamh ón gceanglas sin a dheonú.
(32)Ba cheart a admháil, cé go mbeadh sé tairbhiúil, go mbeadh an ceanglas maidir le hiniúchadh ina ualach breise ar gach gnóthas. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le sprioc‑amanna maidir le tuairisciú agus nochtadh le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais agus le haghaidh grúpaí árachais agus athárachais chun am leordhóthanach a thabhairt do na gnóthais sin tuarascálacha iniúchta a thabhairt ar aird.
(33)Ba cheart a áirithiú go mbeidh na modhanna chun forálacha teicniúla conarthaí a ríomh le roghanna ar ráthaíocht, go mbeidh siad comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí atá roimh an árachóir. Maidir leis sin, ba cheart roinnt simplithe a sholáthar.
(34)Ba cheart do chinneadh struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca comhardú a dhéanamh idir úsáid na faisnéise a dhíorthaítear ó ionstraimí airgeadais ábhartha, agus cumas gnóthas árachais agus athárachais rátaí úis a dhíorthaítear ó ionstraimí airgeadais a fhálú. Go háirithe, is féidir nach mbeidh na hinniúlachtaí ag gnóthais árachais agus athárachais is lú chun riosca an ráta úis a fhálú le hionstraimí seachas bannaí, iasachtaí nó sócmhainní comhchosúla ag a bhfuil sreafaí airgid seasta. Dá bhrí sin, ba cheart struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca a eachtarshuíomh le haghaidh aibíochtaí i gcás nach mbeidh na margaí le haghaidh bannaí domhain, leachtach ná trédhearcach a thuilleadh. Mar sin féin, le modh an eachtarshuímh ba cheart úsáid a bhaint as faisnéis a dhíorthaítear ó ionstraimí airgeadais ábhartha seachas bannaí, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil ó mhargaí doimhne, leachtacha agus trédhearcacha le haghaidh aibíochtaí i gcás nach bhfuil na margaí bannaí domhain, leachtach ná trédhearcach a thuilleadh. Chun deimhneacht agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú agus foráil á déanamh san am céanna freisin maidir le freagairt thráthúil ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh, ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonrú a dhéanamh ar an mbealach ba cheart feidhm a bheith leis an modh eachtarshuímh nua.
(35)Maidir le cinneadh struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca, tá tionchar suntasach aige sin ar an staid sócmhainneachta go háirithe le haghaidh gnóthais árachais saoil ag a bhfuil dliteanais fhadtéarmacha. Chun cur isteach ar an ngnó árachais atá ann cheana a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh maidir le haistriú rianúil chuig an modh eachtarshuímh nua, is gá foráil a dhéanamh maidir le beart céimnithe isteach agus le beart idirthréimhseach. Ba cheart é a bheith d’aidhm leis na bearta idirthréimhseacha cur isteach ar an margadh a sheachaint agus conair thrédhearcach chuig an modh eachtarshuímh deiridh a sholáthar.
(36)Le Treoir 2009/138/CE déantar foráil maidir le coigeartú luaineachta, lena bhféachtar le maolú a dhéanamh ar éifeacht rómhéid na raonta difríochta bannaí agus tá sí bunaithe ar phunanna tagartha le haghaidh airgeadraí ábhartha na ngnóthas árachais agus athárachais agus, i gcás an euro, ar phunanna tagartha le haghaidh margaí árachais náisiúnta. Is féidir le tairbhí de bhreis ar mhaolú ar raonta difríochta bannaí lena ngabhann rómhéid teacht as coigeartú luaineachta aonfhoirmeach a úsáid le haghaidh airgeadraí nó tíortha iomlána, go háirithe i gcás ina mbeidh íogaireacht sócmhainní ábhartha na ngnóthas sin i leith athruithe ar raonta difríochta creidmheasa níos ísle ná íogaireacht an mheastacháin ábhartha is fearr i leith athruithe ar rátaí úis. Chun nach dtiocfaidh na tairbhí iomarcacha sin as an gcoigeartú luaineachta, ba cheart an coigeartú luaineachta a bheith faoi réir formheas maoirseachta agus ina ríomh, ba cheart tréithe a bhaineann go sonrach le gnóthas a chur san áireamh i ndáil le híogaireacht raoin difríochta sócmhainní agus íogaireacht ráta úis an mheastacháin is fearr ar fhorálacha teicniúla. I bhfianaise na gcoimircí breise, ba cheart a cheadú do ghnóthais árachais agus athárachais suas le cion méadaithe 85 % den raon difríochta ceartaithe riosca a dhíorthaítear ó na punanna ionadaíocha a chur le bunstruchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca.
(37)Le Treoir 2009/138/CE, déantar foráil maidir le comhpháirt tíre sa choigeartú luaineachta arb é is aidhm di a áirithiú go ndéanfar maolú ar rómhéid ar raonta difríochta bannaí i dtír shonrach. Mar sin féin, tá gníomhachtú na comhpháirte tíre bunaithe ar thairseach absalóideach agus ar thairseach choibhneasta maidir le raon difríochta coigeartaithe riosca na tíre, ar féidir éifeachtaí aille teacht as sin agus dá bhrí sin luaineacht cistí dílse gnóthas árachais agus athárachais a mhéadú. Chun a áirithiú go ndéanfar maolú éifeachtach ar rómhéid raonta difríochta i mBallstát sonrach arb é an euro a airgeadra, ba cheart macra‑chomhpháirt a chur in ionad na comhpháirte tíre, rud atá le ríomh bunaithe ar na difríochtaí idir an raon difríochta arna choigeartú de réir riosca le haghaidh an euro, agus an raon difríochta arna choigeartú de réir riosca le haghaidh na tíre. Chun éifeachtaí aille a sheachaint, leis an ríomh ba cheart neamhleanúnachais a sheachaint i leith na bparaiméadar ionchuir.
(38)Chun forbairtí, i gcleachtais infheistíochta de chuid gnóthas árachais agus athárachais, a chur san áireamh, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun critéir a leagan amach le haghaidh incháilitheacht sócmhainní atá le cur san áireamh i bpunann sannta sócmhainní i gcás ina bhféadfadh cleachtais éagsúla teacht as cineál na sócmhainní i leith na gcritéar chun an coigeartú meaitseála a chur i bhfeidhm agus a ríomh.
(39)Chun a áirithiú go gcuirfear an láimhseáil chéanna i bhfeidhm maidir leis na gnóthais árachais agus athárachais uile a ríomhann an coigeartú luaineachta, nó go gcuirfear forbairtí margaidh san áireamh inti, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar ríomh eilimintí den choigeartú luaineachta, eilimintí a bhaineann go sonrach leis an ngnóthas.
(40)Chun críocha ríomh a gcistí dílse faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hinstitiúidí a bhaineann le hilchuideachtaí airgeadais atá faoi réir Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle féadfar a cheadú dóibh gan a n‑infheistíochtaí suntasacha i ngnóthais árachais ná athárachais a asbhaint, ar choinníoll go gcomhlíontar critéir áirithe. Maidir le rialacha stuamachta is infheidhme maidir le gnóthais árachais nó athárachais agus institiúidí creidmheasa, is gá a áirithiú go ndéanfar foráil leo maidir le cothroime iomaíochta iomchuí idir grúpaí airgeadais atá faoi stiúir na baincéireachta agus faoi stiúir an árachais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do ghnóthais árachais agus athárachais freisin gan rannpháirtíochtaí in institiúidí creidmheasa agus airgeadais a asbhaint óna gcistí dílse incháilithe, faoi réir coinníollacha comhchosúla. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith ag maoirseacht grúpa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE nó le maoirseacht fhorlíontach i gcomhréir le Treoir 2002/87/CE maidir le grúpa a chuimsíonn an gnóthas árachais nó athárachais agus an institiúid ghaolmhar. Ina theannta sin, ba cheart an institiúid a bheith ina hinfheistíocht chothromais de chineál straitéiseach le haghaidh an ghnóthais árachais nó athárachais agus ba cheart d’údaráis mhaoirseachta a bheith sásta i dtaobh leibhéal na bainistíochta lánpháirtithe, na bainistíochta riosca agus na rialuithe inmheánacha maidir leis na heintitis i raon feidhme na maoirseachta grúpa nó na maoirseachta forlíontaí.
(41)Leis na teorainneacha atá ann cheana agus a fhorchuirtear ar leibhéal an choigeartaithe shiméadraigh, teorannaítear cumas an choigeartaithe sin maolú a dhéanamh ar éifeachtaí comhthimthriallacha féideartha an chórais airgeadais agus staid a sheachaint ina gcuirtear iallach míchuí ar ghnóthais árachais agus athárachais caipiteal breise a chruinniú nó a n‑infheistíochtaí a dhíol de thoradh gluaiseachtaí neamh‑inbhuanaithe díobhálacha i margaí airgeadais, amhail na cinn a spreagadh le paindéim COVID‑19. Dá bhrí sin, ba cheart an coigeartú siméadrach a leasú ionas go ndéanfaidh sé foráil maidir le hathruithe níos mó ar an muirear caipitil cothromais caighdeánach agus go ndéanfar maolú breise leis ar an tionchar a bhaineann le méaduithe nó laghduithe géara i stocmhargaí.
(42)Chun an chomhréireacht a fheabhsú laistigh de na ceanglais chainníochtúla, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do ghnóthais árachais agus athárachais an ceanglas caipitil a ríomh le haghaidh rioscaí neamhábhartha san fhoirmle chaighdeánach le cur chuige simplithe ar feadh tréimhse nach faide na 3 bliana. Le cur chuige simplithe den sórt sin ba cheart a cheadú do ghnóthais meastachán a dhéanamh ar an gceanglas caipitil le haghaidh riosca neamhábhartha ar bhonn aonad tomhais iomchuí a athraíonn le himeacht ama. Ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar rialacha coiteanna agus faoi réir critéir choiteanna le haghaidh sainaithint rioscaí neamhábhartha.
(43)Ní mór do ghnóthais árachais agus athárachais a úsáideann an coigeartú meaitseála an phunann shannta de shócmhainní agus d’oibleagáidí a shainaithint, a eagrú agus a bhainistiú ar leithligh ó chodanna eile den ghnó agus dá bhrí sin níor cheart a cheadú dóibh rioscaí, a eascraíonn as áit eile sa ghnó, a chomhlíonadh agus úsáid á baint as an bpunann shannta de shócmhainní. Mar sin féin, ní hé gurb é a thagann as an mbainistíocht scartha ar an bpunann go dtagann méadú ar chomhghaol idir na rioscaí laistigh den phunann sin agus iad sin laistigh den chuid eile den ghnóthas. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do ghnóthais árachais agus athárachais a úsáideann an coigeartú meaitseála a gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh bunaithe ar an toimhde a bhaineann le héagsúlú iomlán idir sócmhainní agus dliteanais na punainne agus an chuid eile den ghnóthas, mura rud é go ndéantar ciste imfhálaithe de phunanna na sócmhainní lena gcumhdaítear an meastachán comhfhreagrach is fearr ar oibleagáidí árachais nó athárachais.
(44)Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe maoirseachta, is tábhachtach go mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann faisnéis a chur i gcomparáid ar fud na gcuideachtaí ar a ndéanann siad maoirseacht. Le samhlacha inmheánacha páirteacha agus iomlána ceadaítear riosca aonair cuideachta a ghabháil ar bhealach níos fearr agus le Treoir 2009/138/CE ceadaítear do ghnóthais árachais agus athárachais iad a úsáid chun ceanglais chaipitil a chinneadh gan teorainneacha a eascraíonn as an bhfoirmle chaighdeánach. Mar sin féin, fágann samhlacha inmheánacha páirteacha agus iomlána gur deacra comparáidí a dhéanamh ar fud cuideachtaí agus thairbheodh údaráis mhaoirseachta dá bhrí sin den rochtain ar thoradh an ríomha ar cheanglais caipitil foirmle caighdeánaí. Dá bhrí sin ba cheart do na gnóthais árachais agus athárachais uile an fhaisnéis sin a thuairisciú go tráthrialta dá maoirseoirí.
(45)Le Treoir 2009/138/CE déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht go ríomhfadh gnóthais árachais agus athárachais a gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta le samhail inmheánach faoi réir formheas maoirseachta. I gcás ina gcuirfear samhail inmheánach i bhfeidhm, ní choisctear leis an Treoir ar an ngnóthas árachais ná athárachais éifeacht na ngluaiseachtaí raoin difríochtaí creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta a chur san áireamh ina shamhail inmheánach. Ós rud é go bhféadfaidh tairbhí teacht as úsáid an choigeartaithe luaineachta de bhreis ar mhaolú ar raonta difríochta bannaí lena ngabhann rómhéid i ríomh an mheastacháin is fearr, is féidir leis na tairbhí iomarcacha sin saobhadh a dhéanamh freisin ar ríomh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta i gcás ina ndéanfar éifeacht gluaiseachtaí raoin difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta a chur san áireamh sa tsamhail inmheánach. Chun an saobhadh sin a sheachaint, ba cheart íosteorainn a chur leis an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcás ina gceadóidh údaráis mhaoirseachta do ghnóthas árachais agus athárachais éifeacht na ngluaiseachtaí raoin difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta a chur san áireamh ina samhail inmheánach, ar leibhéal ar faoina bhun atá coinne leis go dtarlóidh tairbhí ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta de bhreis ar mhaolú ar raonta difríochta bannaí lena ngabhann rómhéid.
(46)Ba cheart gnóthais árachais agus athárachais a dhreasú chun athléimneacht a chothú le haghaidh staideanna géarchéime. I gcás ina gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais éifeacht gluaiseachtaí raoin difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta san áireamh ina samhail inmheánach, agus breithniú á dhéanamh freisin ar éifeacht gluaiseachtaí raoin difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú macraluaineachta, d’fhéadfadh sin dochar fíor‑thromchúiseach a dhéanamh d’aon dreasacht chun athléimneacht a mhéadú le haghaidh staideanna géarchéime. Dá bhrí sin ba cheart cosc a chur ar ghnóthais árachais agus athárachais coigeartú macraluaineachta a chur san áireamh ina samhail inmheánach.
(47)Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta a bheith in ann faisnéis mhicreastuamachta ábhartha a bhailiú ar straitéis infheistíochta gnóthas, anailís a dhéanamh uirthi i dteannta faisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí margaidh eile, agus peirspictíocht mhicreastuamachta a ionchorprú sa mhaoirseacht a dhéanann siad ar ghnóthais. Mar chuid de sin d’fhéadfaí a áireamh maoirseacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le timthriallta creidmheasa sonracha, sleabhcadh eacnamaíoch agus iompraíocht chomhchoiteann nó tréadaíochta in infheistíochtaí.
(48)Le Treoir 2009/138/CE déantar foráil maidir le síneadh a chur leis an tréimhse téarnaimh i gcásanna sáruithe ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta i gcás inar dhearbhaigh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) gurb ann do staideanna eisceachtúla díobhálacha. Is féidir na dearbhuithe a dhéanamh tar éis iarrataí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta, ar a gceanglaítear dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) i gcás inarb iomchuí roimh an iarraidh. Níl an comhairliúchán a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar bhealach díláraithe le BERS chomh héifeachtúil le comhairliúchán a dhéanann ÚEÁPC ar bhealach láraithe le BERS. Chun próiseas éifeachtúil a áirithiú, ba cheart do ÚEÁPC, seachas do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, dul i gcomhairle le BERS sula ndearbhófar gurb ann do staideanna eisceachtúla díobhálacha, i gcás ina gceadófar an réamhchomhairliúchán sin de réir chineál na staide.
(49)Le Treoir 2009/138/CE ceanglaítear ar ghnóthais árachais agus athárachais an t‑údarás maoirseachta lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach i gcás ina mbreathnóidh siad go mainnítear an tÍoscheanglas Caipitil a chomhlíonadh, nó go bhfuil riosca ann maidir le neamhchomhlíonadh sna 3 mhí dá éis sin. Mar sin féin, ní shonraítear leis an Treoir sin cén uair is féidir neamhchomhlíonadh an Íoscheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta nó an riosca maidir le neamhchomhlíonadh sna 3 mhí dá éis sin a bhreathnú agus d’fhéadfadh gnóthais moill a chur leis na húdaráis mhaoirseachta a chur ar an eolas go deireadh na ráithe ábhartha nuair a dhéantar ríomh an Íoscheanglais Caipitil atá le tuairisciú go foirmiúil don údarás maoirseachta. Chun a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis mhaoirseachta faisnéis thráthúil agus go mbeidh siad in ann an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh, ba cheart a cheangal ar ghnóthais árachais agus athárachais na húdaráis mhaoirseachta a chur ar an eolas láithreach maidir le mainneachtain an tÍoscheanglas Caipitil a chomhlíonadh nó riosca maidir le neamhchomhlíonadh freisin i gcás ina mbeidh an méid sin breathnaithe ar bhonn meastacháin nó ríomhanna idir dhá dháta de ríomhanna oifigiúla ar an Íoscheanglas Caipitil, sa ráithe ábhartha.
(50)Tá cosaint leasanna daoine árachaithe ina cuspóir ginearálta den chreat stuamachta ar cheart do na húdaráis mhaoirseachta inniúla é a shaothrú ag gach céim den phróiseas maoirseachta, lena n‑áirítear i gcás sáruithe nó sáruithe dóchúla ar cheanglais ag gnóthais árachais nó athárachais as a bhféadfaidh aistarraingt údarúcháin eascairt. Ba cheart an cuspóir sin a shaothrú roimh aistarraingt an údarúcháin, agus aon impleacht dhlíthiúil, le haghaidh daoine árachaithe a fhéadfaidh díorthú aisti, á cur san áireamh, tar éis aistarraingt an údarúcháin freisin.
(51)Ba cheart uirlisí a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun cosc a chur le teacht chun cinn rioscaí le haghaidh na cobhsaíochta airgeadais i margaí árachais, iompraíochtaí comhthimthriallacha ag gnóthais árachais agus athárachais a theorannú agus maolú a dhéanamh ar leathadh éifeachtaí diúltacha iarmhartacha laistigh den chóras airgeadais agus amach san fhíorgheilleagar.
(52)Léiríodh le géarchéimeanna eacnamaíocha agus airgeadais le déanaí, go háirithe an ghéarchéim a leanann paindéim COVID‑19, gur féidir cosc a chur le rioscaí le haghaidh chobhsaíocht an chórais airgeadais le bainistíocht leachtachta fhónta ag gnóthais árachais agus athárachais. Ar an gcúis sin, ba cheart a cheangal ar ghnóthais árachais agus athárachais bainistíocht agus pleanáil leachtachta a neartú, go háirithe i gcomhthéacs staideanna díobhálacha lena ndéantar difear do chuid mhór nó d’iomláine an mhargaidh árachais agus athárachais.
(53)Maidir le gnóthais ag a bhfuil próifílí a mbaineann leochaileacht ar leith leo, amhail iad sin ag a bhfuil dliteanais leachtachta nó ag a bhfuil sócmhainní neamhleachtacha á sealbhú, nó ag a bhfuil leochaileachtaí leachtachta a fhéadfaidh difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais fhoriomlán, aon uair nach leigheasann siad an staid go hiomchuí, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh chun a staid leachtachta a threisiú.
(54)Ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta chun staid sócmhainneachta gnóthas árachais nó athárachais sonrach a chaomhnú le linn staideanna eisceachtúla amhail imeachtaí díobhálacha eacnamaíocha nó margaidh lena ndéantar difear do chuid mhór nó d’iomláine an mhargaidh árachais agus athárachais, chun sealbhóirí polasaí a chosaint agus an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Mar chuid de na cumhachtaí sin ba cheart a áireamh an fhéidearthacht chun dáileacháin ar scairshealbhóirí agus iasachtóirí fo‑ordaithe eile de chuid gnóthas árachais nó athárachais a theorannú nó a chur ar fionraí sula dtarlóidh sárú iarbhír ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta. Ba cheart na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás, agus critéir rioscabhunaithe choiteanna a urramú leo agus níor cheart dochar a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leo.
(55)Ós rud é go ndéanfaí difear le teorannú nó fionraí dáilte díbhinní agus bónas eile, fiú ar bhonn sealadach, do chearta scairshealbhóirí agus creidiúnaithe fo‑ordaithe eile, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta prionsabal na comhréireachta agus an riachtanais a chur san áireamh go cuí agus na bearta sin á ndéanamh. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú freisin nach mbaineann éifeachtaí díobhálacha díréireacha ar an gcóras airgeadais iomlán ná ar chodanna de le haon cheann de na bearta a ghlactar i mBallstáit eile ná san Aontas ina iomláine. Go háirithe, níor cheart do na húdaráis mhaoirseachta dáileacháin chaipitil a theorannú laistigh de ghrúpa árachais agus athárachais ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus nuair atá údar cuí leis sin chun cobhsaíocht an mhargaidh árachais agus an chórais airgeadais ina iomláine a chaomhnú.
(56)Le clistí gnóthas árachais agus athárachais le déanaí agus iad ag oibriú go trasteorann, cuireadh i dtábhacht gur gá na húdaráis mhaoirseachta a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi ghníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ghnóthais árachais agus athárachais fógra a thabhairt d’údarás maoirseachta a mBallstáit baile faoi aon athrú ábhartha lena ndéantar difear dá bpróifíl riosca i ndáil lena ngníomhaíochtaí árachais trasteorann leanúnacha, agus ba cheart an fhaisnéis sin a chomhroinnt le húdaráis mhaoirseachta na mBallstát óstach lena mbaineann.
(57)Faoi Threoir 2009/138/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá an chumhacht ag ÚEÁPC ardáin chomhair a chur ar bun agus a chomhordú chun an comhar a fheabhsú idir na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí, nó ina mbeartóidh sé iad a dhéanamh, atá bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bhunaíochta. Mar sin féin, i bhfianaise chastacht na saincheisteanna maoirseachta a ndéileáiltear leo laistigh de na hardáin sin, i gcásanna éagsúla, cliseann ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta teacht ar dhearcadh coiteann maidir le conas dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le gnóthas árachais nó athárachais atá ag oibriú ar bhonn trasteorann. I gcás nach féidir leis na húdaráis mhaoirseachta atá páirteach sna hardáin chomhair teacht ar chomhaontú maidir le saincheisteanna a bhaineann le gnóthas árachais nó athárachais atá ag oibriú ar bhonn trasteorann, ba cheart an chumhacht a bheith ag ÚEÁPC an t‑easaontas a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
(58)Faoi Threoir 2009/138/CE, ní cheanglaítear ar ghnóthais árachais ná athárachais faisnéis maidir le seoladh a ngnó a sholáthar d’údaráis mhaoirseachta na mBallstát óstach go tráthúil. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a fháil ach amháin trína hiarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile. Mar sin féin, le cur chuige den sórt sin ní áirithítear rochtain ar fhaisnéis i dtréimhse réasúnach. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis mhaoirseachta na mBallstát óstach freisin, cosúil le húdarás maoirseachta an Bhallstáit baile, faisnéis a iarraidh go díreach ar ghnóthais árachais nó athárachais go tráthúil.
(59)I gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí trasteorann suntasacha i mBallstát óstach, ba cheart an chumhacht a bheith ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin bunfhaisnéis a iarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile maidir le staid sócmhainneachta an ghnóthais árachais nó athárachais sin. I gcás ina mbeidh ábhair imní thromchúiseacha ag údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh maidir leis an staid sócmhainneachta sin, ba cheart an chumhacht a bheith aige a iarraidh go ndéanfar cigireacht chomhpháirteach ar an láthair i dteannta údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh suntasach an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta i gceist. Ba cheart a iarraidh ar ÚEÁPC a bheith rannpháirteach. Maidir leis sin, ba cheart do ÚEÁPC a léiriú a luaithe is indéanta cibé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn sé a bheith rannpháirteach. I gcás nach dtiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta ar chomhaontú maidir leis an deis chun cigireacht chomhpháirteach ar an láthair a dhéanamh, ba cheart an chumhacht a bheith ag ÚEÁPC an t‑easaontas a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
(60)Chun bheith sainaitheanta mar chuideachta sealbhaíochta árachais, ba cheart a bheith ag máthairchuideachta go háirithe, mar a príomhghnó, éadáil agus sealbhú rannpháirtíochtaí i bhfoghnóthais, i gcás inar gnóthais árachais nó athárachais, nó gnóthais árachais nó athárachais tríú tír iad na foghnóthais sin go heisiach nó go príomha. Faoi láthair, tá léirmhínithe difriúla ag údaráis mhaoirseachta ar an mbrí atá le ‘go heisiach nó go príomha’ sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, ba cheart soiléiriú ar an gcoincheap sin a sholáthar, cosúil leis an soiléiriú a sholáthraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le haghaidh na hearnála baincéireachta. Ba cheart a mheas gurb éard atá i bhfoghnóthais ‘gnóthais árachais nó athárachais nó gnóthais árachais nó athárachais tríú tír go príomha’ i gcás ina ndéanfaidh na gnólachtaí sin ionadaíocht do bhreis agus 50 % de chothromas, sócmhainní comhdhlúite, ioncaim, pearsanra nó táscaire eile de chuid na cuideachta sealbhaíochta árachais a mheasann an t‑údarás maoirseachta a bheith ábhartha.
(61)I gcásanna áirithe, déanann gnóthais árachais agus athárachais éagsúla grúpa de facto agus iompraíonn siad iad féin dá réir sin, cé nach gcomhlíonann siad an sainmhíniú ar ghrúpa mar a leagtar amach i dTreoir 2009/138/CE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Teideal III den Treoir sin maidir leis na gnóthais árachais agus athárachais sin. Sna cásanna sin, go háirithe le haghaidh grúpaí cothrománacha nach bhfuil aon nasc caipitil acu idir gnóthais dhifriúla, ba cheart an chumhacht a bheith ag na maoirseoirí grúpa láithreacht ghrúpa a shainaithint. Ba cheart critéir oibiachtúla a sholáthar freisin chun an tsainaithint sin a dhéanamh.
(62)Tá grúpaí árachais agus athárachais saor chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na socruithe inmheánacha sonracha, dáileadh na gcúraimí agus struchtúr eagraíochtúil laistigh den ghrúpa de réir mar is cuí leo chun comhlíontacht le Treoir 2009/138/CE a áirithiú. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, féadfaidh na socruithe agus na struchtúir eagraíochtúla sin maoirseacht éifeachtach ar ghrúpa a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag maoirseoirí grúpa – in imthosca eisceachtúla agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann – athruithe ar na socruithe nó na struchtúir eagraíochtúla sin a cheangal. Ba cheart do mhaoirseoirí grúpa údar cuí a thabhairt lena gcinneadh agus míniú a thabhairt ar an bhfáth a gcuireann na socruithe nó na struchtúir atá cheana ann maoirseacht éifeachtach ar ghrúpa i gcontúirt.
(63)Féadfaidh maoirseoirí grúpa a chinneadh gnóthas a eisiamh ón maoirseacht grúpa, go háirithe nuair a mheastar nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag gnóthas den sórt sin i leith chuspóirí na maoirseachta grúpa. Tá léirmhínithe éagsúla tugtha faoi deara ag ÚEÁPC maidir leis na critéir a bhaineann le tábhacht dhiomaibhseach, agus tá sé sainaitheanta aige gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, gurb é a thagann as na heisiaimh sin tarscaoiltí iomlána ar mhaoirseacht grúpa nó maoirseacht ar leibhéal máthairchuideachta idirmheánaí. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nár cheart do na cásanna sin tarlú ach amháin in imthosca atá an‑eisceachtúil agus gur cheart do mhaoirseoirí grúpa dul i gcomhairle le ÚEÁPC roimh na cinntí sin a dhéanamh. Ba cheart critéir a thabhairt isteach freisin ionas gurb ann do níos mó soiléireachta i dtaobh ar cheart a mheas mar thábhacht dhiomaibhseach i leith chuspóirí na maoirseachta grúpa.
(64)Tá easpa soiléireachta ann maidir leis na cineálacha gnóthas a bhféadfar Modh 2 a chur i bhfeidhm maidir leo, eadhon modh asbhainte agus comhiomlánaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 233 de Threoir 2009/138/CE, agus sócmhainneacht an ghrúpa á ríomh, rud atá díobhálach don chothroime iomaíochta san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go soiléir cé na gnóthais a fhéadfar a áireamh sa ríomh ar shócmhainneacht an ghrúpa trí Mhodh 2. Níor cheart feidhm a bheith ag an modh sin ach amháin maidir le gnóthais árachais agus athárachais, gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, gnóthais a bhaineann le hearnálacha airgeadais eile, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachtaí sealbhaíochta árachais, agus máthairghnóthais eile arb é a bpríomhghnó rannpháirtíochtaí i bhfoghnóthais a fháil agus a shealbhú, i gcás inar gnóthais árachais nó athárachais, nó gnóthais árachais nó athárachais tríú tír go heisiach nó go príomha iad na foghnóthais sin.
(65)I ngrúpaí árachais nó athárachais áirithe, faigheann agus sealbhaíonn máthairghnóthas idirmheánach seachas gnóthas árachais nó athárachais nó gnóthas árachais nó athárachais tríú tír rannpháirtíochtaí i bhfoghnóthais i gcás inar gnóthais árachais nó athárachais tríú tír iad na gnóthais sin go heisiach nó go príomha. Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, mura sealbhaíonn na máthairghnóthais idirmheánacha sin rannpháirtíocht in ar a laghad foghóthas árachais nó athárachais amháin ag a bhfuil a cheannoifig san Aontas, ní láimhseáiltear mar chuideachtaí sealbhaíochta árachais iad chun críche ríomh shócmhainneacht an ghrúpa, cé go bhfuil cineál na rioscaí a bhaineann leo an‑chomhchosúil. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leasú ionas go láimhseáiltear cuideachtaí sealbhaíochta na ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír sin ar an mbealach céanna le cuideachtaí sealbhaíochta árachais chun críche ríomh shócmhainneacht an ghrúpa.
(66)Le Treoir 2009/138/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún déantar foráil maidir le ceithre mhodh cuimsithe i ríomh shócmhainneacht an ghrúpa de chuid gnóthais a bhaineann le hearnálacha airgeadais eile, lena n‑áirítear modhanna 1 agus 2 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE. Is é a thagann as sin cineálacha cur chuige maoirseachta neamhréireacha agus éagothroime iomaíochta, agus gintear castacht mhíchuí. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a shimpliú ionas go rannchuideoidh gnóthais a bhaineann le hearnálacha airgeadais eile i gcónaí le sócmhainneacht an ghrúpa trí na rialacha earnála ábhartha a úsáid maidir le ríomh cistí dílse agus ceanglas caipitil. Ba cheart na cistí dílse agus na ceanglais chaipitil sin a chomhiomlánú go simplí chuig cistí dílse agus ceanglais chaipitil na coda árachais agus athárachais den ghrúpa.
(67)Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, deonaítear féidearthachtaí teoranta ar ghnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha chun ríomhanna simplithe a úsáid chun a sócmhainneacht a ngrúpa a chinneadh nuair a úsáidtear modh 1, eadhon an modh cuntasaíochta bunaithe ar an gcomhdhlúthú. Leis sin gintear ualach díréireach, go háirithe nuair a shealbhaíonn grúpaí rannpháirtíochtaí i ngnóthais ghaolmhara atá an‑bheag ó thaobh méide de. Dá bhrí sin, faoi réir réamh‑fhormheas maoirseachta, ba cheart a cheadú do ghnóthais rannpháirteacha gnóthais ghaolmhara a lánpháirtiú a bhfuil a méid neamhábhartha ina sócmhainneacht ghrúpa trí chineálacha cur chuige simplithe a úsáid.
(68)Maidir le coincheap an ualaithe, rud ba cheart a chur san áireamh agus míreanna ciste dhílis á n‑aicmiú ina sraitheanna, ní shonraítear é. Go háirithe, ní léir conas a chuirtear an coincheap sin i bhfeidhm maidir le cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil sealbhóirí polasaí ná tairbhithe acu mar chliaint dhíreacha. Dá bhrí sin, ba cheart íoschritéir a thabhairt isteach chun foráil a dhéanamh maidir le cásanna a shainaithint ina bhfuil mír ciste dhílis, a eisíonn cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, glan ó ualuithe.
(69)Maidir le raon feidhme na ngnóthas ba cheart a chur san áireamh agus an íosteorainn á ríomh le haghaidh an Cheanglais ghrúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta, ba cheart é a bheith comhsheasmhach le raon feidhme na ngnóthas a rannchuidíonn leis na cistí dílse incháilithe atá ar fáil chun an Ceanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach. Dá bhrí sin, agus an íosteorainn á ríomh, ba cheart gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, cuideachtaí sealbhaíochta árachais, cuideachtaí sealbhaíochta árachais tríú tír agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chur san áireamh.
(70)Is féidir gurb é a bheidh mar thoradh ar an bhfoirmle chun an tÍoscheanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh, staideanna ina bhfuil an t‑íosmhéid sin gar don Cheanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta nó fiú cothrom leis. Sna cásanna sin, is féidir go dtarlóidh neamhchomhlíonadh an íosmhéid sin, cé go n‑áirithítear comhlíontacht leis an gCeanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta. Ba cheart an iarmhairt neamhbheartaithe sin a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoirmle ríomha a leasú ionas nach mbeidh, ar nós gnóthais árachais agus athárachais, an tÍoscheanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta níos airde go brách ná 45 % den Cheanglas grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta.
(71)Chun críche ríomh shócmhainneacht an ghrúpa, ba cheart cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a láimhseáil mar ghnóthais árachais nó athárachais. Tugtar le tuiscint leis sin go ndéantar ceanglais chaipitil bharúlacha a ríomh le haghaidh na ngnóthas sin. Mar sin féin, níor cheart a thabhairt le tuiscint go brách leis na ríomhanna sin go gceanglaítear ar chuideachtaí sealbhaíochta árachais agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha na ceanglais chaipitil bharúlacha sin a chomhlíonadh ar an leibhéal aonair.
(72)Ní hann d’aon fhoráil dlí lena sonraítear conas sócmhainneacht ghrúpa a ríomh nuair a úsáidtear meascán de Mhodhanna 1 agus 2. Is é a thagann as sin cleachtais neamhréireacha agus éiginnteachtaí, go háirithe i ndáil leis an mbealach a ríomhtar an ranníocaíocht leis an gCeanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid gnóthais árachais agus athárachais a áirítear trí Mhodh 2. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú conas atá sócmhainneacht an ghrúpa le ríomh nuair a úsáidtear meascán de mhodhanna. Chun méaduithe ábhartha ar cheanglais chaipitil a sheachaint, ba cheart a shoiléiriú, chun críche ríomh an Cheanglais grúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta, nach bhfuil aon mhuirear caipitil riosca cothromais le cur i bhfeidhm maidir leis na sealúchais sin. Ar an gcúis chéanna, níor cheart muirear riosca airgeadra a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le luach na sealúchas sin de bhreis ar na Ceanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid na ngnóthas gaolmhar sin. Ba cheart do ghnóthais árachais nó athárachais a bheith in ann éagsúlú a chur san áireamh idir na rioscaí airgeadra sin agus rioscaí eile is bun le ríomh an Cheanglais ghrúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta.
(73)Faoi láthair, féadfaidh maoirseoirí grúpa tairseacha a chinneadh ar os a gcionn a mheastar go bhfuil comhchruinnithe inghrúpa agus riosca suntasach bunaithe ar Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta, ar fhorálacha teicniúla, nó orthu araon. Mar sin féin, is féidir go mbeidh critéir rioscabhunaithe chainníochtúla nó cháilíochtúla eile, mar shampla cistí dílse incháilithe iomchuí freisin chun na tairseacha a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart níos mó solúbthachta a bheith ag maoirseoirí grúpa agus idirbheart inghrúpa suntasach nó comhchruinniú riosca suntasach á shainmhíniú.
(74)Is féidir go gcaillfidh maoirseoirí grúpa faisnéis thábhachtach maidir le hidirbhearta inghrúpa nach gceanglaítear a thuairisciú faoi rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, go háirithe iad sin a bhaineann le gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘idirbhearta inghrúpa atá le tuairisciú’. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag maoirseoirí grúpa chun an sainmhíniú ar ‘idirbhearta inghrúpa atá le tuairisciú’ a oiriúnú chun go n‑oirfidh sé ar bhealach níos fearr do shainiúlachtaí gach grúpa.
(75)Is féidir le cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheith ina máthairghnóthais ar ghrúpaí árachais nó athárachais. Sa chás sin, ceanglaítear cur i bhfeidhm na maoirseachta grúpa ar bhonn staid chomhdhlúite na gcuideachtaí sealbhaíochta sin. Ós rud é nach mbíonn na gnóthais árachais ná athárachais atá faoi rialú na gcuideachtaí sealbhaíochta sin i gcónaí in ann comhlíontacht leis na ceanglais maidir le maoirseacht grúpa a áirithiú, is gá a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin iomchuí ag maoirseoirí grúpa chun comhlíontacht grúpaí le Treoir 2009/138/CE a áirithiú. Dá bhrí sin, cosúil le leasuithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thugtar isteach le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais, ba cheart íostacar cumhachtaí a bheith ag maoirseoirí grúpa ar chuideachtaí sealbhaíochta, lena n‑áirítear na cumhachtaí maoirseachta ginearálta is infheidhme maidir le gnóthais árachais agus athárachais chun críche na maoirseachta grúpa.
(76)Nuair atá gnóthais árachais agus athárachais ina gcuid de ghrúpa a bhfuil ceannoifig a mháthairghnóthais i dtríú tír nach meastar a bheith coibhéiseach ná coibhéiseach go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 260 de Threoir 2009/138/CE, tá dúshlán níos mó ag baint le maoirseacht ghrúpa a fheidhmiú. Is féidir go gcinnfidh maoirseoirí grúpa ‘modhanna eile’ mar a ghairtear dóibh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 262 den Treoir sin. Mar sin féin, níl na modhanna sin sainmhínithe go soiléir agus tá na cuspóirí ba cheart a bhaint amach leis na modhanna eile sin éiginnte. Dá bhrí sin, ba cheart críoch na modhanna eile a shonrú a thuilleadh, lena n‑áirítear íostacar beart ba cheart do mhaoirseoirí grúpa a mheas.
(77)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/981 ón gCoimisiún tugadh isteach cóir fhabhrach le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha i gcothromas. Maidir leis an bhfo‑mhodúl riosca cothromais fadbhunaithe, arb é is aidhm dó freisin an riosca is ísle a léiriú a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh thar thréimhse ionchasach níos faide, ach a bhfuil úsáid an‑teoranta ag baint leis san Aontas, tá sé faoi réir critéir atá níos déine ná iad sin is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí cothromais fadtéarmacha. Dá bhrí sin, is cosúil go dtagann an chatagóir stuamachta nua d’infheistíochtaí cothromais fhadtéarmacha roimh an ngá atá leis an bhfomhodúl riosca cothromais fadbhunaithe atá ann cheana. Ós rud é nach gá dhá chóir fhabhracha leithleacha a choimeád ag a bhfuil an cuspóir céanna a bhaineann le hinfheistíochtaí fadtéarmacha a chúiteamh, ba cheart an fomhodúl riosca cothromais fadbhunaithe a scriosadh. Mar sin féin, chun staid a sheachaint trína dtagann éifeachtaí díobhálacha as na leasuithe sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le clásal marthanachta maidir le hárachóirí a bhfuil an fomhodúl riosca cothromais fadbhunaithe á chur i bhfeidhm acu faoi láthair.
(78)Chun uaillmhianta comhshaoil agus aeráide an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ceanglaítear méideanna móra infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear ó chuideachtaí árachais agus athárachais, a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Le forálacha Threoir 2009/138/CE maidir leis na ceanglais chaipitil níor cheart bac a chur ar infheistíochtaí inbhuanaithe ó ghnóthais árachais agus athárachais ach ba cheart riosca iomlán na n‑infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de a léiriú. Cé nach ann d’fhianaise leordhóthanach ag an gcéim seo ar dhifreálaigh riosca idir infheistíochtaí atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de nó go sóisialta agus infheistíochtaí eile, is féidir go dtiocfaidh an fhianaise sin chun bheith ar fáil thar na chéad chúpla bliain eile. Chun measúnú iomchuí ar an bhfianaise ábhartha a áirithiú, ba cheart do ÚEÁPC faireachán agus tuairisciú a dhéanamh faoi 2023 ar an bhfianaise ar an bpróifíl riosca atá ag infheistíochtaí atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de nó go sóisialta. I gcás inarb iomchuí, le tuarascáil ÚEÁPC ba cheart comhairle a thabhairt maidir le hathruithe ar Threoir 2009/138/CE agus ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun na Treorach sin. Féadfaidh ÚEÁPC fiafraí freisin an mbeadh sé iomchuí rioscaí comhshaoil áirithe, seachas rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, a chur san áireamh agus conas sin a dhéanamh. Mar shampla, dá mba léir sin ón bhfianaise, d’fhéadfadh ÚEÁPC anailís a dhéanamh ar an ngá a bhaineann le síneadh a chur le cás‑anailísí mar a thugtar isteach leis an Treoir seo i gcomhthéacs rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide chuig rioscaí comhshaoil eile.
(79)Tá agus beidh difear á dhéanamh ag an athrú aeráide ar a laghad thar an chéad deacáid eile do mhinicíocht agus do dhéine tubaistí nádúrtha ar dócha go ngéaróidís a thuilleadh de dheasca díghrádú comhshaoil agus truailliú. Is féidir go n‑athróidh sin neamhchosaint na ngnóthas árachais agus athárachais ar an riosca tubaiste nádúrtha freisin agus a fhágáil go mbeidh na paraiméadair chaighdeánacha le haghaidh riosca tubaiste nádúrtha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 neamhbhailí. Chun a áirithiú nach ann d’aon neamhréireacht mharthanach idir na paraiméadair chaighdeánacha le haghaidh riosca tubaiste nádúrtha agus neamhchosaint iarbhír na gcuideachtaí áracháis agus athárachais ar na rioscaí sin, ba cheart do ÚEÁPC athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar raon feidhme an mhodúil riosca tubaiste nádúrtha agus ar chalabrúcháin a pharaiméadar caighdeánach. Chun na críche sin, ba cheart do ÚEÁPC an fhianaise is déanaí atá ar fáil ón eolaíocht aeráide a chur san áireamh agus, i gcás ina n‑aimseofar neamhréireachtaí, ba cheart dó tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin dá réir sin.
(80)Ba cheart na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 308b(12) de Threoir 2009/138/CE a leasú chun comhsheasmhacht leis an gcreat baincéireachta a áirithiú mar aon le cothroime iomaíochta maidir le láimhseáil risíochtaí ar rialtais láir nó bainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre aon Bhallstáit. Chun na críche sin, ba cheart córas marthanachta le haghaidh na neamhchosaintí sin a thabhairt isteach chun na neamhchosaintí ábhartha a dhíolmhú ó mhuirir chaipitil maidir le riosca comhchruinnithe margaidh agus raoin difríochta, ar choinníoll gur tabhaíodh na neamhchosaintí roimh an 1 Eanáir 2020.
(81)I gcásanna áirithe, braitheann grúpaí árachais nó athárachais go mór ar úsáid an bhirt idirthréimhsigh maidir leis na rátaí úis saor ó riosca agus an bhirt idirthréimhsigh maidir le forálacha teicniúla. Is féidir go dtabharfar bréagléiriú ar staid sócmhainneachta iarbhír an ghrúpa leis sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ghrúpaí árachais nó athárachais nochtadh a dhéanamh ar an tionchar ar a staid sócmhainneachta a bhaineann le glacadh leis nach bhfuil cistí dílse a eascraíonn as na bearta idirthréimhseacha sin ar fáil chun an Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach. Ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis mhaoirseachta freisin bearta iomchuí a dhéanamh chun go léireofar le húsáid na mbeart staid airgeadais an ghrúpa go hiomchuí. Leis na bearta sin, áfach, níor cheart difear a dhéanamh don úsáid a bhaineann gnóthais árachais nó athárachais ghaolmhara as na bearta idirthréimhseacha sin agus a gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta aonair á ríomh.
(82)Le Treoir 2009/138/CE déantar foráil maidir le bearta idirthréimhseacha le haghaidh na rátaí úis saor ó riosca agus maidir le forálacha teicniúla atá faoi réir formheas maoirseachta agus ag a bhfuil feidhm maidir le conarthaí as a dtagann oibleagáidí árachais agus athárachais a tugadh i gcrích roimh 2016. Cé gur cheart leis na bearta idirthréimhseacha gnóthais a spreagadh chun gluaiseacht chomh tráthúil agus is féidir i dtreo comhlíontacht leis an Treoir sin, le cur i bhfeidhm beart idirthréimhseach a fhormheastar den chéad uair i bhfad i ndiaidh 2016 is dócha go moilleofar an dul chun cinn i dtreo comhlíontacht leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, ba cheart an formheas sin ar úsáid na mbeart idirthréimhseach sin a theorannú do chásanna ina dtagann gnóthas árachais nó athárachais chun bheith faoi réir rialacha Threoir 2009/138/CE den chéad uair agus, i gcás inar ghlac gnóthas punann de chonarthaí árachais nó athárachais agus inar chuir an gnóthas aistriúcháin beart idirthréimhseach i bhfeidhm i leith na n‑oibleagáidí a bhaineann leis an bpunann sin, roimh an aistriú.
(83)Rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe an 1 Feabhra 2020 agus scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe an 31 Nollaig 2020. Ós rud é go bhfuil forálacha éagsúla i dTreoir 2009/138/CE lena dtéitear i ngleic le sonraíochtaí Ballstát ar leith, i gcás ina mbainfidh na forálacha sin go sonrach leis an Ríocht Aontaithe, tháinig siad chun bheith imithe i léig agus ba cheart dá bhrí sin iad a scriosadh.
(84)Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2009/138/CE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2009/138/CE
Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar a leanas:
(1)in Airteagal 2(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(iv):
‘(iv) cineálacha buanárachais sláinte nach bhfuil faoi réir cealú agus arb ann dóibh faoi láthair in Éirinn;’;
(2)in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
‘(a) ní mó ná EUR 15 000 000 an ollphréimh bhliantúil i scríbhinn de chuid an ghnóthais;
(b) ní mó ná EUR 50 000 000 iomlán fhorálacha teicniúla an ghnóthais, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76;’;
(3)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)I mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) soláthraítear an cúnamh i gcás timpiste nó cliseadh a bhaineann le feithicil bhóthair nuair a tharlaíonn an timpiste nó an cliseadh i gcríoch Bhallstát an ghnóthais a sholáthraíonn cumhdach nó na dtíortha comharsanacha;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcásanna dá dtagraítear i mír 1, (b)(i) agus (b)(ii), maidir leis an gcoinníoll gur gá don timpiste nó don chliseadh a bheith tarlaithe i gcríoch Bhallstát an ghnóthais a sholáthraíonn cumhdach, ní bheidh feidhm aige sin i gcás inar comhalta an tairbhí den chomhlacht a sholáthraíonn cumhdach agus ina soláthraítear seirbhís cliste nó iompair na feithicle ar chárta ballraíochta a bheith á thaispeáint agus gan ach sin a dhéanamh, gan aon phréimh bhreise a bheith á híoc, ag comhlacht comhchosúil sa tír lena mbaineann ar bhonn comhaontú cómhalartach.’;
(c)scriostar mír 3;
(4)in Airteagal 8, scriostar pointe (3);
(5)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)i bpointe (7), scriostar pointe (b);
(b)cuirtear isteach na pointí (10a), (10b), (10c) agus (10d) seo a leanas:
‘(10a) ciallaíonn ‘gnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal’ gnóthas árachais agus athárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 29a agus a aicmíodh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 29b;
(10b) ciallaíonn ‘gnólacht iniúchóireachta’ gnólacht iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
(10c) ciallaíonn ‘iniúchóir reachtúil’ iniúchóir reachtúil de réir bhrí Airteagal 2, pointe (2) de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
(10d) ciallaíonn ‘grúpa ag a bhfuil próifíl riosca íseal’ grúpa a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 213a agus atá aicmithe amhlaidh ag an maoirseoir grúpa de bhun mhír 2 den Airteagal sin;
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 15 agus 16:
‘(15)
ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, mar aon le gnóthas a mheasfaidh údaráis mhaoirseachta a bheith ina mháthairghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 212 den Treoir seo;
‘(16)
ciallaíonn ‘foghnóthas’ aon fhoghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE, lena n‑áirítear fochuideachtaí díobh, mar aon le gnóthas atá le meas ag údaráis mhaoirseachta mar fhoghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 212 den Treoir seo;
*
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(d)i bpointe (18), cuirtear na focail ‘Airteagal 22(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19:
‘(19)
ciallaíonn ‘idirbheart inghrúpa’ aon idirbheart trína mbraitheann gnóthas árachais nó athárachais, gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha leis na gnóthais laistigh den ghrúpa sin le dlúthnaisc, chun oibleagáid a chomhlíonadh, bíodh sí conarthach nó nach bíodh, agus bíodh sí le haghaidh íocaíochta nó ná bíodh;’;
(f)leasaítear pointe 22 mar a leanas:
(i)i bpointe (a), cuirtear na focail ‘Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 4(1)(14) de Threoir 2004/39/CE’;
___________________________________
* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(ii)i bpointe (b)(i), cuirtear na focail ‘Treoir 2014/65/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 2004/39/CE’;
(g)leasaítear pointe 25 mar a leanas:
(i)i bpointe (a), cuirtear na focail ‘Airteagal 4(1), pointí (1), (18) agus (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 4(1), (5) agus (21) de Threoir 2006/48/CE’;
______________________________
* Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(ii)i bpointe (c), cuirtear na focail ‘Treoir 2014/65/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 2004/39/CE’;
(h)leasaítear pointe 27 mar a leanas:
(i)i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
‘(ii) glanláimhdeachas, de réir bhrí Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2013/34/AE, de EUR 13 600 000;’;
(ii)cuirtear na focail ‘Treoir 2013/34/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 83/349/CEE’;
(i)cuirtear isteach an pointe 41 seo a leanas:
‘(41) ciallaíonn ‘gnóthas rialáilte’ ‘eintiteas rialáilte’ de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir 2002/87/CE nó institiúid um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2016/2341.’;
(6)in Airteagal 18(1), cuirtear an pointe (i) seo a leanas leis:
‘(i) a léiriú cibé acu a diúltaíodh nó a aistarraingíodh iarraidh i mBallstát eile ar údarú chun dul i mbun ghnó an árachais nó an athárachais dhírigh nó chun dul i mbun gnó gnóthais rialáilte nó dáileora árachais eile, agus na cúiseanna leis an diúltú nó leis an aistarraingt.’;
(7)in Airteagal 23(1), cuirtear an pointe (f) seo a leanas leis:
‘(f) an margadh ina mbeartaíonn an gnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann oibriú;’;
(8)in Airteagal 24(2), an dara fomhír, cuirtear na focail ‘Treoir 2014/65/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 2004/39/CE’;
(9)in Airteagal 25, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘Gach diúltú ar údarú, lena n‑áirítear sainaithint an ghnóthais is iarratasóir agus na cúiseanna leis an diúltú, tabharfar fógra faoi don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (‘ÚEÁPC’) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Coimeádfaidh ÚEÁPC bunachar sonraí a thabharfar cothrom le dáta ina mbeidh an fhaisnéis sin agus deonóidh sé rochtain ar an mbunachar sonraí sin d’údaráis mhaoirseachta.
*Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).’;
(10)in Airteagal 25a, cuirtear na focail ‘do ÚEÁPC’ in ionad na bhfocal ‘don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (‘EIOPA’) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle6’;
(11)in Airteagal 26, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4. I gcás inar gá dul i gcomhairle le roinnt údarás maoirseachta de bhun mhír 1, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann iarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile measúnú a dhéanamh go comhpháirteach ar an iarratas ar údarú. Measfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile conclúidí an mheasúnaithe chomhpháirtigh agus a chinneadh críochnaitheach á dhéanamh.’;
(12)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó gnóthais árachais nó athárachais, go háirithe iad sin a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
4. Leis na gníomhartha tarmligthe agus na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme agus rialála a ghlac an Coimisiún cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh, rud lena n‑áiritheoidh cur i bhfeidhm comhréireach na Treorach seo, go háirithe i ndáil le gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir ÚEÁPC isteach i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, leis na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin, agus leis na treoirlínte agus leis na moltaí a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, áiritheofar cur i bhfeidhm comhréireach na Treorach seo, go háirithe i ndáil le gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.’;
(b)cuirtear míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:
‘5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear nó lena n‑oiriúnaítear na critéir a leagtar síos in Airteagal 29a(1), pointí (e), (f) agus (h).
6. Chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a áirithiú i gcur i bhfeidhm na comhréireachta, forbróidh ÚEÁPC treoirlínte chun éascaíocht a dhéanamh d’uirlisí maoirseachta coiteanna agus an mhodheolaíocht atá le húsáid á sonrú a thuilleadh nuair atá gnóthais árachais agus athárachais á n‑aicmiú mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.’;
(13)cuirtear na hAirteagail 29a go 29e seo a leanas isteach:
‘Airteagal 29a
Critéir chun gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal a shainaithint
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑aicmeofar gnóthais árachais agus athárachais mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 29b, i gcás, ar feadh 2 bhliain airgeadais as a chéile roimh an aicmiú sin, ina gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:
(a)Le haghaidh gnóthais árachais saoil agus gnóthais árachais a shaothraíonn gníomhaíochtaí árachais saoil agus neamhshaoil araon i gcomhréir le hAirteagal 73 arb ionann a bhforálacha teicniúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí árachais saoil agus 20 % nó níos mó de chomhlán fhorálacha teicniúla iomlána na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí árachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76, agus arb ionann a n‑ioncam ollphréimhe bliantúil i scríbhinn a bhaineann le gníomhaíochtaí árachais neamhshaoil agus níos lú ná 40 % den ollphréimh iomlán bhliantúil i scríbhinn, comhlíonfar na critéir uile seo a leanas:
(i)níl fo‑mhodúl riosca an ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 105(5), pointe (a), níos airde ná 5 % de na forálacha teicniúla, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76;
(ii)níl gnó atá frithgheallta i mBallstáit seachas an Ballstát baile ina bhfuair an gnóthas a údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 níos airde ná 5 % dá ollphréimh iomlán bhliantúil i scríbhinn;
(iii)forálacha teicniúla, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76, níl siad níos airde ná EUR 1 000 000 000;
(iv)ní hionann infheistíochtaí in infheistíochtaí neamhthraidisiúnta agus níos mó ná 20 % d’infheistíochtaí iomlána;
(v)ní áirítear le gnó an ghnóthais oibríochtaí athárachais a sháraíonn 50 % dá ioncam ollphréimhe bliantúil iomlán i scríbhinn.
Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointí (ii) agus (v), ní bheidh feidhm acu maidir le gnóthais árachais faoi chuing ná gnóthais athárachais faoi chuing.
(b)Le haghaidh gnóthais árachais neamhshaoil agus le haghaidh gnóthais árachais a shaothraíonn gníomhaíochtaí árachais saoil agus neamhshaoil araon i gcomhréir le hAirteagal 73 arb ionann a n‑ioncam ollphréimhe bliantúil i scríbhinn a bhaineann leis na gníomhaíochtaí árachais neamhshaoil agus 40 % nó níos mó dá n‑ioncam ollphréimhe bliantúil i scríbhinn agus arb ionann a bhforálacha teicniúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí árachais saoil agus níos lú ná 20 % de chomhlán a bhforálacha teicniúla iomlána de na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí árachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76, comhlíonfar na critéir uile seo a leanas:
(i)tá an meán‑ghlanmhéid cóimheasa chomhcheangailte athárachais a bhaineann leis na 3 bliana deiridh níos lú ná 100 %;
(ii)níl gnó atá frithgheallta i mBallstáit seachas an Ballstát baile ina bhfuair an gnóthas a údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 níos airde ná 5 % dá ollphréimh iomlán bhliantúil i scríbhinn;
(iii)níl an ollphréimh bhliantúil i scríbhinn níos airde ná EUR 100 000 000;
(iv)níl suim na n‑ollphréimheanna bliantúla i scríbhinn in aicmí 3 go 7, 14 agus 15 de Roinn A d’Iarscríbhinn I níos airde ná 30 % de na préimheanna iomlána bliantúla i scríbhinn i leith gnó neamhshaoil;
(v)ní hionann infheistíochtaí in infheistíochtaí neamhthraidisiúnta agus níos mó ná 20 % d’infheistíochtaí iomlána;
(vi)ní áirítear le gnó an ghnóthais oibríochtaí athárachais a sháraíonn 50 % dá ioncam ollphréimhe bliantúil iomlán i scríbhinn.
Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointí (ii) agus (vi) ní bheidh feidhm acu maidir le gnóthais árachais faoi chuing ná gnóthais athárachais faoi chuing.
(c)Le haghaidh gnóthais árachais a shaothraíonn gníomhaíochtaí árachais saoil agus neamhshaoil araon i gcomhréir le hAirteagal 73 arb ionann a bhforálacha teicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí árachais saoil agus 20 % nó níos mó de chomhlán a bhforálacha teicniúla iomlána de na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí árachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76, agus arb ionann a n‑ioncam ollphréimhe bliantúil i scríbhinn a bhaineann leis na gníomhaíochtaí árachais neamhshaoil agus 40 % nó níos mó dá n‑ioncam ollphréimhe iomlán bliantúil i scríbhinn, comhlíonfar na critéir uile seo a leanas:
(i)níl fo‑mhodúl riosca an ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 105(5), pointe (a), níos airde ná 5 % de na forálacha teicniúla, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76;
(ii)tá an meán‑ghlanmhéid cóimheasa chomhcheangailte athárachais a bhaineann leis na 3 bliana deiridh níos lú ná 100 %;
(iii)forálacha teicniúla, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus feithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76, níl siad níos airde ná EUR 1 000 000 000;
(iv)níl an ollphréimh bhliantúil i scríbhinn níos airde ná EUR 100 000 000;
(v)níl gnó atá frithgheallta i mBallstáit seachas an Ballstát baile ina bhfuair an gnóthas a údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 níos airde ná 5 % dá ollphréimh iomlán bhliantúil i scríbhinn;
(vi)níl suim na n‑ollphréimheanna bliantúla i scríbhinn in aicmí 3 go 7, 14 agus 15 de Roinn A d’Iarscríbhinn I níos airde ná 30 % de na préimheanna iomlána bliantúla i scríbhinn i leith gnó neamhshaoil;
(vii)ní hionann infheistíochtaí in infheistíochtaí neamhthraidisiúnta agus níos mó ná 20 % d’infheistíochtaí iomlána;
(viii)ní áirítear le gnó an ghnóthais oibríochtaí athárachais a sháraíonn 50 % dá ioncam ollphréimhe bliantúil iomlán i scríbhinn.
Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointí (v) agus (viii) ní bheidh feidhm acu maidir le gnóthais árachais faoi chuing ná le gnóthais athárachais faoi chuing.
Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh in infheistíochtaí traidisiúnta bannaí, cothromais, airgead agus coibhéisí airgid agus taiscí agus is éard a bheidh in infheistíochtaí iomlána na sócmhainní uile, lena n‑áirítear díorthaigh, agus gan infheistíochtaí a áireamh lena gcumhdaítear conarthaí nasctha aonad‑innéacs, gan maoin dá n‑úsáid féin a áireamh, ná gléasra agus trealamh dá n‑úsáid féin, ná maoin atá á tógáil dá húsáid féin.
2. Le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a fuair údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 ar feadh tréimhse is gairide ná 2 bhliain, ní dhéanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ach amháin i leith na bliana airgeadais deiridh roimh an aicmiú.
3. Ní aicmeofar na gnóthais árachais ná athárachais seo a leanas go brách mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal:
(a)gnóthais a úsáideann samhail inmheánach pháirteach nó iomlán fhormheasta chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le samhlacha inmheánacha iomlána agus páirteacha a leagtar amach i gCaibidil VI, Roinn 4, Foroinn 3;
(b)gnóthais ar máthairghnóthais iad de ghrúpa árachais de réir bhrí Airteagal 212, a bhfuil feidhm ag maoirseacht ghrúpa leis i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointe (a) nó (b), mura rud é go n‑aicmítear an grúpa mar ghrúpa ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
Airteagal 29b
Próiseas aicmiúcháin le haghaidh gnóthais a chomhlíonann na critéir
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnóthais árachais agus athárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 29a(1) agus (3) fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoin gcomhlíontacht sin d’fhonn a bheith aicmithe mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
2.Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an gnóthas árachais agus athárachais faoi bhráid údarás maoirseachta an Bhallstáit a dheonaigh an réamhúdarú dá dtagraítear in Airteagal 14 é. Áireofar an méid uile seo a leanas san fhógra sin:
(a)fianaise gur comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 29a is infheidhme maidir leis an ngnóthas sin;
(b)dearbhú nach mbeartaíonn an gnóthas aon athrú straitéiseach as a dtiocfadh neamhchomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 29a laistigh de na chéad 3 bliana eile;
(c)sainaithint luath ar na bearta comhréireachta a bheartaíonn an gnóthas a chur chun feidhme, go háirithe má bheartaítear an simpliú ar an meastachán is fearr a úsáid agus cibé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an gnóthas an modh simplithe a úsáid chun forálacha teicniúla a leagtar síos in Airteagal 77(7) a ríomh.
3.Féadfaidh an t‑údarás maoirseachta cur in aghaidh an aicmiúcháin mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal laistigh de 1 mhí amháin ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil ar fhorais a bhaineann go heisiach le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha dá bhforáiltear faoi Airteagal 29a. Cinneadh ón údarás maoirseachta chun cur in aghaidh an aicmiúcháin, déanfar i scríbhinn é agus sonrófar na cúiseanna atá le heasaontas an údaráis maoirseachta ann. Cheal cinneadh den sórt sin, aicmeofar an gnóthas árachais mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal ó dheireadh na tréimhse freasúra 1 mhíosa amháin amach nó ó dháta is luaithe amach i gcás ina mbeidh cinneadh eisithe níos luaithe ag an údarás maoirseachta lena ndeimhnítear comhlíontacht leis na critéir.
4.Maidir le hiarrataí a fhaigheann údaráis mhaoirseachta laistigh de na chéad 6 mhí ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 2.
5.Aicmeofar na gnóthais árachais agus athárachais mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal fad nach scoireann an t‑aicmiú sin i gcomhréir leis an mír seo.
I gcás nach gcomhlíonfaidh gnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal aon cheann de na critéir a leagtar amach in Airteagal 29a(1) a thuilleadh, cuirfidh sé an t‑údarás maoirseachta ar an eolas faoi gan mhoill. I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh sin de bheith ann go leanúnach thar 2 bhliain as a chéile, tabharfaidh an gnóthas fógra don údarás maoirseachta faoin staid sin, agus scoirfidh sé de bheith aicmithe mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal amhail ón tríú bliain airgeadais.
I gcás nach gcomhlíonfaidh gnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 29a(3) a thuilleadh, tabharfaidh an gnóthas sin fógra don údarás maoirseachta gan mhoill agus scoirfidh sé de bheith aicmithe mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal amhail ón mbliain airgeadais ina dhiaidh sin.
Airteagal 29c
Úsáid beart comhréireachta ag gnóthais a aicmítear mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal
1.Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do na ceanglais shonracha a leagtar amach i ngach beart comhréireachta, go bhféadfaidh gnóthais árachais agus athárachais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal úsáid a bhaint as na bearta comhréireachta uile dá bhforáiltear in Airteagal 35(5a), Airteagal 41, Airteagal 45(1b), Airteagal 45(5), Airteagal 45a(5), Airteagal 51(6), Airteagal 51a(1), Airteagal 77(7) agus Airteagal 144a(4), agus aon bheart comhréireachta dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na Treorach seo.
2.I gcás ina mbeidh ábhair imní thromchúiseacha ag an údarás maoirseachta i ndáil le próifíl riosca gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, féadfaidh an t‑údarás maoirseachta, in imthosca eisceachtúla, a iarraidh ar an ngnóthas lena mbaineann staonadh ó úsáid a bhaint as beart comhréireachta amháin nó as bearta comhréireachta éagsúla a liostaítear i mír 1 ar choinníoll go dtugtar údar leis sin i scríbhinn tar éis breithniú a dhéanamh ar an tionchar ar eagrú an ghnóthais agus ar shonraíochtaí nó ar athrú a phróifíle riosca.
Airteagal 29d
Úsáid beart comhréireachta ag gnóthais nach n‑aicmítear mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnóthais árachais agus athárachais nach n‑aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, go bhféadfaidh siad úsáid a bhaint as aon bheart comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 35(5a), Airteagal 41, Airteagal 45(1b), Airteagal 45(5), Airteagal 77(7) agus Airteagal 144a(4) agus aon bheart comhréireachta dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na Treorach seo, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón údarás maoirseachta.
Cuirfidh an gnóthas árachais nó athárachais iarraidh i scríbhinn faoi bhráid an údaráis maoirseachta lena formheas. Áireofar an méid uile seo a leanas san iarraidh sin:
(a)liosta na mbeart comhréireachta a bheartaítear a úsáid agus na cúiseanna atá údar lena n‑úsáid i ndáil le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó an ghnóthais;
(b)aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le próifíl riosca an ghnóthais;
(c)dearbhú nach mbeartaíonn an gnóthas aon athrú straitéiseach ag a mbeadh tionchar ar phróifíl riosca an ghnóthais laistigh de na chéad 3 bliana eile.
2. Déanfaidh an t‑údarás maoirseachta, laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, measúnú ar an iarraidh agus an gnóthas a chur ar an eolas faoina fhormheas nó faoina dhiúltú agus faoi na bearta comhréireachta a deonaíodh mar aon leis sin. I gcás ina bhformheasfaidh an t‑údarás maoirseachta úsáid beart comhréireachta faoi théarma nó faoi choinníollacha áirithe, beidh na cúiseanna leis na téarmaí agus na coinníollacha sin sa chinneadh formheasa. Cinneadh ón údarás maoirseachta cur in aghaidh úsáid a bhaint as bearta comhréireachta éagsúla a liostaítear san iarraidh a chuir an gnóthas isteach, is i scríbhinn a dhéanfar é, agus sonrófar na cúiseanna atá le cinneadh an údaráis mhaoirseachta ann. Beidh na cúiseanna sin nasctha le próifíl riosca an ghnóthais,
3. Féadfaidh an t‑údarás maoirseachta aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun an measúnú a chur i gcrích. Maidir leis an tréimhse measúnaithe dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fionraí í ar feadh na tréimhse idir an dáta a iarrann na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis agus a fhaigheann an gnóthas lena mbaineann freagairt uirthi. Ní thiocfaidh fionraí ar an tréimhse measúnaithe as aon iarraidh bhreise ón údarás maoirseachta.
4. Maidir le hiarrataí a fhaigheann údaráis mhaoirseachta laistigh de na chéad 6 mhí ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo], 4 mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear i mír 2.
5. Maidir le formheas chun úsáid a bhaint as bearta comhréireachta, féadfar é a leasú nó a aistarraingt aon tráth má thagann athrú ar phróifíl riosca an ghnóthais árachais nó athárachais. Sonróidh an t‑údarás i scríbhinn na cúiseanna lena chinneadh dá réir sin.
Airteagal 29e
Faireachán a dhéanamh ar úsáid beart comhréireachta
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais úsáid a bhaint as bearta comhréireachta chun faisnéis a thuairisciú go bliantúil dá n‑údaráis mhaoirseachta maidir leis na bearta comhréireachta a úsáidtear mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar chun críocha maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 35.
2. Gnóthais árachais agus athárachais a chuireann i bhfeidhm aon bheart comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 29c(1) nó Airteagal 29d(1) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh siad leanúint de na bearta sin a chur i bhfeidhm gan ceanglais a leagtar amach in Airteagail 29b, 29c ná 29d a chur i bhfeidhm, ar feadh tréimhse nach faide ná 4 bliana airgeadais.’;
(14)in Airteagal 30(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Áireofar i maoirseacht airgeadais de bhun mhír 1 fíorú, i leith ghnó iomlán an ghnóthais árachais agus athárachais, a chóras rialachais, a staid sócmhainneachta, bhunaíocht forálacha teicniúla, a shócmhainní agus na gcistí dílse incháilithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos nó leis na cleachtais a leantar sa Bhallstát baile faoi fhorálacha a ghlactar ar leibhéal an Aontais.’;
(15)cuirtear Airteagal 33a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 33a
Comhar maoirseachta idir údaráis maoirseachta baile agus óstacha
1. I gcás gníomhaíochtaí trasteorann suntasacha a dhéanann gnóthais árachais agus athárachais faoin gceart bunaíochta nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, rachaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile i gcomhar le húdarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil tuiscint shoiléir ag an ngnóthas árachais ar na rioscaí atá roimhe, nó a fhéadfaidh a bheith roimhe, sa Bhallstát óstach.
Cumhdóidh an comhar sin ar a laghad na gnéithe seo a leanas:
(a) an córas rialachais lena n‑áirítear cumas bhainistíocht na ceannoifige tuiscint a fháil ar shonraíochtaí margaidh trasteorann, uirlisí bainistíochta riosca, na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm agus nósanna imeachta comhlíontachta le haghaidh an ghnó trasteorann;
(b) socruithe seachfhoinsithe agus comhpháirtíochtaí dáileacháin;
(c) straitéis gnó agus láimhseáil éileamh;
(d) cosaint tomhaltóirí.
2. Cuirfidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, go tráthúil, údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh ar an eolas faoi thoradh a phróisis athbhreithnithe maoirseachta a bhaineann leis an ngníomhaíocht trasteorann i gcás inar sainaithníodh saincheisteanna féideartha maidir le comhlíontacht leis na forálacha is infheidhme sa Bhallstát óstach.
3. Chun críche an Airteagail seo, is éard is ‘gníomhaíochtaí trasteorann suntasacha’ ann gníomhaíochtaí árachais agus athárachais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais faoin gceart bunaíochta agus iad sin a dhéantar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach a sháraíonn 5 % den ollphréimh bhliantúil i scríbhinn de chuid an ghnóthais, a thomhaistear faoi threoir an ráitis airgeadais deiridh atá ar fáil de chuid an ghnóthais.’;
(16)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis is gá chun críocha maoirseachta a chur faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta, agus cuspóirí na maoirseachta a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28 agus prionsabail ghinearálta na maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 29 á gcur san áireamh.’;
(b)cuirtear mír 5a seo a leanas isteach:
‘5a. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear i míreanna 1 agus 2 agus na prionsabail a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais tuarascáil mhaoirseachta thráthrialta faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta ina gcuimseofar faisnéis maidir le gnó agus feidhmíocht, córas rialachais, próifíl riosca, luacháil chun críocha sócmhainneachta agus bainistiú caipitil an ghnóthais thar an tréimhse tuairiscithe.
Is mar a leanas minicíocht na tuarascála maoirseachta tráthrialta:
(a)gach 3 bliana, le haghaidh gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal;
(b)ar a laghad gach 3 bliana le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais seachas gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.’;
(c)scriostar míreanna 6, 7 agus 8;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a lena sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus critéir maidir le tuairisciú maoirseachta teoranta le haghaidh gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing i bhfianaise chineál, scála agus chastacht rioscaí na gcineálacha sonracha gnóthas sin d’fhonn cóineasú an tuairiscithe mhaoirseachta a áirithiú, a mhéid is iomchuí.’;
(e)i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme i leith tuairisciú maoirseachta tráthrialta maidir leis na teimpléid chun faisnéis a chur faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, lena n‑áirítear na tairseacha rioscabhunaithe lena mbunaítear an truicear le haghaidh ceanglais tuairiscithe nuair is infheidhme nó aon díolúine ó fhaisnéis shonrach le haghaidh cineálacha áirithe gnóthas amhail gnóthais árachais agus athárachais faoi chuing i bhfianaise chineál, scála agus chastacht na rioscaí a bhaineann le cineálacha sonracha gnóthas.’;
(f)scriostar mír 11;
(g)cuirtear an mhír 12 seo a leanas leis:
‘12. Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 2 bhliain tar éis an dáta foilseacháin], cuirfidh ÚEÁPC tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le bearta féideartha, lena n‑áirítear athruithe reachtacha, chun bailiúchán sonraí lánpháirtithe a fhorbairt chun:
(a)laghdú a dhéanamh ar réimsí dúblála agus neamhréireachtaí idir na creataí tuairiscithe san earnáil árachais agus in earnálacha eile den tionscal airgeadais; agus
(b)feabhas a chur ar chaighdeánú sonraí agus comhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscítear cheana laistigh d’aon chreat tuairiscithe de chuid an Aontais ag aon údarás inniúil ábhartha, ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta.
Tabharfaidh ÚEÁPC tosaíocht d’fhaisnéis maidir le réimsí gnóthas comhinfheistíochta agus tuairiscithe díorthach, ach ní theorannóidh sé é féin don fhaisnéis sin.
Agus an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú, oibreoidh ÚEÁPC i ndlúthchomhar le hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile agus leis an mBanc Ceannais Eorpach agus tabharfaidh sé páirt, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis náisiúnta inniúla.’;
(17)cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 35a
Díolúintí agus teorainneacha a bhaineann le tuairisciú maoirseachta tráthrialta cainníochtúil atá deonaithe ag údaráis mhaoirseachta
‘1. Gan dochar d’Airteagal 129(4), i gcás ina mbeidh na tréimhsí réamhshainithe dá dtagraítear in Airteagal 35(2), pointe (a)(i) níos gairide ná 1 bhliain amháin, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann tuairisciú maoirseachta tráthrialta a theorannú, i gcás:
(a) ina mbeadh ualach rómhór ag baint le cur isteach na faisnéise sin i ndáil le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó an ghnóthais;
(b) ina dtuairisceofar an fhaisnéis go bliantúil ar a laghad.
Ní dheonófar an teorainn sin le tuairisciú maoirseachta tráthrialta ach amháin do ghnóthais nach seasann do bhreis agus 20 % den mhargadh árachais agus athárachais saoil agus neamhshaoil faoi seach de chuid Ballstáit, i gcás ina mbeidh an sciar margaidh neamhshaoil bunaithe ar ollphréimheanna i scríbhinn agus ina bhfuil an sciar margaidh saoil bunaithe ar fhorálacha teicniúla comhlána.
Agus cinneadh á dhéanamh faoi incháilitheacht gnóthas le haghaidh na dteorainneacha sin, tabharfaidh údaráis mhaoirseachta tosaíocht do ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
2. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann teorainn a chur le tuairisciú maoirseachta tráthrialta, nó gnóthais árachais agus athárachais a dhíolmhú ó thuairisciú ar bhonn mír ar mhír, i gcás:
(a) ina mbeadh ualach rómhór ag baint le cur isteach na faisnéise sin i ndáil le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó an ghnóthais;
(b) nach gá an fhaisnéis sin a chur isteach chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an ngnóthas;
(c) nach ndéantar dochar do chobhsaíocht na gcóras airgeadais lena mbaineann san Aontas leis an díolúine; agus
(d) ina bhfuil an gnóthas in ann an fhaisnéis a sholáthar arna hiarraidh sin.
Ní dhéanfaidh údaráis mhaoirseachta gnóthais árachais ná athárachais atá ina gcuid de ghrúpa de réir bhrí Airteagal 212(1), pointe (c) a dhíolmhú ó thuairisciú, mura rud é gur féidir leis an ngnóthas a léiriú chun sástachta an údaráis mhaoirseachta go bhfuil tuairisciú ar bhonn mír ar mhír míchuí, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht na rioscaí a bhaineann le gnó an ghrúpa agus cuspóir na cobhsaíochta airgeadais á chur san áireamh.
An díolúine ó thuairisciú ar bhonn mír ar mhír, ní dheonófar í ach amháin do ghnóthais nach seasann do bhreis agus 20 % den mhargadh árachais agus athárachais saoil agus neamhshaoil faoi seach de chuid Ballstáit, i gcás ina mbeidh an sciar margaidh neamhshaoil bunaithe ar ollphréimheanna i scríbhinn agus ina mbeidh an sciar margaidh saoil bunaithe ar fhorálacha teicniúla comhlána. Agus cinneadh á dhéanamh faoi incháilitheacht gnóthas le haghaidh na dteorainneacha nó na ndíolúintí sin, tabharfaidh údaráis mhaoirseachta tosaíocht do ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
3. Beidh gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing díolmhaithe ó thuairisciú maoirseachta tráthrialta ar bhonn mír ar mhír i gcás ina mbeidh na tréimhsí réamhshainithe dá dtagraítear in Airteagal 35(2), pointe (a)(i) níos gairide ná 1 bhliain amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:
(a)is éard atá i gceist leis na daoine árachaithe agus na tairbhithe uile aon duine díobh seo a leanas:
–eintitis dhlítheanacha den ghrúpa dá bhfuil an gnóthas árachais faoi chuing nó an gnóthais athárachais faoi chuing ina chuid,
–daoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa sin, ar choinníoll go bhfanann an gnó a chumhdaíonn na daoine nádúrtha sin faoi bhun 5% d’fhorálacha teicniúla;
(b)na hoibleagáidí árachais agus na conarthaí árachais is bun le hoibleagáidí athárachais an ghnóthais árachais faoi chuing nó an ghnóthais athárachais faoi chuing, ní chuimsítear leo aon árachas dliteanais tríú páirtí éigeantach.’
4. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, mar chuid den phróiseas athbhreithnithe maoirseachta, i leith gnóthais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh ualach róthrom ag baint le cur isteach na faisnéise i ndáil le cineál, scála agus castacht rioscaí an ghnóthais, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:
(a)na rioscaí margaidh a eascraíonn as infheistíochtaí an ghnóthais;
(b)leibhéil na gcomhchruinnithe riosca;
(c)na héifeachtaí féideartha atá ag bainistiú shócmhainní an ghnóthais ar chobhsaíocht airgeadais;
(d)córais agus struchtúir an ghnóthais chun faisnéis a sholáthar chun críocha maoirseachta agus an beartas i scríbhinn dá dtagraítear i mír 5.
5. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, mar chuid den phróiseas athbhreithnithe maoirseachta, i leith gnóthais nach n‑aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh ualach róthrom ag baint le cur isteach faisnéise i ndáil le cineál, scála agus castacht rioscaí an ghnóthais, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:
(a)an méid préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní atá ag an ngnóthas;
(b)luaineacht na n‑éileamh agus na dtairbhí atá á gcumhdach ag an ngnóthas;
(c)an líon iomlán aicmí árachais saoil agus neamhshaoil dá ndeonaítear údarú;
(d)oiriúnacht chóras rialachais an ghnóthais;
(e)leibhéal na gcistí dílse lena gcumhdaítear an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta agus an tÍoscheanglas Caipitil;
(f)cibé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas ina ghnóthas árachais faoi chuing nó ina ghnóthas athárachais faoi chuing nach gcumhdaíonn ach amháin rioscaí atá bainteach leis an ngrúpa tionscail nó tráchtála lena mbaineann sé.
6. Chun cur i bhfeidhm comhleanúnach agus comhsheasmhach mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo a áirithiú, eiseoidh ÚEÁPC treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 1094/2010 chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
(a)na modhanna chun na sciartha den mhargadh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, agus i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo a chinneadh;
(b)an próiseas atá le húsáid ag na húdaráis mhaoirseachta chun na gnóthais árachais agus athárachais a chur ar an eolas faoi aon teorainn nó díolúine dá dtagraítear san Airteagal seo.’;
(18)cuirtear an tAirteagal 35b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 35b
Sprioc‑amanna tuairiscithe
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh gnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus (4) ar bhonn bliantúil nó ar bhonn níos annaimhe laistigh de 16 seachtaine tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh gnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 35(1) go (4) ar bhonn ráithiúil tráth nach déanaí ná 5 seachtaine tar éis dheireadh gach ráithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh gnóthais árachais agus athárachais an tuarascáil mhaoirseachta thráthrialta dá dtagraítear in Airteagal 35(5a) tráth nach déanaí ná 18 seachtaine tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais.
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 301a chun na sprioc‑amanna a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a athrú, ar choinníoll go bhfuil gá leis an athrú de dheasca éigeandálaí sláintíochta, tubaistí nádúrtha nó imeachtaí foircneacha eile.’;
(19)in Airteagal 36(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) an córas rialachais, lena n‑áirítear na ceanglais chuí chóra, mar a leagtar amach in Airteagal 42 agus an féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, mar a leagtar amach i gCaibidil IV, Roinn 2;’;
(20)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an pointe (e) seo a leanas léi:
‘(e) cuireann an gnóthas árachais nó athárachais i bhfeidhm ceann de na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagail 308c agus 308d agus comhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i) ní chomhlíonfadh an gnóthas an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta gan an beart idirthréimhseach a chur i bhfeidhm;
(ii) mhainnigh an gnóthas an plean tosaigh maidir le céimniú isteach a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta laistigh den tréimhse a cheanglaítear mar a leagtar amach in Airteagal 308e, an dara fomhír, nó an tuarascáil bhliantúil a cheanglaítear mar a leagtar amach sa tríú mír den Airteagal sin a chur faoina bhráid.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Sna himthosca a leagtar amach i mír 1, pointí (d) agus (e), beidh an breiseán caipitil comhréireach leis na rioscaí ábhartha a eascraíonn as an diallas agus an neamhchomhlíonadh faoi seach dá dtagraítear sna pointí sin.’;
(21)Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Beidh an córas rialachais faoi réir athbhreithniú tráthrialta inmheánach. Áireofar san athbhreithniú inmheánach sin measúnú ar leordhóthanacht chomhdhéanamh, éifeachtacht agus rialachas inmheánach an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus ar chineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó an ghnóthais á gcur san áireamh.’;
(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Ceanglóidh na Ballstáit go gceapfaidh gnóthais árachais agus athárachais daoine éagsúla chun príomhfheidhmeanna a dhéanamh maidir le bainistíocht riosca, achtúireacht, comhlíontacht agus iniúchóireacht inmheánach, agus go bhfeidhmeofar gach feidhm den sórt sin ar bhealach atá neamhspleách ar a chéile chun coinbhleacht leasa a sheachaint.
Nuair atá an gnóthas aicmithe mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal, féadfaidh na daoine atá freagrach as na príomhfheidhmeanna maidir le bainistíocht riosca, achtúireacht agus comhlíontacht aon phríomhfheidhm eile a dhéanamh freisin, rud atá difriúil le hiniúchóireacht inmheánach, aon fheidhm eile nach príomhfheidhm nó a bheith ina gcomhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) déantar bainistíocht cheart ar choinbhleachtaí féideartha;
(b) leis an teaglaim feidhmeanna nó le teaglaim feidhme le coinníoll ballraíochta an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ní chuirtear isteach ar chumas an duine a fhreagrachtaí nó a freagrachtaí a dhéanamh.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Beidh beartais i scríbhinn ag gnóthais árachais agus athárachais i ndáil, ar a laghad, le bainistíocht riosca, rialú inmheánach, iniúchóireacht inmheánach, luach saothair agus, i gcás inarb ábhartha, seachfhoinsiú. Áiritheoidh siad go gcuirfear na beartais sin chun feidhme.
Déanfar athbhreithniú ar na beartais sin i scríbhinn ar a laghad go bliantúil. Beidh siad faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus déanfar iad a oiriúnú i bhfianaise aon athraithe shuntasaigh sa chóras nó sa réimse lena mbaineann. Féadfaidh gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin, ar a laghad gach 3 bliana, mura rud é go gcinneann an t‑údarás maoirseachta, bunaithe ar imthosca sonracha an ghnóthais sin, go bhfuil gá le hathbhreithniú níos minice.’;
(22)Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Tabharfaidh gnóthais árachais agus athárachais fógra dá n‑údarás maoirseachta mura gcomhlíonann aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh nó má cuireadh duine ina ionad dá dheasca sin.’;
(b)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‘4. I gcás nach gcomhlíonfaidh duine a reáchtálann an gnóthas go héifeachtach nó ag a bhfuil príomhfheidhmeanna eile na ceanglais a leagtar amach i mír 1, beidh an chumhacht ag na húdaráis mhaoirseachta a cheangal ar an ngnóthas árachais agus athárachais an duine sin a chur as an bpost sin.’;
(23)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e) bainistíocht riosca oibríochtúil, lena n‑áirítear cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
* Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘I gcás ina gcuirfidh gnóthais árachais nó athárachais an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d i bhfeidhm, cuirfear úsáid an choigeartaithe luaineachta san áireamh ina bpleananna leachtachta agus déanfar measúnú ar cibé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh srianta leachtachta eascairt nach bhfuil comhsheasmhach le húsáid an choigeartaithe luaineachta.’;
(b)leasaítear mír 2a mar a leanas:
(i)leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
–i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i) íogaireacht a bhforálacha teicniúla agus a gcistí dílse incháilithe i leith na dtoimhdí is bun le ríomh an choigeartaithe meaitseála, lena n‑áirítear ríomh an raoin difríochta bhunúsaigh dá dtagraítear in Airteagal 77c(1), pointe (b);’;
–i bpointe (b), scriostar pointe (iii);
–cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) i gcás ina gcuirfear an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d i bhfeidhm, íogaireacht a bhforálacha teicniúla agus a gcistí dílse incháilithe i leith athruithe sna coinníollacha eacnamaíocha lena ndéanfaí difear don raon feidhme ceartaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 77d(3).’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘I gcás ina gcuirfear an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d i bhfeidhm, leis an mbeartas i scríbhinn maidir le bainistíocht riosca dá dtagraítear in Airteagal 41(3), cuirfear an coigeartú luaineachta san áireamh.’;
(24)Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
(a)i mír 1, an dara fomhír, cuirtear na pointí (d), (e) agus (f) seo a leanas léi:
‘(d) breithniú agus anailís ar an staid mhaicreanamaíoch, agus ar fhorbairtí maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais féideartha, agus, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón údarás maoirseachta, ar ábhair imní mhicreastuamachta, lena bhféadfar difear a dhéanamh don phróifíl riosca shonrach, teorainneacha formheasta an lamháltais riosca, an straitéis gnó, na gníomhaíochtaí frithgheallta nó na cinntí infheistíochta, agus na riachtanais sócmhainneachta fhoriomlána dá dtagraítear i bpointe (a) a bhaineann leis an ngnóthas;
(e) breithniú agus anailís ar ghníomhaíochtaí an ghnóthais lena bhféadfar difear a dhéanamh do na forbairtí maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais, agus a fhéadfaidh athrú ina bhfoinsí riosca shistéamaigh;
(f) inniúlacht fhoriomlán an ghnóthais chun a oibleagáidí airgeadais a shocrú i leith sealbhóirí polasaí agus contrapháirtithe eile nuair atá na hoibleagáidí sin dlite, fiú faoi dhálaí anáis.’;
(b)cuirtear isteach na míreanna (1a) agus (1b) seo a leanas:
‘1a. Chun críche mhír 1, pointí (d) agus (e), áireofar i bhforbairtí maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais, ar a laghad, athruithe sa mhéid seo a leanas:
(a) an leibhéal rátaí úis agus raonta difríochta;
(b) leibhéal innéacsanna an mhargaidh airgeadais;
(c) boilsciú;
(d) idirnascthacht le rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais;
(e) athrú aeráide, paindéimí, imeachtaí eile ar scála mór agus tubaistí eile, lena bhféadfar difear a dhéanamh do ghnóthais árachais agus athárachais.
Chun críche mhír 1, pointe (d), áireofar le hábhair imní mhicreastuamachta, ar a laghad, cásanna sochreidte neamhfhabhracha amach anseo agus rioscaí a bhaineann leis an timthriall creidmheasa agus sleabhcadh eacnamaíoch, iompraíocht tréadaíochta in infheistíochtaí nó comhchruinnithe risíochta iomarcaíocha ar an leibhéal earnála.
1b. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an anailís a cheanglaítear faoi mhír 1, pointe (d) i gcomhréir le cineál na rioscaí mar aon le scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnóthais. Maidir le gnóthais árachais agus athárachais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, de bhun Airteagal 29c, agus le gnóthais a fuair formheas maoirseachta roimh ré, de bhun Airteagal 29d, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi oibleagáid an anailís dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhéanamh.’;
(c)cuirtear an mhír 2b seo a leanas isteach:
‘2b. I gcás ina gcuirfidh an gnóthas árachais nó athárachais an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d i bhfeidhm, leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo áireofar, ina theannta sin, an tábhacht lena gclaonann próifíl riosca an ghnóthais lena mbaineann ó na toimhdí is bun leis an gcoigeartú luaineachta.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais an measúnú dá dtagraítear i mír 1 go bliantúil, agus gan aon mhoill tar éis aon athrú suntasach ar a bpróifíl riosca.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh gnóthais árachais an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a laghad gach 2 bhliain agus gan aon mhoill tar éis aon athrú suntasach ar a bpróifíl riosca, mura rud é go gcinneann an t‑údarás maoirseachta bunaithe ar imthosca sonracha an ghnóthais gur gá measúnú níos minice a dhéanamh, i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) aicmítear an gnóthas árachais mar ghnóthas ag a bhfuil próifíl riosca íseal;
(b) is gnóthas árachais faoi chuing nó gnóthas athárachais faoi chuing an gnóthas árachais a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:
(a) tá na daoine árachaithe agus na tairbhithe uile ina n‑eintitis dhítheanacha den ghrúpa dá bhfuil an gnóthas árachais faoi chuing nó an gnóthas athárachais faoi chuing ina chuid nó ina ndaoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa sin agus fanann an gnó lena gcumhdaítear na daoine nádúrtha atá incháilithe le bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa faoi bhun 5 % d’fhorálacha teicniúla;
(ii) na hoibleagáidí árachais agus na conarthaí árachais is bun le hoibleagáidí athárachais an ghnóthais árachais faoi chuing nó an ghnóthais athárachais faoi chuing, ní chuimsíonn siad aon árachas dliteanais tríú páirtí éigeantach.
Leis an díolúine ón measúnú bliantúil ní chuirfear cosc ar an ngnóthas rioscaí a shainaithint, a thomhas, faireachán a dhéanamh orthu, iad a bhainistiú ná a thuairisciú ar bhonn leanúnach.’;
(e)cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:
‘8. Chun críche mhír 1, pointí (d) agus (e), den Airteagal seo, i gcás ina gcuirfear sainordú micreastuamachta ar iontaoibh údarás seachas na húdaráis mhaoirseachta, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhroinnfidh na húdaráis mhaoirseachta torthaí a measúnuithe micreastuamachta ar an bhféinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta ag gnóthais árachais agus athárachais, dá dtagraítear in Airteagal 45, leis na húdaráis náisiúnta ábhartha ag a bhfuil sainordú micreastuamachta.
Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh údaráis mhaoirseachta i gcomhar le haon údarás náisiúnta ag a bhfuil sainordú micreastuamachta chun anailís a dhéanamh ar na torthaí agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon ábhar imní micreastuamachta a shainaithint maidir leis an mbealach a fhéadfaidh gnóthais difear a dhéanamh d’fhorbairtí maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhroinnfidh na húdaráis mhaoirseachta aon ábhar imní micreastuamachta agus paraiméadair ionchuir ábhartha a bhaineann leis an measúnú leis an ngnóthas lena mbaineann.’;
(25)cuirtear an tAirteagal 45a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 45a
Anailís ar chás an athraithe aeráide
1. Chun na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a shainaithint agus a mheasúnú, déanfaidh an gnóthas lena mbaineann measúnú freisin ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon neamhchosaint ábhartha aige ar rioscaí maidir leis an athrú aeráide. Léireoidh an gnóthas ábharthacht a neamhchosanta ar rioscaí maidir leis an athrú aeráide sa mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 45(1).
2. I gcás ina mbeidh neamhchosaint ábhartha ag an ngnóthas lena mbaineann ar rioscaí maidir leis an athrú aeráide, sonróidh an gnóthas ar a laghad dhá chás fhadtéarmacha maidir leis an athrú aeráide, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(a) cás fadtéarmach maidir leis an athrú aeráide i gcás ina bhfanfaidh an méadú domhanda ar an teocht faoi bhun dhá chéim Celsius;
(b) cás fadtéarmach maidir leis an athrú aeráide i gcás ina mbeidh an méadú domhanda ar an teocht cothrom le dhá chéim Celsius nó níos airde ná sin.
3. Ag eatraimh thráthrialta, sa mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 45(1) beidh anailís ar an tionchar atá ag na cásanna fadtéarmacha maidir leis an athrú aeráide a shonraítear de bhun mhír 2 den Airteagal seo ar ghnó an ghnóthais. Beidh na heatraimh sin comhréireach maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí maidir leis an athrú aeráide a bhaineann le gnó an ghnóthais, ach ní bheidh siad níos faide ná 3 bliana.
4. Déanfar athbhreithniú ar na cásanna fadtéarmacha maidir leis an athrú aeráide dá dtagraítear i mír 2, ar a laghad gach 3 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta iad i gcás inar gá.
5. De mhaolú ar mhíreanna 2, 3 agus 4, gnóthais árachais agus athárachais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal, ní cheanglófar orthu cásanna maidir leis an athrú aeráide a shonrú ná measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar ghnó an ghnóthais.’;
(26)Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ceanglóidh na Ballstáit, agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 3 den Airteagal seo agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 35(4) á gcur san áireamh, ar ghnóthais árachais agus athárachais tuarascáil a nochtadh go poiblí, ar bhonn bliantúil, maidir lena sócmhainneacht agus lena staid airgeadais.
Beidh dhá chuid ar leithligh sa tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais. Sa chéad chuid beidh faisnéis atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus tairbhithe, agus sa dara cuid beidh faisnéis atá dírithe ar rannpháirtithe eile sa mhargadh. Nochtfar an dá chuid ar leithligh nó go comhpháirteach á léiriú go soiléir go gcuimsíonn an tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais an dá chuid.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:
‘1a. Sa chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais arb é atá inti faisnéis atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus ar thairbhithe, beidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a)tuairisc ar an ngnó agus ar fheidhmíocht an ghnóthais; agus
(b)tuairisc ghearr ar an mbainistiú caipitil agus ar phróifíl riosca an ghnóthais.’;
(c)cuirtear isteach na míreanna (1b) agus (1c) seo a leanas:
‘1b. Sa chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais arb é atá inti faisnéis atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh eile, beidh an fhaisnéis seo a leanas, go hiomlán nó trí thagairtí d’fhaisnéis a bheidh coibhéiseach, i gcineál agus i raon feidhme, a nochtfar go poiblí faoi cheanglais eile dlí nó rialála.
(a) tuairisc ar an gcóras rialachais;
(b) tuairisc, ar leithligh i gcás sócmhainní, forálacha teicniúla agus dliteanas eile, ar na boinn agus ar na modhanna a úsáidtear dá luacháil;
(c) tuairisc ar an mbainistiú caipitil agus ar an bpróifíl riosca, lena n‑áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
(i) struchtúr agus méid na gcistí dílse, agus an cháilíocht a bhaineann leo;
(ii) méideanna an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta agus an Íoscheanglais Chaipitil;
(iii) i gcás gnóthas árachais agus athárachais is ábhartha maidir le cobhsaíocht airgeadais na gcóras airgeadais san Aontas, faisnéis faoi íogaireacht riosca;
(iv) an rogha a leagtar amach in Airteagal 304 agus a úsáidtear chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh;
(v) faisnéis a fhágann gur féidir tuiscint cheart a bhaint as na príomh‑dhifríochtaí idir toimhdí bunúsacha na foirmle caighdeánaí agus toimhdí bunúsacha aon samhla inmheánaí a úsáideann an gnóthas chun a Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh;
(vi) méid aon neamhchomhlíonta leis an Íoscheanglas Caipitil nó aon neamhchomhlíonta shuntasaigh leis an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta le linn na tréimhse tuairiscithe, fiú sa chás gur réitíodh é dá éis sin, agus míniú ar an mbunús agus ar na hiarmhairtí a bhain leis, mar aon le haon bheart feabhais a rinneadh.
1c. I gcás ina gcuirtear an coigeartú meaitseála dá dtagraítear in Airteagal 77 i bhfeidhm, tabharfaidh an tuairisc dá dtagraítear i mír 1b, pointí (b), (c)(i) agus (c)(ii) den Airteagal seo, tuairisc freisin ar an gcoigeartú meaitseála agus ar an bpunann oibleagáidí agus sócmhainní sannta dá gcuirtear an coigeartú meaitseála i bhfeidhm, mar aon le cainníochtú ar an tionchar a bheadh ann dá ndéanfaí an coigeartú meaitseála ar staid airgeadais an ghnóthais a athrú chuig nialas.
Beidh ráiteas sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1b, pointí (b), (c)(i) agus (c) (ii) den Airteagal seo ar cibé acu a úsáideann nó nach n‑úsáideann an gnóthas an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d agus, i gcás ina n‑úsáidtear an coigeartú luaineachta, nochtfaidh sé an fhaisnéis a leanas:
(a) cainníochtú ar an tionchar a bheadh ann dá ndéanfaí an coigeartú luaineachta ar staid airgeadais an ghnóthais a athrú chuig nialas;
(b) maidir le gach airgeadra ábhartha, nó tír, de réir mar is infheidhme, an coigeartú luaineachta agus é ríofa i gcomhréir le hAirteagal 77d agus na meastacháin chomhfhreagracha is fearr le haghaidh oibleagáidí árachais nó athárachais.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áireofar sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1b, pointe (c)(i), anailís ar aon athrú suntasach i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe agus míniú ar aon phríomhdhifríocht i ndáil le luach gnéithe den sórt sin i ráitis airgeadis, agus tuairisc achomair ar an inaistritheacht chaipitil.
I nochtadh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1b, pointe (c)(ii), den Airteagal seo, taispeánfar ar leithligh an méid arna ríomh i gcomhréir le Caibidil VI, Roinn 4, Foranna 2 agus 3 agus aon bhreiseán caipitil arna fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 37 nó an tionchar a bheadh ag na paraiméadair shonracha a cheanglaítear ar an ngnóthas árachais nó athárachais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 110, in éineacht le faisnéis achomair faoin údar leis a thug an t‑údarás maoirseachta lena mbaineann.
Ag gabháil le nochtadh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcás inarb infheidhme, beidh léiriú go mbeidh a mhéid críochnaitheach fós faoi réir ag measúnú maoirseachta.’;
(e)cuirfear isteach na míreanna 3 agus 8 seo a leanas:
‘3. Ní cheanglófar ar ghnóthais árachais faoi chuing an chuid atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus ar thairbhithe a nochtadh agus ní cheanglófar orthu a chur san áireamh sa chuid atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh eile ach na sonraí cainníochtúla a cheanglaítear leis an gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 56 agus iad sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann na gnóthais sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá na daoine árachaithe agus na tairbhithe uile ina n‑eintitis dhlítheanacha den ghrúpa dá bhfuil an gnóthas árachais faoi chuing ina chuid, nó ina ndaoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa sin agus fanann an gnó lena gcumhdaítear daoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa faoi bhun 5 % d’fhorálacha teicniúla;
(b)ní chuimsíonn oibleagáidí árachais an ghnóthais árachais faoi chuing aon árachas dliteanais tríú páirtí éigeantach.
4. Ní cheanglófar ar ghnóthais athárachais faoi chuing an chuid atá dírithe ar shealbhóirí polasaithe agus ar thairbhithe a nochtadh. Ní cheanglófar ar ghnóthais den sórt sin a chur san áireamh ach na sonraí cainníochtúla a cheanglaítear leis na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 56, agus an chuid atá dírithe ar pháirtithe leasmhara eile agus sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann na gnóthais sin na coinníollacha a leanas:
(a) tá na daoine árachaithe agus na tairbhithe uile ina n‑eintitis dhlítheanacha den ghrúpa dá bhfuil an gnóthas athárachais faoi chuing ina chuid, nó ina ndaoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa sin agus fanann an gnó lena gcumhdaítear daoine nádúrtha atá incháilithe chun bheith cumhdaithe faoi pholasaithe árachais an ghrúpa faoi bhun 5 % d’fhorálacha teicniúla; ;
(b) nach mbaineann na conarthaí árachais is bun le hoibleagáidí athárachais an ghnóthais árachais faoi chuing le haon árachas dliteanais tríú páirtí éigeantach;
(c) maidir le hiasachtaí atá i bhfeidhm leis an máthairchuideachta nó le haon ghrúpa cuideachta, lena n‑áirítear comhthiomsuithe airgid grúpaí, nach sáraíonn siad 20 % den líon iomlán sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas athárachais faoi chuing;
(d) gur féidir measúnú cinnteachaíoch a dhéanamh ar an uaschaillteanas a eascraíonn as na forálacha teicniúla comhlána gan modhanna stocastacha a úsáid.
5. De mhaolú ar mhír 1, ní fhéadfaidh gnóthais athárachais an chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais atá dírithe ar shealbhóirí polasaí agus ar thairbhithe a nochtadh.
6. De mhaolú ar mhír 1b den Airteagal seo, ní fhéadfaidh gnóthais árachais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal sonraí a nochtadh ach amháin na sonraí cainníochtúla a cheanglaítear leis na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 56 sa chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais atá comhdhéanta d’fhaisnéis atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh eile, ar choinníoll go nochtann siad tuarascáil iomlán ina mbeidh an fhaisnéis uile a cheanglaítear san Airteagal seo gach 3 bliana.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh gnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhonn bliantúil nó ar bhonn níos annaimhe laistigh de 18 seachtain tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais.
8. Mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ceanglófar ar ghnóthais árachais agus athárachais nochtadh a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann le húsáid a bhaint as struchtúr an téarma ráta úis saor ó riosca arna chinneadh gan an modh idirthréimhseach a chur i bhfeidhm don eachtarshuíomh dá dtagraítear in Airteagal 77e(1), pointe (aa), chun críocha na forálacha teicniúla de bhun Airteagal 77 a chinneadh, seachas struchtúr an téarma ráta úis ábhartha saor ó riosca a úsáid.
Mar sin féin, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le nochtadh i gcás airgeadra a bhfuil feidhm ag ceann díobh seo a leanas maidir leis:
(i) nach mó ná 5 % a bheidh sa sciar de shreafaí airgid amach anseo a bheidh bainteach le hoibleagáidí árachais nó athárachais san airgeadra sin i gcoibhneas leis na sreafaí airgid todhchaí uile atá bainteach le hoibleagáidí árachais nó athárachais;
(ii) i ndáil le sreafaí airgid amach anseo a bheidh bainteach le hoibleagáidí árachais nó athárachais san airgeadra sin, nach mó ná 10 % a bheidh sa sciar de shreafaí airgid amach anseo a bheidh bainteach le haibíochtaí i gcás ina ndéantar struchtúr an téarma ráta úis ábhartha saor ó riosca a eachtarshuíomh i gcoibhneas leis na sreafaí airgid uile amach anseo atá bainteach le hoibleagáidí árachais nó athárachais;
(27)cuirtear an tAirteagal 51a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 51a
Ceanglais iniúchta
1. Maidir le gnóthais árachais agus athárachais seachas gnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal agus gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing, beidh an clár comhardaithe a nochtar mar chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais nó mar chuid den tuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais, faoi réir iniúchta.
2. Féadfaidh Ballstáit síneadh a chur leis an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 chuig gnóthais árachais faoi chuing agus chuig gnóthais athárachais faoi chuing.
3. Iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanfaidh an t‑iniúchadh, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, ach amháin sa chás go mbunófar leis an Treoir seo, nó le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar dá bun, prionsabail agus ceanglais eile chun measúnú a dhéanamh ar aon ítim ar an gclár comhardaithe. Comhlíonfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta dualgais na n‑iniúchóirí a leagtar amach in Airteagal 72 agus an cúram sin á dhéanamh acu.
4. Cuirfidh na gnóthais árachais agus athárachais tuarascáil ar leithligh, lena n‑áirítear tuairisc ar chineál, agus ar thorthaí, an iniúchta, arna n‑ullmhú ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta, faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta, mar aon leis an tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais.’;
(28)Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear isteach pointí (e) agus (f) a leanas:
‘(e) líon na ngnóthas árachais agus athárachais, roinnte ar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal agus gnóthais eile, a úsáideann simpliú nó bearta comhréireachta eile agus na bearta comhréireachta a úsáideann gach gnóthas;
(f) líon na ngrúpaí, roinnte ar ghrúpa ag a bhfuil próifíl riosca íseal agus grúpaí eile, a úsáideann simplithe nó bearta comhréireachta eile agus na bearta comhréireachta a úsáideann gach grúpa.’;
(b)i mír 2, cuirtear isteach pointe (f) seo a leanas:
‘(f) maidir le gach Ballstát, líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus líon na ngrúpaí, roinnte ar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal agus gnóthais eile, a úsáideann simplithe nó bearta comhréireachta eile agus na simplithe agus na bearta comhréireachta eile a úsáideann gach gnóthas.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Cuirfidh ÚEÁPC an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil ina mbeidh breac‑chuntas ar an méid cóineasaithe maoirseachta san úsáid a bhaintear as forlíontáin chaipitil agus san úsáid a bhaintear as bearta comhréireachta idir údaráis mhaoirseachta sna Ballstáit dhifriúla.’;
(29)in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (c).’;
(30)in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a, lena sonrófar tuilleadh an fhaisnéis a cheanglaítear ar ghnóthais árachais agus athárachais a nochtadh. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 301a chun na sprioc‑amanna a leagtar síos in Airteagal 51(7) a athrú, ar choinníoll go bhfuil gá le hathrú de dheasca éigeandálaí sláintíochta, tubaistí nádúrtha nó imeachtaí foircneacha eile.’;
(31)in Airteagal 58(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas; nó
(b)
duine nádúrtha nó duine dlítheanach nach bhfuil faoi réir ag maoirseacht faoin Treoir seo, Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Treoir 2013/36/AE, nó Treoir 2014/65/AE.
______________________________________
Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(32)in Airteagal 60(1), pointe (a), cuirtear na focail ‘Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE’ in ionad na bhfocal ‘pointe 2 d’Airteagal 1a de Threoir 85/611/CEE’;
(33)in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den chéad mír:
‘I gcás inar dócha go n‑oibreoidh an tionchar arna fheidhmiú ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 57 in aghaidh bhainistíocht fhónta agus stuama gnóthais árachais nó athárachais, ceanglóidh Ballstáit ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile de chuid an ghnóthais ina sealbhaítear, ina lorgaítear nó ina méadaítear sealúchas cáilithe, bearta cuí a dhéanamh chun deireadh a chur leis an gcás sin.’;
(34)in Airteagal 63, an dara mír, cuirtear na focail ‘Treoir 2014/65/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 2004/39/CE’;
(35)in Airteagal 72(1), cuirtear na focail ‘Airteagal 34 nó 35 de Threoir 2013/34/AE nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 51 de Threoir 78/660/CEE, Airteagal 37 de Threoir 83/349/CEE nó Airteagal 31 de Threoir 85/611/CEE’;
(36)in Airteagal 77, cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas:
‘6. I gcás ina n‑áirítear roghanna agus ráthaíochtaí airgeadais le conarthaí árachais agus athárachais, léireoidh na modhanna a úsáidfear chun an meastachán is fearr a ríomh go hiomchuí go bhféadfadh luach reatha na sreafaí airgid a eascraíonn as na conarthaí sin a bheith ag brath ar an toradh a bhfuil coinne leis ar imeachtaí agus ar fhorbairtí amach anseo agus ar dhiallais fhéideartha ar an toradh iarbhír i gcásanna áirithe.
7. D’ainneoin mhír 6, féadfaidh gnóthais árachais agus athárachais a aicmítear mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal úsáid a bhaint as luacháil stuama chinnteachaíoch ar an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí saoil le roghanna agus le ráthaíochtaí nach meastar a bheith ábhartha.’;
(37)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77a:
‘Airteagal 77a
Eachtarshuíomh struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca
1. Le cinneadh struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca dá dtagraítear in Airteagal 77(2), bainfear úsáid as faisnéis a dhíorthaítear ó ionstraimí airgeadais ábhartha, agus beidh an cinneadh sin comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sin. Cuirfear san áireamh leis an gcinneadh sin ionstraimí airgeadais ábhartha na n‑aibíochtaí sin ina bhfuil na margaí le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais sin domhain, leachtach agus trédhearcach. Déanfar struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca a eachtarshuíomh le haghaidh aibíochtaí a bheidh níos faide ná an chéad phointe smúdála. Is éard a bheidh sa chéad phointe smúdála le haghaidh airgeadra, an aibíocht is faide a gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas ina leith:
(a) tá na margaí le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais sin domhain, leachtach agus trédhearcach;
(b) tá an céatadán de na bannaí gan íoc de chuid na haibíochta sin nó de chuid aibíocht níos faide i measc na mbannaí uile gan íoc, a ainmnítear san airgeadra sin, ard a dhóthain.
Beidh an chuid eachtarshuite de struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca bunaithe ar réamhrátaí a bheith ag cóineasú go réidh ó réamhráta amháin nó ó thacar réamhrátaí i ndáil leis na haibíochtaí is faide ar ina leith is féidir na bannaí a bhreathnú i margadh domhain, leachtach agus trédhearcach, go dtí réamhráta deiridh.
Cuirfear san áireamh sa chuid eachtarshuite de na rátaí úis ábhartha saor ó riosca faisnéis ó ionstraimí airgeadais seachas bannaí le haghaidh aibíochtaí ina ndéantar struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca a eachtarshuíomh agus i gcás ina bhfuil na margaí le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais sin domhain, leachtach agus trédhearcach.
2. Chun críche mhír 1, an dara fomhír, féadfar aon pharaiméadair, lena gcinntear luas chóineasú na réamhrátaí i dtreo réamhráta deiridh an eachtarshuímh, a roghnú chun go mbeidh, amhail an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm], struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca comhchosúil a dhóthain le struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca, amhail an dáta sin arna chinneadh i gcomhréir leis na rialacha don eachtarshuíomh is infheidhme amhail an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 lá amháin roimh an dáta chur i bhfeidhm]. Déanfar paraiméadair sin an eachtarshuímh a laghdú go líneach ag tús gach bliana féilire, le linn idirtréimhse. Cuirfear paraiméadair dheiridh an eachtarshuímh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2032 amach.
Ní dhéanfaidh an sásra idirthréimhseach a leagtar amach sa chéad fhomhír difear do chinneadh dhoimhneachta, leachtacht agus thrédhearcacht na margaí airgeadais agus an chéad phointe smúdála dá dtagraítear i mír 1.’;
(38)Leasaítear Airteagal 77d mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Féadfaidh gnóthas árachais agus athárachais coigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm maidir le struchtúr téarma an ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr dá dtagraítear in Airteagal 77(2) a ríomh faoi réir formheas roimh ré ag na húdaráis mhaoirseachta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:
(a) cuirtear an coigeartú luaineachta le haghaidh airgeadra faoi leith i bhfeidhm agus an meastachán is fearr á ríomh maidir leis na hoibleagáidí árachais agus athárachais uile de chuid an ghnóthais a ainmnítear san airgeadra sin i gcás nach n‑áireofar coigeartú meaitseála dá dtagraítear in Airteagal 77b i struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca a úsáidfear chun an meastachán is fearr a ríomhtar maidir leis na hoibleagáidí sin.
(b) léiríonn an gnóthas, chun sástachta an údaráis maoirseachta, go bhfuil próisis oiriúnacha i bhfeidhm aige chun an coigeartú luaineachta a ríomh de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.’;
(b)cuirtear isteach na míreanna (1a) agus (1b) seo a leanas:
‘1a. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le gnóthais árachais agus athárachais a chuir coigeartú luaineachta i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr dá dtagraítear in Airteagal 77(2) a ríomh roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain amháin roimh an dáta chur i bhfeidhm], féadfaidh siad, gan formheas roimh ré ón údarás maoirseachta, leanúint de choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcloíonn siad le mír 1, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm] amach.
1b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta a cheangal ar ghnóthas árachais agus athárachais stopadh de choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr dá dtagraítear in Airteagal 77(2) a ríomh i gcás nach gcomhlíonfaidh an gnóthas na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh. Nuair a chomhlíonann gnóthas mír 1, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo an athuair, féadfaidh sé formheas roimh ré a iarraidh ar an údarás maoirseachta chun coigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr a ríomh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 4:
‘2. Maidir le gach airgeadra ábhartha, beidh an coigeartú luaineachta ar struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca bunaithe ar an raon difríochta idir an ráta úis a d’fhéadfaí a thuilleamh ó phunann tagartha infheistíochtaí in ionstraimí fiachais le haghaidh an airgeadra sin agus ó rátaí struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca le haghaidh an airgeadra sin.
Beidh an phunann tagartha d’infheistíochtaí in ionstraimí fiachais le haghaidh airgeadra ionadaíoch ar na sócmhainní a ainmnítear san airgeadra sin agus a bhfuil infheistíochtaí ag gnóthais árachais agus athárachais iontu chun an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí árachais agus athárachais a ainmnítear san airgeadra sin a chumhdach.
3. Déanfar méid an choigeartaithe luaineachta ar rátaí úis saor ó riosca le haghaidh airgeadra aríomh mar a leanas:
Mar a bhfuil:
(a) Is éard is VAcu ann an coigeartú luaineachta le haghaidh airgeadra cu;
(b) Is éard is CSSRcu ann an cóimheas íogaireachta raoin difríochta creidmheasa de chuid ghnóthas árachais nó athárachais le haghaidh an airgeadra cu;
(c) Is éard is RCScu ann an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca le aghaidh an airgeadra cu.
Ní bheidh CSSRcu diúltach ná níos airde ná 1. Glacfaidh sé luachanna níos ísle ná 1 i gcás ina mbeidh íogaireacht na sócmhainní de chuid gnóthais árachais nó athárachais in airgeadra maidir le hathruithe ar raonta difríochta creidmheasa níos ísle ná íogaireacht fhorálacha teicniúla an ghnóthais sin san airgeadra sin maidir le hathruithe ar rátaí úis.
Déanfar RSCcu a ríomh mar an difríocht idir an raon difríochta dá dtagraítear i mír 2 agus an cion den raon difríochta sin atá inchurtha i leith measúnú réadúil ar chaillteanais a bhfuil coinne leo nó ar riosca creidmheasa nó ar rioscaí eile nach bhfuil coinne leo i leith na sócmhainní.
Beidh feidhm ag VAcu maidir leis na rátaí úis ábhartha saor ó riosca de chuid struchtúr an téarma nach ndíorthaítear trí eachtarshuíomh i gcomhréir le hAirteagal 77a. I gcás ina gcuirfear faisnéis ó ionstraimí airgeadais seachas bannaí san áireamh leis an gcuid eachtarshuite de na rátaí úis ábhartha saor ó riosca de bhun Airteagal 77a(1), beidh feidhm freisin ag VAcu maidir le rátaí úis saor ó riosca a dhíorthaítear ó na hionstraimí airgeadais sin. Beidh eachtarshuíomh struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca bunaithe ar na rátaí úis saor ó riosca sin agus iad coigeartaithe.
4. I gcás an euro, méadófar an coigeartú luaineachta le coigeartú macraluaineachta. Ríomhfar an coigeartú macraluaineachta mar a leanas:
Mar a bhfuil:
(a) Is éard is VAEuro,macro ann an coigeartú macraluaineachta le haghaidh tíre co;
(b) Is éard is CSSREuro ann an cóimheas íogaireachta raoin difríochta creidmheasa de chuid gnóthais árachais nó athárachais le haghaidh an euro;
(c) Is éard is RCSco ann an raon difríochtaarna cheartú maidir le riosca le haghaidh na tíre co;
(d) Is éard is RCSEuro ann an raon difríochtaarna cheartú maidir le riosca le haghaidh an euro;
(e) Is éard is wco ann an toisc choigeartaithe tíre le haghaidh na tíre co.
DéanfarCSSREuro a ríomh mar an cóimheas íogaireachta raoin difríochta creidmheasa de chuid gnóthais árachais nó athárachais le haghaidh an euro i gcomhréir le mír 3.
Déanfar RCSco a ríomh ar an mbealach céanna agus a ríomhtar an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca le aghaidh an euro faoi mhír 3, ach bunaithe ar phunann tagartha a bheidh ionadaíoch le haghaidh na sócmhainní a bhfuil gnóthais árachais agus athárachais ag infheistiú iontu chun an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí árachais agus athárachais a chumhdach maidir le táirgí a dhíoltar i margadh árachais na tíre sin agus a ainmnítear in euro.
Ríomhtar RSCEuro mar an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca le aghaidh an euro i gcomhréir le mír 3.
Ríomhfar an toisc choigeartaithe tíre dá dtagraítear i bpointe (e) mar a leanas:
I gcás inarb ionann RSCco* agus an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca le haghaidh na tíre co dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), arna iolrú faoin gcéatadán infheistíochtaí in ionstraimí fiachais i gcoibhneas leis an méid iomlán sócmhainní arna sealbhú ag gnóthais árachais agus athárachais atá údaraithe sa tír co.’;
(39)Leasaítear Airteagal 77e mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:
‘(aa) chun críocha na nochtuithe de bhun Airteagal 51(8), struchtúr téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca gan aon choigeartú meaitseála ná coigeartú luaineachta agus a chinntear gan an modh idirthréimhseach a chur i bhfeidhm don eachtarshuíomh mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin;’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) maidir le gach airgeadra ábhartha agus margadh árachais náisiúnta, raon difríochta arna cheartú maidir le riosca dá dtagraítear in Airteagail 77d(3) agus (4) faoi seach;’;
(iii)cuirtear an pointe (d) a leanas isteach:
‘(d) maidir le gach Ballstát ábhartha, an céatadán infheistíochtaí in ionstraimí fiachais i gcoibhneas leis an méid iomlán sócmhainní arna sealbhú ag gnóthais árachais agus athárachais atá údaraithe sa tír dá dtagraítear in Airteagal 77d(4).’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Leagfaidh ÚEÁPC síos agus foilseoidh sé, ar bhonn bliantúil ar a laghad, le haghaidh gach airgeadra ábhartha agus gach aibíocht ina bhfuil na margaí le haghaidh ionstraimí airgeadais ábhartha nó bannaí de chuid na haibíochta sin domhain, leachtach agus trédhearcach, an céatadán bannaí ag a bhfuil an aibíocht sin nó aibíocht níos faide i measc na mbannaí uile a ainmnítear san airgeadra sin dá dtagraítear in Airteagal 77a(1);’;
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘D’fhonn a áirithiú go ríomhfar forálacha teicniúla agus cistí dílse bunúsacha de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach, le haghaidh gach airgeadra ábhartha, an fhaisnéis theicniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus an chéad phointe smúdála de bhun Airteagal 77a(1). Féadfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna foilsiú ag ÚEÁPC de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’;
(d)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Maidir le hairgeadraí ar ina leith nach bhfuil an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfear aon choigeartú luaineachta i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca chun an meastachán is fearr a ríomh. Maidir le Ballstáit arb é an euro an t‑airgeadra atá acu agus ar ina leith nach bhfuil an raon difríochta arna cheartú maidir le riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), agus an céatadán dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfear aon choigeartú macraluaineachta leis an gcoigeartú luaineachta.’;
(e)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‘4. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, ní leasófar an chéad phointe smúdála le haghaidh airgeadra a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme, ach amháin i gcás ina dtabharfar le tuiscint, i measúnú ar na céatadáin de bhannaí ag a bhfuil aibíocht níos mó ná nó cothrom le haibíocht faoi leith i measc na mbannaí uile a ainmnítear san airgeadra sin, chéad phointe smúdála atá difriúil de bhun Airteagal 77a(1) agus an céatadán a leagtar amach i ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 86(1), pointe (b) (iii) ar feadh 2 bhliain as a chéile ar ar a laghad.’;
(40)Leasaítear Airteagal 86 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:
‘(aa) an luacháil stuama chinnteachaíoch dá dtagraítear in Airteagal 77(7) mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadtar an luacháil sin a úsáid chun an meastachán is fearr ar fhorálacha teicniúla le roghanna agus ráthaíochtaí a luacháil.’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) na modheolaíochtaí, na prionsabail agus na teicnící chun struchtúr an téarma ábhartha ráta úis saor ó riosca a chinneadh, a bheidh le húsáid chun an meastachán is fearr dá dtagraítear in Airteagal 77(2) a ríomh, go háirithe:
(i) an fhoirmle le haghaidh an eachtarshuímh dá dtagraítear in Airteagal 77a(1), lena n‑áirítear na paraiméadair lena gcinntear luas cóineasaithe an eachtarshuímh;
(ii) an modh chun doimhneacht, leachtacht agus trédhearcacht na margaí bannaí dá dtagraítear i Airteagal 77a(1) a chinneadh;
(iii) an céatadán ar faoina bhun a mheasfar gur íseal é an sciar de bhannaí ag a bhfuil aibíochtaí níos faide ná nó cothrom le haibíocht faoi leith i measc na mbannaí uile, chun críocha Airteagal 77a(1);’;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i) modhanna agus toimhdí chun an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d a ríomh, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(i) foirmle chun an raon difríochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin a ríomh;
(ii) foirmle chun an cóimheas íogaireachta raoin difríochta creidmheasa dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal sin a ríomh;
(iii) maidir le gach aicme sócmhainní ábhartha, an céatadán den raon difríochta arb ionann é agus an sciar atá inchurtha i leith measúnú réadúil ar na caillteanais a bhfuil coinne leo nó ar an riosca creidmheasa nó ar rioscaí eile nach bhfuil coinne leo i leith na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 77d(3);
(iv) an sásra idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 77a(2);’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 301a ina leagtar síos critéir le haghaidh sócmhainní chun bheith incháilithe lena gcur san áireamh sa phunann sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 77b(1), pointe (a).’;
(c)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear Airteagal 77(7) i bhfeidhm de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme lena sonrófar an tacar cásanna a bheidh le húsáid don luacháil stuama chinnteachaíoch ar an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí saoil dá dtagraítear sa mhír sin.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm].
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.’;
(41)Leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:
‘1a.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a lena sonrófar an chaoi a chaithfear le rannpháirtíochtaí, de réir bhrí Airteagal 212(2), an tríú fomhír, in institiúidí airgeadais agus creidmheasa i ndáil le cistí dílse a chinneadh, lena n‑áirítear cuir chuige i leith asbhaintí rannpháirtíochtaí ábhartha in institiúidí airgeadais agus creidmheasa ó chistí dílse bunúsacha gnóthais árachais nó athárachais.
D’ainneoin asbhaintí rannpháirtíochtaí ó na cistí dílse atá incháilithe chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun na chéad fomhíre, chun críche na cistí dílse bunúsacha a chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 88, féadfaidh údaráis mhaoirseachta a cheadú do ghnóthas árachais nó athárachais gan luach a rannpháirtíochta in institiúid airgeadais nó creidmheasa a asbhaint, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
baineann ceann de na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i bpointe (i) ó (ii) den phointe seo leis an ngnóthas árachais nó athárachais:
(i)baineann an institiúid airgeadais nó creidmheasa agus an gnóthas árachais nó athárachais leis an ngrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 212, a bhfuil feidhm ag maoirseacht ghrúpa maidir leis i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c), agus níl an institiúid airgeadais nó creidmheasa faoi réir na hasbhainte dá dtagraítear in Airteagal 228(6);
(ii)ceanglaíonn údaráis mhaoirseachta ar ghnóthais árachais nó athárachais modhanna ríofa teicniúla a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE, nó ceadaíonn siad dóibh sin a dhéanamh, agus tá an institiúid airgeadais nó creidmheasa san áireamh sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoin Treoir sin agus atá an gnóthas árachais nó athárachais;
(b)
tá údaráis mhaoirseachta sásta maidir leis an leibhéal bainistíochta lánpháirtithe, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh i ndáil leis na gnóthais faoi raon feidhme na maoirseachta grúpa dá dtagraítear i bpointe (a)(i) den fhomhír seo nó faoi raon feidhme na maoirseachta forlíontaí dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den fhomhír seo;
(c)
is infheistíocht chothromais de chineál straitéiseach í an rannpháirtíocht ghaolmhar san institiúid creidmheasa nó airgeadais mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 111(1), pointe (m).’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Beidh rannpháirtíochtaí in institiúidí airgeadais agus creidmheasa dá dtagraítear i mír 1a comhdhéanta den mhéid a leanas:
(a) rannpháirtíochtaí arna sealbhú ag gnóthais árachais agus athárachais in:
(i) institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(1), pointí (1) agus (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
(ii) gnólachtaí infheistíochta de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe 1, de Threoir 2014/65/AE;
(b) Ionstraimí Breise Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ionstraimí Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 63 den Rialachán sin, mar aon le hionstraimí breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033, arna sealbhú ag gnóthais árachais agus athárachais i leith na n‑eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ina bhfuil rannpháirtíocht arna sealbhú acu.’;
(42)in Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Chun na críche sin, déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais, i gcás inarb infheidhme, tagairt don liosta míreanna cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 97(1).’;
(43)in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Gan dochar d’Airteagal 95 agus d’Airteagal 97(1) chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na haicmithe a leanas:
(1) déanfar cistí a thagann faoi Airteagal 91(2) a aicmiú i Leibhéal 1;
(2) déanfar litreacha creidmheasa agus ráthaíochtaí arna sealbhú ar iontaoibh chun tairbhe creidiúnaithe árachais ag iontaobhaí neamhspleách agus arna soláthar ag institiúidí creidmheasa arna n‑údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE a aicmiú i Leibhéal 2;
(3) aon éileamh amach anseo a fhéadfaidh a bheith ag comhlachais longúinéirí fhrithpháirteacha nó de chineál frithpháirteach ag a bhfuil ranníocaíochtaí athraitheacha nach ndéanann ach rioscaí a liostaítear in aicmí 6, 12 agus 17 i gCuid A d’Iarscríbhinn I a árachú, in aghaidh a gcomhaltaí trí bhíthin glao ar ranníocaíochtaí forlíontacha laistigh den chéad 12 mhí eile, déanfar iad a aicmiú i Leibhéal 2.’;
(44)in Airteagal 106, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.Maidir leis an gcoigeartú siméadrach a dhéantar ar an muirear caipitil chothromais caighdeánach lena gcumhdaítear an riosca a eascraíonn as athruithe ar an leibhéal praghsanna cothromais, ní bheidh de thoradh ar an gcoigeartú sin go gcuirfear muirear caipitil chothromais i bhfeidhm a bheidh níos mó ná 17 bpointe céatadáin níos ísle nó níos airde ná an muirear caipitil chothromais caighdeánach.
(45)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 109:
‘Airteagal 109
Simplithe san fhoirmle chaighdeánach
1. Féadfaidh gnóthais árachais agus athárachais úsáid a bhaint as ríomh simplithe le haghaidh fomhodúl sonrach nó modúl riosca i gcás ina mbeidh údar leis i bhfianaise chineál, scála agus chastacht na rioscaí atá rompu agus i gcás ina mbeadh sé díréireach a cheangal ar gach gnóthas árachais agus athárachais an ríomh caighdeánaithe a chur i bhfeidhm.
Chun críocha na míre seo, déanfar ríomhanna simplithe a chalabrú i gcomhréir le hAirteagal 101(3).
2. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo agus d’Airteagal 102(1), i gcás ina ríomhfaidh gnóthas árachais nó athárachais an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta agus nach ionann modúl nó fomhodúl riosca agus sciar níos mó ná 5 % den Bhun‑Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 103, pointe (a), féadfaidh an gnóthas úsáid a bhaint as ríomh simplithe le haghaidh an mhodúil nó an fhomhodúil riosca sin le linn tréimhse nach mó na 3 bliana tar éis ríomh sin an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta.
3. Chun críocha mhír 2, maidir leis an tsuim roinnte ar na scaireanna, i gcoibhneas leis an mBun‑Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta, de chuid gach modúil nó fomhodúil riosca ina gcuirtear na ríomhanna simplithe i bhfeidhm de bhun mhír 2, ní rachaidh sí thar 10 %.
Is éard a bheidh i sciar modúil nó fomhodúil riosca i gcoibhneas leis an mBun‑Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an sciar sin mar a ríomhadh é an uair dheireanach a ríomhadh an modúl nó an fomhodúl riosca gan ríomh simplithe de bhun mhír 2.’;
(46)Leasaítear Airteagal 111(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (l) agus (m):
‘(l) maidir leis na ríomhanna simplithe arna soláthar le haghaidh na modúl agus na bhfomhodúl riosca sonrach dá dtagraítear in Airteagal 109(1) agus le haghaidh na modúl agus na bhfomhodúl riosca neamhábhartha dá dtagraítear in Airteagal 109(2), mar aon leis na critéir a cheanglófar ar ghnóthais árachais agus athárachais, lena n‑áirítear gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing, a chomhlíonadh chun bheith i dteideal simplithe a úsáid, mar a leagtar amach in Airteagal 109(1);
(m) an cur chuige atá le húsáid i ndáil le sealúchais cháilithe de réir bhrí Airteagal 13(21) i ríomh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta, go háirithe ríomh an fhomhodúil riosca cothromais dá dtagraítear in Airteagal 105(5), lena gcuirfear san áireamh an laghdú is dócha a thiocfaidh ar luaineacht luach na sealúchas cáilithe sin arna eascairt as cineál straitéiseach na n‑infheistíochtaí sin agus as an tionchar arna fheidhmiú ag an ngnóthas árachais nó athárachais ar na hinstitiúidí infheistiúcháin sin;
(b)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (h), maidir leis na modhanna agus na coigeartuithe atá le húsáid chun léiriú a thabhairt ar an bhféidearthacht laghdaithe d’éagsúlú riosca ag gnóthais árachais agus athárachais a bhaineann le cistí imfhálaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le punanna na sócmhainní nach cistí imfhálaithe iad agus atá sannta chun meastachán comhfhreagrach is fearr maidir le oibleagáidí árachais agus athárachais, dá dtagraítear in Airteagal 77b(1), pointe (a), a chumhdach.’;
(47)in Airteagal 112, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. I ndiaidh formheas a fháil ó údaráis mhaoirseachta chun samhail inmheánach a úsáid, agus gach uair a thuairiscíonn siad an toradh ar ríomh an Ceanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta de bhun Airteagal 102(1), déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais meastachán ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a sholáthar do na húdaráis mhaoirseachta agus é á chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle chaighdeánach, mar a leagtar amach i bhForoinn 2.’;
(48)in Airteagal 122, cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:
‘5. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnóthais árachais agus athárachais éifeacht ghluaiseachtaí um raon difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 77 a chur san áireamh ina samhail inmheánach, sna cásanna seo a leanas agus sna cásanna sin amháin:
(a) maidir leis an modh chun éifeacht ghluaiseachtaí um raon difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta don euro a chur san áireamh, ní chuirtear san áireamh leis méadú féideartha ar an gcoigeartú luaineachta le coigeartú macraluaineachta de bhun Airteagal 77d(4);
(b) níl an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta níos ísle ná aon cheann de na nithe a leanas:
(i) Ceanglas barúlach um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomhtar mar an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta, ach amháin go gcuirtear éifeacht ghluaiseachtaí um raon difríochta creidmheasa ar an gcoigeartú luaineachta san áireamh i gcomhréir leis an modheolaíocht a úsáideann ÚEÁPC chun críocha faisnéis theicniúil a fhoilsiú de bhun Airteagal 77e(1), pointe (c);
(ii) Ceanglas barúlach um Chaipiteal Sócmhainneachta, arna ríomh i gcomhréir le (i), ach amháin go gcinntear an phunann ionadaíoch le haghaidh airgeadra dá dtagraítear in Airteagal 77d(2), an dara fomhír, ar bhonn na sócmhainní ina bhfuil an gnóthas árachais agus athárachais ag infheistiú seachas ar bhonn shócmhainní na ngnóthas árachais nó athárachais uile, agus oibleagáidí árachais nó athárachais á n‑ainmniú san airgeadra sin.
Chun críche na chéad fhomhíre, pointe (b), beidh cinneadh na punainne ionadaíche le haghaidh airgeadra faoi leith bunaithe ar shócmhainní an ghnóthais a ainmnítear san airgeadra sin agus úsáidfear é chun an meastachán is fearr le haghaidh oibleagáidí árachais agus athárachais a ainmnítear san airgeadra sin a chumhdach.’;
(49)Leasaítear Airteagal 132 mar a leanas:
(a)i mír 3, an dara fomhír, cuirtear na focail ‘Treoir 2009/65/CE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 85/611/CEE’;
(b)cuirtear isteach mír 5, 6 agus 7 seo a leanas:
‘5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais forbairtí féideartha maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais san áireamh agus, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta, ábhair imní mhicreastuamachta, nuair a dhéanann siad cinneadh ar a straitéis infheistíochta.
6. Déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais measúnú ar a mhéid a fhéadfaidh a straitéis infheistíochta difear a dhéanamh d’fhorbairtí maicreacnamaíocha agus margaí airgeadais, agus ar a mhéid a fhéadfaidh athrú ina bhfoinsí riosca shistéamaigh, agus breithnithe den sórt sin a chur san áireamh mar chuid dá gcinntí infheistíochta.
7. Chun críche mhíreanna 5 agus 6 den Airteagal seo, beidh an bhrí chéanna ag forbairtí maicreacnamaíocha agus ag imní mhicreastuamach agus atá in Airteagal 45.’;
(50)in Airteagal 133(3), cuirtear na focail ‘Treoir 2009/65/CE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 85/611/CEE’;
(51)Leasaítear Airteagal 138(4) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘I gcás ina ndéanfaidh staideanna eisceachtúla díobhálacha difear do ghnóthais árachais agus athárachais arb ionann iad agus sciar suntasach den mhargadh nó de na línte gnó dá n ndéantar difear, arna ndearbhú ag ÚEÁPC, féadfaidh an t‑údarás maoirseachta síneadh a chur leis an tréimhse a leagtar amach i mír 3, le haghaidh na ngnóthas dá ndéantar difear, chomh fada le huastréimhse de 7 mbliana, agus gach toisc ábhartha, lena n‑áirítear meánfhad na bhforálacha teicniúla, á gcur san áireamh.’;
(b)sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Gan dochar do chumhachtaí ÚEÁPC faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, dearbhóidh ÚEÁPC, chun críocha na míre seo, tar éis iarraidh bheith faighte ón údarás maoirseachta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle le BERS, go bhfuil staideanna eisceachtúla díobhálacha ann.’;
(52)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 139:
‘Airteagal 139
Neamhchomhlíonadh an Íoscheanglais Chaipitil
1. Cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais an t‑údarás maoirseachta ar an eolas láithreach i gcás ina mbreathnóidh siad nach gcomhlíontar an tÍoscheanglas Caipitil a thuilleadh, nó i gcás ina mbeidh riosca neamhchomhlíontachta sna chéad 3 mhír eile.
Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh feidhm leis an riachtanas chun an t‑údarás maoirseachta a chur ar an eolas, gan beann ar cibé acu a bhreathnaíonn nó nach mbreathnaíonn an gnóthas árachais nó athárachais an cliseadh maidir leis an Íoscheanglas Caipitil a chomhlíonadh nó riosca na neamhchomhlíontachta le linn ríomh an Íoscheanglais Chaipitil de bhun Airteagal 129(4) nó le linn ríomh an Íoscheanglais Chaipitil idir dhá dháta nuair a thuairiscítear ríomh den sórt sin don údarás maoirseachta de bhun Airteagal 129(4).
2. Laistigh de mhí amháin ó breathnaíodh nár comhlíonadh an tÍoscheanglas Chaipitil nó ó breathnaíodh an riosca neamhchomhlíontachta, cuirfidh an gnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann scéim airgeadais ghearrthéarmach réalaíoch isteach, lena formheas ag an údarás maoirseachta, chun na cistí dílse bunúsacha incháilithe a aischur, laistigh de 3 mhí ó breathnaíodh amhlaidh, chuig leibhéal an Íoscheanglais Chaipitil ar a laghad nó chun a phróifíl riosca a laghdú chun comhlíonadh an Íoscheanglais Chaipitil a áirithiú.
3. Mura n‑osclaítear imeacht foirceanta laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile an gcuirfear srian nó toirmeasc ar dhiúscairt saor in aisce na sócmhainní de chuid an ghnóthais árachais nó athárachais. Cuirfidh sé údaráis mhaoirseachta na mBallstát óstach ar an eolas dá réir sin. Glacfaidh na húdaráis sin na bearta céanna, arna n‑iarraidh sin d’údarás maoirseachta an Bhallstáit baile. Ainmneoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile na sócmhainní a bheidh le cumhdach le bearta den sórt sin.
4. Féadfaidh ÚEÁPC treoirlínte a fhorbairt le haghaidh na ngníomhaíochtaí ar cheart d’údaráis a dhéanamh nuair a bhreathnaíonn siad nach gcomhlíontar an tÍoscheanglas Caipitil nó an riosca neamhchomhlíontachta dá dtagraítear i mír 1.’;
(53)in Airteagal 144, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4. I gcás ina n‑aistarraingeofar údarú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gnóthais árachais agus athárachais faoi réir rialacha agus chuspóirí ginearálta na maoirseachta árachais a leagtar amach i dTeideal I, Caibidil III, go dtí go n‑osclófar aon imeacht foirceanta.’;
(54)i dTeideal I, cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:
‘CAIBIDIL VIIA
Uirlisí micreastuamacha
Airteagal 144a
Bainistíocht riosca leachtachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑áiritheofar le bainistíocht riosca leachtachta na ngnóthas árachais agus athárachais dá dtagraítear in Airteagal 44(2), pointe (d), go gcoinneoidh siad leachtacht leordhóthanach ar bun chun a n‑oibleagáid airgeadais i leith sealbhóirí polasaí agus contrapháirtithe eile a shocrú nuair a bheidh siad dlite, fiú faoi dhálaí anáis.
2. Chun críche mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh gnóthais árachais agus athárachais plean bainistíochta riosca leachtachta suas lena réamh‑mheasfar na sreafaí airgeadais isteach agus amach i ndáil lena sócmhainní agus a ndliteanais, agus go gcoinneoidh siad an plean sin ar bun. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh gnóthais árachais agus athárachais tacar táscairí riosca leachtachta chun brú leachtachta féideartha a shainaithint, faireachán a dhéanamh air agus dul i ngleic leis.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais an plean bainistíochta riosca leachtachta faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 35(1).
4. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le gnóthais árachais agus athárachais atá aicmithe mar ghnóthais ag a bhfuil próifíl riosca íseal de bhun Airteagal 29c agus le gnóthais árachais nó athárachais, a bhfuil formheas faighte roimh ré acu ón údarás maoirseachta de bhun Airteagal 29d, nach mbeidh sé d’oibleagáid orthu plean bainistíochta riosca leachtachta a tharraingt suas, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
5. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais an coigeartú meaitseála, dá dtagraítear in Airteagal 77b, nó an coigeartú luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 77d, i bhfeidhm, go bhféadfaidh siad an plean bainistíochta riosca leachtachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhcheangal leis an bplean a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 44(2), an tríú fomhír.
6. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ábhar agus minicíocht nuashonrú an phlean bainistíochta riosca leachtachta a shonrú tuilleadh.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [OP cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm].
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 144b
Cumhachtaí maoirseachta chun leochaileachtaí leachtachta a réiteach in imthosca eisceachtúla
1. Mar chuid den athbhreithniú maoirseachta tráthrialta, déanfaidh údaráis mhaoirseachta faireachán ar an staid leachtachta ag gnóthais árachais agus athárachais. I gcás ina sainaithneofaidh siad rioscaí ábhartha leachtachta, cuirfidh siad an gnóthas árachais nó athárachais, lena mbaineann, ar an eolas go bhfuil an measúnú sin á dhéanamh. Míneoidh an gnóthas árachais nó athárachais an bealach a bhfuil sé beartaithe aige dul i ngleic leis na rioscaí leachtachta sin.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag údaráis mhaoirseachta chun ceangal ar ghnóthais a staid leachtachta a threisiú nuair a shainaithneofar rioscaí nó easnaimh leachtachta. Cuirfear cumhachtaí den sórt sin i bhfeidhm i gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann gurb ann do leochaileachtaí riosca leachtachta agus nach bhfuil réitigh éifeachtacha á gcur i bhfeidhm ag an ngnóthas árachais nó athárachais.
Déanfaidh an t‑údarás maoirseachta athbhreithniú ar na bearta a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta ar bhonn na fomhíre sin uair sa bhliain ar a laghad agus bainfear amach iad nuair a bheidh réitigh éifeachtacha curtha i bhfeidhm ag an ngnóthas.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta cearta fuascailte sealbhóirí polasaí a chur ar fionraí go sealadach, ar cearta fuascailte iad atá ag sealbhóirí polasaí ag a bhfuil polasaithe árachais saoil ó ghnóthais a bhfuil rioscaí suntasacha leachtachta acu a fhéadfaidh bagairt ar chosaint na sealbhóirí polasaí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais.
Ní fheidhmeofar cumhacht den sórt sin ach amháin in imthosca eisceachtúla, mar bheart in am an éigin. Sula bhfeidhmeofar cumhacht den sórt sin, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta na éifeachtaí féideartha neamhbheartaithe ar na margaí airgeadais agus ar chearta na sealbhóirí polasaí san áireamh, lena n‑áirítear i gcomhthéacs trasteorann.
Mairfidh cur i bhfeidhm an bhirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar feadh 3 mhí. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an beart a athnuachan más rud é gurb ann do na cúiseanna arb údar leis fós agus nach gcuirtear i bhfeidhm é nuair nach ann do na cúiseanna sin a thuilleadh.
Gan dochar d’Airteagal 144c (6), áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na gnóthais árachais agus athárachais lena mbaineann dáileacháin do scairshealbhóirí ná do chreidiúnaithe fo‑ordaithe eile, agus nach n‑íocfaidh siad bónais nó luach saothair inathraithe eile go dtí go mbainfidh na húdaráis mhaoirseachta fionraí na gceart fuascailte.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear údaráis ag a bhfuil sainordú micreastuamachta, i gcás inar difriúil leis na húdaráis mhaoirseachta iad, ar an eolas mar is iomchuí maidir le rún an údaráis mhaoirseachta úsáid a bhaint a bhaint as an gcumhacht dá dtagraítear sa mhír seo, agus go ligfear dóibh bheith páirteach go hiomchuí i measúnú na n‑éifeachtaí féideartha neamhbheartaithe dá dtagraítear sa dara fomhír.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis mhaoirseachta ÚEÁPC agus BERS ar an eolas aon uair a fheidhmeofar an chumhacht, dá dtagraítear i mír 3, chun dul i ngleic le riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais.
4. Féadfar an chumhacht, dá dtagraítear i mír 3, a fheidhmiú i ndáil le gach gnóthas a oibríonn sa Bhallstát sin, ina gcás ina ndéanfaidh na himthosca eisceachtúla, dá dtagraítear i mír 3, difear don mhargadh árachais iomlán, nó do chuid shuntasach de.
Ceapfaidh Ballstáit údarás chun an chumhacht, dá dtagraítear sa mhír seo, a fheidhmiú.
I gcás ina mbeidh an t‑údarás ceaptha difriúil leis an údarás maoirseachta, áiritheoidh an Ballstát comhordú ceart agus malartú faisnéise ceart idir na húdaráis dhifriúla. Go háirithe, ceanglófar ar údaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a fhéadfaidh gá a bheith léi chun go bhfeidhmeoidh an t‑údarás, atá ceaptha de bhun na míre seo, na dualgais a chuirtear ar a iontaoibh ar bhealach leordhóthanach.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t‑údarás, dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, ÚEÁPC agus, i gcás ina nglacfar an beart chun dul i ngleic le riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais, BERS ar an eolas maidir le húsáid na cumhachta dá dtagraítear i mír 4.
Áiritheofar leis an bhfógra sin tuairisc ar an mbeart a cuireadh i bhfeidhm, fad an bhirt, agus tuairisc ar na cúiseanna agus ar na rioscaí a spreag úsáid na cumhachta, lena n‑áirítear na cúiseanna ar measadh go raibh sé éifeachtach agus comhréireach i ndáil lena éifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí.
6. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC, tar éis dul dó dul i gcomhairle le BERS, treoirlínte chun:
(a) tuilleadh treoraíochta a sholáthar maidir le bearta chun dul i ngleic le heasnaimh i mbainistíocht riosca leachtachta agus maidir le foirm, gníomhachtú agus calabrú na gcumhachtaí a fhéadfaidh údaráis mhaoirseachta a fheidhmiú chun staid leachtachta na ngnóthas a threisiú nuair a shainaithnítear rioscaí leachtachta agus nach réitíonn na gnóthais sin iad ar bhealach oiriúnach;
(b) imthosca eisceachtúla a shonrú ina bhféadfar údar a thabhairt d’fhionraí sealadach na gceart fuascailte;
(c) na dálaí a shonrú chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fhionraí sealadach na gceart fuascailte a áirithiú ar fud an Aontais agus na gnéithe a shonrú atá le breithniú chun sealbhóirí polasaí a chosaint go cothrom agus ar bhealach oiriúnach i ngach dlínse baile agus óstach.
Airteagal 144c
Bearta maoirseachta chun staid airgeadais na ngnóthas a chaomhnú le linn suaití eisceachtúla ar fud an mhargaidh.
1. Gan dochar d’Airteagal 141, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta bearta a dhéanamh chun staid airgeadais gnóthais árachais nó athárachais aonair a chaomhnú le linn tréimhsí suaití eisceachtúla ar fud na hearnála, a d’fhéadfadh bagairt ar staid airgeadais an ghnóthais lena mbaineann nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais.
2. Le linn tréimhsí suaití eisceachtúla ar fud na hearnála, beidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta ceangal ar ghnóthais, ag a bhfuil próifíl riosca atá an‑leochaileach, ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a) srian a chur ar dháileacháin díbhinní do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe fo‑ordaithe eile, nó iad a chur ar fionraí;
(b) srian a chur ar íocaíochtaí eile le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe fo‑ordaithe eile, nó iad a chur ar fionraí;
(c) srian a chur ar aischeannach scaireanna agus ar aisíocaíocht nó ar fhuascailt ítimí cistí dílse, nó iad a chur ar fionraí;
(d) srian a chur ar bhónais nó luach saothair inathraithe eile, nó iad a chur ar fionraí.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na comhlachtaí náisiúnta agus údaráis ábhartha ag a bhfuil sainordú micreastuamachta ar an eolas mar is iomchuí maidir le rún an údaráis mhaoirseachta náisiúnta úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go ligfear dóibh bheith páirteach go hiomchuí sa mheasúnú ar shuaití eisceachtúla ar fud na hearnála i gcomhréir leis an mír seo.
3. Le cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 2 an Airteagail seo, cuirfear na critéir chomhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 29(3), san áireamh go hiomchuí, mar aon le haon teorainn lamháltais riosca a formheasadh go coisctheach agus le tairseacha le haghaidh pleanáil caipitil inmheánach.
4. Le cur i bhfeidhm na mbeart, dá dtagraítear i mír 2 an Airteagail seo, cuirfear an fhianaise a eascraíonn as an bpróiseas maoirseachta san áireamh, mar aon le measúnú réamhbhreathnaitheach ar shócmhainneacht agus ar staid airgeadais na ngnóthas lena mbaineann, i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 45(1), an dara fomhír, pointí (a) agus (b).
5. Mairfidh cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 2 ar feadh tréimhse a mhairfidh a fhad agus is ann do na cúiseanna is údar leis an mbeart. Déanfar athbhreithniú ar na bearta sin gach 3 mhí agus cuirfear deireadh leo a luaithe nach ann a thuilleadh do na dálaí ba bhunús leis na bearta agus lenar spreagadh iad.
6. Chun críche an Airteagail seo, ní chuirfear srian le hidirbheara suntasacha inghrúpa, dá dtagraítear in Airteagal 245(2), lena n‑áirítear dáileacháin díbhinní inghrúpa, ná ní chuirfear ar fionraí iad ach amháin i gcás inar bagairt iad do shócmhainneacht nó do staid leachtachta an ghrúpa nó de chuid cinn de na gnóthais laistigh den ghrúpa. Rachaidh údarás maoirseachta gnóthais ghaolmhair i gcomhairle le maoirseoir an ghrúpa sula gcuirfear idirbhearta leis an gcuid eile den ghrúpa ar fionraí, nó sula gcuirfear srian leo.
7. Chun dálaí comhsheasmhacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ÚEÁPC caighdeáin theicniúla chur chun feidhme, tar éis dul dó dul i gcomhairle le BERS, chun a shonrú gurb ann do shuaití eisceachtúla ar fud na hearnála.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm].
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.’;
(55)in Airteagal 145, leasaítear mír 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) ainm duine ag a bhfuil cumhachtaí leordhóthanacha chun ceangal a chur ar an ngnóthas árachais, i ndáil le tríú páirtithe;’;
(b)scriostar an dara fomhír;
(56)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 149:
‘Airteagal 149
Athruithe ar chineál na rioscaí nó na ngealltanas
1. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 147 agus 148 maidir le haon athrú a bhfuil sé beartaithe ag gnóthas árachais a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 147.
2. I gcás ina mbeidh athrú ar an ngnó atá á shaothrú ag an ngnóthas árachais faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, lena bhfuil difear á dhéanamh dá phróifíl riosca go hábhartha, nó lena bhfuil tionchar á imirt go hábhartha ar na gníomhaíochtaí árachais i mBallstát óstach amháin nó níos mó, cuirfidh an gnóthas árachais údarás maoirseachta an Bhallstáit baile ar an eolas láithreach. Cuirfidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile údaráis mhaoirseachta na mBallstát óstach lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.’;
(57)in Airteagal 152a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile fógra a thabhairt freisin do ÚEÁPC agus d’údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh ábhartha má shainaithníonn sé go bhfuil dálaí airgeadais ag dul in olcas nó go bhfuil rioscaí eile ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, a eascraíonn as gnóthas árachais nó athárachais atá i mbun gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bunaíochta agus a bhféadfaidh éifeacht trasteorann a bheith acu. Féadfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh fógra a thabhairt do ÚEÁPC agus d’údarás maoirseachta an Bhallstáit baile ábhartha freisin i gcás ina mbeidh cúis imní thromchúiseach agus réasúnaithe aige maidir le cosaint tomhaltóirí. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh uaidh i gcás nach féidir teacht ar aon réiteach déthaobhach.
(58)in Airteagal 152b, cuirtear míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:
‘5. I gcás ina n‑easaontóidh dhá údarás ábhartha nó níos mó, de chuid ardán comhair, maidir leis an nós imeachta nó le hábhar gníomhaíocht atá le déanamh nó le heaspa gníomhaíochta, i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais, féadfaidh ÚEÁPC, arna iarraidh sin d’aon údarás ábhartha nó ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis comhaontú a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
6. I gcás ina mbeidh easaontú laistigh den ardán agus i gcás inarb ann d’ábhair imní thromchúiseacha maidir le héifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí nó le hábhar gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta atá le déanamh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais, féadfaidh suíomh gréasáin ÚEÁPC a chinneadh, ar a thionscnamh féin, cigireachtaí ar an láthair a thionscnamh nó a chomhordú. Iarrfaidh sé ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile mar aon le húdaráis mhaoirseachta ábhartha eile ón ardán comhair páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair.’;
(59)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 153:
‘Airteagal 153
Tréimhsí agus teanga na n‑iarrataí ar fhaisnéis
Féadfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, an fhaisnéis a éileamh, a bhfuil sé i dteideal a iarraidh, maidir le gnó gnóthais árachais atá ag oibriú i gcríoch an Bhallstáit sin, ar údarás maoirseachta Bhallstát baile an ghnóthais sin nó ar an ngnóthas árachais. Soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de thréimhse réasúnach i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga eile lena nglacann údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh. I gas ina ndíreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh ar an ngnóthas árachais go díreach, cuirfidh sé údarás maoirseachta an Bhallstáit baile ar an eolas maidir leis an iarraidh ar fhaisnéis.’;
(60)cuirtear an tAirteagal 159a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 159a
Ceanglais bhreise a bhaineann le gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann
1. Tíolacfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, arna iarraidh sin d’údarás maoirseachta Ballstáit óstaigh, an fhaisnéis uile seo a leanas a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 35, i ndáil le gnóthais árachais nó athárachais ag a bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann i gcríoch an Bhallstáit óstaigh sin:
(a)
an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta;
(b)
an tÍoscheanglas Caipitil;
(c)
an méid cistí dílse incháilithe chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach;
(d)
an méid cistí dílse bunúsacha incháilithe chun an tÍoscheanglas Caipitil a chumhdach.
Chun críche an Airteagail seo, is éard is ‘gníomhaíochtaí trasteorann suntasacha’ ann gníomhaíochtaí árachais agus athárachais a dhéantar faoin gceart bunaíochta agus iad sin a dhéantar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát, dá sáraíonn an ollphréimh bhliantúil i scríbhinn 5% d’ollphréimh bhliantúil i scríbhinn an ghnóthais, a thomhaistear faoi threoir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil de chuid an ghnóthais.
2. I gcás nach gcomhlíonfaidh gnóthas árachais nó athárachais an tÍoscheanglas Caipitil, nó gur dócha nach gcomhlíonfaidh, sna 3 mhí dá éis sin, nó i gcás ina mbeidh neamhchomhlíontacht shuntasach i gceist maidir leis an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta, agus in éagmais bearta iomchuí ó údarás maoirseachta an Bhallstáit baile chun cás den sórt sin a réiteach go hiomchuí, féadfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, ina bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann ag an ngnóthas sin, iarraidh ar údarás maoirseachta an Bhallstáit baile cigireacht chomhpháirteach a dhéanamh ar láthair an ghnóthais árachais nó athárachais, agus na cúiseanna leis an iarraidh sin á míniú.
Glacfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó diúltóidh sé di, laistigh de mhí amháin ón tráth a fhaightear í.
3. I gcás ina nglacfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile le cigireacht chomhpháirteach ar an láthair a dhéanamh, iarrfaidh sé ar ÚEÁPC páirt a ghlacadh sa chigireacht chomhpháirteach ar an láthair.
Tar éis dóibh an chigireacht chomhpháirteach ar an láthair a thabhairt i gcrích, bainfidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar conclúidí comhpháirteacha amach laistigh de 2 mhí. Cuirfidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile conclúidí comhpháirteacha den sórt sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le freagairtí oiriúnacha don mhaoirseacht.
I gcás ina n‑easaontóidh údaráis mhaoirseachta maidir le conclúidí na cigireachta comhpháirtí ar an láthair, féadfaidh ceachtar acu an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, laistigh de 2 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, agus gan dochar do na cumhachtaí ná do na gníomhaíochtaí maoirseachta atá le déanamh ag údarás maoirseachta an Bhallstáit baile chun dul i ngleic le neamhchomhlíonadh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta nó le neamhchomhlíonadh, nó le neamhchomhlíonadh dóchúil an Íoscheanglais Chaipitil. Ní tharchuirfear an t‑ábhar chuig ÚEÁPC tar éis dhul in éag na tréimhse 2 mhí dá dtagraítear san fhomhír seo ná tar éis comhshocrú ar chonclúidí comhpháirteacha a bheith bainte amach idir údaráis mhaoirseachta i gcomhréir leis an dara fomhír.
Más rud é, laistigh den tréimhse 2 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, go bhfuil aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann tar éis an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, cuirfidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile glacadh chonclúidí deiridh na‑ cigireachta comhpháirtí ar an láthair siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a fhéadfaidh ÚEÁPC a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus glacfaidh sé na conclúidí i gcomhréir le cinneadh ÚEÁPC. Aithneoidh gach údarás maoirseachta lena mbaineann na conclúidí sin mar chonclúidí cinntitheacha.
4. I gcás ina ndiúltóidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile cigireacht chomhpháirteach ar an láthair a dhéanamh, míneoidh sé i scríbhinn cúiseanna an diúltaithe sin don údarás maoirseachta a bhí á hiarraidh.
I gas ina n‑easaontóidh údaráis mhaoirseachta leis na cúiseanna le diúltú, féadfaidh siad an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 laistigh de mhí amháin tar éis fógra maidir le cinneadh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile a fháil. Sa chás sin, féadfaidh ÚEÁPC gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar do leis an Airteagal sin. ’;
(61)Leasaítear Airteagal 212 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)i bpointe (a), cuirtear ‘Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE’;
(ii)i bpointe (b), cuirtear ‘Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE’;
(iii)leasaítear pointe (c) mar a leanas:
–cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i) tá gnóthas rannpháirteach, a fhochuideachtaí, agus na heintitis ann, ina bhfuil rannpháirtíocht agus gnóthais á sealbhú ag an ngnóthas rannpháirteach nó ag a fhochuideachtaí, atá á mbainistiú ag an ngnóthas rannpháirteach nó ag a fhochuideachtaí go comhpháirteach le gnóthas amháin nó níos mó nach bhfuil ina chuid nó ina gcuid den ghrúpa, mar aon le gnóthais atá nasctha le chéile mar a leagtar amach in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE agus a ngnóthais ghaolmhara; nó’;
–cuirtear isteach an pointe (iii) a leanas:
‘tá meascán de phointí (i) agus (ii) in (iii);’;
(iv)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f)
is éard is ‘cuideachta sealbhaíochta árachais’ ann máthairghnóthas nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é agus is é a príomhghnó rannpháirtíochtaí i bhfoghnóthais a fháil agus a shealbhú, i gcás inar gnóthas árachais nó athárachais tríú tír go heisiach nó go príomha iad na foghnóthais sin, agus ar a laghad ceann de na foghnóthais sin ina ghnóthas árachais nó athárachais; is iondúil go mbíonn na foghnóthais ina ngnóthais árachais nó athárachais go príomha, nó ina ngnóthais árachais nó athárachais tríú tír, i gcás ina mbeidh breis agus 50 % de chothromas, sócmhainní comhdhlúite, ioncaim, pearsanra nó táscaire eile de chuid an mháthairghnóthais, a mheastar a bheith ábhartha dar leis údarás maoirseachta, bainteach le fochuideachtaí ar gnóthais árachais nó athárachais iad, nó ‑gnóthais árachais nó athárachais tríú tír, cuideachtaí sealbhaíochta árachais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha;’;
(v)cuirtear an pointe (fa) a leanas isteach:
‘(fa)
ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta ghnóthais árachais agus athárachais tríú tír’ máthairghnóthas seachas cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de réir bhrí Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE, arb é a príomhghnó rannpháirtíochtaí i bhfoghnóthais a fháil agus a shealbhú, i gcás inar gnóthas árachais nó athárachais tríú tír go heisiach nó go príomha iad na foghnóthais sin.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Chun críocha an Teidil seo, measfaidh na húdaráis mhaoirseachta gur máthairghnóthas é aon ghnóthas, i dtuairim na n‑údarás maoirseachta, a fheidhmíonn, go héifeachtach, tionchar ceannasach ar ghnóthas eile, lena n‑áirítear i gcás ina bhfeidhmeofar an tionchar sin le comhordú láraithe, maidir le cinntí an ghnóthais eile.’;
(c)cuirtear isteach mír 3, 4, 5 agus 6 seo a leanas:
‘3. Chun críocha an Teidil seo, measfaidh na húdaráis mhaoirseachta gur grúpa é dhá ghnóthas árachais nó athárachais, nó níos mó, de réir bhrí mhír 1, pointe (c), i gcás inarb é tuairim na n‑údarás maoirseachta go mbainistítear na gnóthais sin ar bhonn aontaithe.
I gcás ina mbeidh grúpa den sórt sin faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c), ainmneoidh an grúpa ceann de na gnóthais sin mar mháthairghnóthas, a bheidh freagrach as an Teideal sin a chomhlíonadh. Measfar gur foghnóthais iad na gnóthais eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
4. I gcás ina sainaithneofar grúpa i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, agus i gcás inarb é máthairghnóthas nó foghnóthas an ghrúpa sin gnóthas rannpháirteach deiridh grúpa eile de réir bhrí mhír 1, pointe (c) freisin, measfar go bhfuil an grúpa eile sin áirithe faoi raon feidhme an ghrúpa a shainaithnítear i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
Féadfaidh údaráis mhaoirseachta míreanna 2 agus 3 a chur i bhfeidhm chun síneadh a chur le raon feidhme grúpa de réir bhrí mhír 1, pointe (c).
5. Agus caidreamh á shainaithint idir dhá ghnóthas ar a laghad, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, breithneoidh údaráis mhaoirseachta na tosca uile seo a leanas:
(a)rialú nó cumas duine nádúrtha nó gnóthais chun tionchar a imirt ar chinntí, lena n‑áirítear cinntí airgeadais, de chuid gnóthais árachais nó athárachais, go háirithe i ngeall ar shealbhú na gceart caipitil nó vótála, ionadaíocht sa chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó a bheith i measc na ndaoine a reáchtálann gnóthas árachais nó athárachais, go héifeachtach, nó ag a bhfuil príomhfheidhmeanna nó feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eile;
(b)gnóthas árachais nó athárachas a bheith ag brath go mór ar ghnóthas eile nó ar dhuine dlítheanach eile, i ngeall ar idirbhearta nó oibríochtaí ábhartha airgeadais nó neamhairgeadais a bheith ann;
(c)fianaise ar chomhordú idir dhá ghnóthas nó níos mó, maidir le cinntí, straitéisí nó próisis airgeadais.
6. I gcás ina gclisfidh ar an ngrúpa máthairghnóthas a ainmniú i gcomhréir le mír 3, an dara fomhír, ainmneoidh na húdaráis mhaoirseachta máthairghnóthas a bheidh freagrach as an Teideal seo a chomhlíonadh. Measfar gur foghnóthais iad na gnóthais eile i ngrúpa den sórt sin.
Agus na húdaráis mhaoirseachta á ainmniú amhlaidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, breithneoidh siad na tosca seo a leanas:
(a)an méid forálacha teicniúla ag gach gnóthas;
(b)na hollphréimheanna bliantúla i scríbhinn ag gach gnóthas;
(c)an líon gnóthas árachais nó athárachais gaolmhar ag gach gnóthas.
Déanfaidh údaráis mhaoirseachta measúnú tráthrialta ar cibé acu a bhfuil an t‑ainmniúchán iomchuí fós. I gcás nach amhlaidh sin, ainmneoidh na húdaráis mhaoirseachta máthairghnóthas eile. Beidh an t‑údarás eile sin freagrach as an Teideal seo a chomhlíonadh.’;
(62)Leasaítear Airteagal 213 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:
‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear maoirseacht grúpa i bhfeidhm nuair a áireofar aon cheann de na nithe seo a ina gcuid de ghrúpa:’;
(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a.
Raon feidhme an ghrúpa, a bhfuil maoirseacht grúpa i bhfeidhm maidir leis de bhun mhír 2 den Airteagal seo, sainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 212 é.’;
(c)cuirtear isteach an mhír 3a, an mhír 3b agus an mhír 3c seo a leanas:
‘3a. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), áiritheoidh an chuideachta sealbhaíochta árachais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)is leordhóthanach iad socruithe inmheánacha agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa chun an Teideal seo a chomhlíonadh, agus, go háirithe, tá siad éifeachtach maidir leis an méid a leanas a dhéanamh:
(i)gach foghnóthas de chuid na cuideachta sealbhaíochta árachais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chomhordú, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, trí dháileadh leordhóthanach na gcúraimí i measc na ngnóthas sin;
(ii)coinbhleachtaí idirghrúpa a chosc nó a bhainistiú; agus
(iii)na beartais uile‑ghrúpa arna leagan síos ag an máthairchuideachta sealbhaíochta árachais nó ag an máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhorfheidhmiú ar fud an ghrúpa;
(b)nach gcuirfidh eagrúchán struchtúrach an ghrúpa dá bhfuil an chuideachta sealbhaíochta árachais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ina cuid, bac nó cosc ar bhealach eile ar mhaoirseacht éifeachtach an ghrúpa agus a fhoghnóthais árachais agus athárachais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh, go háirithe:
(i)suíomh na cuideachta sealbhaíochta árachais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i ngrúpa ilsrathach;
(ii)struchtúr na scairshealbhóireachta; agus
(iii)ról na cuideachta sealbhaíochta árachais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha laistigh den ghrúpa.
3b. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3a, pointe (a), beidh an chumhacht ag an maoirseoir grúpa a cheangal ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais nó ar na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha socruithe inmheánacha agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa a athrú.
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3, pointe (b), beidh an chuideachta sealbhaíochta árachais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir bearta maoirseachta iomchuí ón maoirseoir grúpa chun leanúnachas agus sláine na maoirseachta grúpa a áirithiú nó a thabhairt ar ais, de réir mar a bheidh, mar aon le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Teideal seo. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta a cheangal ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais nó ar an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha an grúpa a leagan amach ar bhealach lena gcuirfear ar chumas an údaráis mhaoirseachta ábhartha an mhaoirseacht grúpa a fheidhmiú go héifeachtach. Ní fheidhmeofar cumhacht den sórt sin ach amháin in imthosca eisceachtúla, tar éis dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus tabharfar údar cuí leis don ghrúpa.
3c. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo i gcás inarb amhlaidh eagrúchán struchtúrach grúpa, arb é atá ann gnóthais atá nasctha le chéile le caidreamh mar a leagtar amach in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE agus a ngnóthais ghaolmhara, nó a shainaithnítear ar bhonn Airteagal 212(3) den Treoir seo, go gcuirtear bac nó cosc leis ar mhaoirseacht éifeachtach an ghrúpa sin nó go gcuirtear cosc ar an ngrúpa sin an Teideal seo a chomhlíonadh, beidh an grúpa faoi réir bearta maoirseachta iomchuí chun leanúnachas agus sláine na maoirseachta grúpa, de réir mar a bheith, a áirithiú nó a aischur, mar aon le comhlíonadh an Teideal seo. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis mhaoirseachta a cheangal go mbunófar cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a mbeidh a ceannoifig san Aontas, nó go mbunófar gnóthas san Aontas a fheidhmeodh go héifeachtach, le comhordú láraithe, tionchar ceannasach ar chinntí, lena n‑áirítear cinntí airgeadais, na ngnóthas árachais nó athárachais atá ina gcuid den ghrúpa. Sa chás sin, beidh an chuideachta sealbhaíochta árachais sin, nó an chuideachta nó gnóthas sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin a fheidhmíonn comhordú láraithe go héifeachtach, freagrach as an Teideal seo a chomhlíonadh.’;
(d)i mír 5, cuirtear na focail ‘Treoir 2013/36/AE’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 2006/48/CE’;
(63)cuirtear an tAirteagal 213a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 213a
Úsáid bearta comhréireachta ar leibhéal an ghrúpa
1. Aicmeoidh maoirseoir grúpa na ngrúpaí de réir bhrí Airteagal 212, atá faoi réir maoirseachta grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a) agus (b), mar ghrúpaí ag a bhfuil próifíl riosca íseal, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir uile seo a leanas ar leibhéal an ghrúpa le 2 bhliain airgeadais anuas:
(a) i gcás nach mbeidh gnóthas árachais nó athárachais amháin, ar a laghad, i raon feidhme an ghrúpa, ina ghnóthas neamhshaoil, comhlíonfar na critéir seo uile seo a leanas:
(i) níl fo‑mhodúl riosca an ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 105(5), pointe (a), níos airde ná 5 % d’fhorálacha teicniúla an ghrúpa, comhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí athárachais agus ó fheithiclí sainchuspóireacha, dá dtagraítear in Airteagal 76;
(ii) tá an toradh ar infheistíochtaí, gan infheistíochtaí a áireamh arna sealbhú i gcomhair oibleagáidí árachais ag a bhfuil sochair treoirnaisc agus aonadnaisc, níos airde ná meán na rátaí úis ráthaithe;
(iii) níl iomlán fhorálacha teicniúla an ghrúpa, a shainmhínítear mar chomhlán na méideanna is in‑aisghabhála ó chonarthaí árachais agus ó fheithiclí sainchuspóireacha níos airde ná EUR 1 000 000 000;
(b) i gcás nach mbeidh gnóthas árachais nó athárachais amháin ar a laghad, i raon feidhme an ghrúpa, ina ghnóthas saoil, comhlíonfar na critéir uile seo a leanas:
(i) tá an glanmhéid cóimheasa comhcheangailte meánaithe athárachais a bhaineann leis na 3 bliana airgeadais deiridh níos lú ná 100 %
(ii) níl ollphréimh bhliantúil an ghrúpa i scríbhinn níos airde ná EUR 100 000 000;
(iii) níl suim na n‑ollphréimheanna bliantúla i scríbhinn in aicmí 3 go 7, agus in aicmí 14 agus 15 de Roinn A d’Iarscríbhinn I níos airde ná 30 % de na préimheanna iomlána bliantúla i scríbhinn a bhaineann le gnó neamhshaoil an ghrúpa;
(c) níl gnó atá frithgheallta ag gnóthais árachais agus athárachais faoi raon feidhme an ghrúpa, ag a bhfuil a cheannoifigí i mBallstáit, seachas Bhallstát mhaoirseoir an ghrúpa, níos airde ná 5 % d’iomlán ollphréimh bhliantúil an ghrúpa i scríbhinn;
(d) níl gnó atá frithgheallta ag an ngrúpa i mBallstáit, seachas Bhallstát mhaoirseoir an ghrúpa, níos airde ná 5 % d’iomlán a ollphréimhe bliantúla i scríbhinn;
(e) ní hionann infheistíochtaí in infheistíochtaí neamhthraidisiúnta agus níos mó ná 20 % d’infheistíochtaí iomlána;
(f) ní áirítear le gnó an ghrúpa oibríochtaí athárachais a sháraíonn 50 % den ioncam ollphréimhe bliantúil iomlán i scríbhinn de chuid an ghrúpa.
2. Beidh feidhm le hAirteagal 29b mutatis mutandis ar leibhéal an mháthairghnóthais árachais nó athárachais deiridh, na cuideachta sealbhaíochta árachais deiridh nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha deiridh.
3. Ní chuirfidh grúpaí, a bhfuil feidhm ag maoirseacht grúpa maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a) agus (b), ar feadh níos lú ná 2 bhliain, ach an bhliain airgeadais dheireanach san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé acu an chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 1 an Airteagail seo.
4. Gan dochar do mhír 1, maidir le grúpaí, a úsáideann samhail inmheánach ata formheasta go páirteach nó go hiomlán chun Ceanglas a ngrúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh, ní aicmeofar riamh iad mar ghrúpaí ag a bhfuil próifíl riosca íseal.
5. Breithneoidh na máthairghnóthais árachais nó athárachais deiridh, na cuideachtaí sealbhaíochta árachais deiridh nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha deiridh, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíonadh na gcritéir a shainmhínítear i mír 1, na pleananna gnó le haghaidh an chéad 3 bliana airgeadais eile.
6. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 29c, 29d agus 29e.’;
(64)Leasaítear Airteagal 214 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Ní thuigfear le feidhmiú na maoirseachta grúpa, i gcomhréir le hAirteagal 213, go gceanglófar ar na húdaráis mhaoirseachta ról maoirseachta a imirt i ndáil leis an ngnóthas árachais tríú tír, an gnóthas athárachais tríú tír nó an chuideachta sealbhaíochta árachais de ghníomhaíocht mheasctha ar bhonn aonair.’;
(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre:
‘Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé acu a bhfuil tábhacht diomaibhseach ag gnóthas i leith chuspóirí na maoirseachta grúpa de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), áiritheoidh an maoirseoir grúpa go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)tá méid an ghnóthais, i dtéarmaí na sócmhainní iomlána agus na bhforálacha teicniúla, beag i gcomparáid le gnóthais eile an ghrúpa agus leis an ngrúpa ina iomláine;
(ii)ní bheadh tionchar ábhartha ag eisiamh an ghnóthais ó raon feidhme na maoirseachta grúpa ar an ngrúpshócmhainneacht;
(iii)tá na rioscaí cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as idirbhearta inghrúpa, a bhaineann nó a fhéadfaidh a bheith ag baint leis an ngnóthas don ghrúpa iomlán, neamhábhartha.’;
(c)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3.
I gcás ina bhfágfaí le heisiamh gnóthas amháin nó níos mó, ó raon feidhme maoirseachta grúpa i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cás nach spreagfadh cur i bhfeidhm na maoirseachta grúpa faoi Airteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c), rachaidh an maoirseoir grúpa i gcomhairle le ÚEÁPC, agus i gcás inarb infheidhme, le húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann sula ndéanfar an cinneadh maidir leis an eisiamh. Ní ndéanfar cinneadh den sórt sin ach amháin in imthosca eisceachtúla agus tabharfar údar cuí leis do ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Déanfaidh an maoirseoir grúpa athmheasúnú tráthrialta ar cibé acu an cinneadh iomchuí fós é a chinneadh. I gcás nach amhlaidh sin a thuilleadh, tabharfaidh an maoirseoir grúpa fógra do ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, go dtosóidh sé ar mhaoirseacht grúpa a fheidhmiú.
Sula n‑eisiafar an máthairghnóthas deiridh ón maoirseacht grúpa de bhun mhír 2, pointe (b), rachaidh an maoirseoir grúpa i gcomhairle le ÚEÁPC, agus i gcás inarb infheidhme, le húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, agus déanfaidh sé measúnú ar thionchar fheidhmiú na maoirseachta grúpa ar leibhéal gnóthas rannpháirteach idirmheánach ar staid sócmhainneachta an ghrúpa. Go háirithe, ní bheidh eisiamh den sórt sin indéanta dá mbeadh feabhsú ábhartha ar staid sócmhainneachta an ghrúpa ina thoradh air.’;
(65)Leasaítear Airteagal 220 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear na focail ‘a leagtar amach in Airteagail 221 go 233a’ in ionad ‘a leagtar amach in Airteagail 221 go 233’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Ceadóidh Ballstáit dá n‑údaráis mhaoirseachta, i gcás ina nglacfaidh siad le ról an mhaoirseora grúpa i leith grúpa faoi leith, cinneadh a dhéanamh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus leis an ngrúpa féin, chun modh 2 a chur i bhfeidhm maidir leis an ngrúpa sin i gcomhréir le hAirteagail 233 agus 234, nó, i gcás nach mbeadh cur i bhfeidhm eisiach mhodh 1 iomchuí, meascán de mhodhanna 1 agus 2 i gcomhréir le hAirteagail 233a agus 234.’;
(c)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3.
Gan dochar don bhealach a láimhseáiltear gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 228(1), féadfaidh údaráis mhaoirseachta a chinneadh gan ach modh 2 a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2, an dara fomhír, den Airteagal seo maidir le gnóthais árachais agus athárachais, gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, cuideachtaí sealbhaíochta árachais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, agus cuideachtaí sealbhaíochta gnóthas árachais agus athárachais tríú tír.’;
(66)in Airteagal 221, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
‘1a.De mhaolú ar mhír 1 an Airteagail seo, chun críche Airteagal 228 agus chun na críche sin amháin, gan beann ar cibé acu a úsáidtear modh 1 nó modh 2, is éard is ‘scair chomhréireach’ ann sciar den chaipiteal suibscríofa a shealbhaíonn an gnóthas rannpháirteach sa ghnóthas gaolmhar é, go díreach nó go hindíreach.’;
(67)in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.Ní sháróidh suim na gcistí dílse dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ranníocaíocht an ghnóthais árachais nó athárachais ghaolmhair leis an gCeanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta.’;
(68)in Airteagal 226, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3.Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, láimhseálfar cuideachtaí sealbhaíochta na ngnóthas árachais agus athárachais tríú tír mar ghnóthais árachais nó athárachais freisin.’;
(69)in Airteagal 227(1), an chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘agus Airteagal 233a’ isteach tar éis na bhfocal ‘Airteagal 233’;
(70)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 228:
‘Airteagal 228
Láimhseáil gnóthais shonracha ghaolmhara ó earnálacha airgeadais eile
1. Gan beann ar an modh a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 220 den Treoir seo, chun críche ríomh na grúpshócmhainneachta, cuirfidh an gnóthas rannpháirteach árachais nó athárachais an ranníocaíocht le cistí dílse incháilithe an ghrúpa san áireamh agus an ranníocaíocht le Ceanglas an ghrúpa um Chaipiteal Sócmhainneacht de chuid na ngnóthas seo a leanas:
(a)institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (1) nó (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)cuideachtaí bainistíochta GCUI de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE agus cuideachtaí infheistíochtaí atá údaraithe de bhun Airteagal 27 den Treoir sin, ar choinníoll nach bhfuil cuideachta bainistíochta ainmnithe acu de bhun na Treorach sin;
(c)bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (b) de Threoir 2011/61/AE;
(d)gnóthais seachas gnóthais rialáilte a dhéanann gníomhaíocht amháin nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE i gcás ina mbeidh na gníomhaíochtaí sin ina gcuid shuntasach dá ngníomhaíocht fhoriomlán;
(e)institiúidí um sholáthar sochair scoir ceirde de réir bhrí Airteagal 6, pointe (1) de Threoir (AE) 2016/2341.
2. Ríomhfar an ranníocaíocht le cistí dílse incháilithe grúpa de chuid na ngnóthas gaolmhar dá dtagraítear i mír 1 an Airteagail seo mar shuim scair chomhréireach cistí dílse gach gnóthais, i gcás ina ríomhfar na cistí dílse sin mar a leanas:
(a)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo i gcomhréir le rialacha ábhartha earnála, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir 2002/87/CE;
(b)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe 1, de Threoir 2009/65/CE;
(c)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE;
(d)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo i gcomhréir leis na rialacha ábhartha earnála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2002/87/CE más rud é gurbh eintitis rialáilte iad de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin;
(e)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, an corrlach sócmhainneachta atá ar fáil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir (AE) 2016/2341.
Chun críche chéad fhomhír na míre seo, maidir le méid na gcistí dílse de chuid gach gnóthais a chomhfhreagraíonn do chúlchistí neamh‑indáilte agus d’ítimí eile arna sainaithint ag an maoirseoir grúpa nithe a bhfuil acmhainn iniomparthachta caillteanas laghdaithe acu, mar aon le scaireanna tosaíochta, cuntas fo‑ordaithe de chuid ball frithpháirteach, dliteanais fho‑ordaithe, agus sócmhainní cánach iarchurtha, a áirítear leis na cistí dílse sa bhreis ar na ceanglais maidir le cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le mír 3, ní chuirfear an méid sin san áireamh, ach amháin i gcás ina mbeidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach in ann údar a thabhairt don éileamh, chun sástáchta an mhaoirseora grúpa, gur féidir na nithe sin a chur ar fáil chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach. Agus comhdhéanamh na gcistí dílse iomarcacha á chinneadh, cuirfidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach san áireamh nach gcomhlíonfar ceanglais áirithe de chuid roinnt gnóthas gaolmhar ach amháin le Caipiteal Gnáthchothromas 1 nó le Caipiteal Breise Leibhéal 1 de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
3. Ríomhfar an ranníocaíocht le Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta na gnóthas gaolmhar dá dtagraítear i mír 1, mar shuim scair chomhréireach an cheanglais chaipitil nó an cheanglais chaipitil bharúlaigh de chuid gach gnóthais gaolmhair, i gcás ina ríomhfar an ceanglas caipitil sin nó an ceanglas caipitil barúlach sin mar a leanas:
(a)le haghaidh gnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo i gcomhréir leis an méid a leanas:
(b)le haghaidh gach gnólacht infheistíochta atá faoi réir ceanglas ciste dílse i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2033, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán sin, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó na ceanglais cistí dílse áitiúla i dtríú tíortha;
(c)le haghaidh gach institiúid creidmheasa, an ceann is airde de na nithe seo a leanas:
–suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear bearta dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán sin, na ceanglais shonracha cistí dílse chun dul i ngleic le rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ceanglas an mhaoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6) den Treoir sin, nó aon cheanglais cistí dílse áitiúla i dtríú tíortha;
–suim na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear bearta dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán sin, na ceanglais shonracha cistí dílse chun dul i ngleic le riosca an luamhánaithe iomarcaigh dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ceanglas an mhaoláin um chóimheas luamhánaithe a leagtar síos in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó na ceanglais cistí dílse áitiúla i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;
(d)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (a), de Threoir 2009/65/CE;
(e)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2011/61/AE;
(f)le haghaidh gach gnóthas dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo, bheadh an ceanglas caipitil, nár mhór don gnóthas a chomhlíonadh faoi na rialacha ábhartha earnála, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir 2002/87/CE más rud é gurbh eintitis rialáilte é de réir bhrí Airteagal 2, pointe (4) na Treorach sin;
(g)le haghaidh gach gnóthas gaolmhar dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, an corrlach sócmhainneachta a cheanglaítear arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17b de Threoir (AE) 2016/2341.
4. I gcás ina ndéanfaidh roinnt gnóthas gaolmhar dá dtagraítear i mír 1 foghrúpa atá faoi réir ceanglais chaipitil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le ceann de na Treoracha nó de na Rialacháin dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an maoirseoir grúpa a cheadú go ríomhfar ranníocaíocht na gnóthas gaolmhar sin le cistí dílse incháilithe an ghrúpa mar scair chomhréireach chistí dílse an fhoghrúpa sin in áit mír 2, pointí (a) go (e) a chur i bhfeidhm maidir le gach gnóthas a bhaineann leis an bhfoghrúpa sin. Sa chás sin, ríomhfaidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach ranníocaíocht na ngnóthas gaolmhar sin le Ceanglas an ghrúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta mar scair chomhréireach cheanglas caipitil an fhoghrúpa sin, in áit mír 3, pointí (a) go (e) a chur i bhfeidhm maidir le gach gnóthas a bhaineann leis an bhfoghrúpa sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir leis an bhfoghrúpa.
5.
Gan dochar do mhíreanna 1 go 4, ceadóidh na Ballstáit dá n‑údaráis mhaoirseachta, i gcás ina nglacfaidh siad ról an mhaoirseora grúpa i leith grúpa faoi leith, a chinneadh, arna iarraidh sin don ghnóthas rannpháirteach nó ar a thionscnamh féin, aon rannpháirtíocht dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), a bhaint de na cistí dílse incháilithe i gcomhair ghrúpshócmhainneacht an ghnóthais rannpháirtigh.’;
(71)i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 1, Foroinn 3, cuirtear Airteagal 229a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 229a
Ríomhanna simplithe
1. Chun críocha Airteagal 230, féadfaidh an maoirseoir grúpa, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, ceadú don ghnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm maidir le rannpháirtíochtaí i ngnóthais ghaolmhara atá neamhábhartha.
Tabharfaidh an gnóthas rannpháirteach údar cuí le cur i bhfeidhm an chuir chuige shimplithe, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, maidir le gnóthas gaolmhar amháin, nó roinnt gnóthas gaolmhar, don mhaoirseoir grúpa, ag breithniú chineál, scála agus chastacht na rioscaí a bhaineann leis an ngnóthas gaolmhar nó leis na gnóthais ghaolmhara.
Ceanglóidh na Ballstáit ar an ngnóthas rannpháirteach measúnú a dhéanamh ar bhonn bliantúil, ar cibé acu a bhfuil údar cuí le húsáid an chuir chuige shimplithe fós, agus nochtfaidh sé go poiblí, ina thuarascáil ar an staid sócmhainneachta agus airgeadais an ghrúpa, liosta agus méid na ngnóthas gaolmhar atá faoi réir an chuir chuige shimplithe sin.
2. Chun críche mhír 1, léireoidh an gnóthas árachais agus athárachais rannpháirteach, chun sástacht an mhaoirseora grúpa, go bhfuil cur i bhfeidhm an chuir chuige shimplithe maidir le rannpháirtíochtaí i ngnóthas amháin, nó i roinnt gnóthas, stuama go leor chun fomheastachán a sheachaint maidir le rioscaí a eascraíonn as an ngnóthas nó as na gnóthais sin agus an sócmhainneacht an ghrúpa á ríomh.
Nuair a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, ag a bhfuil a cheannoifig i dtír nach bhfuil coibhéiseach nó coibhéiseach go sealadach de réir bhrí Airteagal 227, ní bheidh de thoradh an chuir chuige shimplithe ranníocaíocht, ón ngnóthas gaolmhar leis an gCeanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta, a bheidh níos ísle ná ceanglas caipitil an ghnóthais sin, mar a leagann an tríú tír lena mbaineann síos.
Ní chuirfear an cur chuige simplithe i bhfeidhm maidir le gnóthas árachais nó athárachais gaolmhar tríú tír, i gcás nach mbeidh aon fhaisnéis iontaofa ag an ngnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach ar an gceanglas caipitil mar a leagtar síos sa tríú tír sin.
3. Chun críocha mhír 1, measfar go bhfuil gnóthais ghaolmhara neamhábhartha i gcás inarb ionann luach de réir na leabhar ag gach ceann díobh luach níos lú ná 0.2 % de chuntais chomhdhlúite an ghrúpa agus inarb ionann suim luachanna de réir na leabhar ag gach gnóthas den sórt sin agus suim níos lú na 0.5 % de chuntais chomhdhlúite an ghrúpa.’;
(72)Leasaítear Airteagal 230 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Déanfar sócmhainneacht ghrúpa an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh a ríomh ar bhonn na gcuntas comhdhlúite.
Is ionann sócmhainneacht ghrúpa an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh agus an difríocht idir na nithe seo a leanas:
(a)suim na gcistí dílse incháilithe chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach, arna ríomh ar bhonn sonraí comhdhlúite, agus an ranníocaíocht le cistí dílse incháilithe grúpa de chuid gnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1), i gcás ina ríomhtar an ranníocaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 228(2) nó (4);
(b)suim an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta ag an leibhéal grúpa, arna ríomh ar bhonn sonraí comhdhlúite, agus an ranníocaíocht le Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid na ngnóthas gaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 228(1), i gcás ina ríomhtar an ranníocaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 228(3) nó (4);
Chun críocha na dara fomhíre, ní chuirfear sealúchais i ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1) san áireamh sna sonraí comhdhlúite.
Beidh feidhm ag Teideal I, Caibidil VI, Roinn 3, Foranna 1, 2 agus 3 agus Teideal I, Caibidil VI, Roinn 4, Foranna 1, 2 agus 3 maidir le ríomh na gcistí dílse incháilithe le haghaidh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta agus an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta ag an leibhéal grúpa bunaithe ar shonraí comhdhlúite. Go háirithe, ní bhreithneofar go mbeidh ítim chiste dhílis, arna heisiúint ag gnóthas rannpháirteach, glan ó ualuithe de réir bhrí Airteagal 93(2), an dara fomhír, pointe (c), mura féidir diúltú d’aisíocaíocht na hítime sin lena sealbhóir nuair a fhoirceanntar gnóthas árachais nó athárachais gaolmhar.’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear na pointí seo (c) agus (d) leis an dara fomhír:
‘(c)
scair chomhréireach de na ceanglais áitiúla chaipitil, ar a ndéanfaí an t‑údarú a aistarraingt, le haghaidh gnóthas árachais agus athárachais gaolmhar tríú tír;
(d)
scair chomhréireach d’Íoscheanglas Caipitil barúlach na gcuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha.’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Chun críocha mhír 2, an dara fomhír, pointe (d), den Airteagal seo, beidh Íoscheanglas Caipitil barúlach de chuid cuideachta sealbhaíochta árachais agus cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha cothrom le 35 % dá Cheanglas barúlach um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcás ina ríomhfar an Ceanglas barúlach um Chaipiteal Sócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 226(1), an dara fomhír.’;
(iii)scriostar an ceathrú fomhír;
(c)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3. Comhlíonfaidh gnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha Íoscheanglas a ngrúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta, arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(a)45 % de thoradh an ríomha dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b);
(b)toradh an ríomha dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír.
Cumhdófar an t‑íosmhéid sin le cistí dílse bunúsacha incháilithe mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 98(4), agus arna ríomh ar bhonn na sonraí comhdhlúite. Chun na críche sin, ní chuirfear sealúchas i gnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1) san áireamh sna sonraí comhdhlúite.
Chun críocha a chinneadh cibé acu a bhfuil cistí dílse incháilithe den sórt sin incháilithe chun Íoscheanglas an ghrúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach, nó nach bhfuil, beidh na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 221 go 229 i bhfeidhm mutatis mutandis. Beidh Airteagal 139(1) agus (2) i bhfeidhm mutatis mutandis.’;
(73)in Airteagal 232, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, cuirtear na focail ‘dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointí (a) go (e)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 37(1), pointí (a) go (d)’;
(74)Leasaítear Airteagal 233 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b)
an luach sa ghnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach de chuid gnóthas gaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 220(3) agus in Airteagal 228(1) agus sa Cheanglas grúpa comhláin um Chaipiteal Sócmhainneachta, dá bhforáiltear i mír 3.’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b)
scair chomhréireach an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh sna cistí dílse incháilithe le haghaidh an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid gach gnóthais ghaolmhair aonair árachais nó athárachais.’;
(ii)cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:
‘(c)
an ranníocaíocht le cistí dílse incháilithe an ghrúpa de chuid na ngnóthas gaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 228(1), i gcás ina ríomhfar an ranníocaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 228(2) nó Airteagal 228(4);
(c)leasaítear mír 3 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) scair chomhréireach an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid gach gnóthais árachais nó athárachais ghaolmhair aonair.’
(ii)cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:
‘(c)
an ranníocaíocht le Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid na ngnóthas gaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 228(1), i gcás ina ríomhfar an ranníocaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 228(3) nó le Airteagal 228(4).’;
(75)cuirtear an tAirteagal 233a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 233a
Meascán de mhodhanna 1 agus 2
1.Is éard a bheidh i sócmhainneacht ghrúpa an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh an difríocht idir na nithe seo leanas:
(a)
suim na nithe seo a leanas:
(i)le haghaidh gnóthais a gcuirtear modh 1 i bhfeidhm maidir leo, na cistí dílse incháilithe chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach, arna ríomh ar bhonn na sonraí comhdhlúite;
(ii)le haghaidh gach gnóthas árachais nó athárachais gaolmhar a gcuirtear modh 2 i bhfeidhm maidir leis, scair chomhréireach na gcistí dílse incháilithe dá Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta;
(iii)an ranníocaíocht ó ghnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 228(2) nó Airteagal 228(4); agus
(b)
suim na nithe seo a leanas:
(i)le haghaidh gnóthas a gcuirtear modh 1 i bhfeidhm maidir leis, Ceanglas an ghrúpa chomhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 230(2) ar bhonn na sonraí comhdhlúite;
(ii)le haghaidh gach gnóthas árachais nó athárachais a gcuirtear modh 2 i bhfeidhm maidir leis, scair chomhréireach a Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta;
(iii)an ranníocaíocht ó ghnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 228(3) nó Airteagal 228(4).
2.Chun críocha mhír 1, pointe (a) (i), agus mhír 1, pointe (b) (i) den Airteagal seo, ní áireofar sealúchas i ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1) leis na sonraí comhdhlúite.
3.Chun críocha mhír 1, pointe (a) (i), agus mhír 1, pointe (b)t (i) den Airteagal seo, ní áireofar sealúchas i ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 220(3), a gcuirtear modh 2 i bhfeidhm maidir leo, leis na sonraí comhdhlúite.
Chun críocha mhír 1, pointe (b) (i), den Airteagal seo, áireofar luach na sealúchas i ngnóthais dá dtagraítear in Airteagal 220(3), a gcuirtear modh 2 i bhfeidhm maidir leo, de bhreis ar a gCeanglas féin um Chaipiteal Sócmhainneachta, leis na sonraí comhdhlúite agus íogaireacht na sócmhainní agus na ndliteanas á ríomh roimh athruithe ar leibhéal nó ar luaineacht na rátaí malairte airgeadra (‘riosca airgeadra’). Ní ghlacfar leis áfach, go mbeidh luach na sealúchas sin íogair roimh athruithe ar leibhéal nó ar luaineacht phraghsanna margaidh na gcothromas (‘riosca cothromais’).
4.Beidh feidhm ag Airteagal 233(4) i bhfeidhm mutatis mutandis chun críche mhír 1, pointí (a)(ii) agus (b)(ii), den Airteagal seo.
5.Beidh feidhm ag Airteagal 231 mutatis mutandis i gcás iarratais ar chead chun an Ceanglas grúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta a ríomh, mar aon le Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta na ngnóthas árachais agus athárachais sa ghrúpa, ar bhonn samhail inmheánach, arna tíolacadh ag gnóthas árachais nó athárachais agus ag a ghnóthais ghaolmhara, nó go comhpháirteach ag gnóthais ghaolmhara de chuid cuideachta sealbhaíochta árachais.
6.Comhlíonfaidh gnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha a n‑íoscheanglas grúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta, arb é an ceann is ísle den mhéid a leanas é:
(a)45 % de shuim an Cheanglais grúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), agus den ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii);
(b)toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 230(2), an dara fomhír.
Cumhdófar an tÍoscheanglas grúpa comhdhlúite um Cheanglas Sócmhainneachta le cistí dílse bunúsacha incháilithe a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 98(4), arna ríomh ar bhonn na sonraí comhdhlúite. Chun críche an ríomha sin, ní áireofar sealúchais i ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1) leis na sonraí comhdhlúite.
Chun críche a chinneadh cibé acu a bhfuil cistí dílse incháilithe den sórt sin incháilithe chun Íoscheanglas an ghrúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach, nó nach bhfuil, beidh feidhm ag na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 221 go 229 mutatis mutandis. Beidh feidhm ag Airteagal 139(1) agus (2) mutatis mutandis.
7.Agus é á chinneadh cibé acu a léirítear nó nach léirítear leis an méid a ríomhtar i mír 1, pointe (b)(ii), den Airteagal seo, próifíl riosca an ghrúpa go hiomchuí maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 220(3), a gcuirtear Modh 2 i bhfeidhm maidir leis, tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann aird ar leith d’aon riosca sonrach arb ann dóibh ar leibhéal an ghrúpa nach gcumhdófaí go leordhóthanach toisc go bhfuil siad deacair a chainníochtú.
I gcás in a n‑imeoidh próifíl riosca an ghrúpa maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 220(3), a gcuirtear Modh 2 i bhfeidhm maidir leis, ó na toimhdí is bun leis an gCeanglas grúpa comhdhlúite um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 233(3), féadfaidh forlíontán caipitil a fhorchur ar an méid a ríomhtar i mír 1, pointe (b)(ii), den Airteagal seo.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 37(1) go (5), mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 37(6), (7) agus (8).’;
(76)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 234:
‘Airteagal 234
Gníomhartha tarmligthe le haghaidh prionsabal agus modhanna teicniúla in Airteagail 220 go 229, an cur chuige simplithe in Airteagal 229a, agus cur i bhfeidhm Airteagail 230 go 233a
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 301a, agus an méid seo a leanas á sonrú:
(a) na prionsabail agus modhanna teicniúla a leagtar amach in Airteagail 220 go 229;
(b) na sonraí teicniúla a ghabhann leis an gcur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 229a(1), mar aon leis na critéir, ar a bhféadfaidh údaráis mhaoirseachta formheas úsáid an chuir chuige shimplithe a bhunú;
(c) cur i bhfeidhm Airteagail 230 go 233a, lena léirítear cineál eacnamaíoch na struchtúr dlíthiúil sonrach.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 301a, lena sonrófar na critéir, ar a bhféadfaidh an maoirseoir grúpa formheas chur i bhfeidhm an chuir chuige shimplithe, a leagtar amach in Airteagal 229a(2), a bhunú.’;
(77)in Airteagal 244(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tríú fomhíre:
‘D’fhonn comhchruinniú suntasach riosca atá le tuairisciú a shainaithint, an maoirseoir grúpa, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus leis an ngrúpa, forchuirfidh sé tairseacha iomchuí bunaithe ar na Ceanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta, forálacha teicniúla, cistí dílse incháilithe, critéir chainníochtúla nó cháilíochtúla eile rioscabhunaithe a meastar a bheith iomchuí, nó meascán díobh.’;
(78)Leasaítear Airteagal 245 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear a focail ‘míreanna 2, 3 agus 3a’ in ionad na bhfocal ‘míreanna 2 agus 3’;
(b)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:
‘3a. Sa bhreis ar bhearta inghrúpa de réir bhrí Airteagal 13, pointe (19), chun críche mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh údaráis mhaoirseachta a cheangal ar ghrúpaí idirbhearta inghrúpa a thuairisciú a bhaineann le gnóthais, seachas gnóthais árachais agus athárachais, gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha.’;
(79)Leasaítear Airteagal 246 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar amach i dTeideal I, Caibidil IV, Roinn 2 ar leibhéal an ghrúpa. Cumhdófar le córas rialachais an ghrúpa gnóthais árachais nó athárachais rannpháirteacha, máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, mar aon le gach gnóthas gaolmhar faoi raon feidhme an ghrúpa de réir bhrí Airteagal 212, atá faoi réir maoirseacht ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c). Cumhdófar le córas rialachais an ghrúpa freisin gach gnóthas arna bhainistiú ag an ngnóthas rannpháirteach nó ag a fhochuideachtaí go comhpháirteach in éineacht le gnóthas amháin nó níos mó nach bhfuil ina chuid den ghrúpa céanna.
Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear an córas bainistíochta riosca agus an córas rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta tuairiscithe chun feidhme go comhsheasmhach i ngach gnóthas a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta grúpa de bhun Airteagal 213(2), pointí (a) agus (b), chun gur féidir na córais agus na nósanna imeachta tuairiscithe sin a rialú ar leibhéal an ghrúpa.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhreagracht deiridh ag comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an mháthairghnóthais árachais nó athárachais deiridh, na cuideachta sealbhaíochta árachais, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ag a bhfuil a cheannoifig san Aontas, nó an gnóthas rannpháirteach ainmnithe, i gcomhréir le hAirteagal 212(3), as comhlíonadh na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh de bhun na Treorach seo ag an ngrúpa, a bhfuil feidhm ag maoirseacht ghrúpa maidir leis i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c). Beidh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gach gnóthais árachais agus athárachais laistigh den ghrúpa fós freagrach as comhlíonadh gach ceanglais ag a ghrúpa féin, mar a shonraítear in Airteagal 40 agus in Airteagal 213(1), an dara fomhír.
Cumhdófar leis an gcóras bainistíochta riosca gach gníomhaíocht árachais agus athárachais a dhéantar laistigh den ghrúpa ar a laghad, mar aon le gníomhaíochtaí neamhárachais ábhartha. Cumhdófar leis freisin na rioscaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin a bhfuil nó a bhféadfaidh an ghrúpa bheith neamhchosanta orthu, agus as a n‑idirspleáchais.
Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear na córais bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta tuairiscithe chun feidhme go comhsheasmhach i ngach gnóthas a áirítear le raon feidhme na maoirseachta grúpa de bhun Airteagal 213(2), pointí (a) agus (b), ionas gur féidir na córais agus na nósanna imeachta tuairiscithe sin a rialú ar leibhéal an ghrúpa.’;
(b)i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:
‘Déanfaidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach faireachán tráthrialta ar ghníomhaíochtaí na ngnóthas gaolmhar dá chuid nó dá cuid, lena n‑áirítear gnóthais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 228(1) agus gnóthais neamhrialáilte. Beidh an faireachán sin i gcomhréir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a ghineann na gnóthais ghaolmhara, nó a d’fhéadfaidís a ghiniúint ar leibhéal an ghrúpa.
Beidh beartais scríofa ar leibhéal an ghrúpa ag an ngnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, cuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach, agus áiritheofar go mbeidh na beartais sin comhsheasmhach le beartais ghrúpa na mbeartas scríofa ag gach gnóthas rialáilte faoi raon feidhme an ghrúpa. Áiritheofar freisin go gcuireann gach gnóthas rialáilte faoi raon feidhme an ghrúpa beartais ghrúpa chun feidhme go comhsheasmhach.’;
(c)i mír 4, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte:
‘Cumhdófar leis an bhféinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta a dhéantar ag an leibhéal grúpa gach gníomhaíocht árachais agus athárachais a dhéantar laistigh den ghrúpa ar a laghad, mar aon le gníomhaíochtaí neamhárachais ábhartha. Cumhdófar leis freisin na rioscaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin a bhfuil nó a bhféadfaidh an ghrúpa bheith neamhchosanta orthu, agus as a n‑idirspleáchais. Beidh sé faoi réir athbhreithniú maoirseachta ag an maoirseoir grúpa i gcomhréir le Caibidil III.’;
(d)cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:
‘5. Ceanglóidh na Ballstáit ar an ngnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach a áirithiú go mbeidh socruithe láidre rialachais ag an ngrúpa lena n‑áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil, in éineacht le línte dea‑shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha freagrachta agus maidir le leithscaradh na ndualgas laistigh den ghrúpa. Féachfar le córas rialachais an ghrúpa coinbhleachtaí leasa a sheachaint, nó i gcás nach indéanta sin, iad a bhainistiú.
Is ionann na daoine a reáchtálann grúpa árachais nó athárachais go héifeachtach agus na daoine a reáchtálann an mháthairghnóthais nó an gnóthas rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír.
Ceanglóidh na Ballstáit ar an ngnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó ar an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach na daoine atá freagrach as príomhfheidhmeanna laistigh den ghrúpa árachais nó athárachais atá faoi réir maoirseachta grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c), a shainaithint. Beidh an comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo freagrach as na gníomhaíochtaí a dhéanann na daoine sin.
I gcás inarb ionann na daoine a reáchtálann grúpa árachais nó athárachais nó atá freagrach as príomhfheidhmeanna eile go héifeachtach agus na daoine a reáchtálann ceann de na gnóthais árachais nó athárachais, nó roinnt acu, nó gnóthais ghaolmhara eile, nó atá freagrach as príomhfheidhmeanna eile laistigh d’aon cheann de na gnóthais sin, áiritheoidh an gnóthas rannpháirteach go mbeidh na róil agus na freagrachtaí ar leibhéal an ghrúpa leithscartha go soiléir ó na róil agus na freagrachtaí is infheidhme ar leibhéal gach gnóthais aonair.’;
(80)i dTeideal III, cuirtear Caibidil IIA a leanas isteach:
‘CAIBIDIL IIA
Rialacha micreastuamachta ar leibhéal an ghrúpa
Airteagal 246a
Bainistíocht Riosca Leachtachta ar leibhéal an ghrúpa
1.Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha, cuideachtaí sealbhaíochta árachais rannpháirteacha agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteacha plean bainistíochta riosca leachtachta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun ar leibhéal an ghrúpa. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 144a.
2.De mhaolú ar Airteagal 144a, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fochuideachtaí árachais nó athárachais atá faoi raon feidhme na maoirseachta grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a) agus (b), díolmhaithe ón gceanglas plean bainistíochta riosca leachtachta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun ar an leibhéal aonair aon uair a chumhdaítear leis an bplean bainistíochta riosca leachtachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo bainistíocht leachtachta agus riachtanais leachtachta na bhfochuideachtaí lena mbaineann.
Ceanglóidh na Ballstáit ar gach gnóthas árachais nó athárachais aonair a bhaineann tairbhe as an díolúine de bhun na chéad fhomhíre, na codanna den phlean bainistíochta riosca leachtachta lena gcumhdaítear staid an ghrúpa iomláin agus a staid féin a chur faoi bhráid a údaráis mhaoirseachta.
3.D’ainneoin mhír 2, féadfaidh údaráis mhaoirseachta a cheangal ar fhochuideachta árachais nó athárachais plean bainistíochta riosca leachtachta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun ar leibhéal aonair aon uair a bhraitheann siad íogaireacht shonrach leachtachta nó aon uair nach n‑áireofar faisnéis iomchuí leis an bplean bainistíochta leachtachta ar leibhéal an ghrúpa, a gceanglaíonn an t‑údarás maoirseachta, agus an fhochuideachta údaraithe aige, ar ghnóthais inchomparáide a sholáthar chun críche faireachán a dhéanamh ar a shuíomh leachtachta.
4.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC caighdeáin theicniúla rialála chun ábhar agus minicíocht nuashonrú an phlean creata bainistíochta riosca leachtachta a shonrú a thuilleadh ar leibhéal an ghrúpa.
Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [PO cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm].
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
Airteagal 246b
Rialacha micreastuamachta eile
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 144b agus 144c ar leibhéal an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh, na cuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirtí nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirtí.’;
(81)in Airteagal 252, an chéad mhír, cuirtear na focail ‘institiúid creidmheasa mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó gnólacht infheistíochta mar a shonraítear i dTreoir 2014/65/AE’ in ionad na bhfocal ‘institiúid creidmheasa mar a shonraítear i dTreoir 2006/48/CE nó gnólacht infheistíochta mar a shonraítear i dTreoir 2004/39/CE’;
(82)in Airteagal 254, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3. Cuirfidh an gnóthas árachais agus athárachais rannpháirteach, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach agus an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo faoi bhráid an mhaoirseora grúpa ar bhonn bliantúil laistigh de 20 seachtain tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais, agus nuair a cheanglaítear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhonn ráithiúil, laistigh de 11 sheachtain tar éis dheireadh gach ráithe.’;
(83)Leasaítear Airteagal 256 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha, cuideachtaí sealbhaíochta árachais rannpháirteacha agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteacha tuarascáil ar shócmhainneacht agus ar staid airgeadais ar leibhéal an ghrúpa a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil. Beidh faisnéis maidir leis an ngrúpa, arna ndíriú ar rannpháirtithe eile margaidh, dá dtagraítear in Airteagal 51(1b), sa tuarascáil sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 51, 53, 54 agus 55.
Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh na gnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhonn bliantúil nó níos annaimhe laistigh de 24 sheachtain tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) an fhaisnéis d’aon cheann de na fochuideachtaí laistigh den ghrúpa, faisnéis nach mór di a bheith in‑sainaitheanta ar leithligh, lena n‑áirítear an dá chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais, agus ní mór é a nochtadh i gcomhréir le hAirteagail 51, 53, 54 gus 55.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a, á shonrú a thuilleadh na faisnéise nach mór a nochtadh sa tuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an tuarascáil maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’;
(d)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘5. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i ndáil leis an tuarascáil aonair agus ghrúpa maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme maidir leis na nósanna imeachta agus teimpléid maidir le nochtadh na tuarascála aonair agus ghrúpa maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais mar a leagtar síos san Airteagal seo, agus maidir leis an modh chun an tuarascáil sin a nochtadh.’;
(84)cuirtear isteach Airteagal 256b agus Airteagal 256c mar a leanas:
‘Airteagal 256b
Tuarascáil thráthrialta maidir le maoirseacht ghrúpa
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais agus athárachais rannpháirteacha, cuideachtaí sealbhaíochta árachais rannpháirteacha agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteacha thráthrialta maidir le maoirseacht a chur faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta, ar bhonn bliantúil, ar leibhéal an ghrúpa. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 35(5a).
Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh gnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhonn bliantúil nó ar bhonn níos annaimhe 24 sheachtain tar éis dheireadh bhliain airgeadais an ghnóthais.
2. Féadfaidh gnóthas árachais nó athárachais, cuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach, faoi réir aontú na n‑údarás maoirseachta lena mbaineann, tuarascáil aonair thráthrialta maidir le maoirseacht a sholáthar, lena gcumhdófar na nithe a leanas:
(a) an fhaisnéis ar leibhéal an ghrúpa a thuairisceofar i gcomhréir le mír 1;
(b) tuairisceofar an fhaisnéis d’aon cheann de na fochuideachtaí laistigh den ghrúpa, a bheidh in‑sainaitheanta ar leithligh, i gcomhréir le hAirteagal 35(5a) agus ní bheidh níos lú faisnéis ann dá toradh sin ná an tuarascáil a sholáthródh gnóthais árachais agus athárachais a thíolacann tuarascáil thráthrialta maidir le maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 35(5a).
Sula ndeonófar an comhaontú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, rachaidh an maoirseoir grúpa i gcomhairle le comhaltaí an choláiste maoirseoirí, agus cuirfear aon dearcadh agus amhras dá chuid san áireamh go hiomchuí. Tabharfar údar cuí le neamhaontú na n‑údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Má fhormheasann an coláiste maoirseoirí an tuarascáil thráthrialta aonair maidir le maoirseacht i gcomhréir le mír 2, cuirfidh gach gnóthas árachais agus athárachais ar leithligh tuarascáil thráthrialta aonair maidir le maoirseacht faoi bhráid a údaráis mhaoirseachta. Beidh an chumhacht ag gach údarás maoirseachta maoirsiú a dhéanamh ar chuid shonrach na tuarascála tráthrialta aonair maidir le maoirseacht a bhaineann leis an bhfochuideachta ábhartha. Mura mbeidh an tuarascáil thráthrialta aonair maidir le maoirseacht arna tíolacadh sásúil dar leis na údaráis mhaoirseachta náisiúnta, is féidir formheas den sórt sin a aistarraingt.
4. I gcás ina teipfear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 faisnéis a áireamh, a gceanglaíonn an t‑údarás maoirseachta a d’údaraigh fochuideachta laistigh den ghrúpa, ar ghnóthais inchomparáide a sholáthar, agus i gcás inar easnamh ábhartha a bheidh i gceist, beidh an chumhacht ag an údarás maoirseachta lena mbaineann a cheangal ar an bhfochuideachta lena mbaineann an fhaisnéis bhreise is gá a thuairisciú.
5. I gcás ina sainaithneoidh an t‑údarás maoirseachta, tar éis dó fochuideachta laistigh den ghrúpa a údarú, aon neamhchomhlíontacht maidir le hAirteagal 35(5a) nó i gcás inar n‑iarrfaidh sé aon leasú nó soiléiriú maidir leis an tuarascáil thráthrialta aonair maidir le maoirseacht, cuirfidh sé an coláiste maoirseoirí ar an eolas agus cuirfidh an maoirseoir grúpa an iarraidh chéanna faoi bhráid an ghnóthais árachais nó athárachais rannpháirtigh, na cuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirtí nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais rannpháirtí.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a, lena sonrófar a thuilleadh an fhaisnéis a thuairisceofar.
Airteagal 256c
Ceanglais iniúchta
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, cuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach de chuid grúpa, a bheith faoi réir iniúchadh ar chlár comhardaithe comhdhlúthaithe a nochtfar mar chuid den tuarascáil maidir le sócmhainneacht ghrúpa agus staid airgeadais nó mar chuid den tuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais.
2. Cuirfidh na gnóthais árachais nó athárachais rannpháirteacha, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteacha nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteacha tuarascáil ar leithligh, lena n‑áirítear sainaithint chineál an dhearbhaithe, mar aon le torthaí an iniúchta, arna n‑ullmhú ag an ngnólacht iniúchta, faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta grúpa in éineacht leis an tuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais nó an tuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais.
3. I gcás inarb ann do thuarascáil aonair maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais, comhlíonfar na ceanglais iniúchta a fhorchuirfear ar ghnóthas gaolmhar árachais nó athárachais agus cuirfidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51a(4) faoi bhráid údarás maoirseachta an ghnóthais sin.
4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 51a.
(85)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 257:
‘Airteagal 257
Ceanglais chuí chóra le haghaidh daoine a reáchtálann gnóthas sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha go héifeachtach, nó ag a bhfuil príomhfheidhmeanna eile
Ceanglóidh na Ballstáit orthu siúd a reáchtálann an chuideachta sealbhaíochta árachais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha go héifeachtach, agus i gcás inarb infheidhme, orthu siúd atá freagrach as príomhfheidhmeanna eile, a bheith cuí cóir chun a ndualgais a fheidhmiú.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 42.
(86)Leasaítear Airteagal 258 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Tabharfar na cumhachtaí maoirseachta uile d’údaráis mhaoirseachta chun bearta a dhéanamh i ndáil le cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh grúpaí, a bhfuil maoirseacht grúpa i bhfeidhm maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointí (a), (b) agus (c), na ceanglais uile a leagtar síos sa Teideal seo. Áireofar leis na cumhachtaí sin na cumhachtaí maoirseachta ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 34.
Gan dochar dá bhforálacha maidir le dlí coiriúil, forchuirfidh Ballstáit smachtbhannaí ar chuideachtaí sealbhaíochta árachais agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó glacfaidh siad bearta a bhainfidh leo, i gcás inar cuideachtaí iad a sháraíonn dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin a tugadh i bhfeidhm chun an Teideal sin a thrasuí, nó i leith an duine a reáchtálann na cuideachtaí sin go héifeachtach. Rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar go dlúth le chéile chun a áirithiú go mbeidh smachtbhannaí agus bearta den sórt sin éifeachtach, go háirithe i gcás nach mbeidh an riarachán lárnach nó an phríomhbhunaíocht ag cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha lonnaithe sa Bhallstát céanna ina bhfuil a ceannoifig.’;
(b)cuirtear isteach na míreanna (2a) agus (2b) seo a leanas:
‘2a.
I gcás inar shuigh an maoirseoir grúpa nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 213(3a) nó gur scoireadh de na coinníollacha chomhlíonadh, beidh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir bearta maoirseachta iomchuí chun leanúnachas agus sláine na maoirseachta grúpa a áirithiú nó a aischur, de réir mar a bheidh, agus chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Teideal seo a áirithiú. I gcás cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuirfear san áireamh leis na bearta maoirseachta, go háirithe, an tionchar ar an ilchuideachta airgeadais ina hiomláine mar aon leis an tionchar ar a gnóthais rialáilte ghaolmhara.
2b.
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2a den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go n‑áireofar leis na bearta maoirseachta a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ceann amháin díobh seo a leanas, ar a laghad:
(a) maidir le feidhmiú na gceart vótála, a ghabhann le scaireanna na fochuideachta árachais nó an ghnóthais athárachais arna sealbhú nó arna shealbhú ag gcuideachta sealbhaíochta árachais nó ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, na cearta sin a chur ar fionraí;
(b) urghairí, smachtbhannaí nó pionós a eisiúint in aghaidh na cuideachta sealbhaíochta árachais, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó chomhaltaí chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na gcuideachtaí sin;
(c) treoracha nó orduithe a thabhairt don chuideachta sealbhaíochta árachais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na rannpháirtíochtaí ina cuid foghnóthais árachais agus athárachais a aistriú chuig a scairshealbhóirí;
(d) ar bhonn sealadach, cuideachta sealbhaíochta árachais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó gnóthas árachais nó athárachais laistigh den ghrúpa a ainmniú le bheith freagrach as comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Teideal seo a áirithiú;
(e) srian nó toirmeasc a chur ar dháileacháin nó ar íocaíochtaí úis le scairshealbhóirí;
(f) a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta árachais nó ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dhífheistiú ó ghnóthais árachais nó athárachais, nó ó ghnóthais ghaolmhara eile dá dtagraítear in Airteagal 228(1), nó sealúchas iontu a laghdú;
(g) a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta árachais nó ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha plean a thíolacadh, gan mhoill, chun filleadh ar chomhlíonadh.
Rachaidh an maoirseoir grúpa i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus le ÚEÁPC sula ndéanfaidh sé aon cheann de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás ina ndéanfaidh na bearta sin difear do ghnóthais, a bhfuil a gceannoifigí acu i mbreis agus Ballstát amháin.’;
(87)Leasaítear Airteagal 262 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Ceadóidh na Ballstáit dá n‑údaráis mhaoirseachta modhanna eile a chur i bhfeidhm lena n‑áiritheofar maoirseacht iomchuí ar na gnóthais árachais agus athárachais atá i seilbh grúpa de réir bhrí Airteagal 212, agus a bhfuil feidhm ag maoirseacht grúpa maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointe (c). Aontóidh an maoirseoir grúpa na modhanna sin, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 247, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.
Beifear in ann cuspóirí na maoirseachta grúpa, a shonraítear sa Teideal seo, a bhaint amach de bharr na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Áireofar na nithe seo a leanas leis na cuspóirí:
(a) an dáileadh caipitil agus comhdhéanamh chistí dílse na ngnóthas árachais agus athárachais a chaomhnú agus cosc a chur ar chruthú ábhartha caipitil inghrúpa i gcás ina maoineofar cruthú caipitil inghrúpa den sórt sin le fáltais fiachais nó le hionstraimí airgeadais eile nach gcáilíonn mar ítimí cistí dílse leis an máthairchuideachta;
(b) measúnú agus faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as gnóthais laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus an riosca tadhlachta ó na gnóthais sin agus ó ghnóthais neamhrialáilte eile a theorannú chuig gnóthais árachais agus athárachais eile laistigh den ghrúpa, agus chuig an bhfoghrúpa, arb é gnóthas árachais nó athárachais an máthairghnóthas deiridh, nó cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta airgeadais mheasctha ag a bhfuil a cheannoifig nó a ceannoifig san Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 215, i gcás inarb ann d’fhoghrúpa den sórt sin.
Tabharfar údar cuí leis na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus déanfar iad a dhoiciméadú agus tabharfar fógra fúthu do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, do ÚEÁPC agus don Choimisiún.’;
(b)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann modh amháin nó roinnt de na modhanna seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais árachais agus athárachais, cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá ina gcuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseachta grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointe (c):
(a)gnóthas árachais agus athárachais amháin a ainmniú a bheidh freagrach as na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo a chomhlíonadh, i gcás nach mbeidh máthairghnóthas coiteann san Aontas ag na gnóthais árachais agus athárachais a bhaineann leis an ngrúpa;
(b)ceangal go mbunófar cuideachta sealbhaíochta árachais, ag a mbeidh a ceannoifig san Aontas, nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ag a mbeidh a ceannoifig san Aontas, i gcás nach mbeidh máthairghnóthas coiteann san Aontas ag na gnóthais árachais agus athárachais a bhaineann leis an ngrúpa, agus an Teideal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais árachais agus athárachais sa ghrúpa, arb í an chuideachta sealbhaíochta árachais sin nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin atá i gceannas air;
(c)i gcás ina ndéanfaidh roinnt gnóthas árachais agus athárachais, a bhaineann leis an ngrúpa, foghrúpa, ag a mbeidh ceannoifig a mháthairghnóthais san Aontas, i dteannta an Teideal seo a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfoghrúpa sin, bearta breise a dhéanamh nó ceanglais bhreise a fhorchur, lena n‑áirítear ceanglais dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den fhomhír seo agus maoirseacht fheabhsaithe ar chomhchruinniú riosca de réir bhrí Airteagal 244 agus ar idirbhearta inghrúpa de réir bhrí Airteagal 245, agus é d’aidhm an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, pointe (b), den Airteagal seo a bhaint amach;
(d)ceangal ar chomhaltaí chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an mháthairghnóthais deiridh san Aontas a bheith neamhspleách ón máthairghnóthas deiridh atá lasmuigh den Aontas;
(e)cosc, teorainn nó srian a chur ar idirbhearta nó faireachán a dhéanamh orthu, nó réamhfhógra ina dtaobh a cheangal, lena n‑áirítear dáileacháin díbhinní agus íocaíochtaí cúpóin ar fhiachas fo‑ordaithe, i gcás ina mbeidh, nó a bhféadfadh, idirbhearta den sórt sin bheith ina mbagairt ar staid airgeadais nó sócmhainneachta na ngnóthas árachais agus athárachais laistigh den ghrúpa, agus a bhainfidh, ar thaobh amháin, le gnóthas árachais nó athárachais, cuideachta sealbhaíochta árachais ag a bhfuil a ceannoifig san Aontas nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ag a bhfuil a ceannoifig san Aontas, agus ar an taobh eile, gnóthas a bhaineann leis an ngrúpa ag a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Aontas; i gcás nach é an maoirseoir grúpa san Aontas ceann d’údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a cheannoifig ag an ngnóthas gaolmhar árachais nó athárachais, cuirfidh an maoirseoir grúpa san Aontas na húdaráis mhaoirseachta sin ar an eolas maidir lena chuid torthaí d’fhonn é a chur ar a gcumas dóibh na bearta iomchuí a dhéanamh;
(f)faisnéis a cheangal maidir le staid sócmhainneachta agus airgeadais, próifíl riosca, agus teorainneacha lamháltais riosca na máthairghnóthas ag a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha ar na topaicí sin a chuirtear faoi bhráid chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó údaráis mhaoirseachta na máthairghnóthas tríú tír sin.’;
(88)in Airteagal 265, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
‘1a.Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith, i gcás, maidir le máthairghnóthas gnóthais amháin nó níos mó de na gnóthais árachais nó athárachais, gur institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta, institiúid airgeadais, cuideachta bainistíochta GCUI, bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, institiúid um sholáthar sochair scoir ceirde nó gnóthas neamhrialáilte atá ann, a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, i gcás ina mbeidh na gníomhaíochtaí sin ina gcuid shuntasach dá ghníomhaíocht fhoriomlán, feidhmeoidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as an maoirseacht ar na gnóthais árachais nó athárachais sin maoirseacht ghinearálta ar idirbhearta idir na gnóthais árachais nó athárachais sin agus an máthairghnóthas agus a ghnóthais ghaolmhara.’;
(89)Leasaítear Airteagal 301a mar a leanas:
(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 29, 35b agus 256b a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 4 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = teacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cuirfear síneadh go hintuigthe le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh síneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17, 29, 31, 35, 35b, 37, 50, 56, 75, 86, 92, 97, 99, 109a, 111, 114, 127, 130, 135, 143, 172, 210, 211, 216, 217, 227, 234, 241, 244, 245, 247, 248, 256, 256b, 258, 260 agus 308b a chúlghairm tráth ar bith.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 17, 29, 31, 35, 35b, 37, 50, 56, 75, 86, 92, 97, 99, 109a, 111, 114, 127, 130, 135, 143, 172, 210, 211, 216, 217, 227, 234, 241, 244, 245, 247, 248, 256, 256b, 258, 260 nó 308b i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhsí 3 mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
(90)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 304(2);
‘2. Ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] amach, féadfaidh gnóthais árachais saoil leanúint de chur i bhfeidhm an chuir chuige dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal i leith sócmhainní agus dliteanas, ar formheas údaráis mhaoirseachta cur i bhfeidhm an fhomhodúil cothromais fadbhunaithe maidir leo agus ina leith siúd amháin, roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithe seo].’;
(91)cuirtear an tAirteagal 304a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 304a
Athbhreithnithe a mhéid a bhaineann le riosca inbhuanaitheachta
1. Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dul i gcomhairle le BERS, measúnú ar bhonn na sonraí a bheidh ar fail agus thorthaí an Ardáin um Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus ÚBE i gcomhthéacs a chuid oibre faoin sainordú a leagtar amach in Airteagal 501c, pointe (c) de Rialachán (AE) 575/2013 ar cibé acu a mbeadh nó nach mbeadh údar cuí le láimhseáil stuamachta i leith neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní nó le gníomhaíochtaí atá bainteach go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil nó sóisialta. Go háirithe, déanfaidh ÚEÁPC measúnú ar na tionchair fhéideartha a bhaineann le láimhseáil stuamachta thiomnaithe i leith neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus le gníomhaíochtaí atá bainteach go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil agus/nó sóisialta, nó atá bainteach go substaintiúil le díobháil do chuspóirí den sórt sin maidir le cosaint na sealbhóirí polasaí agus leis an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas.
Cuirfidh ÚEÁPC tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2023. I gcás inarb iomchuí, breithneofar leis an tuarascáil láimhseáil stuamachta fhéideartha i leith neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus le gníomhaíochtaí atá bainteach go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil nó sóisialta, nó atá bainteach go substaintiúil le díobháil do chuspóirí den sórt sin agus beidh measúnú i dteannta na tuarascála ar thionchar na leasuithe atá beartaithe ar ghnóthais árachais agus athárachais.
2. Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú gach 3 bliana ar a laghad, i leith an riosca tubaiste nádúrtha, raon feidhme agus calabrú na bparaiméadar caighdeánach den fhomhodúl tubaiste neamhshaoil de chuid an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 105(2), an tríú fomhír, pointe (b). Chun críche na n‑athbhreithnithe sin, cuirfidh ÚEÁPC san áireamh an fhianaise ábhartha is déanaí atá ar fáil maidir le heolaíocht aeráide agus ábharthacht na rioscaí i dtéarmaí na rioscaí atá frithgheallta ag cuideachtaí árachais nó athárachais a úsáideann an fhoirmle chaighdeánach le haghaidh ríomh an fhomhodúil tubaiste neamhshaoil de chuid an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta.
Déanfar an chéad athbhreithniú de bhun na chéad fhomhíre faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
I gcás ina bhfaighidh ÚEÁPC, le linn athbhreithniú de bhun na chéad fhomhíre, mar gheall ar raon feidhme nó ar chalabrú na bparaiméadar caighdeánach den fhomhodúl riosca tubaiste neamhshaoil, go mbeidh neamhréireacht shuntasach idir an chuid den Cheanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus an riosca iarbhír maidir le tubaistí nádúrtha atá roimh ghnóthais árachais agus athárachais, cuirfidh ÚEÁPC tuairim faoi riosca tubaiste nádúrtha faoi bhráid an Choimisiúin.
Breithneofar le tuairim faoi riosca tubaiste nádúrtha a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun na tríú fomhíre, raon feidhme nó calabrú na bparaiméadar caighdeánach den fhomhodúl tubaiste neamhshaoil de chuid an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta chun an neamhréireacht a fuarthas a réiteach agus beidh measúnú i dteannta na tuairime ar thionchar na leasuithe atá beartaithe ar ghnóthais árachais agus athárachais.
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(92)in Airteagal 305, scriostar míreanna 2 agus 3;
(93)Scriostar Airteagal 308a;
(94)Leasaítear Airteagal 308b mar a leanas:
(a)scriostar míreanna 5 go 8;
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 12:
’12. D’ainneoin Airteagal 100, Airteagal 101(3) agus Airteagal 104, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na paraiméadair chaighdeánacha atá le húsáid nuair a ríomhtar comhchruinniú an riosca margaidh agus fomhodúil maidir le riosca leathnaithe i gcomhréir leis an bhfoirmle chaighdeánach, go mbeidh na paraiméadair sin mar an gcéanna i ndáil le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, a tabhaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus a ainmníodh agus a maoiníodh in airgeadra intíre aon Bhallstáit, agus na paraiméadair a chuirfí i bhfeidhm ar neamhchosaintí den sórt sin arna n‑ainmniú agus gcistiú ina n‑airgeadra intíre;’;
(c)i mír 17, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:
‘I gcás ina mbeidh an beart idirthréimhseach á chur i bhfeidhm ag aon ghrúpa árachais nó athárachais, nó ag aon cheann dá fhoghnóthais, maidir leis na rátaí úis saor ó riosca dá dtagraítear in Airteagal 308c, nó an beart idirthréimhseach maidir le forálacha teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 308d, nochtfaidh an gnóthas árachais nó athárachais rannpháirteach, an chuideachta sealbhaíochta árachais rannpháirteach nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach, go poiblí, mar chuid dá thuarascáil maidir le sócmhainneacht ghrúpa agus staid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 256, agus i dteannta na nochtuithe dá dtagraítear in Airteagal 308c(4), pointe (c) agus Airteagal 308d(5), pointe (c), cainníochtú an tionchair ar a staid airgeadais, ag toimhdiú nach féidir leis na cistí dílse, a eascraíonn as cur i bhfeidhm na mbeart idirthréimhseach sin, a chur ar fáil go héifeachtach chun an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta de chuid an ghnóthais rannpháirtigh, dá ríomhtar an sócmhainneacht ghrúpa, a chumhdach.
I gcás ina mbeidh grúpa árachais nó athárachais ag brath go hábhartha ar úsáid na mbeart idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagail 308c agus 308d ar bhealach lena dtugtar bréagléiriú ar staid sócmhainneachta iarbhír an ghrúpa, fiú i gcás ina gcomhlíonfaí an Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta gan na bearta idirthréimhseacha sin a úsáid, beidh an chumhacht ag an maoirseoir grúpa bearta iomchuí a dhéanamh, lena n‑áirítear an fhéidearthacht laghdú a dhéanamh ar mhéid na gcistí dílse a eascraíonn as úsáid na mbeart idirthréimhseach sin, a fhéadfar a mheas a bheith incháilithe chun an Ceanglas grúpa um Chaipiteal Sócmhainneachta a chumhdach.’;
(95)Leasaítear Airteagal 308c mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Tar éis an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], ní cheadóidh údaráis mhaoirseachta coigeartú idirthréimhseach ar struchtúr an téarma ráta úis ábhartha saor ó riosca ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) le linn tréimhse 18 mí roimh an bhformheas, gur cuireadh rialacha na Treoracha seo i bhfeidhm den chéad uair maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais a d’iarr an formheas, tar éis dóibh bheith díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 4;
(b) le linn tréimhse 6 mhí roimh an bhformheas, go bhfuair an gnóthas árachais nó athárachais a d’iarr an formheas, údarú chun glacadh le punann conarthaí, de bhun Airteagal 39, i gcás inar chuir an gnóthas árachais nó athárachais, a bhí á haistriú, an coigeartú idirthréimhseach i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ráta úis ábhartha saor ó riosca i leith na punainne sin de chonarthaí roimh an aistriú.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) laistigh den chuid dá thuarascáil maidir lena staid sócmhainneachta agus airgeadais, ina bhfuil faisnéis atá dírithe ar rannpháirtithe eile margaidh dá dtagraítear in Airteagal 51(1b), go nochtar na nithe uile seo a leanas go poiblí:
(i) an fíoras go gcuireann siad struchtúr an téarma ráta úis idirthréimhsigh saor ó riosca i bhfeidhm;
(ii) cainníochtú an tionchair gan an beart idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm maidir lena staid airgeadais;
(i) i gcás ina gcomhlíonfadh an gnóthas an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta gan an beart idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm, na cúiseanna leis an mbeart idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm;
(iv) measúnú ar spleáchas an ghnóthais ar an mbeart idirthréimhseach sin agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bearta a rinneadh nó atá pleanáilte ag an ngnóthas chun an spleáchas a laghdú nó a bhaint.’;
(96)Leasaítear Airteagal 308d mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Tar éis an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], ní fhormheasfaidh údaráis mhaoirseachta laghdú idirthréimhseach ar fhorálacha teicniúla ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) le linn tréimhse 18 mí roimh an bhformheas, gur cuireadh rialacha na Treoracha seo i bhfeidhm den chéad uair maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais a d’iarr an formheas, tar éis dóibh bheith díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 4;
(b) le linn tréimhse 6 mhí roimh an bhformheas, gur ghlac an gnóthas árachais nó athárachais a d’iarr an formheas, le punann conarthaí, de bhun Airteagal 39, i gcás inar chuir an gnóthas árachais nó athárachais a bhí á haistriú, an coigeartú idirthréimhseach i bhfeidhm maidir le struchtúr an téarma ráta úis ábhartha saor ó riosca i leith na punainne sin de chonarthaí roimh an aistriú.’;
(b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) laistigh den chuid dá thuarascáil maidir lena staid sócmhainneachta agus airgeadais, ina bhfuil faisnéis atá dírithe ar rannpháirtithe eile margaidh dá dtagraítear in Airteagal 51(1b), go nochtar na nithe uile seo a leanas go poiblí:
(i) an fíoras go gcuireann siad an laghdú idirthréimhseach i bhfeidhm maidir leis na forálacha teicniúla;
(ii) cainníochtú an tionchair gan an laghdú idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm maidir lena staid airgeadais;
(iii) i gcás ina gcomhlíonfadh an gnóthas an Ceanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta gan na bearta idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm, na cúiseanna leis an mbeart idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm;
(iv) measúnú ar spleáchas an ghnóthais ar an mbeart idirthréimhseach sin agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bearta a rinneadh nó atá pleanáilte ag an ngnóthas chun an spleáchas a laghdú nó a bhaint.’;
(97)in Airteagal 309(1), scriostar an ceathrú fomhír;
(98)in Airteagal 311, scriostar an dara fomhír;
(99)Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo;
Airteagal 2
Trasuí
1.Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit iad faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí agus lá amháin tar éis dóibh teacht i bhfeidhm].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán